5 1947


Uimhir 5 de 1947.


AN tACHT AERPHOIRT NEAMHCHUSTAM, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN AERPHORT NEAMHCHUSTAM A BHUNÚ AGUS A CHOTHABHÁIL AGUS I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [18ú Márta, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

an t-aerphort.

ciallaíonn an abairt “an t-aerphort” an talamh arb é an t-aerphort Neamhchustam é de thuras na huaire faoi alt 2 den Acht seo;

oifigeach údaraithe.

ciallaíonn an abairt “oifigeach údaraithe” duine arna cheapadh faoi alt 8 den Acht seo;

earraí.

folaíonn an focal “earraí” nithe de gach sórt, beo nó neamhbheo;

talamh.

folaíonn an focal “talamh” talamh faoi uisce agus aon chuid d'uiscí teorann an Stáit;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

oifigeach custam agus máil.

folaíonn an abairt “oifigeach custam agus máil” comhalta den Gharda Síochána agus aon duine sa tseirbhís phoiblí atá fostaithe de thuras na huaire ag cosc smuglaerachta.

(2) Sa mhéid go mbaineann an tAcht seo leis na Custaim, léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta Custam.

Bunú an aerphoirt neamhchustam.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, a dhearbhú, le hordú, gurb é an talamh laistigh de na teoranta a sonrófar leis an ordú an t-aerphort Neamhchustam, chun críocha an Achta seo, ar dháta sonraithe agus dá éis.

(2) Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, an t-ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a leasú ó am go ham, le hordú, trí theoranta an aerphoirt a athrú.

(3) Ní bheidh san aerphort ach talamh is leis an Stát de thuras na huaire.

Bainistí agus rialú an aerphoirt.

3. —Beidh an t-aerphort faoi rialú agus faoi bhainistí an Aire.

Gan feidhm a bheith ag na dlithe allmhuirithe agus onnmhuirithe maidir leis an aerphort.

4. —Na dlithe a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le hallmhuiriú agus onnmhuiriú earraí, ní bhainfid le hearraí a thabhairt go díreach isteach san aerphort agus amach as ó thíortha agus go dtí tíortha lasmuigh den Stát, ach amháin a mhéid a déanfar na dlithe sin a thanasc trí rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo.

Feidhm a bheith ag na dlithe allmhuirithe agus onnmhuirithe maidir le trácht idir an t-aerphort agus coda eile den Stát.

5. —(1) I gcás earraí a thabhairt amach as an aerphort isteach in aon chuid eile den Stát, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) is tuigthe, chun críocha na ndlithe a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le hallmhuiriú, na hearraí a bheith arna n-allmhuiriú;

(b) is tuigthe gurb é tráth a tharla allmhuiriú na n-earraí ná—

(i) chun críocha dleacht custam a mhuirearú orthu, an tráth a rinneadh iontráil na n-earraí faoi na hAchta Custam a sheachadadh,

(ii) chun gach críche eile, an tráth a rinneadh na hearraí a thabhairt iarbhír thar teorainn an aerphoirt isteach i gcuid eile den Stát;

(c) is tuigthe gurb é áit inar tharla allmhuiriú na n-earraí ná an pointe sin ar theorainn an aerphoirt mar ar tugadh na hearraí isteach i gcuid eile den Stát.

(2) I gcás earraí a thabhairt isteach san aerphort ó aon chuid eile den Stát, beidh eifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) is tuigthe, chun críocha na ndlithe a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le honnmhuiriú, na hearraí a bheith arna n-onnmhuiriú;

(b) is tuigthe gurb é tráth a tharla onnmhuiriú na n-earraí ná an tráth a tháinig na hearraí isteach iarbhír laistigh de theorainn an aerphoirt;

(c) is tuigthe gurb é áit inar tharla onnmhuiriú na n-earraí ná an pointe sin ar theorainn an aerphoirt mar ar tugadh na hearraí isteach san aerphort.

Srian le hearraí caithimh a thabhairt isteach san aerphort.

6. —(1) Ní tabharfar earraí isteach san aerphort chun úsáide nó caithimh phearsanta laistigh den aerphort ná chun a ndíolta ar mionreic ann ach amháin ó chuid eile den Stát.

(2) Má bhíonn earraí lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo inchurtha faoi dhleacht chustam nó mháil íocfar an dleacht sar a dtabharfar isteach san aerphort iad ó chuid eile den Stát agus ní bheidh na hearraí i dteideal aistarrainge ná liúntais.

(3) Duine ar bith a bhéarfas earraí isteach san aerphort contrártha don alt seo nó a mbeidh baint aige, nó a chabhrós le duine a mbeidh baint aige, le hearraí a thabhairt isteach ann amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne na nAcht Custam agus, in aghaidh gach ciona den tsórt sin, forghéillfidh sé trí oiread luacha na n-earraí, agus an dleacht is iníoctha orthu a áireamh, nó céad punt, do réir mar is rogha leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus féadfar é a choinneáil nó an dlí a shaothrú air trí thoghairm.

(4) Forghéillfear aon earraí a mbeidh cion faoin alt seo déanta ina leith, maraon le gach aerárthach, long, bád, feithicil, ainmhí agus gach ní eile a húsáideadh á n-iompar.

Cead isteach san aerphort ag oifigigh phoiblí áirithe.

7. —(1) Féadfaidh oifigigh chustam agus máil, cigirí agus bailitheoirí cánach, comhaltaí den Gharda Síochána agus oifigigh agus seirbhísigh d'Aire Stáit, do Choimisiún Tálún na hÉireann, do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó d'údarás áitiúil dul isteach aon tráth, i gcomhlíonadh a ndualgas oifigiúla dhóibh, san aerphort agus i bhfoirgintí, aerárthaí, longa, báid agus feithiclí ann.

(2) Má choisceann nó má bhacann duine ar bith aon dul isteach a húdaraítear le fo-alt (1) den alt seo, nó má fhéachann leis sin a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Oifigigh údaraithe.

8. —(1) Féadfaidh an tAire daoine a cheapadh ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo.

(2) Chun forfheidhmiú a dhéanamh ar dhlithe a dtabharfar an t-aerphort faoina réim le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo, beidh ag oifigeach údaraithe cumhachta oifigigh chustam agus máil faoi na hAchta Custam.

(3) Aon earraí a urghabhfas oifigeach údaraithe i gcomhlíonadh a dhualgais faoin Acht seo, déanfar iad a dhíthiú nó a dhiúscairt ar shlí eile amhail mar ordós an tAire.

Daoine a chuardach.

9. —(1) Baineann an t-alt seo le gach earra nár custamaíodh, gach earra a bhéarfar isteach san aerphort contrártha d'alt 6 den Acht seo agus earraí a mbeidh a n-allmhuiriú nó a n-onnmhuiriú srianta nó tormiscthe de thhuras na huaire le dlí.

(2) San alt seo folaíonn tagairtí do dhuine a chuardach tagairtí d'aon bhosca, mála, pacáiste nó airceadal eile a bheas ar iompar aige nó dhó a oscailt (le héigeann más gá) agus a chuardach.

(3) Féadfaidh oifigeach údaraithe, oifigeach custam agus máil, nó duine a bheas ag gníomhú ar ordú aon oifigigh den tsórt sin, duine a chuardach (faoi réir forál an ailt seo) a mbeidh amhras réasúnach ag an oifigeach earraí lena mbaineann an t-alt seo a bheith ar iompar aige nó ina sheilbh.

(4) Aon uair a bheartós oifigeach údaraithe nó oifigeach custam agus máil duine ar bith a chuardach nó a chur á chuardach, féadfaidh an duine sin a éileamh go dtabharfar i láthair oifigigh uachtaraigh é, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) déanfaidh an t-oifigeach údaraithe nó an t-oifigeach custam agus máil an duine sin a thabhairt i láthair oifigigh uachtaraigh a luaithe is féidir go réasúnach agus sar a gcuardóidh é nó sar a gcuirfidh á chuardach é;

(b) éisteoidh an t-oifigeach uachtarach cúis-aithristí an oifigigh sin agus an duine sin agus déanfaidh, do réir mar is cuí leis, a ordú an duine sin a urscaoileadh gan é a chuardach nó a ordú é a chuardach láithreach;

(c) gach ordachán a bhéarfas oifigeach uachtarach faoi mhír (b) den fho-alt seo déanfaidh gach duine lena mbainfidh é a chomhlíonadh.

(5) Ní cead ach do bhaineannach cuardach faoin alt seo a dhéanamh ar bhaineannach.

(6) Má dhéanann duine ar bith bac nó cur isteach ar oifigeach údaraithe nó oifigeach custam agus máil, nó má chuireann ina aghaidh, agus an t-oifigeach sin ag feidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó leis an alt seo nó, go háirithe, má bheireann diúltú in aghaidh, nó má chuireann in aghaidh, é a chuardach faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Acrárthai, árthaí, feithiclí agus áiteanna san aerphort a chuardach.

10. —(1) Baineann an t-alt seo le gach earra nár custamaíodh, gach earra a bhéarfar isteach san aerphort contrártha d'alt 6 den Acht seo agus earraí a mbeidh a n-allmhuiriú nó a n-onnmhuiriú srianta nó toirmiscthe de thuras na huaire le dlí.

(2) Aon oifigeach údaraithe, oifigeach custam agus máil, nú aon duine a bheas ag gníomhú ar ordú aon oifigigh den tsórt sin, féadfaidh sé laistigh de theoranta an aerphoirt, dul ar bord aon aerárthaigh, loinge nó báid agus dul isteach in aon fheithicil, tigh, siopa, seiléar, stóras, seomra nó áit eile agus cuardach a dhéanamh ann ar lorg earraí lena mbaineann an t-alt seo agus, má cuirtear ina aghaidh, féadfaidh sé doirse, cófraí, truncanna agus pacáistí a bhriseadh dá n-oscailt.

(3) Má dhéanann duine ar bith bac nó cur isteach ar oifigeach údaraithe nó oifigeach custam agus máil, nó má chuireann ina aghaidh, agus an t-oifigeach sin ag feidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Feithiclí a scrúdú laistigh d'fhiche míle ón aerphort.

11. —(1) Déanfaidh an duine a bheas ag tiomáint, nó i bhfeighil, feithicle a bheas ag gluaiseacht laistigh d'fhiche míle ón aerphort an fheithicil a stop ar oifigeach custam agus máil dá iarraidh sin air.

(2) Féadfaidh oifigeach custam agus máil aon fheithicil a chuardach laistigh d'fhiche míle ón aerphort agus aon earraí inti a scrúdú agus cuntas a thógaint orthu.

(3) Déanfaidh an duine a bheas ag tiomáint, nó i bhfeighil, feithicle a bheas laistigh d'fhiche míle ón aerphort agus gach duine a bheas inti gach ceist a fhreagairt go fírinneach a chuirfeas oifigeach custam agus máil chuige i dtaobh a thurais nó i dtaobh earrai sa bhfeithicil.

(4) Má sháraíonn duine ar bith, trí ghníomh nó neamhghníomh, aon fhoráil den alt seo nó má dhéanann bac nó cur isteach ar oifigeach custam agus máil, nó má chuireann ina aghaidh, agus an t-oifigeach sin ag feidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Rialacháin ón Aire Airgeadais.

12. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh—

(a) ag tanasc, chun críocha an Achta seo, aon fhorál d'fhorála na nAcht Custam, faoi réir pé modhnuithe is iomchuí leis,

(b) ag oiriúnú nó ag modhnú, chun críocha an Achta seo, aon fhorál d'fhorála na reacht a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin,

(c) ag rialú gluaiseachta daoine, aerárthach, long, bád, feithiclí agus earraí isteach san aerphort ó choda eile den Stát agus amach as go dtí coda eile den Stát, agus ag toirmeasc gluaiseachta den tsórt sin ach amháin de pé bealaí sa Stát agus i rith pé uaireanna a hordófar,

(d) ag ordú na n-áiteanna, na foirme agus na slí ina ndéanfar iontráil earraí faoi na hAchta Custam a sheachadadh agus dleachta custam a íoc.

(2) Má sháraíonn duine ar bith, trí ghníomh nó neamhghníomh, aon rialachán faoin alt seo, beidh sé, i dteannta aon phionóis eile a dlífear a chur air, ciontach i gcion i gcoinne na nAcht Custam agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear pionós Custam nach mó ná céad punt a chur air agus féadfar é a choinneáil nó an dlí a shaothrú air trí thoghairm.

(3) Forghéillfear aon earraí a mbeidh cion faoin alt seo déanta ina leith, maraon le gach aerárthach, long, bád, feithicil, ainmhí agus gach ní eile a húsáideadh á n-iompar.

Rialacháin ón Aire Tionnscail agus Tráchtála.

13. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh chun an t-aerphort a bhainistí agus a rialú agus, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh rialacháin a dhéanamh amhlaidh—

(a) ag tabhairt réime, fara modhnú nó gan modhnú, maidir leis an aerphort, d'aon dlí a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bhainfeadh leis an aerphort mura mbeadh alt 4 den Acht seo, agus

(b) á cheadú, ar pé coinníollacha is cuí leis an Aire a fhorchur, trádála, gnótha agus déantóireachta a sheoladh san aerphort.

(2) Ní déanfar rialacháin faoin alt seo, a mhéid a bhainfid le nithe a bheas faoi riaradh, nó is cuid de ghnó, na Roinne Dlí agus Cirt, na Roinne Sláinte nó na Roinne Talmhaíochta, ach amháin le toiliú an Aire is ceann ar an Roinn Stáit lena mbainfid.

(3) Má sháraíonn duine ar bith, trí ghníomh nó neamh-ghníomh, aon rialachán faoin alt seo, beidh sé, i dteannta aon phionóis eile a dlífear a chur air, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Orduithe agus rialacháin a leagadh faoi bhráid an Oireachtais.

14. —Gach ordú agus rialachán a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur an orduithe nó an rialacháin ar neamhbhrí, beidh an t-ordú nó an rialachán arna chur ar neamhbhrí dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh faoi roimhe sin.

Costais.

15. —Na costais faoina raghaidh a tAire nó an tAire Airgeadais chun an tAcht seo a riaradh, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Gearrtheideal.

16. —Féadfar an tAcht Aerphoirt Neamhchustam, 1947 , a ghairm den Acht seo.