8 1947


Uimhir 8 de 1947.


AN tACHT UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAITHE, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'ATHACHTÚ LEASUITHE ÁIRITHE A RINNEADH AR NA h ACHTA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAITHE, 1935 GO 1940, LEIS AN ORDÚ CUMHACHTA PRÁINNE (Uimh. 382), 1946, AGUS DO DHÉANAMH LEASUITHE EILE AR NA hACHTA SIN. [31ú Márta, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 go 1947, a ghairm de na h Achta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 go 1940, agus den Acht seo le chéile.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

pinsean ranníoca.

ciallaíonn an abairt “pinsean ranníoca” pinsean is—

(a) pinsean (ranníoca) baintrí, nó

(b) pinsean (ranníoca) dílleachtaí;

fostaíocht eiscithe lena mbaineann an Príomh-Acht.

léireofar an abairt “fostaíocht eiscithe lena mbaineann an Príomh-Acht” mar abairt a bhfuil an bhrí chéanna léi atá leis an abairt “fostaíocht eiscithe lena mbaineann an tAcht seo” sa Phríomh-Acht;

na hAchta um Arachas Sláinte.

ciallaíonn an abairt “na hAchta um Arachas Sláinte” na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1947;

comhalta don Fhórsa Cúltaca.

ciallaíonn an abairt “comhalta den Fhórsa Cúltaca” aon duine is comhalta den Fhórsa Cúltaca, is é sin le rá, an fórsa cúltaca a bunaíodh faoi Chuid III den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) , agus folaíonn sí aon duine arna choimisiúnú mar oifigeach den Fhórsa Cúltaca agus fós fear den Fhórsa Cúltaca arna ghairm amach chun buan-tseirbhíse faoin gCuid sin III;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh;

an dáta feidhme (Cuid II).

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme (Cuid II)” an 14ú lá de Mheitheamh, 1946;

na hAchta Pinsean.

ciallaíonn an abairt “na hAchta Pinsean” na h Achta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 go 1940;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus de Dhílleachtaithe, 1935 (Uimh. 29 de 1935) ;

pinsean cogaidh.

ciallaíonn an abairt “pinsean cogaidh” aon phinsean, dámhachtain nó liúntas arna dheonadh faoi aon dlí a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire in aon tír (seachas an Stát) alos—

(a) aon chogaidh a thosnaigh an 3ú lá de Mhéan Fómhair, 1939, nó dá éis agus roimh an dáta feidhme (Cuid II), nó

(b) cúrsaí is inchurtha i leith aon chogaidh den tsórt sin.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a léiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán iardain.

(3) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta Pinsean.

Tosach feidhme Coda II.

3. —Is tuigthe Cuid II den Acht seo a theacht i ngníomh an 14ú lá de Mheitheamh, 1946.

CUID II.

Athachtu, fara modhnu, ar an Ordu Cumhacta Prainne (Uimh. 382), 1946.

Forála maidir le daoine áirithe a bhí ar fostú i bhfostaíochta eiscithe lena mbaineann an Príomh-Acht agus a scoir de bheith ar fostú amhlaidh.

4. —(1) Más rud é, pé acu roimh an dáta feidhme (Cuid II) nó ar an dáta sin nó dá éis é,—

(a) go raibh duine ar fostú i bhfostaíocht eiscithe lena mbaineann an Príomh-Acht, agus

(b) gur scoir fostaíocht an duine sin de bheith ina fostaíocht eiscithe lena mbaineann an Príomh-Acht toisc í a theacht chun bheith ina fostaíocht atá, de bhuaidh míre (g) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an National Insurance Act, 1911, ina fostaíocht eiscithe do réir bhrí an Achta dheiridh sin, agus

(c) go raibh an duine sin, ar dháta an scortha sin, tar éis bheith ar fostú ar feadh dhá chéad agus ocht seachtaine ar a laghad i bhfostaíocht eiscithe lena mbaineann an Príomh-Acht agus go raibh ar a laghad dhá chéad agus ocht ranníocaíocht faoi na hAchta Pinsean íoctha ar an dáta sin ag an duine sin nó ina leith, agus

(d) go ndearnadh, tar éis dáta an scortha sin, suimeanna, d'airbheartaigh bheith ina ranníocaíochta faoi na hAchta Pinsean, a íoc ón duine sin nó ina leith faoin tuairim gur lean sé de bheith ar fostú i bhfostaíocht eiscithe lena mbaineann an Príomh-Acht,

beidh éifeacht ag na forála seo leanas—

(i) is tuigthe gur ranníocaíochta is iníoctha go cuí faoi na hAchta Pinsean na suimeanna sin;

(ii) is tuigthe an duine sin a bheith, ar feadh tréimhsí ar híocadh na suimeanna sin ina leith, ina dhuine a bhí ar fostú i bhfostaíocht eiscithe lena mbaineann an Príomh-Acht;

(iii) beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 5 agus fo-alt (1) d'alt 71 den Phríomh-Acht maidir leis, amhail is dá mba rud é, ar feadh na dtréimhsí ar híocadh na suimeanna sin ina leith, go raibh sé ar fostú i bhfostaíocht eiscithe lena mbaineann an Príomh-Acht.

Alt 5 den Phríomh-Acht a leasú.

5. —Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 5 den Príomh-Acht trí na focail “d'ocht mí dhéag” a chur in ionad na bhfocal “de dhá mhí dhéag” mar a bhfuil na focail deiridh sin sa bhfo-alt sin.

Comhaltaí áirithe den Fhórsa Cúltaca a árachú faoi na hAchta Pinsean.

6. —Gach comhalta den Fhórsa Cúltaca—

(a) a ndéanfar nó a ndearnadh, an 1ú lá de Mhéan Fómhair, 1939, nó dá éis, é a ghairm amach chun tréimhse seirbhíse (seachas tréineáil), agus

(b) a bheas nó a bhí, tráth a ghairmthe amach amhlaidh, ar fostú i bhfostaíocht eiscithe lena mbaineann an Príomh-Acht,

beidh sé, ar feadh na dtrí mhí tosaigh den tréimhse sheirbhíse sin, agus is tuigthe é a bheith riamh, ina dhuine árachaithe chun críocha na nAcht Pinsean, agus beidh ranníocaíochta i leith an chomhalta sin faoi na hAchta Pinsean iníoctha ag an Aire Cosanta dá réir sin.

Forála maidir le daoine áirithe a d'fhág an Stát.

7. —(1) (a) San alt seo, ciallaíonn an abairt “an tréimhse cheaptha” an tréimhse a thosnaigh an 3ú lá de Mhéan Fómhair, 1939, agus a chríochnós an dáta a ceapfar, faoi mhír (b) den fho-alt seo, chun a bheith ina dháta deiridh chun críocha na míre seo.

(b) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, dáta a cheapadh, le hordú, chun bheith ina dháta deiridh chun críocha míre (a) den fho-alt seo.

(2) Baineann an t-alt seo le duine—

(a) d'fhág (pé acu roimh an dáta feidhme (Cuid II) nó ar an dáta sin nó dá éis é) an Stát i rith na tréimhse ceaptha, agus

(b) a bhí, ar dháta a imeachta, ina dhuine árachaithe faoi na hAchta um Arachas Sláinte agus na hAchta Pinsean, ar shlí seachas mar ranníocóir saorálach, agus

(c) a mbeidh na coinníollacha seo leanas comhlíonta ina leith ar dháta a imeachta—

(i) dhá sheachtain chaogad a bheith caite ón dáta is déanaí a chuaigh sé faoi árachas, agus

(ii) dhá ranníocaíocht chaogad faoi na hAchta Pinsean a bheith íoctha aige nó ina leith ón dáta is déanaí a chuaigh sé faoi árachas, agus

(d) a bheas tar éis bháis nó tar éis filleadh ar an Stát (pé acu roimh an dáta feidhme (Cuid II) nó ar an dáta sin nó dá éis é) roimh an tréimhse cheaptha a bheith caite.

(3) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le duine lena mbaineann an t-alt seo—

(a) chun críocha na nAcht Pinsean ach ní chun aon chríche eile ná ar aon tslí eile, ní cuirfear san áireamh, nuair a beifear ag ríomh na tréimhse d'ocht mí dhéag a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 13 den National Health Insurance Act, 1918, arna leasú le halt 4 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1947 , aon tréimhse a bhí sé as láthair as an Stát i rith na tréimhse ceaptha,

(b) is tuigthe na coinníollacha reachtúla a luaitear i mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 13 den Phríomh-Acht a bheith comhlíonta más rud é ná beidh an uimhir iomlán de ranníocaíochta faoi na hAchta Pinsean a bheas íoctha, nó is tuigthe do réir rialachán arna ndéanamh faoin bPríomh--Acht a bheith íoctha, aige nó ina leith i rith na tréimhse de chéad agus sé seachtaine caogad (gan áireamh a dhéanamh, nuair a beifear ag ríomh na tréimhse sin, ar aon tseachtain sa tréimhse cheaptha a raibh sé ar a feadh go huile nó ar feadh aon choda dhi, as láthair as an Stát) a chríochnaigh, i gcás é d'fháil bháis faoi bhun seachtó bliain d'aois, i ndeireadh na bliana ranníoca díreach roimh a bhás nó, in aon chás eile, díreach roimh é do shlánú seachtó bliain d'aois, níos lú ná ocht gcinn seachtód de ranníocaíochta arna ríomh sa tslí a bheas ordaithe le rialacháin arna ndéanamh faoin bPríomh-Acht i leith na tréimhse sin de chéad agus sé seachtaine caogad.

(4) Ní oibreoidh an t-alt seo chun pinsean ranníoca a dhéanamh iníoctha ar scór árachais dhuine ar bith a ndéanfar i leith a bháis pinsean a dheonadh faoi aon scéim pinsean a bheas i bhfeidhm i dtír cheaptha nó pinsean cogaidh a dheonadh.

(5) I gcás comhshocraíochta comharaíochta a bheith déanta le tír eile faoi alt 61 den Phríomh-Acht, scoirfidh an tAcht seo d'fheidhm a bheith aige maidir le haon tréimhse a bheas duine árachaithe as láthair sa tír sin tar éis an dáta a thiochfas na comhshocraíochta comharaíochta sin i ngníomh.

(6) I gcás—

(a) inar diúltaíodh d'iarratas ar phinsean ranníoca trí chinneadh oifigigh bhreithiúnachta roimh an dáta feidhme (Cuid II), agus

(b) ina bhféadfaí an pinsean sin a dheonadh dá mbeadh na forála roimhe seo den alt seo i bhfeidhm an uair sin,

beith éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) féadfaidh oifigeach breithiúnachta, d'ainneoin éinní sa Phríomh-Acht, an cinneadh sin a athscrúdú, agus beidh feidhm maidir leis an gcinneadh athscrúdaithe sin ag na forála den Phríomh-Acht a bhaineas le nithe a chur faoi bhráid réiteora nó réiteoirí amhail mar atá feidhm acu maidir le dámhachtain nó cinneadh bunaidh,

(ii) má deontar an pinsean sin tosnóidh sé ag faibhriú ar an dáta feidhme (Cuid II).

(7) I gcás—

(a) duine lena mbaineann an t-alt seo d'fháil bháis roimh an dáta feidhme (Cuid II), agus

(b) gan aon éileamh ar phinsean ranníoca i leith a árachais a bheith déanta roimh an dáta feidhme (Cuid II),

is tuigthe gurb é an dáta feidhme (Cuid II) dáta a theachta i dteideal an phinsin ranníoca chun críocha fo-mhíre (1) de mhír (e) d'fho-alt (1) d'alt 35 den Phríomh-Acht.

CUID III.

Alt 42 den Phriomh-Acht a Leasu.

Alt 42 den Phríomh-Acht a leasú.

8. —Déantar leis seo fo-alt (3) d'alt 42 den Phríomh-Acht a leasú (le héifeacht amhail ó dháta a rite) trí na focail “nó i gceannach aon stoic, scaireanna nó urrúis eile a n-údaraítear d'iontaobhaithe de thuras na huaire le dlí cistí iontaobhais a shuncáil iontu” a chur i ndiaidh na bhfocal “a shuncáil ann”.