20 1947


Uimhir 20 de 1947.


AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA n ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924 GO 1946. [19ú Iúil, 1947].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1947, a ghairm de na h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1946, agus den Acht seo le chéile.

Tosach feidhme.

2. —(1) Is tuigthe an Chuid seo agus Cuid II den Acht seo a theacht i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1947, agus beidh éifeacht acu amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach.

(2) Tiocfaidh Cuid III den Acht seo i ngníomh pé lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

(3) Tiocfaidh Cuid IV agus Cuid V den Acht seo i ngníomh díreach ar an Acht seo a rith.

Léiriú.

3. —(1) San Acht seo—

Acht 1928.

ciallaíonn an abairt “Acht 1928” an t Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928) ;

Acht 1936.

ciallaíonn an abairt “Acht 1936” an t Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 (Uimh. 48 de 1936) ;

Acht 1946.

ciallaíonn an abairt “Acht 1946” an t Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1946 (Uimh. 21 de 1946) ;

cuaird.

ciallaíonn an focal “cuaird” cuaird den Chúirt Chuarda;

Breitheamh Cuarda.

ciallaíonn an abairt “Breitheamh Cuarda” Breitheamh den Chúirt Chuarda;

Breitheamh do Chuaird Bhaile Atha Cliath.

ciallaíonn an abairt “Breitheamh do Chuaird Bhaile Atha Cliath” Breitheamh Cuarda atá sannaithe go buan do Chuaird Bhaile Atha Cliath, ach ní fholaíonn sí aon Bhreitheamh den tsórt sin arb é Uachtarán na Cúirte Cuarda é;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) .

(2) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1946.

Athghairm.

4. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear i gcolún (2) de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm, a mhéid a sonraítear i gcolún (3) den Chuid sin I, amhail ar dháta an Achta seo a rith agus uaidh sin amach.

(2) Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm, a mhéid a sonraítear i gcolún (3) den Chuid sin II, amhail ar dháta thosach feidhme Coda III den Acht seo agus uaidh sin amach.

CUID II.

Tuarastail Bhreithiun.

Tuarastail Bhreithiún na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte a mhéadú.

5. —Déanfar na tuarastail bhliantúla faoi seach is iníoctha faoi alt 13 (a bhaineas le tuarastail Bhreithiún na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte) den Phríomh-Acht a mhéadú,—

(a) i gcás gach gnáth-Bhreithiún den Ard-Chúirt, fiche faoin gcéad, agus

(b) i ngach cás eile, cúig déag faoin gcéad.

Tuarastal Uachtaráin na Cúirte Cuarda.

6. —(1) Gheobhaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda an tuarastal bliantúil céanna a gheobhaidh gnáth-Breitheamh den Ard-Chúirt.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc an tuarastail is iníoctha le hUachtarán na Cúirte Cuarda.

(3) Ní bheidh feidhm maidir le hUachtarán na Cúirte Cuarda ag an méid sin d'alt 41 den Phríomh-Acht a cheapas tuarastal Breithimh Chuarda.

Tuarastail Bhreithiún Cuarda a mhéadú.

7. —Méadófar cúig fichead faoin gcéad na tuarastail bhliantúla is iníoctha faoi alt 41 (a bhaineas le tuarastail agus pinsin Bhreithiún Cuarda) den Phríomh-Acht.

Tuarastail Bhreithiún na Cúirte Dúiche a mhéadú.

8. —Méadófar triocha faoin gcéad na tuarastail bhliantúla faoi seach is iníoctha faoi Alt 74 (a bhaineas le tuarastail Bhreithiún na Cúirte Dúiche) den Phríomh-Acht nó faoi alt 8 (a bhaineas le tuarastail na mBreithiún do Chathair Bhaile Atha Cliath) d'Acht 1946.

CUID III.

Uachtaran na Cuirte Cuarda agus a Chumhachta agus a Dhualgais.

Uachtarán na Cúirte Cuarda.

9. —(1) Beidh Uachtarán ar an gCúirt Chuarda.

(2) D'ainneoin aon ní sna h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1946, beidh Uachtarán na Cúirte Cuarda ina bhreitheamh breise ex-officio den Ard-Chúirt.

(3) Déanfaidh an tUachtarán, ag gníomhú dhó ar chomhairle an Rialtais, Uachtarán na Cúirte Cuarda a cheapadh as líon na mBreithiún Cuarda agus beidh tosach aige ar gach Breitheamh Cuarda eile.

(4) An duine a ceapfar ina Uachtarán ar an gCúirt Chuarda sealbhóidh sé an oifig sin faid a shealbhós sé oifig Bhreithiún Chuarda.

Cumhachta Uachtaráin na Cúirte Cuarda.

10. —(1) Chun a áirithiú go ndéanfar obair na Cúirte Cuarda a roinnt go cothrom idir na Breithiún uile agus faoi seach den Chúirt sin agus go ndéanfar go hurlamh gnó na Cúirte Cuarda i gcuarda eile agus faoi seach na Cúirte sin, beidh ag Uachtarán na Cúirte Cuarda agus feidhmeoidh sé na cumhachta a bheirteai dó le fo-ailt (2), (3), (4), (5) agus (6) den alt seo.

(2) (a) Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda ó am go ham, le hordú, a shocrú, maidir le haon chuaird, cad iad na háiteanna sa chuaird sin ina gcomórfar suíonna, agus aon uair a bheas ordú, arna dhéanamh faoin mír seo maidir le cuaird, i bhfeidhm, is sna háiteanna a bheas socair leis an ordú sin agus ní in aon áit eile a comórfar suíonna laistigh den chuaird sin.

(b) Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda ó am go ham, le hordú, a shocrú, maidir le haon chuaird, cad iad na dátaí ar a dtosnóidh suíonna i ngach áit faoi leith sa chuaird sin ina gcomórfar suíonna agus, aon uair a bheas ordú faoin mír seo i bhfeidhm, tosnóidh suíonna i ngach áit den tsórt sin do réir an orduithe.

(c) Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda tráth ar bith, le hordú, ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo (agus an mhír seo a áireamh) a chúlghairm nó a leasú.

(d) Sar a bhfeidhmeoidh Uachtarán na Cúirte Cuarda a chumhachta faoin bhfo-alt seo maidir le cuaird, raghaidh sé i gcomhairle, ar dtúis, leis an mBreitheamh Cuarda a bheas sannaithe go buan don chuaird sin.

(e) Gach ordú a déanfar faoin bhfo-alt seo foilseofar é, a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, i pé slí a ordós Uachtarán na Cúirte Cuarda.

(f) Sa bhfo-alt seo ciallaíonn an focal “suíonna” suíonna den Chúirt Chuarda.

(3) (a) Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda, tráth ar bith, aon Bhreitheamh Cuarda, pé acu bheas nó ná beidh sé sannaithe go buan do chuaird eile, a shannadh d'aon chuaird (pé acu bheas nó ná beidh Breitheamh Cuarda buan-shannaithe don chuaird sin).

(b) I gcás ina ndéanfar Breitheamh Cuarda a bheas sannaithe go buan do chuaird áirithe a shannadh go sealadach faoin bhfo-alt seo do chuaird eile, ní dhéanfaidh an sannadh sealadach sin forceannadh ar an sannadh buan sin ná ní dhéanfaidh difir dó ná ní bhainfidh den Bhreitheamh sin aon phríbhléid, cumchacht ná dualgas dá mbeidh dílsithe ann nó forchurtha air de bhuaidh an tsannuithe bhuain sin.

(4) I gcás ina gceapfar duine faoi alt 14 d'Acht 1936 chun gníomhú mar Bhreitheamh Cuarda, féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda, i rith na tréimhse dá mbeidh an duine sin ceaptha amhlaidh, é a shannadh ó am go ham d'aon chuaird, pé acu bheas nó ná beidh Breitheamh Cuarda sannaithe go buan don chuaird sin.

(5) (a) Má bhíonn beirt Bhreithiún Chuarda nó níos mó sannaithe (go buan nó go sealadach) de thuras na huaire do chuaird áirithe, féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda, tar éis do dul i gcomhairle leis na Breithiúin Chuarda sin, gnó na Cúirte Cuarda sa chuaird sin a dháiliú ó am go ham idir na Breithiúin Chuarda sin.

(b) Léireofar tagairtí sa bhfo-alt seo do Bhreithiúin Chuarda mar thagairtí a fholaíos daoine arna gceapadh faoi alt 14 d'Acht 1936 chun gníomhú mar Bhreithiúin Chuarda.

(6) Chun a chumasú d'Uachtarán na Cúirte Cuarda a fheadhma faoin alt seo a chomhlíonadh, déanfaidh an claráitheoir contae do chontae nó do chontae-bhuirg, ar Uachtarán na Cúirte Cuarda dá iarraidh sin air, pé sonraí a thabhairt dó, i dtaobh gnótha na Cúirte Cuarda sa chontae nó sa chontae-bhuirg sin, a sonrófar san iarratas.

(7) Má bhíonn Uachtarán na Cúirte Cuarda éagumasach ar ghníomhú ar feadh aon tréimhse, ansin, ar feadh na tréimhse sin, beidh ag Breitheamh Cuarda Bhaile Atha Cliath nó (má bhíonn níos mó ná Breitheamh Cuarda amháin ann) ag an duine is sinsearaí de Bhreithiún Chuarda Bhaile Atha Cliath, agus feidhmeoidh sé, na cumhachta a bheirtear d'Uachtarán na Cúirte Cuarda le fo-ailt (2), (3), (4), (5) agus (6) den alt seo.

Dualgais agus cumhachta Breithiún Cuarda a bheas sannaithe go sealadach do chuarda.

11. —(1) I gcás ina mbeidh Breitheamh Cuarda sannaithe go sealadach, faoi alt 10 den Acht seo, do chuaird, ansin, faid a bheas sé sannaithe go sealadach amhlaidh, beidh ag an mBreitheamh Cuarda sin agus beidh infheidhmithe aige, maidir leis an gcuaird sin agus i gcomhréim leis an mBreitheamh Cuarda a bheas sannaithe go buan di agus le haon Bhreitheamh Cuarda eile a bheas sannaithe go sealadach amhlaidh don chuaird sin, na príbhléidí, na cumhachta agus na dualgais uile a bheas bronnta nó forchurtha, de thuras na huaire, le dlí ar Bhreitheamh Cuarda a bheas sannaithe go buan don chuaird sin.

(2) San alt seo folaíonn an abairt “Breitheamh Cuarda” duine arna cheapadh faoi alt 14 d'Acht 1936 chun gníomhú mar Bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

Comhaltaí ex-officio de Choiste Rialacha na Cúirte Cuarda.

12. —Is iad a bheas ina gcomhaltaí ex-officio de Choiste Rialacha na Cúirte Cuarda a bunaíodh le halt 69 d'Acht 1936—

(a) Uachtarán na Cúirte Cuarda, a bheas ina chathaoirleach ar an gcoiste sin, agus

(b) an cláraitheoir contae do chontae agus do chathair Bhaile Átha Cliath, a bheas ina rúnaí don choiste sin.

CUID IV.

Forala Ilghneitheacha Maidir leis an gCuirt Chuarda.

Comhdhéanamh cuaird a athrú.

13. —(1) Féadfaidh an Rialtas ordú a dhéanamh ag athrú comhdhéanamh aon dá chuaird nó níos mó de na cuarda, ach sin i slí ná méadófar ar líon iomlán na gcuaird.

(2) Má déantar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, ansin, amhail ar dháta tosach feidhme an orduithe agus uaidh sin amach, léireofar gach tagairt sna h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1946, agus san Acht seo, do chuarda mar thagairtí do chuarda amhail mar bheid díreach tar éis tosach feidhme an orduithe.

Breitheamh Cuarda breise a cheapadh.

14. —(1) D'ainneoin aon ní sna h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1946, féadfar, mí ar a dhéanaí tar éis dáta an Achta seo a rith, duine amháin (is duine arna cheapadh, faoi alt 14 d'Acht 1936, chun gníomhú mar Bhreitheamh Cuarda do thréimhse ar laistigh di do dháta an Achta seo a rith) a cheapadh ina Bhreitheamh Cuarda.

(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le duine a ceapfar de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo ina Bhreitheamh Cuarda—

(a) chun críocha an méid sin d'alt 41 den Phríomh-Acht a bhaineas le pinsin, is tuigthe é a bheith tar éis fónamh mar Bhreitheamh Cuarda ar feadh na tréimhse ceithre mblian dar críoch an lá díreach roimh dháta a cheaptha ina Bhreitheamh Cuarda,

(b) beidh deireadh lena cheapadh faoi alt 14 d'Acht 1936 ar é a cheapadh mar Bhreitheamh Cuarda,

(c) ní bheidh feidhm maidir leis ag fo-alt (1) d'alt 15 d'Acht 1936, ach féadfaidh an Rialtas tráth ar bith é a shannadh go buan do chuaird áirithe,

(d) go dtí dáta tosach feidhme Coda III den Acht seo nó dáta a bhuan-shannuithe do chuaird, pé dáta acu sin is luaithe, beidh feidhm maidir leis ag fo-alt (2) d'alt 14 d'Acht 1936 amhail mar bhaineas sé le duine dá dtagartar sa bhfo-alt sin (2).

(3) Faid a bheas duine a ceapfar ina Bhreitheamh Cuarda de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo i seilbh oifige agus gan bheith sannaithe go buan do chuaird, beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1928 amhail is dá gcuirtí na focail “d'aon Bhreitheamh déag” in ionad na bhfocal “de dheichniúr Breithiún.”

An aois scoir do Bhreithiúin Chuarda.

15. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, is seachtó bliain an aois scoir do Bhreitheamh Cuarda.

(2) Dhá bliain seachtód an aois scoir do dhuine is Breitheamh Cuarda ar dháta an Achta seo a rith nó don duine a ceapfar, de bhuaidh ailt 14 den Acht seo, ina Bhreitheamh Cuarda.

Breitheamh Cuarda do ríomh cáis.

16. —Féadfaidh Breitheamh Cuarda, ar iarratas chuige sin ó aon pháirtí in aon ní (seachas athéisteacht, faoi alt 196 den Income Tax Act, 1918, ar aon achomharc den tsórt dá dtagartar san alt sin) a bheas ar feitheamh os a chomhair, aon cheist dlí a éireos sa ní sin a chur, ar pé téarmaí maidir le costais nó eile is oiriúnach leis, faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí i bhfoirm cháis ríofa chun go gcinnfidh an Chúirt Uachtarach é agus féadfaidh craoladh a bhreithe nó a orduithe sa ní a chur ar athló go dtí go gcinntear an cás ríofa sin.

Cumacht Bhreithiún Chuarda a bheas sannaithe do chuaird áirithe chun iarratais phráinneacha a éisteacht agus a chinneadh lasmuigh dá chuaird.

17. —D'ainneoin aon ní sna h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1946, aon Bhreitheamh Cuarda a bheas sannaithe (go buan nó go sealadach) do chuaird áirithe, féadfaidh sé, lasmuigh den chuaird sin, aon iarratas a éisteacht agus a chinneadh a mbeidh dlínse aige é a éisteacht agus a chinneadh laistigh den chuaird sin agus ar dóigh leis gur ní é ar ceart deighleáil leis mar ní práinneach.

CUID V.

Pinsin Bhreithiun den Chuirt Duiche.

Pinsin Bhreithiún áirithe den Chúirt Dúiche.

18. —(1) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, bainfidh na forála seo a leanas le gach Breitheamh 1936 láithreach:—

(a) mura ndéana agus go dtí go ndéanfaidh sé an roghnú dá bhforáltar i mír (b) den fho-alt seo, ní bhainfidh fo-alt (1) nó (2) (pé acu é) d'alt 48 d'Acht 1936 leis agus, ina ionad sin, bainfidh alt 75 (a hathghairmeadh le hAcht 1936) den Phríomh-Acht leis, amhail is ná beadh sé arna athghairm agus amhail is ná beadh alt 48 d'Acht 1936 arna achtú,

(b) féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a cuirfear chun an Aire Airgeadais tráth ar bith sar a scoirfidh sé de bheith i seilbh oifige, a roghnú glacadh leis na téarmaí pinsin a foráltar le fo-alt (1) nó (2) (pé acu é) d'alt 48 d'Acht 1936 agus, sa chás sin, ní bhainfidh an fo-alt sin (1) nó (2) leis.

(2) Bainfidh fo-alt (5) d'alt 48 d'Acht 1936 le haon phinsean arna dheonadh, de bhuaidh míre (a) d'fho-alt (1) den alt seo, faoi alt 75 den Phríomh-Acht.

(3) Aon Bhreitheamh 1936 láithreach a rinne an roghnú a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 48 d'Acht 1936, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a cuirfear chun an Aire Airgeadais laistigh de thrí mhí tar éis dáta an Achta seo a rith, an roghnú sin a dhaingniú agus, sa chás sin, ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo leis.

(4) San alt seo ciallaíonn an abairt “Breitheamh 1936 láithreach” Breitheamh den Chúirt Dúiche a bhí i seilbh oifige ar dháta Achta 1936 a rith agus a bheas i seilbh oifige ar dháta an Achta seo a rith.

Pinsin, etc., Breithiún den Chúirt Dúiche ina muirear ar an bPríomh-Chiste.

19. —(1) Gach pinsean arna dheonadh faoi na hAchta do Bhreitheamh den Chúirt Dúiche agus gach dámhachtain faoi na hAchta Aoisliúntais, 1834 go 1946, arna deonadh de bhuaidh na nAcht, do Bhreitheamh den Chúirt Dúiche nó ina leith, beidh a mhuirear agus a íoc ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis.

(2) San alt seo, ciallaíonn an abairt “na hAchta” na h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1946, agus an tAcht seo.

Aiscí i leith Breithiún marbha áirithe den Chúirt Dúiche.

20. —(1) I gcás—

(a) ná dearna Breitheamh (lena n-áirítear Breitheamh Cúnta) den Chúirt Dúiche, a bhí i seilbh oifige ar dháta Achta 1936 a rith, an roghnú dá bhforáltar le fo-alt (3) d'alt 48 d'Acht 1936, agus

(b) go bhfuair an Breitheamh sin bás roimh an Acht seo a rith agus le linn dó bheith i seilbh oifige,

féadfaidh an tAire Airgeadais aisce a íoc le hionadaithe pearsanta dlíthiúla an Bhreithimh sin is comhionann le méid a thuarastail bhliantúil ar dháta a bháis.

(2) Gach aisce is iníoctha faoin alt seo beidh a mhuirear agus a íoc ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis.

AN SCEIDEAL

Achtachain a hAthghairmtear.

Alt 4.

CUID I.

Achtacháin a hathghairmtear amhail ar dháta an Achta seo a rith agus uaidh sin amach.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 10 de 1924 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 .

In alt 37, na focail go léir ó na focail “le toil an Phríomh-Bhreithimh” go dtí deireadh an ailt; Alt 40.

Uimh. 1 de 1931 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1931 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 48 de 1936 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 .

Alt 22; fo-alt (7) d'alt 48

Uimh. 21 de 1946 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1946 .

Fo-alt (2) d'alt 19.

CUID II.

Achtacháin a hathghairmtear amhail ó thosach feidhme Coda III den Acht seo agus uaidh sin amach.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na bAthghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 15 de 1928 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 .

Alt 10.

Uimh. 48 de 1936 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 .

Fo-alt (2) d'alt 14; alt 16; fo-alt (3) d'alt 69.