23 1947


Uimhir 23 de 1947.


ACHT AN OIREACHTAIS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) (LEASÚ), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHTA AN OIREACHTAIS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ), 1938. [23ú Iúil, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 (Uimh. 34 de 1938) .

An míniú ar an abairt “saoráidí taistil” sa Phríomh-Acht a leasú.

2. —Athghairmtear leis seo an míniú (atá in alt (1) den Phríomh-Acht) ar an abairt “saoráidí taistil”, agus ina ionad sin achtaítear leis seo gur saoráidí taistil chun críocha an Phríomh-Achta gach ní faoi leith acu seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) taisteal céad-ghráid iarnróid a sholáthar in aisce,

(b) an táille a aisíoc a híocadh as taisteal in aon omnibus nó cóir iompair phoiblí dá shamhail,

(c) costais taistil i ngluaisteán an chomhalta féin a aisíoc do réir pé rátaí an míle a cheadós an tAire ó am go ham,

(d) pé costais taistil eile a aisíoc ar deimhin leis an Aire gur go réasúnach a chuathas fúthu.

Alt 3 den Phríomh-Acht a leasú.

3. —(1) I bhfo-alt (1) d'alt 3 den Phríomh-Acht, léireofar an tagairt do £40 mar thagairt don tsuim sin arna méadú tríocha faoin gcéad.

(2) I bhfo-alt (2) d'alt 3 den Phríomh-Acht, léireofar an tagairt do £30 mar thagairt don tsuim sin arna méadú tríocha faoin gcéad.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 agus 1947, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.