25 1947


Uimhir 25 de 1947.


AN tACHT LEITHREASA, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHUR SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A SEACHT CEATHRACHAD, AGUS NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD A hOCHT CEATHRACHAD AGUS DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONADH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE, 1947 , AGUS LEIS AN ACHT SEO CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ. [23ú Iúil, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Deontais as an bPríomh-Chiste.

£10,400 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1946-47.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim deich míle agus ceithre chéad punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle naoi gcéad a seacht ceathrachad.

£38,081,963 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1947-48.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim ocht milliún tríochad, aon mhíle ochtód naoi gcéad agus trí punt sheascad a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhísí na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle naoi gcéad a hocht ceathrachad.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £38,092,363 a thógaint ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná ocht milliún tríochad, dhá mhíle nóchad, trí chéad agus trí puint sheascad a thógaint ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna a airleacan don Aire Airgeadais, agus chun an céanna a thógaint ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus a eisiúint agus iad faoi pé ráta úis, agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear bun-airgid agus úis urrús ar bith a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na n-urrús sin a eisiúint.

(3) Aon airgead a cruinneofar trí urrúis arna n-eisiúint faoin Acht seo, cuirfear i gcreidiúnas do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Deontais a Leithreasu.

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £58,443,785 a leithreasú.

4. —(1) Na suimeanna uile a deontar as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal (A) a ghabhas leis an Acht seo, chun slánuithe an tsoláthair a deonadh agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim ocht milliún caogad, ceithre chéad agus trí mhíle ceathrachad, seacht gcéad agus cúig puint ochtód, déantar iad a leithreasú agus is tuigthe iad a bheith arna leithreasú amhail ó dháta na nAcht a luaitear sa Sceideal sin (A) a rith chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaitear i Sceideal (B) a ghabhas leis sin. An achomaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhas léi sin, maraon leis an nóta (más ann) a ghabhas leis na sceidil sin, is tuigthe gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeidís i gcorp an Achta seo.

(2) I dteannta na suimeanna a deontar as an bPríomh-Chiste agus dá dtagartar sa bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a taispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhas leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim dhá mhilliún, naoi gcéad agus trí mhíle chaogad, naoi gcéad agus ocht bpuint sheachtód a úsáid as aon airgead a hordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, a úsáid mar leithreasa-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a sonráitear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1947 , a ghairm den Acht seo.

An Achomaireacht ar Sceidil (A) agus (B) Da dTagartar san Acht seo.

Sceideal (A).

DEONTAIS.

Deontais as an bPríomh-Chiste

..

..

..

..

..

£58,443,785

Sceideal (B).

DEONTAIS A LEITHREASU.

Suimeanna nach mó ná

An Bhliain

Deontais Soláthair

Leithreasa-igCabhair

£

s.

d.

£

s.

d.

1946-47 (Breise)

..

..

..

2,680,822

0

0

136,719

0

0

1947-48

..

..

..

..

55,762,963

0

0

2,817,259

0

0

An tIomlan

..£

58,443,785

0

0

2,953,978

0

0

Sceideal (A.)

DEONTAIS AS AN bPRÍOMH-CHISTE.

£

s.

d.

Chun Seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta,

1947: Faoi Acht Uimh. 7 de 1947

..

..

..

2,670,422

0

0

Chun Seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta,

1947: Faoin Acht seo

..

..

..

..

..

10,400

0

0

Chun Seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1948:

Faoi Acht Uimh. 7 de 1947

..

..

..

..

17,681,000

0

0

Faoin Acht seo

..

..

..

..

..

..

38,081,963

0

0

An tIomlan

..

£58,443,785

0

0

Sceideal (B).

DEONTAIS A LEITHREASU.

Cuid I.

Sceideal de shuimeanna Breise a deonadh, agus de shuimeanna a féadfar a úsáid mar Leithreasa-i-gCabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus faoi seach a luaitear anseo go sonrach, i gcóir na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1947.

Suimeanna nach mó ná

Vóta Uimh.

Teideal

Deontais Soláthair

Leithreasai-gCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

2

Chun Tuarastal agus Costas Tithe an Oireachtais, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair  ..     ..     ..     ..     ..

4,600

--

6

Chun Tuarastal agus Costas Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin     ..     ..     ..     ..

55,240

14,910

15

Chun Tuarastal agus Costas Coimisiún, Coistí agus Fiosrúchán Speisialta     ..

4,560

--

20

Chun Costas Ilghnéitheach áirithe, lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe agus íocaíocht áirithe Cúitimh mar gheall ar Bhás nó Díobhála Pearsanta

1,000

--

21

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an tSoláthair; chun Páipéarachais, Clódóireachta, Páipéir, Ceangailteoireachta, agus Leabhar Clóbhuailte i gcóir na Seirbhíse Poiblí; agus chun Iltseirbhísí Ilghnéitheacha, lena n-áirítear Tuairiscí Díospóireacht an Oireachtais     ..     ..

10,830

7,410

23

Chun Tuarastal agus Costas na Suirbhéireachta Ordonáis agus MiontSeirbhísí, lena n-áirítear Macasamhla de Láimhscribhinní Seanda a dhéanamh.     ..     ..     ..     ..     ..

10

1,479

24

Chun an Deontas d'Údaráis Áitiúla i gcóir Faoisimh maidir le Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta a mhéadú ( Uimh. 35 de 1925 , Uimh. 28 de 1931 , Uimh. 23 de 1939 agus Uimh. 36 de 1946 )     ..     ..

1,040,400

--

26

Chun Deontas d'Ollscola agus do Choláistí (8 Edw. 7, c. 38; Uimh. 42 de 1923 ; Uimh. 32 de 1926 ; Uimh. 35 de 1929 ; agus Uimh. 27 de 1934 ), lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe     ..     ..

45,000

--

29

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Thalmhaíochta, agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Ildeontais-i-gCabhair     ..

15,700

7,550

32

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Dlí agus Cirt     ..     ..     ..     ..

3,130

--

33

Chun Tuarastal agus Costas an Gharda Shíochána ( Uimh. 7 de 1925 , Uimh. 10 de 1926 , Uimh. 5 de 1937 , Uimh. 19 de 1941 , Uimh. 1 agus Uimh. 17 de 1945 ) agus chun íocaíocht cúitimh agus costas eile i leith seirbhíse sna Caomhnóirí Áitiúla ( Uimh. 19 de 1946 )     ..     ..

65,010

24,460

35

Chun na dTuarastal agus na gCostas sin de chuid na Cúirte Dúiche nach muirear ar an Príomh-Chiste ( Uimh. 27 de 1926 , ailt 49 agus 50; Uimh. 15 de 1928 , alt 13; agus Uimh. 48 de 1936 , ailt 51 agus 77) agus Chun Deontais Ceanntsraithe     ..     ..     ..     ..

4,560

--

43

Chun Costas Cothabhála Gealt Coiriúla i nGealtlainn Dúndroma (8 & 9 Vict., c. 107)     ..     ..     ..     ..     ..

650

124

47

Chun Meán-Oideachais, lena n-áirítear Deontas Thuarastal na Múinteoirí, Deontas Ceanntsraithe, Breis-Thuarastal do Mhúinteoirí Meán-Scoile agus Deontas do Chiste Pinsin na Meán-Mhúinteoirí     ..     ..     ..     ..     ..

65,000

--

49

Chun Tuarastal agus Costas na bhForas Eolaíochta agus Ealaíon, chun Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachais agus Cultúir, chun Cuimhneacháin Céad Blian Thomáis Dáibhis agus Ghluaiseacht na nEireannach Og, agus Ildeontais-i-gCabhair     ..     ..     ..     ..

10

--

50

Chun Costas i dtaobh Scol Ceartúcháin agus Scol Saothair lena n-áirítear Aiteanna Coinneála (8 Edw. 7, c. 67; Uimh. 17 de 1926 ; Uimh. 12 de 1941 , etc.)     ..     ..     ..     ..     ..

13,180

1,094

53

Chun Tuarastal agus Costas i dtaobh Foraoiseachta (9 & 10 Geo. 5, c. 58, agus Uimh. 13 de 1946 ), lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe     ..     ..

10

10,990

54

Chun Tuarastal agus Costas i dtaobh Seirbhísí na Gaeltachta, lena n-áirítear Deontais um Thógáil Tithe agus ceannach agus díol Bréidíní Baile     ..

48,345

45,635

55

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Thionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin agus íocaíocht Chúnamh áirithe airgid agus Ildeontais-i-gCabhair

300,000

5,542

56

Chun Seirbhísí Iompair agus Meteoraíochta

10

--

58

Chun Tuarastal agus Costas na Muir-Sheirbhíse [na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1939, agus an tAcht Imeall Trá, 1933 (Uimh. 12 de 1933) ]; chun íocaíocht áirithe Cúitimh lena n-áirítear páigh bhreise do Mhairnéalaigh agus costas cóireála leighis; agus chun íocaíocht chun Fearas Cosanta áirithe do Longa a chur ar fáil; agus chun íocaíocht maidir le tarrtháil Mairnéalach áirithe ar bhain Longbhriseadh dhóibh     ..     ..     ..

6,500

* 6,200

59

Chun tuarastal agus Costas i dtaobh Arachais Dífhostaíochta agus Malartán Fostaíochta (lena n-áirítear Ranníoca leis an gCiste Dífhostaíochta), i dtaobh Cúnaimh Dhífhostaíochta, an Chláir Speisialta d'Oibrithe Talmhaíochta agus Móna, agus Arachais in aghaidh Breac-Dhífhostaíochta, agus chun Seirbhísí áirithe i dtaobh Liúntas Bídh agus chun Costas i dtaobh Lucht Oibre d'obair Fhómhair a chur ar fáil (9 Edw. 7, c. 7; 10 & 11 Geo. 5, c. 30; 11 Geo. 5, c. 1; 11 & 12 Geo. 5, c. 15; 12 Geo. 5 c. 7; Uimh. 17 de 1923 ; Uimha. 26 agus 59 de 1924; Uimh. 21 de 1926 ; Uimh. 33 de 1930 ; Uimha. 44 agus 46 de 1933; Uimh. 38 de 1935 ; Uimh. 2 de 1938 ; Uimh. 4 de 1940 ; Uimh. 3 de 1941 ; Uimh. 7 de 1942 ; Uimh. 20 de 1943 ; Uimh. 23 de 1945 agus Uimha. 22 agus 37 de 1946)     ..     ..

22,310

* 39,500

61

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Phoist agus Telegrafa (45 & 46 Vict., c. 74; 8 Edw. 7, c. 48; 1 & 2 Geo. 5, c. 26; na hAchta Telegrafa, 1863 go 1928; Uimh. 14 de 1940 (ailt 30 agus 31); Uimh. 14 de 1942 (alt 23); etc), agus Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin     ..     ..     ..

377,815

14,585

63

Chun an Airm agus Cúltaca an Airm (lena n-áiritear Deontais-i-gCabhair áirithe) faoi na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), agus chun Costas áirithe riaracháin ina dtaobh sin; chun Costas i dtaobh daoine áirithe a thriail agus a choinneáil ( Uimh. 28 de 1939 , Uimh. 1 de 1940 , agus Uimh. 16 de 1940 , etc.); chun Costas áirithe faoi na h Achta um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 agus 1940 ( Uimh. 13 de 1939 agus Uimh. 2 de 1940 ) agus faoin Acht um Réamhchúram in aghaidh Aer-Ruathar, 1939 (Uimh. 21 de 1939) ; chun Cúl-Sholáthairtí Leighis d'Ospidéil Síbhialta; chun Costas áirithe de chuid an Fhórsa Chosanta Áitiúil, 1941 go 1946; chun Costas i dtaobh Boinn a thabhairt amach, etc.; chun Costas i dtaobh Ceimiceáin áirithe a Tháirgeadh chun a nDíolta; chun Costas áirithe i dtaobh Tairmreith Fola; agus chun Costas an Bhúró Staire Míleata     ..

559,620

48,640

69

Chun Cúitimh agus Iocaíocht eile i leith Díobhála do Mhaoin arna ndéanamh de dheasca bomaí a scaoileadh anuas ó aer-árthaí coigríche agus teagmhais dá shamhail le linn an Stát a bheith gan bheith páirteach i gcogadh ( Uimh. 24 de 1941 )     ..     ..     ..     ..     ..

12,000

--

70

Chun Cúitimh agus Iocaíocht eile i leith Díobhála Pearsanta arna ndéanamh do dhaoine, ar shlí seachas mar chomhaltaí de Sheirbhísí Stáit, de dheasca bomaí a scaoileadh anuas ó aer-árthaí coigríche agus teagmhais dá shamhail le linn an Stát a bheith gan bheith páirteach i gcogadh ( Uimh. 19 de 1946 )     ..     ..

1,450

--

74

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Shláinte     ..     ..     ..     ..     ..

3,340

--

75

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh     ..     ..     ..

400

--

76

Chun íoctha an méid de na muirir i leith Méaduithe ar Luach Saothair Stát-Sheirbhíseach ná fuil socrú eile déanta ina gcóir     ..     ..     ..     ..     ..

19,230

--

77

Chun Airleacain Ilghnéitheacha áirithe a aisíoc leis an gCiste Teagmhais     ..

912

--

Iomlan Coda I     ..

£2,680,822

136,719

Sceideal (B).

Cuid II.

Sceideal de shuimeanna a deonadh agus de shuimeanna a féadfar a úsáid mar Leithreasa-i-gCabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus faoi seach a luaitear anseo go sonrach agus a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1948.

Suimeanna nach mó ná

Vóta Uimh.

Teideal

Deontais Soláthair

Leithreasai-gCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

1

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an Rúnaí don Uachtarán agus chun Costas áirithe eile a bhaineas le Teaghlachas an Uachtaráin ( Uimh. 24 de 1938 )     ..

4,800

--

2

Chun Tuarastal agus Costas Tithe an Oireachtas, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair     ..     ..     ..     ..     ..

145,400

--

3

Chun Tuarastal agus Costas Roinn an Taoisigh ( Uimh. 16 de 1924 ; Uimh. 40 de 1937 ; agus Uimh. 38 de 1938 )     ..

18,500

--

4

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ( Uimh. 1 de 1923 ), lena n-áirítear Oifig Iniúchóireachta an Arachais Náisiúnta

29,230

3,330

5

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Airgeadais, lena n-áiritear Oifig an Pháighmháistir Ghinearálta     ..     ..

97,230

2,755

6

Chun Tuarastal agus Costas Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin     ..     ..     ..     ..

1,230,760

39,700

7

Chun Pinsean Seanaoise agus Pinsean do Dhaill (Achta na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1938); chun Forlíonta agus Liúntais in earraí ( Uimh. 22 de 1946 ); agus chun Deontas áirithe     ..     ..

5,149,750

2,250

8

Chun Luach Saothair i leith Stoic Rialtais a Bhainistí     ..     ..     ..     ..

22,250

--

9

Chun Tuarastal agus Costas Oifig na nOibreacha Poiblí (1 & 2 Will. 4, c. 33, ailt 5 agus 6; 5 & 6 Vict., c. 89, ailt 1 agus 2; 9 & 10 Vict., c. 86, ailt 2, 7 agus 9; etc.)     ..     ..     ..     ..

192,920

26,750

10

Chun Caiteachais i leith Foirgintí Poiblí; chun Páirceanna agus Oibreacha Poiblí áirithe a Chothabháil; agus chun Oibreacha Siltin a Dhéanamh agus a Chothabháil     ..     ..     ..     ..

1,031,520

63,097

11

Chun Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála (lena n-áirítear Fóirthin ar Ghátar)

1,250,000

--

12

Chun Tuarastal agus Costas na Saotharlainne Stáit     ..     ..     ..     ..

12,570

--

13

Chun Tuarastal agus Costas Choimisiúin na Stát-Sheirbhíse ( Uimh. 5 de 1924 agus Uimh. 41 de 1926 ), agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla ( Uimh. 39 de 1926 agus Uimh. 15 de 1940 )     ..     ..     ..     ..     ..

33,300

7,500

14

Chun Deontas-i-gCabhair i leith Bord Cuartaíochta na hÉireann ( Uimh. 24 de 1939 )     ..     ..     ..     ..     ..

45,000

--

15

Chun Tuarastal agus Costas Coimisiún, Coistí agus Fiosrúchán Speisialta     ..

7,700

--

16

Chun Pinsean, Aoisliúntas, Cúitimh (lena n-áirítear Cúiteamh do hucht Oibre), agus Liúntas agus Aiscí, Breise agus eile, faoi na hAchta Aoisliúntais, 1834 go 1946, agus faoi Reachta iolartha eile; Pinsean, Liúntas agus Aisci Eis-Reachtúla arna ndeonadh ag an Aire Airgeadais; táillí do Dhochtúirí Réitigh agus corr-tháillí do Dhochtúirí; etc.     ..

751,530

22,025

17

Chun Rátaí agus Ranníoca in ionad Rátaí, etc., i leith Maoine Rialtais, agus chun Ranníoca i leith Rátaí ar Aitribh i seilbh Ionadaithe do Rialtais Choigríche

178,300

965

18

Chun Seirbhíse Sicréidí     ..     ..     ..

15,000

--

19

Chun Costas faoin Acht Timpeall Toghchán, 1923, agus faoi Acht na nGiúirithe, 1927 ( Uimh. 12 de 1923 agus Uimh 23 de 1927 )     ..     ..     ..     ..     ..

16,250

--

20

Chun Costas Ilghnéitheach áirithe lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe agus íocaíocht áirithe Cúitimh mar gheall ar Bhás nó Díobhála Pearsanta

16,280

--

21

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an tSoláthair; chun Páipéarachais, Clódóireachta, Páipéir, Ceangailteoireachta, agus Leabhar Clóbhuailte i gcóir na Seirbhíse Poiblí; agus chun Iltseirbhísí Ilghnéitheacha, lena n-áirítear Tuairiscí Díospóireacht an Oireachtais     ..     ..

203,780

52,528

22

Chun Tuarastal agus Costas na Luachála Ginearálta agus na Suirbhéireachta Teorann (15 & 16 Vict., c. 63; 17 Vict., c. 8 agus c. 17; 20 & 21 Vict., c. 45; 22 & 23 Vict., c. 8; 23 Vict., c. 4; 27 & 28 Vict., c. 52; 37 & 38 Vict., c. 70; 61 & 62 Vict., c. 37; Uimh. 19 de 1923 ; Uimh. 3 de 1927 ; Uimh. 27 de 1930 ; Uimha. 27, 47 agus 55 de 1931; Uimh. 19 de 1932 ; Uimh. 28 de 1937 ; Uimh. 21 de 1939 ; agus Uimh. 8 de 1940 ; an tOrdú Rialtais Áitiúil (Achtacháin a Oiriúnú agus a Chur i mBaint), 1925); lena n-áirítear Luacháil Dleacht Eastáit (10 Edw. 7, c. 8), etc.     ..     ..     ..

45,600

7,095

23

Chun Tuarastal agus Costas na Suirbhéireachta Ordonáis agus MiontSeirbhísi, lena n-áirítear Macasamhla de Láimhscríbhinní Seanda a dhéanamh     ..     ..     ..     ..     ..

45,020

3,750

24

Chun an Deontas d'Údaráis Áitiúla i gcóir Faoisimh maidir le Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta a mhéadú ( Uimh. 35 de 1925 , Uimh. 28 de 1931 , Uimh. 23 de 1939 , agus Uimh. 36 de 1946 )     ..     ..

2,550,989

--

25

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an Ard-Aighne, etc., agus chun Costas Inchúiseamh Coiriúla agus Dlí-Mhuirear eile, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair do Chostais áirithe is iníochta as Rátaí Áitiúla do réir Reachta     ..     ..

94,600

3,900

26

Chun Deontas d'Ollscola agus do Choláistí (8 Edw. 7, c. 38; Uimh. 42 de 1923 ; Uimh. 32 de 1926 ; Uimh. 35 de 1929 ; agus Uimh. 27 de 1934 ), lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe     ..     ..

333,274

--

27

Chun Iocaíochta leis an gCuntas Suncála Pinsean ( Uimh. 29 de 1935 ), le Ciste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaithe ( Uimh. 22 de 1946 ); agus chun Liúntais in Earraí a chur ar fáil

962,500

--

( Uimh. 22 de 1946 ).    ..     ..     ..

962,500

--

28

Chun Deontas d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Atha Cliath ( Uimh. 13 de 1940 )     ..     ..     ..     ..     ..

53,810

--

29

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Thalmhaíochta, agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áiritear Ildeontais-i-gCabhair     ..

1,828,042

317,136

30

Chun Cúnamh Airgid i leith Toradh Talamhaíochta, etc.     ..     ..     ..     ..

2,065,000

--

31

Chun Tuarastal agus Costas i dtaobh Iascach Mara agus Intíre, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair     ..     ..     ..

54,910

23,772

32

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Dlí agus Círt     ..     ..     ..     ..

65,230

--

33

Chun Tuarastal agus Costas an Gharda Shíochána ( Uimh. 7 de 1925 , Uimh. 10 de 1926 , Uimh. 5 de 1937 , Uimh. 19 de 1941 , Uimha. 1 agus 17 de 1945); agus chun íocaíocht cúitimh agus costas eile i leith seirbhíse sna Caomhnóirí Áitiúla ( Uimh. 19 de 1946 )     ..     ..     ..

2,889,320

42,073

34

Chun Costas Príosún, an Fhorais Borstal, agus Cothabhála na nGealt Coiriúla a coinnítear in Ospidéil Mheabhair-Ghalar Cheantair (17 & 18 Vict., c. 76; 34 & 35 Vict. c. 112, alt 6; 40 & 41 Vict., c. 49; 47 & 48 Vict., c. 36; 61 & 62 Vict., c. 60; 1 Edw. 7, c. 17, alt 3; 8 Edw. 7, c. 59; agus 4 & 5 Geo. 5, c. 58)     ..     ..

154,850

19,806

35

Chun na dTuarastal agus na gCostas sin de chuid na Cúirte Dúiche nach muirear ar an bPríomh-Chiste (7 Edw. 7, c. 17, alt 3; Uimh. 27 de 1926 , ailt 49, 50 agus 66; Uimh. 15 de 1928 , alt 13; Uimh. 48 de 1936 , ailt 51 agus 77; agus Uimh. 21 de 1946 ) agus Chun Deontais Ceanntsraithe     ..     ..

59,750

--

36

Chun Tuarastal, Liúntas agus Costas Oifigeach Cúirte Cuarda, Leas-Bhreithiún Cuarda, Sirriam agus Fo-Shirriam; Costas Taistil Breithiún Cuarda; agus na gCostas a bhaineas le Liostaí Vótálaithe agus Giúróirí a Athscrúdú ( Uimh. 27 de 1926 , etc.)     ..     ..     ..     ..

85,480

28,220

37

Chun na dTuarastal agus na gCostas sin de chuid na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte Breithiúnais nach muirear ar an bPríomh-Chiste ( Uimh. 27 de 1926 , Uimh. 48 de 1936 , agus Uimh. 25 de 1945 )     ..     ..     ..     ..     ..

70,790

260

38

Chun Tuarastal agus Costas Iris-Oifig na Talún (40 & 41 Vict., c. 57; 54 & 55 Vict., c. 66; Uimh. 10 de 1924 , alt 102; agus Uimh. 26 de 1942 , alt 22); agus Iris-Oifig na nDintiúirí (2 & 3 Will. 4, c. 87; 27 & 28 Vict., c. 76; 38 & 39 Vict., c. 5; agus 46 & 47 Vict., c. 20)     ..

64,140

--

39

Chun Tuarastal agus Costas Oifig na nAnnálacha Poiblí agus Coimeádaí na Stát-Pháipéar, Baile Atha Cliath (30 & 31 Vict., c. 70; 38 & 39 Vict., c. 59 agus 39 & 40 Vict., c. 58); agus chun Scríbhinní Stairiúla, etc., a cheannach

6,990

--

40

Chun Tuarastal agus Costas Oifig na dTabhartas agus na dTiomanta Déirciúla (7 & 8 Vict., c. 97, ailt 7 agus 8; 30 & 31 Vict., c. 54, alt 24; agus 34 & 35 Vict., c. 102)     ..     ..     ..

4,480

48

41

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla agus Costais eile i dtaobh Tógáil Tithe, Ildeontais Ilghnéitheacha agus Deontais-i-gCabhair

828,180

31,327

42

Chun Tuarastal agus Costas Oifig Ard-Chláraitheora na mBeireatas, etc. (7 & 8 Vict., c. 81, alt 54; 26 Vict., c. 11, alt 9 agus c. 27; 26 & 27 Vict., c. 52, alt 11 agus c. 90, alt. 20; 42 & 43 Vict., c. 70; agus 43 & 44 Vict., c. 13)     ..     ..

16,310

8,000

43

Chun Costas Cothabhála Gealt Coiriúla i nGealtlainn Dúndroma (8 & 9 Vict., c. 107)     ..     ..     ..     ..     ..

23,280

1,303

44

Chun Deontas-i-gCabhair áirithe don Chiste Arachais Sláinte Náisiúnta agus chun íocaíocht eile faoi na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1947, agus faoin Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Uimh. 22 de 1946) , agus chun Deontas áirithe eile     ..     ..     ..     ..

804,000

--

45

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Oideachais     ..     ..     ..     ..

260,950

74

46

Chun Bun-Oideachais, lena n-áirítear Aoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta agus Deontas-i-gCabhair, etc.     ..     ..

5,159,400

97,681

47

Chun Meán-Oideachais, lena n-áirítear Deontas Tuarastal na Múinteoirí, Deontas Ceanntsraithe, Breis-Thuarastal do Mhúinteoirí Meán-Scoile agus Deontas do Chiste Pinsin na Meán-Mhúinteoirí     ..     ..     ..     ..     ..

827,880

39,925

48

Chun Iocaíocht faoi na hAchta Gairm-Oideachais, 1930 go 1947, agus chun críocha eile i dtaobh Ceard-oideachais

572,770

32,850

agus Oideachais Leanúnaigh     ..     ..

49

Chun Tuarastal agus Costas na bhForas Eolaíochta agus Ealaíon, chun Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachais agus Cultúir, chun Cuimhneacháin Céad Blian Thomáis Dáibhis agus Ghluaiseacht na nEireannach Og, agus Ildeontais-igCabhair     ..     ..     ..     ..

90,940

6,250

50

Chun Costas i dtaobh Scol Ceartúcháin agus Scol Saothair, lena n-áirítear Aiteanna Coinneála (8 Edw. 7, c. 67; Uimh. 17 de 1926 ; Uimh. 12 de 1941 ; etc.)     ..     ..     ..     ..     ..

169,190

8,753

51

Chun Tuarastal agus Costas na Dánlainne Náisiúnta lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair     ..     ..     ..     ..

8,010

--

52

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Thailte agus Oifig Choimisiún Talún na hÉireann (44 & 45 Vict., c. 49, alt 46, agus c. 71, alt 4; 48 & 49 Vict., c. 73, ailt 17, 18 agus 20; 54 & 55 Vict., c. 48; 3 Edw. 7, c. 37; 7 Edw. 7, c. 38 agus c. 56; 9 Edw. 7, c. 42; Uimha. 27 agus 42 de 1923; Uimh. 25 de 1925 ; Uimh. 11 de 1926 ; Uimh. 19 de 1927 ; Uimh. 31 de 1929 ; Uimh. 11 de 1931 ; Uimha. 33 agus 38 de 1933; Uimh. 11 de 1934 ; Uimh. 41 de 1936 ; Uimh. 26 de 1939 ; agus Uimh. 12 de 1946 )     ..

1,420,150

132,700

53

Chun Tuarastal agus Costas i dtaobh Foraoiseachta ( Uimh. 13 de 1946 ), lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe

312,520

56,642

54

Chun Tuarastal agus Costas i dtaobh Seirbhísí na Gaeltachta, lena n-áirítear Deontais um Thógáil Tithe agus ceannach agus díol Bréidíní Baile     ..     ..

96,360

280,032

55

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Thionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin agus íocaíocht Chúnamh áirithe airgid agus Ildeontas-i-gCabhair

4,921,670

2,600

56

Chun Seirbhísí Eitlíochta agus Meteoraíochta     ..     ..     ..     ..     ..

1,435,480

180,595

57

Chun Liúntas Leanaí ( Uimh. 2 de 1944 ) agus Uimh. 8 de 1946 )     ..     ..

2,197,700

--

58

Chun Seirbhísí áirithe Iompair agus chun Tuarastal agus Costas na Muir-Sheirbhíse na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1939, agus an tAcht Imeall Trá, 1933 (Uimh. 12 de 1933) ]; chun íocaíochta áirithe Cúitimh, lena n-áirítear costas cóireála leighis ( Uimh. 19 de 1946 ); agus chun íocaíocht chun Fearas Cosanta áirithe do Longa a chur ar fáil     ..     ..     ..     ..     ..

137,400

9,608

59

Chun Costas i dtaobh Arachais Dífhostaíochta (lena n-áirítear Ranníoca leis an gCiste Dífhostaíochta agus costas Iorlíonta), i dtaobh Cúnaimh Dhífhostaíochta, (lena n-áiritear costas forlionta agus liúntas), an Chláir Speisialta d'Oibrithe Talmhaíochta agus Móna, agus Arachais in aghaidh Breac-Dhífhostaíochta, agus chun Costas i dtaobh Lucht Oibre d'obair Fhómhair a chur ar fáil (9 Edw. 7, c. 7; 10 & 11 Geo. 5. c. 30; 11 Geo. 5, c. 1; 11 & 12 Geo. 5, c. 15; 12 Geo. 5, c. 7; Uimh. 17 de 1923 ; Uimha. 26 agus 59 de 1924; Uimh. 21 de 1926 ; Uimh. 33 de 1930 ; Uimha. 44 agus 46 de 1933; Uimh. 38 de 1935 ; Uimh. 2 de 1938 ; Uimh. 4 de 1940 ; Uimh. 3 de 1941 ; Uimh. 7 de 1942 ; Uimh 20 de 1943 ; Uimh. 23 de 1945 ; Uimh. 22 de 1946 , agus Uimh. 37 de 1947 )     ..     ..     ..

1,372,840

735,010

60

Chun Tuarastal agus Costas na hOifige Cláraitheachta Maoinc Tionscail agus Tráchtála ( Uimh. 16 de 1927 agus Uimh. 13 de 1929 )     ..     ..     ..     ..

17,330

--

61

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Phoist agus Telegrafa (45 & 46 Vict., c. 74; 8 Edw. 7, c. 48; 1 & 2 Geo. 5, c. 26; na hAchta Telegrafa, 1863 go 1928; Uimh. 14 de 1940 (ailt 30 agus 31); Uimh. 14 de 1942 (alt 23); etc.) agus Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin     ..     ..     ..

4,355,500

225,001

62

Chun Tuarastal agus Costas eile i dtaobh Forleatha Neamhshreangaigh ( Uimh. 45 de 1926 ), lena n-áirítear Ceolchuirmeacha Poiblí     ..     ..     ..     ..

327,085

--

63

Chun na bhFórsaí Cosanta (lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe) faoi na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), agus chun Costas áirithe riaracháin ina dtaobh sin; chun Costas áirithe faoi na h Achta um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 agus 1940 ( Uimh. 13 de 1939 agus Uimh. 2 de 1940 ) agus faoi na h Achta um Réamhchúram in aghaidh Aer-Ruathar, 1939 agus 1946 ( Uimh. 21 de 1939 agus Uimh. 28 de 1946 ); chun Costas i dtaobh Boinn a thabhairt amach, etc.; agus chun Costas an Bhúró Staire Míleata     ..

4,419,390

210,775

64

Chun Pinsean Créachta agus Eagamais, Pinsean Breise agus Pinsean Fear Pósta, Liúntas agus Aiscí ( Uimh. 26 de 1923 , Uimh. 12 de 1927 , Uimh. 24 de 1932 , Uimh. 15 de 1937 , Uimh. 2 de 1941 , Uimh. 14 de 1943 , agus Uimh. 3 de 1946 ); Pinsean, Liúntas agus Aiscí Seirbhisí Míleata ( Uimh. 48 de 1924 , Uimh. 26 de 1932 , Uimh. 43 de 1934 , Uimh. 33 de 1938 , Uimh. 5 de 1944 , agus Uimha. 11 agus 34 de 1945); Pinsean, Liúntas agus Aiscí ( Uimh. 37 de 1936 ); Iocaíocht i leith Cúitimh do Chomhaltaí den Fhórsa Cosanta Áitiúil Uimh. 19 de 1946 ); agus chun Ranníoc agus Costas iolartha ina dtaobh sin, etc.

757,800

--

65

Chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Ghnóthaí Eachtracha agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin ( Uimh 16 de 1924 lena n-áirítear Deontas-i gCabhair     ..     ..     ..

161,750

66

Chun Tuarasta agus Costas Oifige an Aire Leas Shóisialaigh     ..     ..

671,330

89,618

67

Chun Iltseirbhísí Ilghnéitheacha Leasa Shóisialaigh lena n-áirítear Deontais     ..

371,500

--

69

Chun Cúitimh agus locaíocht eile alos Díobhál do Mhaoin arna ndéanamh de dheasca bomaí a scaoileadh anuas ó aerárthaí coigríche agus teagmhais den tsamhail chéanna le linn an Stát a bheith gan bheith páirteach gcogadh Uimh 24 de 1941      ..     ..

14,500

--

70

Chun Cúitimh agus Iocaíocht eile alos Díobhál Pearsanta arna ndéanamh do dhaoine, ar shlí seachas mar chomhaltaí de Sheirbhísí Stáit, de dheasca bomaí a scaoileadh anuas ó aerárthaí coigríche agus teagmhais den tsamhail chéanna le linn an Stát a bheith gan bheith páirteach i gcogadh ( Uimh. 19 de 1946 )

2,500

--

71

Chun Tuarastal agus Costas Oifige an Aire Shláinte, agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla, Deontais Ilghnéitheacha agus Deontais-i-gCabhair agus muirir áirithe maidir le hOspidéil     ..     ..     ..     ..     ..

616,350

1,555

72

Chun Fóirthin ar Ghátar san Eoraip dedheasca Cogaidh     ..     ..     ..

1,500,000

--

73

Chun Suimeanna a hAirleacadh faoin Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) ( Uimh. 5 de 1939 , alt 10) a aisíoc leis an bPríomh-Chiste     ..     ..     ..     ..     ..

5,943

--

Iomlan Coda II          ..

£55,762,963

£2,817,259

Iomlan Sceidil (B)     ..

£58,443,785

£2,953,978

* Easnamh.

* Easnamh.