|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 30 de 1947. | ||
[EN] |
AN tACHT UM CHÚITEAMH STÁT-SHEIRBHÍSE (OIFIGIGH AISTRITHE) (LEASÚ), 1947. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM CHÚITEAMH STÁT-SHEIRBHÍSE (OIFIGIGH AISTRITHE), 1929 . | ||
[26ú Samhain, 1947.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | Na Rialacháin bhónais. |
ciallaíonn an abairt “na Rialacháin bhónais” na Rialacháin Stát-Sheirbhíse (Bónas a Dhéanamh Seasmhach), 1940 go 1945; |
[EN] | Ordú 1940. |
ciallaíonn an abairt “Ordú 1940” an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 30), 1940 (R. & O.R., Uimh. 176 de 1940); |
[EN] | An Príomh-Acht. |
ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929 (Uimh. 36 de 1929) , |
Rialacháin 1947. |
ciallaíonn an abairt “Rialacháin 1947” na Rialacháin Stát-Sheirbhíse (Luach Saothair), 1947 (R. & O.R., Uimh. 182 de 1947); | |
na hAchta Aoisliúntas. |
ciallaíonn an abairt “na hAchta Aoisliúntas” na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1947. | |
oifigeach aistrithe. |
tá leis an abairt “oifigeach aistrithe” an bhrí atá léi sa Phríomh-Acht. | |
[EN] |
Srian le hoibriú ailt 14 den Phríomh-Acht. |
2. —Chun críocha an Phríomh-Achta, aon athrú a rinneadh ar choinníollacha fostaíochta Stát-Sheirbhíseach trí aon ní nó nithe acu seo a leanas, is é sin le rá:— |
[EN] | (a) oibriú Orduithe 1940, | |
[EN] | (b) oibriú, na Rialachán bónais, | |
[EN] | (c) oibriú Rialachán 1947, | |
[EN] | (d) an méadú, sa tréimhse dar thosach an 26ú lá de Bhealtaine 1941, agus dar chríoch an 12ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946, ar uaire oibre Stát-Sheirbhíseach, | |
[EN] | ní bheidh sé ná ní raibh riamh— | |
[EN] | (i) ina athrú trína ndearnadh staid oifigigh aistrithe d'athrú go mór chun dochair dó do réir bhrí fo-ailt (2) d'alt 14 den Phríomh-Acht, ná | |
[EN] | (ii) ina athrú trína ndearnadh staid oifigigh aistrithe i ngrád nó i bpost áirithe d'athrú go mór chun dochair dó do réir bhrí fo-ailt (3) den alt sin 14. | |
[EN] |
Srianta le héilithe ar chúiteamh i leith dámhachtan faoi na hAchta Aoisliúntas. |
3. —(1) Ní luífidh aon éileamh ar chúiteamh faoin bPríomh-Acht i leith aon dámhachtana a tugadh, faoi na hAchta Aoisliúntas, d'oifigeach aistrithe nó ina leith má rinneadh difir do mhéid na dámhachtana sin— |
[EN] | (a) trí oibriú na Rialachán bónais, nó | |
[EN] | (b) trí aon choigeartú a rinneadh ar an dámhachtain de bhun an Orduithe Chumhachta Práinne (Uimh. 354), 1945 (R. & O.R., Uimh. 29 de 1945 ), nó de bhun an Achta Aoisliúntas, 1947 . | |
[EN] | (2) Ní luífidh aon éileamh ar chúiteamh faoin bPríomh-Acht i leith aon dámhachtana a tugadh, faoi na hAchta Aoisliúntas, d'oifigeach aistrithe nó ina leith agus a bunaíodh ar luach saothair nár lú ná an luach saothair dá bhforáltar agus ag á bhfuil feidhm faoi Rialacháin, 1947. | |
[EN] | (3) Ní luífidh aon éileamh, arna bhunú ar oibriú Orduithe 1940, ar chúiteamh faoin bPríomh-Acht, i leith aon dámhachtana a tugadh, faoi na hAchta Aoisliúntas, d'oifigeach aistrithe nó ina leith. | |
[EN] |
Feidhm a bheith ag an Acht seo maidir le halt 14 den Phríomh-Acht. |
4. —Ní léireofar an tAcht seo mar ní a dhéanas aon athrú den tsaghas a luaitear in alt 14 den Phríomh-Acht ar choinníollacha fostaíochta oifigigh aistrithe. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
5. —(1) Féadfar an tAcht um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe) (Leasú), 1947 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe) (Leasú), 1929 go 1947, a ghairm de na h Achta um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929 agus 1930, agus den Acht seo le chéile. |