49 1947


Uimhir 49 de 1947.


AN tACHT GORLANNA ÉANLAITHE CLÓIS, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN GORLANNA ÉANLAITHE CLÓIS A RIALÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE (AR A nÁIRÍTEAR TÁILLÍ D'ÉILEAMH AR CHEADÚNAIS AGUS DOICIMÉIDÍ EILE ÁIRITHE) A BHAINEAS LEIS SIN. [29ú Nollaig, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Gorlanna Eanlaithe Clóis, 1947 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá nó laethe a ceapfar chuige sin le haon ordú nó orduithe ón Aire, go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethe éagsúla a cheapadh amhlaidh do chríocha agus forála éagsúla den Acht seo.

Léiriú.

3. —San Acht seo—

feirm ubh-sholáthair formheasta.

ciallaíonn an abairt “feirm ubh-sholáthair formheasta” feirm ubh-sholáthair a bheas formheasta de thuras na huaire faoi Alt 13 den Acht seo agus léireofar an focal “formheas” dá réir sin;

uibheacha.

ciallaíonn an focal “uibheacha” uibheacha éanlaithe clóis;

feirm ubhsholáthair.

ciallaíonn an abairt “feirm ubh-sholáthair” aon áitreabh ina dtáirgtear uibheacha le haghaidh goir;

cigire.

ciallaíonn an focal “cigire” duine arna údarú faoi fho-alt (1) d'alt 19 den Acht seo;

gorlann canlaithe clóis éheadúnaithe.

ciallaíonn an abairt “gorlann éanlaithe clóis cheadúnaithe” gorlann éanlaithe clóis a bheas ceadúnaithe de thuras na huaire faoin Acht seo;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

éanlaithe clóis.

ciallaíonn an abairt “éanlaithe clóis” éanlaithe tí d'aon chineál acu seo a leanas, cearca, lachain, géanna, turcaithe, cearca giní agus piasúin;

gorlann éanlaithe clóis.

ciallaíonn an abairt “gorlann éanlaithe clóis” aon áitreabh chun uibheacha a ghor go saorga;

ceadúnas gorlainne éanlaithe clóis.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas gorlainne éanlaithe clóis” ceadúnas, arna dheonadh faoi fho-alt (1) d'alt 9 den Acht seo, a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire;

ordaithe.

ciallaíonn an focal “ordaithe” ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

cead sealadach.

ciallaíonn an abairt “cead sealadach” cead sealadach, arna dheonadh faoi fho-alt (1) d'alt 16 den Acht seo, a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire.

Inchúiseamh i gcionta.

4. —Féadfaidh an tAire inchúiseamh a dhéanamh i gcion faoi aon alt den Acht seo.

Rialacháin a leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

5. —Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má déanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán arna neamhniú dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Costais.

6. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Táillí.

7. —(1) Beidh pé táille (más ann) a cheapfas an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, ina leith sin iníoctha leis an Aire as ceadúnas gorlainne éanlaithe clóis, as feirm ubh-sholáthair d'fhormheas nó as cead sealadach.

(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir leis na táillí uile a híocfar leis an Aire faoin alt seo—

(a) is in airgead a baileofar na táillí sin agus glacfar iad i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir ordachán an Aire Airgeadais;

(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin.

CUID II.

Gorlanna Eanlaithe Clois.

Toirmeasc ar ghorlanna éanlaithe clóis d'oibriú.

8. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, ní oibreoidh duine ar bith gorlann éanlaithe clóis ach amháin faoi réim agus do réir ceadúnais ghorlainne éanlaithe clóis.

(2) Féadfaidh an tAire a dhearbhú, le rialacháin, gorlanna éanlaithe clóis d'aicme a míneofar sna rialacháin a bheith eiscithe ó fho-alt (1) den alt seo agus, faid a bheas na rialacháin i bhfeidhm, ní bhainfidh an fo-alt sin le gorlann éanlaithe clóis den aicme sin.

(3) Gach duine a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná fiche punt in aghaidh gach lae a leanfar den tsárú sin.

Ceadúnais ghorlainne éanlaithe clóis.

9. —(1) Féadfaidh an tAire, as a chomhairle féin, ceadúnas a dheonadh nó diúltú do cheadúnas a dheonadh do dhuine ar bith le haghaidh gorlainne éanlaithe clóis.

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham pé coinníollacha is cuí leis a chur le ceadúnas gorlainne éanlaithe clóis, agus féadfaidh aon choinníoll a chúlghairm nó a leasú.

(3) Mura ndéana sealbhóir ceadúnais ghorlainne éanlaithe clóis coinníoll a bheas ag gabháil leis an gceadúnas a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Ceadúnais a chúlghairm.

10. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire, as a chomhairle féin, ceadúnas gorlainne éanlaithe clóis a chúlghairm.

(2) Bhéarfaidh an tAire do shealbhóir ceadúnais fógra go bhfuil ar intinn aige an ceadúnas a chúlghairm agus, má dhéanann an sealbhóir uiríolla a chur faoina bhráid laistigh de sheacht lá, breithneoidh sé na huiríolla sin.

Srian le huibheacha d'úsáid le haghaidh goir.

11. —(1) Ní dhéanfaidh sealbhóir ceadúnais ghorlainne éanlaithe clóis aon uibheacha d'úsáid le haghaidh goir ina ghorlann éanlaithe clóis ach amháin uibheacha—

(a) a táirgeadh agus a fuair sé ó fheirm ubh-sholáthair is feirm ubh-sholáthair formheasta nó is feirm ubhsholáthair a mbeidh cead sealadach i bhfeidhm ina leith, nó

(b) d'allmhuirigh sé, le ceadú an Aire, le haghaidh goir.

(2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

CUID III.

Uibheacha a Sholathar do Ghorlanna Eanlaithe Clois Ceadunaithe.

Feirmeacha ubh-sholáthair formheasta.

Srian le huibheacha a sholáthar do ghorlanna éanlaithe clóis ceadúnaithe.

12. —(1) Ach amháin sa chás dá bhforáltar le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 11 den Acht seo, ní dhéanfaidh duine ar bith seachas únaer feirme ubh-sholáthair formheasta uibheacha a sholáthar do ghorlann éanlaithe clóis cheadúnaithe.

(2) Ní dhéanfaidh únaer feirme ubh-sholáthair formheasta aon uibheacha a sholáthar do ghorlann éanlaithe clóis cheadúnaithe ach uibheacha a táirgeadh ar an bhfeirm sin.

(3) Gach duine a shárós fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Feirmeacha ubh-sholáthair formheasta.

13. —(1) Féadfaidh an tAire, as a chomhairle féin, feirm ubhsholáthair d'fhormheas nó diúltú í d'fhormheas.

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham pé coinníollacha is cuí leis a chur le formheas feirme ubh-sholáthair, agus féadfaidh aon choinníoll a chúlghairm nó a leasú.

(3) Mura gcomhlíona únaer feirme ubh-sholáthair formheasta coinníoll a bheas ag gabháil le formheas an Aire, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

An tAire do tharraingt formheasa siar.

14. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire, as a chomhairle féin, a fhormheas ar fheirm ubh-sholáthair a tharraingt siar.

(2) Bhéarfaidh an tAire d'únaer na feirme ubh-sholáthair fógra go bhfuil ar intinn aige a fhormheas a tharraingt siar agus, má chuireann an t-únaer uiríolla faoina bhráid laistigh de sheacht lá, breithneoidh sé na huiríolla sin.

Ceada sealadacha d'fheirmeacha ubh-sholáthair.

Srian sealadach le huibheacha a sholáthar do ghorlanna éanlaithe clóis ceadúnaithe.

15. —(1) Ach amháin sa chás dá bhforáltar le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 11 den Acht seo, ní dhéanfaidh duine ar bith seachas sealbhóir ceada shealadaigh uibheacha a sholáthar, roimh thosach feidhme ailt 12 den Acht seo, do ghorlann éanlaithe clóis cheadúnaithe.

(2) Ní dhéanfaidh sealbhóir ceada shealadaigh aon uibheacha sholáthar do ghorlann éanlaithe clóis cheadúnaithe ach amháin aibheacha a táirgeadh ar an bhfeirm ubh-sholáthair lena mbainfiudh an cead.

(3) Gach duine a shárós fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Ceada sealadacha d'fheirmeacha ubh-sholáthair.

16. —(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith roimh thosach feidhme ailt 12 den Acht seo, as a chomhairle féin, cead sealadach a dheonadh do dhuine le haghaidh feirme ubh-sholáthair nó diúltú é a dheonadh.

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham pé coinníollacha is cuí leis a chur le cead sealadach, agus féadfaidh aon choinníoll a chúlghairm nó a leasú.

(3) Mura gcomhlíona sealbhóir ceada shealadaigh coinníoll a bheas ag gabháil leis an gcead, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Ceada sealadacha a scor.

17. —Scoirfidh cead sealadach de bheith i bhfeidhm ar thosach feidhme ailt 12 den Acht seo.

Ceada sealadacha a chúlghairm.

18. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire, as a chomhairle féin, cead sealadach a chúlghairm.

(2) Bhéarfaidh an tAire do shealbhóir ceada shealadaigh fógra go bhfuil ar intinn aige an cead sealadach a chúlghairm agus, má dhéanann an sealbhóir uiríolla a chur faoina bhráid laistigh de sheacht lá, breithneoidh sé na huiríolla sin.

CUID IV.

Ilghneitheach.

Cigirí.

19. —(1) Féadfaidh an tAire daoine d'údarú chun bheith ina gcigirí chun críocha an Achta seo.

(2) Bhéarfaidh an tAire deimhniú do chigire á dheimhniú gur cigire é agus, ag feidhmiú aon chumhachta dhó dá dtugtar leis an Acht seo, bhéarfaidh cigire an deimhniú sin ar aird do dhuine ar bith lena mbainfidh, ar an duine sin dá iarraidh sin.

Taifid.

20. —(1) Coimeádfaidh sealbhóir ceadúnais ghorlainne éanlaithe clóis nó ceada shealadaigh agus únaer feirme ubh-sholáthair formheasta na taifid ordaithe sa bhfoirm ordaithe, agus déanfaidh na hiontrála ordaithe a chur i ngach taifead den tsórt sin na trátha ordaithe nó laistigh de na trátha ordaithe.

(2) Féadfaidh cigire gach taifead a coimeádfar de bhun an ailt seo d'iniúchadh gach tráth réasúnach, agus beidh de dhualgas ar an duine dá ndlitear an taifead a choimeád faoin alt seo go dtabharfaidh ar aird chun a n-iniúchta, ar sin d'iarraidh air, an taifead agus gach forchuntas, nóta consíneachta, admháil agus doiciméid eile (lena n-áirítear cóipeanna dhíobh mura mbeidh na doiciméidí bunaidh ar fáil) a iarrfas an cigire do réir réasúin chun aon iontráil sa taifead d'fhíorú nó aon ní a fágadh ar lár as a mhíniú.

(3) Duine ar bith—

(a) ná coimeádfaidh an taifead a ceangaltar air leis an alt seo a choimeád, nó

(b) ná déanfaidh, laistigh den tréimhse ordaithe, aon iontráil a chur sa taifead sin a ceangaltar air leis an alt seo a chur ann, nó

(c) ná tabharfaidh ar aird chun a iniúchta ag cigire, ar sin d'iarraidh air, aon taifead, doiciméid nó cóip de dhoiciméid a ceangaltar air leis an alt seo a thabhairt ar aird, nó

(d) a dhéanfas, go toiliúil nó go faillíoch, aon iontráil a bheas bréagach nó míthreorach in aon phonc abhartha a chur sa taifead sin,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Cumhacht chigirí chun dul isteach in áitreabh, etc.

21. —(1) Féadfaidh cigire dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh gach tráth réasúnach ar aon áitreabh a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint gur gorlann éanlaithe clóis nó feirm ubh-sholáthair nó áitreabh ina ndéantar gor saorga é.

(2) Duine a bhacfas nó a choiscfeas cigire agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar leis an alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Rialacháin ghinearálta.

22. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag foráil d'aon ní nó do gach ní acu seo a leanas—

(a) aon ní dá dtagartar san Acht seo mar ní ordaithe;

(b) na foirmeacha a bheas le húsáid, na sonraí a bheas le tabhairt agus an nós imeachta a bheas le leanúint chun ceadúnais ghorlainne éanlaithe clóis, ceada sealadacha agus formheas feirmeacha ubh-soláthair d'iarraidh;

(c) rialú a dhéanamh ar oibriú gorlanna éanlaithe clóis agus feirmeacha ubh-soláthair is feirmeacha ubhsholáthair formheasta nó is feirmeacha ubh-sholáthair a mbeidh ceada sealadacha i bhfeidhm ina leith.