|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 6 de 1948. | ||
[EN] |
AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1948. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE A CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A hOCHT CEATHRACHAD, AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A NAOI CEATHRACHAD. | ||
[18ú Márta, 1948.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
£1,995,859 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1948. |
1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Milliúin Naoi gCéad agus Cúig Mhíle Nóchad Ocht gCéad agus Naoi bPuint Chaogad d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad a hocht ceathrachad. |
[EN] |
£24,143,298 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1949. |
2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Cheithre Mhilliún Fichead Céad agus Trí Mhíle Ceathrachad Dhá Chéad agus Ocht bPuint Nóchad d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad a naoi ceathrachad. |
[EN] |
Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £26,139,157 d'fháil ar iasacht. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Sé Mhilliún Fichead Céad agus Naoi Míle Tríochad Céad agus Seacht bPuint Chaogad d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan chun an Aire Airgeadais agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis. |
[EN] | (2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear bunairgid agus úis aon urrús a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na n-urrús sin d'eisiúint. | |
[EN] | (3) Aon airgead a cruinneofar trí urrúis a heiseofar faoin Acht seo, cuirfear chun creidiúnais do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Príomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
4. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1948 , a ghairm den Acht seo. |