|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 16 de 1948. | ||
[EN] |
AN tACHT RÓD-CHISTE (AIRLEACAIN), 1948. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO SHÍNEADH NA TEORANN ATÁ LE MÉID IOMLÁN NA SUIMEANNA A hAIRLEACTAR LEIS AN RÓD-CHISTE FAOIN ACHT RÓD-CHISTE (AIRLEACAIN), 1926. [11ú Lúnasa, 1948.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
An teora atá le méid iomlán na suimeanna a hairleactar leis an Ród-Chiste faoin Acht Ród-Chiste, 1926, a shíneadh. |
1. —Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (2) d'alt 1 den Acht Ród-Chiste (Airleacain), 1926 (Uimh. 29 de 1926) :— |
[EN] | “ (2) Ní raghaidh méid iomlán na suimeanna a hairleacfar leis an Ród-Chiste faoin alt seo thar suim chúig mhilliún punt.” | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Ród-Chiste (Airleacain), 1948 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta Ród-Chiste (Airleacain), 1926 agus 1948, a ghairm den Acht Ród-Chiste (Airleacain), 1926 (Uimh. 29 de 1926) , agus den Acht seo le chéile. |