19 1948


Uimhir 19 de 1948.


AN tACT UM CHLÁRÚ BANALTRAN, 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'FHAIDIÚ TÉARMA OIFIGE REATHA COMHALTAÍ NA PRÍOMH-CHOMHAIRLE BANALTRAIS. [18ú Nollaig, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Faidiú an téarma oifige reatha.

1. —Déantar leis seo an téarma oifige atá á chaitheamh tráth an Achta seo a rith ag comhaltaí na Príomh-Chomhairle Banaltrais d'fhaidiú go dtí pé lá a shocrós an tAire Sláinte le hordú.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Chlárú Banaltran, 1948, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um Chlárú Banaltran, 1919 agus 1948, a ghairm den Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, agus den Acht seo le chéile.