|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 20 de 1948. | ||
[EN] |
AN tACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1948. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEATHNÚ AN ACHTA UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1946 . [21ú Nollaig, 1948.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
Feidhm ag an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 , maidir le 1949-1950. |
1. —Beidh feidhm ag an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 (Uimh. 36 de 1946) , maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1950. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1948 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na h Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1948, a ghairm de na h Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1947, agus den Acht seo le chéile. |