13 1949


Uimhir 13 of 1949.


AN tACHT AIRGEADAIS, 1949.

(An tiontó oifigiúil.)


ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHT ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁL I dTAOBH AIRGEADAIS. (12ú Iúil, 1949).

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:

CUID I.

Cain Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1949-50.

1. —(1) Muireófar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1949, do réir sé scillinge agus sé pingne sa phunt.

(2) Muirearófar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1949, ar ioncam aon duine ar mó ná míle agus chúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is dó réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dar thosach an 6ú lá d'Aibreán, 1948, a muirearófar amhlaidh í.

(3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht, maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muirearófar mar adúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1949, ag na forála ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm, an 5ú lá d'Aibreán, 1949, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Riail 4 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D a leasú.

2. —Beidh éifeacht ag Riail 4 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, arna leasú le halt 31 den Finance Act, 1920, amhail is dá ndéantaí i mír (1) di na focail ó thosach na míre go dtí an focal “paid,” sa tríú háit a bhfuil an focal sin, a scrios agus na focail seo a leanas a chur ina n-ionad:

“Where any company has paid corporation profits tax in respect of any accounting period, the amount so paid shall, in computing for purposes of income tax the profits or gains of the company, be allowed to be deducted as an expense incurred in that accounting period.”

An liúntas i leith caitheamh agus comailt sásra a leathnú.

3. —(1) Ar fud Rialach 6 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1944 (Uimh. 18 de 1944) ) agus Rialach 7 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, léireofar tagairtí do bhrabúis nó gnóthachain trádála mar thagairtí a fholaíos tagairtí do na brabúis nó na gnóthachain, pé acu faoi Sceideal D is inmheasúnuithe iad nó nach ea as gairm, fostaíocht, nó oifig, agus beidh feidhm agus éifeacht ag na Rialacha sin 6 agus 7 dá réir sin.

(2) Athghairmtear leis seo alt 5 den Acht Airgeadais, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

Alt 19 den Finance Act, 1920, a leasú.

4. —Forléireofar fo-alt (1) d'alt 19 den Finance Act, 1920 (a bhaineas le hasbhaintí i leith gaolta a ghlacas cúram leanaí baintrigh nó leanaí baintrí), agus beidh éifeacht aige, amhail is dá gcuirtí na focail “one hundred pounds” in ionad na bhfocal “forty-five pounds”.

Alt 20 den Finance Act, 1920, a leasú.

5. —Forléireofar alt 20 den Finance Act, 1920 (a bhaineas le hasbhaintí i leith máthar atá ina baintrigh, etc.), agus beidh éifeacht aige, amhail is dá gcuirtí na focail “one hundred pounds” in ionad na bhfocal “forty-five pounds”.

Alt 21 den Finance Act, 1920, a leasú.

6. —Forléireofar fo-alt (1) d'alt 21 den Finance Act, 1920 (a bhaineas le hasbhaintí i leith leanaí), agus beidh éifeacht aige, amhail is dá gcuirtí na focail “living at any time during the year of assessment” in ionad na bhfocal “living at the commencement of the year of assessment”.

Alt 22 den Finance Act, 1920, a leasú.

7. —Forléireofar fo-alt (1) d'alt 22 den Finance Act, 1920, arna leasú le halt 5 den Acht Airgeadais, 1944 ( Uimh. 18 de 1944 ) (a bhaineas le hasbhaintí i leith gaolta cleithiúnacha), agus beidh éifeacht aige, amhail is dá gcuirtí na focail “fifty pounds” in ionad na bhfocal “twenty-five pounds”.

Alt 2 den Acht Airgeadais, 1937, a leasú.

8. —Más rud é, trí mheáin d'aon tsórt (lena n-áirítear meáin neamhdhíreacha nó meáin is sreath oibríocht, agus pé acu roimh an Acht seo a rith a glacadh nó dá éis sin a glacfar iad) go dtioc faidh trádáil, a bhí á seoladh aon uair roimh ghlacadh na meán sin ag aon duine ina aonar nó i gcomhpháirtíocht, chun bheith ina trádáil atá á seoladh ag leanbh nó leanaí leis an duine sin nó i bhfoirm chomhpháirtíochta inar comhpháirtithe an duine sin agus leanbh nó leanaí leis an duine sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) is tuigthe chun críocha ailt 2 den Acht Airgeadais, 1937 (Uimh. 18 de 1937) , gur socraíocht, ar tuigthe gurb é an duine sin an socraitheoir ina leith, na meáin sin,

(b) is tuigthe, chun críocha an ailt sin 2, na brabúis nó na gnóthachain as an trádáil tar éis na meáin sin a ghlacadh, a mhéid a thiocfaid chun linbh nó leanaí leis an duine sin nó chun an duine sin agus leanbh nó leanaí leis an duine sin (do réir mar bheas), a bheith comhionann leis an ioncam a thiocfadh chun an duine sin dá mba nach nglacfaí na meáin sin, agus

(c) is tuigthe go bhfolaíonn an focal “ioncam”, sa chéad áit a bhfuil sé san alt sin 2, na brabúis nó na gnóthachain sin, a mhéid a thiocfaid chun linbh nó leanaí leis an duine sin.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo, folaíonn an focal “leanbh” leas-leanbh, ucht-leanbh agus leanbh neamhdhlisteanach.

(3) Is é méid d'ioncam duine as brabúis nó gnóthachain trádála ar tuigthe, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, gurb ioncam le duine eile é, i gcás an duine céad-luaite a bheith ag gabháil go gníomhach do sheoladh na trádála, ná méid iomlán an ioncaim sin lúide suim (dá ngairmtear an tsuim iomchuí i bhfo-alt (4) den alt seo) is ionann agus an méid a lamhálfaí nuair a bheadh na brabúis nó na gnóthachain sin á ríomh i leith an duine chéadluaite dá mba rud é, in ionad é a bheith ina dhuine a bhí ag gabháil do sheoladh na trádála, go mba dhuine é a bhí ar fostú ag duine nó daoine a bhí ag seoladh na trádála.

(4) Is tuigthe gur brabúis nó gnóthachain a thig chun an duine chéad-luaite dá dtagartar i bhfo-alt (3) den alt seo, as oifig nó fostaíocht do réir bhrí Sceidil E den Income Tax Act, 1918, an tsuim iomchuí.

CUID II.

Custaim agus Mal.

Scannán cinematagrafach.

9. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , amhail ar an 5ú lá de Bhealtaine, 1949, agus uaidh sin amach—

(a) trí na focail “scannáin nuachta ná” a chur isteach roimh na focail “scannán folamh gan pictiúir air” sa dá áit a bhfuil na focail deiridh sin, agus

(b) trí na focail “scannáin nuachta” a chur in ionad na bhfocal “scannáin a gcuirfear ina luí ar na Coimisinéirí Ioncaim gur cúrsaí nuachta is mó atá orthu”.

Deimhniú airm tine.

10. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “deimhniú airm tine” deimhniú airm tine arna dheonadh faoi Acht na nArm Tine, 1925 (Uimh. 17 de 1925) .

(2) Muirearófar, toibheofar agus íocfar do réir an ráta a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, in ionad an ráta a sonraíodh sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , an dleacht mháil i leith deimhnithe airm tine a forchuireadh le halt 40 den Acht Airgeadais, 1925, i gcás aon deimhnithe den tsórt sin a thiocfas bhfeidhm an lú lá de Lúnasa, 1949, nó dá éis.

Biotáille a húsáidtear chun biotáille mheithlithe chumhachta a dhéanamh.

11. —Scoirfidh an liúntas is iníoctha faoi alt 1 den Revenue Act, 1906, alt 11 den Finance Act, 1920, agus alt 15 den Finance Act, 1921, i leith biotáille a húsáidtear chun biotáille mheithlithe chumhachta a dhéanamh, de bheith iníoctha i leith biotáille a húsáidfear amhlaidh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1949, nó dá éis.

Dleacht shiamsa i leith ildamhsa nó rince.

12. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “dleacht shiamsa” an dleacht mháil dá dtagartar faoin ainm “entertainments duty” in alt 1, agus is inmhuirir faoi alt 1, den Finance (New Duties) Act, 1916, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

(2) Amhail ar an lú lá d'Iúil, 1949, agus uaidh sin amach, forléireofar alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, agus beidh éifeacht aige, amhail is dá bhfolaíodh an focal “entertainment”, mar mínítear é san alt sin, aon ildamhsa nó rince, agus muirearófar, toibheofar agus íocfar dleacht shiamsa, an lú lá d'Iúil, 1949, agus dá éis, ar gach íocaíocht as dul isteach go dtí aon ildamhsa nó siamsa, pé acu chun rince a dhéanamh nó chun bheith páirteach san ildamhsa nó sa rince sin nó chun féachaint air a raghfar isteach, agus muirearófar, toibheofar agus íocfar í mar adúradh do réir na rátaí seo a leanas:—

Má bhíonn an íocaíocht as dul isteach, gan dleacht d'áireamh,

An Ráta Dleachta

s.  d.

níos mó ná

4d.

gan bheith níos mó ná

6½d.

...

   ,,    ,,   ,,

6½d.

  ,,    ,,      ,,   ,,   ,,

8d.

...

2

   ,,    ,,   ,,

8d.

  ,,    ,,      ,,   ,,   ,,

1s.

0d.

...

3

   ,,    ,,   ,,

1s.

0d.

  ,,    ,,      ,,   ,,   ,,

1s.

8d.

...

4

   ,,    ,,   ,,

1s.

8d.

  ,,    ,,      ,,   ,,   ,,

2s.

0d.

...

6

   ,,    ,,   ,,

2s.

0d.

  ,,    ,,      ,,   ,,   ,,

3s.

0d.

...

9

   ,,    ,,   ,,

3s.

0d.

  ,,    ,,      ,,   ,,   ,,

4s.

0d.

...

1    0

   ,,    ,,   ,,

4s.

0d.

  ,,    ,,      ,,   ,,   ,,

...

...

Is, in aghaidh an chéad 4s. agus is. in aghaidh gach 4s. nó coda de 4s. sa bhreis.

(3) Athghairmtear leis seo, amhail ar an lú lá d'Iúil, 1949, agus uaidh sin amach, fo-alt (1) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ).

Saoirse ó dhleacht shíamsa.

13. —Ní déanfar dleacht shiamsa do réir bhrí agus is inmhuirir de bhun ailt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a mhuírearú ná a thobhach i leith aon tsiamsa a cuirfear ar siúl an lú lá de Mheitheamh, 1949, nó dá éis, in áit nach bhfuil in aon cheann, ná laistigh de thrí mhíle ó aon cheann, acu seo a leanas:

(a) contae-bhuirg nó buirg eile,

(b) ceantar uirbeach,

(c) baile ag a bhfuil coimisinéirí faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854,

(d) baile—

(i) dá ngairmtear baile sa daonáireamh is déanaí de thuras na huaire, agus

(ii) a bhfuil, do réir an daonáirimh sin, daonra is mó ná chúig chéad ann.

Fíon.

14. —Amhail ar an 5ú lá de Bhealtaine, 1949, agus uaidh sin amach, déanfar, i gcás fíona nach fíon drithleach, nadleachta custam ar fhíon a forchuireadh le halt 5 den Acht Airgeadais 1948 ( Uimh. 12 de 1948 ), a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc mar leanas in ionad a dhéanamh mar foráltar leis an alt sin, is é sin le rá:—

Fíon—

£

s.

d.

Nach bhfuil níos mó ná 25 gráid de bhiotáille phrofa ann     ..     ..     ..     ..

an galún

0

6

0

A bhfuil níos mó ná 25 gráid ach nach bhfuil níos mó ná 30 gráid de bhiotáille phrofa ann     ..     ..     ..     ..     ..

an galún

0

10

0

A bhfuil níos mó ná 30 gráid ach nach bhfuil níos mó ná 42 ghrád de bhiotáille phrofa ann     ..     ..     ..     ..     ..

an galún

1

4

0

Agus in aghaidh gach gráid nó codáin de ghrád thar an méid is airde a muirearaítear thuas, dleacht bhreise     ..     ..

an galún

0

2

0

Fíon nach bhfuil níos mó ná 25 gráid de bhiotáille phrofa ann sa bhuidéal, dleacht bhreise     ..     ..     ..     ..     ..

an galún

0

4

0

Fíon a bhfuil níos mó ná 25 gráid de bhiotáille phrofa ann sa bhuidéal, dleacht bhreise     ..     ..     ..     ..     ..

an galún

0

8

0

Rátaí fábhair dleacht custam ar thobac neamonaraithe.

15. —(1) I gcás tobac neamonaraithe, bainfidh forála ailt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachta a forchuireadh air le halt 20 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus amhail is dá mbeadh tobac neamonaraithe luaite ar leithligh sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhas leis an Finance Act, 1919, sin, agus go mbeadh na rátaí fábhair a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo sonraithe ina leith sa dara colún den Dara Sceideal sin a ghabhas leis an Finance Act, 1919.

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo d'ainneoin ailt 24 den Acht Airgeadais, 1924 (Uimh. 27 de 1924) , ach ní dhéanfaidh sé difir d'fho-alt (2) den alt sin.

Dleacht mháil ar thobac.

16. —(1) Déanfar an dleacht mháil a forchuireadh le halt 19 den Acht Airgeadais, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, in ionad na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1948 (Uimh. 12 de 1948) .

(2) Bainfidh fo-ailt (3) go (5) d'alt 19 den Acht Airgeadais, 1934, le tobac is inchurtha faoi mhuirear na dleachta máil a forchuireadh le fo-alt (1) den alt sin do réir ráta a sonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus chun críche na bainte sin, forléireofar tagairtí sna fo-ailt sin (3) go (5) den alt sin 19 do Chuid I den tSéú Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1934, sin, agus beidh éifeacht acu, mar thagairtí don Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Lacáiste dleacta i gcás íle udrocharbóin a húsáidtear i rollóirí bóthair.

17. —Déantar leis seo fo-alt (15) d'alt 21 den Acht Airgeadais, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , arna leasú le fo-alt (6) d'alt 8 den Acht Airgeadais, 1942 ( Uimh. 14 de 1942 ), a leasú tuilleadh trí na focail “ná rollóir bóthair” a chur isteach sa mhíniú ar “mótar-fheithicil” i ndiaidh na bhfocal “ach ní fholaíonn tarraingire bhíonn ceaptha agus déanta chun é d'ússid chun chrícheanna talmhaíochta”.

CUID III.

Dleachta Bais.

Alt 2 den Finance Act, 1894, a leasú.

18. —Leasaítear leis seo mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894 (is é sin an mhír a cuireadh isteach sa bhfo-alt sin le fo-alt (1) d'alt 32 den Acht Airgeadais, 1924 (Uimh. 27 de 1924) ), trí na focail “or, in the case of a gift for public or charitable purposes, at least one year before the death of the deceased,” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “at least three years before the death of the deceased,”.

Maolú ar fhorála an Achta Airgeadais, 1941 , maidir le ceannach blianacht, etc., ó ghaolta.

19. —Faoi réir forál an ailt seo, deonfar an faoiseamh a sonraítear ann más rud é, ar bhás duine a rinne maoin a dhiúscairt i bhfábhar gaoil dó nó i bhfábhar cuideachtan (dá ngairmtear an diúscairt anseo feasta), go mbeidh, nó go mbeadh, d'éagmais an ailt seo, aon dleacht eastáit iníoctha de bhuaidh ailt 31 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) (a bhaineas le blianachta nó leasa eile a cheannach ó ghaolta).

(2) Déanfar ar dtúis an tsuim a ríomh a mbeadh dleacht eastáit iníoctha uirthi, d'éagmais an ailt seo, ar an mbás a tharlachtain, i leith na maoine dob ábhar don diúscairt nó i leith na maoine atá faoi fhiach nó eíre a bhunaigh an t-éagach agus dob ábhar don diúscairt, pé acu sin é, agus, faoi réir na dteorann a foráltar le fo-alt (3) den alt seo, lamhálfar ansin mar asbhaint as an tsuim sin—

(a) an méid, más aon mhéid é, atá ag comhshuim na n-íocaíocht a rinneadh ar cuntas na blianachta nó an leasa eile, don tréimhse ón dáta a thosnaigh an bhlianacht nó an leas eile ar fhaibhriú i bhfábhar an éagaigh go dtí dáta a bháis, de bhreis ar chomhshuim an ioncaim a fuarthas ón éagach de bhuaidh na diúscartha don tréimhse ó dháta na diúscartha go dtí dáta a bháis; agus

(b) ús simplí ar pé cion, más aon chion é, den mhéid adúradh, agus in aghaidh pé tréimhse is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim a bheith cothrom in imthosca uile an cháis, do réir na rátaí is iníoctha ó am go ham i rith na tréimhse sin ar dhleachta báis i riaráiste.

Sa bhfo-alt seo ciallaíonn an abairt “comhshuim an ioncaim a fuarthas ón éagach de bhuaidh na diúscartha”—

(i) maidir leis an gcuid sin den mhaoin dob ábhar don diúscairt nach fiach ná eire a bhunaigh an t-éagach í, pé méid is dóigh leis na Coimisineirí Ioncaim, in imthosca uile an cháis, is ionann agus teacht isteach réasúnach ón maoin; agus

(ii) maidir leis an gcuid sin den mhaoin dob ábhar don diúscairt ar fiach nó eire a bhunaigh an t-éagach í, comhshuim an úis d'íoc an t-éagach nó dob iníoctha aige i leith an fhéich nó an eire sin.

(3) An méid a lamhálfar mar asbhaint faoi fho-alt (2) den alt seo, déanfar, sna himthosca a sonraítear i bhforála an Cheathrú Sceidil a ghabhas leis an Acht seo, teora a chur leis mar sonraítear sna forála sin faoi seach.

Sa Sceideal sin, tá leis an abairt “an diúscairt” an bhrí atá léi san alt seo, ciallaíonn an abairt “na híocaíochta i leith na blianachta” na híocaíochta a sonraítear i mir (a) d'fho-alt (2) den alt seo, agus ciallaíonn an abairt “an méid a lamhálfar” an méid a lamhálfar mar asbhaint faoin alt seo.

(4) San alt seo, tá leis an bhfocal “gaol” an bhrí a bheirtear dó le fo-alt (4) d'alt 31 den Acht Airgeadais, 1941 , agus beidh feidhm ag alt 27 den Acht sin maidir le léiriú an ailt seo agus an Cheathrú Sceidil sin amhail mar atá feidhm aige maidir le léiriú Coda IV den Act sin.

(5) Is tuigthe éifeacht a bheith ag an alt seo maidir le daoine a fuair bás tar éis an 7ú lá de Bhealtaine, 1941.

Dleacht eastáit i gcás polasaithe a choimeád ar bun nó a dhéanamh faoi shocraíochta.

20. —(1) Chun críocha na míre deiridh d'fho-alt (1) d'alt 11 den Customs and Inland Revenue Act, 1889 (a fhorálas, mar atá feidhm aige chun críocha dleachta eastáit, go ndéanfar airgead a gheibhtear faoi pholasaí árachais a rinne an t-éagach ar a shaol féin agus a choimeád sé ar bun d'áireamh mar airgead d'aistrigh ar a bhás) an méid de na préamaí a híocadh ar aon pholasaí árachais agus a ndearnadh, de bhuaidh nó de dhroim socraíochta a rinne an t-éagach, é d'íoc as maoin, bíodh sí arna soláthar ag an éagach nó ná bíodh, a folaíodh sa tsocraíocht, nó as ioncam, bíodh sé arna sholáthar ag an éagach nó ná bíodh, d'éirigh faoin socraíocht, déanfar, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, é d'áireamh amhail is dá mba é an t-éagach d'íoc é.

(2) Aon íocaíochta dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo agus nach ndearnadh as maoin arna soláthar go díreach nó go neamhdhíreach ag an éagach chun críocha na socraíochta, ná as maoin a ionadaíos an mhaoin sin, ná as ioncam arna sholáthar go díreach nó go neamhdhíreach ag an éagach, pé acu as an maoin sin d'éirigh sé nó nach ea, ní háireofar iad mar íocaíochta a rinne an t-éagach más deimhin leis na Coimisinéiri Ioncaim nach mar chuid d'aon chomhshocraíocht chomharaíochta idir an t-éagach agus aon duine eile a rinneadh na híocaíochta sin.

(3) Chun críocha an achtacháin sin san Customs and Inland Revenue Act, 1889, déanfar polasaí árachais ar shaol éagaigh, a rinneadh de bhuaidh nó de dhroim socraíochta arna déanamh ag an éagach, d'áireamh amhail is dá mba é an t-éagach a rinne é.

(4) Is tuigthe éifeacht a bheith ag an alt seo maidir le daoine a fuair bás an 4ú lá de Bhealtaine, 1949, nó dá éis.

(5) Chun críocha an ailt seo—

(a) folaíonn an focal “socraíocht” aon diúscairt, iontaobhas, cúnant, comhaontú nó comhshocraíocht, agus

(b) is tuigthe socraíocht a bheith déanta ag duine má rinne sé an tsocraíocht go díreach nó go neamhdhíreach, agus go háirithe (ach gan dochar do ghinearáltacht na bhfocal roimhe seo den mhír seo) má rinne nó má gheall sé cistí a sholáthar go díreach nó go neamhdhíreach chun críocha na socraíochta, nó má rinne sé comhshocraíocht chomharaíocht le haon duine eile chun an duine sin do dhéanamh na socraíochta.

CUID IV.

Cain Bhrabus Corparaide.

Comhaontú chun faoiseamh comharaíochta ó chánachas dúbalta a thabhairt i leith cánach brabús corparáide agus cánach brabús na Ríochta Aontaithe.

21. —(1) Déantar leis seo an comhaontú (dá ngairmtear an comhaontú sceidealta san alt seo), atá leagtha amach i gCuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh an 18ú lá de Bhealtaine, 1949, idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe, a dhaingniú agus beidh feidhm dlí aige.

(2) Chun éifeacht a thabhairt don chomhaontú sceidealta, beidh éifeacht ag na forála atá leagtha amach i gCuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(3) I gcás tréimhsí cuntasaíochta dar tosach dáta roimh an lú lá d'Eanáir, 1949, agus dar críoch an dáta sin nó dáta dá éis, déanfar na cionranna is gá a dhéanamh chun críocha an chomhaontuithe sceidealta, agus is i gcomhréir leis an méid mí nó codán de mhí sa chuid den tréimhse chuntasaíochta iomchuí roimh an lú lá d'Eanáir, 1949, agus sa chuid den tréimhse sin i ndiaidh an 31ú lá de Nollaig, 1948, faoi seach, a déanfar aon chionroinnt den tsórt sin.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh maidir le deonadh na bhfaoiseamh a sonraítear sa chomhaontú sceidealta.

Deireadh leis an méadú ar cháin bhrabús corparáide ar chuideachtana coigríche.

22. —(1) Scoirfidh alt 31 den Acht Airgeadais, 1928 (Uimh. 11 de 1928) , arna leasú le halt 47 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , agus le halt 35 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), d'éifeacht a bheith aige maidir le brabúis a thiocfas i dtréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1949, nó dáta dá éis, agus dá réir sin muirearófar, toibheofar agus íocfar cáin bhrabús corparáide, is inmhuirir an bhrabúis chuide-eachtan coigríche i leith aon tréimhse cuntasaíochta den tsórt sin, amhail is nár hachtaíodh alt 31 den Acht Airgeadais, 1928, ná na forála ag leasú an ailt sin atá in alt 47 den Acht Airgeadais 1932, agus in alt 35 den Acht Airgeadais, 1941 .

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le tréimhse chuntasaíochta chuideachtan coigríche, is tréimhse dar tosach dáta roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1949, agus dar críoch an dáta sin nó dáta dá éis agus nach gcruthóidh an chuideachta ina taobh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim, gur comhlíonadh ceann de na coinníollacha a hordaíodh le fo-alt (2) d'alt 31 den Acht Airgeadais, 1928, is é sin le rá:

(a) déanfar na brabúis a tháinig sa tréimhse sin a chionroinnt idir an chuid den tréimhse roimh an lú lá d'Eanáir, 1949, agus an chuid eile den tréimhse i gcomhréir le faid na gcoda sin faoi seach,

(b) ní déanfar cáin bhrabús corparáide a mhuirearú ar an oiread de na brabúis a cionroinnfear don chuid den tréimhse roimh an lú lá d'Eanáir, 1949, a bhfuil idir é agus £2,500 an cothrom céanna atá idir an chuid sin agus dhá mhí dhéag agus déanfar í a mhuirearú ar an bhfuíollach de na brabúis a cionroinnfear don chuid sin do réir a dó dhéag go leith faoin gcéad,

(c) ní déanfar cáin bhrabús corparáide a mhuirearú ar an oiread de na brabúis a cionroinnfear don chuid eile den tréimhse a bhfuil idir é agus £2,500 an cothrom céanna atá idir an chuid sin agus dhá mhí dhéag agus déanfar í a mhuirearú ar an bhfuíollach de na brabúis a cionroinnfear don chuid sin do réir a a deich faoin gcéad.

Forléiriú na Coda seo den Acht seo.

23. —Forléireofar agus léifear an Chuid seo den Acht seo agus an Cúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

CUID V.

Dleachta Stampa.

Dleachta stampa ar léasanna d'athrú.

24. —(1) Na dleachta stampa is inmhuirir faoi mhír (3) den mhírcheann “Lease or Tack” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, i leith aon chomaoine, arb é atá inti aon airgead, stoc nó urrús (seachas cíos) as ucht léasa, beid, d'ainneoin aon Achta eile, do réir dhá phunt agus deich scillinge in aghaidh gach caoga punt nó codáin de chaoga punt de mhéid nó de luach na comaoine sin.

(2) Más rud é—

(a) gurb é atá sa chomaoin, nó in aon chuid den chomaoin, as ucht léasa, aon airgead, stoc nó urrús (seachas cíos) nach mó ná chúig chéad punt a mhéid nó a luach, agus

(b) go bhfuil ráiteas sa léas á rá nach bhfuil an t-idirbheart a déantar leis ina chuid d'idirbheart is mó ná sin ná de shreath idirbheart a bhfuil méid nó luach nó iomlán méide nó luacha na comaoine, seachas cíos, ina leith, níos mó ná chúig chéad punt, agus

(c) nach léas é a bhfuil cíos is mó ná fiche punt sa bhliain mar chuid den chomaoin ina leith, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis an dleacht is inmhuirir i leith na comaoine, nó na coda dhi, arb é atá inti aon airgead, stoc nó urrús.

(3) Más rud é—

(a) gurb é atá sa chomaoin, nó in aon chuid den chomaoin, as ucht léasa, aon airgead, stoc nó urrús (seachas cíos) ar mó ná chúig chéad punt ach nach mó ná míle punt a mhéid nó a luach, agus

(b) go bhfuil ráiteas sa léas á rá nach bhfuil an t-idirbheart a déantar leis ina chuid d'idirbheart is mó ná sin ná de shreath idirbheart, agus

(c) nach léas é a bhfuil cíos is mó ná fiche punt sa bhliain mar chuid den chomaoin ina leith,

ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis an dleacht is inmhuirir i leith na comaoine, nó na coda dhi, arb é atá inti aou airgead, stoc nó urrús, ach, d'ainneoin aon Achta eile, beidh dleacht inmhuirir ina leith mar leanas:

Má bhíonn méid nó luach na comaoine, nó na coda dhi,—

Níos mó ná

£500

gan bheith níos mó ná

  £550

..

£7

10s.

  ,,    ,,   ,,

£550

  ,,      ,,      ,,    ,,   ,,

 £600

..

£10

  ,,    ,,   ,,

£600

  ,,      ,,      ,,    ,,   ,,

 £650

..

£15

  ,,    ,,   ,,

£650

  ,,      ,,      ,,    ,,   ,,

 £700

..

£20

  ,,    ,,   ,,

£700

  ,,      ,,      ,,    ,,   ,,

 £750

..

£25

  ,,    ,,   ,,

£750

  ,,      ,,      ,,    ,,   ,,

 £800

..

£30

  ,,    ,,   ,,

£800

  ,,      ,,      ,,    ,,   ,,

 £850

..

£35

  ,,    ,,   ,,

£850

  ,,      ,,      ,,    ,,   ,,

 £900

..

£40

  ,,    ,,   ,,

£900

  ,,      ,,      ,,    ,,   ,,

 £950

..

£45

  ,,    ,,   ,,

£950

  ,,      ,,      ,,    ,,   ,,

£1,000

..

£50

(4) Beidh éifeacht ag na forála roimhe seo den alt seo i gcás (agus sa chás sin amháin) ina mbeidh sa léas ráiteas ón léasaí á dheimhniú gur ceann acu seo a leanas an phearsa a thiocfas i dteideal an leasa thairbhiúil uile i leas an léasaí faoin léas (nó i gcás níos mó ná pearsa amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil ann, gach ceann faoi leith dhíobh):

(a) saoránach Éireannach,

(b) pearsa atá de thuras na huaire ina ghnáthchónaí sa Stát agus a bhí ina ghnáthchónaí sa Stát go leanúnach ar feadh na dtrí bliana díreach roimh an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947,

(c) comhlucht corprach a corpraíodh sa Stát an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, nó roimhe sin,

(d) comhlucht corprach a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a chomhdaigh le cláraitheoir na gcuideachtan, an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, nó roimhe sin, na doiciméid agus na sonraí a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 274 den Companies (Consolidation) Act, 1908,

(e) pearsa atá go dleathach ag seoladh gnótha a thagas faoi réim forál aon mhíre d'fho-alt (1) d'alt 9 den Acht chun Déantúis a Rialú, 1934 (Uimh. 36 de 1934)

(f) comhlucht corprach a corpraíodh sa Stát tar éis an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, i gcás níos mó ná leath (do réir luacha ainmniúil) na scaireanna de gach aicme a heisíodh a bheith ar únaeracht tairbhiúil ag pearsain a dtagann gach pearsa faoi leith acu faoi réim míre de mhíreanna (a) go (e) den fho-alt seo.

(5) D'ainneoin aon Achta eile, i gcás léasa nach bhfuil, de bhuaidh fo-ailt (4) den alt seo, aon éifeacht ag forála fo-alt (1), (2) agus (3) den alt seo ina leith, beidh na dleachta stampa is inmhuirir faoi mhír (3) den mhírcheann “Lease or Tack” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, i leith aon chomaoine, arb é atá inti aon airgead, stoc nó urrús (seachas cíos), as ucht an léasa, do réir ráta (dá ngairmtear an ráta ard san alt seo) chúig puint fhichead faoin gcéad de mhéid nó de luach na comaoine sin.

(6) (a) Aon léas (nach bhforghníomhaítear de mheon mhacánta agus ar chomaoin luachmhar), is tuigthe, chun críocha an ailt seo, gur léas é a oibríos mar dhiúscairt shaorálach inter vivos, agus chuige sin ní tuigthe gur comaoin luachmhar an chomaoin ar aon léas más dóigh leis na Coimisínéirí Ioncaim, toisc gur comaoin neamhleor an chomaoin nó ar aon chúis eile, gur tairbhe shubstainteach don léasaí an léas.

(b) Bainfidh an t-alt seo le haon léas a oibríos mar dhiúscairt shaorálach inter vivos, agus déanfar aon tagairt san alt seo do mhéid nó do luach aon chomaoine d'fhorléiriú, maidir le dleacht is inmhuirir ar an léas sin, mar thagairt don mhéid nó don luach íosta ba ghá chun nach mbeadh an léas, gan athrú a theacht ar aon chíos faoi, ina léas d'oibreodh mar dhiúscairt shaorálach inter vivos.

(7) (a) Baineann an fo-alt seo le gach léas den tsórt dá dtagartar sna fo-ailt roimhe seo den alt seo, pé acu léas é a oibríos mar dhiúscairt shaorálach inter vivos nó nach ea, mura mbíonn an phearsa a thig i dteideal an leasa thairbhiúil uile i leas an léasaí faoin léas (nó, i gcás níos mó ná pearsa amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil ann, gach pearsa faoi leith dhíobh) faoi réim míre de mhíreanna (a) go (f) d'fho-alt (4) den alt seo.

(b) Más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis a fhorghníomhuithe, nach mbeidh léas lena mbaineann an fo-alt seo stampálta nó nach mbeidh sé stampálta do réir an ráta aird, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta aird dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón léasaí, nó i gcás léasaithe, ó na léasaithe sin i gcomhpháirt agus ar leithligh, agus beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus féadfar an tsuim sin a ghnóthú ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla.

(c) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, aon uair tar éis léas lena mbaineann an fo-alt seo d'fhorghníomhú den chéad uair, aon tsuim a féadtar a ghnóthú faoi mhír (b) den fho-alt seo a laghdú nó a mhaitheamh.

Dleachta stampa ar léasanna áirithe.

25. —(1) Más rud é—

(a( go raibh dleacht stampa inmhuirir, an 4ú lá de Bhealtaine, 1949, nó aon lá dá éis sin agus roimh dháta an Achta seo a rith faoi mhír (3) den mhírcheann “Lease or Tack” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, i leith aon chomaoine, arb é a bhí inti aon airgead, stoc nó urrús (seachas cíos), as ucht léasa a forghníomhaíodh den chéad uair an 4ú lá de Bhealtaine, 1949, nó dá éis, agus

(b) go raibh an dleacht sin inmhuirir i leith suime (dá ngairmtear an tsuim bheag sa bhfo-alt seo) ba lú ná an tsuim (dá ngairmtear an tsuim mhór sa bhfo-alt seo) dob iomchuí dá mbeadh alt 24 den Acht seo achtaithe an lú lá de Nollaig, 1947,

ansin—

(I) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas má stampáladh an léas i leith na suime bige roimh an Acht seo a rith, pé acu stampáladh nó nár stampáladh an léas le stampa ar leith a thaispeáineas gur stampáladh go cuí é:

(i) beidh dleacht stampa inmhuirir arís i leith na comaoine sin (dá ngairmtear an dleacht stampa bhreise sa mhír seo) agus beidh sí inmhuirir d'ainneoin na stampála sin i leith na suime bige,

(ii) beidh an dleacht stampa bhreise inmhuirir i leith suime is ionann agus an méid atá an tsuim bheag faoi bhun na suime móire,

(iii) nuair a bheas an tsuim mhór á cinneadh chun críocha fo-mhíre (ii) den mhír seo, má cruthaíodh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh aon ráiteas den tsórt dá dtagartar in alt 24 den Acht seo a bheith go cuí sa léas, cé nach raibh sé ann iarbhír, is tuigthe an ráiteas sin a bheith sa léas,

(iv) chun críocha stampála an léasa i leith na dleachta stampa breise, is tuigthe gur forghníomhaíodh an léas den chéad uair ar an Acht seo a rith,

(v) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith, nach mbeidh an léas stampálta i leith na dleachta stampa breise, beidh suim is ionann agus dhá oiread na dleachta stampa breise dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón léasaí, nó i gcás léasaithe, ó na léasaithe i gcomhpháirt agus ar leithligh, agus beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus féadfar an tsuim sin a ghnóthú ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla,

(vi) féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, aon tsuim a féadtar a ghnóthú faoi fho-mhír (v) den mhír seo a laghdú nó a mhaitheamh; agus

(II) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas má stampáladh an léas i leith na suime móire roimh an Acht seo a rith:

(i) an dleacht stampa a muirearaíodh i leith na suime móire is tuigthe gur muirearaíodh amhlaidh go cuí í agus daingnítear leis seo í,

(ii) nuair a bheas an tsuim mhór á cinneadh chun críocha na míre seo, má cruthaíodh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim nuair a stampáladh an léas go bhféadfadh aon ráiteas den tsórt dá dtagartar in alt 24 den Acht seo a bheith go cuí sa léas, cé nach raibh sé ann iarbhír, is tuigthe an ráiteas sin a bheith sa léas; agus

(III) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas murar stampáladh an léas roimh an Acht seo a rith:

(i) beidh dleacht stampa inmhuirir in aghaidh na comaoine sin i leith suime is ionann agus an tsuim mhór (dá ngairmtear an dleacht stampa méadaithe sa mhír seo),

(ii) nuair a bheas an tsuim mhór á cinneadh chun críocha fo-mhíre (i) den mhír seo, má cruthaíodh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh aon ráiteas den tsórt dá dtagartar in alt 24 den Acht seo a bheith go cuí sa léas, cé nach raibh sé ann iarbhír, is tuigthe an ráiteas sin a bheith sa léas,

(iii) chun críocha stampála an léasa i leith na dleachta stampa méadaithe, is tuigthe gur forghníomhaíodh an léas den chéad uair ar an Acht seo a rith,

(iv) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith, nach mbeidh an léas stampálta i leith na dleachta stampa méadaithe, beidh suim is ionann agus dhá oiread na dleachta stampa méadaithe dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón léasaí, nó i gcás léasaithe, ó na léasaithe i gcomhpháirt agus ar leithligh, agus beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus féadfar an tsuim sin a ghnóthú ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla,

(v) féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, aon tsuim a féadtar a ghnóthú faoi na forála atá i bhfo-mhír (iv) den mhír seo a laghdú nó a mhaitheamh.

(2) Más rud é—

(a) go raibh dleacht stampa inmhuirir, an lú lá de Nollaig, 1947, nó aon lá dá éis sin agus roimh an 28ú lá d'Aibreán, 1949, faoi mhír (3) den mhírcheann “Lease or Tack” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, i leith aon chomaoine, arb é a bhí inti aon airgead, stoc nó urrús (seachas cíos), as ucht léasa, agus

(b) gur muirearaíodh an dleacht sin aon lá roimh an 28ú lá d'Aibreán, 1949, i leith suime dob ionann agus an tsuim dob iomchuí dá mbeadh alt 24 den Acht seo achtaithe an lú lá de Nollaig, 1947,

is tuigthe maidir leis an dleacht sin a muirearaíodh mar adúradh gur muirearaíodh amhlaidh go cuí í agus daingnítear leis seo í.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (2) den alt seo difir—

(a) d'aon chás ina ndearna cúirt ar bith measúnú ar dhleacht stampa roimh an 28ú lá d'Aibreán, 1949, ná

(b) d'aon chás ina ndearna na Coimisinéirí Ioncaim measúnú faoi alt 12 den Stamp Act, 1891, roimh an 28ú lá d'Aibreán, 1949, agus ina ndearnadh achomharc ína choinne a thionscnamh go cuí faoi alt 13 den Acht sin.

Dleachta stampa, ar mhorgáistí áirithe, etc.

26. —(1) San alt seo—

cíallaíonn an focal “maoin” tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin atá ar tíolacadh nó ar aistriú (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a rinneadh an tíolacadh nó an t-aistriú) chun comhluchta chorpraigh trí ionstraim is inmhuirir le dleacht stampa faoin mírcheann “Conveyance or Transfer on sale of any property” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus a stampáladh do réir an ráta a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ); ciallaíonn an abairt “comhlucht corprach Éireannach” comhlucht corprach do réir míre (f) d'fho-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ; ciallaíonn an abairt “pearsa neamhcháilithe” aon phearsa a bhí, ar dháta forghníomhuithe na hionstraime iomchuí trínar tíolacadh nó trínar haistríodh maoin chun comhluchta chorpraigh, gan bheith faoi réim míre de mhíreanna (a) go (e) d'fho-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ;

ciallaíonn an focal “scaireanna” scaireanna eisithe de gach aicme.

(2) (a) Más rud é, i gcás ina bhfuil maoin ar tíolacadh nó ar aistriú chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh, go dtabharfaidh an comhlucht corprach aon mhorgáiste nó morgáiste cothromais nó aon mhuirear ar an maoin, nó aon bhintiúir, nó aon bhanna, cúnant nó barántas aturnae chun breithiúnas d'admháil agus a thaifeadadh, do phearsa neamhcháilithe atá i dteideal tairbhiúil scaireanna ar bith sa chomhlucht corprach nó a dhéanas nó a fhéadas, faoi mheabhrán comhlachais nó faoi airteagail chomhlachais an chomhluchta chorpraigh nó ar shlí eile, urlámh nó bainistí d'fheidhmiú air nó más rud é go dtabharfaidh an comhlucht corpracha a leithéid do dhá phearsain nó níos mó ar pearsa neamhcháilithe den tsórt sin aon phearsa acu—

(i) beidh an morgáiste, an morgáiste cothromais, an muirear, an bintiúir, an banna, an cúnant nó an barántas aturnae inmhuirir, d'ainneoin aon Achta eile, le dleacht stampa do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine, agus

(ii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an morgáiste, an morgáiste cothromais, an muirear, an bintiúir, an banna, an cúnant nó an barántas aturnae d'fhorghníomhú, nach mbeidh sé stampálta nó nach mbeidh sé stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón duine sin, nó ó na daoine sin i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(b) Más rud é, i gcás ina bhfuil maoin ar tíolacadh nó ar aistriú chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh,—

(i) go dtabharfaidh an comhlucht corprach aon mhorgáiste nó morgáiste cothromais nó aon mhuirear ar an maoin, nó aon bhintiúir, nó aon bhanna nó cúnant d'aon phearsain (nach pearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo) nó do dhá phearsain nó níos mó (nach pearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo aon phearsa acu), agus

(ii) go bhforghníomhófar ina dhiaidh sin aon aistriú, sannadh nó diúscairt dá dtiocfaidh an morgáiste, an morgáiste cothromais, an muirear, an bintiúir an banna nó an cúnant sin a bheith ar aistriú chun nó i bhfábhar pearsan neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó chun nó i bhfábhar dhá phearsan nó níos mó ar pearsa neamhcháilithe den tsórt sin aon phearsa acu,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(i) beidh an t-aistriú, an sannadh nó an diúscairt inmhuirir, d'ainneoin aon Achta eile, le dleacht stampa do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine, agus

(ii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an t-aistriú, an sannadh nó an diúscairt d'fhorghníomhú, nach mbeidh sé stampálat nó nach mbeidh sé stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón bpearsain is déanaí a luadh, nó ó na pearsain is déanaí a luadh, i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(c) Más rud é, i gcás maoine atá ar tíolacadh nó ar aistriú chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh, go ndéanfaidh an comhlucht corprach gníomhais teidil, nó aon doiciméad teidil, chun na maoine, a lóisteáil mar urrús agus gur le pearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó le dhá phearsain nó níos mó ar pearsa neamhcháilíthe den tsórt sin aon phearsa acu a déanfar an lóisteáil—

(i) déanfaidh an comhlucht corprach, laistigh de thríocha lá tar éis na lóisteála, ráiteas a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim a mbeidh sonraí ann ar an maoin, luach na maoine agus ainmneacha agus tuairiscí na bpáirtithe san idirbheart,

(ii) beidh an ráiteas inmhuirir le dleacht stampa a bheas iníoctha ag an gcomhlucht corprach do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine, agus

(iii) mura seachadtar an ráiteas laistigh den tríocha lá sin nó más rud é, ar an tríocha lá sin a bheith caite, nach mbeidh sé stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón gcomhlucht corprach agus óna stiúrthóirí, i gcomhpháirt agus ar leithligh,

(d) Más rud é, i gcás maoine atá ar tíolacadh nó ar aistriú chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh,—

(i) go ndéanfaidh an comhlucht corprach gníomhais teidil, nó aon doiciméad teidil, chun na maoine, a lóisteáil mar urrús agus gur le pearsa (nach pearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo) nó le dhá phearsain nó níos mó (nach pearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo aon phearsa acu) a déanfar an lóisteáil agus

(ii) go ndéanfar aon aistriú nó aistrithe ina dhiaidh sin dá dtarlóidh go scoirfidh na gníomhais teidil nó an doiciméad teidil sin de bheith lóisteálta mar adúradh agus go mbeidh an céanna ar lóisteáil mar urrús le pearsa is pearsa neamcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó le dhá phearsain nó níos mó ar pearsa neamhcháilithe den tsórt sin aon phearsa acu,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(I) déanfaidh an phearsa nó an dá phearsain nó níos mó is déanaí a luadh ráiteas a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim, laistigh de thríocha lá tar éis na gníomhais teidil nó an doiciméad teidil sin a lóisteáil leis an bpearsa nó leis na pearsain sin, a mbeidh sonraí ann ar an maoin, luach na maoine agus ainm nó ainmneacha agus tuairisc nó tuairiscí na pearsan nó na bpearsan sin,

(II) beidh an ráiteas inmhuirir le dleacht stampa a bheas iníoctha ag an bpearsa nó ag na pearsain sin do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine, agus

(III) mura seachadtar an ráiteas laistigh den tríocha lá sin nó más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis a sheachadtha, nach mbeidh sé stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón bpearsa sin, nó ó na pearsain sin i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(3) Más rud é, i gcás maoine atá ar tíolacadh nó ar aistriú chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh, go dtiocfaidh pearsa neamhcháilithe nó dhá phearsain nó níos mó ar pearsa neamhcháilithe aon phearsa acu i dteideal aon leasa thairbhiúil in iomlán na maoine nó i gcuid di, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas murab ionstraim is inmhuirir le dleacht stampa faoi fho-alt (2) den alt seo an phríomh-ionstraim nó an aonionstraim faoina dtiocfaidh an phearsa nó na pearsain sin i dteideal amhlaidh nó mura bhfuil dleacht stampa arna cinneadh do réir luach na maoine íoctha faoin bhfo-alt sin ag an bpearsa sin nó ag aon phearsa de na pearsain sin—

(i) beidh an phríomh-ionstraim nó an aon-ionstraim faoina dtiocfaidh an phearsa nó na pearsain sin i dteideal amhlaidh inmhuirir, d'ainneoin aon Achta eile, le dleacht stampa do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de mhéid nó de luach na comaoine nó, i gcás diúscartha saorálaí inter vivos, de luach na maoine (nó na coda dhi a dtiocfaidh an phearsa nó na pearsain sin ina teideal), agus

(ii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite ó tháinig an phearsa nó na pearsain sin i dteideal amhlaidh, nach mbeidh an ionstraim sin stampálta nó nach mbeidh sí stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón bpearsa sin, nó ó na pearsain sin i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(4) (a) I gcás ina bhfuil maoin ar tíolacadh nó ar aistriú chun comhluchta chorpraigh a scoir de bheith ina chomhlucht chorprach Éireannach toisc na scaireanna, go dtí méid is mó ná a leath (do réir luach ainmniúil), do scor de bheith ar únaeracht tairbhiúil ag pearsain a bhfuil gach pearsa acu faoi réim míre de mhíreanna (a) go (e) d'fho-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(i) beidh an phríomh-ionstraim nó an aon-ionstraim trínar tíolacadh nó trínar haistríodh an mhaoin chun an chomhluchta chorpraigh inmhuirir athuair le dleacht stampa, d'ainneoin í a bheith stampálta cheana, agus pé acu stampáladh nó nár stampáladh í le stampa ar leith a thaispeánas gur stampáladh go cuí í,

(ii) beidh an dleacht sin inmhuirir do réir chúig puint fhichead faoin gcéad ar an méid ar dá réir a cinneadh an dleacht stampa a híocadh cheana, agus

(iii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite ó scoir an comhlucht corprach de bheith ina chomhlucht corprach Éireannach, nach mbeidh an ionstraim sin stampálta nó nach mbeidh sí stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón gcomhlucht corprach agus óna stiúrthóirí i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(b) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo in aon chás ina ndearnadh dleacht stampa arna cinneadh do réir luach na maoine d'íoc cheana faoi fho-alt (2) den alt seo ná in aon chás inar scoir na scaireanna de bheith i seilbh mar adúradh trí oibriú dlí amháin nó toisc aon aistrithe ó ionadaí pearsanta sealbhóra mhairbh nó toisc aon orduithe ó Chúirt.

(5) (a) Aon tsuim is fiach atá dlite don Aire Airgeadais do réir an ailt seo, beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus féadfar í a ghnóthú ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla.

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo, aon tsuim a féadfar a ghnóthú faoi mhír (a) den fho-alt seo a laghdú nó a mhaitheamh.

Dleachta stampa i gcás idirbheart áirithe a rinneadh roimh an Acht seo a rith.

27. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an focal “maoin” tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin a bhí ar tíolacadh nó ar aistriú chun comhluchta chorpraigh trí ionstraim is inmhuirir le dleacht stampa faoin mírcheann “Conveyance or Transfer on sale of any property” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus a stampáladh do réir an ráta a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 );

ciallaíonn an abairt “comhlucht corprach Éireannach” comhlucht corprach do réir míre (f) d'fho-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ;

ciallaíonn an abairt “pearsa neamhcháilithe” aon phearsa a bhí, ar dháta forghníomhuithe na hionstraime iomchuí trínar tíolacadh nó trínar haistríodh maoin chun comhluchta chorpraigh, gan bheith faoi réim míre de mhíreanna (a) go (e) d'fho-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ;

ciallaíonn an focal “scaireanna” scaireanna eisithe de gach aicme;

ciallaíonn an abairt “an tréimhse iomchuí” an tréimhse a thosnaigh an 4ú lá de Bhealtaine, 1949, agus a chríochnaigh an lá roimh dháta an Achta seo a rith.

(2) (a) Más rud é, i gcás ina raibh maoin ar tíolacadh nó ar aistriú chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh ar dháta i rith na tréimhse iomchuí, go dtug an comhlucht corprach ar an dáta sin aon mhorgáiste nó morgáiste cothromais nó aon mhuirear an an maoin, nó aon bhintiúir, banna, cúnant nó barántas aturnae chun breithiúnas d'admháil agus a thaifeadadh, do phearsa a bhí ar an dáta sin ina pearsa neamhcháilithe atá i dteideal tairbhiúil aon scaireanna sa chomhlucht corprach nó a dhéanas nó a fhéadas faoi mheabhrán comhlachais nó faoi airteagail chomhlachais an chomhluchta chorpraigh nó ar shlí eile, urlámh nó bainistí d'fheidhmiú air nó más rud é go dtug an comhlucht corprach a leithéid ar an dáta sin do dhá phearsain nó níos mó ar phearsa neamhcháilithe den tsórt sin aon phearsa acu ar an dáta sin,

ansin—

(I) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas murar stampáladh an morgáiste, an morgáiste cothromais, an muirear, an bintiúir, an banna, an cúnant nó an barántas aturnae roimh dháta an Achta seo a rith:

(i) beidh sé inmhuirir, d'ainneoin aon Achta eile, le dleacht stampa do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine, agus

(ii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith, nach mbeidh sé stampálta nó nach mbeidh sé stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón duine sin, nó ó na daoine sin i gcomhpháirt agus ar leithligh; agus

(II) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas má stampáladh an morgáiste, an morgáiste cothromais, an muirear, an bintiúir, an banna, an cúnant nó an barántas aturnae roimh an Acht seo a rith:

(i) beidh sé inmhuirir athuair le dleacht stampa, d'ainneoin é a bheith stampálta cheana, agus pé acu stampáladh nó nár stampáladh é le stampa ar leith a thaispeánas gur stampáladh go cuí é, agus beidh sé inmhuirir i leith suime is ionann agus an difríocht idir dleacht stampa arna cinneadh do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine agus an dleacht stampa a híocadh cheana, agus

(ii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith, nach mbeidh sé stampálta i leith na dleachta stampa breise sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón duine sin, nó ó na daoine sin i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(b) Más rud é, i gcás ina raibh maoin ar tíolacadh nó ar aistriú, ar dháta i rith na tréimhse iomchuí, chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh—

(I) go dtug an comhlucht corprach aon mhorgáiste nó morgáiste cothromais nó aon mhuirear ar an maoin, nó aon bhintiúir, nó aon banna nó cúnant, ar an dáta sin, d'aon phearsa (nár phearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo ar an dáta sin) nó do dhá phearsain nó níos mó (nár phearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo aon phearsa acu ar an dáta sin), agus

(II) gur forghníomhaíodh ina dhiaidh sin ar dháta i rith na tréimhse iomchuí, nó go bhforghníomhófar ar dháta tar éis an tAcht seo a rith, aon aistriú, sannadh nó diúscairt dá dtáinig nó dá dtiocfaidh an morgáiste, an morgáiste cothromais, an muirear, an bintiúir, an banna nó an cúnant a bheith ar aistriú chun nó i bhfábhar pearsan a bhí nó a bheas ar an dáta sin ina pearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó chun nó i bhfábhar dhá phearsan nó níos mó a raibh nó a mbeidh aon phearsa acu ina pearsa neamhcháilithe den tsórt sin ar an dáta sin,

ansin—

(A) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas murar stampáladh an t-aistriú, an sannadh nó an diúscairt roimh dháta an Achta seo a rith nó má forghníomhaítear é tar éis an dáta sin:

(i) beidh sé, d'ainneoin aon Achta eile, inmhuirir le dleacht stampa do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine, agus

(ii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith nó tar éis a fhorghníomhuithe (pé acu is iomchuí), nach mbeidh sé stampálta nó nach mbeidh sé stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón bpearsa is déanaí a luadh, nó ó na pearsain is déanaí a luadh, i gcomhpháirt agus ar leithligh; agus

(B) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas má stampáladh an t-aistriú, an sannadh nó an diúscairt roimh an Acht seo a rith:

(i) beidh sé inmhuirir athuair le dleacht stampa d'ainneoin é a bheith stampálta cheana, agus pé acu stampáladh nó nár stampáladh é le stampa ar leith a thaispeánas gur stampáladh go cuí é, agus beidh sé inmhuirir i leith suime is ionann agus an difríocht idir dleacht stampa arna cinneadh do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine agus an dleacht stampa a híocadh cheana, agus

(ii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith, nach mbeidh sé stampálta i leith na dleachta breise sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón bpearsa sin, nó ó na pearsain sin i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(c) Más rud é i gcás maoine a bhí ar tíolacadh nó ar aistriú chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh ar dháta i rith na tréimhse iomchuí, go ndearna an comhlucht corprach, ar an dáta sin, gníomhais teidil, nó aon doiciméad teidil, chun na maoine, a lóisteáil mar urrús, agus gur le pearsa a bhí ar an dáta sin ina pearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó le dhá phearsa nó níos mó a raibh aon phearsa acu ina pearsa neamhcháilithe den tsórt sin ar an dáta sin a rinneadh an lóisteáil—

(i) déanfaidh an comhlucht corprach laistigh de thríocha lá tar éis an tAcht seo a rith, ráiteas a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim, a mbeidh sonraí ann ar an maoin, luach na maoine agus ainmneacha agus tuairiscí na bpáirtithe san idirbheart,

(ii) beidh an ráiteas inmhuirir le dleacht stampa a bheas iníoctha ag an gcomhlucht corprach do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine, agus

(iii) mura seachadtar an ráiteas laistigh den tríocha lá sin nó más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis a sheachadtha, nach mbeidh sé stampálta nó nach mbeidh sé stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón gcomhlucht corprach agus óna stiúrthóirí i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(d) Más rud é, i gcás maoin a bhí ar tíolacadh nó ar aistriú, ar dháta i rith na tréimhse iomchuí, chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh—

(i) go ndearna an comhlucht corprach, ar an dáta sin, gníomhais teidil, nó aon doiciméad teidil, chun na maoine a lóisteáil mar urrús agus gur le haon phearsa (nár phearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo ar an dáta sin) nó le dhá phearsain nó níos mó (nár phearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo aon phearsa acu ar an dáta sin) a rinneadh an lóisteáil, agus

(ii) go ndearnadh ina dhiaidh sin i rith na tréimhse iomchuí, nó go ndéanfar tar éis an tAcht seo a rith aon aistriú nó aistrithe dá dtarla gur scoir nó dá dtarlóidh go scoirfidh na gníomhais teidil nó an doiciméad teidil sin de bheith lóisteálta mar adúradh agus go raibh nó go mbeidh an céanna ar lóisteail ar aon dáta mar urrús le pearsa a bhí nó a bheas ar an dáta sin ina pearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó le dhá phearsa nó níos mó a raibh nó a mbeidh aon phearsa acu ina pearsa neamhcháilithe den tsórt sin ar an dáta sin,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(I) déanfaidh an phearsa nó an dá phearsain nó níos mó is déanaí a luadh ráiteas a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim, laistigh de thríocha lá tar éis (do réir mar is iomchuí) an tAcht seo a rith nó na gníomhais teidil nó an doiciméad teidil sin a lóisteáil leis an bpearsa nó leis na pearsain sin, a mbeidh sonraí ann ar an maoin, luach na maoine agus ainm nó ainmneacha agus tuairisc nó tuairiscí na pearsan nó na bpearsan sin,

(II) beidh an ráiteas inmhuirir le dleacht stampa a bheas iníoctha ag an bpearsa nó ag na pearsain sin do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine, agus

(III) mura seachadtar an ráiteas laistigh den tríocha lá sin nó más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis a sheachadtha, nach mbeidh sé stampálta nó nach mbeidh sé stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón bpearsa sin, nó ó na pearsain sin i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(3) Más rud é, i gcás maoine a bhí ar tíolacadh nó ar aistriú, ar dháta i rith na tréimhse iomchuí, chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh, go dtáinig pearsa neamhcháilithe nó dhá phearsa nó níos mó ar phearsa neamhcháilithe aon phearsa acu chun bheith i dteideal ar an dáta sin chun aon leasa thairbhiúil in iomlán na maoine nó i gcuid di, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas murab ionstraim is inmhuirir le dleacht stampa faoi fho-alt (2) den alt seo an phríomh-ionstraim nó an aon-ionstraim faoina dtáinig an phearsa nó na pearsain sin i dteideal amhlaidh nó mura bhfuil dleacht stampa arna cinneadh do réir luach na maoine íoctha cheana faoin bhfo-alt sin ag an bpearsa sin nó ag aon phearsa de na pearsain sin—

(I) murar stampáladh, roimh an Acht seo a rith, an phríomh-ionstraim nó an aon-ionstraim faoina dtáinig an phearsa nó na pearsain sin i dteideal amhlaidh—

(i) beidh an ionstraim sin inmhuirir, d'ainneoin aon Achta eile, le dleacht stampa do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de mhéid nó de luach na comaoine nó, i gcás diúscartha saorálaí inter vivos, de luach na maoine (nó na coda dhi a dtáinig an phearsa nó na pearsain sin ina teideal), agus

(ii) más rud é ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith, nach mbeidh an ionstraim sin stampálta nó nach mbeidh sí stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón bpearsa sin, nó ó na pearsain sin i gcomhpháirt agus ar leithligh; agus

(II) má stampáladh, roimh an Acht seo a rith, an phríomhionstraim nó an aon-ionstraim faoina dtáinig an phearsa nó na pearsain sin i dteideal amhlaidh—

(i) beidh sí inmhuirir athuair le dleacht stampa d'ainneoin í a bheith stampálta cheana, agus pé acu stampáladh nó nár stampáladh í le stampa ar leith a thaispeánas gur stampáladh go cuí í, agus beidh sí inmhuirir i leith suime is ionann agus an difríocht idir dleacht stampa arna cinneadh do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de mhéid nó de luach na comaoine nó, i gcás diúscartha saorálaí inter vivos, de luach na maoine (nó na coda dhi a dtáinig an phearsa nó na pearsain sin ina teideal), agus an dleacht stampa a híocadh cheana, agus

(ii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith, nach mbeidh an ionstraim sin stampálta i leith na dleachta stampa breise sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón bpearsa sin, nó ó na pearsain sin i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(4) (a) I gcás ina raibh maoin ar tíolacadh no ar aistriú, ar dháta i rith na tréimhse iomchuí, chun comhluchta chorpraigh a scoir ar an dáta sin de bheith ina chomhlucht corprach Éireannach toisc na scaireanna, go dtí méid is mó ná a leath (do réir luacha ainmniúil), do scor de bheith ar únaeracht tairbhiúil ag pearsain a raibh gach pearsa acu faoi réim míre de mhíreanna (a) go (e) d'fho-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(i) beidh an phríomh-ionstraim nó an aon-ionstraim trínar tíolacadh nó trínar haistríodh an mhaoin chun an chomhluchta chorpraigh inmhuirir athuair le dleacht stampa, d'ainneoin í a bheith stampálta cheana, agus pé acu stampáladh nó nár stampáladh í le stampa ar leith a thaispeánas gur stampáladh go cuí í,

(ii) beidh an dleacht sin inmhuirir do réir chúig puint fhichead faoin gcéad ar an méid ar dá réir a cinneadh an dleacht stampa a híocadh cheana, agus

(iii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith nach mbeidh an ionstraim sin stampálta nó nach mbeidh sí stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón gcomhlucht corprach agus óna stiúrthórí i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(b) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo in aon chás ina ndearnadh dleacht stampa arna cinneadh dó réir luach na maoine d'íoc cheana faoi fho-alt (2) den alt seo ná in aon chás inar scoir na scaireanna de bheith i seilbh mar adúradh trí oibriú dlí amháin nó toisc aon aistrithe ó ionadaí pearsanta sealbhóra mhairbh nó toisc aon orduithe ó Chúirt.

(5) (a) Aon tsuim is fiach atá dlite don Aire Airgeadais do réir an ailt seo, beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus féadfar í a ghnóthú ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla.

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo, aon tsuim a féadfar a ghnóthú faoi mhír (a) den fho-alt seo a laghdú nó a mhaitheamh.

CUID VI.

Ilghneitheach agus Ginearalta.

Airgead d'aistriú as an Ród-Ciste go dtí an Stát-Chiste.

28. —D'fhonn airgead a sholáthar faoi chomhair muirear ginearálta a thitfeas ar an bPríomh-Chiste, déanfar suim trí chéad míle punt d'aistriú go dtí an Stát-Chiste agus d'íoc leis as an Ród-Chiste pé tráth nó tráth sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1950, agus i pé slí, a ordós an tAire Airgeadais.

An Ciste Forbartha Idirlinne.

29. —(1) Is é dáta is déanaí chun an Ciste Forbartha Idirlinne a ghliondáil ná an 31ú lá de Mhárta, 1950, in ionad an dáta, an 31ú lá de Mhárta, 1949, a hordaíodh in alt 15 den Acht Airgeadais, 1948 ( Uimh. 12 de 1948 ).

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 31ú lá de Mhárta, 1949.

Eisteacht i gcúirt iata.

30. —(1) Is i gcúirt iata a athéistfeas an Chúirt Chuarda gach achomharc faoi alt 196 den Income Tax Act, 1918, agus, más mian leis an duine arb é a inmhuirearacht i leith cánach is abhar don chás, is i gcúirt iata a éistfeas an Ard-Chúirt nó an Chúirt Uachtarach cás sonraithe faoi alt 149 den Acht sin, nó faoin alt sin arna leathnú le halt 10 den Acht Airgeadais, 1924 (Uimh. 27 de 1924) .

(2) Má dhéanann an Ard-Chúirt nó an Chúirt Uachtarach cás sonraithe d'éisteacht i gcúirt iata, de bhun an ailt seo, ní bhéarfaidh sin nach bhféadfar tuairisc ar imeachta, ná ar bhreithiúnais, na hArd-Chúirte nó na Cúirte Uachtaraí, d'fhoilsiú sna dlí-thuairiscí a fhoilsíos Comhairle Chorpraithe na dTuairiscí Dlí d'Éirinn ná in aon dlí-thuairiscí aitheanta eile ná in aon tuairiscí a clóbhuailfear le cead na Comhairle Corpraithe sin, ach ní nochtfar in aon tuairisc den tsórt sin ainm an duine arb é a inmhuirearacht i leith cánach is abhar don chás.

(3) Bainfidh an t-alt seo, leis na modhnuithe is gá, le hachomhairc in aghaidh measúnuithe i leith forchánach nó i leith cánach brabús corparáide.

Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.

31. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

32. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1949 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.

(3) Forléireofar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, forléireofar í i dteannta na Reacht a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.

(4) Forléireofar Cuid V den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus i dteannta na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(5) Is tuigthe Cuid I den Acht seo a theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1949, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Na Ratai Dleachta ar Dheimhniu Airm Tine.

Alt 10.

£

 s.

d.

1. Ar dheimhniú airm tine i gcóir piostail nó gunnáin     ..

0

 10

0

2. Ar dheimhniú airm tine i gcóir muscaeid, lena n-áirítear mion-mhuscaed     ..     ..     ..     ..     ..     ..

1

 0

0

3. Ar dheimhniú airm tine i gcóir grán-ghunna, nach cead d'úsáid ach chun ainmhithe nó éanacha nach géim a mharú ar thalamh atá á áitiú ag an duine dá ndeontar an deimhniú     ..     ..     ..     ..     ..

0

 10

0

4. Ar aon deimhniú airm tine eile—

Ar dheimhniú amháin den tsórt sin     ..     ..     ..

2

 5

0

I gcás dhá dheimhniú nó níos mó den tsórt sin a dheonadh don aon duine amháin (ní gá gur san aon am é) agus iad a dhul in éag ar an aon dáta amháin—

Ar an gcéad deimhniú den tsórt sin     ..     ..

2

 5

0

Ar an dara deimhniú agus gach deimhniú ina dhiaidh sin den tsórt sin     ..     ..     ..

0

 10

0

AN DARA SCEIDEAL.

Na Ratai Fabhair Dleachta Custam ar Thobac Neamonaraithe.

Alt 15.

Tobac Neamonaraithe:—

£

s.

d.

Má bhíonn sé Scúite nó Díloirgnithe:—

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach meáchain de     ..     ..     ..     ..

 100 lb.

an lb.

1

2

4

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach meáchain de     ..     ..     ..     ..

 100 lb.

an lb.

1

4

10

Mura mbíonn sé Scúite nó Díloirgnithe:—

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach meáchain de     ..     ..     ..     ..

 100 lb.

an lb.

1

2

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach meáchain de     ..     ..     ..     ..

100 lb.

  an lb.

1

4

AN TRIU SCEIDEAL.

Na Dleachta Mail ar Thobac.

Alt 16.

Tobac Neamonaraithe:—

£

s.

d.

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach meáchain de     ..     ..     ..     ..

100 lb.

an lb.

1

1

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach meáchain de     ..     ..     ..     ..

100 lb.

an lb.

1

3

Tobac Monaraithe:—

CavendishNegrohead, a monaraíodh faoi

bhanna     ....     ....     ....     ....     ....

an lb.

1

5

AN CEATHRU SCEIDEAL.

Teoranta le Faoiseamh o Dhleacht Eastait is inmhuirir Faoi Alt 31 den Acht Airgeadais, 1941 .

Alt 19.

1. (1) Beidh éifeacht, mar sonraítear sa mhír seo, ag forála fo-ailt (2) d'alt 25 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ) (a dhéanas, i measc nithe eile, foráil i dtaobh fiacha a dhílamháil ar maoin a tháinig ón éagach ba chomaoin as a n-ucht) maidir le ríomh an mhéid a lamhálfar.

(2) Más rud é, i gcás—

(a) inarbh iad na híocaíochta i leith na blianachta ba chomaoin as ucht féich a bhunaigh an t-éagach agus dob ionann agus méid iomlán na n-íocaíocht sin; agus

(b) ina dtabharfaí feidhm maidir leis an bhfiach sin d'fho-alt (1) d'alt 7 den Finance Act, 1894 (a) dhéanas foráil i dtaobh lamháltais in aghaidh fiacha nuair a bítear ag ríomh na suime ar a bhfuil dleacht eastáit iníoctha),

nach mbeadh méid iomlán an fhéich sin, ag féachaint d'oibriú fo-ailt (2) den alt sin 25, inlamhála faoi fho-alt (1) den alt sin 7, déanfar, chun an méid a lamhálfar a chinneadh, na híocaíochta i leith na blianachta a laghdú chun nach mó iad ná an tsuim, más ann di, dob inlamhála sna himthosca adúradh faoi fho-alt (1) den alt sin 7, ach, nuair a beifear ag tabhairt feidhme don alt sin 25 chun críocha na míre seo, ní déanfar maoin is abhar don diúscairt d'áireamh mar mhaoin a tháinig ón éagach.

2. Aon uair a tharlódh, dá mba nár ritheadh alt 31 den Acht Airgeadais, 1941 , agus go mbeadh feidhm tugtha d'alt 3 den Finance Act, 1894 (a bhaineas, i measc nithe eile, le maoin ar scair an t-éagach léi roimh a bhás ar chomaoin) maidir leis an maoin dob ábhar don diúscairt, go mbeadh asbhaint inlamhála faoi fho-alt (2) den alt sin 3 ar pháirt-chomaoin, ní bheidh an méid a lamhálfar níos mó ná méid na hasbhainte sin.

3. Más mar asbhaint as luach maoine atá faoi dhliteanas féich nó eire a bhunaigh an t-éagach a lamhálfar an méid a lamhálfar, ní bheidh sí níos mó ná an tsuim, más ann di, a lamhálfaí faoi fho-alt (1) d'alt 7 den Finance Act, 1894, dá mba nár ritheadh alt 31 den Acht Airgeadais, 1941 .

AN CUIGIU SCEIDEAL.

Comhaontu i dtaobh Faoisimh Chomharaiochta o Chanachas Dubalta i leith Canach Brabus Corparaide agus Canach Brabus na Riochta Aontaithe agus Forala i dtaobh Faoisimh o Chain Bhrabus Corparaide tri Chreidiuint a Thabhairt i leith Canach Brabus na Riochta Aontaithe.

Alt 21.

CUID I.

Comhaontu idir Rialtas Phoblacht na hÉireann agus Rialtas na Riochta Aontaithe i dtaobh Faoisimh Chomharaiochta o Chanachas Dubalta i leith Canach Brabus Corparaide na hÉireann agus Canach Brabus na Riochta Aontaithe.

The Government of the Republic of Ireland and the United Kingdom Government desiring to conclude an Agreement for the reciprocal relief of double taxation in respect of Irish Corporation Profits Tax and United Kingdom Profits Tax, have agreed as follows:—

ARTICLE I.

(1) The taxes which are the subject of the present Agreement are the corporation profits tax in the Republic of Ireland, hereinafter referred to as “Irish tax” and the profits tax in the United Kingdom, hereinafter referred to as “United Kingdom tax.”

(2) The present Agreement shall also apply to any other taxes of a substantially similar character imposed in the Republic of Ireland or the United Kingdom subsequently to the date of signature of the present Agreement.

ARTICLE II.

(1) In the present Agreement, unless the context otherwise requires:

(a) The term “United Kingdom” means Great Britain and Northern Ireland, excluding the Channel Islands and the Isle of Man;

(b) The terms “one of the territories” and “the other territory” mean the United Kingdom or the Republic of Ireland, as the context requires;

(c) The term “tax” means United Kingdom tax or Irish tax, as the context requires;

(d) The term “company” means any body corporate;

(e) The term “resident of the United Kingdom” means any company whose business is managed and controlled in the United Kingdom and which is not incorporated in or under the laws of the Republic of Ireland, and the term “resident of the Republic of Ireland” means any company which is incorporated in or under the laws of the Republic of Ireland and whose business is not managed and controlled in the United Kingdom;

(f) The terms “resident of one of the territories” and “resident of the other territory” mean a company which is a resident of the United Kingdom or a company which is a resident of the Republic of Ireland, as the context requires;

(g) The terms “United Kingdom enterprise” and “Irish enterprise” mean respectively an industrial or commercial enterprise or undertaking carried on by a resident of the United Kingdom and an industrial or commercial enterprise or undertaking carried on by a resident of the Republic of Ireland, and the terms “enterprise of one of the territories” and “enterprise of the other territory” mean a United Kingdom enterprise or an Irish enterprise, as the context requires;

(h) The term “industrial or commercial profits” includes rentals in respect of cinematograph films;

(i) The term “permanent establishment” when used with respect to an enterprise of one of the territories, means a branch, management, factory, or other fixed place of business, but does not include an agency unless the agent has, and habitually exercises, a general authority to negotiate and conclude contracts on behalf of such enterprise or has a stock of merchandise from which he regularly fills orders on its behalf. In this connection—

(i) An enterprise of one of the territories shall not be deemed to have a permanent establishment in the other territory merely because it carries on business dealings in that other territory through a bona fide broker or general commission agent acting in the ordinary course of his business as such;

(ii) The fact that an enterprise of one of the territories maintains in the other territory a fixed place of business exclusively for the purchase of goods or merchandise shall not of itself constitute that fixed place of business a permanent establishment of the enterprise;

(iii) The fact that a company which is a resident of one of the territories has a subsidiary company which is a resident of the other territory or which carries on a trade or business in that other territory (whether through a permanent establishment or otherwise) shall not of itself constitute that subsidiary company a permanent establishment of its parent company.

(2) In the application of the provisions of this Agreement by the United Kingdom or the Republic of Ireland, any term not otherwise defined shall, unless the context otherwise requires, have the meaning which it has under the laws of the United Kingdom or, as the case may be, the Republic of Ireland, relating to the taxes which are the subject of this Agreement.

ARTICLE III.

(1) The industrial or commercial profits of a United Kingdom enterprise shall not be subject to Irish tax unless the enterprise carries on a trade or business in the Republic of Ireland through a permanent establishment situated therein. If it carries on a trade or business as aforesaid, tax may be imposed by the Republic of Ireland on the entire profits of the enterprise from sources in the Republic of Ireland.

(2) The industrial or commercial profits of an Irish enterprise shall not be subject to United Kingdom tax unless the enterprise carries on a trade or business in the United Kingdom through a permanent establishment situated therein. If it carries on a trade or business as aforesaid, tax may be imposed by the United Kingdom on the entire profits of the enterprise from sources in the United Kingdom.

(3) Where an enterprise of one of the territories carries on a trade or business in the other territory through a permanent establishment situated therein, there shall be attributed to that permanent establishment the industrial or commercial profits which it might be expected to derive in that other territory if it were an independent enterprise engaged in the same or similar activities under the same or similar conditions and dealing at arm's length with the enterprise of which it is a permanent establishment.

(4) No portion of any profits arising to an enterprise of one of the territories shall be attributed to a permanent establishment situated in the other territory by reason of the mere purchase of goods or merchandise within that other territory by the enterprise.

ARTICLE IV.

Where

(a) an enterprise of one of the territories participates directly or indirectly in the management, control or capital of an enterprise of the other territory,

or

(b) the same persons participate directly or indirectly in the management, control or capital of an enterprise of one of the territories and an enterprise of the other territory,

and in either case, conditions are made or imposed between the two enterprises, in their commercial or financial relations, which differ from those which would be made between independent enterprises, then any profits which would but for those conditions have accrued to one of the enterprises but by reason of those conditions have not so accrued may be included in the profits of that enterprise and taxed accordingly.

ARTICLE V.

Notwithstanding the provisions of Articles III and IV, profits which a resident of one of the territories derives from operating ships or aircraft shall be exempt from tax in the other territory.

ARTICLE VI.

The enterprises of one of the territories shall not be subjected in the other territory, in respect of profits attributable to their permanent establishments in that other territory, to any taxation which is other, higher or more burdensome than the taxation to which enterprises of that other territory incorporated in or under the laws of that other territory are or may be subjected in respect of the like profits.

ARTICLE VII.

(1) Subject to the provisions of the law of the United Kingdom regarding the allowance as a credit against United Kingdom tax of tax payable in a territory outside the United Kingdom, Irish tax payable in respect of profits arising in the Republic of Ireland shall be allowed as a credit against the United Kingdom tax payable in respect of those profits.

Where a dividend is paid by a company which is a resident of the Republic of Ireland to a company which beneficially owns, directly or indirectly, not less than three-quarters of the ordinary share capital of the former company, the credit shall take into account the Irish tax payable by the former company in respect of its profits.

(2) Subject to such provisions (which shall not affect the general principle hereof) as may be enacted in the Republic of Ireland, United Kingdom tax payable in respect of profits arising in the United Kingdom shall be allowed as a credit against the Irish tax payable in respect of those profits.

Where a dividend is paid by a company which is a resident of the United Kingdom to a company which beneficially owns, directly or indirectly, not less than three-quarters of the ordinary share capital of the former company, the credit shall take into account the United Kingdom tax payable by the company in respect of its profits.

ARTICLE VIII.

(1) The taxation authorities of the United Kingdom and the Republic of Ireland shall exchange such information (being information available under their respective taxation laws) as is necessary for carrying out the provisions of this Agreement or for the prevention of fraud or the administration of statutory provisions against legal avoidance in relation to the taxes which are the subject of this Agreement. Any information so exchanged shall be treated as secret and shall not be disclosed to any persons other than those concerned with the assessment and collection of the taxes which are the subject of this Agreement. No information shall be exchanged which would disclose any trade secret or trade process.

(2) As used in this Article the term “taxation authorities” means the Commissioners of Inland Revenue or their authorised representative in the case of the United Kingdom and the Revenue Commissioners or their authorised representative in the case of the Republic of Ireland.

ARTICLE IX.

The present Agreement shall come into force on the date on which the last of all such things shall have been done in the United Kingdom and the Republic of Ireland as are necessary to give the Agreement the force of law in the United Kingdom and the Republic of Ireland respectively, and shall thereupon have effect in respect of—

(i) profits arising in any chargeable accounting period beginning on or after the 1st January, 1949;

(ii) profits attributable to so much of any chargeable accounting period falling partly before and partly on or after that date as falls on or after that date.

ARTICLE X.

The present Agreement shall continue in effect indefinitely but either of the contracting Governments may, on or before the 31st March in any calendar year not earlier than the year 1953, give to the other Government written notice of termination and, in such event, the present Agreement shall cease to be effective in respect of the following profits—

(i) profits arising in any chargeable accounting period beginning on or after the 1st January in the calendar year next following that in which the notice is given;

(ii) profits attributable to so much of any chargeable accounting period falling partly before and partly on or after that date as falls on or after that date.

Done in duplicate the 18th day of May, 1949.

For the

Government of the

Republic of Ireland

For the

United Kingdom Government

 P. McGILLIGAN

 R. STAFFORD CRIPPS

Minister for Finance.

Chancellor of the Exchequer.

CUID II.

Forala i dtaobh Faoisimh o Chain Bhrabus Corparaide tri Chreidiuint a thabhairt i leith Canach Brabus na Riochta Aontaithe.

Leiriú.

1. Sa Chuid seo den Sceideal seo—

ciallaíonn an abairt “cáin bhrabús” an cháin dá ngairmtear “profits tax” sa Ríocht Aontaithe;

ciallaíonn an abairt “an comhaontú” an comhaontú atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal seo.

Ginearálta.

2. Faoi réir forál na Coda seo den Sceideal seo, má bhíonn creidiúint le lamháil, faoin gcomhaontú, in aghaidh cánach brabús corparáide is inmhuirir i leith aon bhrabús, déanfar méid na cánach brabús corparáide is inmhuirir amhlaidh a laghdú méid na creidiúna.

Ceanglas maidir le corprú

3. Ní lamhálfar creidiúint in aghaidh cánach brabús corparáide mura mbíonn an chuideachta, a bhfuil an cháin bhrabús corparáide inmhuirir i leith a brabús, corpraithe le dlithe nó faoi dhlithe an Stáit.

Teora leis an gcreidiúint iomlán.

4. Ní bheidh méid na creidiúna a lamhálfar in aghaidh cánach brabús corparáide i leith cánach brabús ar aon bhrabúis níos mó ná an cháin bhrabús corparáide is inchurtha i leith na mbrabús sin.

An éifeacht a bheas ag lamháil chreidiúna ar ríomh brabús.

5. (1) Faoi réir forál na míre seo, nuair a bheas creidiúint i leith cánach brabús le lamháil in aghaidh cánach brabús corparáide i leith aon bhrabús, ní déanfar aon asbhaint i leith cánach brabús (pé acu i leith na mbrabús sin nó i leith aon bhrabús eile é) nuair a bheas méid na mbrabús sin á ríomh chun críocha cánach brabús corparáide.

(2) Má fholaíonn na brabúis aon díbhinn agus go bhfuil, faoin gcomhaontú, cáin bhrabús, nach inmhuirir go díreach i leith na díbhinne, le cur sa chuntas nuair a beifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidiúint le lamháil, agus má tá cé mhéid, in aghaidh cánach brabús corparáide i leith na díbhinne, déanfar, chun críocha cánach brabús corparáide, méid na mbrabús d'áireamh amhail is dá gcuirtí leis an méid den cháin bhrabús nach bhfuil inmhuirir amhlaidh agus atá le cur sa chuntas nuair a bheas méid na creidiúna á ríomh.

(3) D'ainneoin aon ní sna fo-mhíreanna roimhe seo den mhír seo mura féidir cuid den cháin bhrabús i leith na mbrabús (lena n-áirítear aon cháin bhrabús atá, faoi fho-mhír (2) den mhír seo, le n-áireamh mar ní a mhéadaíos méid na mbrabús) a lamháil mar chreidiúint in aghaidh cánach brabús corparáide, déanfar, chun críocha cánach brabús corparáide, méid na mbrabús d'áireamh amhail mar bheidís arna laghdú an chuid sin den cháin bhrabús.

Foráil speisialta maidir le díbhinní.

6. Más rud é, i gcás aon díbhinne, go mbeidh, faoin gcomhaontú, cáin bhrabús nach inmhuirir go díreach i leith na díbhinne le le cur sa chuntas nuair a beifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidiúint le lamháil, agus má tá cé mhéid, in aghaidh cánach brabús corparáide i leith na díbhinne, is é a bheas sa cháin bhrabús nach inmhuirir amhlaidh agus a bheas le cur sa chuntas ná an cháin bhrabús a bheas ar an gcomhlucht corprach a íocfas an díbhinn a mhéid a bheas sí inchurtha go cuí i leith na cionúireachta de na brabúis dá bhfreagrann an díbhinn:

Ar choinníoll, in aon chás ina mbeidh breis ag an díbhinn iomlán ar na brabúis atá ar fáil chun a ndáilithe don tréimhse ar híocadh an díbhinn ina haghaidh, gur tuigthe gurb é atá sna brabúis dá bhfreagrann an díbhinn iomlán ná na brabúis don tréimhse sin móide an oiread sin de na brabúis a bhí ar fáil chun a ndáilithe do thréimhsí roimhe sin (seachas brabúis a dáileadh cheana) is ionann agus an bhreis; agus chun críocha an proviso seo déanfar na brabúis don tréimhse is déanaí roimhe sin a chur sa chuntas ar dtús, ansin na brabúis don tréimhse is déanaí roimhe sin arís agus mar sin de.

Ceartú creidiúna nach leor nó atá iomarcach.

7. (1) Má tharlann nach leor méid aon chreidiúna a bhéarfar faoin gcomhaontú i leith aon tréimhse cuntasaíochta toisc aon choigeartú a dhéanamh ar mhéid na cánach brabús, féadfar aon fhaoiseamh den tsórt sin a dheonadh, trí fhritháireamh nó eile, is gá chun a áirithiú go dtabharfar an chreidiúint chuí i leith na tréimhse cuntasaíochta sin.

(2) Má tharlann méid aon chreidiúna a bhéarfar faoin gcomhaontú i leith aon tréimhse cuntasaíochta a bheith iomarcach toisc aon choigeartú a dhéanamh ar mhéid na cánach brabús, féadfar aon mheasúnú nó measúnú breise a dhéanamh, i leith na tréimhse cuntasaíochta sin, is gá chun a áirithiú go ndéanfar ina leith, na brabúis iomchuí a mheasúnú go cuí agus gan ach an chreidiúint chuí, más ann di, a thabhairt.

Foráil maidir le héilimh.

8. Is chun na gCoimisinéirí Ioncaim a cuirfear gach éileamh faoin gcomhaontú ar lamháltas i bhfoirm chreidiúna in aghaidh cánach brabús i leith aon bhrabús agus, má agóideann na Coimisinéirí Ioncaim i gcoinne aon éilimh den tsórt sin, éistfidh agus cinnfidh na coimisinéirí speisialta é amhail is dá mba achomharc chucu é i gcoinne measúnuithe i leith cánach brabús corparáide agus, maidir le hathéisteacht achomhairc nó sonrú cáis chun tuairim na hArd-Chúirte d'fháil ar phointe dlí, beidh feidhm dá réir sin, leis na modhnuithe is gá, ag forála na n-achtachán a bhaineas le cáin bhrabús corparáide.