24 1949


Uimhir 24 de 1949.


AN tACHT SRIANTA CÍOSA (LEASÚ), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHODHNÚ NA SUIMEANNA IS INLAMHÁLTA MAR BHREISITHE DLEATHACHA FAOI MHÍR (g) D'FHO-ALT (2) D'ALT 11, AGUS MÍR (e) D'FHO-ALT (2) D'ALT 17, DEN ACHT SRIANTA CÍOSA, 1946 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE A BHAINEAS LEIS SIN. [30ú Iúil, 1949.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Acht 1946.

1. —San Acht seo, ciallaíonn an abairt “Acht 1946” an t Acht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946) .

Modhnú ar Bhreisithe dleathacha faoi ailt (11) (2) (g) agus 17 (2) (e) dAcht 1946.

2. —(1) Déanfar, amhail ar dháta an Achta seo a rith agus uaidh sin amach, an tsuim is breisiú dleathach ar an mbun-chíos i gcás a luaitear i mír (g) d'fho-alt (2) d'alt 11, nó mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 17, d'Acht 1946 a ríomh do réir an scála atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus forléireofar na míreanna sin agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

(2) Baineann fo-alt (1) den alt seo le caiteachas faoina ndeachthas in aon tréimhse de na tréimhsí dhá bhlian a luaitear sa mhír iomchuí.

Ró-íocaíochta d'aisghabháil.

3. —I gcás—

(a) inar híocadh aon mhéid i leith cíosa a tháinig chun bheith dlite tar éis dáta an Achta seo a rith, agus

(b) ina bhfuil sa mhéid sin suim i leith breisithe dleathaigh faoi mhír (g) d'fho-alt (2) d'alt 11, nó mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 17, d'Acht 1946, agus

(c) inar mó an tsuim sin ná an breisiú dleathach faoin mír iomchuí arna modhnú le halt 2 den Acht seo,

ansin, d'ainneoin nár seirbheáladh aon fhógra ar an tiarna tí ag laghdú an chíosa, beidh an ro-íocaíocht inaisghabhála ón tiarna tí lenar híocadh í nó óna ionadaí pearsanta dlíthiúil ag an tionónta d'íoc í nó ag a ionadaí pearsanta dlíthiúil mar bheadh suim a luaitear in alt 24 d'Acht 1946.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

4. —(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa (Leasú), 1949 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Srianta Cíosa, 1946 agus 1949, a ghairm d'Acht 1946 agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar Acht 1946 agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

AN SCEIDEAL.

Alt 2.

An méid de bharr ar dhá dtrian den bhun-chíos a caitheadh in aon tréimhse dhá bhlian

An breisiú dleathach

£100 ar a mhéid

..

..

..

Suim is comhionann le 15% sa bhliain den bharrachas.

Os cionn £100 ach gan a bheith os cionn £200.

Suim is comhionann le—

15% sa bhliain ar an gcéad £100 den bharrachas, agus

8% sa bhliain ar an bhfuíoll.

Os cionn £200

..

..

..

Suim is comhionann le—

15% sa bhliain ar an gcéad £100 den bharrachas, agus

8% sa bhliain ar an dara £100, agus,

6% sa bhliain ar an bhfuíoll.