34 1950


Uimhir 34 de 1950.


AN tACHT UM AN ACHT SOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (FORÁLA SEALADACHA), 1946 (BUANÚ AGUS LEASÚ), 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'FHAIDIÚ NA TRÉIMHSE A BHEAS AN tACHT SOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (FORÁLA SEALADACHA), 1946 , I bhFEIDHM, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN COMHLUCHTA COMHAIRLITHEACHA ÁIRITHE A BHUNÚ CHUN CRÍOCHA AN ACHTA SIN. [27ú Nollaig, 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Priomh-Acht.

1. —San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Uimh. 22 de 1946) .

An Príomh-Acht a bhuanú.

2. —(1) Mura bhforceanntar roimhe sin é faoi fho-alt (2) den alt seo, leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1951.

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, a dhearbhú go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta sonraithe, roimh an 31ú lá de Nollaig, 1951, agus sa chás sin raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin.

Comhluchta comhairlitheacha.

3. —Féadfaidh Aire ó am go ham, le hordú, socrú a dhéanamh le haghaidh bunú agus comhdhéanamh comhlucht daoine chun comhairle a thabhairt dó maidir le gach ceann nó aon cheann de na cumhachta a bheirtear dó nó a tairmligtear chuige de bhuaidh an Phríomh-Achta agus féadfaidh pé forála fo-ghabhálacha agus forlíontacha is cuí leis an Aire a bheith in aon Ordú den tsórt sin.

Athghaum.

4. —Athghairmtear leis seo an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú), 1949 (Uimh. 31 de 1949) .

Gearrtheideal agus forléiriú.

5. —(1) Féadfar an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú agus Leasú), 1950, a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an Príomh-Acht agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.