27 1951


Uimhir 27 de 1951.


AN tACHT UM AN ACHT SOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (FORÁLA SEALADACHA), 1946 (BUANÚ), 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'FHAIDIÚ NA TRÉIMHSE A BHEAS AN tACHT SOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (FORÁLA SEALADACHA), 1946 , I bhFEIDHM. [19ú Nollaig, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Uimh. 22 de 1946) ;

ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú agus Leasú), 1950 (Uimh. 34 de 1950) .

An Príomh-Acht a bhuanú.

2. —(1) Mura bhforceanntar roimhe sin é faoi fho-alt (2) den alt seo, leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1952.

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, a dhearbhú go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta sonraithe, roimh an 31ú lá de Nollaig, 1952, agus sa chás sin raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin.

Alt 2 d'Acht 1950 d'athghairm.

3. —Athghairmtear leis seo alt 2 d'Acht 1950.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

4. —(1) Féadfar an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú), 1951, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 go 1951, a ghairm den Phríomh-Acht, d'Acht 1950 agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar an Príomh-Acht, Acht 1950 agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.