1 1952


Uimhir 1 de 1952.


AN tACHT UM LIMISTÉIRÍ NEAMHFHORBARTHA, 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHABHRÚ LE FORBAIRT TIONSCAL I LIMISTÉIRÍ NEAMHFHORBARTHA. [22ú Eanáir, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Ré feidhme.

1. —Leanfaidh an tAcht seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1958.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” an comhlucht a bunaítear faoi alt 4;

folaíonn “gnóthas tionscail” gnóthas atá ar marthain ar dháta an Achta seo a rith;

folaíonn “talamh” measáistí, tionontáin agus oidhreachtáin, tithe agus foirgintí d'aon tsórt tionachta;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhlucht a sonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 );

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “límistéir neamhfhorbartha” límistéir lena mbainean n an tAcht seo, do réir ailt 3.

Límistéirí neamhfhorbartha.

3. —(1) Baineann an tAcht seo leis na límistéirí seo a leanas:

(a) na límistéirí cúnga,

(b) aon límistéir eile a ndearbhófar, le hordú ón Aire, an tAcht do bhaint leis de thuras na huaire,

(2) Is iad seo a leanas na límistéirí cúnga:—

(a) Contaethe Dhún na nGall, Shligigh, Liatroma, Roscomáin, Mhuigheo, na Gaillimhe agus Chiarraighe,

(b) sean-tuathcheantair Bhaile Uí Bheacháin, Inis Díomáin, Chill Rois, na Scairbhe, Thulach na nAspal agus Chill an Dísirt, i gContae an Chláir, agus

(c) sean-tuathcheantair Bheanntraighe, Bhaile an Chaisleáin, Scumhaill agus an Sciobairín, i gContae Chorcaighe.

(3) Límistéir neamhfhorbartha a gairmtear de límistéir lena mbaineann an tAcht seo.

An Foras Tionscal.

4. —(1) Beidh comhlucht ann ar a dtabharfar An Foras Tionscal (dá ngairmtear an Bord san Acht seo) chun na feidhmeanna a chomhlíonadh a bheirtear dóibh leis an Acht seo.

(2) Beidh feidhm ag forála an Chéad Sceidil maidir leis an mBord.

Cumhachta ginearálta an Bhoird.

5. —(1) D'fhonn láithreáin nó áitribh a sholáthar, nó cabhrú lena soláthar, le haghaidh gnóthas tionscail a bhunú, d'fhorbairt nó a chothabháil i límistéir neamhfhorbartha, ar deimhin leis an mBord ina thaobh—

(a) gur dhóigh dhó fostaíocht a chur ar fáil nó a choimeád ar fáil sa límistéir sin, agus

(b) gur gá cúnamh airgid chun a áirithiú go ndéanfar é a bhunú, a chothabháil nó d'fhorbairt, agus

(c) gur gnóthas é a bhfuil buanadas réasúnach ann agus go seolfar go héifeachtúil é,

féadfaidh an Bord, ar pé téarmaí is cuí leo—

(i) aon talamh a thógaint go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeantach;

(ii) aon éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile ar bith ar aon talamh nó uisce, nó ina leith, a thógaint (go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú go héigeantach);

(iii) forceannadh, srianadh, nó cur isteach eile a dhéanamh (go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeantach) ar aon éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile ar bith ar aon talamh nó uisce nó ina leith;

(iv) foirgintí agus oibreacha eile a dhéanamh, d'oiriúnú agus a chothabháil;

(v) seirbhísí agus saoráidí a sholáthar i ndáil le talamh;

(vi) talamh a bheas dílsithe iontu a dhíol, a léasú nó a dhiúscairt ar shlí eile;

(vii) deontais a thabhairt chun cabhrú le daoine chun—

(I) talamh a thógaint,

(II) foirgintí agus oibreacha eile a dhéanamh, d'oiriúnú agus a chothabháil, agus

(III) seirbhísí agus saoráidí a sholáthar i ndáil le talamh;

(viii) aon ghníomh nó rud a dhéanamh is gá chun aon ní a dhéanamh, nó a ghabhas le déanamh aon ní, a húdaraítear leis na míreanna sin roimhe seo don Bhord a dhéanamh.

(2) Beidh feidhm ag forála an Dara Sceidil maidir le feidhmiú a gcumhacht faoin alt seo ag an mBord.

(3) Ní bheidh aon dleacht stampa iníochtha ar aon ionstraim faoina dtógfaidh an Bord aon talamh, éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile ar bith ar aon talamh nó uisce nó ina leith.

(4) Ní forléireofar aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a dhéanas difir d'oibriú ailt 130 den Acht Iompair, 1944 (Uimh. 21 de 1944) .

Deontais le haghaidh inneallra agus trealaimh.

6. —(1) Féadfaidh an Bord deontais a thabhairt, ar pé téarmaí is cuí leo, mar chabhair chun inneallra agus trealamh a sholáthar le haghaidh gnóthais tionscail i límistéir neamhfhorbartha, más deimhin leis an mBord—

(a) gur dhóigh don ghnóthas fostaíocht a chur ar fáil nó a choimeád ar fáil sa límistéir sin, agus

(b) gur gá cúnamh airgid chun a áirithiú go ndéanfar é a bhunú, a chothabháil nó d'fhorbairt, agus

(c) go bhfuil buanadas réasúnach ann agus go seolfar go héifeachtúil é.

(2) Ní bheidh an méid iomlán a deonfar amhlaidh níos mó in aon chás ná leath costais an inneallra nó an trealaimh a soláthófar.

Deontais chun oibrithe a thréineáil.

7. —(1) Féadfaidh an Bord deontais a thabhairt, ar pé téarmaí is cuí leo, chun tréineáil a thabhairt d'oibrithe, sa Stát nó in áit eile, ar phróiseanna ar gá oilteacht chucu i ngnóthas tionscail i límistéir neamhfhorbartha, más deimhin leis an mBord—

(a) gur dhóigh don ghnóthas fostaíocht a chur ar fáil nó a choimeád ar fáil sa límistéir sin, agus

(b) gur gá cúnamh airgid chun a áirithiú go ndéanfar é a bhunú, a chothabháil nó d'fhorbairt, agus

(c) go bhfuil buanadas réasúnach ann agus go seolfar go héifeachtúil é.

(2) Ní bheidh an méid iomlán a deonfar amhlaidh níos mó ná méid na páighe a íocfas an gnóthas iarbhír leis na hoibrithe i gcaitheamh a dtréimhse tréineála, maraon le méid a gcostas taistil agus cothuithe i gcás oibrithe a tréineálfar lasmuigh den Stát.

(3) Nuair a beifear ag meas páigh oibrí chun na críche seo, ní háireofar aon mhéid a híocfar de bhreis ar na gnáth-rátaí ceardchumainn i gcás foghlaimeora i bhfostaíocht den tsórt céanna sa límistéir céanna nó i límistéir cosúil leis.

Deontais le haghaidh bóithre, droichead, oibreacha cuain, línte agus saoráidí iarnróid, tithe agus ceaintíní.

8. —(1) Féadfaidh an Bord, chun cabhrú le gnóthas tionscail ar dóigh dhó fostaíocht a chur ar fáil nó a choimeád ar fáil i límistéir neamhfhorbartha, deontais a thabhairt, ar pé téarmaí is cuí leo—

(a) chun bóithre, droichid, oibreacha cuain, agus línte agus saoráidí iarnróid a dhéanamh agus a dheisiú, agus

(b) chun tithe agus cóiríocht chónaithe eile agus ceaintíní agus ionaid eile séarais nó siamsa a sholáthar do dhaoine a bheas ar fostú sa ghnóthas.

(2) Sara dtugaid deontas faoin alt seo i leith bóthair nó droichid phoiblí, raghaidh an Bord i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil.

Rátaí a mhaitheamh.

9. —(1) Baineann an t-alt seo le háitreabh a dheimhneos an Bord a bheith arna sholáthar, do ghnóthas tionscail i límistéir neamhfhorbartha, ag an mBord nó trí dheontas ón mBord.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil, más oiriúnach leo, dhá dtrían ráta is intobhaigh acu i leith áitribh lena mbaineann an t-alt seo a mhaitheamh.

(3) Faoi réir fo-ailt (4), beidh éifeacht ag an maitheamh i leith na bliana airgeadais áitiúla díreach i ndiaidh na bliana airgeadais áitiúla ina gcinntear an maitheamh a dheonadh agus i leith gach ceann de na naoi mbliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin.

(4) Má dheimhníonn an Bord, in aon bhliain airgeadais áitiúil, nár chomhlíon an gnóthas na téarmaí ar ar soláthraíodh an t-áitreabh, ní bheidh éifeacht ag an maitheamh i leith na bliana airgeadais áitiúla sin.

(5) Ní deonfar maitheamh níos mó ná uair amháin i leith aon áitribh áirithe.

(6) I gcás gan luacháil ar leithligh, faoi na hAchta Luachála, a bheith déanta ar áitreabh, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar iarratas ón mBord, an méid is cuí leis de luacháil inrátuithe na maoine ar cuid di an t-áitreabh a chionroinnt ar an áitreabh.

(7) Is feidhmeanna forcoimeádta chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942, na cumhachta a bheirtear d'údarás áitiúil leis an alt seo.

Leictreachas ar rátaí ísle.

10. —Déanfaidh Bord Soláthair an Leictreachais, má ceangaltar sin orthu le hordú ón Aire arna dhéanamh ar mholadh ón mBord a bunaítear faoin Acht seo, leictreachas a sholáthar chun aon chríche do ghnóthas tionscail i límistéir neamhfhorbartha ar ráta nach mó ná an ráta is ísle ar a soláthraítear leictreachas chun na críche sin in aon chuid den Stát.

Feidhm ailt 16 den Acht um Bailte agus Líomatáistí a Shíneadh Amach, 1934.

11. —Beidh an Bord ina bhord reachtúil chun críocha ailt 16 den Acht um Bailte agus Líomatáistí a Shíneadh Amach, 1934 (Uimh. 22 de 1934) , alt a bhaineas le comhar le húdaráis phleanála d'fhonn a áirithiú go ndéanfar do réir scéimeanna pleanála.

Deontais don Bhord.

12. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, don Bhord chun a chumasú dhóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Ní bheidh méid iomlán na ndeontas faoin alt seo níos mó ná dhá mhilliún punt.

Caiteachais an Aire.

13. —Na caiteachais faoína raghaidh an tAire ag forghníomhú an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Gearrtheideal.

14. —Féadfar an tAcht um Límistéirí Neamhfhorbartha, 1952 , a ghairm den Acht seo.

AN CHEAD SCEIDEAL

An Foras Tionscal.

Alt 4.

Corprú.

1. Beidh an Bord ina gcomhlucht corpraithe le comharbas suthain agus gnáthshéala agus cumhacht agartha agus chun bheith inagartha faoina n-ainm chorpraithe agus cumacht chun talamh a thógaint agus a shealbhú.

Ceapadh agus coinníollacha seirbhíse.

2. (1) Beidh an Bord comhdhéanta de thriúr comhaltaí a mbeidh duine acu ina chathaoirleach.

(2) Is é an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a cheapfas an Cathaoirleach agus na comhaltaí eile.

(3) Is mar chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, tráth a cheaptha ina chomhalta, a bheas téarma oifige (nach mbeidh níos sia ná cúig bliana) agus coinníollacha seirbhíse comhalta.

(4) Íocfar le gach comhalta, as cistí a bheas faoina réir ag an mBord, pé luach saothair a chinnfeas an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(5) Féadfar comhalta a bheas ag dul as oifig d'athcheapadh.

(6) Ní bhainfidh Achta Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, le hoifig chomhalta.

Nós imeachta.

3. (1) Féadfaidh an Bord gníomhú trí aon bheirt dá líon agus d'ainneoin folúntais ina gcomhaltas.

(2) Féadfaidh an Bord a nós imeachta féin a rialáil.

Cur as oifig, éirí as oifig agus dícháiliú.

4. (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, comhalta a chur as oifig.

(2) Féadfaidh comhalta éirí as a oifig.

(3) Má thagann comhalta den Bhord chun bheith ina chomhalta de cheachtar Tigh den Oireachtas, ansin, ar é a theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, i dteideal suí sa Tigh sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord.

(4) Duine a bheas de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, chun suí sa Tigh sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

(5) Beidh comhalta dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh de bheith, i seilbh oifige má breithnítear ina fhéimhí é, nó má dhéanannséimshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe, nó má dhaorann cúirt dlínse inniúla é chun príosúnachta nó pian-tseirbhíse.

(6) Ní bheidh comhalta den Bhord ina chomhalta d'údarás áitiúil.

Gan eolas a nochtadh.

5. Ní nochtfaidh comhalta aon eolas a gheobhas sé i gcomhlíonadh a fheidhmeanna i dtaobh cúrsaí príobháideacha aon duine nó gnótha ach amháin i gcúrsa tuarascála chun an Aire.

Leas airgeadais a nochtadh.

6. Má bhíonn aon leas airgeadais, díreach nó neamhdhíreach, ag comhalta in aon ghnóthas tionscail, cuirfidh sé in iúl don Aire, sara gcomhlíonfaidh sé aon fheidhmeanna mar chomhalta den Bhord, cad é an leas é agus déanfaidh do réir pé ordachán a bhéarfas an tAire dhó ina thaobh.

Gnáthshéala.

7. (1) Déanfar gnáthshéala an Bhoird, nuair a cuirfear ar dhoiciméad é, d'fhianú le síniú bheirt chomhaltaí.

(2) Bhéarfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar ghnáthshéala an Bhoird agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartós a bheith ina ionstraim arna déanamh ag an mBord agus a bheith séalaithe le gnáthshéala an Bhoird agus a bheith fianaithe do réir na míre seo, agus measfar, gan a thuilleadh cruthúnais, gurb í an ionstraim sin í, mura gcruthaítear a mhalairt.

Conartha agus ionstraimí gan séala.

8. Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba phearsa a dhéanfadh nó d'fhorghníomhódh é, féadfaidh aon duine a bheas údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an mBord chuige sin é a dhéanamh nó d'fhorghníomhú thar ceann an Bhoird.

Oifigigh agus seirbhísígh.

9. (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh is dóigh leis is gá chun cabhrú leis an mBord i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna.

(2) Beidh na hoifigigh agus na seirbhísigh a ceapfar amhlaidh i seilbh oifige ar pé téarmaí, agus gheobhaid pé luach saothair. a chinnfeas an tAire Airgeadais.

(3) Féadfaidh an tAire, ar an mBord dá iarraidh sin agus le toiliú an Aire Airgeadais, comhairleoirí teicniúla don Bhord a cheapadh agus féadfar pé táillí nó luach saothair eile a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'íoc leis na comhairleoirí sin as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

(4) Ní dhéanfaidh aon chomhairleoir teicniúil aon eolas a gheobhas sé i gcomhlíonadh a dhualgas mar chomhairleoir den tsórt sin a nochtadh ach amháin i gcúrsa tuarascála uaidh chun an Bhoird. Aon duine a shárós an fhoráil seo beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Cuntais agus iniúchadh.

10. (1) Coimeádfaidh an Bord, i pé foirm a cheadós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is gnáth agus is cuí ar airgead a gheobhaid agus a chaithfid, agus coimeádfaid go háirithe na ountais speisialta sin go léir a ordós an tAire ó am go ham.

(2) Cuirfidh an Bord na cuntais faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go bliantúil lena n-iniúchadh, pé tráth a ordós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus déanfar na cuntais sin ar iad a bheith iniúchta amhlaidh, maraon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a thíolacadh don Aire agus bhéarfaidh seisean go leagfar cóipeanna dhíobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil.

11. Bhéarfaidh an Bord tuarascáil bhliantúil ar a ngníomhachta i pé foirm a ordós an tAire, agus bhéarfaidh an tAire go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuairisceáin.

12. Bhéarfaidh an Bord don Aire pé eolas i dtaobh a ngníomhachta a iarrfas sé ó am go ham.

Caiteachais chomhaltaí.

13. Íocfaidh an Bord le gach duine dá gcomhaltaí pé caiteachais taistil agus chothuithe agus pé caitheachais teagmhasacha faoina raghaidh sé agus a cheadós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

AN DARA SCEIDEAL.

Forala Maidir le Feidhmiu Cumhacht an Bhoird.

Talamh a Thógaint.

Alt 5.

Dul isteach ar thalamh, etc., roimh an tíolacadh.

1. (1) Aon uair roimh an tíolacadh nó fionnadh an phraghais nó an chúitimh a dhéanamh, féadfaidh an Bord, faoi réir na míre seo agus chun aon cheann dá bhfeidhmeanna a chomhlíonadh:

(a) dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar aon talamh;

(b) aon cheart d'fheidhmiú a húdaraítear leis an Acht seo don Bhord a thógaint;

(c) forceannadh, srianadh nó cur isteach eile a dhéanamh ar aon éasúint nó aon mhaoin nó ceart eile a n-údaraítear don Bhord leis an Acht seo forceannadh, srianadh nó cur isteach eile a dhéanamh air.

(2) Aon uair a fheidhmeos an Bord aon chumhacht faoi fhomhír (1) dlífid ús d'íoc, le háititheoir na talún nó le húnaer na héasúna, an chirt nó na maoine eile a ndeachthas isteach air nó ar cuireadh isteach air, ar mhéid an phraghais nó an chúitimh is iníoctha faoin Acht seo leis an áititheoir nó leis an únaer, do réir trí faoin gcéad sa bhliain ó dháta an dula isteach nó an churtha isteach go dtí dáta íoctha an phraghais nó an chúitimh.

(3) Ní dhéanfaidh an Bord—

(a) dul isteach ná seilbh a ghlacadh ar aon talamh faoin mír seo gan fógra mí ar a laghad nó, i gcás tí chónaithe áitithe, fógra trí mhí ar a laghad, a thabhairt i scríbhinn roimh ré don áititheoir go bhfuilid ar intinn sin a dhéanamh, ná

(b) aon éasúint ná ceart eile d'fheidhmiú ná cur isteach ar aon cheart ná maoin faoin mír seo gan fógra mí ar a laghad a thabhairt i scríbhínn roimb ré don únaer go bhfuilid ar intinn sin a dhéanamh.

(4) Féadfar fógra faoin mír seo a sheirbheáil ar dhuine ar bith trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach arna dhíriú chun an duine sin ag an seoladh is gnáth, nó is déanaí is eol, a bheith aige.

(5) Mura féidir, ar aon chúis, an clúdach a dhíriú amhlaidh, féadfar é a dhíriú chun an duine dá mbeidh sé beartaithe i gceachtar slí nó sa dá dhlí acu seo a leanas:—

(a) faoin tuairisc “an t-únaer” nó “an t-áititheoir” (pé acu é) gan a ainm a lua,

(b) ag an talamh nó ag suíomh na maoine lena mbaineann an fógra.

Léarscála, pleananna, etc., a thaisceadh.

2. (1) Bhéarfaidh an Bord, tráth nach déanaí ná mí roimh iad do dhul isteach ar aon talamh nó roimh iad do chur isteach ar aon mhaoin nó ceart, go dtaiscfear do réir na míre seo léarscála, pleananna agus leabhair eolais maidir leis an gcéanna.

(2) Beidh na léarscála agus na pleananna líonmhar a ndóthain agus de shaghas is leor chun go dtaispeánfaid ar leor-scálaí an mhaoin, corprach nó neamhchorprach, a beartaítear a thógaint agus gach cur isteach (a mhéid is féidir sin a thaispeáint ar líníocht) a beartaítear a dhéanamh ar aon mhaoin, corprach nó neamhchorprach.

(3) Beidh sna leabhair eolais ainmneacha na ndaoine is únaerí nó únaerí toimhdean, léasaithe nó léasaithe toimhdean, agus áititheoirí ar an talamh go léir a mbeartaítear í a thógaint nó baint léi ar shlí eile faoin Acht seo agus ar an maoin go léir, corprach nó neamhchorprach, a mbeartaítear cur isteach uirthi in aon tslí faoin Acht seo.

(4) Taiscfear na léarscála, na pleananna agus na leabhair eolais i bpríomh-oifig an Bhoird agus i pé áiteanna eile a ordós an tAire agus coimeádfar ar taisceadh amhlaidh iad go ceann pé tréimhse a hordófar agus, faid a bheid ar taisceadh amhlaidh, beid ar fáil chun a n-iniúchta ag duine ar bith, in aisce, idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog tráthnóna gach lá ach amháin an Satharn, an Domhnach, agus laethanta saoire bainc.

(5) A luaithe is féidir tar éis aon léarscála, pleananna, nó leabhair eolais a thaisceadh, bhéarfaidh an Bord fógra poiblí i dtaobh an taiscthe sin trí fhóghrán d'fhoilsiú faoi dhó i ngach ceann de dhá nuachtán laethúla nó níos mó agus i pé nuachtáin eile (más ann) a ordós an tAire.

(6) Déarfar sa bhfógra poiblí go bhfuil na léarscála, na pleananna nó na leabhair eolais lena mbaineann sé ar fáil chun a n-iniúchta ag an bpobal do réir na míre seo agus luafar ann na trátha agus na háiteanna a bhféadfar iad d'iniúchadh.

Praghas nó cúiteamh a mheasúnú.

3. (1) An praghas nó an cúiteamh a bheas le n-íoc ag an mBord, as aon talamh a tógadh (go buan nó go sealadach) faoin Acht seo, leis na daoine ar leithligh a bhfuil teideal acu chuioi, nó eastáit nó leasa acu inti, nó as aon éasúint, cead slí, ceart uisce, nó ceart eile, nó i leith aon cheann acu sin, a tógadh amhlaidh (go buan nó go sealadach), leis an únaer nó leis na daoine ar leithligh a bhfuil teideal acu chun na talún nó eastáit nó leasa acu sa talamh, ar uirthi nó ina leith a tógadh an ceart sin amhlaidh, déanfar, cheal comhaontuithe, a mhéid a cheapadh faoi réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

(2) An cúiteamh a bheas le n-íoc ag an mBord, as forceannadh nó srianadh nó cur isteach eile (buan nó sealadach) a dhéanamh faoin Acht seo ar aon éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile ar aon talamh nó uisce nó ina leith, déanfar, cheal comhaontuithe, a mhéid a cheapadh faoi réim agus do réir an Aquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, amhail is dá mba é a bheadh sa chúiteamh sin an praghas ar thalamh a tógfaí go héigeantach.

(3) Nuair a bheas aon phraghas nó cúiteamh á mheasúnú i leith aon mhaoine, corprach nó neamhchorprach, atá á háitiú nó á húsáid nó á teachtadh i dteannta aon mhaoine eile nó is cuid d'aon mhaoin eile, bhéarfar aird ar aon tsochar i bhfoirm siltin nó i bhfoirm feabhsú ar sholáthar uisce a mbeadh sé réasúnach súil a bheith lena theacht don mhaoin eile sin de bhíthin aon oibreacha a bheas déanta nó á ndéanamh nó ar tí a ndéanta faoin Acht seo.

(4) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845 (arna oiriúnú nó arna leasú le haon Acht iardain nó faoi) maidir le haon phraghas nó cúiteamh is iníoctha faoin mír seo agus maidir le maoin, corprach nó neamhchorprach, a bheas tógtha faoin Acht seo, a thíolacadh don Bhord, agus chun críche na feidhme sin measfar gurb iad an Bord bunaitheoirí an ghnóthais.

(5) Ní bheidh aon ábhar caingin, dlí ná cothromais, i gcoinne an Bhoird ná aon chonraitheora ná aon oifigigh ná seirbhísigh don Bhord ná d'aon chonraitheoir i dtaobh ná i leith aon ghnímh, ní ná ruda a mbeidh cúiteamh iníoctha ina leith de bhuaidh na míre seo.

An tréimhse chun praghas nó cúiteamh d'éileamh

4. Gach éileamh ar an bpraghas le haghaidh, nó an cúiteamh i leith, aon talún, éasúna, cirt nó maoine eile (corprach nó neamhchorprach) a tógadh nó ar cuireadh isteach air faoin Acht seo, déanfar é laistigh de bhliain tar éis an dáta a chuathas isteach, nó a rinneadh feidhmiú nó cur isteach den chéad uair, faoin Acht seo, ar an talamh, an éasúint, an ceart, nó an mhaoin.

Oibreacha a dhéanamh in ionad cúiteamh d'íoc.

5. (1) Má bhíonn teideal, iarbhír nó go hionchasach, ag duine chun cúitimh i leith aon ní a rinneadh nó a beartaítear a dhéanamh go dleathach faoin Acht seo, féadfaidh an Bord pé oibreacha a dhéanamh chun tairbhe dhó, mar shásamh nó mar shásamh páirteach ina éileamh ar chúiteamh, is cuí leis an mBord agus a aontós an duine sin a ghlacadh.

(2) Féadfaidh an Bord pé téarmaí (lena n-áirítear téarmaí i dtaobh únaerachta, seilbhe, agus stiúrtha na n-oibreacha), ar a gcomhaontóidh an Bord agus an duine ar chun tairbhe dhó a déanfar na hoibreacha amhlaidh, a chur le déanamh aon oibreacha faoin mír seo.

Talamh a thógaint in ionad cúiteamh d'íoc.

6. Aon uair is dóigh leis an mBord go mbeadh sé neamheacnamúil nó go mbeadh sé neamhfhóirstineach ar aon chúis eile cúiteamh d'íoc as cur isteach ar aon talamh, féadfaid an talamh a thógaint go buan faoin Acht seo, trí chomhaontú nó go héigeantach.

Cumhachta agus dualgais i gcás talamh tógtha a bheith faoi réir blianachta talamh-cheannaigh, etc.

7. (1) Sa mhír seo, ciallaíonn “údarás poiblí” Coimisiún Talún na hÉireann nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn.

(2) Aon uair a thógfas an Bord go buan aon talamh atá, aisti féin nó i dteannta talún eile, faoi réir blianachta talamh-cheannaigh, íocaíochta in ionad cíosa, nó suime bliantúla eile (nach é amháin atá inti cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha le húdarás poiblí, ansin, amhail ón dáta a raghaid isteach agus a ghlacfaid seilbh ar an talamh a thógfaid amhlaidh—

(a) titfidh, agus beidh, dliteanas orthu an tsuim bhliantúil sin, nó pé cuid di a chionroinnfeas an t-údarás poiblí ar an talamh sin, d'íoc leis an údarás poiblí, amhail is dá n-aistríodh an t-únaer an talamh chun an Bhoird ar an dáta sin, agus

(b) beid i dteideal, más oiriúnach leis an mBord é, an tsuim bhliantúil sin, nó an chuid di adúradh, d'fhuascailt, agus

(c) beidh d'oibleagáid orthu, má cheanglann an t-údarás poiblí orthu é, an tsuim bhliantúil sin, nó an chuid di adúradh, d'fhuascailt.

Cumhacht an Bhoird chun talamh a cheannach ó Choimisiún Talún na hÉireann.

8. (1) Féadfaidh an Bord aon talamh, atá dílsithe i gCoimisiún Talún na hÉireann agus atá ag teastáil ón mBord chun aon cheann dá bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, a cheannach ó Choimisiún Talún na hÉireann.

(2) Ceannófar an talamh amhlaidh ar pé praghas agus ar pé praghas agus ar pé téarmaí eile ar a gcomhaontóidh an Bord agus Coimisiún Talún na hÉireann, faoi réir an tsrianta nach ndéanfar, nuair a bheas an praghas á mheasúnú, aon aird a thabhairt, ná aon mhéadú praghais a lamháil, ar fheabhsú ar bith a rinneadh ar an talamh le hairgead a híocadh nó a hairleacadh as an bPríomh-Chiste nó as airgead a sholáthraigh an tOireachtas.

(3) Déanfaidh Coimisiún Talún na hÉireann an talamh a thíolacadh don Bhord nó a dhílsiú iontu.

(4) Soláthróidh agus íocfaidh an Bord an praghas a bheas le n-íoc.

(5) Íocfaidh an Bord costais agus caiteachais uile an Bhoird agus Choimisiún Talún na hÉireann i dtaobh nó i leith an cheannaigh sin.

(6) Sna forála roimhe seo den mhír seo, folaíonn “talamh” aon éasúint, profit-á-pendre, nó ceart eile ar aon talamh nó ina leith, agus folóidh an chumhacht cheannaigh a bheirtear leis an mír seo cumhacht chun aon cheart den tsórt sin a cheannach pé acu i dteannta nó d'éagmais talamh a cheannach é.

Ilghnéitheach.

Conraitheoirí d'fhostú.

9. (1) Féadfaidh an Bord conradh a dhéanamh le duine ar bith chun é do dhéanamh aon oibre a húdaraítear don Bhord leis an Acht seo a dhéanamh.

(2) Féadfaidh an Bord an ceart chun an obair a dhéanamh a tharmligean chun an duine sin trí chomhaontú, agus air sin beidh aige, i gcomhréim leis an mBord, an ceart chun pé cumhachta d'fheidhmiú, de na cumhachta a bheirtear don Bhord leis an Acht seo, is gá chun an obair a dhéanamh agus a sonrófar sa chomhaontú.

(3) Na tagairtí atá san Acht seo don Bhord do dhéanamh aon oibre nó ruda, forléireofar iad mar thagairtí a fholaíos déanamh na hoibre nó an ruda sin ag conraitheoir a bheas údaraithe faoin mír seo.

Cumhacht ghinearálta an Bhoird chun dul isteach ar thalamh.

10. (1) Beidh an Bord agus a n-oifigigh agus a seirbhísigh, agus daoine eile a bheas údaraithe chuige sin ag an mBord, i dteideal dul isteach ar aon talamh chun gach ní nó aon ní a dhéanamh ar an talamh sin, nó ar aon talamh eile, a húdaraítear don Bhord a dhéanamh leis an Acht seo nó chun aon fhiosrú, imscrúdú nó scrúdú a dhéanamh roimh ré.

(2) Duine ar bith a dhéanfas cosc nó toirmeasc nó cur isteach ar fheidhmiú aon chumhachta ag an mBord nó ag aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord nó ag aon duine a bheas údaraithe ag an mBord, is cumhacht a bheirtear dóibh nó dó leis an mír seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Ceart ag an mBord chun eolais as leabhair rátaí.

11. Aon uair a theastós eolas as leabhar rátaí nó as doiciméad eile dá shamhail ón mBord chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás áitiúil a mbeidh an leabhar nó an doiciméad sin ina gcoiméad, ar an mBord dá iarraidh sin orthu—

(a) cead a thabhairt d'aon oifigeach don Bhord a bheas údaraithe chuige sin ag an mBord cóip d'iomlán an leabhair nó an doiciméid nó d'aon chuid de d'iniúchadh in aisce, agus

(b) cóip den leabhar nó den doiciméad, nó d'aon chuid áirithe dhe a shonrós an Bord, a thabhairt don Bhord, ar an mBord d'íoc pé táille ar a gcomhaontóidh an Bord agus an t-údarás áitiúil nó, mura gcomhaontóid amhlaidh, a cheapfas an tAire Rialtais Áitiúil.

Seirbhísí poist agus telegrafa a chaomhaint.

12. Ní dhéanfaidh an Bord ná aon chonraitheoir a bheas ag déanamh aon oibreacha faoin Acht seo aon talamh, oibreacha, gléasra, ábhair ná maoin eile leis an Aire Poist agus Telegrafa a thógaint chucu ná dul isteach orthu ná iad a dhíchur ná cur isteach orthu ar shlí eile de bhuaidh an Achta seo, ná ní dhéanfaidh aon oibreacha ná aon ní ná rud eile, de bhuaidh an Achta seo, is dóigh leis an Aire Poist agus Telegrafa a choiscfeadh, a mhoilleodh, a bhacfadh nó a dhocharódh ar shlí eile feidhmiú cuí seirbhísí poiblí na Roinne Poist agus Telegrafa.

Talamh barrachais a dhiúscairt.

13. Féadfaidh an Bord aon talamh a bheas dílsithe iontu, agus nach mbeidh ag teastáil a thuilleadh chun críocha a bhfeidhmeanna, a dhíol nó a léasú.

Airgead an Bhoird a dhiúscairt.

14. Aon airgead a gheobhas an Bord as talamh a dhiúscairt, pé acu trí dhíol, léasú nó ar shlí eile é, íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.