3 1952


Uimhir 3 de 1952.


AN tACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DE LEATHNÚ AN ACHTA UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1946 . [18ú Márta, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Feidhm ag an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 , maidir le 1952-53.

1. —Beidh feidhm ag an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 (Uimh. 36 de 1946) , maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1953.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1952 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1952, a ghairm de na h Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1951, agus den Acht seo le chéile.