|
||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 6 de 1952. | ||
[EN] |
AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1952. | |
[An tiontó oifigiúil] |
ACHT DO CHUR SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A DÓ AGUS MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A TRÍ. [28ú Márta, 1952.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
£11,350,190 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1952. |
1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Aon Mhilliún Déag, Trí Chéad agus Caoga Míle, Céad agus Nócha Punt d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad caoga a dó. |
[EN] |
£33,140,340 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1953. |
2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Tríocha agus Trí Mhilliún, Céad agus Ceathracha Míle, Trí Chéad agus Ceathracha Punt d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad caoga a trí. |
[EN] |
Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £44,490,530 d'fháil ar iasacht. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Ceathracha agus Ceithre Mhilliún, Ceithre Chéad agus Nócha Míle, Cúig Chéad agus Tríocha punt d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan chun an Aire Airgeadais agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis. |
[EN] | (2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na hurrúis sin d'eisiúint. | |
[EN] | (3) Aon airgead a cruinneofar trí urrúis a heiseofar faoin Acht seo, cuirfear chun creidiúnais do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
4. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1952 , a ghairm den Acht seo. |