|
||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 9 de 1952. | ||
[EN] |
ACHT AN BHAINNE (SOLÁTHAR AGUS PRAGHAS A RIALÁIL) (LEASÚ), 1952. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT AN BHAINNE (SOLÁTHAR AGUS PRAGHAS A RIALÁIL), 1936 AGUS 1941. [10ú Meitheamh, 1952.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “ Acht 1936 ” Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 (Uimh. 43 de 1936) , arna leasú le hAcht 1941 ; | |
[EN] | ciallaíonn “ Acht 1941 ” Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil) (Leasú), 1941 (Uimh. 11 de 1941) . | |
[EN] | (2) Déanfar na tagairtí i gCuid II d'Acht 1936 don Chuid sin II d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Acht seo. | |
[EN] |
Tosach foidhme. |
2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a socrófar chuige sin le hordú ón Aire. |
[EN] |
Ranníoc ó bhoird i leith scéimeanna chun táirgeadh bainne a mhéadú. |
3. —Féadfaidh an bord do chomhcheantar, le toiliú an Aire, íoc as costas iomlán, nó as cuid de chostas, aon scéime a bheas ceaptha chun táirgeadh bainne sa cheantar táirgthe a mhéadú. |
[EN] |
Cumhacht bhord chun gabháil le gnó díola bhainne. |
4. —(1) Féadfaidh an bord do chomhcheantar, le toiliú an Aire, gabháil, laistigh agus lasmuigh den chomhcheantar, le gnó díola bhainne agus, chun na críche sin, bainne agus táirgí bainne a cheannach, d'ullmhú agus a dhíol, áitribh agus trealamh d'fháil, iostaí a bhunú chun bainne agus táirgí bainne a dhíol, cúltaisce de bhainne tiormaithe agus de bhainne comhdhlúite agus de choimeádáin bhainne a thiomsú agus a chothabháil agus gach ní a dhéanamh is gá chun an gnó sin a sheoladh. |
[EN] | (2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, ní ghabhfaidh an bord do chomhcheantar le gnó díola bhainne tráth ar bith murab é tuairim an Aire go bhfuil, nó gur dócha go mbeidh, barrachas nó ganntanas bainne sa chomhcheantar. | |
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag alt 44 d'Acht 1936 maidir le bainne a dhíol le bord. | |
[EN] | (4) Ní bheidh feidhm ag alt 25 d'Acht 1941 maidir le bord do cheannach bainne. | |
[EN] |
Ceadúnais chun Bainne den Ghrád is Airde a cheannach. |
5. —(1) Féadfaidh bord do chomhcheantar ceadúnas a dheonadh d'aon mhiondíoltóir cláraithe nó d'aon mhórdhíoltóir cláraithe i leith an cheantair sin chun Bainne den Ghrád is Airde a cheannach ó dhuine atá ceadúnaithe chun bheith ag gabháil do tháirgeadh Bainne den Ghrád is Airde faoi na Rialacháin Bhainne agus Déirithe (Ainmneacha Speisialta), 1938 (R. & O. R., Uimh. 148 de 1938), agus nach táirgeoir cláraithe i leith an cheantair sin. |
[EN] | (2) Aon uair a deonfar ceadúnas faoin alt seo do dhuine ar bith, féadfaidh sé, d'ainneoin aon ní in Acht 1941, Bainne den Ghrád is Airde a cheannach do réir an cheadúnais sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an bord do chomhcheantar pé coinníollacha is oiriúnach leo a chur le haon cheadúnas a dheonfaid do dhuine faoin alt seo agus má mhainníonn an duine sin na coinníollacha sin nó aon cheann acu a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear na pionóis a luaitear sa Sceideal a ghabhas le hAcht 1936 a chur air. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an bord do chomhcheantar ceadúnas a dheonadar faoin alt seo a chúlghairm tráth ar bith. | |
[EN] |
Ceadúnais ó Bhord Bainne Cheantar Bhaile Atha Cliath agus srian le bainne a choannach. |
6. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “ an Bord ” Bord Bainne Cheantar Bhaile Atha Cliath, a bunaíodh faoi alt 8 d'Acht 1936 ; | |
[EN] | ciallaíonn “ miondíoltóir cláraithe ” duine atá cláraithe de thuras na huaire sa chlár de mhiondíoltóirí atá á choimeád ag an mBord ; | |
[EN] | ciallaíonn “ mórdhíoltóir cláraithe ” duine atá cláraithe de thuras na huaire sa chlár de mhórdhíoltóirí atá á choimeád ag an mBord ; | |
[EN] | ciallaíonn “ uachtarlann ” áitreabh atá cláraithe de thuras na huaire sa chlár d'uachtarlanna atá á choimeád faoin Acht Toradh Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924) ; | |
[EN] | ciallaíonn “dílseánach cláraithe”, maidir le huachtarlann, dílseánach cláraithe na huachtarlainne sin chun críocha an Achta Toradh Déiríochta, 1924. | |
[EN] | (2) Ní cheannóidh miondíoltóir cláraithe ná mórdhíoltóir cláraithe bainne ó dhílseánach cláraithe uachtarlainne ach amháin faoi réim agus do réir cheadúnais chuige sin a deonfar dó faoin alt seo. | |
[EN] | (3) Féadfar ceadúnas a dheonadh faoin alt seo tráth ar bith d'aon mhiondíoltóir cláraithe nó d'aon mhórdhíoltóir cláraithe— | |
[EN] | (a) á cheadú dhó cainníocht shonraithe bhainne in aghaidh an lae, na seachtaine, na míosa nó aon tréimhse eile a cheannach, i gcaitheamh tréimhse sonraithe, ó dhílseánach cláraithe sonraithe uachtarlainne, nó | |
[EN] | (b) á cheadú dhó cainníocht shonraithe bhainne a cheannach ar ócáid shonraithe ó dhílseánach cláraithe sonraithe uachtarlainne. | |
[EN] | (4) Féadfaidh oifigeach don Bhord a bheas údaraithe chuige sin ag an mBord ceadúnas faoin alt seo a dheonadh in ainm agus thar ceann an Bhoird. | |
[EN] | (5) Ní foláir gach ceadúnas faoin alt seo a bheith sínithe ag an oifigeach don Bhord a dheoin é agus is dílse-dheimhniú leordhóthaineach ar an gceadúnas sin an síniu sin. | |
[EN] | (6) Measfar gur ceadúnas faoin alt seo aon cheadúnas a deonadh faoin Ordú Cumhachta Práinne (Bord Bainne Cheantar Bhaile Atha Cliath), 1943 (R. & O. R., Uimh. 406 de 1943), agus a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta seo. | |
[EN] | (7) Féadfar ceadúnas faoin alt seo a dheonadh i dteannta agus faoi réir pé coinníollacha a bheas sainráite ann agus comhlíonfaidh an ceadúnaí na coinníollacha sin. | |
[EN] | (8) Féadfaidh an Bord ceadúnas faoin alt seo a chúlghairm tráth ar bith trí fhógra i scríbhínn a bheas sínithe thar ceann an Bhoird ag oifigeach don Bhord a bheas údaraithe chuige sin ag an mBord. | |
[EN] | (9) Má sháraíonn duine ar bith (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon fhoráil den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear na pionóis a luaitear sa Sceideal a ghabhas le hAcht 1936 a chur air. | |
[EN] |
Alt 41 d'Acht 1936 a leasú. |
7. —Leasaítear leis seo alt 41 d'Acht 1936— |
[EN] | (i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad míre (b) d'fho-alt (1) : | |
[EN] | “(b) íocfaidh leis an mbord sin, do réir an ailt seo, dleacht a háireofar do réir suime ordaithe ar gach galún bainne a dhíol sé sa cheantar díola cónasctha i rith na tréimhse cuntasaíochta sin le gach duine (seachas an bord sin) nach bhfuil cláraithe sa chlár sin de mhiondíoltóirí nó sa chlár sin de mhórdhíoltóirí.” | |
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad míre (b) d'fho-alt (2) : | |
[EN] | “(b) íocfaidh leis an mbord sin, do réir an ailt seo, dleacht a háireofar do réir suime ordaithe ar gach galún bainne a fuair sé i rith na tréimhse cuntasaíochta sin ón mbord sin nó ó aon duine seachas duine atá cláraithe sa chlár sin de mhiondíoltóirí nó sa chlár sin de mhórdhíoltóirí.” | |
[EN] |
Srian le feidhm ailt 47 d'Acht 1936. |
8. —(1) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 47 d'Acht 1936 maidir le díol bainne ag táirgeoir cláraithe i leith comhcheantair Bhaile Atha Cliath is únaer ar áitreabh atá cláraithe in aon cheann de na cláir atá á gcoimeád faoin Acht Toradh Déiríochta, 1924 Uimh. 58 de 1924 ). |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 47 d'Acht 1936 maidir le bainne a cheannach ó tháirgeoir cláraithe i leith comhcheantair Bhaile Atha Cliath is únaer ar áitreabh atá cláraithe in aon cheann de na cláir atá á gcoimeád faoin Acht Toradh Déiríochta, 1924. | |
[EN] |
Inchúiseamh i leith cionta faoi Acht 1936, faoi Acht 1941 agus faoin Acht seo. |
9. —(1) I gcás cion faoi aon alt nó fo-alt atá i gCuid II d'Acht 1936, in Acht 1941 nó san Acht seo, a dhéanamh i gcomhcheantar, féadfaidh an bord don cheantar sin, nó féadfar ar agra an bhoird sin, mar inchúisitheoir, an cion sin d'inchúiseamh. |
[EN] | (2) Athghairmtear leis seo alt 30 d'Acht 1941. | |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
10. —(1) Féadfar Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil) (Leasú), 1952 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar Achta an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 go 1952, a ghairm d'Achta an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 agus 1941, agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (3) Déanfar Achta an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 agus 1941, agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin. |