10 1952


Uimhir 10 de 1952.


AN tACHT D'FHORCHUR DLEACHT (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE ÁIRITHE A RINNEADH FAOIN ACHT CHUN DLEACHTA D'FHORCHUR GO PRÁINNEACH, 1932. [10ú Meitheamh, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Orduithe dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe ar leithligh a luaitear sa tríú colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh faoin Acht chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

(2) Na sonraí a luaitear sa dara colún agus sa cheathrú colún, faoi seach, den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo maidir leis na hOrduithe a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin, is chuige amháin a cuireadh isteach sa Sceideal sin iad chun go mb'usaide tagairt do na hOrduithe sin agus iad d'aithint, agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh aon ní sa dara colún sin ná sa cheathrú colún sin difir d'fhorléiriú, ná tórainniú ná rialú ar oibriú, an ailt seo agus an triú colúin den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleacht (Orduithe a Dhaingniú), 1952 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Uimh. Thag.

Uimhir agus Bliain na nIonstraimí Reachtúla

Gearrtheideal

Abhar Ginearálta

(1)

(2)

(3)

(4)

1

Uimh. 304 de 1951.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 263), 1951.

An dleacht ar chóir leapan áirithe a leasú.

2

Uimh. 313 de 1951.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 264) (Folcáin d'Iarann Teilg he), 1951.

Dleacht d'fhorchur ar fholcáin áirithe d'iarann teilgthe.

3

Uimh. 317 de 1951.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 265) (Sciúráin Chorcáin), 1951.

Dleacht d'fhorchur ar sciúráin áirithe chorcáin.

4

Uimh. 340 de 1951.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 266) (Comhpháirteanna Rothair), 1951.

An dleacht ar chomhpháirteanna áirithe rothair a leasú.

5

Uimh. 357 de 1951.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 267) (Eadaí agus Cóir Ghléasta Phearsanta), 1951.

Dleacht d'fhorchur ar bhaill áirithe éadaigh agus córach gléasta pearsanta.

6

Uimh. 358 de 1951.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 268) (Suíocháin agus Clúdaigh Ionlainne), 1951.

Dleacht d'fhorchur ar shuíocháin agus clúdaigh áirithe ionlainne.

7

Uimh. 27 de 1952 .

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 269) (Snáth agus Dual - Abhras Cadáis), 1952.

An dleacht ar shnáth agus dual-abhras cadáis a leasú.

8

Uimh. 29 de 1952 .

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 270) (Guitéirí Báistí), 1952.

An dleacht ar earraí galbhánaithe báistí a leasú.

9

Uimh. 30 de 1952 .

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 271) (Crua-Chlúdaigh Urláir), 1952.

An dleacht ar chruachlúdaigh urláir a leasú.

10

Uimh. 43 de 1952.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 272) (Craicne Caorach), 1952.

Dleacht d'fhorchur ar chraicne próisithe áirithe caorach.

11

Uimh. 71 de 1952.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 273) (Pící agus Cosa Adhmaid), 1952.

Na dleachta ar phící talmhaíochta agus cosa áirithe adhmaid a leasú.