|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 19 de 1952. | ||
[EN] |
AN tACHT UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE (LEASÚ), 1952. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ NA nACHT UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE, 1938 GO 1949. [9ú Nollaig, 1952.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Na hAchta. |
1. —San Acht seo ciallaíonn“na hAchta”na hAchta um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1949. |
[EN] |
Tréimhse oifige aireachta sa Chéad Dáil Éireann. |
2. —Chun críocha na nAcht, áireofar ar thréimhse oifige dhuine a bhí i seilbh oifige aireachta sa Chéad Dáil Éireann an tréimhse idir an dáta a hainmníodh é chun na hoifige sin agus an dáta a daingníodh a ainmniúchán ag an Dáil sin. |
[EN] |
Leathnú ar bhrí na habairte“oifig aireachta”. |
3. —Chun deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo go bhfolóidh an abairt“oifig aireachta” i gCuid IV den Acht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 (Uimh. 38 de 1938) , oifig Stiúrthóra, a bhí ina cheann aireachta ar Roinn den Chéad Dáil Éireann, agus an oifig a shealbhaigh duine a bhí ag gníomhú mar ionadaí do Stiúrthóir. |
[EN] |
Pinsean baintrí. |
4. —I gcás gan baintreach dhuine a bhí i seilbh oifige cáilithí a bheith cáilithe chun pinsean d'fháil faoi na hAchta, toisc nár leor seirbhís inphinsin an duine sin, beidh sí i dteideal pinsean baintrí d'fháil a bheas ar cóimhéid leis an bpinsean a mbeadh sí ina theideal dá mba trí bliana seirbhís inphinsin an duine sin. |
[EN] |
Tosach feidhme pinsean. |
5. —Aon phinsean is iníoctha de bhun ailt 2, 3 nó 4 den Acht seo, tosnóidh sé ar bheith iníoctha— |
[EN] | (a) má déantar iarratas go cuí ar an bpinsean sin ar dháta nach déanaí ná sé mhí tar éis dáta an Achta seo a ríth, ar an dáta a rithfear é, nó | |
[EN] | (b) in aon chás eile, ar an dáta a déanfar an t-iarratas go cuí. | |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
6. —(1) Féadfar an tAcht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1952 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1952, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (3) Forléireofar na hAchta agus an tAcht seo mar aon ní amháin. |