26 1952


Uimhir 26 de 1952.


AN tACHT UM OIBRITHE TALMHAÍOCHTA (LEATH-LAETHANTA SAOIRE SEACHTAINIÚLA), 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN LEATH-LAETHANTA SAOIRE SEACHTAINIÚLA A THABHAIRT D'OIBRITHE TALMHAÍOCHTA AGUS I dTAOBH NITHE ÁIRITHE A BHAINEAS LEIS SIN AGUS D'ATHGHAIRM AN ACHTA UM OIBRITHE TALMHAÍOCHTA (LEATH-LAETHANTA SAOIRE SEACHTAINIÚLA), 1951 . [17ú Nollaig, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Tosach feidhme.

1. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh lá a cheapfas an tAire Talmhaíochta le hordú.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1950” an t Acht um Oibrithe Talmhaíochta (Laethanta Saoire), 1950 (Uimh. 21 de 1950) ;

ciallaíonn “seachtain” aon tréimhse de sheacht lá as a chéile.

(2) Déanfar Acht 1950 agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

Leath. laethanta saoire seachtainiúla.

3. —(1) Faoi réir forál an Achta seo, má fhostaíonn fostóir talmhaíochta oibrí talmhaíochta ar feadh aon tseachtaine, bhéarfaidh sé leath-lá saoire don oibrí ar dhálach sa tseachtain sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar fostaíocht ar feadh na ndálach amháin in aon tseachtain a bheith ina fostaíocht ar feadh na seachtaine sin.

Dálach a cheapadh don leath-lá saoire.

4. —Déanfar an dálach ar a dtabharfar an leath-lá saoire faoin Acht seo a cheapadh trí chomhaontú idir an fostóir agus an t-oibrí i leith gach tréimhse trí mhí, nó i leith na tréimhse fostaíochta (más giorra ná trí mhí an tréimhse sin) ach, cheal comhaontuithe den tsórt sin, féadfaidh an fostóir féin, i leith tréimhse trí mhí nó i leith na tréimhse fostaíochta (más giorra ná trí mhí an tréimhse sin), an dálach ar a dtógfar an leath-lá saoire a cheapadh, agus mura gceapfaidh sé é, measfar gurb é an Chéadaoin é.

Tórainn le hobair ar leath-lá saoire.

5. —Faoi réir ailt 8 den Acht seo, measfar chun críocha an Achta seo leath-lá saoire a bheith tugtha ag fostóir talmhaíochta i gcás (agus sa chás sin amháin)—

(a) nach gceadaíonn sé don oibrí oibriú níos mó ná cúig uaire a chloig ar an lá atá i gceist, agus

(b) nach gceadaíonn sé don oibrí oibriú an lá sin—

(i) i ndiaidh a 1 chlog, p.m., nó

(ii) má chomhaontaigh an fostóir agus an t-oibrí ar uair a chloig (is luaithe ná a 1 a chlog p.m.) chun críocha na míre seo, an uair a chloig ar ar comhaontaíodh amhlaidh.

Tréimhse cháilitheach oibre.

6. —Má tharlann, maidir le haon tseachtain áirithe, nár chuir oibrí talmhaíochta isteach ceathracha is cúig uaire a chloig oibre i rith na gcúig dálach roimh an lá ar a bhfuil an leath-lá saoire le tabhairt faoin Acht seo, ní bheidh sé i dteideal leath-lae shaoire an tseachtain sin ach, chun críocha an ailt seo, má tugadh lá saoire faoi Acht 1950 nó leath-lá saoire faoin Acht seo don oibrí ar aon lá de na cúig dálaigh sin, nó más lá saoire Eaglaise aon lá de na cúig dálaigh sin agus nár oibrigh an t-oibrí an lá sin nó gur lú ná naoi n-uaire a chloig oibre a chuir sé isteach an lá sin, ansin, measfar naoi n-uaire a chloig oibre a bheith curtha isteach aige an lá sin.

Srian maidir le laethanta saoire faoi Acht 1950, etc.

7. —Má tharlann, maidir le haon tseachtain áirithe, gur ar lá saoire a tugtar dó faoi Acht 1950, ar lá saoire Eaglaise nó lá saoire poiblí a tugtar dó trí chomhshocrú lena fhostóir, nó ar lá atá an t-oibrí as láthair óna chuid oibre ar chúis éigin eile, a thitfeas an lá ar a mbeidh leath-lá saoire le tabhairt faoin Acht seo d'oibrí talmhaíochta, ní bheidh sé i dteideal leath-lá saoire d'fháil an tseachtain sin.

Cosaint i dtaobh fanúint ag obair i gcásanna áirithe.

8. —(1) Mura dtógfaidh oibrí talmhaíochta an leath-lá saoire atá le tabhairt dó faoin Acht seo ach ina ionad sin—

(a) go bhfanfaidh sé ag obair de bhun comhaontuithe a rinneadh lena fhostóir go bhfanfadh sé ag obair i gcaitheamh tréimhse speisialta ar an leath-lá saoire, nó

(b) go bhfanfaidh sé, ar aon chúis eile, ag obair le toiliú a fhostóra,

measfar alt 3 den Acht seo a bheith comhlíonta ag an bhfostóir má íocann sé leis an oibrí, i leith an ama d'oibrigh sé amhlaidh, an tsuim íosta nó suim is mó ná sin.

(2) San alt seo ciallaíonn “an tsuim íosta” suim arna ríomh do réir an ráta íosta iomchuí a bheas ceaptha ag an mBord chun críocha an ailt seo.

Cionta.

9. —(1) Má sháraíonn fostóir talmhaíochta alt 3 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fineáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

(2) I gcás imeachta a thionscnamh i gcoinne fostóra faoin alt seo—

(a) má ciontaítear é, féadfaidh an Chúirt a ordú don fhostóir suim d'íoc leis an oibrí is ionann agus an tsuim iomchuí i leith an lae ar maidir leis a cúisíodh é sa chion, agus

(b) pé acu ciontaítear é nó nach gciontaítear, féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi gur sháraigh an fostóir alt 3 den Acht seo maidir leis an oibrí i leith aon lae eile laistigh de na fiche agus ceithre mhí díreach roimh an dáta a tionscnadh na himeachta, a ordú don fhostóir suim d'íoc leis an oibrí is ionann agus an tsuim iomchuí i leith an lae sin.

(3) San alt seo agus sa chéad alt eile, déanfar tagairt don tsuim iomchuí i leith lae d'fhorléiriú mar thagairt don tsuim íosta d'fheadfadh an fostóir d'íoc leis an oibrí de bhun ailt 8 den Acht seo i leith an lae sin, lúide pé suim (más ann) d'íoc sé leis an oibrí in aghaidh an ama ar ceadaíodh go neamhchuí don oibrí oibriú an lá sin.

Imeachta sibhialta.

10. —(1) Má sáraíodh alt 3 den Acht seo, ansin, pé acu tionscnadh nó nár tionscnadh imeachta faoi alt 9 den Acht seo—

(a) féadfaidh an t-oibrí suim a ghnóthú ón bhfostóir is ionann agus an tsuim iomchuí i leith lae an tsáruithe, agus

(b) féadfaidh oifigeach don Bhord an tsuim sin a ghnóthú amhlaidh freisin ón bhfostóir trí imeachta a thionscnamh in ainm agus thar ceann an oibrí.

(2) D'ainneoin aon ní in aon achtachán, ní tionscnófar imeachta faoin alt seo chun aon tsuim a ghnóthú mura rud é—

(a)  i gcás an t-oibrí a bheith, ar dháta na n-imeacht a thionscnamh, tar éis scor de bheith ar fostú ag an bhfostóir—

(i) go dtionscnófar na himeachta laistigh de fiche agus ceithre mhí ó dháta an scoir sin, agus

(ii) gur laistigh de na fiche agus ceithre mhí díreach roimh dháta an scoir sin a tharla an sárú, nó

(b)  i gcás an t-oibrí a bheith ar fostú ag an bhfostóir ar dháta na n-imeacht a thionscnamh, gur laistigh de na fiche agus ceithre mhí díreach roimh dháta na n-imeacht a thionscnamh a tharla an sárú.

(3) Ní déanfar aon ní san alt seo ná san alt díreach roimhe seo d'fhorléiriú mar ní a bheireas cumhacht chun aon tsuim a ghnóthú níos mó ná uair amháin.

An Bord do cheapadh rátaí íosta.

11. —An chumhacht a bheirtear don Bhord le halt 17 den Acht um Páigh Thalmhaíochta, 1936 (Uimh. 53 de 1936) , chun orduithe a dhéanamh ag ceapadh rátaí íosta páighe, beidh réim aici maidir le horduithe a dhéanamh ag ordú na rátaí íosta dá dtagartar in alt 8 den Acht seo, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forála den Acht um Páigh Thalmhaíochta, 1936, a bhaineas le horduithe faoin alt sin 17.

Cumhachta oifigeach an Bhoird.

12. —Beidh ag alt 20 den Acht um Páigh Thalmhaíochta, 1936 (Uimh. 53 de 1936) , éifeacht chun críocha an Achta seo amhail mar atá éifeacht aige chun críocha an Achta sin.

Aird a thabhairt ar an Acht seo ag rialú páighe.

13. —Le linn dóibh bheith ag rialú páighe de bhun na nAcht um Páigh Thalmhaíochta, 1936 agus 1945, bhéarfaidh an Bord aird chuí ar fhorála an Achta seo.

Tuarascála bliantúla.

14. —Beidh tuarascáil ar a n-imeachta faoin Acht seo sa tuarascáil bhliantúil a ceanglaítear ar an mBord, le halt 21 den Acht um Páigh Thalmhaíochta, 1936, a thabhairt don Aire Talmhaíochta.

Caiteachais.

15. —Na caiteachais uile faoina raghfar ag cur an Achta seo i ngníomh, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Neamháireamh chun críocha Achta 1950.

16. —Ní háireofar leath-laethanta saoire faoin Acht seo mar laethanta saoire chun críocha Achta 1950.

Athghairm.

17. —Athghairmtear leis seo an tAcht um Oibrithe Talmhaíochta (Leath-Laethanta Saoire Seachtainiúla), 1951 (Uimh. 13 de 1951) .

Gearrtheideal agus comhlua.

18. —(1) Féadfar an tAcht um Oibrithe Talmhaíochta (Leath-Laethanta Saoire Seachtainiúla), 1952, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta um Oibrithe Talmhaíochta (Laethanta Saoire), 1950 agus 1952, a ghairm d'Acht 1950 agus den Acht seo le chéile.