28 1952


Uimhir 28 de 1952.


AN tACHT UM DHLÍTHE ATÁ AG DUL IN ÉAG, 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH BUANUITHE AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA AR ACHTACHÁIN ÁIRITHE ATÁ AG DUL IN ÉAG. [17ú Nollaig, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Na hAchta sa Sceideal a choimeád beo.

1. —(1) Na hAchta a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, coimeádtar beo iad a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1960, agus raghaid in éag ansin mura gcoimeádtar beo níos sia iad.

(2) Aon achtacháin neamh-athghairmthe a leasaíos na hachtacháin, nó a dhéanas difir do na hachtacháin, a coimeádtar beo leis an alt seo, coimeádtar beo ar an gcuma chéanna iad, a mhéid is díomuan a ré, pé acu luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo iad nó nach luaitear.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht um Dhlithe atá ag Dul in Eag, 1952 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Coimeádtar beo.

Alt 1.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain.

Gearrtheideal

An méid a coimeádtar beo é.

Achta á leasú.

31 & 32 Vic., c. 125.

Parliamentary Elections Act, 1868.

An méid a coimeádtar beo leis an Corrupt and Illegal Practices Prevention Act, 1883.

35 & 36 Vic., c. 33; 42 & 43 Vic., c. 75; 46 & 47 Vic., c. 51.

32 & 33 Vic., c. 21.

Corrupt Practices Commission Expenses Act, 1869.

An tAcht iomlán.

34 & 35 Vic., c. 61.

Uimh. 20 de 1925 .

Acht na nUdarás Áitiúla (Comhcheannach), 1925.

An tAcht iomlán.

Uimh. 23 de 1941 .

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941 .

Alt 65.