15 1953


Uimhir 15 de 1953.


AN tACHT UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA, 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT d'ATHRÚ NA dTRÁTH CHUN TOGHCHÁIN A CHOMÓRADH DO CHOMHALTAÍ ÚDARÁS ÁITIÚLA ÁIRITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE A LEANAS AS AN ATHRÚ SIN NÓ A GHABHAS LEIS. [18ú Meitheamh, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “údarás áitiúil” aon chomhlucht acu seo a leanas :

(a) comhairle chontae,

(b) bardas contae-bhuirge nó buirge eile,

(c) comhairle cheantair uirbigh,

(d) coimisinéirí baile;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

(2) D'ainneoin aon ní san alt seo, déanfar tagairt san Acht seo do chruinniú, do chomhalta nó do chomhaltas d'údarás áitiúil d'fhorléiriú, más bardas contae-bhuirge nó buirge eile an t-údarás áitiúil atá i gceist, mar thagairt do chruinniú, do chomhalta nó do chomhaltas den chomhairle a bunaíodh le dlí i leith na contae-bhuirge nó na buirge eile sin.

Blianta toghcháin.

2. —(1) Déanfar toghchán do chomhaltaí gach údaráis áitiúil a chomóradh sa bhliain 1955.

(2) Tar éis na bliana 1955, déanfar toghchán do chomhaltaí gach údaráis áitiúil a chomóradh gach cúigiú bliain as a chéile i ndiaidh na bliana inar comóradh na toghcháin deiridh roimhe. sin den tsórt sin.

(3) Ní comórfar toghchán do chomhaltaí údaráis áitiúil idir dáta an Achta seo a rith agus dáta an toghcháin de bhun fo-ailt (1) den alt seo do chomhaltaí an údaráis sin, agus beidh faidiú dá réir sin ar an téarma oifige a bheas á chaitheamh ar dháta an Achta seo a rith ag comhaltaí an údaráis sin.

(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir do Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) , ná d'aon ordú a rinneadh faoin gCuid sin.

(5) Má rinne aon údarás áitiúil nó aon chomhalta de nó aon oifigeach dó (lena n-áirítear ceann comhairimh), nó má d'fhág sé gan déanamh, roimh an Acht seo a rith, aon ghníomh, ní nó rud a mbeadh sé dleathach é a dhéanamh nó é d'fhágaint gan déanamh dá mba rud é go raibh an t-alt seo i ngníomh an uair sin, measfar an gníomh, an ní nó an rud sin a bheith déanta nó fágtha gan déanamh go dleathach.

Leasú ar an Acht Freastal Scoile, 1926 .

3. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926 ( Uimh. 17 de 1926 )—

(a) ceapfar comhaltaí gach coiste freastal scoile sa bhliain 1955,

(b) ní ceapfar comhaltaí coiste freastal scoile idir dáta an Acht seo a rith agus an dáta a déanfar de bhun na míre deiridh roimhe seo comhaltaí an údaráis sin a cheapadh, agus

(c) aon téarma oifige a bheas á chaitheamh ag comhalta de choiste freastal scoile ar dháta an Achta seo a rith agus, mura mbeadh an mhír seo, a raghadh in éag roimh an 31ú lá de Nollaig, 1955, beidh faidiú air go dtí an lá sin.

(2) Tar éis na ceapacháin de bhun míre (a) d'fho-alt (1) den alt seo a dhéanamh, beidh éifeacht ag alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926 , ach—

(a) “i gceann tréimhsí cúig bliana” a chur in ionad “go trí-bliantach” agus “cúig bliana” in ionad “trí mblian” i bhfo-alt (3), agus

(b) “i gceann tréimhse chúig bliana” a chur in ionad “go tríbhliantach”, agus “an cheaptha sin i gceann tréimhse chúig bliana” in ionad “an cheaptha thrí-bhliantaigh sin”, agus “cúig bliana” in ionad “trí mblian” sa dá áit ina bhfuil na focail deiridh sin, i bhfo-alt 4.

Leasú ar na hAchta Gairm-Oideachais, 1930 go 1950.

4. —Sna hAchta Gairm-Oideachais, 1930 go 1950, agus in aon ordú nó rialachán a rinneadh fúthu, ciallóidh “bliain toghcháin,” in ionad an ní a chiallaigh sé díreach roimh dháta an Achta seo a rith, aon bhliain ina gcomórfar toghcháin do chomhaltaí údarás áitiúla de bhun ailt 2 den Acht seo agus cuirfear tagairtí do chruinniú cinn cúig bliana in ionad tagairtí do chruinniú cinn trí mblian.

Leasú ar na h Achta Talmhaíochta, 1931 go 1948.

5. —Sna h Achta Talmhaíochta, 1931 go 1948, ciallóidh “bliain toghcháin”, in ionad an ní a chiallaigh sé díreach roimh dháta an Achta seo a rith, aon bhliain ina gcomórfar toghcháin do chomhaltaí údarás áitiúla de bhun ailt 2 den Acht seo.

Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil, 1941 .

6. —(1) I bhfo-alt (2) d'alt 45 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ), cuirfear “chúig bliana” in ionad “thrí bliana” mar a bhfuil na focail deiridh sin sa bhfo-alt.

(2) Más rud é, toisc comhaltaí comhairle contae a chur as oifig, nach féidir lá comórtha aon toghacháin den tsórt dá dtagartar i bhfo-alt (2) d'alt 5 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1927 (Uimh. 39 de 1927) , a chinneadh de bhun an fho-ailt sin, comórfar an toghchán pé lá a shocrós an tAire le hordú.

Leasú ar an Acht Cuanta, 1946 .

7. —Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (2) d'alt 9 den Acht Cuanta, 1946 ( Uimh. 9 de 1946 ):

“(2) I dteannta na céad bhliana toghcháin, beidh gach bliain dá éis sin is bliain ina gcomórfar toghcháin do chomhaltaí comhairlí contae de bhun ailt 2 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1948 (Uimh. 8 de 1948) , nó de bhun ailt 2 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1953 , ina bliain toghcháin i leith údaráis chuain.”

Téarma oifige comhaltaí de chomhluchta áirithe.

8. —(1) Baineann an t-alt seo le bord, coiste nó comhlucht eile ar gá do réir dlí go gceapfadh údarás áitiúil a chomhaltaí uile nó aon chuid díobh i ndiaidh toghcháin do chomhaltaí an údaráis sin.

(2) An téarma oifige a bheas á chaitheamh ar dháta an Achta seo a rith ag comhalta de bhord, de choiste nó de chomhlucht eile lena mbaineann an t-alt seo, beidh faidiú air go dtí an lá a bheas an comharba a ceapfar ar an gcomhalta sin sa bhliain 1955 le tosnú ar a théarma oifige.

(3) Is é an tAire a chinnfeas gach amhras, ceist agus díospóid i dtaobh aon bhord, coiste nó comhlucht eile áirithe a bheith nó gan a bheith ina bhord, ina choiste nó ina chomhlucht lena mbaineann an t-alt seo.

Cosaint in aghaidh dícháilíochta i gcásanna áirithe.

9. —Aon chomhalta d'údarás áitiúil a scoirfeas de bheith ina thoghthóir rialtais áitiúil i líomatáiste feidhme an údaráis toisc clár nua de thoghthóirí rialtais áitiúil a theacht i bhfeidhm tar éis dáta an Achta seo a rith agus roimh an toghchán do chomhaltaí an údaráis de bhun fo-ailt (1) d'alt (2) den Acht seo, ní bheidh sé, mar gheall ar an scor sin amháin, dícháilithe chun leanúint de bheith i seilbh oifige mar chomhalta den údarás go dtí gnáth-lá scortha comhaltaí an údaráis i ndiaidh an toghcháin sin.

Achtacháin d'oiriúnú.

10. —(1) San alt seo ciallaíonn “comhlucht áitiúil” údarás áitiúil nó comhlucht lena mbaineann alt 8 den Acht seo.

(2) Déanfar aon tagairt in aon reacht, ordú nó rialachán a bheas i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith do thoghchán cinn trí mblian do chomaltaí comhluchta áitiúil d'fhorléiriú mar thagairt do thoghchán de bhun an Achta seo do na comhaltaí sin.

(3) Beidh éifeacht, faoi réir forál an Achta seo, ag gach reacht, ordú agus rialachán a bhaineas le toghcháin do chomhaltaí aon chomhluchta áitiúil nó do chruinnithe aon chomhluchta áitiúil, agus féadfaidh an tAire le hordú pé oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanamh in aon reacht, ordú nó rialachán den tsórt sin is dóigh leis is gá chun go mbeadh éifeacht aige i gcomhréir leis an Acht seo.

(4) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Cruinnithe áirithe a chomóradh.

11. —Mura mbíonn dáta ceaptha ag údarás áitiúil roimh an 23ú lá de Mheitheamh, 1953, chun an cruinniú bliantúil nó an cruinniú ráithiúil (pé acu é) den údarás áitiúil a chomóradh is gá do réir dlí a chomóradh i rith na tréimhse dár tosach an 23ú lá de Mheitheamh, 1953, agus dár críoch an lú lá d'Iúil, 1953, gairmfidh an rúnaí contae nó an baile-chléireach (pé acu é) cruinniú den údarás áitiúil chun teacht le chéile chun na críche sin ag uair a chloig agus ar dháta caothúil laistigh den tréimhse sin, agus measfar cruinniú a comórfar de bhun na gairme sin a bheith ina chruinniú bliantúil nó ráithiúil a comóradh ar dháta a cheap an t-údarás áitiúil.

Athghairm.

12. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

13. —(1) Féadfar an tAcht um Thoghcháin Áitiúla, 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um Thoghcháin Áitiúla, 1927 agus 1953, a ghairm den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1927 (Uimh. 39 de 1927) , agus den Acht seo le chéile.

AN SCEIDEAL.

AchtachÁin a hAthghairmtear.

Alt 12.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

61 & 62 Vic., c. 37

An Local Government (Ire- land) Act, 1898.

Fo-alt (2) d'alt 2.

Uimh. 39 de 1927

An tAcht um Thoghcháin Áitiúla, 1927.

Fo-alt (3) d'alt 5 ; Fo-alt (3) d'alt 16.

Uimh. 27 de 1930

An tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930.

Fo-alt (1) d'alt 32 ; Na focail “Comórfar toghchán buirge sa bhliain 1930 agus gach tríú bliain ina dhiaidh sin agus ní in aon bhliain eile, agus” i bhfo-alt (2) d'alt 43.

Uimh. 35 de 1934

Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 .

Fo-alt (1) d'alt 7.

Uimh. 25 de 1939

Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 .

Fo-alt (2) d'alt 5.

Uimh. 5 de 1941

Acht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú), 1941 .

Na focail “Comórfar toghcháin bhuirge in aghaidh na dtrí mblian agus” i bhfo-alt (1) d'alt 3 ; fo-alt (2) d'alt 3.