17 1953


Uimhir 17 de 1953.


ACHT MHÓR-IARNRÓD AN TUAISCIRT, 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHTA DO CHOMHSHOCRAÍOCHTAÍ CHUN GNÓTHAS AN GREAT NORTHERN RAILWAY COMPANY (IRELAND) A SHEOLADH FEASTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE A BHAINEAS LEIS SIN. [23ú Meitheamh, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1953 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

An Bord.

ciallaíonn “an Bord” an Bord a bunaítear le halt 6;

An Chuideachta.

ciallaíonn “an Chuideachta” an Great Northern Railway Company (Ireland);

achtachán.

folaíonn “achtachán” aon ionstraim arna déanamh faoi achtachán;

an dáta bunuithe.

ciallaíonn “an dáta bunuithe” and dáta a ceapfar faoi alt 6;

talamh.

folaíonn “talamh” talamh faoi uisce agus aon éasúint, brabús nó ceart i dtalamh nó thar thalamh nó i dtalamh faoi uisce nó thar talamh faoi uisce;

an tAire.

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

An tAire. Tráchtála.

ciallaíonn “an tAire Tráchtála” Aire Tráchtála Thuaisceart Éireann;

an Aireacht.

ciallaíonn “an Aireacht” Aireacht Tráchtála Thuaisceart Éireann;

líne iarnróid.

folaíonn “líne iarnróid” cuid de líne iarnróid;

an Binse Iompair.

ciallaíonn “an Binse Iompair” an Binse Iompair a bunaíodh le halt 54 den Acht Iompair, 1950 ( Uimh. 12 de 1950 ).

(2) Forléireofar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(3) San Acht seo aon tagairt a déantar do réir uimhreach do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í don Chuid, don alt nó don Sceideal den Acht seo ar a bhfuil an uimhir sin mura léirítear gur tagairt d'Acht éigin eile í.

Cumhacht don Aire comhaontú a dhéanamh.

3. —Údaraítear leis seo don Aire comhaontú a dhéanamh leis an Aireacht do réir téarmaí an dréachta atá leagtha amach sa Chéad Sceideal.

Díolúine ó dhleachta stampa.

4. —(1) Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal ar an mBord cóip den Acht seo a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon dleacht stampa d'íoc faoin alt sin ar aon chóip den Acht seo.

(2) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon ionstraim a déanfar chun críche ailt 20.

(3) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon chomhaontú, banna, mionnscríbhinn, dearbhú reachtúil, dámhachtain eadrána ná ionstraim eile a déanfar chun críche ailt 38.

Caiteachais.

5. —Da caiteachais faoina raghaidh an tAire ag cur an Achta seo i ngníomh, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

CUID II.

Bord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt.

Bunú agus Feidhmeanna.

Bunú.

6. —(1) Beidh Bord ann dá ngairmfear Bord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt.

(2) Beidh an Bord arna bhunú ar pé dáta ar a gcomhaontóidh an tAire agus an tAire Tráchtála.

(3) Déanfaidh an tAire an dáta bunuithe a dhearbhú le hordú.

(4) Bainfidh forála an Dara Sceidil leis an mBord.

Cumhachta agus dualgais ghinearálta

7. —(1) Is é feidhm ghinearálta an Bhoird an gnóthas d'oibriú a bhí á sheoladh roimh an dáta bunuithe ag an gCuideachta agus beidh ag an mBord na cumhachta go léir is gá chuige sin.

(2) Beidh cumhacht ag an mBord—

(a) comhaontuithe nó comhshocraíochtaí oibre a dhéanamh agus a chur i gcrích chun go soláthróidh duine ar bith seirbhísí iompair a ceanglaítear ar an mBord nó a húdaraítear don Bhord a sholáthar, nó chun go soláthróidh an Bord aon tseirbhísí iompair a bhfuil sé de chumhacht ag aon duine eile iad a sholáthar,

(b) comhaontuithe a dhéanamh agus a chur i gcrích le gnóthairí iompair eile d'fhonn na seirbhísí iompair a bheas á soláthar ag an mBord a chomhoirdniú le seirbhísí iompair eile.

(3) Déanfaidh an Bord do réir pé treoracha a bhéarfas an tAire, i gcomhar leis an Aire Tráchtála, maidir le cúrsaí beartais a bhaineas le seoladh an ghnóthais.

(4) Déanfaidh an Bord do réir pé treoracha a bhéarfas an tAire maidir le cúrsaí beartais nach mbaineann ach le seoladh an ghnóthais sa Stát.

Sócmhainní an Great Northern Railway Company (Ireland) d'Aistriú.

An gnóthas, seachas talamh, d'aistriú.

8. —(1) Ar an dáta bunuithe, déanfar iomlán gnóthais na Cuideachtan (seachas talamh na Cuideachtan), lena n-áirítear an mhaoin, na sócmhainní, na cumhachta, na cearta, na ceadúnais agus na pribhléidí go léir a teachtaítear nó a sealbhaítear i ndáil leis, nó a ghabhas leis, d'aistriú de bhuaidh an ailt seo chun an Bhoird.

(2) Faoi réir forál an Achta seo, féadfaidh an Bord na cearta, na cumhachta agus na pribhléidí go léir, seachas cumhachta chun airgead a chruinniú, a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, dílsithe sa Chuideachta, d'fheidhmiú agus a chur i bhfeidhm.

(3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh an Bord, agus scoirfidh an Chuideachta de bheith, faoi réir gach dliteanais, de dhroim reachta nó eile, a raibh an Chuideachta faoina réir díreach roimh an dáta bunuithe.

(4) Ní bheidh an Bord faoi réir aon dliteanais i leith aon urrúis de chuid na Cuideachtan a bhfuil cúiteamh iníoctha ina leith faoin Acht seo, ná i leith aon chomhaontuithe chun seirbhísí pearsanta mar stiúrthóir a dhéanamh don Chuideachta.

(5) Ar an mBord dá iarraidh sin, forghníomhóidh an Chuideachta na hionstraimí sin go léir agus déanfaidh na gníomhartha sin go léir is gá chun a chumasú don Bhord a thabhairt go n-aistreofar go héifeachtúil chun ainme an Bhoird aon mhaoin nó sócmhainní a dílsítear sa Bhord de bhuaidh an ailt seo.

(6) Aon imeacht (lena n-áirítear eadráin) nó cúis chaingin a bheas ar feitheamh nó a bheas ann díreach roimh an dáta bunuithe ag an gCuideachta nó ina coinne, ní thitfidh sí ar lár ná ní scoirfear di ná ní déanfar dochar di ar aon tslí de dhroim aon ní san Acht seo, ach féadfaidh an Bord leanúint leis an imeacht nó an chúis chaingin agus í a chur i bhfeidhm nó féadfar sin a dhéanamh i gcoinne an Bhoird amhail mar d'fhéadfadh an Chuideachta sin a dhéanamh nó d'fhéadfaí sin a dhéanamh i gcoinne na Cuideachtan dá mba nár ritheadh an tAcht seo, ach ní féadfar dul ar aghaidh léi thairis sin ná ar aon tslí eile.

(7) Faoi réir forál an Achta seo, na conartha, na gníomhais, na bannaí, na comhaontuithe (seachas comhaontuithe chun seirbhísí pearsanta mar stiúrthóir a dhéanamh don Chuideachta) agus na hionstraimí eile go léir agus na comhshocraíochtaí oibre a bheas ann díreach roimh an dáta bunuithe agus a bhainfeas leis an gCuideachta, beidh feidhm agus éifeacht chomh hiomlán acu i gcoinne nó i bhfábhar an Bhoird, agus féadfar iad a chur i bhfeidhm chomh hiomlán éifeachtúil, agus dá mb'é an Bord ba pháirtí iontu in ionad na Cuideachtan.

Talamh a dhílsiú.

9. —(1) Ar an dáta bunuithe—

(a) dílseofar san Aire an talamh go léir (seachas Oibreacha Dhún Dealgan) a bheas á teachtadh ag an gCuideachta sa Stát, agus

(b) dílseofar sa Bhord Oibreacha Dhún Dealgan (a tuairiscítear i gCuid I den Tríú Sceideal),

ar feadh eastáit, cirt, teidil, agus leasa uile na Cuideachtan.

(2) Ar an dáta bunuithe, dílseofar san Aire, ar feadh eastáit, cirt, teidil agus leasa uile an Dundalk, Newry and Greenore Railway Company, an chuid sin de líne iarnróid agus de thalamh na Cuideachtan sin a tuairiscítear i gCuid II den Tríú Sceideal agus a shíneas idir Cé Sheoirse, Dún Dealgan, agus an t-acomhal le Mór-Iarnród an Tuaiscirt ag Sráid an Bhearaic, Dún Dealgan.

Cumhachta agus Dualgais áirithe.

Cead chun talamh d'úsáid.

10. —(1) Faoi réir an ailt seo, údaraítear agus cumhachtaítear leis seo don Bhord an talamh a bheas dílsithe de thuras na huaire san Aire le halt 9 nó faoi alt 20 d'áitiú agus d'úsáid chun a ghnóthas a sheoladh.

(2) Chun na cumhachta, na pribhléidí, na cearta agus na hoblagáidí uile a ghabhas le heastát, ceart, teideal agus leas an Aire sa talamh d'fheidhmiú, a chur i bhfeidhm agus a chomhlíonadh, gabhfaidh an Bord ionad an Aire, ach ní bheidh cumhacht ag an mBord ach amháin mar foráltar le hailt 21 agus 27 aon talamh den tsórt sin a dhíol ná, gan toiliú an Aire, í a ligean go ceann tréimhse is sia ná trí bliana.

(3) Déanfaidh an Bord—

(a) ar a chostas féin, an talamh, lena n-áirítear gach líne iarnróid, bóthar, droichead, tarbhealach, tollán, silteán, áitreabh, obair agus déanmhas, pé sórt é, a chothabháil;

(b) an cíos, na rátaí, agus na heisíocaíochtaí eile go léir d'íoc a bheas dlite uaidh de bhuaidh an ailt seo ina leith sin;

(c) cruthúnas a thabhairt chun sástachta an Aire, aon uair a iarrfas sé sin, go bhfuil úsáid nó áitiú aon talún ag an mBord riachtanach i gcónaí chun an gnóthas d'oibriú go cuí; agus

(d) cead a thabhairt don Aire agus do dhaoine a bheas údaraithe aige dul isteach ar aon talamh agus í d'úsáid agus d'áitiú sa mhéid nach ndéanfaidh an dul isteach, an úsáid agus an t-áitiú sin difir d'oibriú cuí an ghnóthais.

(4) Ní déanfar úsáid ná áitiú ag an mBord ar aon oidhreachtán nó tionóntán, do réir bhrí na nAcht Luachála, d'áireamh mar úsáid ná áitiú de chineál poiblí nó chun críche poiblí do réir bhrí aon achtacháin a bheireas díolúine ó ráta is intobhaigh ag aon údarás áitiúil

Aicmiú marsantais.

11. —Féadfaidh an Bord pé aicmiú is oiriúnach leis an mBord a dhéanamh ar mharsantas chun feidhm a thabhairt maidir leis do rátaí muirear a gearrfar i leith iompair mharsantais.

Muirir agus téarmaí agus coinníollacha iompair mharsantais.

12. —(1) San alt seo—

folaíonn “muirir” táillí, rátaí nó dolaidh;

ciallaíonn “seirbhísí” aon ní acu seo a leanas—

(a) paisnéirí agus a mbagáiste d'iompar;

(b) marsantas a ghlacadh, a chur ar aghaidh, d'iompar agus a sheachadadh,

(c) aon tseirbhís nó saoráid eile iompair;

ciallaíonn “aicmíocht mharsantais an iarnróid” an aicmíocht mharsantais a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire agus a ghlacfas an Bord chuige chun feidhm a thabhairt do rátaí muirear a ghearrfas an Bord i leith marsantas d'iompar d'iarnród.

(2) Faoi réir fo-ailt (3) féadfaidh an Bord pé muirir is oiriúnach leis an mBord a shocrú, d'éileamh, a ghlacadh agus a ghnóthú i leith seirbhísí a sholáthrós sé.

(3) Má bheartaíonn an Bord méadú ginearálta a dhéanamh ar na muirir i leith aon tseirbhísí, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) bhéarfaidh an Bord fógra mí roimh ré don Aire i dtaobh an ní atá beartaithe aige;

(b) ní chuirfidh an Bord i ngníomh aon ní atá beartaithe aige agus a gcuirfidh an tAire in iúl don Bhord, laistigh den mhí sin, nach gceadaíonn sé é.

(4) I gcás ina gcomhaontóidh an Bord le trádálaí chun marsantas an trádálaí d'iompar ar muirir is ionann agus iomalairt réasúnach ar na muirir a ghabhfadh, mura mbeadh sin, le marsantas an trádálaí sin arna iompar ag an mBord, féadfaidh an Bord, d'ainneoin aon ní in aon achtachán, na muirir ar a gcomhaontófar amhlaidh a ghearradh i leith marsantas an trádálaí sin d'iompar.

(5) (a) Coimeádfaidh an Bord cóipeanna díobh seo a leanas ar fáil chun a ndíolta:—

(i) aicmíocht mharsantais an iarnróid,

(ii) scálaí muirear a ghearras an Bord, i ndáil le haicmíocht mharsantais an iarnróid, i leith marsantas d'iompar d'iarnród.

(b) Coimeádfaidh an Bord cóipeanna díobh seo a leanas ar fáil ina phríomh-oifig sa Stát chun a n-iniúchta ag an bpobal:—

(i) aicmíocht mharsantais an iarnróid,

(ii) scálaí muirear a ghearras an Bord, i ndáil le haicmíocht mharsantais an iarnróid, i leith marsantas d'iompar d'iarnród.

(c) Coimeádfaidh an Bord ar fáil chun a hiniúchta ag an bpobal, i ngach iosta leis an mBord ina nglactar marsantas chun é d'iompar d'iarnród, cóip de gach ní acu seo a leanas:—

(i) aicmíocht mharsantais an iarnróid,

(ii) scálaí muirear a ghearras an Bord, i ndáil le haicmíocht mharsantais an iarnróid, i leith marsantas d'iompar d'iarnród ón iosta sin.

(6) Féadfaidh an Bord pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an mBord a chur ag gabháil leis na seirbhísí a bheas á gcur ar fáil aige.

Earraí contúirteacha d'iompar d'iarnród.

13. —(1) Ní chuirfidh aon ní san Acht seo d'oblagáid ar an mBord earraí contúirteacha a ghlacadh chun iad d'iompar d'iarnród, ná ní dhéanfaidh docharú ná laghdú ar chumhachta aon Aire Stáit faoin Explosives Act, 1875, ná ní dhéanfaidh difir do bhailíocht ná d'oibriú aon orduithe, rialach nó fo-dhlí a rinneadh faoi na cumhachta atá san Acht sin.

(2) Má ghlacann an Bord earraí contúirteacha chun iad d'iompar d'iarnród, iomprófar na hearraí faoi réir pé fo-dhlithe, rialachán agus coinníollacha is oiriúnach leis an mBord i dtaobh iad d'iompar nó a stóráil, agus déanfaidh únaer nó consíneoir na n-earraí sin an Bord a shlánú in aghaidh agus i gcoinne gach cailliúna nó damáiste a bhainfeas don Bhord nó a mbeidh an Bord, nó a dtiocfaidh sé chun bheith, faoi dhliteanas ina leith toisc gan na fo-dhlithe, na rialacháin agus na coinníollacha sin a chomhlíonadh maidir leis na hearraí sin, agus íocfaidh sé lán-chúiteamh i ngach díobháil do sheirbhísigh an Bhoird agus i ngach damáiste do mhaoin an Bhoird a thiocfas de sin, mura gcruthaítear gur mhí-iompar toiliúil ag seirbhísigh an Bhoird faoi ndeara an díobháil nó an damáiste.

(3) I gcás an Chuideachta nó na Bord dá dhearbhú aon earra áirithe a bheith contúirteach, beidh ar an duine a bheas á iarraidh go n-iomprófaí an earra a chruthú nach bhfuil sí contúirteach.

Cosaint do thelegrafa.

14. —Gach feithicil a bheas á hoibriú ag an mBord le húsáid ar aon bhóthar poiblí nó ar iarnród agus a gluaistear le cumhacht leictreachais, beidh sí trealmhaithe agus oibreofar í ar chuma nach gcuirfear isteach ar chomarsáid telegrafa trí aon líne thelegrafa (do réir bhrí an Telegraph Act, 1878) is leis an Aire Poist agus Telegrafa nó a úsáideas sé.

Fo-dhlithe.

15. —(1) Féadfaidh an Bord fo-dhlithe a dhéanamh chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas:—

(a) chun rialú a dhéanamh ar thrátha teachta agus imeachta a fheithiclí;

(b) chun rialú a dhéanamh ar luchtú agus díluchtú a fheithiclí agus, faoi réir aon fhorál reachtúla chuige sin, ar na meáchain a iomprós a fheithiclí;

(c) chun rialú a dhéanamh ar ghlacadh agus seachadadh marsantais agus nithe eile a hiomprófar ar a fheithiclí;

(d) chun cosc a chur le núiseanna a dhéanamh in, nó ar, a fheithiclí nó in, nó ar, na stáisiúin, na hiostaí nó na háitribh eile atá á n-áitiú ag an mBord;

(e) chun ord a choimeád sna stáisiúin, na hiostaí nó na háitribh eile atá á n-áitiú ag an mBord agus sna bealaí tarrachtana chucu, agus chun úsáid an chéanna a rialú;

(f) chun aon chríche a raibh, díreach roimh an dáta bunuithe, cumhacht ag an gCuideachta fo-dhlithe a dhéanamh chuici;

(g) chun socrú a dhéanamh le haghaidh slán-choimeád agus athsheachadadh nó diúscairt aon mhaoine a gheofar ar, nó in, aon áitribh a úsáideas nó a áitíos an Bord. nó in, nó ar, aon fheithiclí is leis an mBord nó a úsáideas an Bord, agus chun na muirir a shocrú a ghearrfas an Bord ina leith sin;

(h) go ginearálta, chun rialú a dhéanamh, faoi réir aon fhorál reachtúla chuige sin, ar thaisteal ina fheithiclí, nó ar a n-úsáid, agus ar oibriú a sheirbhísí iompair.

(2) Cuirfidh an Bord faoi bhráid an Aire, lena ndaingniú, aon fho-dhlithe a dhéanfas an Bord faoin alt seo, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) déanfaidh an Bord, a luaithe is caothúil tar éis na fo-dhlithe a chur faoi bhráid an Aire, fógra á rá go ndearnadh amhlaidh d'fhoilsiú uair amháin ar a laghad gach seachtain de dhá sheachtain as a chéile i ngach ceann de na nuachtáin laethúla maidne a foilsítear agus a léitear sa Stát;

(b) sa bhfógra sin—

(i) beidh ráiteas ar na críocha chun a ndearnadh na fo-dhlithe, agus

(ii) cuirfear in iúl go bhfuil cóip de na fo-dhlithe ar fáil chun a hiniúchta ag an bpobal i bpríomhoifig an Bhoird sa Stát, agus

(iii) cuirfear in iúl go bhféadfaidh duine ar bith agóidí a chur faoi bhráid an Aire i gcoinne na fodhlithe a dhaingniú, tráth ar bith i rith na tréimhse tríocha lá dár tosach dáta céad-fhoilsithe an fhógra;

(c) déanfaidh an Bord, ar feadh na tréimhse tríocha lá sin, cóip de na fo-dhlithe a choimeád ar fáil chun a hiniúchta ag an bpobal le linn gnáth-uaireanta oifige sa phríomh-oifig sin adúradh;

(d) duine ar bith a bheas i gcoinne na fo-dhlithe a dhaingniú, féadfaidh sé, aon tráth i rith na tréimhse tríocha lá sin, a agóidí a chur faoi bhráid an Aire i scríbhinn;

(e) do réir mar is cuí leis an Aire, diúltóidh sé na fo-dhlithe a dhaingniú nó déanfaidh, le hordú, na fo-dhlithe a dhaingniú gan modhnú nó le pé modhnuithe is cuí leis agus a chuirfeas sé isteach sna fo-dhlithe, ach ní dhéanfaidh aon ordú den tsórt sin go ceann na tréimhse tríocha lá sin ná go dtí go mbeidh breithniú déanta aige ar aon agóidí i gcoinne an daingnithe a cuireadh faoina bhráid i rith na tréimhse sin.

(3) Aon fho-dhlithe a dhéanfas an Bord faoin alt seo, tiocfaid i ngníomh i gcás (agus sa chás sin amháin) iad a dhaingniú le hordú faoin alt seo agus, má daingnítear amhlaidh iad, is é lá a thiocfaid i ngníomh an lá a sonrófar chuige sin san ordú dá ndaingniú.

(4) Má sháraíonn duine ar bith foráil d'aon fho-dhlithe a déanfar faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

(5) Aon fho-dhlithe a déanfar faoin alt seo agus a daingneofar le hordú faoin alt seo, foilseofar iad i pé slí a ordós an tAire.

(6) Aon fho-dhlithe a déanfar faoin alt seo, ní dhéanfaid dochar ná difir d'oibriú aon fho-dhlithe a rinneadh faoi réim nó de bhun aon fhorál reachtúla ag aon údarás cuain nó ag aon údarás sláintíochta.

(7) Aon doiciméad a airbheartós bheith ina chóip d'fhodhlithe a rinneadh faoin alt seo agus a mbeidh deimhniú (a airbheartós a bheith sínithe ag oifigeach don Bhord a raibh údarás aige chuige sin) formhuinithe air dá rá gur cóip dhílis de na fo-dhlithe an doiciméad agus go raibh na fo-dhlithe i bhfeidhm ar dháta sonraithe, beidh sé, gan cruthúnas ar shíniú an oifigigh sin ná gurbh é an t-oifigeach sin é iarbhír ná go raibh údarás aige amhlaidh, ina fhianaise (go dtí go gcruthaítear a mhalairt) i ngach cúirt agus i ngach imeacht dlí ar na fo-dhlithe agus ar iad a bheith i bhfeidhm ar an dáta a bheas sonraithe amhlaidh.

(8) Na fo-dhlithe go léir a rinne an Chuideachta agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta bunuithe, leanfaid, ar an dáta sin agus dá éis, de bheith i bhfeidhm agus measfar gur faoin alt seo a rinneadh iad agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm le fo-dhlithe a déanfar faoin alt seo.

(9) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(10) Ní bhainfidh alt 127 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 ), le maoin a fágfar i bhfeithiclí seirbhíse poiblí is leis an mBord nó a oibríos an Bord.

Cosaint do rialacha agus rialacháin láithreacha.

16. —Na rialacha agus na rialacháin uile a rinne an Chuideachta agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta bunuithe, leanfaid i bhfeidhm, ar an dáta bunuithe agus dá éis, go dtí go ndéanfar iad a chúlghairm nó d'athrú nó cinn eile a chur ina n-ionad.

Doiciméid a sheirbheáil ar an mBord.

17. —Aon doiciméad a ceanglaítear nó a húdaraítear le dlí a sheirbheáil ar an mBord, féadfar é a sheirbheáil amhlaidh—

(a) trína thabhairt do rúnaí an Bhoird i bpríomh-oifig an Bhoird sa Stát, nó

(b) trína fhágaint sa phríomh-oifig adúradh i gclúdach faoi sheoladh rúnaí an Bhoird, nó

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha faoi sheoladh rúnaí an Bhoird ag an bpríomh-oifig adúradh.

Cumhachta an Aire.

Cúrsaí an Bhoird d'fhiosrú.

18. —(1) Beidh cumhacht ag an Aire, ag gníomhú dhó i gcomhar leis an Aire Tráchtála, pé fiosruithe is dóigh leis is gá a dhéanamh i dtaobh cúrsaí an Bhoird agus chun daoine a cheapadh chun na fiosruithe sin a stiúradh agus tuarascáil orthu a thabhairt do gach Aire acu.

(2) Beidh cumhacht ag an Aire pé fiosruithe is dóigh leis is gá a dhéanamh i dtaobh oibriú an ghnóthais sa Stát agus ansin amháin agus daoine a cheapadh chun na fiosruithe sin a stiúradh agus tuarascáil orthu a thabhairt don Aire.

(3) Beidh cumhacht ag duine a ceapfar faoin alt seo dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh gach tráth réasúnach ar thailte, áitribh, oibreacha agus feithiclí an ghnóthais agus leabhair agus doiciméid uile an Bhoird a scrúdú agus déanfaidh an Bord agus gach comhalta dhe agus gach oifigeach agus seirbhíseach dó pé eolas agus saoráidí a thabhairt don duine sin a theastós uaidh do réir réasúin chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(4) Aon duine a chuirfeas bac le duine a ceapfar faoin alt seo agus é ag comhlíonadh a fheidhmeanna, nó a dhiúltós nó a fhailleos an t-eolas sin nó na saoráidí sin a thabhairt dó a theastós uaidh do réir réasúin, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(5) Is iad táillí is iníoctha le daoine a ceapfar faoi fho-alt (1) pé táillí a cheadós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus a cheadós an Aireacht agus íocfaidh an tAire a leath.

(6) Is iad táillí is iníoctha le daoine a ceapfar faoi fho-alt (2) pé táillí a cheadós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus is é an tAire a íocfas iad.

Tuarascáil bhliantúil agus eolas.

19. —(1) Bhéarfaidh an Bord tuarascáil gach bliain don Aire ar oibriú an ghnóthais i gcaitheamh na bliana roimhe sin.

(2) Bhéarfaidh an tAire go leagfar an tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus cuirfidh an Bord cóipeanna dhi ar díol.

(3) Bhéarfaidh an Bord don Aire pé eolas i dtaobh an ghnóthais a theastós ón Aire ó am go ham.

Talamh a Thógaint agus a Dhíol.

Talamh a thógaint.

20. —(1) (a) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, talamh a thógaint, in ainm agus thar ceann an Aire, chun úsáide an Bhoird.

(b) Aon talamh a tógfar faoin bhfo-alt seo beidh sainráite ina leith í do dhílsiú san Aire agus dílseoidh sí ann agus, dá réir sin, beidh feidhm ag alt 10 maidir léi.

(2) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire agus na hAireachta, talamh bhreise a thógaint chun críocha Oibreacha Dhún Dealgan.

(3) Bainfidh ailt 17 agus 18 den Acht Iompair, 1950 (Uimh. 12 de 1950) , le talamh a thógaint chun críocha an ailt seo, ach tagairtí sna hailt sin don “Bhord” d'fhorléiriú mar thagairtí don Bhord a bunaítear leis an Acht seo.

Talamh barrachais a dhíol.

21. —(1) Más deimhin leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, nach bhfuil aon talamh a dílsíodh ann le halt 9 nó faoi alt 20 ag teastáil níos sia ón mBord chun críocha an ghnóthais, féadfaidh an tAire, nó an Bord ag gníomhú dhó le toiliú agus thar ceann an Aire, an talamh a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile (faoi réir ailt 27 i gcás línte iarnróid).

(2) Déanfar an fáltas as talamh a dhíol nó a dhiúscairt faoin alt seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a threorós an tAire Airgeadais.

CUID III.

Seirbhísí Traenach d'Fhorceannadh.

Comhsheirbhís.

22. —Sa Chuid seo ciallaíonn “comhsheirbhís” an tseirbhís, do phaisnéirí agus marsantas nó do cheachtar acu, a cuirtear ar fáil idir an Stát agus Tuaisceart Éireann leis na traenacha uile a oibríos laistigh agus lasmuigh den Stát thar líne iarnróid a sonraítear sa Cheathrú Sceideal.

Comhsheirbhís d'fhorceannadh.

23. —(1) D'ainneoin aon oblagáide reachtúla nó aon oblagáide eile contrártha dhóibh sin, beidh feidhm maidir le comhsheirbhís d'fhorceannadh ag na forála ina dhiaidh seo den alt seo.

(2) Féadfaidh an Bord, an tAire nó an tAire Tráchtála togra a dhéanamh comhsheirbhís d'fhorceannadh agus air sin—

(a) cuirfear an togra faoi bhráid an Aire agus an Aire Thráchtála lena bhreithniú acu i gcomhar,

(b) féadfaidh an tAire, más cuí leis, an togra a chur, le comhaontú an Aire Thráchtála, faoi bhráid Chathaoirleach an Bhinse Iompair chun comhairle agus tuarascáil a thabhairt i gcomhar le Cathaoirleach Bhinse Iompair Thuaisceart Éireann,

(c) beidh cumhacht ag Cathaoirleach an Bhinse Iompair, i gcomhar le Cathaoirleach Bhinse Iompair Thuaisceart Éireann, seirbhísí daoine eile d'fhruiliú chun cabhrú leo ag breithniú an togra agus fiosrúchán poiblí a dhéanamh i dtaobh an togra,

(d) is iad táillí is iníoctha le haon duine a fruileofar mar adúradh pé táillí a cheadós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus a cheadós an Aireacht, agus íocfaidh an tAire a leath seo a leanas—

(i) aon táillí a ceadófar amhlaidh, agus

(ii) na caiteachais faoina raghaidh Cathaoirleach gach Binse ar leith maidir le comhairle agus tuarascáil a thabhairt i dtaobh an togra, agus

(iii) na caiteachais a bhainfeas le haon fhiosrúchán poiblí a dhéanamh i dtaobh an togra.

(3) Tar éis dóibh aon chomhairle agus tuarascáil den tsórt adúradh a bhreithniú, féadfaidh an tAire agus an tAire Tráchtála le chéile—

(a) a údarú an chomhsheirbhís d'fhorceannadh, nó

(b) diúltú do thoiliú leis an seirbhís d'fhorceannadh.

(4) Más rud é, tar éis dóibh aon chomhairle agus tuarascáil den tsórt adúradh a bhreithniú, go dtoileoidh an tAire Tráchtála le comhsheirbhís d'fhorceannadh ach nach dtoileoidh an tAire, coimeádfaidh an Bord an tseirbhís ar siúl agus dlífidh an tAire aon chaillteanas a chúiteamh leis an mBord a thiocfas den tseirbhís a choimeád ar siúl.

(5) Aon cheart atá ag an mBord faoin alt seo chun comhsheirbhís d'fhorceannadh ar aon líne iarnróid, ní dhéanfaidh sé difir in aon tslí d'aon oblagáid a bheas ar an mBord leanúint d'aon tseirbhís eile a chur ar fáil a bhíodh ar fáil go dtí sin ar an líne sin, ach féadfaidh an Bord, ar é a theacht i dteideal an chomhsheirbhís d'fhorceannadh, dul ar aghaidh agus, má threoraíonn an tAire dhó é, raghaidh sé ar aghaidh, do réir ailt 24, chun an tseirbhís eile sin d'fhorceannadh ar fad.

(6) I gcás ina ndéanfaidh an Bord comhsheirbhís d'fhorceannadh de bhuaidh an ailt seo—

(a) ní dhéanfaidh an forceannadh sin difir ar aon tslí d'aon dliteanas de chuid an Bhoird chun droichid, crosairí comhréidh, fáil, silteáin agus oibreacha eile a chothabháil a rinneadh agus a cothabháladh chun úsáide, cóiríochta nó cosanta an phobail i gcoitinne nó aon daoine den phobal nó únaeraí, nó áititheoirí tailte áirithe;

(b) an méid sin d'alt 47 den Railways Clauses Consolidation Act, 1845, a cheanglaíos daoine cuí d'fhostú chun geataí d'oscailt agus a dhúnadh ag crosaire comhréidh, ní bhainfidh sé le haon chrosaire comhréidh ar aon chuid den líne iarnróid iomchuí nach bhfuil d'oblagáid de thuras na huaire ar an mBord aon tseirbhís eile a chur ar fáil thairsti má déantar agus an fhad a déanfar na geataí go léir ar an gcrosaire comhréidh sin a choimeád agus a dhaingniú ar chuma go mbeidh saorbhealach ag trácht bóthair trasna na líne ag an gcrosaire comhréidh sin.

Seirbhísí eile d'fhorceannadh.

24. —(1) D'ainneoin aon oblagáide reachtúla nó aon oblagáide eile contrártha dhó sin, féadfaidh an Bord, dul ar aghaidh agus, má threoraíonn an tAire dhó é, raghaidh sé ar aghaidh, faoin alt seo, chun seirbhís iompair (seachas comhsheirbhís) ar aon líne iarnróid leis an ngnóthas d'fhorceannadh ar fad.

(2) Má déantar údarás a lorg chun seirbhís lena mbaineann an t'alt seo d'fhorceannadh, déanfaidh an Bord fógra i dtaobh an togra d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin ar a laghad a léitear sa límistéir ina n-oibríonn an tseirbhís.

(3) Sonróidh an fógra an tseirbhís a ndéantar togra í d'fhorceannadh agus aon tseirbhísí bóthair a cuirfear ar fáil ina hionad agus an t-am (nach lú ná mí tar éis an fógra d'fhoilsiú) ar laistigh de a fhéadfas aon chomhlucht nó comhlachas daoine lena mbaineann an togra agóidí i gcoinne an togra a chur chun an Aire.

(4) Más rud é nach bhfaighidh an tAire aon agóid laistigh den am sonraithe, ní fhorceannóidh an Bord an tseirbhís go dtí go mbeidh an tAire tar éis deis d'fháil ar aon chomh-leas a ndéanfadh an forceannadh difir dó a phlé leis an Aire Tráchtála agus tar éis scéala dá réir a thabhairt don Bhord.

(5) Má gheibheann an tAire aon agóidí go cuí, ní fhorceannóidh an Bord an tseirbhís mura rud é—

(a) go mbeidh sin údaraithe dhó le hordú ón mBinse Iompair faoi fho-alt 7, agus

(b) go mbeidh an tAire tar éis deis d'fháil, ar an ordú a bheith déanta, ar aon chomh-leas a ndéanfadh an forceannadh difir dó a phlé leis an Aire Tráchtála agus tar éis scéala dá réir a thabhairt don Bhord.

(6) Ar scéala d'fháil faoi fho-alt (4) nó (5), féadfaidh an Bord an tseirbhís d'fhorceannadh nó féadfaidh, le toiliú an Aire, a chomhaontú an tseirbhís a choimeád ar siúl ar an Aire Tráchtála do thabhairt geallúna aon chaillteanas a chúiteamh leis an mBord a thiocfas den tseirbhís a choimeád ar siúl.

(7) I gcás ina n-iarrfaidh an Bord ordú ar an mBinse á údarú don Bhord seirbhís d'fhorceannadh cuirfidh an tAire chun an Bhinse na hagóidí a fuair sé go cuí, agus tar éis don Bhinse an Bord agus na hagóideoirí d'éisteacht beidh cumhacht aige—

(a) an t-ordú a dhéanamh, le modhnuithe nó gan modhnuithe, agus le tórainn nó gan tórainn ar thréimhse a fheidhme, nó

(b) diúltú d'ordú a dhéanamh.

(8) Foilseoidh an Bord, pé trátha agus i pé slí a threorós an Binse, fógra go ndearnadh ordú faoi fho-alt 7.

(9) I gcás an Bord a theacht, de bhuaidh an ailt seo, i dteideal seirbhís d'fhorceannadh—

(a) Ní dhéanfaidh an forceannadh sin difir ar aon tslí d'aon dliteanas de chuid an Bhoird chun droichid, crosairí comhréidh, fáil, silteáin agus oibreacha eile a chothabháil a rinneadh agus a cothabháladh chun úsáide, cóiríochta, nó cosanta an phobail i gcoitinne nó aon daoine den phobal nó únaeraí nó áititheoirí tailte áirithe,

(b) an méid sin d'alt 47 den Railways' Clauses Consolidation Act, 1845, a ceanglaíos daoine cuí d'fhostú chun geataí d'oscailt agus a dhúnadh ag crosaire comhréidh, ní bhainfidh sé le haon chrosaire comhréidh ar an líne iarnróid iomchuí nach bhfuil d'oblagáid de thuras na huaire ar an mBord aon tseirbhís eile a chur ar fáil thairsti má déantar agus an fhad a déanfar na geataí go léir ar an gcrosaire comhréidh sin a choimeád agus a dhaingniú ar chuma go mbeidh saorbhealach ag trácht bóthair trasna na líne ag an gcrosaire comhréidh sin.

Cumhacht an Aire chun caillteanas i leith seirbhísí lasmuigh den Stát a ghlacadh air féin.

25. —Más rud é—

(a) go ndéanfaidh an Bord nó an tAire Tráchtála togra aon tseirbhísí iompair d'fhorceannadh a chuireas an Bord ar fáil lasmuigh den Stát, agus

(b) gur deimhin leis an Aire gur gá nó gurb inmhianuithe, i ndáil le saoráidí iompair a chur ar fáil laistigh den Stát, na seirbhísí sin a choimeád ar siúl, féadfaidh an tAire a gheallúint go mbeidh sé freagarthach i méid aon chaillteanais a thiocfas den tseirbhís a choimeád ar siúl,

Línte iarnróid a thréigint.

26. —I gcás an Bord a theacht, faoin gCuid seo, i dteideal na seirbhísí a cuirtear ar fáil ar aon líne iarnróid d'fhorceannadh ar fad, féadfaidh an tAire, ar an mBord dá iarraidh isn, le hordú (dá ngairmtear ordú tréigin san Acht seo) a údarú don Bhord an líne a thréigint.

(2) Bainfidh fo-ailt (3), (4), (5), (6) agus (8) d'alt 21 den Acht Iompair, 1950 ( Uimh. 12 de 1950 ), le hordú tréigin, ach tagairtí don “Bhord” d'fhorléiriú mar thagairtí don Bhord a bunaítear leis an Acht seo.

Talamh líne iarnróid thréigithe a dhíol.

27. —(1) Nuair a bheas ordú tréigin déanta i leith líne iarnróid, féadfaidh an tAire, nó an Bord ag gníomhú dhó le toiliú agus thar ceann an Aire, an talamh faoin líne agus dá tadhall a dhíol, trí ghnóthaíocht phríobháideach, le húnaer na talún ar dhá thaobh na líne nó trí cheant poiblí le duine ar bith, lena n-áirítear an t-únaer sin.

(2) Déanfar an fáltas as talamh a dhíol faoin alt seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a threorós an tAire Airgeadais.

CUID IV.

Airgeadas.

Seoladh an ghnóthais.

28. —Beidh de dhualgas ginearálta ar an mBord a ghnóthas a sheoladh ar shlí go n-áiritheofar a luaithe is féidir nach mbeidh ioncam an Bhoird, ar na blianta a thógaint le chéile, níos lú ná mar is gá chun na muirir a ghlanadh atá, le ceart, inmhuirir ar an ioncam.

Scéim chionroinnte brabús agus caillteanas.

29. —A luaithe is féidir tar éis an dáta bunuithe, agus aon uair dá éis sin a iarrfas an tAire agus an tAire Tráchtála é, cuirfidh an Bord faoi bhráid an Aire agus an Aire Thráchtála, lena breithniú, scéim chun brabúis agus caillteanais an ghnóthais a chinneadh agus a chionroinnt do réir téarmaí an chomhaontuithe atá leagtha amach sa Chéad Sceideal (dá ngairmtear san Acht seo an comhaontú sceidealta).

Brabúis agus caillteanais a dháiliú.

30. —(1) Déanfar brabúis agus caillteanais an ghnóthais a mheasúnú do réir na scéime cionroinnte ar a mbeidh comhaontaithe de thuras na huaire ag an Aire agus ag an Aire Tráchtála.

(2) Íocfaidh an tAire leis an mBord méid aon chaillteanais a mbeidh an tAire freagarthach ann de bhun míre 2 den chomhaontú sceidealta.

(3) Déanfar íocaíochtaí faoi fho-alt (2) ar pé téarmaí, maidir le haisíoc nó ús nó eile, ar a gcomhaontóidh an tAire agus an Bord, le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Féadfar pé suim nó suimeanna is oiriúnach leis an Aire d'airleacan chun an Bhoird, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, pé trátha a shocrós an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tráchtála, faoi chomhair aon chaillteanais a meastar a bheas ann in aon bhliain agus a mbeadh an tAire freagarthach ann.

(5) Má bhíonn an méid a hairleacfar amhlaidh níos mó ná an méid a gheofar sa deireadh a bheith dlite don Bhord ón Aire don bhliain sin aisíocfaidh an Bord an bhreis leis an Aire a luaithe is féidir.

(6) Má bhíonn an méid a hairleacfar amhlaidh níos lú ná an méid a gheofar sa deireadh a bheith dlite don Bhord ón Aire don bhliain sin íocfaidh an tAire méid an easnaimh leis an mBord a luaithe is féidir.

(7) Íocfaidh an Bord leis an Aire an méid den bhrabús is inchurtha i leith oibriú an ghnóthais sa Stát i gcaitheamh aon bhliana.

Sócmhainní a dhíol.

31. —(1) Beidh teideal ag an mBord aon chuid dá shócmhainní a dhíol is dóigh leis an mBord nach gá a thuilleadh chun críocha an ghnóthais.

(2) Aon mhéid a bheas, de bhun an chomhaontuithe sceidealta, le creidiúnú don Aire ar aon chuid de shócmhainní an Bhoird a dhíol, beidh sé, arna éileamh, dlite don Aire agus iníoctha leis ón mBord.

Airgead a gheobhas an tAire a dhiúscairt.

32. —Déanfar na suimeanna go léir a gheobhas an tAire faoin Acht seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste mar threorós an tAire Airgeadais.

Iocaíochtaí i leith caiteachas caipitiúla.

33. —(1) Íocfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, leis an mBord leath aon mhéide a comhaontófar idir an tAire agus an Aireacht a sholáthar ina scaireanna comhionanna de bhun fo-mhíre (1) de mhír 7 den chomhaontú sceidealta.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, íocaíochtaí a dhéanamh leis an mBord chun go bhféadfaidh an Bord íoc as aon chaiteachais chaipitiúla de chuid an ghnóthais a bheas le soláthar ag an Aire de bhun fo-mhíreanna (2), (3), agus (4) de mhír 7 den chomhaontú sceidealta.

(3) Déanfar íocaíochtaí faoin alt seo ar pé téarmaí, maidir le haisíoc nó ús nó eile, ar a gcomhaontóidh an tAire agus an Bord, le toiliú an Aire Airgeadais.

Cumhachta an Bhoird chun airgead d'fháil ar iasacht.

34. —(1) Féadfaidh an Bord, ó am go ham, pé suimeanna d'fháil ar iasacht a bheas ag teastáil uaidh chun a oblagáidí d'fhreastal agus a dhualgais a chomhlíonadh.

(2) Ní dhéanfaidh an Bord a chumhachta faoin alt seo d'fheidhmiú ar shlí gur mó ná milliún punt aon tráth a fhéichiúnas iomlán i leith iasachtaí sealadacha.

Cuntais agus iniúchadh.

35. —(1) (a) Coimeádfaidh ar Bord gach cuntas is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhas nó a chaithfeas sé agus go háirithe coimeádfaidh gach cuntas a threorós an tAire agus an tAire Tráchtála i gcomhar.

(b) Féadfaidh an tAire agus an tAire Tráchtála, i gcomhar, an fhoirm a threorú ina gcoimeádfar cuntais an Bhoird.

(2) (a) Taispeánfaidh cuntais an Bhoird, ar an dáta bunaithe, mar dhliteanas caipitiúil an Bhoird don Aire, suim dhá mhilliún dhá chéad agus caoga míle punt, is é sin, an méid a bheas íoctha ag an Aire leis an gCuideachta faoi fho-alt (1) d'alt 46, agus a chomhshuim mar dhliteanas caipitiúl don Aire Tráchtála.

(b) Féadfar ús a mhuirearú ar an mBord i leith an dliteanais sin don Aire do réir pé ráta a shocrós an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais,

(3) (a) Ullamhóidh an Bord ráiteas cuntas bliantúil a bheas i pé foirm agus ina mbeidh pé sonraí agus a tiomsófar as pé taifid agus i pé slí a threorós an tAire agus an tAire Tráchtála i gcomhar.

(b) Déanfar cuntais an Bhoird d'iniúchadh gach bliain ag iniúchóir nó iniúchóirí a cheapfas an Bord gach bliain le toiliú an Aire agus an Aire Thráchtála.

(c) Íocfaidh an Bord táillí iniúchóra agus costais an iniúchta.

(4) Déanfaidh an Bord, laistigh de thrí mhí, nó de pé tréimhse is sia ná sin a threorós an tAire agus an tAire Tráchtála i gcomhar, tar éis deireadh bliana airgeadais an Bhoird, cóip den ráiteas cuntas bliantúil maraon le tuarascáil an iniúchóra air a chur chun an Aire.

(5) Bhéarfaidh an tAire go ndéanfar cóip de na cuntais agus den tuarascáil a bhéarfar dó faoin alt seo a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus cuirfidh an Bord cóipeanna díobh ar díol.

CUID V.

Foireann an Bhoird.

Ceapadh oifigeach agus seirbhíseach an Bhoird.

36. —(1) Ceapfaidh an Bord rúnaí agus pé oifigigh agus seirbhísigh eile a chinnfeas an Bord, agus íocfaidh an Bord a luach saothair.

(2) Ach amháin mar foráltar san alt seo agus in alt 37, is trí scrúdú comórtais oscailte do réir rialacha a dhéanfas an Bord a glacfar daoine isteach sna gráid chléireachais de sheirbhís an Bhoird.

(3) Féadfaidh an Bord a fhoráil le rialacha speisialta go ndéanfar pé cionúireacht a cheadós an tAire agus an Aireacht de na folúntais sna gráid chléireachais dá sheirbhís a líonadh trí scrúduithe comórtais tóranta agus, i gcás scrúdú a thórainniú amhlaidh, ní ligfear isteach ar an scrúdú ach daoine atá nó a bhí ar fostú ag an gCuideachta nó ag an mBord.

Oifigigh agus seirbhísigh na Cuideachtan d'aistriú.

37. —Gach duine a bhí díreach roimh an dáta bunuithe ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chuideachta, tiocfaidh sé, ar an dáta sin, chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna seirbhíse.

Cúiteamh d'fhostaithe a scaoilfear lena seirbhísí nó a ndéanfar dochar dóibh ina gcoinníollacha de dheasca seirbhísí traenach d'fhorceannadh.

38. —(1) Má dhéanann an Bord seirbhís iompair a cuirtear ar fáil ar aon líne iarnróid de chuid an ghnóthais d'fhorceannadh ar fad agus go dtiocfaidh de sin nach gá oifigeach nó seirbhíseach don Bhord (is duine a chónaíos sa Stát agus a bhí go dtí sin ar fostú go díreach ar an tseirbhís sin nó ar fostú go hiomlán i ndáil léi) a choinneáil sa phost a bhí aige roimh an bhforceannadh sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) má scaoileann an Bord lena sheirbhísí, íocfaidh an Bord cúiteamh leis a ríomhfar do réir an Cheathrú Sceidil a ghabhas leis an Acht Iompair, 1950 (Uimh. 12 de 1950) , arna oiriúnú le fo-alt (2) den alt seo;

(b) más rud é—

(i) go n-aistreoidh an Bord é go dtí post eile ina sheirbhís, agus

(ii) go ndéanfaidh sin dochar dó ina choinníollacha seirbhíse mar oifigeach nó seirbhíseach don Bhord,

déanfaidh an Bord cnapshuim réasúnach d'íoc leis mar chúiteamh.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) déanfar tagairtí sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht Iompair, 1950 , do shean-chuideachta iompair nó do shean-cheadúnaí ród-iompair d'fhorléiriú mar thagairtí don Chuideachta, agus

(b) beidh feidhm ag ailt 41 go 43 den Acht sin maidir le cúiteamh faoi fho-alt (1) den alt seo ach tagairtí don “Bhord” d'fhorléiriú mar thagairtí don Bhord a bunaítear faoin Acht seo.

(3) Chun críocha an ailt seo measfar dochar a dhéanamh d'oifigeach nó seirbhíseach don Bhord ina choinníollacha seirbhíse mar oifigeach nó seirbhíseach don Bhord más rud é, de dhroim an aistrithe—

(a) go gcaillfidh sé aon airgead go díreach nó gur measa a staid maidir le coinníollacha a sheirbhíse ina n-iomláine (ar a n-áirítear sealbhaíocht oifige nó fostaíochta, luach saothair, aiscí, aoisliúntas, sochair nó liúntais ó chiste breoiteachta nó sochair nó liúntais eile, pé acu dlí nó gnás is foras dóibh agus pé acu maidir leis féin nó lena bhaintreach nó lena chlann nó le cleithiúnaithe eile leis atá feidhm acu) i gcóimeas leis na coinníollacha seirbhíse a bhain leis roimh an aistriú, nó

(b) go gceanglaíonn an Bord air dualgais a chomhlíonadh sa phost chun ar haistríodh é nach bhfuil i gcosúlacht, nó nach breis réasúnach, leis na dualgais a bhí de cheangal air, roimh an aistriú, a chomhlíonadh sa phost ónar haistríodh amhlaidh é.

Scéim aoisliúntais.

39. —(1) Féadfaidh an Bord scéim (dá ngairmtear scéim aoisliúntais san alt seo) d'ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun ciste aoisliúntais a bhunú ar fhoras ranníocach ar mhaithe le fostaithe nó le haon aicme áirithe d'fhostaithe an Bhoird nó chun scéim aoisliúntais a bhí i bhfeidhm cheana féin faoin alt seo a leasú.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aireacht agus le ceadú an Aire Airgeadais, daingniú, gan modhnú nó le pé modhnuithe (trí bhreisiú, laghdú nó athrú) is cuí leis an Aire, a dhéanamh, le hordú, ar scéim aoisliúntais a cuirfear faoina bhráid faoin alt seo.

(3) Ní thiocfaidh aon scéim aoisliúntais i ngníomh mura ndéantar ná go dtí go ndéanfar í a dhaingniú le hordú ón Aire, ach ar í a dhaingniú amhlaidh tiocfaidh sí i ngníomh ar an dáta a sonrófar chuige sin san ordú agus, amhail ar an dáta sin agus ón dáta sin, beidh feidhm dlí aici sa bhfoirm inar daingníodh amhlaidh í.

(4) Aon chiste a bunófar chun críocha scéime aoisliúntais, measfar gur faoi iontaobhas do-chúlghairmthe a bunaíodh é.

Scéimeanna aoisliúntais láithreacha.

40. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “scéim aoisliúntais” aon chiste nó scéim aoisliúntais nó pinsin, nó aon chiste nó scéim soláthrach do bhaintreacha agus dílleachtaí, nó aon chiste nó scéim sochair eile;

ciallaíonn “scéim aoisliúntais láithreach” scéim aoisliúntais a bhunaigh an Chuideachta agus a bhí ar marthain díreach roimh an dáta bunuithe agus folaíonn sé Ciste Aoisliúntais Chóras Imreitigh na nIarnród.

(2) Faoi réir forál an ailt seo, leanfaidh gach scéim aoisliúntais láithreach, agus bainistí na scéime, ar marthain ar an dáta bunaithe agus dá éis.

(3) Chun críocha aon achtacháin reachtúil agus aon rialach agus rialachán a bhaineas le haon scéim aoisliúntais láithreach, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas ar an dáta bunuithe agus dá éis:

(a) aon chumhacht a bhí ag an gCuideachta, nó ag a stiúrthóirí nó ag aon oifigeach di, maidir leis an scéim sin, féadfaidh an Bord, nó aon oifigeach don Bhord ag a mbeidh údarás chuige sin ón mBord, í d'fheidhmiú,

(b) measfar, maidir le seirbhís nó fostaíocht nó díbhe faoin mBord nó ag an mBord i gcás aon oifigigh nó seirbhísigh don Chuideachta a haistríodh de bhuaidh an Achta seo chun an Bhoird, gur seirbhís nó fostaíocht nó díbhe faoin gCuideachta nó ag an gCuideachta é,

(c) i gcás cumhacht a bheith ag stiúrthóirí na Cuideachtan, faoi rialacha na scéime sin, chun oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh chun aon choiste bhainistí, déanfaidh an Bord, ag feidhmiú na gcumhacht sin dó, oifigigh nó seirbhísigh don Bhord a cheapadh atá ina gcomhaltaí den scéim sin nó a bheadh, mura mbeadh an tAcht seo, incheaptha chun an choiste bhainistí sin.

(4) Na hoblagáidí, pé acu dlí nó gnás is foras dóibh, atá ar an gCuideachta maidir le haon scéim aoisliúntais láithreach agus maidir le gach comhalta den scéim aoisliúntais láithreach sin, beid ina gceangal ar an mBord.

(5) Na daoine uile atá nó bhí ina gcomhaltaí d'aon scéim aoisliúntais láithreach agus na daoine uile a bheas ag déanamh éilimh de dhroim cirt aon chomhaltaí den tsórt sin, beid i dteideal na sochar, na gceart agus na bpribhléidí céanna agus faoi réir na n-oblagáidí céanna, pé acu dlí nó gnás is foras dóibh, a mbeadh na daoine sin, nó a dtiocfaidís chun bheith, ina dteideal nó faoina réir mura mbeadh an tAcht seo.

(6) Aon duine—

(a) a bheas i seirbhís na Cuideachtan díreach roimh an dáta bunuithe, agus

(b) nach comhalta d'aon scéim aoisliúntais láithreach, beidh aige, fad a fhanfas sé i seirbhís an Bhoird, an ceart céanna (más ann) chun bheith ina chomhalta d'aon scéim den tsórt sin a bheadh aige mura mbeadh an tAcht seo dá bhfanadh sé i seirbhís na Cuideachtan.

(7) Ní déanfar aon ní san alt seo d'fhorléiriú mar ní a choisceas an Bord ó scéim aoisliúntais láithreach a leasú do réir cumhachta chuige sin sa scéim.

(8) Measfar gur faoi iontaobhas do-chúlghairmthe a bunaíodh scéim aoisliúntais láithreach.

Coinníollacha seirbhíse a rialú.

41. —Na tagairtí atá in alt 55 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 ( Uimh. 29 de 1924 ), agus in ailt 10 agus 16 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1933 (Uimh. 9 de 1933) , do chuideachta iarnróid, forléireofar iad mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Bhord.

CUID VI.

Feidhm Achtachán.

Seasamh an Bhoird mar chuideachta iarnróid.

42. —Beidh ag an mBord, chun críche aon achtacháin, an seasamh céanna a bhí ag an gCuideachta roimh an dáta bunuithe mar chuideachta iarnróid.

Feidhm na n Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 agus 1933.

43. —(1) Chun críocha alt 28 agus 30 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932) , measfar gur cuideachta lena mbaineann Cuid III den Acht sin an Bord.

(2) Measfar, chun críocha an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 8 de 1933 ), gur cuideachta údaraithe chun marsantas d'iompar agus cuideachta údaraithe chun paisnéirí d'iompar an Bord.

Modhnú ar an Public Authorities Protection Act, 1893.

44. —Bainfidh an Public Authorities Protection Act, 1893, leis an mBord faoi réir na modhnuithe go gcuirfear tagairt do dhá mhí dhéag in ionad aon tagairtí do shé mhí i mír (a) d'alt 1 de agus nach mbeidh feidhm ag míreanna (b), (c) agus (d) den alt sin (a dhéanas foráil speisialta maidir le costais).

Gan feidhm a bheith ag achtacháin áirithe maidir leis an mBord.

45. —Ní bheidh feidhm maidir leis an mBord ag na hachtacháin a luaitear sa Chúigiú Sceideal.

CUID VII.

An Great Northern Railway Company (Ireland) d'Fhorceannadh.

Cúiteamh do Stocshealbhóirí.

46. —(1) Ar an dáta bunuithe íocfaidh an tAire leis an gCuideachta suim dhá mhilliún dhá chéad agus caoga míle punt, is é sin, leath na suime ceithre mhílliún agus cúig chéad míle punt a chomhaontaigh an tAire agus an Aireacht d'íoc leis an gCuideachta mar chúiteamh i leith a gnóthas d'aistriú faoin Acht seo.

(2) (a) Laistigh de dhá mhí ón dáta bunuithe, imdháilfidh an Chuideachta an tsuim sin ceithre mhilliún agus cúig chéad míle punt trí shuim d'íoc le gach duine a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, ina shealbhóir cláraithe ar aon urrús a luaitear sa chéad cholún den Séú Sceideal is ionann in aghaidh gach céad punt den urrús sin a shealbhaigh sé agus an tsuim a sonraítear sa dara colún den Sceideal os coinne lua an urrúis sin agus cion dá réir sin in aghaidh méideanna den urrús sin is mó nó is lua ná céad punt.

(b) I dteannta na suime is iníoctha faoi mhír (a) le sealbhóir stoic bhintiúir, íocfaidh an Chuideachta le gach sealbhóir den tsórt sin ús ar mhéid an stoic sin arna ríomh do réir a ceathair faoin gcéad sa bhliain in aghaidh na tréimhse dhá mhí dár tosach an dáta bunuithe nó in aghaidh na tréimhse dár tosach an dáta sin agus dár críoch dáta imdhála na suime sin, pé acu is giorra.

(c) Íocfaidh an tAire leis an gCuideachta leath an airgid a theastós ón gCuideachta chun críche míre (b).

(d) Ní dearbhófar ná ní híocfar aon díbhinn agus, ach amháin mar foráltar le mír (b), ní bheidh aon ús iníoctha ná ní híocfar aon ús ar aon cheann d'urrúis na Cuideachtan in aghaidh aon tréimhse tar éis an Bord a bhunú.

(3) Duine a gheobhas suim faoi fho-alt (2) i leith aon urrúis, teachtfaidh sé an tsuim sin sa cheart céanna, ar na hiontaobhais chéanna agus faoi réir na gcumhacht, na bpribhléidí, na muirear agus na ndliteanas céanna ar theachtaigh sé an t-urrús iontu, orthu nó faoina réir; agus i gcás inar teachtadh an t-urrús de bhun aon fhorála i ngníomhas, uacht, diúscairt nó ionstraim eile, beidh éifeacht ag an ionstraim sin amhail is dá n-údaródh sí go sainráite an tsuim a fuarthas amhlaidh d'infheistiú in aon infheistíocht a húdaraítear faoi alt 1 den Trustee Act, 1893.

(4) Mura féidir leis an gCuideachta ar chúis ar bith aon tsuim áirithe d'íoc faoi fho-alt (2) leis an duine atá ina teideal, féadfar an tsuim sin d'íoc isteach san Ard-Chúirt (nó, mura mó ná míle punt í, isteach sa Chúirt Chuarda) agus cuirfear chun feidhme í agus déileálfar léi do réir na bhforál den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, a bhaineas le hairgead ceannaigh nó cúiteamh a thagas chun páirtithe a bhfuil leasa tóranta acu i dtalamh a tógadh go héigeantach nó a gcoistcear orthu gnóthaíocht a dhéanamh nó nach mbunaíonn teideal chuige sin, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forála sin; agus chun críche an ailt seo beidh ag an gCúirt Chuarda an dlínse uile is infheidhmithe ag an Ard-Chúirt faoin Acht sin.

(5) Ach amháin mar foráltar san alt seo ní bheidh aon chúiteamh iníoctha le duine ar bith de dhroim gnóthas na Cuideachtan d'aistriú chun an Bhoird.

(6) Nuair a dhéanfas an Chuideachta íocaíocht faoin alt seo i leith aon urrúis, oibreoidh an íocaíocht chun an Chuideachta d'urscaoileadh ó gach dliteanas do dhuine ar bith i leith an urrúis agus air sin beidh an dliteanas cealaithe.

Admháil i gcás duine nach bhfuil sui juris.

47. —Má bhíonn aon airgead iníoctha ag an gCuideachta le sealbhóir stoic sa Chuideachta, is mionaoiseach nó duine mímheabhrach, beidh admháil a chaomhnóra nó chúramaí a eastáit ina urscaoileadh leordhóthaineach don Chuideachta.

Airgead d'airleaoan as an bPríomh. Chiste.

48. —(1) Déanfar an t-airgead a theastós ón Aire faoi chomhair na n-íocaíochtaí is gá dhó a dhéanamh faoi fho-alt (1) d'alt 46 d'airleacan as an bPríomh Chiste nó a thoradh fáis.

(2) Chun airgead a sholáthar le haghaidh an airleacain faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPríomh Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear príomhshuime nó muirear úis aon urrús a heiseofar faoin alt seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i ndáil leis na hurrúis sin d'eisiúint.

An Chuideachta d'fhorceannadh.

49. —(1) (a) Nuair a bheas an Chuideachta tar éis an t-airgead cúitimh d'imdháil go cuí agus aon treoracha a chomhlíonadh a thug an Bord di chun a áirithiú go ndéanfar únaeracht aon mhaoine nó sócmhainní nó aon cheart d'aistriú go héifeachtúil chun an Bhoird agus tar éis a fháil amach nach mian leis an mBord aon treoracha eile a thabhairt, bhéarfaidh an Chuideachta fógra dá réir sin don Aire.

(b) Más deimhin leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tráchtála (pé acu a tugadh aon fhógra den tsórt sin dó nó nár tugadh), gur déileáladh amhlaidh leis an airgead cúitimh agus gur comhlíonadh aon treoracha a tugadh amhlaidh agus nach mian leis an mBord aon treoracha eile a thabhairt, déanfaidh an tAire ordú nach bhfuil aon chúis leis an gCuideachta do leanúint ar marthain agus bhéarfaidh sé go bhfoilseofar an t-ordú san Iris Oifigiúil, agus ar an ordú d'fhoilsiú beidh an Chuideachta díscaoilte agus scoirfidh alt 6 den Great Northern Railway (Ireland) Act, 1877, trínar corpraíodh an Chuideachta, d'éifeacht a bheith aige.

(2) I gcaitheamh na tréimhse dár tosach an dáta bunuithe agus dár críoch dáta na Cuideachtan a dhíscaoileadh fanfaidh na forála reachtúla agus na hionstraimí eile a bhaineas leis an gCuideachta i bhfeidhm maidir leis an gCuideachta amhail is nár ritheadh an tAcht seo, a mhéid a bheas na cumhachta a bheirtear leo ag teastáil le haghaidh a mbeidh fágtha de chríocha na Cuideachtan.

(3) Ar an dáta bunuithe nó dá éis—

(a) ní bheidh oblagáid ann aon fholúntas i measc na stiúrthóirí a líonadh ach féadfaidh na stiúrthóirí a bheas fágtha leanúint de chumhachta uile na stiúrthóirí d'fheidhmiú suas go dtí tráth an díscaoilte;

(b) d'ainneoin aon fhorála reachtúla nó aon fhorála eile, ní bheidh oblagáid ann cruinniú ginearálta den Chuideachta a chomóradh;

(c) féadfaidh aon stiúrthóir nó iniúchóir leanúint d'oifig a shealbhú nó féadfar é a thoghadh nó a cheapadh chun oifige aon tráth d'ainneoin—

(i) deireadh a theacht leis an tréimhse dár toghadh nó dár ceapadh é roimhe an dáta sin; agus

(ii) nach sealbhóir é ar an méid urrúis sa Chuideachta ba ghá dhó, roimh an dáta sin, a shealbhú lena cháiliú chun na hoifige sin.

(4) Íocfaidh an Bord na caiteachais go léir (lena n-áirítear aon chíosa, rátaí, cánacha agus eisíocaíochtaí eile i leith aon oifigí) faoina raghaidh an Chuideachta go réasúnach agus go cuí tar éis an dáta bunuithe, agus cuirfidh an Bord pé saoráidí ar fáil don Chuideachta a theastós do réir réasúin ón gCuideachta chun scrúdú a dhéanamh ar leabhair, cuntais agus doiciméid a tugadh suas don Bhord agus chun sleachta a thógaint astu nó cóipeanna a dhéanamh díobh agus cuirfidh an Bord ar fáil don Chuideachta seirbhísí pé oifigeach agus seirbhíseach, agus sin ar pé téarmaí agus coinníollacha, agus go ceann pé tréimhse, ar a gcomhaontóidh an Bord agus an Chuideachta nó, cheal comhaontuithe, a chinnfeas an tAire le comhaontú na hAireachta, agus íocfaidh an Bord luach saothair na n-oiflgeach agus na seirbhíseach sin.

(5) Íocfaidh an Bord le stiúrthóirí na Cuideachtan, as aon tseirbhísí a bhéarfas na stiúrthóirí don Chuideachta tar éis an dáta bunuithe, pé luach saothair ar a gcomhaontóidh an Bord agus na stiúrthóirí nó, cheal comhaontuithe, a chinnfeas an Bord le ceadú an Aire agus an Aire Thráchtála a bheith réasúnach ag féachaint do na himthosca go léir.

(6) Féadfaidh stiúrthóirí na Cuideachtan déileáil mar is oiriúnach leo le haon chuid den airgead cúitimh a bheas fágtha tar éis na himdhála.

Fógraí áirithe do leanúint i bhfeidhm.

50. —Gach fógra a sheirbheáil an Chuideachta nó a seirbheáladh uirthi roimh an dáta bunuithe agus nach raibh a éifeacht nó a théarma caite roimh an dáta bunuithe, leanfaidh sé, sa mhéid nach bhfuil sé ar neamhréir leis an Acht seo, d'fheidhm agus éifeacht a bheith aige ar an dáta bunuithe agus dá éis amhail is dá mba fógra é a sheirbheáil an Bord nó a seirbheáladh ar an mBord ar an dáta a seirbheáladh é iarbhír agus amhail is dá mbeadh na feidhmeanna nó an mhaoin lena mbaineann an fógra sin dílsithe cheana féin sa Bhord ar an dáta sin.

Forála maidir le cáin ioncaim is inmhuirir ar an gCuideachta.

51. —(1) Leanfaidh an Chuideachta, ar an dáta bunuithe agus dá éis, de bheith faoi dhliteanas, faoi na hAchta Cánach Ioncaim, aon ráiteas, tuairisceán nó sonraí d'ullmhú agus a sheachadadh is gá chun críocha na nAcht sin d'aon bhliain mheasúnuithe a chríochnós ar, nó roimh, an gcéad 5ú lá d'Aibreán tar éis an dáta bunuithe.

(2) Féadfar measúnuithe cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnuithe a chríochnós ar, nó roimh, an gcéad 5ú lá d'Aibreán tar éis an dáta bunuithe a dhéanamh ar an gCuideachta ar an dáta bunuithe nó dá éis, agus aon cháin ioncaim i leith aon mheasúnuithe den tsórt sin a déanfar amhlaidh, agus is measúnú críochnaitheach dochloíte, measfar, nuair a thiocfas sé chun bheith dlite agus iníoctha, é a theacht chun bheith dlite agus iníoctha roimh an dáta bunuithe.

(3) An duine arb é rúnaí an Bhoird nó an t-oifigeach eile a chomhlíonas dualgais rúnaí an Bhoird é, measfar, chun críocha fo-alt (1) agus (2), gurb é rúnaí na Cuideachtan nó an t-oifigeach eile a chomhlíonas dualgais rúnaí na Cuideachtan é.

(4) Beidh ag an mBord, agus bheirtear leis seo don Bhord, cumhacht chun go mbainfeadh sé as sochair oifige aon duine a shealbhaios oifig nó fostaíocht sochair faoin mBord aon cháin ioncaim a muirearaíodh ar an gCuideachta i leith aon oifige nó fostaíochta sochair a shealbhaigh an duine sin faoin gCuideachta.

(5) Chun críocha an ailt seo, ach ní chun aon chríche eile ná ar aon tslí eile é, measfar an Chuideachta do leanúint ar marthain ar an dáta díscaoilte faoi alt 49 agus dá éis sin.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Dreacht Théarmaí Comhaontuithe atá LE Déanamh idir an tAire agus an Aireacht.

Alt 3.

1. Íocfar leis an Great Northern Railway Company (Ireland) suim cheithre mhilliún agus cúig chéad míle punt mar chúiteamh ina ghnóthas a thógaint faoi Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1953 , agus faoin Great Northern Railway Act (Northern Ireland), 1953 (dá ngairmtear na hAchta anseo feasta). Íocfaidh gach páirtí ar leith sa chomhaontú seo nó íocfar thar a cheann leath na suime sin.

2. (1) Déanfar brabúis agus caillteanais an Bhoird a bunaítear faoi na hAchta a chinneadh agus a chionroinnt, faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den Chomhaontú seo, in aghaidh na bliana mar leanas:—

(a) déanfar an méid de na brabúis nó de na caillteanais is inchurtha i leith oibriú an ghnóthais i límistéir pháirtí amháin agus sa límistéir sin amháin a chionroinnt ar an bpáirtí sin;

(b) déanfar na brabúis nó na caillteanais nach inchurtha amhlaidh a chionroinnt go cothromasach idir na páirtithe.

(2) Beidh gach páirtí ar leith i ndteideal na mbrabús agus freagarthach sna caillteanais a cionroinnfear ar an bpáirtí sin.

3. An scéim chionroinnte brabús agus caillteanas a chuirfeas an Bord faoi bhráid na bpáirtithe sa Chomhaontú seo, glacfaidh an dá pháirtí léi mura rud é go gcomhaontóid, laistigh de shé mhí tar éis í a chur faoina mbráid, glacadh lena malairt de scéim.

4. An scéim lena nglacfar de bhun míre 3, bainfidh sí leis an ngnóthas ó dháta bunuithe an Bhoird. Beidh sí i bhfeidhm go ceann na tréimhse trí bliana dár tosach an dáta sin.

5. Cuirfidh an dá pháirtí de cheangal ar an mBord scéim chionrointe in aghaidh gach tréimhse trí bliana as a chéile a chur faoina mbráid. Glacfaidh an dá pháirtí leis an scéim mura rud é go gcomhaontóid, laistigh de shé mhí tar éis í a chur faoina mbráid, glacadh lena malairt de scéim don tréimhse sin.

6. (1) I gcás ina ndéanfar togra comhsheirbhís mar mínítear sin leis na hAchta d'fhorceannadh agus go n-aontóidh ceann de na páirtithe sa Chomhaontú seo, ach nach n-aontóidh an ceann eile, lena forceannadh, beidh an páirtí easaontach freagarthach in aon chaillteanas a thiocfas den tseirbhís a choimeád ar siúl agus modhnófar dá réir sin an scéim chionroinnte a mbeidh glactha léi de thuras na huaire.

(2) Modhnófar an scéim freisin chun socrú a dhéanamh i dtaobh aon chaillteanais a bhainfeas don Bhord trí aon tseirbhís, seachas comhsheirbhís, d'oibriú i gcás freagarthacht sa chaillteanas a bheith glactha ag páirtí na límistéire nach inti atá an tseirbhís á hoibriú.

(3) Forálfaidh modhnú ar an scéim faoin mír seo—

(a) go ríomhfar an caiteachas faoina raghaidh an Bord de dhroim leanúint d'oibriú na seirbhíse lena mbaineann an modhnú i pé slí ar a gcomhaontóidh na páirtithe agus go n-áireofar ann suim i leith aon línte iarnróid, tailte agus áitribh d'úsáid i ndáil leis an seirbhís, agus

(b) go bhfaibhreoidh aon bhrabúis de dhroim leanúint d'oibriú na seírbhíse chun an pháirtí a ghlac freagarthacht sa chaillteanas de dhroim an tseirbhís a choimeád ar siúl go dtí go mbeidh suim faighte ag an bpáirtí sin is comhionann le méid na n'íocaíochtaí a rinne an páirtí sin leis an mBord i leith an chaillteanais sin.

7. (1) An t-airgead a bheas ag teastáil ón mBord chun rothdhíle iarnróid d'fháil nó chun críocha Oibreacha Dhún Dealgan, a dílsítear sa Bhord, nó chun talamh bhreise a thógaint chun críocha na nOibreacha sin, déanfaidh na páirtithe sa Chomhaontú seo, a mhéid a chomhaontós na páirtithe, é a sholáthar ina scaireanna comhionanna. An fáltas a gheofar as—

(a) aon roth-dhíle iarnróid, nó

(b) aon chuid de na hOibreacha sin (lena n-áirítear aon talamh bhreise den tsórt sin) nó aon airnéisí a húsáideadh nó a fuarthas sna hOibreacha sin nó i ndáil leo, nó

(c) aon chuid d'infheistíochtaí an Bhoird,

a dhíol, déanfaidh an Bord (ach amháin, maidir leis an rothdhíle nó na hairnéisí sin sa mhéid a gcuirtear sin in ionad rothdhíle nó airnéisí eile) é a chreidiúnú do na páirtithe ina scaireanna comhionanna.

(2) An t-airgead a bheas ag teastáil chun talamh nó áitribh d'fháil agus d'fhorbairt chun críocha an ghnóthais (seachas Oibreacha Dhún Dealgan), déanfaidh an páirtí ar ina límistéir atá na tailte nó na háitribh sin é a sholáthar, a mhéid a chomhaontós an páirtí sin.

(3) An t-airgead a bheas ag teastáil ón mBord chun airnéisí d'fháil lena n-úsáid ina sheirbhísí bóthair nó i ndáil leo, soláthróidh an tAire é a mhéid a chomhaontós an tAire agus déanfaidh an Bord an fáltas as díol aon airnéisí a húsáideadh nó a fuarthas amhlaidh a chreidiúnú (ach amháin sa mhéid go gcuirtear na hairnéisí sin in ionad airnéisí eile) don Aire.

(4) Ach amháin mar foráltar a mhalairt in áit eile sa Chomhaontú seo, má bhíonn airgead ag teastáil ón mBord chun airnéisí d'fháil lena n-úsáid in aon talamh nó áitreabh (seachas Oibreacha Dhún Dealgan), nó i ndáil leis, i límistéir cheachtar páirtí nó chun críocha aon chaiteachas caipitúla eile ag an ngnóthas i gceachtar límistéir, déanfaidh páirtí na límistéire sin é a sholáthar a mhéid a chomhaontós an páirtí sin agus déanfaidh an Bord an fáltas as díol aon áirnéisí a chreidiúnú (ach amháin sa mhéid go gcuirtear na hairnéisí sin in ionad airnéisí eile) don pháirti ar ina límistéir nó dá límistéir a húsáideadh nó a fuarthas amhlaidh na hairnéisí sin.

(5) Déanfar socrú sa scéim chionroinnte i dtaobh an airgid a caithfear chun sócmhainní corpartha a bheas dílsithe sa Bhord nó á n-úsáid aige a chothabháil agus chun cinn eile a chur ina n-ionad. Ní bhaineann na fo-mhíreanna roimhe seo den mhír seo le hairgead den tsórt sin.

8. Comhaontaíonn an tAire go bhféadfaidh an Ulster Transport Authority cearta agus oblagáidí na hAireachta faoin gComhaontú seo (seachas oblagáidí na hAireachta chun na híocaíochtaí sin a dhéanamh dá dtagartar i míreanna 1 agus 6 den Chomhaontú seo) d'fheidhmiú agus a chomhlíonadh in ionad na hAireachta.

9. Más rud é, tráth ar bith tar éis cúig bliana a bheith caite ó dháta an Chomhaontuithe seo, gur mian le ceachtar páirtí an Comhaontú seo d'athrú, raghaidh an dá pháirtí i gceann iomairle athuair d'fhonn pé athrú ar a gcomhaontófar a dhéanamh.

AN DARA SCEIDEAL.

Bord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt

Alt 6.

Corprú.

1. Beidh an Bord ina chomhlucht corpraithe le comharbas suthain agus gnáthshéala.

Comhaltas.

2. Beidh deichniúr comhaltaí ar an mBord.

Ceapadh.

3. (1) Ceapfaidh an tAire cúigear comhaltaí agus ceapfaidh an tAire Tráchtála cúigear.

(2) Mura chun corrfholúntas a líonadh a ceapfar é, ceapfar gach comhalta go ceann tréimhse nach sia ná sé bliana.

(3) Má tharlaíonn corrfholúntas i measc na gcomhaltaí, déanfaidh an tAire a cheap an comhalta a chuaigh as oifig duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh go ceann na coda eile den téarma dár ceapadh a réamhtheachtaí.

(4) Féadfar comhalta a bheas ag dul as oifig d'athcheapadh.

Téarmaí agus coinníollacha seirbhíse.

4. Sealbhóidh gach comhalta a oifig ar pé tearmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear an Bord d'íoc luach saothair agus liúntas in aghaidh caiteachas) a chinnfeas an tAire agus an tAire Tráchtála, i gcomhar, tráth a cheaptha.

An cathaoirleach agus an leascathaoirleach.

5. (1) Déanfaidh an tAire, agus déanfaidh an tAire Tráchtála, duine de na comhaltaí a cheap sé d'ainmniú ina chomhalta sinsearach.

(2) Is é céad chathaoirleach a bheas ar an mBord an comhalta sinsearach sin a thoghfas na comhaltaí. Má bhíonn an bheirt ar cothrom toghfar é trí chrannchur.

(3) Sealbhóidh an chéad chathaoirleach a oifig go ceann bliana.

(4) Ag deireadh na bliana sin beidh an comhalta sinsearach eile ina chathaoirleach go ceann tréimhse bliana, agus as sin amach beidh seilbh na hoifige, go ceann bliana, ag gach re duine de na comhaltaí sinsearacha.

(5) Beidh an comhalta sinsearach eile ina leas-chathaoirleach ar an mBord.

(6) Má scoireann duine de bheith ina chomhalta i rith a théarma oifige mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach, sealbhóidh an comhalta a hainmneofar ina chomhalta sinsearach ina ionad an oifig sin go ceann na coda eile den téarma sin.

(7) Is comhionann an luach saothair a gheobhas an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach.

Eirí as oifig.

6. Féadfaidh comhalta éirí as oifig trí fhógra i scríbhinn faoina láimh a thabhairt don Aire a cheap é.

Dícháiliú agus cur as oifig.

7. (1) Beidh duine dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh de bheith, ina chomhalta den Bhord má bhíonn teideal aige suí i gceachtar Tigh den Oireachtas nó de Pharlaimint Thuaisceart Éireann.

(2) Má bhíonn comhalta as láthair ó chruinnithe an Bhoird ar feadh níos mó ná sé mhí as a chéile, ach amháin ar chúis is leor leis an Aire a cheap é, nó má tharlaíonn é a dhícháiliú chun bheith ina chomhalta nó má déantar féimheach de nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiún aithe, dearbhóidh an tAire sin an oifig a bheith folamh agus fógróidh sin i pé slí is oiriúnach leis, agus air sin beidh an oifig folamh.

(3) Féadfaidh an tAire a cheap é comhalta a chur as oifig mar gheall ar mhí-iompar nó éagumas nó má mheasann an tAire sin gur gá, chun leasa an phobail, é a chur as oifig, agus déanfaidh an tAire sin ráiteas ag lua na gcúiseanna ar cuireadh as oifig é a leagadh faoi bhráid gach Tí den reachtas a bhfuil an tAire sin ina chomhalta dhe.

Leasa airgeadais.

8. (1) Is coinníoll a ghabhfas le seirbhís chomhalta nach mbeidh aon leas airgeadais ná leas eile aige a dhéanfadh dochar do chomhlíonadh a fheidhmeanna aige mar chomhalta, agus aon duine is comhalta, nó a mbeartóidh an tAire é a cheapadh ina chomhalta, déanfaidh sé, má hiarrtar sin air, pé colas a thabhairt don Aire a theastós ón Aire chun a dheimhniú dhó féin go bhfuil an coinníoll sin á chomhlíonadh.

(2) Ní sárú ar an gcoinníoll seo comhaltas ná seirbhís i gCóras Iompair Eíreann ná san Ulster Transport Authority.

Leas i gconradh a nochtadh.

9. Aon chomhalta a bhfuil aige aon leas in aon chuideachta nó gnólucht (seachas Córas Iompair Éireann nó an Ulster Transport Authority) a mbeartóidh an Bord conradh a dhéanamh leis, nó aon leas sa chonradh, nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é agus ní ghlacfaidh aon pháirt in aon bhreithniú ná cinneadh a dhéanfas an Bord maidir leis an gconradh; agus cuirfear an nochtadh sin ar taifead i miontuairiscí an Bhoird.

Cathaoirleach an chruinnithe.

10. (1) Ag cruinniú den Bhord, is é an cathaoirleach, má bhíonn sé i láthair, a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(2) Má bhíonn an cathaoirleach as láthair, nó má bhíonn an oifig folamh, is é an leas-chathaoirleach a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(3) Má bhíonn siad araon as láthair nó má bhíonn an dá oifig folamh, toghfaidh na comhaltaí a bheas i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

An nós imeachta ag cruinniú.

11. (1) Is é is córam do chruinniú den Bhord ceathrar nó pé uimhir is mó ná sin a chinnfeas an Bord ó am go ham.

(2) Mura rud é, maidir le hOibreacha Dhún Dealgan, a dílsítear sa Bhord, nó maidir le cionroinnt bhrabús agus caill teanas an Bhoird, go dtreoróidh an tAire agus an tAire Tráchtála a mhalairt, i gcomhar, déanfar gach ceist a éireos ag cruinniú a chinneadh le vótaí thromlach na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas, agus i gcás comhionannas vótaí beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(3) Faoi réir fo-mhíre (1), féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas ina chomhaltas.

(4) Faoi réir forál an Sceidil seo, féadfaidh an Bord, le buanorduithe nó ar shlí eile, a nós imeachta agus a ghnó a rialú.

Oifigí.

12. Beidh príomh-oifig i mBaile Atha Cliath agus príomhoifig i mBéal Feirste ag an mBord.

Cruinnithe.

13. Déanfar tuairim is leath na gcruinnithe a bheas ag an mBord in aon bhliain a thionól i ngach ceann de na príomhoifigí.

Cumhacht chun agra a dhéanamh.

14. Féadfaidh an Bord agra a dhéanamh, agus féadfar agra a dhéanamh ina choinne, ina ainm féin.

Gnáthshéala.

15. (1) Déanfar gnáthshéala an Bhoird, nuair a cuirfear ar dhoiciméad é, d'fhianú le síniú comhalta amháin a cheap an tAire agus comhalta amháin a cheap an tAire Tráchtála, agus le síniú rúnaí an Bhoird nó oifigigh don Bhord d'údaraigh an Bord go cuí chun gníomhú chuige sin.

(2) Bhéarfar aird bhreithiúnach ar ghnáthshéala an Bhoird agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartós a bheith ina ionstraim arna déanamh ag an mBord agus a bheith séalaithe le gnáthshéala an Bhoird agus a bheith fianaithe do réir na míre seo, agus measfar, gan a thuilleadh cruthúnais, gurb í an ionstraim sin í, mura gcruthaítear a mhalairt.

Conartha agus ionstraimí gan séala.

16. Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba phearsa a dhéanfadh nó d'fhorghníomódh é, féadfaidh aon duine a bheas údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an mBord chuige sin é a dhéanamh nó d'fhorghníomhú thar ceann an Bhoird.

Feidhmeanna d'fheidhmiú trí oifigigh agus seirbhísigh.

17. Féadfaidh an Bord aon cheann dá fheidhmeanna d'fheidhmiú trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh a bheas údaraithe ag an mBord chuige sin.

AN TRIU SCEIDEAL.

Alt 9

Cuid I.

Oibreacha Dhún Dealgan.

Na dáileachtaí talún sin uile, coda de thalamh na Cuideachtan, atá tuairiscithe agus léirithe trína ndathú dearg ar an bplean a séalaíodh le séala an Aire an 19ú lá de Mhárta, 1953, agus a cuireadh isteach, maraon le téacs an Achta seo, ina iris in oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí, dáileachtaí atá suite i mBailte Fearainn Townparks, Mounthamilton, Demesne agus Marsh's Lower, Paróiste Dhún Dealgan, Barúntacht Dhún Dealgan, Uachtair, agus Contae Lughbhaidh.

Cuid II.

An chuid de líne iarnróid an Dundalk, Newry and Greenore Railway Company a dílsítear san Aire.

An stiall talún sin uile, cuid d'iarnród agus de thalamh an Dundalk, Newry and Greenore Railway Company, atá ina cheangal idir iarnród agus talamh an Great Northern Railway Company (Ireland) ag Sráid an Bhearaic, Dún Dealgan, agus iarnród agus talamh Choimisinéirí Cuain Dhún Dealgan ag Cé Seoirse, Dún Dealgan, agus atá tuairiscithe agus léirithe níos cruinne trína dhathú dearg ar an bplean a séalaíodh le séala an Aire an 19ú lá de Mhárta, 1953, agus a cuireadh isteach, maraon le téacs an Achta seo, ina iris in oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí, stiall talún atá suite i mBaile Fearainn Townparks, Paróiste Dhún Dealgan, Barúntacht Dhún Dealgan, Uachtair, agus Contae Lughbhaidh.

AN CEATHRU SCEIDEAL.

Línte Iarnróid Comhsheirbhíse.

Alt 22

Baile Átha Cliath—Béal Feirste.

An Cabhán—Port an Dúnáin.

Dún Dealgan—Cluain Eois—Inis Ceithleann—Doire.

Acomhal Bhun Dobhráin—Bun Dobhráin.

AN CUIGIU SCEIDEAL.

Ahtacháin nach mBaineann leis an mBord.

Alt 45

1. Ailt 6 go 13 agus ailt 34 agus 38 den Regulation of Railways Act, 1868 (31 & 32 Vic., c. 119).

2. Ailt 9 agus 10 den Regulation of Railways Act, 1871 (34 & 35 Vic., c. 78).

3. Ailt 14 agus 15 den Regulation of Railways Act, 1873 (36 & 37 Vic., c. 48).

4. Ailt 31, 32, 33 agus 34 den Railway and Canal Traffic Act, 1888 (51 & 52 Vic., c. 25).

5. Ailt 1, 3 agus 4 den Railway and Canal Traffic Act, 1894 (57 & 58 Vic., c. 54).

6. An Railway Companies (Accounts and Returns) Act, 1911 (1 & 2 Geo. V., c. 34).

7. Alt 84 den Railways Act, 1921 (11 & 12 Geo. V., c. 55).

8. Alt 23 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 ( Uimh. 2 de 1932 ), agus aon rialacháin a rinneadh faoi alt 4 den Acht sin chun críocha ailt 23 den Acht sin.

9. Alt 9 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1933 ( Uimh. 9 de 1933 ).

10. Ailt 110 agus 129 den Acht Iompair, 1944 (Uimh. 21 de 1944) .

11. Aon achtachán a bhaineas—

(a) le haicmiú marsantais chun feidhm a thabhairt maidir leis do rátaí muirear a gearrfar i leith iompair mharsantais,

(b) leis na muirir uasta nó na muirir iarbhír as marsantas nó paisnéirí agus a mbagáiste d'iompar, nó as aon tseirbhísí nó saoráidí eile a thabhairt.

AN SEU SCEIDEAL.

Cionroinnt Chúitimh ar Stocshealbhóirí.

Alt 46

Tuairisc an Stoic de chuid an Great Northern Railway Company (Ireland).

An méid cúitimh a híocfar mar mhalairt ar gach £100 Stoic.

Stoc Bintiúir 4%

...

...

...

...

£89⅛

Stoc Ráthaithe Comhdhlúite 4%

...

...

£66

Stoc Tosaíochta Comhdhlúite 4%

...

...

£35

Gnáth-Stoc

...

...

...

...

...

£28½