28 1953


Uimhir 28 de 1953.


ACHT NA gCARA-CHUMANN (LEASÚ), 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN FRIENDLY SOCIETIES ACT, 1896. [24ú Samhain, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Acht 1896.

1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1896” an Friendly Societies Act, 1896.

Leasú ar alt 8 d'Acht 1896.

2. —Leasaítear leis seo an coinníoll a ghabhas le mír (1) d'alt 8 d'Acht 1896 trí “fifty-two pounds” a chur in ionad “fifty pounds” agus “three hundred pounds” in ionad “two hundred pounds”.

Leasú ar alt 56 d'Acht 1896.

3. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 56 d'Acht 1896 trí “three hundred pounds” a chur in ionad “one hundred pounds”.

Leasú ar alt 57 d'Acht 1896.

4. —Leasaítear leis seo alt 57 d'Acht 1896—

(a) trí “three hundred pounds” a chur in ionad “one hundred pounds” i bhfo-alt (1), agus

(b) trí fho-ailt (3) agus (4) a scrios.

Leasú ar alt 58 d'Acht 1896.

5. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 58 d'Acht 1896 trí “three hundred pounds” a chur in ionad “one hundred pounds” agus trí gach focal ó “subject” go dtí deireadh an fho-ailt a scrios.

Leasú ar alt 59 d'Acht 1896.

6. —Leasaítear leis seo alt 59 d'Acht 1896 trí “two thousand pounds” a chur in ionad “one hundred pounds” aon áit a bhfuil na focail deiridh sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

7. —(1) Féadfar Acht na gCara-Chumann (Leasú), 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta na gCara-Chumann, 1896 go 1953, a ghairm d'Achta na gCara-Chumann, 1896 go 1936, agus den Acht seo le chéile.