25 1954


Uimhir 25 de 1954.


AN tACHT MAOINE STÁIT, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN TALAMH ÁIRITHE AGUS MAOIN EILE A BHAINEAS LEIS AN STÁT A DHÍLSIÚ AGUS A BHAINISTÍ, AGUS A gCOIMHTHIÚ A RIALÚ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE MAIDIR LE MAOIN STÁIT AGUS LE hÚDARÁIS STÁIT. [9ú Nollaig, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamharáiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Maoine Stáit, 1954 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

ciallaíonn “achtachán” aon achtachán arb é atá ann—

(a) reacht Éireannach a ritheadh roimh an Aondacht, nó

(b) reacht Breataineach, nó

(c) reacht de chuid Shaorstát Éireann, nó

(d) Acht ón Oireachtas (arna rith roimh an Acht seo nó dá éis);

ciallaíonn “sean-choróinchíos” aon íocaíocht thréimhsiúil a bhí, díreach roimh an 6ú lá de Nollaig, 1922, inbhailithe faoi na Crown Lands Acts, 1829 to 1913, agus arb é a bhí ann—

(a) coróinchíos, nó

(b) cíos cúiteach, nó

(c) cíos iomalairte, nó

(d) aon chíos nó cíos-mhuirear eile;

folaíonn “talamh”—

(a) talamh faoi aon chineál tionachta,

(b) urthrá, is é sin imeall trá do réir bhrí an Achta Imeall Trá, 1933 ( Uimh. 12 de 1933 ),

(c) mianaigh agus mianraí, pé acu i dteannta dromchla na talún nó nach ea atáid á dteachtadh,

(d) coda d'fhoirgnimh atá á dteachtadh nó á sealbhú faoi aon léas, conradh tionóntachta nó ceadúnas,

(e) aon eastát nó leas, seilbhe nó fuíll, i dtalamh

(f) frithdhílsí,

(g) aon tsean-choróinchíos,

(h) cíos agus cíos-mhuirir (seachas sean-choróinchíosa) i leith talún nó as talamh,

(i) díolúintí, éasúintí, profits-á-prendre, ceadúnais agus cearta, pribhléidí, saoirsí, buntáistí nó sochair eile d'aon tsórt i dtalamh nó ar thalamh nó maidir le talamh;

ciallaíonn “Coimisiún na Talún” Coimisiún Talún na hÉireann;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “an dáta feidhme” dáta an Achta seo a rith;

ciallaíonn “údarás Stáit” aon údarás arb é atá ann—

(a) Aire Stáit, nó

(b) na Coimisinéirí;

ciallaíonn “talamh Stáit” talamh is leis an Stát nó leis an Náisiún nó leis an bPobal nó le húdarás Stáit nó a ghlac an Rialtas nó údarás Stáit, roimh an dáta feidhme, mar bhronntanas don Stát nó don Náisiún nó don Phobal nó mar bhronntanas a tugadh i dtéarmaí a chuir in iúl gur chun tairbhe an Stáit nó an Náisiúin nó an Phobail, a tugadh é, agus folaíonn sé aon tsean-choróinchíos, ach ní fholaíonn sé—

(a) Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath,

(b) aon talamh a tíolaiceadh d'údarás Stáit, nó a sannadh chuige nó a dílsíodh ann, trí mhorgáiste,

(c) aon talamh a fuair na Coimisinéirí, nó a dílsíodh iontu, faoi na Drainage and Navigation (Ireland) Acts, 1842 to 1857, na Drainage and Improvement of Lands (Ireland) Acts, 1863 to 1892, an tAcht Dréineála Airtéirí, 1925 (Uimh. 33 de 1925) , Acht Dréineála na hAbhann Móire, 1926 (Uimh. 3 de 1926) , Acht Dréineála na Bearbha, 1927 (Uimh. 26 de 1927) , an tAcht Siltin Airtéirigh, 1945 (Uimh. 3 de 1945) , nó faoi aon achtachán eile a bhaineas le siltean talún,

(d) aon mhuirear, cíos-mhuirear, blianacht ná íocaíocht thréimhsiúil eile is iníoctha leis na Coimisinéirí faoi aon achtachán nó dá bhun,

(e) aon talamh (lena n-áirítear forba) ná aon tsuim (lena n-áirítear aon urrús) atá anois, nó a bheas feasta, faighte nó á theachtadh ag Coimisiún na Talún nó aistrithe chuige nó dílsithe ann nó iníoctha leis, pé acu ar iontaobhas é nó nach ea,

(f) aon talamh lena mbaineann Acht na dTailte Stáit (Tithe Oibre), 1930 (Uimh. 9 de 1930) ,

(g) aon talamh a bheas de thuras na huaire á theachtadh ag an Aire Sláinte chun críocha Achta Ospidéil Lorcáin Naofa, 1943 ( Uimh. 3 de 1943 ), nó an Achta Eitinne (Sanatoria a Bhunú), 1945 ( Uimh. 4 de 1945 ).

(2) San Acht seo, is tagairt don alt den Acht seo ar a bhfuil an uimhir sin aon tagairt trí uimhir d'alt, mura léir gur tagairt d'Acht éigin eile atá i gceist.

(3) Forléireofar tagairtí san Acht seo do thalamh Stáit a bheith dílsithe in údarás Stáit mar thagairtí a fholaíos tagairtí do thalamh Stáit a bheith dílsithe san údarás Stáit sin ar shlí seachas leis an Acht seo nó faoi.

Na cumhachta faoin Acht seo a bheith ina gcumhachta breise.

3. —D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo—

(a) gur cumhachta i dteannta, agus nach cumhachta in ionad, aon chumhacht is infheidhmithe ag údarás Stáit maidir le talamh Stáit faoi aon achtachán roimhe seo na cumhachta a bheirtear leis an Acht seo don údarás Stáit sin maidir leis an talamh Stáit sin, agus go leanfaidh na cumhachta sin is infheidhmithe amhlaidh faoi aon achtachán roimhe seo de bheith infheidhmithe dá réir sin,

(b) nach bhforléireofar aon ní in aon achtachán roimhe seo i dtaobh talún Stáit mar ní a chuireas tórainn leis na cumhachta a bheirtear leis an Acht seo maidir leis an talamh Stáit sin.

Acht na dTailte Stáit, 1924 , d'athghairm, agus cosaint.

4. —(1) Athghairmtear leis seo Acht na dTailte Stáit, 1924 (Uimh. 45 de 1924) .

(2) Gan dochar d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 ( Uimh. 38 de 1937 ), ní dhéanfaidh athghairm Achta na dTailte Stáit, 1924 , difir do bhailíocht aon léasa nó ceadúnais a tugadh faoin Acht sin.

CUID II.

Talamh Stáit.

Caibidil I.

Talamh Stáit a dhílsiú in údaráis Stáit agus talamh Stáit d'aistriú ó údarás Stáit amháin go dlí ceann eile.

Talamh Stáit nach bhfuil dílsithe ar shlí eile a dhílsiú san Aire.

5. —(1) Ar an dáta feidhme, beidh an talamh go léir a bheas ina thalamh Stáit díreach roimh an dáta sin, agus nach mbeidh dílsithe an uair sin in údarás Stáit, arna dhílsiú, de bhuaidh an fho-ailt seo, san Aire.

(2) An talamh go léir a thiocfas chun bheith ina thalamh Stáit ar an dáta feidhme nó dá éis agus nach ndílseoidh, gan spleáchas leis an alt seo in údarás Stáit ar theacht dó chun bheith ina thalamh Stáit, dílseoidh sé san Aire ar theacht dó amhlaidh chun bheith ina thalamh Stáit.

Talamh Stáit a dhílsiú i gcásanna amhrais.

6. —(1) Más rud é go mbeidh amhras ar bith ann aon uair i dtaobh aon talamh Stáit ar leith a bheith dílsithe in údarás Stáit nó i dtaobh an údaráis Stáit ina bhfuil sé dílsithe, féadfaidh an tAire, le barántas faoina shéala oifigiúil, an talamh Stáit sin a dhílsiú, amhail ar dháta sonraithe agus ón dáta sin amach (agus féadfaidh an dáta sin bheith níos luaithe ná dáta an bharántais nó an dáta feidhme), in údarás Stáit sonraithe, agus air sin dílseoidh an talamh Stáit sin agus, más luaithe an dáta sonraithe sin ná dáta an bharántais nó an dáta feidhme, measfar é do dhílsiú, san údarás Stáit sonraithe sin ar an dáta sonraithe sin.

(2) Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar aon bharántas faoi fho-alt (1) den alt seo.

Údarás Stáit amháin d'aistriú talún Stáit go dtí údarás Stáit eile.

7. —(1) Féadfaidh údarás Stáit ina mbeidh aon talamh Stáit dílsithe de thuras na huaire (ach sin le toiliú, ginearálta nó sonrach, an Aire, murab é an tAire an t-údarás Stáit sin) an talamh Stáit sin a thíolacadh d'aon údarás Stáit eile nó é a shannadh chuige nó é d'aistriú chuige.

(2) Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar aon tíolacas, sannadh ná aistriú a forghníomhófar faoi fho-alt (1) den alt seo.

Forála maidir le talamh Stáit a cláraíodh faoin Registration of Title Act, 1891.

8. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1891” an Registration of Title Act, 1891, arna leasú leis an Acht um Chlárú Teidil, 1942 (Uimh. 26 de 1942) ;

ciallaíonn “an t-údarás cláraitheachta” an t-údarás cláraitheachta faoi Acht 1891;

folaíonn “duine” duine nó comhlucht nó oifigeach poiblí dá dtagartar in alt 78 d'Acht 1891.

(2) Más deimhin leis an údarás cláraitheachta gur talamh Stáit talamh a bhfuil aon duine cláraithe ina leith faoi Acht 1891 agus má bheirtear deimhniú faoi shéala oifigiúil an Aire ar aird dó á dheimhniú gur dhílsigh an talamh Stáit sin san Aire de bhuaidh fo-ailt (1) nó fo-ailt (2) d'alt 5, cuirfidh an t-údarás cláraitheachta ainm an Aire sa chlár iomchuí in ionad ainme an duine sin.

(3) Má thagann aon talamh Stáit a cláraíodh faoi Acht 1891 chun bheith dílsithe in údarás Stáit de bhuaidh barántais faoi alt 6 nó de bhuaidh tíolacais nó sannta nó aistrithe faoi alt 7, déanfaidh an t-údarás cláraitheachta, ar an mbarántas nó an tíolacas nó an sannadh nó an t-aistriú a thabhairt ar aird, ainm an údaráis Stáit sin a chuir sa chlár iomchuí in ionad ainme an duine a raibh an talamh Stáit sin cláraithe ina ainm go dtí sin.

(4) Féadfar údarás Stáit a mbeidh talamh Stáit dílsithe ann a chlárú mar únaer ar an talamh Stáit sin faoi Acht 1891 agus beidh sé i dteideal pé fógraí d'fháil agus pé iarratais a dhéanamh agus pé rabhaidh a thaifeadadh agus pé bearta eile a dhéanamh a mbeidh teideal ag aon únaer ar thalamh nó ar cheart ar thalamh do réir mar bheas) iad d'fháil nó a dhéanamh nó a thaifeadadh faoi Acht 1891.

(5) Ní bheidh aon táillí iníoctha i leith imeacht ar bith i gClárlann na Talún faoin alt seo.

Caibidil II.

Cumhachta údarás Stáit maidir le talamh Stáit.

Gan cumhachta údarás Stáit faoin gCaibidil seo a bheith infheidhmithe ach le toiliú an Aire.

9. —Ní bheidh na cumhachta a bheirtear leis an gCaibidil seo d'údarás Stáit infheidhmithe, murab é an tAire an t-údarás Stáit sin, ach le toiliú (ginearálta nó sonrach) an Aire.

Talamh Stáit seachas é sin a luaitear sa Chéad Sceideal, a dhíol nó a mhalairtiú, a dheonadh in aisce agus a ligean ar léas.

10. —(1) Ní bheidh na cumhachta a bheirtear leis an alt seo infheidhmithe i gcás na talún Stáit a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(2) Féadfaidh údarás Stáit gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh i gcás aon talún Stáit a bheas de thuras na huaire dílsithe san údarás Stáit sin—

(a) an talamh Stáit sin nó aon chuid de a dhíol,

(b) an talamh Stáit sin nó aon chuid de a mhalairtiú ar aon talamh eile ar pé téarmaí (lena n-áirítear airgead d'íoc nó d'fháil leis an malairt a chothromú) a chinnfeas an t-údarás Stáit sin,

(c) an talamh Stáit sin nó aon chuid de a dheonadh in aisce chun aon chríche sonraithe,

(d) léas a thabhairt ar an talamh Stáit sin nó ar aon chuid de go ceann aon téarma.

(3) Aon talamh Stáit a díolfar faoi mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, diolfar é ar pé comaoin, in airgead nó in airgead-luach, a chinnfeas an t-údarás Stáit a bheas á dhíol.

(4) (a) Má deontar aon talamh Stáit faoi mhír (c) d'fho-alt (2) den alt seo, beidh sa deonadh pé cúnaint, coinníollacha agus comhaontuithe (lena n-áirítear ceart athiontrála ar iad sin a shárú) a chinnfeas an t-údarás Stáit a dhéanfas an deonadh, agus ar a gcomhaontóidh sé leis an duine dá ndéanfar an deonadh.

(b) Cuirfidh gach cúnant, coinníoll agus comhaontú a bheas i ndeonadh, aon talún Stáit faoi mhír (c) d'fho-alt (2) den alt seo ceangal ar aon duine a bheas ag éileamh tríd an deontaí bunaidh nó faoi, agus beidh sé infheidhmithe ina choinne, amhail is dá mba don duine sin a deonadh é.

(5) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le gach léas ar thalamh Stáit a bhéarfas údarás Stáit faoi mhír (d) d'fho-alt (2) den alt seo, is é sin le rá—

(a) mura gcinne an t-údarás Stáit sin gurbh é leas an phobail an léas a thabhairt saor ó aon íocaíocht, déanfar an léas a thabhairt faoi réir pé íocaíochta airgid leis an údarás Stáit sin, i bhfoirm fíneála nó réamhíocaíochta eile nó i bhfoirm chíosa nó sa dá shlí sin, a chinnfeas an t-údarás Stáit sin agus ar a gcomhaontóidh sé leis an duine dá dtabharfar an léas;

(b) beidh sa léas—

(i) pé cúnaint, coinníollacha agus comhaontuithe a chinnfeas an t-údarás Stáit sin agus ar a gcomhaontóidh sé leis an duine dá dtabharfar é,

(ii) coinníoll i leith athiontrála má sháraíonn an léasaí, nó má fhágann an léasaí gan comhlíonadh, aon chúnant ar thaobh an léasaí nó aon choinníoll nó aon chomhaontú dá mbeidh sa léas.

(6) A luaithe is féidir tar éis an 30ú lá de Mheitheamh agus an 31ú lá de Nollaig gach bliain, cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas tuarascáil ag tabhairt sonraí i dtaobh na talún Stáit go léir a bheas díolta, malairtithe, deonta nó tugtha ar léas (seachas léas go ceann téarma nach sia ná bliain agus fiche), i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear leis an alt seo, i rith na leathbhliana roimhe sin.

Cumhachta eile a bheas ag údaráis Stáit maidir le talamh Stáit seachas é sin a luaitear sa Chéad Sceideal.

11. —(1) Ní bheidh na cumhachta a bheirtear leis an alt seo infheidhmithe i gcás na talún Stáit a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(2) Féadfaidh údarás Stáit gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh i gcás talún Stáit a bheas de thuras na huaire dílsithe san údarás Stáit sin—

(a) tionóntacht ó bhliain go bliain nó go ceann aon tréimhse is giorra ná sin a dheonadh do dhuine ar bith ar pé téarmaí agus coinníollacha a chinnfeas an t-údarás Stáit sin;

(b) ceadúnas a dheonadh do dhuine ar bith, ar pé téarmaí agus coinníollacha agus go ceann pé tréimhse a chinnfeas an t-údarás Stáit sin, chun an talamh Stáit sin d'áitiú nó d'úsáid nó d'áitiú agus d'úsáid, go ginearálta nó ar shlí áirithe nó chun críche áirithe;

(c) aon éasúint, nó profit-á-prendre nó aon cheart, pribhléid nó saoirse eile ar an talamh Stáit sin nó ar aon chuid de, nó ina leith, a dheonadh, trí cheadúnas nó ar shlí eile, do dhuine ar bith ar pé téarmaí agus coinníollacha agus go ceann pé tréimhse a chinnfeas an t-údarás Stáit sin;

(d) ceart a dheonadh do dhuine ar bith, ar pé téarmaí agus coinníollacha agus go ceann pé tréimhse a chinnfeas an t-údarás Stáit sin, chun aon cheann nó cinn díobh seo a leanas, eadhon, gaineamh, gairbhéal, cloch, cré agus móin, a bhaint (ach gan é a bhaint níos mó ná fiche troigh faoi bhun dromchla na talún), agus a thógaint agus a thabhairt chun bealaigh as an talamh Stáit sin;

(e) aon deonadh, léas, tionóntacht nó ceadúnas, faoina mbeidh an talamh Stáit sin nó aon chuid de á theachtadh nó á áitiú ag an Stát nó thar a cheann, a thabhairt suas ar pé téarmaí (lena n-áirítear airgead d'fháil nó d'íoc) a chinnfeas an t-údarás Stáit sin;

(f) glacadh, ar pé téarmaí (lena n-áirítear airgead d'fháil nó d'íoc) a chinnfeas an t-údarás Stáit sin, le haon deonadh, léas, tionóntacht nó ceadúnas a thabhairt suas a mbeidh an talamh Stáit sin nó aon chuid de á theachtadh faoi ón Stát nó ón údarás Stáit sin;

(g) aon chúnant nó coinníoll a tharscaoileadh, a scaoileadh nó d'athrú a bheas in aon deonadh, léas, tionóntacht nó ceadúnas (lena n-áirítear deonadh, léas, tionóntacht nó ceadúnas a rinneadh nó a tugadh roimh an dáta feidhme) i leith na talún Stáit sin nó aon choda dhe, pé acu rinneadh sárú ar an gcúnant nó ar an gcoinníoll sin nó nach ndearnadh;

(h) aon tsárú (pé acu sárú é is cúis le forghéilleadh nó nach ea agus pé acu roimh an dáta feidhme nó ar an dáta sin nó dá éis a rinneadh é) a tharscaoileadh a rinneadh ar aon chúnant nó coinníoll in aon deonadh, léas, tionóntacht nó ceadúnas (lena n-áirítear deonadh, léas, tionóntacht nó ceadúnas a rinneadh nó a tugadh roimh an dáta feidhme) i leith na talún Stáit sin;

(i) an talamh Stáit sin nó aon chuid de a thoirbheart chun úsáide an phobail;

(j) cead chun dul isteach sa talamh Stáit sin agus é d'úsáid, go ginearálta nó chun críche áirithe, a thabhairt, ar pé téarmaí agus coinníollacha a chinnfeas an t-údarás Stáit sin, don phobal i gcoitinne nó d'aon aicme nó cuid áirithe den phobal nó do chomhaltaí aon chomhlachais, club nó eagraíochta áirithe.

(3) (a) Má bheireann údarás Stáit don phobal i gcoitinne nó d'aon aicme nó cuid áirithe den phobal nó do chomhaltaí aon chomhlachais, club nó eagraíochta áirithe, cead chun dul isteach in aon talamh Stáit a bheas dílsithe san údarás Stáit sin, agus chun é d'úsáid, féadfaidh an t-údarás Stáit sin, más cuí leis é, fodhlithe a dhéanamh chun an dul isteach agus an úsáid sin a rialú.

(b) Má sháraíonn duine ar bith (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon fho-dhlí a déanfar faoin bhfo-alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

Tarscaoileadh agus scaoileadh cíosa, agus riaráistí cíosa agus foghailbhrabús i leith talún Stáit.

12. —(1) San alt seo, folaíonn “cíos” sean-choróinchíos, cíos-mhuirear, cíos seirbhíse agus seasc-chíos, agus folaíonn sé freisin rí-chíosa, muirir i leith úsáide agus áitithe talún Stáit agus airgead is iníoctha go tréimhsiúil faoi cheadúnas.

(2) Aon uair is deimhin le húdarás Stáit, maidir le haon chíos is iníoctha leis an údarás Stáit sin as talamh, nach bhfuil sé indéanta, nó nach n-oireann sé, íoc an chíosa sin nó coda dhe a chur i bhfeidhm, féadfaidh an t-údarás Stáit sin íoc an chíosa sin nó na coda sin de a tharscaoileadh agus an talamh sin a scaoileadh uaidh sin sa mhéid go scoirfidh an cíos sin nó an chuid sin de de bheith iníoctha ar chor ar bith ina dhiaidh sin nó go scoirfidh an cíos sin nó an chuid sin de de bheith iníoctha ar feadh tréimhse áirithe nó fad a mhairfeas imthosca áirithe nó go dtí go dtarlóidh ní sonraithe, agus má déantar an tarscaoileadh nó an scaoileadh sin féadfaidh an t-údarás Stáit sin pé coinníollacha (más aon choinníollacha é) a chur leis is cuí leis an údarás Stáit sin.

(3) Aon uair is deimhin le húdarás Stáit, maidir le haon riaráistí cíosa (is cuma na riaráistí sin d'fhaibhriú chun bheith dlite roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin nó cuid díobh roimhe sin agus cuid díobh dá éis sin) is iníoctha leis an údarás Stáit sin, nach féidir na riaráistí sin nó aon chuid áirithe díobh a ghnóthú nó nach n-oireann sé a n-íoc a chur i bhfeidhm, féadfaidh an t-údarás Stáit sin íoc nó na coda sin díobh a tharscaoileadh agus an duine dá mbeid dlite d'urscaoileadh óna n-íoc agus an tarscaoileadh, an scaoileadh agus an t-urscaoileadh sin a dhéanamh go neamhchoinníollach nó faoi réir coinníollacha sonraithe.

(4) Má dhlíonn duine aon fhoghail-bhrabúis i leith talún Stáit d'íoc le húdarás Stáit, féadfaidh an t-údarás Stáit sin an duine sin a scaoileadh ón dliteanas sin, go hiomlán nó go páirteach agus go neamhchoinníollach nó faoi réir coinníollacha sonraithe.

(5) A luaithe is féidir tar éis an 30ú lá de Mheitheamh agus an 31ú lá de Nollaig gach bliain, cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ag tabhairt sonraí i dtaobh gach tarscaoileadh, scaoileadh agus urscaoileadh a rinneadh i rith na leathbhliana roimhe sin i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear leis an alt seo.

Caibidil III.

Forála maidir le cíosa áirithe is iníoctha leis an Stát.

Sean-choróinchíosa a chionroinnt.

13. —(1) Má bhíonn aon talamh, i dteannta tailte eile, faoi dhliteanas sean-choróinchíosa, ansin, i gcás an talamh sin a dhíol faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh, féadfaidh Coimisinéir Breithiúnais Choimisiún Talún na hÉireann nó, in aon chás eile, an tAire, le hordú, an sean-choróinchíos sin a chionroinnt ar na tailte ar leithligh atá faoi dhliteanas a íoctha, nó ar aon chuid nó coda de na tailte sin do shaoradh a bhfuíollaigh, nó féadfaidh sé, do shaoradh a bhfuíollaigh, muirear iomlán aon tseanchoróinchíosa den tsórt sin a chur ar aon chuid de na tailte ar a raibh a mhuirear.

(2) Chun críche cionroinnte nó muirir eisiaigh faoin alt seo, má bhí aon tsean-choróinchíos nó aon chuid de á íoc le fiche bliain ar a laghad, nó má tá sé á íoc faoi fhorála aon chonartha, i leith aon talún, measfar an sean-choróinchíos sin nó an chuid sin de, pé acu é, a bheith de mhuirear ar an talamh sin, pé acu bhí an muirear sin ar an talamh sin an chéad uair nó nach raibh.

(3) Cuirfidh gach cionroinnt nó muirear eisiach faoin alt seo ceangal ar an Stát agus ar gach duine, agus as sin amach eiseofar as an talamh, agus is muirear ar an talamh, ar a mbeidh sé cionroinnte nó muirearaithe go heisiach, an chuid chionroinnte d'aon tsean-choróinchíos nó aon tsean-choróinchíos a muirearófar go heisiach amhlaidh.

(4) Ní dhéanfaidh aon chionroinnt ná muirear eisiach faoin alt seo dochar ná difir in aon tslí d'aon fhrithdhílse nó fuíoll leis an Stát i gcás aon talún ar a raibh an chéad uair muirear aon tseanchoróinchíosa a bheas cionroinnte nó muirearaithe go heisiach amhlaidh.

(5) Féadfaidh Coimisinéir Breithiúnais Choimisiún Talún na hÉireann rialacha a dhéanamh maidir leis an dlínse a bheirtear dó leis an alt seo.

(6) (a) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh aon orduithe a dhéanfas an tAire faoin alt seo.

(b) Is Breitheamh den Ard-Chúirt a ainmneos Uachtarán na hArd-Chúirte chuige sin a fheidhmeos an dlínse a bheirtear don Ard-Chúirt leis an bhfo-alt seo.

Fuascailt cíos áirithe Stáit is iníoctha as talamh a díolfar faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh.

14. —(1) San alt seo ciallaíonn “cíos Stáit” aon chíos arb é atá ann—

(a) sean-choróinchíos, nó

(b) cíos atá forcoimeádta le deontas feofheirme nó le léas agus is iníoctha le húdarás Stáit.

(2) Aon uair—

(a) a díolfar aon talamh faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh, agus

(b) a bheas an talamh sin faoi dhliteanas cíosa Stáit nó coda cionroinnte de chíos Stáit,

féadfaidh Coimisinéir Breithiúnais Choimisiún Talún na hÉireann a ordú an cíos sin nó an chuid chionroinnte sin d'fhuascailt ar pé praghas is dóigh leis is cóir.

Forála maidir le táillí i leith seanchoróinchíosa.

15. —Aon uair a bheas sean-choróinchíos dílsithe in údarás Stáit íocfar leis an údarás Stáit sin ar íoc an tsean-choróinchíosa sin leis na táillí céanna a bhí, roimh an 6ú lá de Nollaig, 1922, iníoctha i leith an tsean-choróinchíosa sin faoi ailt 86 agus 87 den Crown Lands Act, 1829.

Caibidil IV.

Imeachta Dlí.

Imeachta dlí i leith talún Stáit.

16. —(1) Féadfaidh údarás Stáit, maidir le haon talamh Stáit a bheas de thuras na huaire dílsithe san údarás Stáit sin, aon imeachta dlí a thionscnamh d'fhéadfadh an t-údarás Stáit sin a thionscnamh dá mba phearsa phríobháideach an t-údarás Stáit sin agus go mba é únaer, léasaí nó tionónta na talún Stáit sin é.

(2) In aon imeachta dlí a thionscnós údarás Stáit in aghaidh duine ar bith chun aon tsuim thréimhsiúil (arb é atá inti seanchoróinchíos nó aon chíos, cíos-mhuirear nó suim eile is iníoctha go tréimhsiúil as talamh Stáit nó aon tsuim is iníoctha mar tháillí as talamh Stáit) a ghnóthú, beidh deimhniú faoi shéala oifigiúil an údaráis Stáit sin, á dheimhniú go bhfuil suim shonraithe dlite ón duine sin, de bhun na suime tréimhsiúla sin, in aghaidh tréimhse sonraithe, ina fhianaise prima facie ar na nithe a bheas deimhnithe amhlaidh.

(3) In aon imeachta dlí maidir le talamh Stáit a thionscnós an t-údarás Stáit ina mbeidh an talamh Stáit sin dílsithe in aghaidh duine ar bith, beidh deimhniú faoi shéala oifigiúil an údaráis Stáit sin a dheimhneos aon ní nó nithe díobh seo a leanas, eadhon—

(a) go bhfuil an talamh Stáit sin á theachtadh ag an údarás Stáit sin faoin tionacht a bheas sonraithe sa deimhniú,

(b) go bhfuil an talamh Stáit sin á theachtadh ón údarás Stáit sin ag an duine sin ar na téarmaí a bheas sonraithe sa deimhniú,

(c) gur seirbheáladh go cuí ar dháta sonraithe ar thionónta na talún Stáit sin fógra (sa bhfoirm a bheas leagtha amach sa deimhniú) an talamh Stáit sin d'fhágáil, agus gur dhiúltaigh an tionónta sin seilbh na talún Stáit sin a thabhairt suas ar an bhfógra sin a bheith caite,

ina fhianaise prima facie ar na nithe a bheas deimhnithe amhlaidh.

(4) Measfar, maidir le gach cúnant agus comhaontú i dtaobh aon talún Stáit a bheas déanta (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) ag aon duine (arb é deontaí, léasaí, tionónta nó ceadúnaí na talún Stáit sin é), gur leis an údarás Stáit ina mbeidh an talamh Stáit sin dílsithe de thuras na huaire a rinne an duine sin é, agus féadfaidh an t-údarás Stáit sin é a chur i bhfeidhm amhail is dá mba pháirtí ann an t-údarás Stáit sin.

(5) Ní forléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanas difir do cheart an Ard-Aighne imeachta dlí maidir le talamh Stáit a thionscnamh agus dul ar aghaidh leo thar ceann an Stáit nó an Phobail.

Aisghabháil talún Stáit a bheas á theachtadh ag comhaltaí de na Fórsaí Cosanta, den Gharda Síochána, etc.

17. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an t-oifigeach cuí”—

(a) maidir le háitreabh i gcontae nó i gcontae-bhuirg a bhfuil fo-shirriam ann di de thuras na huaire, foshirriam na contae nó na contae-bhuirge sin, nó

(b) maidir le háitreabh i gcontae nó i gcontae-bhuirg a bhfuil sirriam ann di de thuras na huaire, a ceapadh faoi alt 12 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 ( Uimh. 25 de 1945 ), agus a bhfuil feidhmeanna an chláraitheora chontae don chontae nó don chontae-bhuirg sin maidir le forghníomhú orduithe forghníomhuithe dílsithe ann de thuras na huaire, sirriam na contae nó na contae-bhuirge sin, nó

(c) maidir le háitreabh in aon chontae nó contae-bhuirg eile, an cláraitheoir contae don chontae nó don chontae-bhuirg sin;

ciallaíonn “seirbhíseach Stáit” aon duine—

(a) atá ina chomhalta de na Fórsaí Cosanta nó den Gharda Síochána, nó

(b) atá ina dhuine (nach comhalta de na Fórsaí Cosanta ná den Gharda Síochána) ag a bhfuil post faoi údarás Stáit.

(2) Más rud é—

(a)  (i) gur cuireadh duine (a bhí an uair sin ina sheirbhíseach Stáit), roimh an dáta feidhme nó ar an dáta sin nó dá éis, ag áitiú aon áitribh (ar talamh Stáit é) toisc é a bheith ina sheirbhíseach Stáit, agus

(ii) go ndiúltóidh an duine sin (pé acu bheas sé nó nach mbeidh sé an uair sin ina sheirbhíseach Stáit) an t-áitreabh sin d'fhágáil ar sin dá éileamh ag an údarás Stáit ina mbeidh an t-áitreabh dílsithe de thuras na huaire nó ag duine a bheas údaraithe chuige sin ag an údarás Stáit sin, nó

(b)  (i) gur cuireadh duine (roimh an dáta feidhme nó ar an dáta sin nó dá éis) ag áitiú aon áitribh (ar talamh Stáit é) mar sheirbhíseach, mar aoire nó mar airíoch, agus

(ii) go ndiúltóidh an duine sin an t-áitreabh sin d'fhágáil ar sin dá éileamh ag an údarás Stáit ina mbeidh an t-áitreabh sin dílsithe de thuras na huaire nó ag duine a bheas údaraithe chuige sin ag an údarás Stáit sin, nó

(c)  (i) gur cuireadh duine (a bhí an uair sin ina sheirbhíseach Stáit), roimh an dáta feidhme nó ar an dáta sin nó dá éis, ag áitiú aon áitribh (ar talamh Stáit é) toisc é a bheith ina sheirbhíseach Stáit, agus

(ii) go bhfuair an duine sin bás (roimh an dáta feidhme nó ar an dáta sin nó dá éis), agus

(iii) go ndiúltóidh aon duine a bheas ag áitiú an áitribh (seachas le toiliú scríofa údaráis Stáit) an t-áitreabh d'fhágáil ar sin dá éileamh ag an údarás Stáit ina mbeidh an t-áitreabh dílsithe de thuras na huaire nó ag duine a bheas údaraithe chuige sin ag an údarás Stáit sin, nó

(d)  (i) gur cuireadh duine (roimh an dáta feidhme nó ar an dáta sin nó dá éis) ag áitiú aon áitribh (ar talamh Stáit é) mar sheirbhíseach, mar aoire nó mar airíoch, agus

(ii) go bhfuair an duine sin bás (roimh an dáta feidhme nó ar an dáta sin nó dá éis), agus

(iii) go ndiúltóidh aon duine a bheas ag áitiú an áitribh (seachas le toiliú scríofa údaráis Stáit) an t-áitreabh d'fhágáil ar sin dá éileamh ag an údarás Stáit ina mbeidh an t-áitreabh dílsithe de thuras na huaire nó ag duine a bheas údaraithe chuige sin ag an údarás Stáit sin,

féadfaidh an Chúirt Dúiche, ar iarratas ón údarás Stáit ina mbeidh an t-áitreabh dílsithe de thuras na huaire, ordú d'eisiúint chun an oifigigh chuí seilbh an áitribh a thabhairt suas d'aon duine a bheas ainmnithe san ordú, agus ar an ordú sin d'fháil dó bhéarfaidh an t-oifigeach cuí seilbh an áitribh suas dá réir sin, agus beidh an t-údarás Stáit sin i dteideal na costais agus na caiteachais faoina ndeachaigh sé, i ndáil le heisiúint agus forghníomhú an orduithe, a ghnóthú ón duine a dhiúltaigh amhlaidh an t-áitreabh d'fhágáil.

(3) In aon imeachta faoi fho-alt (2) den alt seo maidir le haon áitreabh, beidh deimhniú faoi shéala oifigiúil údaráis Stáit a dheimhneos aon ní nó nithe díobh seo a leanas—

(a) go raibh an t-áitreabh sin ar dháta an deimhnithe dílsithe san údarás Stáit sin,

(b) go raibh duine sonraithe ar dháta sonraithe ag áitiú an áitribh toisc é a bheith ina sheirbhíseach Stáit,

(c) go raibh duine sonraithe ar dháta sonraithe ag áitiú an áitribh mar sheirbhíseach, mar aoire nó mar airíoch,

(d) go raibh duine sonraithe ar dháta sonraithe ag áitiú an áitribh,

(e) gur éiligh duine a bhí údaraithe ag an údarás Stáit sin chuige sin ar dhuine sonraithe ar dháta sonraithe an t-áitreabh d'fhágáil,

(f) gur dhiúltaigh duine sonraithe an t-áitreabh d'fhágáil ar sin dá éileamh ar an duine sonraithe sin ar dháta sonraithe ag duine a bhí údaraithe chuige sin ag an údarás Stáit sin,

ina fhianaise prima facie ar na cinn sin de na nithe sin a bheas sonraithe sa deimhniú sin.

(4) Aon uair a bheas seilbh aon áitribh a bheas dílsithe in údarás Stáit tugtha suas ag an oifigeach cuí faoin alt seo, beidh aon duine a raghas isteach san áitreabh nó in aon chuid de, agus a ghlacfas seilbh air, gan toiliú an údarás Stáit sin, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a fhanfas sé ina sheilbh.

Tosaíocht airgid a bheas dlite i leith seanchoróinchíos, etc.

18. —Beidh ag airgead a bheas dlite ag údarás Stáit, nó iníoctha leis, mar shean-choróinchíos nó mar chíos, mar chíos-mhuirear, mar rí-chíos nó mar bhrabúis de chineál eile as talamh Stáit nó mar tháillí i leith talún Stáit, na tosaíochtaí céanna a bheirtear le fo-alt (2) d'alt 38 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ). d'airgead lena mbaineann an fo-alt sin.

Caibidil V.

Forála Ilghnéitheacha.

Bronntanais d'údarás Stáit, don Stát, don Náisiún nó don Phobal.

19. —(1) Chun críche an ailt seo—

(a) folaíonn “maoin” maoin réadach agus maoin phearsanta,

(b) forléireofar tagairtí do bhronntanas maoine mar thagairtí do bhronnadh na maoine sin trí thiomna, trí ghníomhas nó eile,

(c) folaíonn tagairtí do dhéileáil le maoin tagairtí do diúscairt na maoine sin.

(2) Má bheirtear bronntanas maoine d'údarás Stáit—

(a) féadfaidh an t-údarás Stáit sin, le comhthoiliú an Aire, an bronntanas sin a ghlacadh nó diúltú é a ghlacadh,

(b) má ghlacann an t-údarás Stáit sin an bronntanas, dílseoidh an mhaoin air sin san údarás Stáit sin.

(3) Má bheirtear bronntanas maoine don Stát, don Náisiún nó don Phobal, nó má bheirtear é i dtéarmaí a chuireas in iúl gur chun tairbhe don Stát, don Náisiún nó don Phobal é—

(a) féadfaidh an Rialtas an bronntanas a ghlacadh nó diúltú é a ghlacadh,

(b) má ghlacann an Rialtas an bronntanas, dílseoidh an mhaoin air sin i pé údarás Stáit a chinnfeas an Rialtas le barántas.

(4) Má tugadh bronntanas maoine (seachas talamh) don Stát, don Náisiún nó don Phobal roimh an dáta feidhme, agus gur ghlac an Rialtas an bronntanas nó gur glacadh é thar a cheann, beidh an mhaoin arna dílsiú, ar an dáta feidhme, san Aire.

(5) Aon uair a dhílseos maoin in údarás Stáit de bhuaidh fo-ailt (2), (3) nó (4) den alt seo—

(a) más talamh an mhaoin, tiocfaidh sí chun bheith, agus beidh sí, ina talamh Stáit chun críocha an Achta seo agus féadfar, faoi réir fo-ailt (6) den alt seo, déileáil léi dá réir sin.

(b) mura talamh an mhaoin, féadfaidh an t-údarás Stáit sin déileáil léi, faoi réir fo-ailt (6) den alt seo, mar is cuí leis an údarás Stáit sin.

(6) Má dhílsíonn aon mhaoin in údarás Stáit de bhuaidh fo-ailt (2), (3) nó (4) den alt seo, agus gur ar choinníollacha áirithe a tugadh mar bhronntanas í, ní déileálfar leis an maoin ar shlí a bheadh ar neamhréir leis an coinníollacha sin.

Cumhacht ag Coimisiún na Talún talamh Stáit a cheannach, nó glacadh le talamh Stáit a deonfar in aisce, chun críocha na nAcht Talamh-Cheannaigh.

20. —D'ainneoin aon ní in aon achtachán, féadfaidh Coimisiún na Talún, chun críocha na nAcht Talamh-Cheannaigh, talamh Stáit a cheannach ó aon údarás Stáit nó glacadh le haon talamh Stáit a dheonfas údarás Stáit in aisce.

Tagairtí d'uasleas sna hAchta Talamh-Cheannaigh.

21. —D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo go bhforléireofar tagairtí d'uasleas, aon áit a bhfuilid sna hAchta Talamh-Cheannaigh, mar thagairtí a fholaíos, agus d'fholaigh riamh, tagairtí d'aon tsean-fhrithdhílse choróineach nó d'aon eastát atá feifeach ar fhorceannadh eastáit shainoidhrithe nó feo theasctha.

Coimeád gníomhas teidil a bhaineas le talamh Stáit.

22. —Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le hionstraim theidil a bhaineas le talamh Stáit—

(a) má bhaineann an ionstraim theidil le talamh Stáit atá dílsithe san aon údarás Stáit amháin, is é an t-údarás Stáit sin a choimeádfas í, agus

(b) in aon chás eile, is é an tAire a choimeádfas í.

Forála maidir leis na Coimisinéirí.

23. —(1) Bhéarfar aird bhreithiúnach ar shéala na gCoimisinéirí.

(2) Féadfaidh duine ar bith a bheas údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag na Coimisinéirí chuige sin aon chonradh nó ionstraim a dhéanamh nó d'fhorghníomhú, thar ceann na gCoimisinéirí, nár ghá a bheith faoi shéala da mba dhuine (seachas comhlucht corpraithe) a bheadh a dhéanamh nó á fhorghníomhú.

Daingniú ar aistarraingt éileamh áirithe i leith seanchoróinchíos agus i leith seanfhrithdhílsí coróineach.

24. —Má rinne Oifig an Chíosa Chúitigh (pé acu in imeachta faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh é nó i slí eile), i gcomaoin íoctha aon tsuime, éileamh d'aistarraingt an 6ú lá de Nollaig, 1922, nó dá éis agus roimh an dáta feidhme, i leith aon tseanchoróinchíosa nó i leith aon tsean-fhrithdhílse coróineach nó aon eastáit a bhí feifeach ar fhorceannadh eastáit shainoidhrithe nó feo theasctha, daingnítear leis seo an aistarraingt sin agus scoirfidh an t-éileamh sin de bheith inchurtha i bhfeidhm.

Daingniú ar an gcomhaontú chun Teach Albro, Baile Átha Cliath, a dhíol.

25. —(1) Daingnítear leis seo an comhaontú (dá ngairmtear an comhaontú sin san alt seo) a rinneadh sa bhliain 1937 idir an tAire Poist agus Telegrafa (dá ngairmtear an tAire san alt seo) de pháirt agus Ard-Mhéara Ró-Onorach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath (dá ngairmtear Bardas Bhaile Átha Cliath san alt seo) den pháirt eile trína ndearnadh (inter alia) comhaontú go ndíolfadh an tAire agus go gceannódh Bardas Bhaile Átha Cliath ar phraghas naoi míle naoi gcéad agus caoga punt an t-áitreabh (dá ngairmtear an t-áitreabh léasach san alt seo) ar a dtugtar Teach Albro, Baile Átha Cliath, agus a bhí, díreach roimh an 6ú lá de Nollaig, 1922, á theachtadh ag an Postmaster General faoi dhá dhintiúir léasa.

(2) Bheirtear leis seo údarás agus cumhacht don Aire, i gcomhlíonadh an chomhaontuithe sin, sannadh an áitribh léasaigh chun Bardais Bhaile Átha Cliath d'fhorghníomhú, agus oibreoidh an sannadh sin chun an t-áitreabh léasach a dhílsiú sa Bhardas.

Daingniú ar ionstraimí áirithe maidir le talamh Stáit.

26. —(1) Daingnítear leis seo na hionstraimí ar leithligh a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus measfar go rabhadar riamh bailí ar gach slí.

(2) Más rud é—

(a) gur heiséatadh aon talamh nó gur déileáladh leis mar bona vacantia, an 6ú lá de Nollaig, 1922, nó dá éis agus roimh an dáta feidhme, agus

(b) gur tarscaoileadh ceart an Stáit chun na talún sin agus gur forghníomhaíodh i bhfábhar aon duine tíolacas nó sannadh i leith na talún nó an chirt sin,

daingnítear leis seo an tíolacas nó an sannadh sin agus beidh sé, agus measfar go raibh sé riamh, bailí ar gach slí.

CUID III.

Cearta agus Sainchumais an Phobail maidir le Maoin, Eiséatadh agus bona vacantia.

Cearta agus sainchumais an phobail d'fheidhmiú.

27. —Is é an Rialtas, tríd an Aire, a fheidhmeos gach ceart agus gach sainchumas is leis an bPobal, de bhuaidh Airteagail 49 den Bhunreacht, agus a bhaineas le haon mhaoin (lena n-áirítear ábhair i gcaingean).

Cineachadh maoine comhluchta chorpraithe a discaoileadh.

28. —(1) San alt seo ní fholaíonn “comhlucht corpraithe” comhlucht corpraithe a díscaoileadh le hachtachán lenar foráladh go ndílseodh maoin an chomhluchta chorpraithe sin, ar é a dhíscaoileadh amhlaidh, i nduine éigin eile.

(2) I gcás comhlucht corpraithe a dhíscaoileadh, roimh an dáta feidhme nó ár an dáta sin nó dá éis, beidh feidhm agus éifeacht ag na forála seo a leanas agus, i gcás comhluchta chorpraithe a díscaoileadh roimh an dáta feidhme, measfar go raibh feidhm agus éifeacht acu amhail ón díscaoileadh sin, is é sin le rá:—

(a) láithreach ar an díscaoileadh sin, tiocfaidh an Stát chun bheith agus beidh sé, faoi réir aon eirí nó muirear a bhí ar an talamh díreach roimh an díscaoileadh sin, ina únaer ar an talamh go léir a bhí dílsithe sa chomhlucht corpraithe sin, nó ar iontaobhas dó, díreach roimh a dhíscaoileadh (seachas talamh a bhí ag an gcomhlucht corpraithe sin ar iontaobhas do dhuine eile),

(b) láithreach ar an díscaoileadh sin, tiocfaidh an Stát chun bheith agus beidh sé ina únaer ar an maoin phearsanta go léir (agus ábhair i gcaingean d'áireamh ach gan airnéisí réadacha d'áireamh) a bhí dílsithe sa chomhlucht corpraithe sin, nó ar iontaobhas dó, díreach roimh a dhíscaoileadh (seachas maoin phearsanta a bhí ag an gcomhlucht corpraithe sin ar iontaobhas do dhuine eile).

(3) Is faoi réir aon orduithe a dhéanfas cúirt faoi alt 223 nó faoi fho-alt (6) d'alt 242 den Companies (Consolidation) Act, 1908, agus gan dochar d'aon ordú den tsórt sin, a bheas éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo.

Maoin phearsanta airithe leis an Stát a dhílsiú san Aire.

29. —(1) San alt seo ní fholaíonn “maoin phearsanta” airnéisí réadacha, ach folaíonn sé ábhair i gcaingean.

(2) Ar an dáta feidhme beidh an mhaoin phearsanta go léir a dtáinig an Stát, roimh an dáta feidhme, chun bheith ina únaer uirthi, mar bona vacantia nó de bhuaidh ailt 28 arna dílsiú, de bhuaidh an fho-ailt seo, san Aire.

(3) I gcás an Stát a theacht, ar an dáta feidhme nó dá éis, chun bheith ina únaer ar aon mhaoin phearsanta, mar bona vacantia nó de bhuaidh ailt 28, dílseoidh an mhaoin phearsanta sin san Aire ar an Stát a theacht amhlaidh chun bheith ina únaer uirthi.

Cinneadh éileamh ón Stát ar mhaoin áirithe.

30. —(1) Aon uair a éileos an tAire gur chin aon mhaoin (lena n-áirítear talamh) chun an Stáit trí eiséatadh nó go dtáinig an Stát chun bheith ina únaer uirthi mar bona vacantia nó de bhuaidh ailt 28, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, ordú d'iarraidh ar an Ard-Chúirt á dhearbhú (do réir mar bheas) gur chin an mhaoin sin amhlaidh chun an Stáit nó go dtáinig an Stát amhlaidh chun bheith ina únaer ar an maoin sin.

(2) Is ex parte a déanfar, ar an gcéad ásc, gach iarratas chun na hArd-Chúirte faoi fho-alt (1) den alt seo agus bhéarfaidh an Ard-Chúirt ansin pé orduithe is cuí léi maidir le fógra i dtaobh an iarratais sin a sheirbheáil nó d'fhoilsiú agus ní dhéanfaidh sí cinneadh críochnaitheach i leith an iarratais sin mura mbeidh ná go dtí go mbeidh na horduithe sin comhlíonta agus pé tréimhse caite tar éis a gcomhlíonta is réasúnach leis an gCúirt sna himthosca.

(3) Faoi réir achomhairc chun na Cúirte Uachtaraí, beidh ordú a dhéanfas an Ard-Chúirt ar iarratas faoin alt seo, á dhearbhú gur chin aon mhaoin áirithe chun an Stáit trí eiséatadh nó go dtáinig an Stát chun bheith ina únaer uirthi mar bona vacantia nó de bhuaidh ailt 28, ina fhianaise dochloíte, agus ina cheangal ar gach uile dhuine (pé acu bhí nó nach raibh fógra faighte aige i dtaobh an iarratais), gur chin an mhaoin sin amhlaidh chun an Stáit, nó go dtáinig an Stát amhlaidh chun bheith ina únaer ar an maoin sin, do réir an dearbhuithe sin.

Tarscaoileadh cearta an Stáit chun maoine áirithe.

31. —Aon uair, roimh an dáta feidhme nó ar an dáta sin nó dá éis, a chinfeas maoin ar bith d'aon chineál nó d'aon tsórt chun an Stáit trí eiséatadh nó a thiocfas an Stát chun bheith ina únaer uirthi mar bona vacantia nó de bhuaidh ailt 28, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, ceart an Stáit chun na maoine sin a tharscaoileadh, go hiomlán nó go páirteach, agus sin i bhfábhar pé duine agus ar pé téarmaí (agus íoc airgid a bheith nó gan a bheith ar na téarmaí sin) is cuí leis ag féachaint d'imthosca uile an cháis.

Séanadh cirt chun talún áirithe a chinfeas chun an Stáit trí eiséatadh nó mar bona vacantia.

32. —(1) Más rud é, ar an dáta feidhme nó dá éis, go gcinfidh leas an deontaí faoi dheontas feofheirme (dá ngairmtear an leas feofheirme sa bhfo-alt seo) chun an Stáit trí eiséatadh, féadfaidh an tAire, le barántas faoina shéala oifigiúil, ceart an Stáit chun an leasa feofheirme a shéanadh thar ceann an Stáit, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá—

(a) beidh deireadh le dliteanas an Stáit chun an cíos a

forcoimeádadh leis an deontas feofheirme d'íoc in aghaidh aon tréimhse dar tosach dáta an bharántais nó dáta dá éis sin;

(b) oibreoidh an barántas chun an leas feofheirme a dhílsiú sna daoine céanna, chun na n-eastát agus na leas céanna agus faoi réir na n-úsáid, na n-iontaobhas, na gcoinníoll agus na gcomhaontuithe céanna, a raibh leas an deontóra faoin deontas feofheirme sin dílsithe iontu agus faoina réir díreach roimh dháta an bharántais sin.

(2) Más rud é, ar an dáta feidhme nó dá éis, go dtiocfaidh an Stát chun bheith ina únaer ar leas an léasaí faoi léas (dá ngairmtear an leas léasach sa bhfo-alt seo) mar bona vacantia, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, ceart an Stáit chun an leasa léasaigh a shéanadh thar ceann an Stáit le barántas faoina shéala oifigiúil, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá—

(a) beidh deireadh le dliteanas an Stáit chun an cíos a forcoimeádadh leis an léas d'íoc in aghaidh aon tréimhse dar tosach dáta an bharántais nó dáta dá éis sin;

(b) oibreoidh an barántas chun an leas léasach a dhílsiú sna daoine céanna, chun na n-eastát agus na leas céanna agus faoi réir na n-úsáid, na n-iontaobhas, na gcoinníoll agus na gcomhaontuithe céanna, a raibh an fhrithdhílse a bhí feifeach ar an léas sin dílsithe iontu agus faoina réir díreach roimh dháta an bharántais sin nó, más eastát oidhreachta i bhfeo simplí an fhrithdhílse sin, chomh gar dó sin agus a cheadós cineálacha éagsúla an leasa léasaigh agus na frithdhílse.

(3) Más rud é—

(a) go séanfaidh an tAire le barántas faoin alt seo ceart an Stáit chun leasa an deontaí faoi dheontas feofheirme nó chun leasa an léasaí faoi léas, agus

(b) go raibh aon mhuirir, eirí nó éilimh (seachas faoin deontas feofheirme nó faoin léas sin) ar an leas sin ar dháta an bharántais,

leanfaidh siad sin, ar an dáta sin agus dá éis, de bheith ar an leas sin.

CUID IV.

Forála Airgeadais.

Fiacha áirithe ar údaráis Stáit, etc., a ghlanadh trína bhfritháireamh.

33. —I gcás—

(a) aon airgead a bheith iníoctha le duine ar bith ag údarás Stáit, ag na Coimisinéirí Ioncaim nó ag Coimisiún na Talún, agus

(b) aon airgead a bheith dlite ón duine sin d'údarás Stáit i leith aon tsean-choróinchíosa nó aon chíosa, cíosmhuirir, rí-chíosa nó suime eile is iníoctha go tréimhsiúil as talamh Stáit nó i leith aon tsuime is iníoctha mar tháillí as talamh Stáit,

féadfar an t-airgead sin a luaitear i mír (a) d'fhritháireamh in aghaidh an airgid sin a luaitear i mír (b), go hiomlán nó go páirteach do réir mar is iomchuí.

Airgead chun creidmheasa do Chuntas Ioncaim na gCoillte, na bhForaoiseacha agus na dTailte a dhiúscairt.

34. —Déanfar, a luaithe is féidir tar éis an dáta feidhme, an t-airgead agus na hurrúis uile a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, chun creidmheasa do Chuntas Ioncaim na gCoillte, na bhForaoiseacha agus na dTáilte, maraon le hús ar bith a bheas faibhrithe orthu d'íoc le Cúlchiste na gCairteacha Coigiltis, nó d'aistriú chuige, agus iad a chur chun creidmheasa don Phríomh-Chuntas Cúlchiste.

Airgead a gheofar feasta i leith talún Stáit a dhiúscairt.

35. —Íocfar isteach sa Stát-Chiste, nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste, i pé slí a ordós an tAire, an t-airgead agus na hurrúis uile a gheobhas údarás Stáit, ar an dáta feidhme nó dá éis, i leith talún Stáit.

Airgead chun creidmheasa do Chuntas Taisce Chiste na nEastát Dí-Thiomnacha a dhiúscairt.

36. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham a ordú airgead sonraithe nó urrúis shonraithe, a bheas chun creidmheasa don chuntas atá faoina urláimh agus dá ngairmtear Cuntas Taisce Chiste na nEastát Dí-Thiomnacha—

(a) d'íoc isteach i gCúlchiste na gCairteacha Coigiltis, nó d'aistriú chuige, agus iad a chur chun creidmheasa don Phríomh-Chuntas Cúlchiste, nó

(b) d'íoc isteach sa Stát-Chiste, nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste, i pé slí a ordós sé.

(2) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo ar an Aire na híocaíochtaí seo a leanas a dhéanamh as Cuntas Taisce Chiste na nEastát Dí-Thiomnacha—

(a) íocaíochtaí i ndáil le riaradh eastát daoine marbha (lena n-áirítear íocaíochtaí i leith caiteachas adhlaicthe, fiacha, caiteachais riaracháin agus deolchairí), agus

(b) pé íocaíochtaí eile is cuí leis.

Airgead eile a dhiúscairt.

37. —Íocfar isteach sa Stát-Chiste, nó cuifrear chun tairbhe don Stát-Chiste, i pé slí a ordós an tAire, an t-airgead go léir a gheobhas údarás Stáit faoin Acht seo agus nach bhfuil foráil déanta i dtaobh a dhiúscartha in aon alt eile san Acht seo.

Caiteachais údarás Stáit.

38. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire, na caiteachais faoina raghaidh údarás Stáit ag riaradh an Achta seo.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Talamh Stáit nach mbaineann ailt 10 ná 11 leis.

Ailt 10 (1) agus 11 (1).

1. Aon talamh a dílsíodh san Aire Tailte de bhuaidh an Orduithe Fhoraoiseachta (Seirbhísí Poiblí d'Athroinnt), 1933 (R. & O.R., Uimh. 158 de 1933), nó a fuarthas faoi na hAchta Foraoiseachta, 1919 agus 1928, nó faoin Acht Foraoiseachta, 1946 (Uimh. 13 de 1946) .

2. Mianraí Stáit do réir bhrí an Achta Forbairte Minearál, 1940 ( Uimh. 31 de 1940 ), ach amháin gaineamh, gairbhéal, cloch nó cré nach bhfuil níos mó ná fiche troigh faoi bhun dromchla na talún.

3. Aon talamh a fuair an tAire Tionscail agus Tráchtála faoin Acht um Aerloingseoireacht agus Aeriompar, 1936 (Uimh. 4 de 1936) .

4. Páire Cuimhneacháin Bourn Vincent, eadhon, an talamh lena mbaineann Acht Páirce Cuimhneacháin Bourn Vincent, 1932 (Uimh. 31 de 1932) .

5. An Graíolach Náisiúnta do réir bhrí an Achta Ghraí Náisiúnta, 1945 ( Uimh. 31 de 1945 ).

6. Coláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, eadhon, an talamh lena mbaineann Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945 (Uimh. 33 de 1945) .

7. An talamh a tuairiscítear sa Dara agus sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1950 (Uimh. 4 de 1950) .

AN DARA SCEIDEAL.

Ionstraimí a déantar Bailí.

Alt 26 (1).

1. Gníomhas Malairte dar dáta an 21ú lá de Mheitheamh, 1929, a rinneadh idir Anne Moran de pháirt agus an tAire Cosanta den pháirt eile—

(1) trínar shannaigh an Anne Moran sin don Aire Cosanta tailte áirithe a dtugtar tuairisc orthu ann mar leanas—

“All that part of the lands of Little Forest containing six acres, two roods and twenty-two perches, statute Measure or thereabouts and shown on the plan annexed hereto and therein coloured red situate in the Barony of Nethercross and County of Dublin”

agus

(2) trínar shannaigh an tAire Cosanta don Anne Moran sin tailte áirithe a dtugtar tuairisc orthu ann mar leanas—

“All that part of the lands of Rock containing seven acres three roods and thirty-four perches statute Measure or thereabouts and shown on the plan annexed hereto and therein coloured green situate in the Barony of Coolock and County of Dublin”.

2. Ordú Iascaigh na Sionainne (Iascach Bhéal Átha Luain agus Chaisleáin O gConaing d'Aistriú), 1937, a rinneadh an 14ú lá d'Aibreán, 1937, faoi alt 7 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 ( Uimh. 4 de 1935 ).

3. Ordú Iascaigh na Sionainne (Iascach Easconn Chill Dá Lua d'Aistriú), 1938, a rinneadh an 27ú lá d'Aibreán, 1938, faoi alt 7 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 , adúradh.

4. Aistriú dar dáta an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, trínar aistrigh an tAire Sláinte chun Boird Ospidéil Mheabhair-Ghalar Ghráinseach Uí Ghormáin cuid de thailte Diméin Sheantrabh atá ar áireamh i bhFóile 4435 Contae Bhaile Átha Cliath sa Chlár de Ruílseoirí atá á choimeád faoin Registration of Title Act, 1891, agus ina bhfuil 222 acra agus aon phéirse amháin nó mar sin tomhas reachtúil maraon leis an Mainteach air dá ngairmtear Santry Court atá suite i mBarúntacht na Cúlóige agus i gContae Bhaile Átha Cliath.