30 1954


Uimhir 30 de 1954.


AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO THABHAIRT CUMHACHT, AGUS D'FHORCHUR DUALGAS AGUS SRIANTA, MAIDIR LE hÓR, AIRGEADRA, ÍOCAÍOCHTAÍ, URRÚIS, FIACHA, AGUS ALLMHUIRIÚ, ONNMHUIRIÚ AGUS AISTRIÚ MAOINE, AGUS CHUN CRÍOCHA A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [9ú Nollaig, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Rialú Iomlaoide, 1954 , a ghairm den Acht seo.

Tosach agus ré feidhme.

2. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá nó laethe a socrófar chuige sin, go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe, le hordú nó le horduithe a dhéanfas an tAire, agus féadfar laethe éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus i dtaobh forál éagsúla.

(2) Fanfaidh an tAcht seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1958, agus raghaidh in éag ansin.

Léiriú.

3. —San Acht seo—

ciallaíonn “déileálaí údaraithe” duine a sonraítear sa Chéad Sceideal nó a hordófar faoi alt 31;

ciallaíonn “taisc-choimeádaí údaraithe” duine a sonraítear sa Dara Sceideal nó a hordófar faoi alt 31;

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” oifigeach inimirce nó comhalta den Gharda Síochána;

ciallaíonn “deimhniú iomparthóra” deimhniú teidil chun urrús ar féidir trína sheachadadh, faoi fhormhuiniú nó gan formhuiniú, teideal chun na n-urrús d'aistriú;

ciallaíonn “deimhniú teidil” aon doiciméad (nach admháil ó thaisc-choimeádaí údaraithe ar dhoiciméad a taiseadh) a aithníos nó a bheir teideal nó cearta (iarbhír nó teagmhasach) chun urrús, nó ina bhfuil fianaise ar theideal nó ar chearta den tsórt sin, agus, i gcás aon doiciméid den tsórt sin lena ngabhann cúpóin (pé acu ceangailte den doiciméad dóibh nó ar dhuilleoga cúpón ar leith), folaíonn sé aon chúpóin nár scoitheadh;

ciallaíonn “tír tionscnaimh”, i gcás táirgí nádúrtha, an tír inar táirgeadh na hearraí agus, i gcás táirgí monaraithe, an tír inar claochlódh iad sa riocht inar tugadh isteach sa Stát iad (gan pacáil, athphacáil, sórtáil ná cumasc d'áireamh mar chlaochchló);

ciallaíonn “cúpón” cúpón a sheasas do dhíbhinní nó d'ús ar urrús;

ciallaíonn “airgeadra coigríche” aon airgeadra nó nótaí seachas airgeadra nó nótaí d'eisigh an Rialtas nó a heisíodh faoi dhlí aon choda de na críocha sceidealta, agus folaíonn aon tagairt d'airgeadra coigríche, ach amháin sa mhéid go n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, tagairt d'aon cheart chun airgeadra coigríche d'fháil i leith aon chreidmheasa nó comharduithe i mbanc;

ciallaíonn “ór” monaí óir nó builleon óir;

ciallaíonn “an tAire”, faoi réir ailt 28, an tAire Airgeadais;

ciallaíonn an briathar “ordú” ordú ag an Aire le rialacháin;

ciallaíonn “clár” aon leabhar, comhad nó treoir ina gcláraítear urrúis;

folaíonn “clárú” inscríobh;

ciallaíonn “urrúis fhorcoimeádta” urrúis a sonraítear sa Tríú Sceideal;

ciallaíonn “na críocha sceidealta”—

(a) an Stát,

(b) Tuaisceart Éireann, an Bhreatain Mhór, Inse Mara nIocht agus Oileán Manann, agus

(c) pé críocha eile a hordófar;

ciallaíonn “urrúis” scaireanna, stoic, bannaí, bintiúir, stoc bintiúir, aonaid faoi scéim iontaobhais aonad nó scaireanna i rí-chíos ola;

tá leis an abairt “airgeadra sonraithe” an bhrí a bheirtear di in alt 4;

ciallaíonn “scéim iontaobhais aonad” aon chomhshocraíocht a rinneadh chun go gcuirfear ar fáil, nó a mbeidh sé d'éifeacht léi go gcuirfear ar fáil, do dhaoine a bhfuil cistí acu le hinfheistiú, saoráidí chun iad a bheith páirteach, mar thairbhithe faoi iontaobhas, i mbrabúis nó in ioncam as aon mhaoin d'fháil, a shealbhú, a bhainistí nó a dhiúscairt;

ciallaíonn “aonad” maidir le scéim iontaobhais aonad, ceart nó leas is féidir d'fháil faoin scéim.

CUID II.

Déileáil in Ór agus in Airgeadra Coigríche.

Déileáil in ór agus in airgeadra coigríche.

4. —(1) Ach amháin le cead ón Aire, ní dhéanfaidh duine ar bith, seachas déileálaí údaraithe, aon ór ná airgeadra coigríche a cheannach ná d'fháil ar iasacht ó aon duine seachas déileálaí údaraithe ná aon ór ná airgeadra coigríche a dhíol le haon duine seachas déileálaí údaraithe ná a thabhairt ar iasacht d'aon duine seachas déileálaí údaraithe.

(2) Beidh ceannach nó díol óir nó airgeadra choigríche, nó a fháil ar iasacht nó a thabhairt ar iasacht, ag déileálaí údaraithe, faoi réir pé treoracha a bhéarfas an tAire faoi alt 26.

(3) (a) Gach duine a bheas i dteideal aon airgeadra coigríche lena mbaineann an fo-alt seo a dhíol nó a chur á dhíol agus nach déileálaí údaraithe, tairgfidh sé é a dhíol, nó cuirfidh faoi deara go dtairgfear é a dhíol, le déileálaí údaraithe ar pé praghas a bheas cinnte de thuras na huaire ag an Aire, mura gceadóidh an tAire dó é a choimeád agus d'úsáid nó mura ndiúscarfaidh sé é chun aon duine eile le cead ón Aire.

(b) Is é airgeadra coigríche lena mbaineann an fo-alt seo pé airgeadra coigríche (dá ngairmtear “airgeadra sonraithe” san Acht seo) a hordófar.

CUID III.

Iocaíochtaí.

Srian le híocaíochtaí a dhéanamh le daoine atá ina gcónaí lasmuigh de na críocha sceidealta.

5. —Ach amháin le cead ón Aire, ní dhéanfaidh duine ar bith—

(a) aon tsuim d'íoc, ná dliteanas a ghabháil air féin í d'íoc, le haon duine, ná ar ordú ná thar ceann aon duine, atá ina chónaí lasmuigh de na críocha sceidealta, ná

(b) aon tsuim a chur, ná geallúint a thabhairt í a chur, chun creidmheasa aon duine atá ina chónaí lasmuigh de na críocha sceidealta.

Srian le híocaíochtaí a dhéanamh le daoine atá ina gcónaí sna críocha sceidealta.

6. —Ach amháin le cead ón Aire, ní dhéanfaidh duine ar bith—

(a) aon tsuim a chur, ná geallúint a thabhairt í a chur, chun creidmheasa aon duine atá ina chónaí sna críocha sceidealta ar ordú ná thar ceann aon duine atá ina chónaí lasmuigh de na críocha sin, ná

(b) aon tsuim d'íoc, ná dliteanas a ghabháil air féin í d'íoc, le duine atá ina chónaí sna críocha sceidealta, ná aon tsuim a chur, ná geallúint a thabhairt í a chur, chun creidmheasa aon duine atá ina chónaí sna críocha sin, i gcomaoin ná i leith—

(i) aon duine d'fháil íocaíochta a rinneadh lasmuigh de na críocha sceidealta, aon duine d'fháil maoine atá lasmuigh de na críocha sceidealta, aon tseirbhís a chomhlíonadh lasmuigh de na críocha sceidealta, ná earraí ó thír tionscnaimh nach bhfuil sna críocha sceidealta d'allmhuiriú isteach sa Stát nó in aon cheann eile de na críocha sceidealta, ná

(ii) ceart (pé acu láithreach nó todhchaí dhó agus pé acu iarbhír nó teagmhasach dhó) d'aistriú chun aon duine, ná a chruthú i bhfábhar aon duine, chun íocaíocht d'fháil lasmuigh de na críocha sceidealta, chun maoin d'fháil atá lasmuigh de na críocha sceidealta, chun aon tseirbhís a chur dá comhlíonadh lasmuigh de na críocha sceidealta, ná chun earraí ó thír tionscnaimh nach bhfuil sna críocha sceidealta d'allmhuiriú isteach sa Stát nó in aon cheann eile de na críocha sceidealta.

Iocaíochtaí, etc., ó dhéileálaithe údaraithe.

7. —D'ainneoin aon fhorála eile san Acht seo, féadfaidh déileálaí údaraithe, do réir treora ón Aire faoi alt 26—

(a) íocaíochtaí a dhéanamh, nó dliteanas a ghabháil air féin iad a dhéanamh, le daoine, nó ar ordú daoine, atá ina gcónaí lasmuigh de na críocha sceidealta, nó suimeanna a chur, nó geallúint a thabhairt iad a chur, chun creidmheasa daoine den tsórt sin, nó

(b) aon idirbheart eile a dhéanamh i ngnáth-chúrsa gnótha bhaincéireachta.

CUID IV.

Urrúis.

Urrúis d'eisiúint.

8. —Ach amháin le cead ón Aire, ní eiseoidh duine ar bith aon urrús chun duine atá ina chónaí lasmuigh de na críocha sceidealta nó atá ina ainmní do dhuine den tsórt sin.

Urrúis, blianachtaí agus polasaithe árachais d'aistriú.

9. —(1) Ach amháin le cead ón Aire, ní aistreoidh duine ar bith—

(a) aon urrús, blianacht ná polasaí árachais, ná aon cheart ná leas in urrús, blianacht nó polasaí árachais, chun duine atá ina chónaí lasmuigh de na críocha sceidealta nó atá ina ainmní do dhuine den tsórt sin, ná,

(b) aon urrús forcoimeádta ná aon chúpón, ná aon cheart ná leas in urrús forcoimeádta nó i gcúpón, chun aon duine.

(2) Ach amháin le cead ón Aire, ní ghlacfaidh duine ar bith—

(a) aistriú aon urrúis, blianachta nó polasaí árachais, ná aistriú aon chirt ná leasa in urrús, blianacht nó polasaí árachais, ó dhuine atá ina chónaí lasmuigh de na críocha sceidealta nó atá ina ainmní do dhuine den tsórt sin, ná

(b) aistriú aon urrúis fhorcoimeádta nó aon chúpóin, ná aistriú aon chirt ná leasa in urrús forcoimeádta nó i gcúpón, ó aon duine.

Deimhnithe iomparthóra agus cúpóin d'eisiúint.

10. —Ach amháin le cead ón Aire, ní eiseoidh duine ar bith aon deimhniú iomparthóra ná aon chúpón ná ní athróidh aon doiciméad ar chuma go ndéanfaidh deimhniú iomparthóra nó cúpón de.

Malairtiú urrús agus deimhnithe lasmuigh de na críocha sceidealta.

11. —Ach amháin le cead ón Aire, ní dhéanfaidh duine ar bith aon ghníomh le hintinn a thabhairt—

(a) i gcás urrúis atá—

(i) cláraithe sna críocha sceidealta, nó

(ii) inaistrithe trí dheimhniú iomparthóra sna críocha sceidealta,

go ndéanfar de, nó go gcuirfear ina ionad, urrús atá cláraithe lasmuigh de na críocha sceidealta nó urrús atá inaistrithe trí dheimhniú iomparthóra lasmuigh de na críocha sceidealta, nó

(b) go ndéanfar deimhniú teidil chun aon urrúis eile d'eisiúint lasmuigh de na críocha sceidealta in ionad, nó i dteannta, deimhnithe theidil chuige atá sna críocha sceidealta nó a caillfear nó a dítheofar, nó a cailleadh nó a díthíodh, sna críocha sceidealta.

Aírgead caipitil d'íoc lasmuigh de na críocha sceidealta.

12. —Ach amháin le cead ón Aire, ní dhéanfaidh duine ar bith aon ghníomh le hintinn a thabhairt—

(a) go n-íocfar lasmuigh de na críocha sceidealta airgead caipitil is iníoctha ar urrús atá cláraithe sna críocha sceidealta, ná

(b) i gcás an deimhniú teidil chun urrúis a bheith sna críocha sceidealta, go ndéanfar airgead caipitil is iníoctha ar an urrús d'íoc lasmuigh de na críocha sceidealta gan an deimhniú a thabhairt ar aird don duine a bheas á íoc.

Dualgais daoine a bheas ag coimeád clár.

13. —Ach amháin le cead ón Aire, ní dhéanfaidh duine a mbeidh baint aige le coimeád aon chláir—

(a) ainm duine ar bith a thaifeadadh sa chlár mura dtugtar ar aird dó pé fianaise a hordófar nach bhfuil an taifead ina chuid d'idirbheart trína sáraítear aon fhoráil den Acht seo, ná

(b) aon seoladh lasmuigh de na críocha sceidealta a thaifeadadh sa chlár ach amhám chun idirbheart a chlárú ar tugadh cead an Aire dhó, ná

(c) aon ghníomh maidir leis an gclár a thabharfas aitheantas nó éifeacht d'aon ghníomh a dhealraíos a bheith déanta contrártha d'aon fhoráil den Acht seo, pé acu ag duine atá ina chónai sa Stát é nó nach ea.

Urrúis a thaisceadh.

14. —(1) Ach amháin le cead ón Aire, cuirfidh duine a bhfuil deimhniú teidil chun urrúis fhorcoimeádta á shealbhú aige nó á shealbhú do réir a orduithe (go díreach nó go neamhdhíreach) faoi deara go gcoimeádfaidh taisc-choimeádaí údaraithe an deimhniú.

(2) Ach amháin le cead ón Aire—

(a) ní scaoilfidh taisc-choimeádaí údaraithe uaidh ná ní dhítheoidh sé aon deimhniú teidil chun urrúis fhorcoimeádta ná aon chúpón,

(b) ní dhéanfaidh taisc-choimeádaí údaraithe aon ghníomh a thabharfas aitheantas ná éifeacht do mhalairtiú (seachas trí oibriú an dlí) aon duine ar dhuine eile i leith is gurb é an duine é óna bhfuair sé teagasc maidir le deimhniú teidil chun urrúis fhorcoimeádta.

(3) Ach amháin le cead ón Aire, ní híocfar airgead caipitil, ús ná díbhinní sa Stát ar aon urrús forcoimeádta ach amháin leis an taisc-choimeádaí údaraithe lenar taisceadh an deimhniú teidil chun an urrúis, nó do réir a orduithe sin.

(4) Ach amháin le cead ón Aire, ní dhéanfaidh duine ar bith aon chúpón a scothadh, ach amháin sa ghnáth-chúrsa bailiúcháin, de dheimhniú teidil chun urrús lena ngabhann cúpóin.

(5) Bhéarfaidh duine a mbeidh deimhniú teidil chun urrúis fhorcoimeádta á thaisceadh aige le taisc-choimeádaí údaraithe pé eolas uaidh maidir le húnaeracht a iarrfas an taisc-choimeádaí údaraithe.

(6) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar nach bhfuil deimhniú teidil i gcoimeád taiscchoimeádaí údaraithe mura bhfuair sé aon fhógra i dtaobh nádúir an deimhnithe nó má tá sé i ngabhadán séalaithe nó glasáilte nach bhfuil sé i dteideal é a bhaint amach as,

(b) measfar deimhniú teidil a bheith i gcoimeád taisc-choimeádaí údaraithe má tá sé i gcoimeád duine eile a bhfuil sé á shealbhú aige ar ordú, agus thar ceann, taisc-choimeádaí údaraithe.

CUID V.

Allmhuiriú agus Onnmhuiriú.

Srian le hallmhuiriú.

15. —(1) Toirmisctear leis seo, ach amháin le cead ón Aire—

(a) allmhuiriú aon deimhnithe theidil chun aon urrúis fhorcoimeádta, lena n-áirítear aon deimhniú den tsórt sin a cealaíodh agus aon doiciméad á dheimhniú gur díthíodh, gur cailleadh nó gur cealaíodh aon deimhniú teidil chun urrúis fhorcoimeádta, agus

(b) allmhuiriú aon chúpóin.

(2) Toirmisctear leis seo, ach amháin le cead ón Aire, allmhuiriú a dhéanamh, ó aon áit nach bhfuil i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain Mhór, in Inse Mara nIocht nó in Oileán Manann, ar aon nótaí atá, nó a bhí tráth ar bith, ina ndlíthairiscint i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain Mhór, in Inse Mara nIocht agus in Oileán Manann, nó in aon chuid díobh sin, nó ar aon nótaí bainc le haon bhanc eisiúna i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain Mhór, in Inse Mara nIocht nó in Oileán Manann.

Srian le honnmhuiriú.

16. —(1) Toirmisctear leis seo, ach amháin le cead ón Aire—

(a) onnmhuiriú aon óir,

(b) onnmhuiriú aon deimhnithe theidil chun urrúis fhorcoimeádta (lena n-áirítear aon deimhniú den tsórt sin a cealaíodh) nó aon doiciméid á dheimhniú gur díthíodh, gur cailleadh nó gur cealaíodh aon deimhniú den tsórt sin, agus

(c) onnmhuiriú aon chúpóin.

(2) Toirmisctear leis seo, ach amháin le cead ón Aire, onnmhuiriú a dhéanamh, chun aon áite nach bhfuil i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain Mhór, in Inse Mara nIocht nó in Oileán Manann—

(a) ar aon nótaí d'eisigh aon bhanc, nó atá nó a bhí ina ndlí-thairiscint, in aon chuid de na críocha sceidealta,

(b) ar aon airgeadra coigríche nó aon doiciméad de chineál atá beartaithe chun a chur ar chumas an duine chun ar heisíodh é airgeadra coigríche d'fháil ó dhuine éigin eile ar chreidmheas an duine d'eisigh é,

(c) ar aon pholasaí árachais, agus

(d) ar aon ordú poist.

Iocaíocht as earraí a honnmhuireofar.

17. —(1) Toirmisctear leis seo, ach amháin le cead ón Aire, onnmhuiriú earraí d'aon aicme nó cineál go dtí ceann cúrsa in aon chríoch, seachas na críocha sceidealta, mura rud é—

(a) (i) go dtabharfar ar aird do na Coimisinéirí Ioncaim an fhianaise ordaithe go ndearnadh íocaíocht as na hearraí le duine sa Stát pé slí a bheas ordaithe maidir le hearraí den aicme nó den chineál sin a honnmhuireofar go dtí ceann cúrsa sa chríoch sin, agus

(ii) gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil an íocaíocht a rinneadh de mhéid a bheir, in imthosca uile an cháis, leor-fháltas as na hearraí, nó

(b) gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim—

(i) go bhfuil íocaíocht as na hearraí le déanamh le duine sa Stát laistigh de shé mhí tar éis dáta an onnmhuirithe i pé slí a bheas ordaithe maidir le hearraí den aicme nó den chineál sin a honnmhuireofar go dtí ceann cúrsa sa chríoch sin, agus

(ii) go bhfuil an íocaíocht atá le déanamh de mhéid a bheir, in imthosca uile an cháis, leor-fháltas as na hearraí.

(2) (a) Chun gur deimhin leo, i gcás aon earraí, na nithe a sonraítear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) den alt seo, agus gan dochar do na cumhachta a bheirtear le halt 24 den Acht Airgeadais, 1938 ( Uimh. 25 de 1938 ), féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal ar an duine a thaifeadfas na hearraí chun a n-onnmhuirithe pé dearbhuithe, arna síniú ag pé daoine, agus pé doiciméid, is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncaim, a sheachadadh, i dteannta an taifid, don bhailitheoir nó don oifigeach cuí eile custam.

(b) Má ceanglaítear ar dhuine dearbhú nó doiciméad a sheachadadh faoin bhfo-alt seo, ní honnmhuireofar na hearraí go dtí go mbeidh an dearbhú nó an doiciméad seachadta.

(3) Má honnmhuirítear earraí, roimh íocaíocht d'fháil, go dtí ceann cúrsa lasmuigh de na críocha sceidealta, déanfaidh an duine d'onnmhuirigh na hearraí, mura sonróidh an tAire a mhalairt, an fhianaise ordaithe ag taispeáint méid agus modha na híocaíochta as na hearraí a thabhairt ar aird do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de sheacht mí, nó de pé tréimhse is sia ná sin a shonrós an tAire, tar éis dáta an onnmhuirithe.

(4) Is cosaint mhaith ar inchúiseamh i leith fo-alt (3) den alt seo a shárú nach ar an gcosantóir a bhí an locht nár tugadh ar aird an fhianaise is gá do réir an fho-ailt sin.

CUID VI.

Cur i bhFeidhm.

Feidhm na nAcht Custam.

18. —(1) Beidh feidhm ag na hAchta Custam, faoi réir pé modhnuithe, más ann, a hordófar chun iad d'oiriúnú don Acht seo, maidir le haon ní a dtoirmisctear, ach amháin le cead ón Aire, é d'allmhuiriú nó d'onnmhuiriú le haon cheann d'fhorála an Achta seo, amhail mar atá feidhm acu maidir le hearraí a dtoirmisctear iad d'allmhuiriú nó d'onnmhuiriú le haon cheann de na hAchta sin nó faoi, agus forléireofar aon tagairt sna hAchta sin d'earraí mar thagairt a fholaíos tagairt d'aon ní a dtoirmisctear, ach amháin le cead ón Aire, é d'allmhuiriú nó d'onnmhuiriú le haon cheann d'fhorála an Achta seo.

(2) Measfar go bhfolaíonn tagairtí san alt seo do na hAchta Custam tagairtí d'alt 14 den Post Office (Parcels) Act, 1882 (alt, arna leasú le halt 7 den Acht um Oifig an Phoist (Leasú), 1951 ( Uimh. 17 de 1951 ), a bheir feidhm do na hAchta Custam maidir le hearraí i mbeartáin choigríche agus i bpost-phacáidí coigríche agus a fhorálas go bhféadfar earraí a scrúdú, d'urghabháil agus d'fhorghéilleadh dá réir sin) agus d'alt 18 den Post Office Act, 1908 (a chuireas ar chumas an Aire Phoist agus Telegrafa aon phost-phacáid a bhfuiltear in amhras earraí contrabhanna a bheith ann a choinneáil agus a chur chun na gCoimisinéirí Ioncaim lena hoscailt agus lena coinneáil chun críocha inchúisimh).

(3) Measfar, chun críocha ailt 168 den Customs Consolidation Act, 1876 (faoinar cion aon dearbhú bréagach a dhéanamh i nithe a bhaineas le custaim), gur dearbhú i ní a bhaineas le custaim aon dearbhú a ceanglófar a thabhairt faoi alt 17.

Cuardach agus urghabháil.

19. —(1) Gan dochar d'aon chumhachta a bheirtear leis na hAchta Custam, beidh ar dhuine (dá ngairmtear an taistealaí san alt seo) a bheas, ar ócáid ar bith, ar tí an Stát d'fhágaint nó ag teacht isteach sa Stát, má iarann oifigeach custam agus máil nó oifigeach údaraithe air sin a dhéanamh ar an ocáid sin—

(a) a dhearbhú cé acu atá nó nach bhfuil aon ní leis a dtoirmisctear, ach amháin le cead ón Aire, é d'allmhuiriú nó d'onnmhuiriú le haon cheann d'fhorála an Achta seo, agus

(b) aon ní den tsórt adúradh a bheas leis a thabhairt ar aird.

(2) Féadfaidh an t-oifigeach aon earra a bheas leis an taistealaí a scrúdú agus a chuardach chun a fháil amach an bhfuil aon ní den tsórt sin ar iompar nó ina sheilbh aige agus, má bhíonn cúis réasúnach amhrais ag an oifigeach go bhfuil aon ní den tsórt sin ar a phearsain ag an taistealaí, féadfaidh sé an taistealaí a chuardach, agus féadfaidh an t-oifigeach aon ní d'urghabháil a bhéarfar ar aird mar adúradh nó a gheofar de thoradh an scrúduithe nó an chuardaigh adúradh agus a mbeidh cúis réasúnach amhrais ag an oifigeach go dtoirmisctear, ach amháin le cead ón Aire, é d'allmhuiriú nó d'onnmhuiriú le haon cheann d'fhorála an Achta seo, mura dtabharfaidh an taistealaí fianaise ar aird go bhfuil an ní sin á allmhuiriú nó á onnmhuiriú do réir an Achta seo aige.

(3) Ní cead ach do bhaineannach cuardach a dhéanamh de bhun an ailt seo ar bhaineannach.

Cionta, inchúisimh agus pionóis.

20. —(1) Gach duine a shárós (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon fhoráil den Acht seo, nó aon tsrian nó ceanglas a forchuirtear leis an Acht seo nó faoi, nó a dhéanfas iarracht sin a shárú amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

(2) Gach duine a chabhrós, a neartós, a chuideos nó a chomhcheilgfeas le duine eile, nó a chomhairleos do dhuine eile nó a thabharfas air, cion faoin alt seo a dhéanamh, beidh sé ciontach é féin i gcion.

(3) Gach duine a bhéartas do dhuine eile, agus a fhios aige an duine eile sin a bheith tar éis cion faoin alt seo a dhéanamh, aon chuidiú le hintinn cosc nó bac nó ceataí a chur amhlaidh ar ghabháil, triail nó pionósú an duine eile sin sa chion, beidh sé ciontach é féin i gcion faoin alt seo.

(4) Má dhéanann comhlucht corpraithe cion faoin alt seo nó cion de dhroim ailt 18 agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le ceadú, nó gur hurasaíodh a dhéanamh trí aon fhaillí ar thaobh, aon stiúrthóra nó bainisteora ar an gcomhlucht corpraithe sin nó aon rúnaí nó oifigigh eile dhó, beidh an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí, nó an t-oifigeach eile sin ciontach freisin sa chion.

(5) Gach duine ar a bhfuil gnáth-chónaí sa Stát a dhéanfas, laistigh nó lasmuigh den Stát, cion faoin alt seo, agus gach duine nach bhfuil gnáth-chónaí air sa Stát a dhéanfas, laistigh den Stát, cion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar a chiontú go hachomair sa chion, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt (agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a leanfar den chion) a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht go ceann téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile, nó

(b) ar a chiontú sa chion ar díotáil, fíneáil nach mó ná cúig mhíle punt (agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná caoga punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion) a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht go ceann téarma nach sia ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(6) Má ciontaítear duine i gcion faoin alt seo, féadfaidh an Chúirt, i dteannta an phionóis a dlífear a chur ar an duine sin faoi fho-alt (5) den alt seo, a ordú go bhforghéillfear aon airgeadra, aon urrús, aon ór, aon earraí nó aon mhaoin eile a ndearnadh an cion ina leith nó trína bhíthin, agus déanfar mar threorós an tAire le haon ní a forghéillfear amhlaidh.

(7) Ní bheidh cion de dhroim ailt 18 inphionóis faoin alt seo.

Neamhchomhlíonadh leanúnach.

21. —(1) Más rud é—

(a) go gciontófar duine i gcion faoi alt 20 toisc gur mhainnigh, gur fhailligh nó gur dhiúltaigh sé aon fhoráil a chomhlíonadh a cheanglaíos air gníomh sonraithe a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe nó roimh dháta sonraithe, agus

(b) go mbeidh an gníomh, tar éis dáta an chiontuithe sin, gan déanamh fós aige,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air in aghaidh gach lae a bheas an gníomh gan déanamh aige nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht go ceann téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(2) Is cion leanúnach cion faoin alt seo agus dá réir sin féadfar imeachta nua a thionscnamh ina leith ó am go ham.

Imeachta achomaire.

22. —Féadfaidh an tAire imeachta a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh sa Chúirt Dúiche maidir le cion faoi alt 20 nó 21.

CUID VII.

Ilghnéitheach.

Fiacha a bhailiú.

23. —Ach amháin le cead ón Aire, ní dhéanfaidh duine ar bith ag a mbeidh ceart (pé acu láithreach nó todhchaí dhó, agus pé acu iarbhír nó teagmhasach dó) chun aon airgeadra sonraithe d'fháil, nó chun aon íocaíocht d'fháil ó dhuine atá ina chónaí lasmuigh de na críocha sceidealta, aon ní, ná ní staonfaidh sé ó dhéanamh aon ní, le hintinn a thabhairt—

(a) go gcuirfear moill le fáil an iomláin nó aon choda den airgeadra nó den íocaíocht aige, nó

(b) go scoirfidh an t-airgeadra nó an íocaíocht, go hiomlán nó go páirteach, de bheith le fáil aige.

Srian le hiasachta áirithe.

24. —(1) Ach amháin le cead ón Aire, ní thabharfaidh duine ar bith aon airgead ná urrúis ar iasacht d'aon chomhlucht corpraithe ar a bhfuil cónaí sna críocha sceidealta agus atá á rialú in aon tslí (go díreach nó go neamhdhíreach) ag daoine atá ina gcónaí lasmuigh de na críocha sceidealta.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás nach eol don iasachtóir agus nach bhfuil aon chúis aige bheith in amhras, tar éis dó pé fiosrú a dhéanamh is réasúnach in imthosca an cháis, go bhfuil an comhlucht corpraithe á rialú amhlaidh.

Cead.

25. —(1) Féadfaidh aon chead a bhéarfar faoin Acht seo bheith ina chead ginearálta nó ina chead nach mbaineann ach le hidirbheart áirithe agus bheith ina chead coinníollach nó ina chead gan coinníoll agus féadfar é a chúlghairm nó a leasú.

(2) Aon duine a bhainfeas leas as aon chead a bhéarfar faoin Acht seo, déanfaidh sé do réir aon choinníoll a bheas ag gabháil leis an gcead.

(3) Beidh de rogha ag an Aire ceada faoin Acht seo a thabhairt nó gan iad a thabhairt.

Treoracha.

26. —(1) Féadfaidh an tAire treoracha a thabhairt do dhaoine de na haicmí seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) déileálaithe údaraithe agus taisc-choimeádaithe údaraithe,

(b) daoine chun a dtarmligfear aon chumhachta de chuid an Aire faoin Acht seo, eadhon—

(i) i gcás aon daoine den tsórt sin, treoracha maidir le feidhmiú aon fheidhmeanna is infheidhmithe acu de bhuaidh aon fhorála, nó de bhuaidh aon ní arna dhéanamh faoi aon fhoráil, den Acht seo, nó

(ii) i gcás déileálaithe údaraithe, treoracha mar adúradh, nó treoracha i dtaobh na dtéarmaí ar a bhféadfaid ór nó airgeadra coigríche a cheannach, d'fháil ar iasacht nó a ghlacadh ar shlí eile nó ór nó airgeadra coigríche a dhíol, a thabhairt ar iasacht nó a dhiúscairt ar shlí eile agus i dtaobh tuairisceáin a thabhairt don Aire ar idirbhearta in ór nó in airgeadra coigríche agus i dtaobh íocaíochtaí a rinneadh le daoine atá ina gcónaí lasmuigh de na críocha sceidealta nó a fuarthas uathu.

(2) Aon duine dá dtabharfar aon treoir faoin alt seo, déanfaidh sé do réir na treora sin.

(3) Féadfaidh aon treoir a bhéarfar faoin alt seo bheith ina treoir ghinearálta nó ina treoir shonrach agus féadfar í a chúlghairm nó d'athrú le treoracha ina dhiaidh sin.

(4) Is i pé slí is cuí leis an Aire a bhéarfar treoracha faoin alt seo.

(5) D'ainneoin fo-ailt (4) den alt seo, ní déanfar, de bhuaidh aon treora faoin alt seo, duine a chiontú i gcion faoin Acht seo murar seirbheáladh an treoir air.

Díolúintí.

27. —Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, díolúine a thabhairt, le rialacháin, ó chomhlíonadh aon fhorála den Acht seo agus féadfaidh an díolúine bheith ina díolúine choinníollach nó ina díolúine gan coinníoll.

Tarmligean.

28. —Féadfaidh an tAire, a mhéid is cuí leis agus faoi réir pé srian agus coinníoll is cuí leis, aon cheann dá chumhachta (seachas cumhacht chun aon ordú nó rialacháin a dhéanamh) a tharmligean, nó a údarú é a tharmligean, chun aon duine nó chun aon aicme daoine is cead leis, agus forléireofar dá réir sin tagairtí san Acht seo don Aire.

Seirbheáil.

29. —(1) Féadfar aon doiciméad faoin Acht seo a sheirbheáil ar dhuine—

(a) tríd an doiciméad a sheachadadh don duine sin,

(b) tríd an doiciméad a chur leis an bpost i gclúdach a díreofar chun an duine sin ag an seoladh ag a bhfuil gnáth-chónaí air nó gnó á sheoladh aige, nó

(c) má tá an duine sin as láthair nó lasmuigh den Stát nó mura bhfuil a sheoladh ar eolas agus nach féidir é d'fháil amach trí fhiosrú réasúnach—

(i) tríd an doiciméad a sheachadadh do ghníomhaire dhó, nó

(ii) tríd an doiciméad a chur leis an bpost i gclúdach a díreofar chun gníomhaire dhó ag an seoladh ag a bhfuil gnáth-chónaí ar an ngníomhaire.

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, measfar cuideachta atá cláraithe faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, a bheith ag seoladh gnótha ag a hoifig chláraithe agus measfar gach comhlucht corpraithe eile agus gach comhlucht neamhchorpraithe a bheith ag seoladh gnótha ag a phríomh-oifig nó ag a phríomh-áit ghnótha sa Stát.

Rialacháin.

30. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag ordú aon ní dá dtagartar san Acht seo mar ní atá ordaithe nó le hordú.

(2) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Déileálaithe údaraithe breise agus taiscchoimeádaithe údaraithe breise.

31. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin, daoine a cheapadh (i dteannta na ndaoine a sonraítear sa Chéad agus sa Dara Sceideal) ina ndéileálaithe údaraithe nó ina dtaisc-choimeádaithe údaraithe.

Feidhm maidir leis an Stát.

32. —Cuirfidh an tAcht seo ceangal ar an Stát agus beidh feidhm aige maidir le hidirbhearta ag Aire Stáit nó ag údarás eile a bheas ag gníomhú thar ceann an Stáit.

Caiteachais agus úsáid an airgid a gheofar.

33. —(1) Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

(2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a shonrós an tAire an t-airgead uile a gheobhas an tAire faoin Acht seo.

Athghairm agus forála idirlinne.

34. —(1) Athghairmtear leis seo mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 ( Uimh. 22 de 1946 ).

(2) I gcás aon treoir, cead, údarás nó díolúine, a tugadh i bhfeidhmiú cumhachta a tugadh le hordú faoin achtachán a hathghairmtear leis seo, agus d'fhéadfaí a thabhairt faoi aon fhoráil den Acht seo, a bheith i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na forála sin, beidh éifeacht aige amhail is dá mba faoin bhforáil sin a tugadh é.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Déileálaithe Udaraithe.

Alt 3.

Banc na hÉireann.

Mac Aonghusa & Mac Mathúna.

Banc Ibernia, Tta.

Banc na Mumhan & Laighean, Tta.

An Banc Náisiúnta, Tta.

Banc Náisiúnta na Cathrach, Tta.

Banc an Tuaiscirt, Tta.

Banc Cúigí na hÉireann, Tta.

Banc Ríoga na hÉireann, Tta.

Banc Uladh, Tta.

AN DARA SCEIDEAL.

Taisc-choimeádaithe Udaraithe.

Alt 3.

Banc na hÉireann.

Mac Aonghusa & Mac Mathúna:

Banc Ibernia, Tta.

Banc na Mumhan & Laighean, Tta.

An Banc Náisiúnta, Tta.

Banc Náisiúnta na Cathrach, Tta.

Banc an Tuaiscirt, Tta.

Banc Cúigí na hÉireann, Tta.

Banc Ríoga na hÉireann, Tta.

Banc Uladh, Tta.

AN TRIU SCEIDEAL.

Urrúis Fhorcoimeádta.

Alt 3.

1. Urrúis atá inaistrithe trí dheimhnithe iomparthóra.

2. Urrúis atá cláraithe lasmuigh den Stát agus a bhfuil ús nó díbhinní orthu iníoctha trí chúpón.

3. Urrúis atá cláraithe lasmuigh de na críocha sceidealta.

4. Urrúis atá cláraithe sna críocha sceidealta agus is féidir d'aistriú chun cláir, nó i gclár, lasmuigh de na críocha sceidealta.