22 1956


Uimhir 22 de 1956.


AN tACHT AIRGEADAIS, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHT ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁL I dTAOBH AIRGEADAIS. [10 Iúil, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Cáin Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1956-57.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1956, a mhuirearú do réir seacht scillinge agus sé pingne sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1956, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1955, a muirearófar amhlaidh í.

(3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muirearófar mar adúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1956, ag na forála ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1956, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Leasú ar alt 32 den Income Tax Act, 1918.

2. —Déantar leis seo alt 32 den Income Tax Act, 1918, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a leasú tuilleadh mar leanas:

(i) i mír (c) d'fho-alt (3) cuirfear “or, where special terms apply to the insurance on the life of the insured person, of the prescribed capital sum” isteach i ndiaidh “capital sum assured” agus cuirfear “or the prescribed capital sum” isteach i ndiaidh “any such capital sum” agus i ndiaidh “the sum actually assured”;

(ii) cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh fo-ailt (3):

“(3A) In paragraph (c) of subsection (3) of this section—

‘special terms’ in relation to an insurance means terms which, by reason of special circumstances concerning the health of the insured person, are less favourable as to the amounts of the premiums payable or as to the capital sum payable on death, than those which would otherwise be available from the same insurer;

‘the prescribed capital sum’ means, in relation to an insurance (in this definition referred to as the said insurance), to which special terms apply, on the life of an insured person, the capital sum which would have been payable by the insurer on the death of that person by virtue of an insurance to which special terms did not apply and which, except as regards the capital sum payable on death, was in all respects the same as the said insurance.”

Diolúine i leith úis áirithe.

3. —(1) Más rud é go n-áirítear nó go n-áireofaí mura mbeadh an t-alt seo, in ioncam iomlán pearsan don bhliain mheasúnuithe, aon tsuimeanna (dá ngairmtear na suimeanna sin san alt seo) a híocadh nó a creidiúnaíodh i leith úis ar airgead a taisceadh i mbanc taisce iontaobhais, i mBanc Taisce an Phoist nó in aon cheann de na bainc thráchtála, tabharfar neamhaird ar na suimeanna sin chun críocha uile na nAcht Cánach Ioncaim mura mó, nó sa mhéid nach mó, na suimeanna sin ná cúig puint fhichead, ach beidh feidhm amhail is nár hachtaíodh an t-alt seo ag na forála de na hAchta Cánach Ioncaim a bhaineas le pearsa do thabhairt tuairisceáin ar a ioncam iomlán.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo faoi réir an choinníll seo a leanas, eadhon, má dhéanann fear pósta nó a bhean chéile iarratas don bhliain mheasúnuithe faoi Riail 17 de na Rialacha Ginearálta a bhaineas le Sceidil A, B, C, D agus E den Income Tax Act, 1918, nó faoi alt 8 den Acht sin, agus gur mó ná cúig puint fhichead comhiomlán na suimeanna sin a háirítear, nó a háireofaí mura mbeadh an t-alt seo, in ioncaim iomlána na lánún, gurb é an méid de na suimeanna sin a dtabharfar neamhaird air don bhliain sin i gcás gach duine ar leith den lánúin ná an méid a bhfuil idir é agus cúig puint fhichead an cothrom céanna atá idir méid na suimeanna sin a háirítear, nó a háireofaí mura mbeadh an t-alt seo, in ioncam iomlán an duine sin den lánúin agus comhiomlán na suimeanna sin a háirítear, nó a háireofaí mura mbeadh an t-alt seo, in ioncaim iomlána na lánún; agus, mura ndéantar aon iarratas mar adúradh, go ndéanfar a shamhail sin de chionroinnt, más gá.

(3) Má tá neamhaird le tabhairt, de bhuaidh an ailt seo, ar aon tsuimeanna a bheas ag fás chun aon phearsan, ní measfar, de bhíthin na neamhairde sin, go bhfuil scortha ag an bpearsa sin de bheith i seilbh iomlán buna aonair do réir bhrí ailt 10 den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929) .

(4) San alt seo—

ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas do réir forál na nAcht Cánach Ioncaim;

ciallaíonn “na bainc thráchtála” Banc na hÉireann, an Banc Ibeirneach, Teoranta, Banc Mumhan agus Laighean, Teoranta, an Banc Náisiúnta, Teoranta, Banc an Tuaiscirt, Teoranta, Banc Proibhinseach na hÉireann, Teoranta, Banc Ríoga na hÉireann, Teoranta, Banc Uladh, Teoranta, Ansbacher agus a Chuideachta, Teoranta, an Chuideachta Bhaincéireachta Tráchtála, Teoranta, Mag Aonghusa agus Ó Mathúna, agus Banc Náisiúnta na Cathrach, Teoranta;

tá le “banc taisce iontaobhais” an bhrí atá leis sna Trustee Savings Banks Acts, 1863 go 1920.

Méadú ar an liúntas pearsanta d'fhear pósta.

4. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a leasú tuilleadh trí “a deduction of three hundred and ten pounds” a chur in ionad “a deduction of three hundred pounds”.

Asbhaintí i leith leanaí.

5. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 21 den Finance Act, 1920, trí “and a child in respect of whom an adoption order under the Adoption Act, 1952 (No. 25 of 1952), is in force” a chur isteach i ndeireadh an fho-ailt sin.

(2) Leasaítear leis eo fo-alt (2) d'alt 21 den Finance Act, 1920, trí na focail “at the commencement of that year” a scrios sa chéad áit a bhfuilid sa bhfo-alt sin.

Méadú ar an asbhaint i leith gaoil chleithiúnaigh.

6. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 22 den Finance Act, 1920, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a leasú tuilleadh trí “a deduction of sixty pounds” a chur in ionad “a deduction of fifty pounds”.

Leasú ar alt 7 den Acht Airgid, 1932 .

7. —(1) San alt seo ciallaíonn “an príomh-alt” alt 7 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ).

(2) Más rud é—

(a) gur eisigh cuideachta aon stoic, scaireanna nó urrúis ar tugadh deimhniú faoi fho-alt (2) den phríomh-alt ina leith atá fós in éifeacht, agus

(b) go n-eiseoidh an chuideachta ina dhiaidh sin, pé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin é, aon stoic, scaireanna nó urrúis—

(i) a tairgfear do shealbhóirí i gcáil shealbhóirí na stoc, na scaireanna nó na n-urrús céadluaite nó aicme áirithe díobh, nó a leithroinnfear orthu, tráth na heisiúna sin ina dhiaidh sin nó timpeall an trátha sin, agus

(ii) a tairgfear nó a leithroinnfear amhlaidh ar fhoras a ríomhfar do réir gabháltas na sealbhóirí sin faoi seach,

ansin, chun críocha an phríomh-ailt, measfar na stoic, na scaireanna nó na hurrúis a eiseos an chuideachta ina dhiaidh sin mar adúradh a bheith á n-eisiúint lena suibscríobh ag an bpobal.

(3) D'ainneoin aon ní i míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (2) den phríomh-alt, féadfar deimhniú a thabhairt faoin bhfo-alt sin i leith aon stoc, scaireanna nó urrús de chuid cuideachtan a heisíodh nó a heiseofar mar stoic, scaireanna nó urrúis láníoctha agus a measfar, de bhuaidh fo-ailt (2) den alt seo, a bheith arna n-eisiúint lena suibscríobh ag an bpobal.

(4) Má tugtar deimhniú faoi fho-alt (2) den phríomh-alt i leith aon stoc, scaireanna nó urrús a meastar, de bhuaidh fo-ailt (2) den alt seo, a bheith arna n-eisiúint lena suibscríobh ag an bpobal, ní déanfar, mar sin féin, faoiseamh ná aisíoc faoi fho-alt (1) den phríomh-alt a thabhairt i leith aon díbhinne nó úis ar na stoic, na scaireanna nó na hurrúis a bhí iníoctha roimh dháta an deimhnithe.

CUID II.

Custaim agus Mál.

Tobac.

8. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1932” an t Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) ;

ciallaíonn “Acht 1934” an t Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) ;

ciallaíonn “Acht 1952” an t Acht Airgeadais, 1952 (Uimh. 14 de 1952) .

(2) Déanfar an dleacht chustam ar thobac, a forchuireadh le halt 20 d'Acht 1932, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, agus ón lá sin amach, do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh a bhfuil an dleacht sin inmhuirir dá réir anois de bhuaidh ailt 12 d'Acht 1952.

(3) Déanfar an dleacht mháil ar thobac, a forchuireadh le halt 19 d'Acht 1934, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, agus ón lá sin amach, do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh a bhfuil an dleacht sin inmhuirir dá réir anois de bhuaidh ailt 12 d'Acht 1952.

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) den alt sin 19 d'Acht 1934 agus ag fo-alt (5) de, faoi réir fo-ailt (5) den alt seo, maidir le tobac is inchurtha faoi mhuirear na dleachta máil a forchuireadh le fo-alt (1) den alt sin 19, do réir ráta a sonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus chun críche na feidhme sin forléireofar tagairtí sna fo-ailt sin (3), (4) agus (5) den alt sin 19 de Chuid I den Séú Sceideal a ghabhas le hAcht 1934 adúradh, agus beidh éifeacht acu, mar thagairtí do Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(5) Amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, agus ón lá sin amach, is do réir cúig pingne an punt a bheas an lacáiste ar thobac neamhmhonaraithe a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 20 d'Acht 1932, arna leasú le halt 18 d'Acht 1934, agus i bhfo-alt (5) d'alt 19 d'Acht 1934.

(6) Is do réir dhá scilling déag agus ceithre pingne an punt a bheas an lacáiste ar thobac cruafháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), i gcás aon tobac den tsórt sin a dhíolfas aon mhonaróir ceadúnaithe agus a chuirfeas sé amach, chun a úsáidte sa Stát, ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, nó dá éis.

(7) Maidir le tobac neamhmhonaraithe ag a mbeadh, d'éagmais an fho-ailt seo, teideal de bhuaidh ailt 5 den Acht Airgeadais, 1950 (Uimh. 18 de 1950) , chun na rátaí fábhair dleachta custam a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1949 (Uimh. 13 de 1949) , déanfar an dleacht chustam is inmhuirir air, ar é a sheachadadh as banna-stóras, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, agus ón lá sin amach, do réir na rátaí i leith tobac neamhmhonaraithe a sonraítear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Tobac (dleacht mháil ar stoic áirithe).

9. —(1) Faoi réir forál fo-ailt (2) den alt seo, muirearófar, toibheofar agus íocfar ar na stoic tobac go léir de gach saghas a bheas, ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1956, ar únaeracht nó ar seilbh ag monaróir ceadúnaithe tobac agus in aon áit sa Stát seachas banna-stóras, dleacht mháil, is iníoctha ag an monaróir, do réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá:

(a) sa mhéid gur tobac neamhmhonaraithe na stoic, seacht scillinge agus aon phingin déag ar gach punt meáchain de na stoic, agus

(b) sa mhéid gur tobac (lena n-áirítear snaois), seachas tobac neamhmhonaraithe, na stoic, seacht scillinge agus aon phingin déag ar gach punt meáchain de thobac neamhmhonaraithe as a bhfuarthas na stoic, dar leis na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) Ní bheidh an dleacht a forchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar aon tobac monaraithe (lena n-áirítear toitíní, todóga agus snaois, seachas snaois chosamair) a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh sé, ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1956, lán-ullmhaithe chun a dhíolta ar mionreic agus—

(i) nár thoradh é ar aon oibríocht a rinne monaróir ar bith a raibh sé ar únaeracht nó ar seilbh aige an uair sin; nó

(ii) go raibh sé ar seilbh an uair sin mar stoc mionreaca in áitreabh a bhí á úsáid chun tobac a dhíol ar mionreic; nó

(iii) go raibh sé an uair sin i gcúrsa turais ó dhíoltóir go ceannaitheoir faoi chonradh díolacháin:

Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-ailt seo aon tobac a bheith lán-ullmhaithe chun a dhíolta ar mionreic más rud é go raibh sé, i ngnáthchúrsa gnótha an duine a raibh sé ar únaeracht nó ar seilbh aige nó i gcúrsa turais chuige, le cur faoi phróis éigin eile fós (seachas pacáil) sara ndíolfadh sé é.

(3) Bhéarfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, tráth nach déanaí ná an 15ú lá de Bhealtaine, 1956, tuairisceán do na Coimisinéirí Ioncaim, i bhfoirm a cheadóid, ag tabhairt pé eolais dóibh a iarrfaid sa bhfoirm sin agus, go háirithe, ag insint na gcainníochtaí tobac de gach saghas, do réir meáchain, a bhí ar únaeracht nó ar seilbh aige ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1956, in aon áit sa Stát seachas bannastóras.

(4) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac—

(a) na leabhair trádála agus gach cuntas agus doiciméad is leis an monaróir sin nó atá ina sheilbh, agus is gá chun an tuairisceán d'fhíoradh a thug sé de bhun fo-ailt (3) den alt seo, a thabhairt ar aird, má hiarrtar sin air, d'aon oifigeach Custam agus Máil, agus

(b) gach cabhair réasúnach a thabhairt don oifigeach sin chun cuntas a ghlacadh ar an tobac a bhí ar únaeracht nó ar seilbh ag an monaróir sin ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1956.

(5) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, díreach tar éis an tuairisceán is gá do réir fo-ailt (3) den alt seo a thabhairt nó ar an 15ú lá de Bhealtaine, 1956, pé acu is luaithe, méid iomlán na dleachta a luaitear san alt seo d'íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim ar aon tobac a bhí ar únaeracht nó ar seilbh aige ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1956, agus a bhí inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo é, íoc na dleachta a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an 1ú lá d'Eanáir, 1957, ar an monaróir do thabhairt urrúis trí bhanna nó ar shlí eile chun a sástachta go n-íocfar an dleacht sin.

(6) Gach monaróir a gceanglaítear air le fo-alt (3) den alt seo tuairisceán a thabhairt den tsórt a luaitear sa bhfo-alt sin agus nach dtabharfaidh an tuairisceán sin, nó a bhéarfas tuairisceán a bheas neamhiomlán, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneos nó a dhiúltós aon ní a dhéanamh a gceanglaítear air le fo-alt (4) den alt seo é a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion faoi na reachta a bhaineas le dleachta máil agus in aghaidh gach ciona den tsórt sin dlífear pionós máil caoga punt a chur air agus forghéillfear an tobac go léir a ndearnadh an cion sin maidir leis.

(7) I gcás aistarraingt a bheith iníoctha i leith tobac ar ar híocadh an dleacht mháil a forchuirtear le fo-alt (1) den alt seo, is aistarraingt mháil a bheas ann chomh fada is théas an dleacht a híocadh de bhun an fho-ailt sin (1), arna cinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Ile éadrom udrocarbóin mhianrúil.

10. —(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1952” an t Acht Airgeadais, 1952 (Uimh. 14 de 1952) .

(2) Déanfar, maidir le híle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, an dleacht chustam a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custam) (Uimh. 4), 1931 (Uimh. 43 de 1931) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, agus ón lá sin amach, do réir dhá scilling agus trí pingne agus feoirling an galún in ionad an ráta a sonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1952.

(3) Déanfar, maidir le híle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin agus a cuirfear amach, ar díol nó lena díol nó eile, ó áitreabh a monaróra ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, nó dá éis sin, nó a úsáidfeas an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas chun íle udrocarbóin mhianrúil a mhonarú nó a tháirgeadh, an dleacht mháil a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgid (Forála Ilghnéitheacha), 1935 (Uimh. 7 de 1935) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir dhá scilling agus pingin is feoirling an galún in ionad an ráta a sonraítear i mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 6 d'Acht 1952.

Ile udrocarbóin.

11. —(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1935” an t Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) .

(2) Amhail ar an 11ú lá de Bhealtaine, 1956, agus ón lá sin amach, is é is ráta d'aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (2) d'alt 21 d'Acht 1935—

(a) i gcás na híle ar a dtugtar de ghnáth íle ghalúcháin tharracóra, scilling agus ocht bpingne an galún; agus

(b) i gcás aon íle udrocarbóin eile, scilling agus seacht bpingne an galún.

(3) Amhail ar an 11ú lá de Bhealtaine, 1956, agus ón lá sin amach, is é is ráta d'aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (4) d'alt 21 d'Acht 1935—

(a) i gcás na híle ar a dtugtar de ghnáth íle ghalúcháin tharracóra, scilling agus sé pingne an galún; agus

(b) i gcás aon íle udrocarbóin eile, scilling agus cúig pingne an galún.

Lasáin.

12. —(1) In ionad na dleachta custam a forchuireadh le halt 4 den Acht Airgeadais, 1945 ( Uimh. 20 de 1945 ), déanfar, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, agus ón lá sin amach, dleacht mháil, do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc ar na lasáin uile a hallmhuireofar.

(2) In ionad na dleachta máil a forchuireadh le halt 4 den Acht Airgeadais, 1945 ( Uimh. 20 de 1945 ), arna leasú le halt 15 den Acht Airgeadais, 1954 ( Uimh. 22 de 1954 ), déanfar, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, agus ón lá sin amach, dleacht mháil, do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc ar na lasáin uile a déanfar sa Stát.

Geallta.

13. —Déanfar (faoi réir forál ailt 20 den Acht Airgid, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , agus gan dochar do na forála sin) an dleacht ar gheallta a forchuireadh le halt 24 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), a mhuirearú a thobhach agus d'íoc ar gheallta a déanfar an 1ú lá d'Iúil, 1956, nó dá éis sin, do réir deich faoin gcéad de mhéid an ghill in ionad seacht go leith faoin gcéad, an ráta a luaitear in alt 18 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ).

Uiscí boird.

14. —(1) Déanfar na dleachta custam ar uiscí boird a forchuireadh le halt 7 den Finance Act, 1916, a mhuirearú a thobhach agus d'íoc, ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, agus dá éis sin, do réir scilling agus ceithre pingne an galún in ionad na rátaí a foráltar leis an alt sin 7, le halt 11 den Acht sin agus le halt 17 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ).

(2) Déanfar na dleachta máil ar uiscí boird a forchuireadh le halt 4 den Finance (New Duties) Act, 1916, a mhuirearú a thobhach agus d'íoc, ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, agus dá éis sin, do réir scilling an galún in ionad na rátaí a foráltar leis an alt sin 4 agus le halt 11 den Finance Act, 1916.

Dleacht shiamsa—ildamhsa nó rince.

15. —(1) San alt seo ciallaíonn “dleacht shiamsa” an dleacht mháil ar a dtugtar “entertainments duty” in alt 1, agus is inmhuirir faoi alt 1, den Finance (New Duties) Act, 1916, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus tá le “daonáireamh” agus “baile” na bríonna faoi seach atá leo in alt 16 den Acht Airgeadais, 1954 ( Uimh. 22 de 1954 ).

(2) Amhail ar an 1ú lá de Lúnasa, 1956, agus ón lá sin amach, forléireofar alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, agus beidh éifeacht aige, amhail is dá bhfolaíodh an focal “entertainment” mar mínítear é san alt sin aon ildamhsa nó rince, agus déanfar, amhail ar an dáta sin agus uaidh sin amach, dleacht shiamsa a mhuirearú a thobhach agus d'íoc ar na híocaíochtaí uile as dul isteach chun aon ildamhsa nó rince, pé acu chun rince a dhéanamh nó chun bheith páirteach san ildamhsa nó sa rince sin nó chun féachaint air a raghfar isteach, agus déanfar í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc mar adúradh do réir na rátaí seo a leanas:—

(i) maidir le haon ildamhsa nó rince a bheas ar siúl in áit nach bhfuil a shuíomh in aon ceann acu seo a leanas ná i bhfogas trí mhíle dhó, eadhon—

(a) contae-bhuirg nó buirg eile, nó

(b) ceantar uirbeach, nó

(c) baile,

ar mó ná dhá mhíle, in aon chás acu, a dhaonra do réir an daonáirimh:

I gcás an íocaíocht as dul isteach, gan an dleacht d'áireamh—

An Ráta Dleachta

s.

d.

a dhul thar

4d.

gan dul thar

9d.

...

1

,,  ,,   ,, 

9d.

,,   ,,   ,, 

1s.

1½d.

...

,,  ,,   ,, 

1s.

1½d.

,,   ,,   ,, 

1s.

10d.

...

2

,,  ,,   ,, 

1s.

10d.

,,   ,,   ,,

2s.

3d.

...

3

,,  ,,   ,, 

2s.

3d.

,,   ,,   ,,

3s.

4½d.

...

,,  ,,   ,, 

3s.

4½d.

,,   ,,   ,,

4s.

6d.

...

6

,,  ,,   ,, 

4s.

6d.

...     ...     ...     ...

...

6d. in aghaidh an chéad 4s. 6d. agus 2d. in aghaidh gach 1s. nó coda de 1s. sa bhreis.

(ii) in aon chás eile:

I gcás an íocaíocht as dul isteach, gan an dleacht d'áireamh—

An Ráta Dleacht

s.

d.

a dhul thar

4d.

gan dul thar

6½d.

...

,,  ,,   ,, 

,,   ,,   ,,

8d.

...

2

,,  ,,   ,, 

8d.

,,   ,,   ,,

1s.

0d.

...

3

,,  ,,   ,, 

1s.

0d.

,,   ,,   ,,

1s.

8d.

...

4

,,  ,,   ,, 

1s.

8d.

,,   ,,   ,,

2s.

0d.

...

6

,,  ,,   ,, 

2s.

0d.

,,   ,,   ,,

3s.

0d.

...

9

,,  ,,   ,, 

3s.

0d.

,,   ,,   ,,

4s.

0d.

...

0

,,  ,,   ,, 

4s.

0d.

...     ...     ...     ...

...

1s. in aghaidh an chéad 4s. agus 3d. in aghaidh gach 1s. nó coda de 1s, sa bhreis.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag forála ailt 16 den Acht Airgeadais, 1954 (Uimh. 22 de 1954) , i gcás dleachta siamsa is iníoctha de bhun an ailt seo, faoi réir an choinníll nach ndéanfar aon aisíocaíocht faoi fho-alt (3) den alt sin 16 i gcás dleachta a híocadh ar íocaíochtaí as dul isteach chun aon ildamhsa nó rince.

(4) Nuair a beifear ag tabhairt feidhme d'fhorála fo-alt (4) agus (6) den alt sin 16 i gcás na dleachta siamsa is iníoctha de bhun an ailt seo, forléireofar mar thagairtí do mhír (i) d'fho-alt (2) den alt seo na tagairtí sna fo-ailt sin d'fho-alt (3) den alt sin.

(5) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 14 den Acht Airgeadais, 1952 ( Uimh. 14 de 1952 ), amhail ar an 1ú lá de Lúnasa, 1956, agus ón lá sin amach.

Dleacht shiamsa— díolúine i gcás taispeántas scannán i nGaeilge.

16. —(1) San alt seo ciallaíonn “dleacht shiamsa” an dleacht mháil dá ngairmtear “entertainments duty” in alt 1, agus is inmhuirir faoi alt 1, den Finance (New Duties) Act, 1916, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

(2) Ní déanfar dleacht shiamsa a mhuirearú ná a thobhach ar íocaíochtaí as dul isteach chun aon tsiamsa a dtaispeánfar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gurb é atá ann go huile pictiúirí reatha a déantar le scannán cinematagrafach—

(a) ar a bhfuil fuaimrian leanúnach a thugann urlabhra i nGaeilge, nó

(b) lena ngabhann go leanúnach urlabhra comhaimsearaithe i nGaeilge a déantar go meicniúil agus a fhreagras do na radharcanna a taispeántar sa scannán.

Ceadúnais chearrbhachais.

17. —Déanfar, i leith agus le haghaidh gach ceadúnais chearrbhachais a heiseofar faoi alt 19 den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 ( Uimh. 2 de 1956 ), dleacht mháil a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir na rátaí seo a leanas, is é sin le rá:—

má tá an tréimhse ar ina leith atá an ceadúnas le heisiúint, mar bheas sonraithe sa deimhniú faoin Acht sin á údarú an ceadúnas d'eisiúint—

(a) gan bheith níos sia ná trí mhí, deich bpuint;

(b) níos sia ná trí mhí gan bheith níos sia ná sé mhí, fiche punt;

(c) níos sia ná sé mhí gan bheith níos sia ná naoi mí, tríocha punt;

(d) níos sia ná naoi mí, dachad punt.

Leasú ar alt 19 (3) den Acht Airgid, 1933 .

18. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 19 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), maidir le siamsaí a bheas ar siúl an 1ú lá de Shamhain, 1956, nó dá éis sin, trí “agus” a scrios i ndeireadh míre (c) agus trí mhír (d) a scrios.

Deireadh le dleacht chustam ar líontóirí agus licíní d'ubh-bhoscaí.

19. —Ní déanfar an dleacht chustam ar líontóirí agus licíní d'ubh-bhoscaí a hallmhuireofar ar leithligh, dleacht a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custam) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , agus a luaitear ag uimhir thagartha 9 sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht sin, a mhuirearú ná a thobhach ar aon earraí a hallmhuireofar an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó dá éis sin.

Orduithe a dhaingniú.

20. —Daingnítear leis seo an tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 370) (Tobhach Speisialta Allmhuirithe), 1956 (I.R., Uimh. 45 de 1956 ), agus an tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 379) (Tobhach Speisialta Allmhuirithe) (Leasú), 1956 (I.R. Uimh. 132 de 1956).

CUID III.

Dleachta Báis.

Faoiseamh ó dhleacht eastáit— stoic, scaireanna nó urrúis áirithe.

21. —(1) Má bhaineann alt 7 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), le haon stoic, scaireanna nó urrúis, pé acu roimh dháta an Achta seo a rith a heisíodh nó dá éis sin a heiseofar iad, ansin, faid a bhainfeas an t-alt sin leis na stoic, na scaireanna, nó na hurrúis, bainfidh an t-alt seo freisin leo.

(2) Má bhíonn ar áireamh sa mhaoin a aistreos ar bhás d'fháil, lá an Achta seo a rith nó dá éis sin, do dhuine ar bith a gheobhas bás agus é ina shainchónaí sa Stát, aon stoic, scaireanna nó urrúis lena mbainfidh an t-alt seo le linn na maoine d'aistriú, measfar chun dleacht eastáit a mheasúnú gurb é is luach do na stoic, na scaireanna nó na hurrúis dhá dtrian a luacha arna mheas do réir forál fo-ailt (5) d'alt 7 den Finance Act, 1894.

(3) Ní déanfar an faoiseamh ó dhleacht eastáit a foráltar leis an alt seo a dheonadh i ndáil le bás duine ach amháin má taispeántár chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh teideal tairbhiúil ag an éagach chun na stoc, na scaireanna nó na n-urrús go leanúnach ó dháta a gcéad-eisiúna go dtí lá a bháis nó go leanúnach ar feadh tréimhse nár lú ná trí bliana díreach roimh lá a bháis.

(4) Má tharlaíonn, i gcás ina bhféadfar faoiseamh faoin alt seo a dheonadh, go bhfuil na stoic, na scaireanna nó na hurrúis faoi aon fhiach, muirear, lian nó eire is inlamháilte mar asbhaint óna luach chun críche dleachta eastáit, déanfar méid na hasbhainte i leith an fhéich, an mhuirir, an liain nó na heire a chinneadh amhail is nár laghdaíodh luach na stoc, na scaireanna nó na n-urrús do réir forál fo-ailt (2) den alt seo.

CUID IV.

Cáin Bhrabús Corparáide.

Díolúinti áirithe ó cháin bhrabús corparáide do leanúint i bhfeidhm.

22. —Déanfar na díolúintí ó cháin bhrabús corparáide, a sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 33 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), arna leasú le halt 30 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus le fo-alt (2) d'alt 11 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 ), a thabhairt in aghaidh na tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1956, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1958.

CUID V.

Liúntais Tosaigh: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.

Liúntais tosaigh.

23. —(1) Más rud é, i gcás duine atá ag seoladh trádála a bhfuil na brabúis nó na sochair aisti inchurtha faoi mhuirear (ar shlí seachas de dhroim roghan faoi Riail 5 de na Rialacha a bhaineas le Sceideal B den Income Tax Act, 1918) faoi Chás I de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, go raghaidh an duine sin, an 6ú lá d'Aibreán, 1956, nó dá éis sin, faoi chaiteachas caipitiúil ag soláthar inneallra nua nó gléasra nua le haghaidh na trádála, seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí d'iompar ar bóthar nó feithiclí eile a tharraingt ar bóthar, bhéarfar dó, don bhliain mheasúnuithe sa bhonn-tréimhse ar tharla an caiteachas ina leith, liúntas (dá ngairmtear liúntas tosaigh sa Chuid seo den Acht seo) is ionann agus an cúigiú cuid den chaiteachas, agus bhéarfar an liúntas sin mar asbhaint nuair a bheas brabúis nó sochair na trádála á gcur faoi mhuirear.

(2) Aon chaiteachas le haghaidh trádála faoina raghaidh duine ar an 6ú lá d'Aibreán, 1956, nó dá éis sin, a bheas chun an trádáil sin a sheoladh, áireofar é chun críocha fo-ailt (1) den alt seo amhail is dá mba chaiteachas é a ndeachaigh an duine sin faoi an chéad lá dhó ag seoladh na trádála sin.

(3) Chun críche an ailt seo ní háireofar mar chaiteachas caipitiúil aon chaiteachas is cead d'asbhaint nuair a ríomhtar, chun críocha cánach ioncaim, brabúis nó sochair trádála a bhí á seoladh ag an duine a chuaigh faoin gcaiteachas.

(4) Chun críocha na Coda seo den Acht seo, measfar gurb é an lá a raghfar faoi aon chaiteachas an lá is iníoctha an tsuim a bheas i gceist.

(5) Aon éileamh a dhéanfas duine ar liúntas faoin alt seo nuair a bheas brabúis nó sochair a thrádála á gcur faoi mhuirear, cuirfear é sa ráiteas bliaintúil nach foláir a thabhairt faoi na hAchta Cánach Ioncaim i dtaobh na mbrabús nó na sochar aisti agus cuirfear ina theannta deimhniú arna shíniú ag an éilitheoir, a measfar a bheith ina chuid den éileamh, á rá gur le haghaidh inneallra nua nó gléasra nua a chuathas faoin gcaiteachas agus ag tabhairt pé sonraí a thaispeánfas go ndlitear an liúntas a thabhairt.

(6) San alt seo, ciallaíonn “nua” neamhúsáidte agus gan bheith réchaite, ach measfar long a bheith nua fiú amháin má húsáideadh í nó más long réchaite í.

Leasú ar na liúntais faoi Rialacha 6 agus 7 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D.

24. —(1) Más rud é, nuair a bheas brabúis nó sochair thrádála á gcur faoi mhuirear, go mbeidh asbhaint le lamháil do dhuine ar bith faoi mhír (1) de Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, mar ní is ionann agus an laghdú luacha a tháinig trí chaitheamh agus cumailt i rith na bliana measúnuithe ar aon inneallra nó gléasra, measfar gurb é is luach don inneallra nó don ghléasra sin i dtosach na bliana costas iarbhír an inneallra nó an ghléasra sin ar an duine sin lúide iomlán aon asbhaintí a lamháltar faoin Riail sin 6 agus aon liúntais tosaigh faoin gCuid seo den Acht seo do bhlianta measúnuithe roimhe sin.

(2) Beidh feidhm maidir le liúntais tosaigh ag mír (2) de Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, arna leasú le halt 2 den Acht Airgeadais, 1944 ( Uimh. 18 de 1944 ), ag míreanna (3) agus (5) den Riail sin 6, ag Riail 7 de na Rialacha sin agus ag alt 4 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), amhail mar tá feidhm acu maidir le hasbhaintí is inlamháilte i leith caitheamh agus cumailt inneallra nó gléasra.

(3) I mír (6) de Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, forléireofar an abairt “the deductions allowed on that account for any previous years to the person by whom the trade is carried on”, agus an abairt “the deductions” mar a bhfuil an abairt sin roimh an bhfocal “exceed”, mar abairtí a bhfolaíonn gach ceann faoi leith acu tagairt d'aon liúntas tosaigh a tugadh, i leith an inneallra nó an ghléasra, don duine a sheolas an trádáil.

An bhrí atá le “bonntréimhse”.

25. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, tá le “bonn-tréimhse” an bhrí a bheirtear dó leis na forála ina dhiaidh seo den alt seo.

(2) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt ina leith faoin gCuid seo den Acht seo, is é a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnaithe an tréimhse ar ar a brabúis agus a sochair a bheas cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, i leith na trádála a bheas i gceist nó, más rud é, de bhuaidh aon Achta, go mbeidh brabúis nó sochair aon tréimhse eile le glacadh mar bhrabúis nó sochair na tréimhse sin, an tréimhse eile sin:

Ar choinníoll, i gcás aon trádála—

(a) má tá dhá bhonn-tréimhse ag dul isteach ar a chéile, go measfar chun críocha an fho-ailt seo gur sa chéad bhonn-tréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineas leo araon;

(b) má tá aga idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnuithe áirithe agus an bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnuithe ina dhiaidh sin, ansin, murab í an bhliain mheasúnuithe ina dhiaidh sin bliain bhuanscortha na trádála, go measfar gur cuid den dara bonn-tréimhse an t-aga; agus

(c) má tá aga idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnuithe roimh bhliain bhuan-scortha na trádála agus an bhonn-tréimhse don bhliain bhuan-scortha, go measfar gur cuid den chéad bhonn-tréimhse an t-aga.

(3) (a) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhas le fo-alt (2) den alt seo do bhuan-scor trádála d'fhorléiriú mar ní a fholaíos tagairt do tharlachtaint aon ní a bheas, faoi aon cheann d'fhorála na nAcht Cánach Ioncaim, le háireamh mar ní is ionann agus buan-scor trádála.

(b) Déanfar aon tagairt sa choinníoll sin do dhá thréimhse a dhul isteach ar a chéile d'fhorléiriú mar ní a fholaíos tagairt do dhá thréimhse a chomhtheacht le chéile nó do thréimhse a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse a bhaineas i gcoitinne le gach ceann de dhá thréimhse.

Feidhm gcás gairmeacha, etc.

26. —Beidh feidhm, le haon oiriúnuithe is gá, ag na forála roimhe seo den Chuid seo den Acht seo maidir le caiteachas caipitiúil faoina raghaidh duine an 6ú lá d'Aibreán, 1956, nó dá éis sin, atá inmheasúnuithe faoi Riail 8 de na Rialacha a bhaineas le Sceideal B den Income Tax Act, 1918, nó faoi Chás II de Sceideal D den Acht sin.

Liúntais tosaigh maidir le cáin bhrabús corparáide.

27. —I gcás ina bhforálann an Chuid seo den Acht seo le haghaidh liúntais tosaigh a thabhairt do chuideachta chun críocha cánach ioncaim, i leith aon chaiteachais, déanfar méid an liúntais d'asbhaint nuair a bheas brabúis na cuideachtan sin á ríomh chun críocha cánach brabús corporáide don tréimhse chuntasaíochta inar tharla an caiteachas.

Forléiriú na Coda seo den Acht seo.

28. —Déanfar an Chuid seo den Acht seo a léamh agus d'fhorléiriú, a mhéid a bhaineas sí le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin), i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim agus, a mhéid a bhaineas sí le cáin bhrabús corporáide, déanfar í a léamh agus d'fhorléiriú i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

CUID VI.

Dleachta Stampa.

Dleacht stampa a thobhach ar an mBord Rásaíochta.

29. —(1) San alt seo ciallaíonn “an Bord” an Bord Rásaíochta.

(2) Toibheofar ar an mBord, i leith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1957, dleacht stampa £140,000, a íocfas an Bord leis na Coimisinéirí Ioncaim an 15ú lá de Mhárta, 1957, nó roimhe sin.

(3) Ar an dleacht d'íoc, deimhneoidh na Coimisinéirí Ioncaim go ndearna an Bord do réir an ailt seo, agus stampálfar ar an deimhniú méid na dleachta a híocadh agus eiseofar an deimhniú chun an Bhoird.

(4) Mura ndéana an Bord do réir an ailt seo, beidh méid na dleachta a bheas gan íoc maraon le hús air sin do réir 5 faoin gcéad sa bhliain ón 16ú lá de Mhárta, 1957, go dtí an lá a híocfar an dleacht, ina fhiach a bheas dlite ón mBord don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste agus féadfar é a ghnóthú ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla.

Leasú ar alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 .

30. —(1) Beidh éifeacht ag alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin—

(a) amhail is dá mbeadh na focail seo a leanas ann ag deireadh fo-ailt (4) agus mar chuid den fho-alt sin: “nó, á dheimhniú—

(A) gur maoin atá á fáil le haghaidh cónaithe phríobháidigh an mhaoin atá á tíolacadh nó á haistriú agus nach bhfuil thar cúig acra de thalamh inti, nó

(B) gur maoin atá á fáil d'aon-toisc le haghaidh tionscail seachas an talmhaíocht an mhaoin atá á tíolacadh nó á haistriú”; agus

(b) amhail is dá mbeadh na focail seo a leanas ann ag deireadh míre (a) d'fho-alt (7) agus mar chuid den mhír sin:

“nó mura rud é go mbeidh an mhaoin a bheas á tíolacadh nó á haistriú i dtrácht i mír (A) nó i mír (B) den fho-alt sin”.

(2) Ní bheidh éifeacht ag alt 26 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), maidir le haon mhaoin a bhí, ar dháta an tíolaicthe nó an aistrithe iomchuí, i dtrácht i gceann de na tuairiscí atá leagtha amach i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo.

Leasú ar alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 .

31. —(1) Beidh éifeacht ag alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin—

(a) amhail is dá mbeadh na focail seo a leanas ann ag deireadh fo-ailt (4) agus mar chuid den fho-alt sin:

“nó á dheimhniú—

(A) gur le haghaidh cónaithe phríobháidigh atá leas an léasaí faoin léas á fháil agus nach n-áirítear ann leas i dtalamh de bhreis ar chúig acra, nó

(B) gur d'aon-toisc le haghaidh tionscail seachas an talmhaíocht atá leas an léasaí faoin léas á fháil”; agus

(b) amhail is dá mbeadh na focail seo a leanas ann ag deireadh míre (a) d'fho-alt (7) agus mar chuid den mhír sin: “nó mura dtagann leas an léasaí faoin léas faoi réim míre (A) nó míre (B) den fho-alt sin”.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 16 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 ), amhail is dá bhfolaíodh an tagairt ann do ráiteas ón léasaí tagairt do ráiteas faoi fho-alt (4) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 , arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.

CUID VII.

Ilghnéitheach agus Ginearálta.

Aistriú as an Ród-Chiste chun an Chiste Chaipitil.

32. —Déanfar suim £500,000 d'aistriú chun an Chiste Chaipitil agus d'íoc leis as an Ród-Chiste pé tráth nó trátha sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1957, agus i pé slí, a ordós an tAire Airgeadais.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

33. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 );

ciallaíonn “alt leasúcháin 1955” alt 18 den Acht Airgeadais, 1955 ( Uimh. 13 de 1955 );

ciallaíonn “an séú blianacht bhreise” an tsuim a muirearaítear ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá leis na habairtí “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna atá leo faoi seach sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasúcháin 1955, maidir leis na naoi mbliana airgeadais fichead d'éis a chéile a thosnós leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1957, ach “£763,950” a chur in ionad “£688,618”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasúcháin 1955 ach “£484,650” a chur in ionad “£445,446”.

(4) Déanfar suim £667,560 le haghaidh fuascailte iasacht, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais d'éis a chéile a thosnós leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1957.

(5) Íocfar an séú blianacht bhreise isteach sa Chuntas i pé slí, agus pé trátha sa bhliain airgeadais iomchuí, a chinnfeas an tAire.

(6) Féadfar aon chuid den séú blianacht bhreise, nach mó ná £464,100 in aon bhliain airgeadais, d'úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí d'íoc.

(7) Úsáidfear iarmhéid na séú blianachta breise in aon tslí nó slite dá sonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Díolúine ó chánachas— stoic nó urrúis eile áirithe.

34. —(1) Baineann an t-alt seo le haon stoc nó urrús eile ar a bhfuil ús iníoctha gan cáin ioncaim d'asbhaint de bhuaidh orduithe ón Aire Airgeadais de bhun ailt 12 den Acht Airgeadais 1954 ( Uimh. 22 de 1954 ), nó ailt 5 den Acht Airgeadais, 1955 (Uimh. 13 de 1955) .

(2) Féadfar aon stoc nó urrús eile lena mbaineann an t-alt seo d'eisiúint ar cheachtar coinníoll nó an dá choinníoll acu seo a leanas:

(a) nach ndlífear aon chánachas a ghearradh sa Stát ar chaipiteal ná ús an stoic nó an urrúis eile faid a taispeánfar sa tslí a ordós an tAire Airgeadais go bhfuil an stoc nó an t-urrús eile ar únaeracht tairbhiúil ag daoine nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí orthu sa Stát,

(b) nach ndlífear cáin ioncaim a ghearradh ar ús an stoic nó an urrúis eile faid a taispeánfar sa tslí a ordós an tAire Airgeadais go bhfuil an stoc nó an t-urrús eile ar únaeracht tairbhiúil ag daoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát cé go bhfuil sainchónaí orthu ann,

agus, i gcás gach stoic nó urrúis eile den tsórt sin a heisíodh mar adúradh, deonfar díolúine ó chánachas dá réir sin.

(3) Glacfar le haon díolúine a bheirtear leis an alt seo, chomh fada is bhaineas le dleachta is intobhaigh ar bhás nó i leith báis, mar dhíolúine ag a raibh feidhm maidir le daoine ar díreach roimh an mbás agus nach ina dhiaidh a bhí na stoic nó na hurrúis eile ar únaeracht tairbhiúil acu.

(4) Measfar fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo a theacht i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1955.

Leasú ar alt 8 den Superannuation Act, 1887.

35. —Déantar leis seo alt 8 den Superannuation Act, 1887 (a bhai eas le suimeanna nach mó ná céad punt a dháileadh gan phrobháid i gcásanna áirithe) a leasú trí “five hundred pounds” a chur in ionad “one hundred pounds”.

Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.

36. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

37. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, d'fhorléiriú i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, forléireofar í i dteannta na Reacht a bhaineas le dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.

(4) Forléireofar Cuid VI den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán a leasaíos nó a leathnaíos an tAcht sin.

(5) Measfar Cuid I den Acht seo a theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1956, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Dleachta ar Thobac.

Alt 8.

Cuid I.

Custaim.

£

s.

d.

Tobac Neamhmhonaraithe:—

Má bhíonn sé Scúite nó Díloirgnithe:—

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ...     ...     ...     ...     ...

an

lb.

2

2

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ...     ...     ...     ...     ...

,,

,,

2

7

Mura mbíonn sé Scúite nó Díloirgnithe:—

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ...     ...     ...     ...     ...

,,

,,

2

2

9

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ...     ...     ...     ...     ...

,,

,,

2

7

6

 

Lán-ráta

Ráta Fábhair

£

s.

d.

£

s.

d.

Tobac Monaraithe:—

Todóga     ...     ...     ...     ...     ...

an

lb.

2

15

0

2

5

10

Toitíní     ...     ...     ...     ...     ...

,,

,,

2

13

0

2

4

2

Cavendish nó Negrohead     ...     ...

,,

,,

2

14

6

2

5

5

Cavendish nó Negrohead a Monaraíodh faoi bhanna     ...     ...     ...     ...

,,

,,

2

14

0

2

5

0

Tobac Monaraithe eile     ...     ...     ...

,,

,,

2

12

6

2

3

0

Snaois bhfuil níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de

,,

,,

2

12

0

2

3

4

Snaois nach bhfuil níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de

,,

,,

2

14

6

2

5

5

Cuid II.

Mál.

£

s.

d.

Tobac Neamhmhonaraithe:—

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ...     ...     ...     ...     ...     ...

an

lb.

2

1

8

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ...     ...     ...     ...     ...     ...

,,

,,

2

6

4

Tobac Monaraithe:—

CavendishNegrohead a Monaraíodh faoi Bhanna     ...

,,

,,

2

3

8

Cuid III.

Na Rátaí Fábhair Dleachta Custam ar Thobac Neamhmhonaraithe.

£

s.

d.

Tobac Neamhmhonaraithe:—

Má bhíonn sé Scúite nó Díloirgnithe:—

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ...     ...     ...     ...     ...

an

lb.

2

1

3

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ...     ...     ...     ...     ...

,,

,,

2

5

10

Mura mbíonn sé Scúite nó Díloirgnithe:—

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ...     ...     ...     ...     ...

,,

,,

2

1

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ...     ...     ...     ...     ...

,,

,,

2

5

AN DARA SCEIDEAL.

Dleachta ar Lasáin.

Alt 12.

Cuid I.

Custaim.

£

s.

d.

(a) ar na lasáin adhmaid uile i mboscaí nó i gcoimeádáin eile—

A bhfuil 10 lasáin ar a mhéid iontu.

An 1,000 coimeádán     ...     ...     ...     ...     ...

16

4

A bhfuil níos mó ná 10 ach nach bhfuil níos mó ná 20 lasán iontu.

An 1,000 coimeádán     ...     ...     ...     ...     ...

1

12

8

A bhfuil níos mó ná 20 ach nach bhfuil níos mó ná 50 lasán iontu.

An grós (144) coimeádán     ...     ...     ...     ...     ...

11

10

A bhfuil níos mó ná 50 ach nach bhfuil níos mó ná 75 lasán iontu.

An grós (144) coimeádán     ...     ...     ...     ...     ...

17

9

Ar gach 25 nó cuid de 25 lasáin de bhreis ar 75.

An grós (144) coimeádán     ...     ...     ...     ...     ...

4

2

agus dá réir sin ar aon chainníocht choimeádán is lú ná sin.

(b) ar na lasáin eile go léir i mboscaí nó i gcoimeádán eile:—

A bhfuil 20 lasán ar a mhéid iontu.

An 1,000 coimeádán     ...     ...     ...     ...     ...

3

5

4

A bhfuil níos mó ná 20 ach nach bhfuil níos mó ná 50 lasán iontu.

An grós (144) coimeádán     ...     ...     ...     ...     ...

1

3

8

A bhfuil níos mó ná 50 ach nach bhfuil níos mó ná 75 lasán iontu.

An grós (144) coimeádán     ...     ...     ...     ...     ...

1

15

6

Ar gach 25 nó cuid de 25 lasáin de bhreis ar 75.

An grós (144) coimeádán     ...     ...     ...     ...     ...

8

4

agus dá réir sin ar aon chainníocht choimeádán is lú ná sin.

Cuid II.

Mál.

£

s.

d.

Boscaí nó coimeádáin eile:—

A bhfuil 10 lasáin ar a mhéid iontu.

An 1,000 coimeádán     ...     ...     ...     ...     ...

14

0

A bhfuil níos mó ná 10 ach nach bhfuil níos mó ná 20 lasán iontu.

An 1,000 coimeádán     ...     ...     ...     ...     ...

1

8

0

A bhfuil níos mó ná 20 ach nach bhfuil níos mó ná 50 lasán iontu.

An grós (144) coimeádán     ...     ...     ...     ...     ...

10

3

A bhfuil níos mó ná 50 ach nach bhfuil níos, mó ná 75 lasáin iontu.

An grós (144) coimeádán     ...     ...     ...     ...     ...

15

5

Ar gach 25 nó cuid de 25 lasáin de bhreis ar 75.

An grós (144) coimeádán     ...     ...     ...     ...     ...

3

7

agus dá réir sin ar aon chainníocht choimeádán is lú ná sin.