45 1956


Uimhir 45 de 1956.


ACHT CHOIMISINÉIRÍ NA STÁT-SHEIRBHÍSE, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FEABHSAITHE I dTAOBH DAOINE A ROGHNÚ LENA gCEAPADH CHUN PÓSTÁNNA ÁIRITHE SA STÁT-SHEIRBHÍS AGUS CHUIGE SIN DO BHUNÚ COMHLUCHTA, AR A dTABHARFAR COIMISINÉIRÍ NA STÁT-SHEIRBHÍSE, CHUN DAOINE A ROGHNÚ LENA gCEAPADH CHUN NA bPÓSTÁNNA SIN AGUS CHUN FEIDHMEANNA ÁIRITHE EILE A CHOMHLÍONADH, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [19 Nollaig, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráitheach agus Ginerálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Rialtas.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, tá leis na habairtí seo a leanas na bríonna a bheirtear dóibh faoi seach leis seo, is é sin le rá—

ciallaíonn “Acht 1924” Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 (Uimh. 5 de 1924) ;

tá le “an t-údarás iomchuí” an bhrí a bheirtear dó le halt 3;

ciallaíonn “an Stát-Sheirbhís” Stát-Sheirbhís an Rialtais agus Stát-Sheirbhís an Stáit;

ciallaíonn “na Coimisinéirí” na daoine a ceapfar nó a measfar a bheith ceaptha faoi alt 9 mar Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse;

ciallaíonn “comórtas” comórtas faoi alt 15;

ciallaíonn “post bunaithe” post ina dtugtar seirbhís bhunaithe;

ciallaíonn “seirbhís bhunaithe” seirbhís i gcáil ar féidir aoisliúntas a dheonadh ina leith faoi na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1954;

tá le “post eisiata” an bhrí a bheirtear dó le fo-alt (6) d'alt 5;

ciallaíonn “sean-Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse” na daoine a ceapadh faoi alt 1 d'Acht 1924 mar Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse;

nuair a húsáidtear an briathar “féadachtáil” maidir le haon chumhacht a bheirtear do na Coimisinéirí leis an Acht seo, is mar bhriathar ceadaitheach agus ní mar bhriathar ordaitheach a forléireofar é;

ní fholaíonn “duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais” oifigeach do Thithe an Oireachtais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “oifigeach do Thithe an Oireachtais” duine—

(a) arb é Cléireach nó leas-Chléireach Dháil Éireann, nó Sheanad Éireann, é, nó

(b) arb é an Leabharlannaí nó an Leabharlannaí Cúnta, Tithe an Oireachtais, é, nó

(c) arb é an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, é, nó

(d) arb é Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, é;

ciallaíonn “ord fiúntais” an t-ord ina ndéanfar iarrthóirí i gcomórtas a chur chun a roghnuithe ag na Coimisinéirí le haghaidh ceapacháin;

ciallaíonn “post” post sa Stát-Sheirbhís, agus folaíonn sé an post a shealbhaíos duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais;

ciallaíonn “an tAcht Rialuithe” Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 ;

tá le “slí bheatha sceidealta” an bhrí a bheirtear dó le fo-alt (1) d'alt 4;

ciallaíonn “post neamhbhunaithe” post nach post bunaithe, agus folaíonn sé post a sealbhaítear ar bhonn sealadach nó go ceann tréimhse tóranta cinnte.

(2) San Acht seo, nuair a déantar tagairt do réir uimhreach d'aon alt is tagairt í don alt den Acht seo a bhfuil an uimhir sin air mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'Acht éigin eile atá i gceist.

“An t-údarás iomchuí.”

3. —(1) San Acht seo, ciallaíonn “an t-údarás iomchuí”—

(a) maidir le post duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais —an Taoiseach,

(b) maidir le post oifigigh don Ard-Aighne—an Taoiseach,

(c) maidir le post duine d'fhoireann oifig an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste—an tAire,

(d) maidir le post duine d'fhoireann oifig na gCoimisinéirí Ioncaim—an tAire, nó

(e) maidir le haon phost eile—an tAire Stáit a bhfuil an chumhacht cheapacháin don phost sin infheidhmithe aige de thuras na huaire.

(2) Má déantar tarmligean, faoin bhforáil den Acht Rialuithe dá dtagartar i gcolún (2) den Táible a ghabhas leis an bhfo-alt seo ag aon uimhir thagartha, ansin, fad a bheas an tarmligean i bhfeidhm, is é an t-údarás a luaitear i gcolún (3) den Táible sin ag an uimhir thagartha sin a bheas, in ionad an Aire Stáit a luaitear i gcolún (4) den Táible sin ag an uimhir thagartha sin, ina údarás iomchuí, chun críocha ailt 5, maidir leis an bpost a luaitear i gcolún (5) den Táible sin ag an uimhir thagartha sin.

An Táible d'Alt 3 (2)

Uimh. Thagartha

An fhoráil den Acht Rialuithe faoina ndéantar an tarmligean

An t-údarás chun a ndéantar an tarmligean

An tAire Stáit a dhéanas an tarmligean

An post a ndéantar an tarmligean ina leith

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

1

Alt 2 (2) (a)

Ceann Comhairle Dháil Éireann

An Taoiseach

Post duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais

2

Alt 2 (2) (c)

An tArd-Aighne

An Taoiseach

Post oifigigh don Ard-Aigne

3

Alt 2 (2) (d)

An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

An tAire

Post duine d'fhoircann oifig an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste

4

Alt 2 (2) (e)

Na Coimisinéirí Ioncaim

An tAire

Post duine d'fhoireann oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

Slite beatha sceidealta.

4. —(1) Ach amháin i gcás inar seirbhís bhunaithe an tseirbhís a bheas le tabhairt ag an duine a ceapfar, is slí bheatha sceidealta chun críocha an Achta seo gach slí bheatha dá sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus san Acht seo léireofar dá réir sin an abairt “slí bheatha sceidealta”.

(2) Má tharlaíonn aon cheist i dtaobh slí bheatha áirithe a bheith, nó gan a bheith, ina slí bheatha sceidealta, is é an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí, a chinnfeas an cheist.

(3) Má tharlaíonn aon cheist i dtaobh ceapachán chun slí bheatha sceidealta a bheith, nó gan a bheith, ina cheapachán chun poist sa Stát-Sheirbhís, is é an tAire a chinnfeas an cheist.

Postanna eisiata.

5. —(1) (a) Faoi réir míre (b) den fho-alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí a dhearbhú, le hordú, gur post eisiata chun críocha an Achta seo post neamhbhunaithe a sonrófar (nach post i slí bheatha sceidealta), agus féadfaidh na Coimisinéirí a fhoráil ann nach bhfanfaidh an t-ordú i bhfeidhm ach go ceann pé tréimhse a chinnfeas na Coimisinéirí agus a shonróid san ordú.

(b) Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí, maidir le post neamhbhunaithe, ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo ach amháin ar an údarás iomchuí dá iarraidh sin agus, murab é an tAire an t-údarás iomchuí, le toiliú an Aire.

(c) San alt seo—

ciallaíonn “ordú um thréimhse thóranta” ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo a mbeidh sé sainráite ann nach bhfanfaidh sé i bhfeidhm ach go ceann tréimhse sonraithe;

ciallaíonn “ordú um thréimhse neamhthóranta” ordú faoin mír sin (a) nach mbeidh sin sainráite ann.

(2) Más rud é—

(a) go ndearnadh ordú (dá ngairmtear san alt seo ordú sceidealúcháin (Acht 1924)), faoi fho-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1924, ag cur poist leis an Sceideal a ghabhas le hAcht 1924, agus

(b) go raibh an post, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ar áireamh sa Sceideal sin, agus

(c) nach post i slí bheatha sceidealta an post,

ansin, chun críocha an ailt seo (ach amháin fo-alt (5) de), beidh éifeacht, i dtosach feidhme an Achta seo, ag na forála seo a leanas, is é sin le rá—

(i) scoirfidh an t-ordú sceidealúcháin (Acht 1924) de bheith i bhfeidhm,

(ii) má d'fhoráil an t-ordú sceidealúcháin (Acht 1924) go mbainfí an post as an Sceideal sin tar éis dáta shonraithe—measfar go ndearnadh go cuí maidir leis an bpost ordú um thréimhse thóranta a raibh sé sainráite ann go bhfanfadh sé i bhfeidhm go ceann na tréimhse dar críoch an dáta sin,

(iii) in aon chás eile—measfar go ndearnadh go cuí ordú um thréimhse neamhthóranta maidir leis an bpost.

(3) (a) Faoi réir míre (b) den fho-alt seo, má bhíonn ordú um thréimhse thóranta i bhfeidhm, féadfaidh na Coimisinéirí ó am go ham, le hordú, tréimhse feidhme an orduithe um thréimhse thóranta d'fhaidiú.

(b) Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo, maidir le post neamhbhunaithe ach amháin ar an údarás iomchuí dá iarraidh sin agus, murab é an tAire an t-údarás iomchuí, le toiliú an Aire.

(4) Má bhíonn ordú um thréimhse neamhthóranta maidir le post neamhbhunaithe i bhfeidhm, féadfaidh na Coimisinéirí le toiliú an Aire agus, murab é an tAire an t-údarás iomchuí, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás iomchuí, an t-ordú um thréimhse neamhthóranta a chúlghairm le hordú, le héifeacht amhail ó dháta sonraithe.

(5) Nuair a déanfar ordú faoin alt seo, foilseofar fógra a dhéanta san Iris Oifigiúil, a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

(6) Aon phost lena mbainfidh ordú faoi fho-alt (1) nó (3) den alt seo, beidh sé, fad a fhanfas an t-ordú i bhfeidhm, ina phost eisiata chun críocha an Achta seo, agus, san Acht seo, forléireofar dá réir sin an abairt “post eisiata”.

Oibriú an Achta.

6. —(1) Scoirfidh an tAcht seo d'fheidhm a bheith aige maidir le daoine d'fhoireann Thithe an Oireachtais ar an dáta a scoirfeas an tAcht Rialuithe, de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 20 den Acht sin, d'fheidhm a bheith aige maidir le daoine d'fhoireann Thithe an Oireachtais.

(2) Ní bhaineann an tAcht seo—

(a) le ceapadh duine chun poist—

(i) más post é arb é an Rialtas a dhéanas an ceapadh chuige, nó

(ii) más é an post é a shealbhaíos oifigeach do Thithe an Oireachtais,

(b) ach amháin mar foráltar le halt 4, le ceapadh duine chun slí bheatha sceidealta, pé acu chinn an tAire, nó nár chinn, faoi fho-alt (3) d'alt 4, gur ceapadh chun poist sa Stát-Sheirbhís an ceapadh sin,

(c) ach amháin mar foráltar le halt 5, le ceapadh duine chun poist ar post eisiata é de thuras na huaire,

(d) le duine ar aoisliúntas a cheapadh chun poist bhunaithe de dhroim a ghlaoite faoi alt 11 den Superannuation Act, 1859, chun fónamh athuair sa Stát-Sheirbhís,

(e) ach amháin mar foráltar le fo-alt (2) d'alt 27, le ceapadh duine chun poist faoi alt 7 nó 15 den Acht Rialuithe,

(f) ach amháin mar foráltar le fo-alt (3) d'alt 27, le ceapadh duine chun poist choimisinéara chun críocha speisialta na nAcht Cánach Ioncaim,

(g) le ceapadh duine chun poist ina gceanglaítear ar an duine sin fónamh ar triail faoi alt 11 nó 12 den Acht Rialuithe,

(h) le fostú sibhialtach ag an Aire Cosanta faoi alt 30 den Acht Cosanta, 1954 ( Uimh. 18 de 1954 ).

(3) Ní forléireofar aon ní san Acht seo mar ní a dhéanas difir d'alt 13 den reacht Breataineach (17 agus 18 Vic. c. 99) a ritheadh sa bhliain 1854 agus dar teideal “An Act to provide for the Establishment of a National Gallery of Paintings, Sculpture, and the Fine Arts, for the Care of a Public Library, and the Erection of a Public Museum, in Dublin.”

Costais riaracháin.

7. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire é, na costais faoina raghfar ag riaradh an Achta seo.

Athghairm.

8. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(2) Gan dochar d'ailt 20 agus 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937)

(a) ní dhéanfaidh aon ní san athghairm a déantar le fo-alt (1) den alt seo difir d'aon rialachán a rinneadh, d'aon deimhniú cáiliúcháin a heisíodh ná d'aon ní a rinneadh faoi aon achtachán a hathghairmtear leis an bhfo-alt sin (1), ach i gcás aon rialachán nó ní den tsórt sin a rinneadh, nó aon deimhniú cáiliúcháin den tsórt sin a heisíodh, a bheith i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta seo, fanfaidh sé i bhfeidhm, agus beidh éifeacht aige, amhail is dá mba faoin Acht seo a rinneadh nó a heisíodh é;

(b) in aon achtachán (seachas an tAcht seo)—

(i) forléireofar tagairtí d'Acht 1924 nó d'Achta Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, mar thagairtí don Acht seo, agus

(ii) forléireofar tagairtí d'aon fhoráil d'Acht 1924 mar thagairtí don fhoráil chomhréire den Acht seo;

(c) forléireofar tagairtí in aon achtachán do shean-Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse mar thagairtí do na Coimisinéirí.

CUID II.

Coimisinéirí na Stát-Sheirbhíse.

Ceapadh Coimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, agus a líon.

9. —(1) Déanfaidh an Rialtas ó am go ham, do réir mar is gá, daoine cearta oiriúnacha a cheapadh ina gCoimisinéirí Stát-Sheirbhíse chun na feidhmeanna a bheirtear dóibh leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Triúr is líon do na Coimisinéirí.

(3) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí gníomhú d'ainneoin aon fholúntas amháin a bheith ina líon nó aon Choimisinéir amháin acu a bheith as láthair go sealadach.

(b) Má thoilíonn na Coimisinéirí chuige nó más rud é, i gcás folúntais, go dtoileoidh Coimisinéir amháin chuige, féadfaidh aon duine amháin de na Coimisnéirí gníomhú ar a son i gcás na Coimisinéirí nó an Coimisinéir eile a bheith as láthair go sealadach.

(4) Is iad na chéad Choimisinéirí a bheas ann na daoine a bhí díreach roimh thosach feidhme an Achta seo i seilbh oifige mar shean-Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, agus measfar gur faoi fho-alt (1) den alt seo a ceapadh na daoine sin ina gCoimisinéirí.

Forála eile maidir leis na Coimisinéirí.

10. —(1) Sealbhóidh gach Coimisinéir a oifig mar is áil agus mar is toil leis an Rialtas.

(2) Féadfaidh Coimisinéir éirí as oifig tráth ar bith trí litir a díreofar agus a cuirfear chun an Rialtais.

(3) Gheobhaidh gach Coimisinéir pé luach saothair (más aon luach saothair é) a chinnfeas an tAire ó am go ham.

(4) Foilseofar fógra láithreach san Iris Oifigiúil ar gach ócáid a ceapfar duine ina Choimisinéir (seachas ceapadh a measfar, de bhuaidh fo-ailt (4) d'alt 9, a bheith arna dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt sin) agus ar gach ócáid a éireos Coimisinéir as oifig nó a cuirfear as oifig é.

Foireann na gCoimisinéirí.

11. —(1) Déanfaidh an tAire pé daoine agus pé méid daoine is riachtanach leis a cheapadh chun fónamh i bpostanna ar fhoireann na gCoimisinéirí.

(2) Gach duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ina oifigeach do shean-Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, measfar, i dtosach feidhme an Achta seo, é a bheith arna cheapadh ag an Aire chun poist ar fhoireann na gCoimisinéirí.

Fíordheimhniú ionstraimí a dhéanfas na Coimisinéirí.

12. —(1) San alt seo, ciallaíonn “ionstraim” ordú, rialachán, riail nó deimhniú cáiliúcháin.

(2) Síneoidh Coimisinéir amháin ar a laghad agus duine éigin d'fhoireann na gCoimisinéirí a bheas údaraithe chuige sin ag na Coimisinéirí gach ionstraim a dhéanfas nó a eiseos na Coimisinéirí.

(3) Gach ionstraim a airbheartós a bheith ina hionstraim a rinne nó d'eisigh na Coimisinéirí agus a bheith sínithe do réir fo-ailt (2) den alt seo, glacfar i bhfianaise í i ngach Cúirt agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, í a bheith déanta nó eisithe go cuí ag na Coimisinéirí, agus ní gá cruthúnas ar aon tsíniú uirthi ná ar oifig ná údarás an duine a n-airbheartóidh an síniú sin gurb é a shíniú é.

CUID III.

Ceapacháin chun Postanna Áirithe sa Stát-Sheirbhís.

Caibidil I.

Ceapacháin Chomórtais.

Ceapadh daoine chun postanna bunaithe, agus eisceachtaí áirithe.

13. —(1) Ní ceapfar duine ar bith chun poist bhunaithe mura ndearna na Coimisinéirí, tar éis comórtas a chur ar siúl faoi alt 15, é a roghnú, faoi alt 17, lena ceapadh chun an phoist sin.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo—

(a) le ceapadh duine chun poist bhunaithe ar é d'ardú nó d'aistriú ó phost bunaithe eile, ná

(b) le ceapadh duine chun poist bhunaithe faoi alt 11 den Acht Rialuithe.

(3) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le ceapadh duine chun poist bhunaithe áirithe, más rud é—

(a) go molfaidh an t-údarás iomchuí, le toiliú an Aire i gcás nach é an tAire an t-údarás iomchuí, an duine sin a cheapadh chun an phoist bhunaithe sin, agus

(b) go gcinnfidh an Rialtas, tar éis dóibh an moladh sin a bhreithniú, go mba é leas an phobail é an ceapadh sin a dhéanamh.

(4) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le ceapadh duine chun poist bhunaithe áirithe, más rud é—

(a) gur ceapadh an duine sin chun poist neamhbhunaithe de thoradh comórtais, ar fhoráil na rialacháin ina leith a rinneadh faoi fho-alt (3) d'alt 16 go bhféadfaí, in imthosca áirithe a sonraíodh, duine a ceapfaí chuige a cheapadh ina dhiaidh sin chun an phoist bhunaithe sin, agus

(b) gur deimhin leis na Coimisinéirí gur comhlíonadh na forála de na rialacháin sin, a bhain lena cheapadh ionchais chun an phoist bhunaithe sin, agus pé cionníollacha ar a gcinnfidh siad.

Ceapadh daoine chun postanna neamhbunaithe, agus eisceachtaí áirithe.

14. —(1) Ní ceapfar duine ar bith chun poist neamhbhunaithe mura ndearna na Coimisinéirí, tar éis dóibh comórtas a chur ar siúl faoi alt 15, é a roghnú, faoi alt 17, lena cheapadh chun an phoist sin.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo—

(a) le ceapadh duine chun poist neamhbhunaithe ar é d'ardú nó d'aistriú ó phost neamhbhunaithe eile, nach post i slí bheatha sceidealta ná post eisiata, ná

(b) le ceapadh duine chun poist neamhbhunaithe faoi alt 11 den Acht Rialuithe.

(3) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le ceapadh duine chun poist neamhbhunaithe áirithe, más rud é—

(a) go molfaidh an t-údarás iomchuí, le toiliú an Aire i gcás nach é an tAire an t-údarás iomchuí, an duine sin a cheapadh chun an phost neamhbhunaithe sin, agus

(b) go gcinnfidh an Rialtas, tar éis dóibh an moladh sin a bhreithniú, go mba é leas an phobail é an ceapadh sin a dhéanamh.

Comórtais.

15. —(1) Déanfaidh na Coimisinéirí, faoi réir thoiliú an Aire, pé comórtais a chur ar siúl is dóigh leo is gá chun daoine a roghnú le haghaidh ceapachán lena mbaineann fo-alt (1) d'alt 13 nó fo-alt (1) d'alt 14.

(2) Más rud é—

(a) go mbeartófar ceapachán nó ceapacháin a dhéanamh chun poist nó chun postanna agus go mbaineann mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 13 nó mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 14 leis an gceapachán nó leis na ceapacháin, agus

(b) go gcinnfidh an tAire gur cuí an duine nó na daoine a bheas le ceapadh a roghnú trí chomórtas agus go n-iarrfaidh sé ar na Coimisinéirí comórtas den tsórt sin a chur ar siúl,

ansin, cuirfidh na Coimisinéirí an comórtas ar siúl.

(3) I ngach comórtas beidh cineál amháin nó níos mó, do réir mar ordós na Coinisinéirí, de na trialacha seo a leanas—

(a) scrúdú scríofa,

(b) scrúdú cainte,

(c) agallamh,

(d) scrúdú praiticiúil,

(e) aon triail nó trialacha eile is cuí leis na Coimisinéirí.

(4) I gcás níos mó ná ceann amháin de na cineálacha trialach a sonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo a bheith i gcomórtas, ní gá thar ceann amháin de na trialacha a bheith ina triail chomórtais.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí coinníoll a dhéanamh gur gá d'iarrthóir sara ligfear dó dul faoi thriail pé caighdeán a shroichint is dóigh leis na Coimisinéirí a bheith riachtanach.

Rialacháin i dtaobh comórtas.

16. —(1) Má beartaítear comórtas a chur ar siúl le haghaidh ceapacháin chun poist amháin nó níos mó, déanfaidh na Coimisisinéirí rialacháin a mbeidh forála iontu maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) an cineál nó na cineálacha trialach a bheas sa chomórtas,

(b) más scrúdú scríofa atá le bheith sa chomórtas ar fad nó i gcuid de. ábhar nó ábhair an scrúduithe scríofa,

(c) an modh ina n-iarrfar cead dul sa chomórtas,

(d) an modh ina gcinnfear ord fiúntais na n-iarrthóirí.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí, nuair a bheid ag déanamh rialachán faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le comórtas, foráil a dhéanamh le haghaidh gach ní nó aon ní acu seo a leanas i dteannta na nithe a sonraítear sa bhfo-alt sin (1)—

(a) an comórtas a choimeád ar leithligh do shaoránaigh d'Éirinn,

(b) an comórtas a choimeád ar leithligh d'aicme shonraithe daoine a míneofar i pé slí agus do réir pé nithe (lena n-áirítear seirbhís sa Stát-Sheirbhís, gnéas agus airíona coirp) is cuí leis na Coimisinéirí,

(c) an ceanglas go gcaithfidh ban-iarrthóir, mura n-eisiatar baineannaigh ón gcomórtas, bheith neamhphósta nó ina baintreach le go mbeadh sé inroghnaithe,

(d) na tóranta aoise d'iarrthóirí,

(e) an táille a bheas le híoc as cead dul sa chomórtas,

(f) an caiteachas (lena n-áirítear táillí ar scrúdú dochtúra) a bheas le n-íoc ag iarrthóirí go gcomhlíonfar na forála de na rialacháin a bhaineas le sláinte,

(g) pé nithe eile (lena n-áirítear cáilíochtaí) is cuí leis na Coimisinéirí.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí, nuair a bheid ag déanamh rialachán faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le comórtas le hagh aidh ceapacháin chun poist neamhbhunaithe, a fhoráil go bhféadfar, in imthosca áirithe a sonrófar, an duine a ceapfar chuige a cheapadh ina dhiaidh sin chun poist bhunaithe a sonrófar.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí rialacháin ghinearálta a dhéanamh maidir le gach comórtas nó maidir le comórtais le haghaidh ceapachán chun postanna d'aicme, de shórt, nó de ghrád áirithe, agus féadfaid, maidir le comórtas áirithe, aon ní acu seo a leanas a dhéanamh le rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) a fhoráil nach mbeidh feidhm ag ceann ar bith nó ag ceann nó cinn áirithe de na rialacháin ghinearálta,

(b) gach ceann nó aon cheann de na rialacháin ghinearálta a mhodhnú.

(5) Ní déanfar rialacháin faoi fho-ailt (1), (2), (3) agus (4) den alt seo gan toiliú an Aire.

Rognú iarrthóirí lena gceapadh i ndiaidh comórtais.

17. —(1) Chun críocha an ailt seo, glacfaidh na Coimisinéirí le duine mar dhuine atá cáilithe lena cheapadh chun poist ar cuireadh comórtas ar siúl lena aghaidh i gcás (agus sa chás sin amháin) inar deimhin leis na Coimisinéirí—

(a) go bhfuil aige an t-eolas agus an ábaltacht is gá chun dul i gcionn dualgais an phoist sin a chomhlíonadh,

(b) go bhfuil sé laistigh de na tóranta aoise a hordaíodh (má hordaíodh) don phost sin le rialacháin faoi alt 16 a bhain leis an gcomórtas,

(c) go bhfuil sláinte mhaith aige agus nach bhfuil aon aineamh choirp ná galar air is dócha a choiscfeadh é óna dhualgais sa phost sin a chomhlíonadh go cuí agus go bhfuil na hairíona coirp aige a hordaíodh (má hordaíodh) don phost leis na rialacháin sin,

(d) go bhfuil sé oiriúnach ó thaobh carachtair, agus

(e) go bhfuil sé oiriúnach ar gach cuma iomchuí eile lena cheapadh chun an phoist sin.

(2) Má cuireadh comórtas ar siúl faoi alt 15, roghnóidh na Coimisinéirí lena gceapadh de thoradh an chomórtais pé líon iarrthóirí is cuí leo, ach sin faoina réir seo a leanas—

(a) déanfar an roghnú do réir an oird fiúntais arna chinneadh faoi na rialacháin faoi alt 16 a bhain leis an gcomórtas,

(b) ní roghnófar amhlaidh ach iarrthóirí ar ghlac na Coimisinéirí leo mar dhaoine atá cáilthe lena gceapadh agus a chomhlíon na rialacháin sin, agus

(c) go mbeidh líonadh na bpostanna a bhfuil na hiarrthóirí ag teastáil chucu ceadaithe ag an Aire.

(3) Má tharlaíonn aon cheist faoin alt seo i dtaobh iarrthóir áirithe a bheith cáilithe, nó gan a bheith cáilithe, lena cheapadh chun poist áirithe nó i dtaobh ionaid iarrthóra áirithe san ord fiúntais, is iad na Coimisinéirí a chinnfeas an cheist, agus is cinneadh críochnaitheach a bheas ann.

Caibidil II.

Ceapacháin Neamh-Chomórtais.

Cinneadh ceisteanna i dtaobh ceapacháin a beartaítear ar dhaoine d'ardú nó d'aistriú a bheith do réir an ghnáth-chúrsa.

18. —(1) Más rud é, i gcás ina mbeartófar duine a cheapadh chun poist ar é d'ardú nó d'aistriú ó phost eile, go dtarlóidh aon cheist faoin Acht seo i dtaobh an ceapadh sin a bheith, nó gan a bheith do réir an ghnáth-chúrsa arduithe nó aistrithe, pé acu é, is iad na Coimisinéirí a chinnfeas an cheist.

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí ó am go ham a chinneadh maidir le harduithe nó aistrithe cad iad na haicmí dhíobh a bheas le háireamh mar chinn atá do réir an ghnáth-chúrsa arduithe nó aistrithe.

Cáilíochtaí le haghaidh ceapacháin lena mbaineann alt 20, 21, 22, 23 nó 24.

19. —Más rud é—

(a) go mbeartófar duine a cheapadh chun poist áirithe, agus

(b) go mbaineann alt 20, 21, 22, 23 nó 24 leis an gceapachán,

déanfar, chun críocha an ailt sin, an duine sin d'áireamh ina dhuine ar ghlac na Coimisinéirí leis mar dhuine atá cáilithe lena cheapadh chun an phoist sin i gcás (agus sa chás sin amháin) inar deimhin leis na Coimisinéirí go gcomhlíonann sé pé ceanglais maidir le pé nithe acu seo a leanas, eadhon, eolas, ábaltacht, aois, sláinte, airíona coirp, carachtar agus nithe iomchuí eile, a chinnfeas na Coimisinéirí.

Ceapadh duine ó phost bunaithe amháin chun poist bhunaithe eile ar é d'ardú nó d'aistriú taobh amuigh den ghnáth-chúrsa.

20. —(1) Más rud é—

(a) go mbeartófar duine a cheapadh chun poist bhunaithe (dá ngairmtear an post nua san alt seo) ar é d'ardú nó d'aistriú ó phost bunaithe eile, agus

(b) nach mbeidh an t-ardú nó an t-aistriú a beartófar do réir an ghnáth-chúrsa arduithe nó aistrithe, mar chinn na Coimisinéirí an cúrsa sin,

ní ceapfar é chun an phoist nua mura nglaca ná go dtí go nglacfaidh na Coimisinéirí leis mar dhuine atá cháilithe lena cheapadh chuige.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le hardú ná aistriú duine, nach ndéantar do réir an ghnáth-chúrsa arduithe nó aistrithe, ó phost bunaithe chun poist eile i gcáil ghníomhach.

Ceapadh baintrí chun poist bhunaithe faoi alt 11 den Acht Rialuithe.

21. —Má beartaítear baintreach a cheapadh, faoi alt 11 den Acht Rialuithe, chun poist bhunaithe, ní ceapfar chun an phoist sin í mura nglaca ná go dtí go nglacfaidh na Coimisinéirí léi mar dhuine atá cáilithe lena ceapadh chuige.

Ceapachán a heisiatar, le halt 13 (4), ó alt 13 (1) (post bunaithe).

22. —Más rud é—

(a) go mbeartófar duine a cheapadh chun poist bhunaithe, agus

(b) de bhuaidh fo-ailt (4) d'alt 13, gur ceapachán nach mbaineann fo-alt (1) d'alt 13 leis an ceapachán a beartófar,

ní ceapfar chun an phoist sin é mura nglaca ná go dtí go nglacfaidh na Coimisinéirí leis mar dhuine atá cáilithe lena cheapadh chuige.

Ceapadh duine ó phost neamhbhunaithe chun poist neamhbhunaithe eile ar é d'ardú nó d'aistriú taobh amuigh den ghnáth-chúrsa.

23. —Más rud é—

(a) go mbeartófar duine a cheapadh chun poist neamhbhunaithe (dá ngairmtear an post nua san alt seo) ar é d'ardú nó d'aistriú ó phost neamhbhunaithe eile, nach post i slí bheatha sceidealta ná post eisiata, agus

(b) nach mbeidh an t-ardú nó an t-aistriú a beartófar do réir an ghnáth-chúrsa arduithe nó aistrithe, mar chinn na Coimisinéirí an cúrsa sin,

ní ceapfar é chun an phoist nua mura nglaca ná go dtí go nglacfaidh na Coimisinéirí leis mar dhuine atá cáilithe lena cheapadh chuige.

Ceapadh baintrí chun poist neamhbhunaithe faoi alt 11 den Acht Rialuithe.

24. —Má beartaítear baintreach a cheapadh, faoi alt 11 den Acht Rialuithe, chun poist neamhbhunaithe, ní ceapfar chun an phoist sin í mura nglaca ná go dtí go nglacfaidh na Coimisinéirí léi mar dhuine atá cáilithe lena ceapadh chuige.

Caiteachais faoina raghaidh daoine a beartófar a cheapadh i ndáil le ceanglais na gCoimisinéirí faoi alt 19.

25. —Más rud é—

(a) go mbeartófar duine a cheapadh chun poist, agus

(b) gur ceapachán é lena mbaineann alt 20, 21, 22, 23 nó 24,

beidh ar an duine sin, mura gcinne na Coimisinéirí a mhalairt, le toiliú an Aire, aon chaiteachais d'íoc (lena n-áirítear táillí ar scrúdú dochtúra) faoina raghaidh sé i ndáil le ceanglais na gCoimisinéirí faoi alt 19 a chomhlíonadh.

Caibidil III.

Deimhnithe Cáiliúcháin.

Deimhnithe cáiliúcháin i leith ceapachán áirithe chun postanna bunaithe.

26. —(1) Más rud é, i gcás duine (dá ngairmtear an ceapthaí sa bhfo-alt seo) is (i) duine a roghnaíodh lena cheapadh chun poist bhunaithe faoi alt 17 nó (ii) duine a mbaineann alt 20, 21 nó 22 lena cheapadh beartaithe chun poist bhunaithe, go mbeidh glactha leis ag na Coimisinéirí mar dhuine atá cáilithe lena cheapadh chun an phoist (dá ngairmtear an post sin sa bhfo-alt seo) ar roghnaíodh chuige é nó a mbeartófar é a cheapadh chuige (pé acu é)—

(a) eiseoidh na Coimisinéirí, a luaithe is féidir ina dhiaidh sin, deimhniú á rá gur ghlacadar leis an gceapthaí mar dhuine atá cáilithe lena cheapadh chun an phoist sin agus ag lua an dáta a glacadh leis amhlaidh,

(b) beidh éifeacht ag an deimhniú amhail ar an dáta sin agus uaidh sin amach.

(2) Deimhniú cáiliúcháin a bhéarfar ar dheimhniú a heiseofar faoi fho-alt (1) den alt seo agus a gairmfear de.

(3) I gcás ina gceanglaítear le fo-alt (1) den alt seo deimhniú cáiliúcháin d'eisiúint, féadfaidh na Coimisinéirí a eisiunt a chur siar go dtí go mbeidh an duine a bhfuil sé le heisiúint ina leith tar éis dul i gcionn dualgais an phoist.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí—

(a) aon deimhniú cáiliúcháin a chealú a heisíodh trí dhearmad nó de dhroim calaoise nó meabhlaireachta,

(b) dearmaid i ndeimhniú cáiliúcháin a cheartú.

Ceapacháin áirithe a measfar deimhniú cáiliúcháin a bheith ag daoine ina leith.

27. —(1) Más rud é—

(a) go gceapfar duine chun poist bhunaithe, agus

(b) gur ceapachán atá ann a mbaineann fo-alt (3) d'alt 13 leis,

measfar deimhniú cáiliúcháin i leith an phost sin a bheith ag an duine sin ó dháta a cheaptha amhlaidh agus foilseoidh an tAire Stáit a cheap é fógra a cheaptha san Iris Oifigiúil, agus luafar ann, gur duine é an ceapthaí a mbaineann fo-alt (3) d'alt 13 lena cheapadh.

(2) Más rud é—

(a) go gceapfar duine faoi alt 7 nó 15 den Acht Rialuithe chun poist bhunaithe, agus

(b) nach bhfuil deimhniú cáiliúcháin aige i leith an poist sin, measfar deimhniú cáiliúcháin a bheith aige i leith an phoist sin amhail ó dháta an cheaptha sin.

(3) Má ceaptar duine faoi fho-alt (1) d'alt 67 den Income Tax Act, 1918, ina choimisinéir chun críocha speisialta na nAcht Cánach Ioncaim, is ceapachán chun poist neamhbhunaithe a bheas ann, mura n-ordaí an tAire gur ceapachán chun poist bhunaithe é, agus sa chás sin measfar deimhniú cáiliúcháin i leith a phoist mar choimisinéir den tsórt sin a bheith ag an duine sin amhail ó dháta a cheaptha de bhun an orduithe sin.

CUID IV.

Forála Ilghnéitheacha.

Feidhm ailt 12 den Superannuation Act, 1834, maidir le duine a hardófar i gcáil ghníomhach i gcás an t-ardú a bheith taobh amuigh den ghnáth-chúrsa.

28. —Más rud é—

(a) go ndéanfar duine atá ag fónamh i bpost bunaithe d'ardú i gcáil ghníomhach chun poist eile, agus

(b) fur ardú é nach bhfuil do réir an ghnáth-chúrsa arduithe mar chinn na Coimisinéirí an cúrsa sin, agus

(c) go ndéanfar, le linn dó bheith ag fónamh sa cháil ghníomhach sin, é a cheapadh go substaintiúil chun an phoist eile sin, agus gur eisigh na Coimisinéirí deimhniú cáiliúcháin i leith an phoist eile sin,

beidh feidhm ag alt 12 den Superannuation Act, 1834, ina leith amhail is dá mbeadh sé ceaptha go substaintiúil chun an phoist eile sin é ó dháta a arduithe i gcáil ghníomhach.

Na Coimisinéirí do chur comórtas áirithe eile ar siúl, etc.

29. —(1) Cuirfidh na Coimisinéirí ar siúl—

(a) gach comórtas, scrúdú, agallamh agus triail ar gá do réir dlí de thuras na huaire a gcur ar siúl ag na Coimisinéirí,

(b) gach comórtas, scrúdú, agallamh agus triail eile a ordós an Rialtas nó an tAire ó am go ham.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí, le toiliú an Aire, rialacháin a dhéanamh maidir le haon chomórtas, scrúdú, agallamh nó triail a chuirfid ar siúl faoin alt seo, agus féadfaid leis na rialacháin sin an táille a shocrú a bheas le n-íoc as cead dul isteach ar aon chomórtas, scrúdú, agallamh nó triail den tsórt sin.

Rialacha i dtaobh iompair iarrthóirí ag comórtais, etc.

30. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí rialacha a dhéanamh a bhainfeas le hiompar iarrthóirí ag comórtais, scrúduithe, agallaimh nó trialacha a chuirfid ar siúl faoin Acht seo agus a dhéanfas foráil i dtaobh nithe eile maidir leis na comórtais, na scrúduithe, na hagallaimh nó na trialacha sin a chur ar siúl.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí, i rialacha faoin alt seo, foráil a dhéanamh chun iarrthóirí a dhícháiliú nó a phionósú, de rogha na gCoimisinéirí, mura gcomhlíonaid na rialacha faoin alt seo a bhaineas le hiompar iarrthóirí.

Pearsanú iarrthóra ag comórtais, scrúduithe, etc.

31. —Má dhéanann duine ar bith pearsanú ar iarrthóir i gcomórtas, scrúdú, agallamh nó triail a chuirfeas na Coimisinéirí ar siúl faoin Acht seo, nó ag aon scrúdú dochtúra faoin Acht seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agu san phríosúntacht sin le chéile.

Forála maidir le horduithe, rialacháin agus rialacha.

32. —(1) Chun críocha na n Acht Ionstraimí Reachtúla, 1947 agus 1955, measfar nach ionstraimí reachtúla lena mbaineann na hAchta sin go príomha orduithe, rialacháin agus rialacha a dhéanfas na Coimisinéirí faoin Acht seo.

(2) Aon uair a dhéanfas na Coimisinéirí rialacháin faoin Acht seo—

(a) foilseofar fógra a ndéanta san Iris Oifigiúil, agus

(b) inseofar sa bhfógra an tráth agus an áit a bhféadfar cóipeanna de na rialacháin d'fháil.

Usáid táillí.

33. —(1) Bainfidh na forála seo a leanas le táillí is iníoctha ag iarrthóirí faoin Acht seo—

(a) baileofar agus tógfar na táillí ar pé modh a ordós an tAire ó am go ham, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad mar ordós an tAire,

(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí.

(2) Ní bhaineann mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo le táillí i leith scrúduithe dochtúra is iníoctha ag iarrthóirí go díreach le dochtúirí a dhéanfas na scrúduithe sin.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Slite Beatha Sceidealta.

Ailt 4 agus 6.

Fostaíocht—

1. mar osaróir, doirseoir, teachtaire aosaithe, fairtheoir oíche, ban-scrubaire, glantóir nó fostaíocht dá samhail.

2. mar cheardaí nó oibrí oilte eile dá shamhail.

3. sa tSeirbhís Forleatha Neamhshreangaigh.

4. i gcáil chléireachais nó fo-fheidhmeannais in oifigí leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha thar lear, gan an Bhreatain d'áireamh.

5. i gcáil pháirt-aimsire (seachas mar mhúinteoir i gColáiste Náisiúnta na hEalaíon nó mar Chléireach Cúirte Dúiche).

6. mar dhuine nach bhfostaítear ach chun dualgais íochtaránacha nó gnáth-shaothar a dhéanamh do réir mar is gá.

AN DARA SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Alt 8 (1).

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 5 de 1924

Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924

An tAcht iomlán sa mhéid nach bhfuil sé athghairmthe.

Uimh. 41 de 1926

Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse (Leasú), 1926

An tAcht iomlán.