20 1957


Uimhir 20 de 1957.


AN tACHT AIRGEADAIS, 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHT ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁL I dTAOBH AIRGEADAIS. [18 Iúil, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Cáin Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1957-58.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, a mhuirearú do réir seacht scillinge agus sé pingne sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1956, a muirearófar amhlaidh í.

(3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muirearófar mar adúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, ag na forála ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1957, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Leasú ar Riail 6 de na Rialacha a bhaincas le Cásanna I agus II do Sceideal D a ghabhas leis an Income Tax Act, 1918.

2. —(1) Déanfar méid aon asbhainte faoi Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D a ghabhas leis an Income Tax Act, 1918, a ríomh, i gcás aon bhliana measúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó lá dá éis sin, amhail is dá mbeadh foráil i mír (1) den Riail sin 6, maidir le haon bhliain den tsórt sin, le haghaidh asbhainte is comhionann le cúig ceathrúna na méide is dóigh leis an údarás ag a bhfuil dlínse san ábhar gur méid é a fhreagraíos, ó chóir agus réasún, do laghdú luacha mar gheall ar chaitheamh agus cumailt an inneallra nó an ghléasra i rith na bliana.

(2) Déanfar na tagairtí don Riail sin 6 atá in alt 3 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), agus i bhfo-alt (1) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1956 ( Uimh. 22 de 1956 ), d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Riail sin 6 arna leasú leis an alt seo.

(3) Beidh éifeacht ag mír (4) den Riail sin 6 amhail is dá scriosfaí an chuid ó “as” go deireadh na míre agus go gcuirfí “as is due” ina ionad.

(4) Beidh éifeacht ag mír (5) den Riail sin 6 amhail is dá mb'é a bhí sa tsuim a luaitear inti suim is comhionann leis an méid dob inlamháilte faoi mhír (1) den Riail sin 6 dá mbeadh an t-inneallra nó an gléasra á úsáid, i rith tréimhse an ligin, chun críche trádála a bhí ar siúl ag an léasóir.

(5) Ní bhainfidh forála an ailt seo le haon asbhaint is inlamháilte—

(a) faoin Riail sin 6 mar mhéid a fhreagraíos do laghdú luacha aon fheithicle, mar gheall ar chaitheamh agus cumailt, ar feithicil í atá oiriúnach chun daoine nó earraí d'iompar de bhóthar nó chun feithiclí eile a tharló de bóthar, nó

(b) de bhuaidh roghna faoin gcoinníoll a cuireadh le mír (1) den Riail sin 6 trí alt 3 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 ( Uimh. 47 de 1956 ).

Leasú ar alt 20 (1) (b) den Finance Act, 1922.

3. —Déantar leis seo mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 20 den Finance Act, 1922 (is é sin, an mhír a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 )) a leasú tríd an fho-mhír seo a leanas a chur isteach inti i ndiaidh fo-mhíre (i):

“(ia) being payable to any university or college, being a university or college in the State, for the purpose of enabling such university or college to carry on research, is so payable for a period which is or may be three years or longer, or”.

Leasú ar alt 7 den Acht Airgid, 1932 .

4. —(1) Maidir le stoic, scaireanna agus urrúis chuideachtan arb é a trádáil nó a gnó, go hiomlán nó go formhór, earraí monaraithe a tháirgeadh chun a ndíolta—

(a) cuirfear an fo-alt seo a leanas, agus éifeacht aige amhail ó thosach feidhme ailt 7 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , in ionad fo-ailt (2) den alt sin:

“(2) Bainfidh an t-alt seo leis na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a heiseofar tar éis dáta an Achta seo a rith agus a ndeimhneoidh na Coimisinéirí Ioncaim ina dtaobh gur deimhin leo go bhfuil na coinníollacha seo a leanas go léir comhlíonta i leith an stoic, na scaire nó an urrúis sin, is é sin le rá:

(a) go bhfuil an stoc, an scair nó an t-urrús sin á eisiúint nó arna eisiúint ag cuideachta a chomhlíonas na forála seo a leanas, is é sin le rá—

(i) go bhfuil an chuideachta sin corpraithe do réir dlithe an Stáit nó fúthu, agus

(ii) gur cuideachta atá faoi thórainn scaireanna do réir bhrí an Companies (Consolidation) Act, 1908, an chuideachta sin, agus

(iii) gur sa Stát atá an chuideachta sín á bainistí agus á rialú, agus

(iv) gur sa Stát a sheolas an chuideachta sin a gnó nó (i gcás cuideachtan nach bhfuil tosnuithe aici ar ghnó) a bheartaíos sí a gnó a sheoladh, go hiomlán nó go formhór; agus

(b) maidir leis na stoic, na scaireanna nó na hurrúis—

(i) gur heisíodh iad lena suibscríobh ag an bpobal, nó

(ii) gur de chineál de stoic, de scaireanna nó d'urrúis na cuideachtan iad a luaitear ar Stoc-Mhargadh sa Stát, agus nach lú ná caoga líon na bpearsan, mar tuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo, atá ina n-únaeirí tairbhiúla ar stoic, ar scaireanna nó urrúis den chineál sin; agus

(c) go bhfuil an eisiúint stoc, scaireanna nó urrús sin tuairiscithe agus ainmnithe ar shlí gur so-aitheanta í thar gach eisiúint eile (más ann) de chuid na cuideachtan sin.”; agus

(b) cuirfear an fo-alt seo a leanas, agus éifeacht aige amhail ó thosach feidhme ailt 7 den Acht Airgid, 1932 , in ionad fo-alt (4) agus (5) den alt sin;

“(4) Aon stoc, scair nó urrús lena mbaineann an t-alt seo, scoirfidh sé de bheith ina stoc, ina scair nó ina urrús (pé acu é) lena mbaineann an t-alt seo má dhearbhaíonn agus nuair a dhearbhós na Coimisinéirí Ioncaim i leith an stoic, na scaire nó an urrúis sin gur deimhin leo go bhfuil an chuideachta tar éis scor de bheith ag gabháil do thrádáil nó gnó arb é a bhí ann, go hiomlán nó go formhór, táirgeadh earraí monaraithe chun a ndíolta, nó nach bhfuil, maidir leis an gcuideachta, gach ceann nó aon cheann áirithe de na coinníollacha atá leagtha amach i mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo nó, maidir leis an stoc, an scair nó an t-urrús sin, gach ceann nó aon cheann áirithe de na coinníollacha atá leagtha amach i míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (2) den alt seo nó i bhfo-alt (3) den alt seo, á chomhlíonadh a thuilleadh.”

(2) Maidir le stoic, scaireanna agus urrúis chuideachtan aro é a trádáil nó a gnó, go hiomlán nó go formhór, earraí monaraithe a tháirgeadh chun a ndíolta, déantar leis seo alt 7 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), d'athghairm le héifeacht amhail ó thosach feidhme an ailt sin.

(3) Nuair a bhéarfar deimhniú de bhuaidh an ailt seo i leith aon stoc, scaireanna nó urrús, ní tabharfar, dá ainneoin sin, aon fhaoiseamh ná aisíoc faoi fho-alt (1) d'alt 7 den Acht Airgid, 1932 , i leith aon díbhinne nó úis ar na stoic, na scaireanna nó na hurrúis is iníoctha roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1958.

(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo—

(a) difir do bhailíocht aon deimhnithe faoi fho-alt (2) d'alt 7 den Acht Airgid, 1932 , a heisíodh roimh an Acht seo a rith, ná

(b) cosc a chur, i gcás inar heisíodh amhlaidh deimhniú den tsórt sin, le heisiúint deimhnithe faoi fho-alt (4) (mar hachtaíodh sin i dtosach) d'alt 7 den Acht Airgid, 1932 .

(5) I gcás—

(a) ina bhfuil seilbh thairbhiúil ag cuideachta (dá ngairmtear an chuideachta shealbhaíochta sa bhfo-alt seo) ar bhreis agus nócha faoin gcéad (luach ainmniúil) de na stoic, na scaireanna agus na hurrúis d'eisigh aon chuideachta nó cuideachtana eile,

(b) gur stoic, scaireanna nó urrúis iad sin uile a bheadh cáilithe le haghaidh deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (2) d'alt 7 den Acht Airgid, 1932 , arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, mura mbeadh mír (b) den fho-alt sin arna leasú amhlaidh, agus

(c) gurb í an tsealbhaíocht sin aon-ghnó nó príomh-ghnó na cuideachtan sealbhaíochta,

beidh éifeacht ag fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo, an fhad a mhairfeas na dála sin roimhe seo, i leith stoic, scaireanna agus urrús arna n-eisiúint ag an gcuideachta sealbhaíochta amhail is dá mba chuideachta arb é a trádáil nó a gnó, go hiomlán nó go formhór, earraí monaraithe a tháirgeadh chun a ndíolta an chuideachta shealbhaíochta.

Leasú ar alt 12 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 .

5. —Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 ( Uimh. 47 de 1956 ), tríd na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(5)  (a) I gcás aon bhliana éilimh seachas an bhliain mheasúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo amhail is dá gcuirtí ‘laghdófar go neamhní’ in ionad ‘laghdófar caoga faoin gcéad’ sa bhfo-alt.

(b) I gcás aon bhliana éilimh seachas an bhliain mheasúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, beidh éifeacht ag fo-alt (3) den alt seo amhail is dá gcuirtí ‘laghdófar go neamhní’ in ionad ‘laghdófar caoga faoin gcéad’ sa bhfo-alt.

(6)  (a) Aon cháin ioncaim is iníoctha ag cuideachta in aghaidh bliana éilimh seachas an bhliain mheasúnaithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, féadfar, a mhéid a bhaineas an cháin ioncaim sin le brabús ó dhíol earraí a honnmhuiríodh as an Stát, í a laghdú tiche cúig faoin gcéad d'ainneoin aon ní san alt seo, ach is laghdú é in ionad, agus ní laghdú é i dteannta, aon laghduithe eile ar cháin ioncaim, faoi fhorála an ailt seo, don bhliain éilimh.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gurb é an ‘brabús ó dhíol earraí a honnmhuiríodh as an Stát’ pé suim a mbeidh idir í agus an méid de bhrabúis na cuideachtan don bhliain éilimh, arna ríomh do réir na nAcht Cánach Ioncaim, is inchurtha i leith díol earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh) an cothrom céanna a bheas idir an méid a bhí le fáil sa bhonn-tréimhse ó dhíol earraí a honnmhuiríodh agus an méid iomlán a bhí le fáil ag an gcuideachta ó dhíol earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh) sa bhonn-tréimhse.”

Ioc úis ar urrúis Bhord na Móna.

6. —(1) Aon stoc nó cineál eile urrúis a eiseos Bord na Móna tar éis dáta an Achta seo a rith, measfar gur urrúis iad a heisíodh faoi údarás an Aire Airgeadais do réir bhrí ailt 2 den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924) , agus beidh feidhm dá réir sin ag an alt sin.

(2) D'ainneoin aon ní sna hAchta Cánach Ioncaim, beidh de theideal ag Bord na Móna go ndéanfar an méid cánach ioncaim a bheadh air sa deireadh, mura mbeadh an t-alt seo, d'aon bhliain mheasúnuithe, a laghdú de shuim is ionann agus cáin ioncaim ar mhéid an úis ar stoc nó ar chineálacha eile urrús a dhéanfas Bord na Móna, ar ordú ón Aire Airgeadais faoi alt 2 den Acht Airgid, 1924 , mar feidhmítear é leis an alt seo, d'íoc gan asbhaint chánach sa bhliain mheasúnuithe sin.

(3) Cuirfear le Riail I de Chás III de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, an clásal seo a leanas, is é sin le rá:

“(k) interest on stock or other forms of security issued by Bord na Móna in cases where such interest is paid without deduction of tax.”

CUID II.

Custaim agus Mál.

Tobac.

7. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1932” an t Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) ;

ciallaíonn “Acht 1934” an t Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) ;

ciallaíonn “Acht 1956” an t Acht Airgeadais, 1956 (Uimh. 22 de 1956) .

(2) Déanfar an dleacht chustam ar thobac, a forchuireadh le halt 20 d'Acht 1932, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach, do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid 1 den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh ar dá réir is inmhuirir an dleacht sin anois de bhuaidh ailt 8 d'Acht 1956.

(3) Déanfar an dleacht mháil ar thobac, a forchuireadh le halt 19 d'Acht 1934, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach, do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh ar dá réir is inmhuirir an dleacht sin anois de bhuaidh ailt 8 d'Acht 1956.

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) den alt sin 19 d'Acht 1934, agus ag fo-alt (5) de faoi réir fo-ailt (5) den alt seo, maidir le tobac is inchurtha faoi mhuirear na dleachta máil a forchuireadh le fo-alt (1) den alt sin 19, do réir ráta a sonraítear i gCuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus chun críche na feidhme sin forléireofar tagairtí sna fo-ailt sin (3), (4) agus (5) den alt sin 19 de Chuid 1 den Séú Sceideal a ghabhas le hAcht 1934 adúradh, agus beidh éifeacht acu, mar thagairtí do Chuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(5) Amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach, is do réir cúig pingne an punt a bheas an lacáiste ar thobac neamhmhonaraithe a luaitear í bhfo-alt (3) d'alt 20 d'Acht 1932, arna leasú le halt 18 d'Acht 1934, agus i bhfo-alt (5) d'alt 19 d'Acht 1934.

(6) Is do réir dhá scilling déag agus deich bpingne an punt a bheas an lacáiste ar thobac cruafháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), i gcás aon tobac den tsórt sin a dhíolfas aon mhonaróir ceadúnaithe agus a chuirfeas sé amach, chun a úsáidte sa Stát, an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, nó dá éis.

(7) Maidir le tobac neamhmhonaraithe ag a mbeadh, d'éagmais an fho-ailt seo, teideal, de bhuaidh ailt 5 den Acht Airgeadais, 1950 (Uimh. 18 de 1950) , chun na rátaí fábhair dleacht custam a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1949 (Uimh. 13 de 1949) , déanfar an dleacht chustam is inmhuirir air, ar é a sheachadadh as banna-stóras, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach, do réir na rátaí i leith tobac neamh-mhonaraithe a sonraítear i gCuid III den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Tobac (dleacht mháil ar stoic áirithe).

8. —(1) Faoi réir forál fo-ailt (2) den alt seo, muirearófar, toibheofar agus íocfar ar na stoic tobac go léir de gach saghas a bheas, ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1957, ar únaeracht nó ar seilbh ag monaróir ceadúnaithe tobac agus in aon áit sa Stát seachas banna-stóras, dleacht mháil, is iníoctha ag an monaróir, do réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) sa mhéid gur tobac neamhmhonaraithe na stoic, trí scillinge agus dhá phingin ar gach punt meáchain de na stoic, agus

(b) sa mhéid gur tobac (lena n-áirítear snaois), seachas tobac neamhmhonaraithe, na stoic, trí scillinge agus dhá phingin ar gach punt meáchain de thobac neamh-mhonaraithe as a bhfuarthas na stoic dar leis na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) Ní bheidh an dleacht a forchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar aon tobac monaraithe (lena n-áirítear toitíni, todóga agus snaois, seachas snaois chosamair) a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh sé, ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1957, lán-ullmhaithe chun a dhíolta ar mionreic agus—

(i) nár thoradh é ar aon oibríocht a rinne monaróir ar bith a raibh sé ar únaeracht nó ar seilbh aige an uair sin; nó

(ii) go raibh sé ar seilbh an uair sin mar stoc mionreaca in áitreabh a bhí á úsáid chun tobac a dhíol ar mionreic; nó

(iii) go raibh sé an uair sin ar bealach ó dhíoltóir go ceannaitheoir faoi chonradh díolacháin:

Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-ailt seo aon tobac a bheith lán-ullmhaithe chun a dhíolta ar mionreic más rud é go raibh sé, i ngnáthchúrsa gnótha an duine a raibh sé ar únaeracht nó ar seilbh aige nó ar bealach chuige, le cur faoi phróis éigin eile fós (seachas pacáil) sara ndíolfadh sé é.

(3) Bhéarfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, tráth nach déanaí ná an 15ú lá de Bhealtaine, 1957, tuairisceán do na Coimisinéirí Ioncaim, i bhfoirm a cheadóid, ag tabhairt pé eolais dóibh a iarrfaid sa bhfoirm sin agus, go háirithe, ag insint na gcainníochtaí tobac de gach saghas, do réir meáchain, a bhí ar únaeracht nó ar seilbh aige ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1957, in aon áit sa Stát seachas banna-stóras.

(4) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac—

(a) na leabhair thrádála agus gach cuntas agus doiciméad leis an monaróir sin nó atá ina sheilbh, agus is gá chun an tuairisceán d'fhíoradh a thug sé de bhun fo-ailt (3) den alt seo, a thabhairt ar aird, má hiarrtar sin air, d'aon oifigeach Custam agus Máil, agus

(b) gach cabhair réasúnach a thabhairt don oifigeach sin chun cuntas a ghlacadh ar an tobac a bhí ar únaeracht nó ar seilbh ag an monaróir sin ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1957.

(5) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, díreach tar éis an tuairisceán is gá do réir fo-ailt (3) den alt seo a thabhairt nó an 15ú lá de Bhealtaine, 1957, pé acu is luaithe, méid iomlán na dleachta a luaitear san alt seo d'íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim ar aon tobac a bhí ar únaeracht nó ar seilbh aige ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1957, agus a bhí inchurtha faoi mhuirear na dleachta sín, agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo é, íoc na dleachta a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an 1ú lá d'Eanáir, 1958, ar an monaróir do thabhairt urrúis trí bhanna nó ar shlí eile chun a sástachta go n-íocfar an dleacht sin.

(6) Gach monaróir a gceanglaítear air le fo-alt (3) den alt seo tuairisceán a thabhairt den tsórt a luaitear sa bhfo-alt sin agus nach dtabharfaidh an tuairisceán sin, nó a bhéarfas tuairisceán a bheas neamhiomlán, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneos nó a dhiúltós aon ní a dhéanamh a ceanglaítear air le fo-alt (4) den alt seo é a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion faoi na reachta a bhaineas le dleachta máil agus in aghaidh gach ciona den tsórt sin dlífear pionós máil caoga punt a chur air agus forghéillfear an tobac go léir a ndearnadh an cion sin maidir leis.

(7) I gcás aistarraingt a bheith iníoctha i leith tobac ar ar híocadh an dleacht mháil a forchuirtear le fo-alt (1) den alt seo, is aistarraingt mháil a bheas inti chomh fada is théas an dleacht a híocadh de bhun an fho-ailt sin (1), arna cinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Beoir.

9. —(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1952” an t Acht Airgeadais, 1952 (Uimh. 14 de 1952) , agus ciallaíonn “Acht 1954” an t Acht Airgeadais, 1954 (Uimh. 22 de 1954) .

(2) In ionad na dleachta máil a forchuirtear le halt 10 d'Acht 1952, arna leasú le halt 14 d'Acht 1954, muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a grúdófar sa Stát an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, nó dá éis sin, dleacht mháil do réir deich bpuint, cúig scillinge agus sé pingne ar gach sé ghalún tríochad foirte de shaindlús míle agus cúig gráid chaogad.

(3) In ionad na dleachta custam a forchuirtear le fo-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1952, arna leasú le halt 13 d'Acht 1954, déanfar, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach dleacht chustam do réir na rátaí seo a leanas a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc ar an mum, an bheoir sprúis nó an bheoir dhubh, an fhionn-bheoir Bheirlíneach, agus ar ullmhóidí eile (pé acu giosáilte nó neamh-ghiosáilte dhóibh) dá samhail sin a hallmhuireofar isteach sa Stát, is é sin le rá:

(a) ar gach sé ghalún tríochad beorach a bhfuil a foirt, nó a raibh sí roimh ghiosáil, de shaindlús nach mó ná míle dhá chéad agus cúig gráid déag, aon phunt ceathrachad agus ceithre scillinge;

(b) ar gach sé ghalún tríochad beorach a bhfuil a foirt, nó a raibh sí roimh ghiosáil, de shaindlús is mó ná míle dhá chéad agus cúig gráid déag, ocht bpunt ceathrachad agus sé scillinge.

(4) In ionad na dleachta custam a forchuirtear le fo-alt (2) d'alt 9 d'Acht 1952, arna leasú le halt 13 d'Acht 1954, déanfar, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach, dleacht chustam a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc ar an mbeoir go léir d'aon tsórt (seachas beoir is inchurtha faoi mhuirear na dleachta a forchuirtear le fo-alt (3) den alt seo) a hallmhuireofar isteach sa Stát do réir deich bpuint sé scillinge ar gach sé ghalún tríochad beorach a raibh a foirt, roimh ghiosáil, de shaindlús míle agus cúig gráid chaogad.

(5) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhuireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stóras beoir a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur híocadh uirthi an dleacht a forchuirtear le fo-alt (2), fo-alt (3) nó fo-alt (4) den alt seo, aistarraing, arna ríomh do réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, do réir deich bpuint, cúig scillinge agus naoi bpingne ar gach sé ghalún tríochad beorach ar míle agus cúig gráid chaogad a saindlús bunaidh.

(6) Más rud é, i gcás beorach is inchurtha faoi mhuirear na dleachta a forchuirtear le fo-alt (2) nó fo-alt (4) den alt seo nó i gcás beorach ar a bhfuil aistarraing faoi fho-alt (5) den alt seo iníoctha, nach míle agus cúig gráid chaogad saindlús na beorach sin, athrófar an dleacht sin nó an aistarraing sin (pé acu é) go coibhneasach.

(7) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgeadais, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , maidir le ceachtar de na dleachta custam lena mbaineann an t-alt seo.

Ile udrocarbóin.

10. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1935” an t Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) ;

ciallaíonn “Acht 1952” an t Acht Airgeadais, 1952 (Uimh. 14 de 1952) ;

ciallaíonn “Acht 1956” an t Acht Airgeadais, 1956 (Uimh. 22 de 1956) .

(2) Maidir leis an dleacht chustam a forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custam) (Uimh. 4), 1931 (Uimh. 43 de 1931) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, i gcás íle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach, do réir dhá scilling agus naoi bpingne agus feoirling an galún in ionad an ráta a sonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1956.

(3) Maidir leis an dleacht mháil a forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Forála Ilghnéitheacha), 1935 (Uimh. 7 de 1935) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, i gcás íle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin agus a cuirfear amach, ar díol nó lena díol nó eile, ó áitreabh a monaróra, an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, nó dá éis sin, nó a úsáidfeas an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas íle udrocarbóin mhianrúil a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir dhá scilling agus seacht bpingne agus feoirling an galún in ionad an ráta a sonraítear i bhfo-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1956.

(4) Maidir leis an dleacht chustam a forchuirtear le halt 21 d'Acht 1935, déanfar, i gcás íle udrocarbóin is inchurtha faoi mhuirir na dleachta sin, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach, do réir dhá scilling agus dhá phingin an galún, in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 7 d'Acht 1952.

(5) Amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (2) d'alt 21 d'Acht 1935—

(a) i gcás na híle ar a dtugtar de ghnáth íle ghalúcháin tharracóra, dhá scilling agus dhá phingin an galún; agus

(b) i gcás aon íle udrocarbóin eile, dhá scilling agus pingin an galún.

(6) Maidir leis an dleacht mháil a forchuirtear le halt 21 d'Acht 1935, déanfar, i gcás íle udrocarbóin is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin agus a cuirfear amach, ar díol nó lena díol nó eile, ó áitreabh a monaróra, an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, nó dá éis sin, nó a úsáidfeas an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas chun íle udrocarbóin a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir dhá scilling an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (3) d'alt 7 d'Acht 1952.

(7) Amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (4) d'alt 21 d'Acht 1935—

(a) i gcás na híle ar a dtugtar de ghnáth íle ghalúcháin tharracóra, dhá scilling an galún; agus

(b) i gcás aon íle udrocarbóin eile, scilling agus aon phingin déag an galún.

(8) Má dhéanann an ceadúnaí faoi cheadúnas paisneirí a deonadh faoi alt 11 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 ( Uimh. 2 de 1932 ), a chruthú chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go ndearna sé íle udrocarbóin ar ar híocadh an dleacht chustam a forchuirtear le halt 21 d'Acht 1935 arna leasú le fo-alt (4) den alt seo nó an dleacht mháil a forchuirtear leis an alt sin 21 arna leasú le fo-alt (6) den alt seo d'úsáid chun dócháin in inneall fheithicle inneall-ghluaiste a bhí á húsáid i seirbhís bhóthair do phaisnéirí ar ina leith a deonadh an ceadúnas, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir pé coinníollacha is cuí leo d'fhorchur, dleacht d'aisíoc leis an gceadúnaí do réir sé pingne an galún ar íle udrocarbóin a húsáideadh amhlaidh ar iad d'fháil éilimh uirthi uaidh i pé foirm a ordós na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir an choinníll nach ndéanfar aon aisíoc mura ndéantar an t-éileamh laistigh de cheithre mhí ón dáta a húsáideadh an íle.

Dleacht ar íle udrocarbóin a húsáideadh i monarú d'aisíoc.

11. —Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuair monaróir íle udrocarbóin aon íle udrocarbóin nár húsáideadh agus ar ar híocadh an dleacht chustam nó mháil a forchuirtear le halt 21 den Acht Airgeadais, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus gur úsáid seisean í i bpróis mhonaruithe nó gur chuir sé í le substaintí eile mar tháthchuid de thairge monaraithe, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir pé coinníollacha a mheasaid is gá, aon dleacht den tsórt sin a híocadh ar an íle d'aisíoc leis an monaróir sin, lúide aon lacáiste air sin a lamháltar faoin alt sin 21 arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

Dleacht shiamsa —rátaí i gcás taispeántas cinematografach.

12. —Ar an 1ú lá de Lúnasa, 1957, agus ón lá sin amach, beidh éifeacht ag alt 10 den Acht Airgeadais, 1948 ( Uimh. 12 de 1948 ), amhail is dá gcuirtí na rátaí seo a leanas in ionad na rátaí a sonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin de bhuaidh ailt 4 den Acht Airgeadais, 1953 (Uimh. 21 de 1953) , is é sin le rá:

Ráta na Dleachta

Má tá an íocaíocht as dul isteach, gan dleacht d'áireamh,

níos mó ná

5d.

ach gan bheith níos mó

5½d.

½d.

,,

5½d.

,,              ,,

6d.

1d.

,,

6d.

,,              ,,

7½d.

1½d.

,,

7½d.

,,              ,,

8d.

2d.

,,

8d.

,,              ,,

8½d.

2½d.

,,

8½d.

,,              ,,

10d.

3d.

,,

10d.

,,              ,,

11½d.

4½d.

,,

11½d.

,,              ,,

1s.

1d.

6d.

,,

1s.    1d.

,,              ,,

1s.

2d.

7d.

,,

1s.    2d.

,,              ,,

1s.

4d.

9d.

,,

1s.    4d.

,,              ,,

1s.

5¼d.

10d.

,,

1s. 5¼d.

,,              ,,

1s.

5½d.

10½d.

,,

1s. 5½d.

,,              ,,

1s.

7d.

1s. 0d.

,,

1s.    7d.

,,              ,,

1s.

8d.

1s. 1d.

,,

1s.    8d.

,,              ,,

1s.

9d.

1s. 3d.

,,

1s.    9d.

,,              ,,

..

1s. 3d. ar an gcéad 1s. 9d. agus ½d. ar gach ½d. nó cuid de ½d. sa bhreis.

Leasú ar alt 17 den Acht Airgid, 1936 .

13. —Leasaítear leis seo alt 17 den Acht Airgid, 1936 ( Uimh. 31 de 1936 ), trí “(nó pé tréimhse is sia ná sin a cheadós na Comisinéirí Ioncaim dá rogha féin in aon chás áirithe maidir le loghadh faoin alt seo)” a chur isteach i mír (a) i ndiaidh “laistigh de shé mhí” sa dá áit ina bhfuil na focail sin.

Orduithe a dhaingniú.

14. —Daingnítear leis seo an tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 394) (Tobhaigh Speisialta Allmhuirithe agus Dleacht Gluaisteán), 1957 (I.R. Uimh. 70 de 1957), an tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 397) (Dleacht ar Pháipéar Neamhchlóite), 1957 (I.R. Uimh. 77 de 1957), agus an tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 398) (Tobhaigh Speisialta Allmhuirithe) (Leasú), 1957 (I.R. Uimh. 78 de 1957).

CUID III.

Dleachta Báis.

Leasú ar alt 21 den Acht Airgeadais, 1956 .

15. —I gcás ina dtabharfar deimhniú de bhuaidh ailt 4 den Acht seo i leith aon stoc, scaireanna nó urrús, ní deonfar faoiseamh ó dhleacht eastáit faoi alt 21 den Acht Airgeadais, 1956 ( Uimh. 22 de 1956 ), maidir leis na stoic, na scaireanna nó na hurrúis sin ach i leith báis duine a éagfas an 6ú lá d'Aibreán nó dá éis.

CUID IV.

Cáin Bhrabús Corparáide.

Leasú ar alt 13 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 .

16. —Leasaítear leis seo alt 13 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 ( Uimh. 47 de 1956 ), tríd na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(9)     (a) I gcás aon tréimhse chuntasaíochta is tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1958, beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo amhail is dá gcuirfí ‘laghdófar go neamhní’ in ionad ‘laghdófar caoga faoin gcéad’ sa bhfo-alt.

(b) I gcás aon tréimhse chuntasaíochta is tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1958, beidh éifeacht ag fo-alt (3) den alt seo amhail is dá gcuirfí ‘laghdófar go neamhní’ in ionad ‘laghdófar caoga faoin gcéad’ sa bhfo-alt.

(10)     (a) I gcás aon tréimhse chuntasaíochta lena mbaineann fo-alt (9) den alt seo, féadfar, d'ainneoin aon ní san alt seo, cáin bhrabús corparáide is iníoctha ag cuideachta a laghdú fiche cúig faoin gcéad a mhéid a bhaineas sí le brabús ó dhíol earraí a honnmhuiríodh as an Stát, ach is laghdú é in ionad, agus ní laghdú é i dteannta, aon laghduithe eile ar cháin bhrabús chorparáide faoi fhorála an ailt seo don tréimhse chuntasaíochta.

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim pé cionroinnt a dhéanamh is dóigh leo is gá chun críocha an fho-ailt seo.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gurb é an ‘brabús ó dhíol earraí a honnmhuiríodh as an Stát’ pé suim a mbeidh idir í agus an méid de bhrabúis na cuideachtan don tréimhse chuntasaíochta, arna ríomh chun críocha cánach brabús corparáide, is inchurtha i leith díol earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh) an cothrom céanna a bheas idir an méid a bhí le fáil sa tréimhse chuntasaíochta ó dhíol earraí a honnmhuiríodh agus an méid iomlán a bhí le fáil ag an gcuideachta ó dhíol earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh) sa tréimhse chuntasaíochta.”

CUID V.

Allúntais Infheistíochta Loingis: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.

Allúntais infheistíochta loingis.

17. —(1) Más rud é, i gcás duine atá ag seoladh trádála go raghaidh an duine sin, an 6ú lá d'Aibreán, 1957, nó dá éis sin, faoi chaiteachas caipitiúil ag ceannach loinge nua le haghaidh na trádála, bhéarfar dó, don bhliain mheasúnuithe sa bhonntréimhse ar tharla an caiteachas ina leith, allúntas (dá ngairmtear allúntas infheistíochta loingis sa Chuid seo den Acht seo) is ionann agus dhá chúigiú den chaiteachas, agus bhéarfar an t-allúntas sin mar asbhaint nuair a bheas brabúis nó sochair na trádála á gcur faoi mhuirear agus is allúntas é in ionad, agus ní allúntas é i dteannta, allúntais tosaigh faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1956 (Uimh. 22 de 1956) .

(2) Chun críocha na Coda seo den Acht seo, measfar gurb é an lá a raghfar faoi aon chaiteachas an lá is iníoctha an tsuim a bheas i gceist.

(3) Aon éileamh a dhéanfas duine ar allúntas faoin alt seo nuair a bheas brabúis nó sochair a thrádála á gcur faoi mhuirear, cuirfear é sa ráiteas bliantúil nach foláir a thabhairt faoi na hAchta Cánach Ioncaim i dtaobh na mbrabús nó na sochar aisti agus cuirfear ina theannta deimhniú arna shíniú ag an éilitheoir, a measfar a bheith ina chuid den éileamh, á rá gur ag ceannach loinge mua a chuathas faoin gcaiteachas agus ag tabhairt pé sonraí a thaispeánfas go mbeidh an t-allúntas le tabhairt.

(4) San alt seo agus sna hailt ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “nua” neamhúsáidte agus gan bheith réchaite.

Forála maidir le Rialacha 6 (1) (6) agus 7 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D.

18. —(1) D'fhonn a dhéanamh amach cad é méid aon asbhainte a bheas le lamháil do dhuine ar bith faoi mhír (1) de Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, arna leasú le halt 24 den Acht Airgeadais, 1956 ( Uimh. 22 de 1956 ), mar ní a fhreagraíos do laghdú luacha mar gheall ar chaitheamh agus cumailt aon loinge i rith na bliana measúnuithe, ní cuirfear allúntas infheistíochta loingis san áireamh nuair a déanfar luach na loinge i dtús na bliana a chinneadh.

(2) I mír (6) de Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, déanfar an abairt “the deductions allowed on that account for any previous years to the person by whom the trade is carried on” agus an abairt “the deductions” mar a bhfuil an abairt sin roimh an bhfocal “exceed” d'fhorléiriú mar abairtí nach bhfolaíonn tagairt d'aon allúntas infheistíochta loingis a tugadh don duine a sheolas an trádáil.

(3) Measfar Riail 7 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, mar riail nach gceanglaíonn aon allúntas infheistíochta loingis d'asbhaint as costas aon loinge chun críocha na Rialach sin.

Feidhm Rialach 6 (3) de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D agus ailt 4 den Acht Airgid, 1937 .

19. —Beidh feidhm ag mír (3) de Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, agus ag alt 4 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), i gcás allúntais infheistíochta loingis mar atá feidhm acu i gcás asbhaintí is inlamháilte i leith caitheamh agus cumailt inneallra nó gléasra.

An bhrí atá le “bonntréimhse”.

20. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, tá le “bonn-tréimhse” an bhrí a bheirtear dó leis na forála ina dhiaidh seo den alt seo.

(2) I gcás duine a mbeidh allúntas le tabhairt dó faoin gCuid seo den Acht seo, is é a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnuithe an tréimhse ar ar brabúis agus a sochair a bheas cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, i leith na trádála a bheas i gceist nó, más rud é de bhuaidh aon Achta, go mbeidh brabúis nó sochair aon tréimhse eile le glacadh mar bhrabúis nó sochair na tréimhse sin, an tréimhse eile sin:

Ar choinníoll, i gcás aon trádála—

(a) má tá dhá bhonn-tréímhse ag dul isteach ar a chéile, go measfar chun críocha an fho-ailt seo gur sa chéad bhonn-tréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineas leo araon;

(b) má tá aga idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnuithe áirithe agus an bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnuithe ina dhiaidh sin, ansin, murab í an bhliain mheasúnuithe ina dhiaidh sin bliain bhuan-scortha na trádála, go measfar gur cuid den dara bonn-tréimhse an t-aga; agus

(c) má tá aga idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnuithe roimh bhliain bhuan-scortha na trádála agus an bhonn-tréimhse don bhliain bhuan-scortha, go measfar gur cuid den chéad bhonn-tréimhse an t-aga.

(3)    (a) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhas le fo-alt (2) den alt seo do bhuan-scor trádá'a d'fhorléiriú mar ní a fholaíos tagairt do tharlachtaint aon ní a bheas, faoi aon cheann d'fhorála na nAcht Cánach Ioncaim, le háireamh mar ní is ionann agus buan-scor trádála.

(b) Déanfar aon tagairt sa choinníoll sin do dhá thréimhse a dhul isteach ar a chéile d'fhorléiriú mar ní a fholaíos tagairt do dhá thréimshe a chomhtheacht le chéile nó do thréimhse a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse a bhaineas i gcoítinne le gach ceann de dhá thréimhse.

Allúntas infheistíochta loingis d'aistarraing.

21. —I gcás ina mbeifear tar éis allúntas infheistíochta loingis a thabhairt d'aon dhuine i leith caiteachais faoina ndeachaigh sé ag ceannach loinge nua agus go ndíolfaidh sé an long gan é d'úsáid na loinge chun críocha a thrádála nó go ndíolfaidh sé í roimh dheireadh na tréimhse chúig mblian ón lá a tosnaíodh á húsáid amhlaidh, déanfar an t-allúntas infheistíochta loingis d'aistarraing agus déanfar pé measúnuithe agus coigeartuithe ar mheasúnuithe sa bhreis is gá le haghaidh nó de dhroim allúntas infheistíochta loingis d'aistarraing nó allúntas tosaigh faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1956 (Uimh. 22 de 1956) , a chur in ionad an chéanna.

Allúntais infheistíochta loingis maidir le cáin bhrabús corparáide.

22. —I gcás ina bhforálann an Chuid seo den Acht seo le haghaidh allúntas infheistíochta loingis a thabhaírt do chuideachta chun críocha cánach ioncaim i leith aon chaiteachais, déanfar méid an allúntais d'asbhaint nuair a bheas brabúis na cuideachtan sin á ríomh chun críocha cánach brabús corparáide don tréimhse chuntasaíochta inar tharla an caiteachas.

Forléiriú na Coda seo den Acht seo.

23. —Déanfar an Chuid seo den Acht seo a léamh agus d'fhorléiriú, a mhéid a bhaineas sí le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim agus, a mhéid a bhaineas sí le cáin bhrabús corparáide, déanfar í a léamh agus d'fhorléiriú i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

CUID VI.

Dleachta Stampa.

Comhaontuithe maidir le dleacht stampa ar admhála áirithe.

24. —(1) Más cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim, dá roghain féin, féadfaid comhaontú a dhéanamh le haon chomhlucht daoine faoina n-iomshocrófar, do réir na bhforál seo a leanas den alt seo, an dleacht stampa is inmhuirir faoin teideal “Receipt given for, or upon the payment of, money amounting to £2 or upwards” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, ar pé admhála a eiseos an comhlucht sin í gcúrsa a ghnótha agus a sonrófar sa chomhaontú.

(2) Aon chomhaontú den tsórt sin is i pé foirm a bheas sé agus beidh ann pé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus ceanglóidh an comhaontú go sonrach ar an gcomhlucht daoine cuntais thréimhsiúla a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim maraon le pé sonraí eile a theastós uathu maidir leis na hadmhála lena mbaineann an comhaontú agus sonróidh sé an modh ar a gcinnfear líon na n-admhála a háireofar in aon chuntas tréimhsiúil den tsórt sin.

(3) An fhad a leanfas aon chomhaontú den tsórt sin i bhfeidhm, ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon admháil lena mbaineann an comhaontú agus ar a mbeidh pé comhartha a cheanglós na Coimisinéirí Ioncaim gur híocadh an dleacht stampa, ach, ina ionad sin agus mar iomshocraíocht, íocfaidh an comhlucht daoine lena ndearna na Coimisinéirí Ioncaim an comhaontú leis na Coimisinéirí Ioncaim, ar aon chuntas a sheachadadh faoin gcomhaontú, pé suimeanna dob inmhuirir, mura mbeadh forála an ailt seo, mar dhleacht stampa ar admhála lena mbaineann an comhaontú agus a heisíodh i rith na tréimhse lena mbaineann an comhaontú agus glacfar chun na críche sin gurb é an líon admhála den tsórt sin a heisíodh amhlaidh an líon a cinneadh ar an modh a sonraíodh chuige sin leis an gcomhaontú.

(4) Má mhainníonn comhlucht maidir le seachadadh aon chuntais is gá a sheachadadh do réir aon chomhaontuithe den tsórt sin nó maidir le híoc na dleachta is iníoctha ar aon chuntas den tsórt sin a sheachadadh, dlífidh an comhlucht fíneáil nach mó ná caoga punt d'íoc in aghaidh gach lae a leanfas an mhainneachtain agus dlífidh freisin, í dteannta na dleachta d'íoc, ús ar an dleacht d'íoc, a bheas inghnóite amhail is dá mba chuid den dleacht é, do réir chúig faoin gcéad sa bhliain ón dáta a thosnaigh an mhainneachtain.

CUID VII.

Ilghnéitheach agus Ginearálta.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

25. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 );

ciallaíonn “alt leasúcháin 1956” alt 33 den Acht Airgeadais, 1956 ( Uimh. 22 de 1956 );

ciallaíonn “an seachtú blianacht bhreise” an tsuim a muirearaítear ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá leis na habairtí “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” an bhrí atá leo faoi seach sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasúcháin 1956 maidir leis na naoi mbliana airgeadais fichead comhleanúnacha a thosnós leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1958, ach “£498,294” a chur in ionad “£667,560”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasúcháin 1956 ach “£322,850” a chur in ionad “£464,100”.

(4) Déanfar suim £598,588 le haghaidh fuascailte iasacht, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosnós leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1958.

(5) Íocfar an seachtú blianacht bhreise isteach sa Chuntas i pé slí, agus pé trátha sa bhliain airgeadais iomchuí, a chinnfeas an tAire.

(6) Féadfar aon chuid den seachtú blianacht bhreise, nach mó ná £416,149 in aon bhliain airgeadais áirithe, d'úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí d'íoc.

(7) Úsáidfear iarmhéid na seachtú blianachta breise in aon tslí nó slite dá sonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Leasú ar alt 7 (4) d'Acht na mBannaí Talún, 1934.

26. —Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 7 d'Acht na mBannaí Talún, 1934 (Uimh. 11 de 1934) , trí “caoga bliain” a chur in ionad “deich mbliana fichead”.

Leasú ar alt 34 den Acht Airgeadais, 1956 .

27. —Leasaítear leis seo alt 34 den Acht Airgeadais, 1956 ( Uimh. 22 de 1956 ), trí “nó d'alt 6 den Acht Airgeadais, 1957 ” a chur isteach i ndeireadh fo-alt (1).

Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.

28. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

29. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1957 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, d'fhorléiriú i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, forléireofar í i dteannta na Reacht a bhaineas le dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.

(4) Forléireofar Cuid VI den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán a leasaíos nó a leathnaíos an tAcht sin.

(5) Ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt go sainráite inti, measfar go dtáinig Cuid I den Acht seo i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1957, agus beidh éifeacht aici amháil ar an lá sin agus ón lá sin.

AN SCEIDEAL.

Dleachta ar Thobac.

Alt 7.

Cuid I.

Custaim

 

£

s.

d.

Tobac Neamhmhonaraithe:—

 

 

 

Má bhíonn sé Scúite nó Díloirgnithe:—

 

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain

 

de

...

...

...

...

...

...

...

an lb.

2

5

11½

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain

 

de

...

...

...

...

...

...

...

an lb.

2

11

Mura mbeidh sé Scúite nó Díloirgnithe:—

 

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain

 

de

...

...

...

...

...

...

...

an lb.

2

5

11

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain

 

de

...

...

...

...

...

...

...

an lb.

2

11

0

 

 

 

 

 

 

 

Lán-ráta

Ráta Fábhair

£

s.

d.

£

s.

d.

Tobac Monaraithe:—

 

 

Todóga

...

...

...

...

...

an lb.

2

19

0

2

9

2

Toitíní

...

...

...

...

...

,,

2

16

6

2

7

1

Cavendish nó Negrohead

...

...

...

,,

2

18

6

2

8

9

Cavendish nó Negrohead a monaraíodh faoi

,,

 

 

bhanna

...

...

...

...

...

,,

2

17

6

2

7

11

Tobac Monaraithe eile

...

...

...

,,

2

16

6

2

7

1

Snaois a bhfuil níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de

,,

2

16

0

2

6

8

Snaois nach bhfuil níos mó ná 13 lb. de

 

 

fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de

,,

2

18

6

2

8

9

Cuid II.

Mál.

 

£

s.

d.

Tobac Neamhmhonaraithe:—

 

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb.

 

meáchain de

...

...

...

...

...

an lb.

2

4

10

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb.

 

meáchain de

...

...

...

...

...

,,

2

9

10

Tobac Monaraithe:—

 

Cavendish nó Negrohead a monaraíodh faoi Bhanna

,,

2

6

10

Cuid III.

Na Rátaí Fábhair Dleachta Custam ar Thobac Neamhmhonaraithe.

 

£

s.

d.

Tobac Neamhmhonaraithe:—

 

Má bhíonn sé Scúite nó Díloirgnithe:—

 

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100

 

lb. meáchain de

...

...

...

...

an lb.

2

4

5

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100

 

lb. meáchain de

...

...

...

...

,,

2

9

Mura mbeidh sé Scúite nó Díloirgnithe:—

 

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100

 

lb. meáchain de

...

...

...

...

,,

2

4

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100

 

lb. meáchain de

...

...

...

...

,,

2

9

4