28 1957


Uimhir 28 de 1957.


ACHT NA LEANAÍ (LEASÚ), 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA LEANAÍ, 1908 GO 1949. [17 Nollaig, 1957].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Children Act, 1908, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin.

Fógraí a bheas le tabhairt ag daoine a ghlacfas leanaí ar luaíocht.

2. —(1) I gcás ina ngabhfaidh duine air féin, ar luaíocht nó as ucht luaíocht a gheallúint dó, leanbh nó leanaí faoi bhun sé bliana déag d'aois ar leith óna dtuistí nó iad d'éagmais tuistí a bhanaltrú agus a chothabháil, bhéarfaidh sé, seacht lá ar a laghad sara nglaca sé aon leanbh den tsórt sin, fógra i scríbhinn ina thaobh sin don údarás sláinte.

(2) I gcás ina ndéanfaidh duine nó comhlucht comhshocraíochtaí i dtaobh duine eile do bhanaltrú agus do chothabháil aon linbh den tsórt sin ar luaíocht, bhéarfaidh an duine sin nó an comhlucht sin, seacht lá ar a laghad sara nglacfar an leanbh, fógra i scríbhinn ina thaobh sin don údarás sláinte. Ní fhuasclóidh an ceanglas sin an duine a ghlacfas an leanbh ó bheith faoi oblagáid déanamh do réir fo-ailt (1).

(3) I gcás ina ngabhfaidh duine air féin, ar luaíocht nó as ucht luaíocht a gheallúint dó, leanbh faoin aois sin atá faoina chúram cheana féin gan luaíocht a bhanaltrú agus a chothabháil, áireofar, chun críocha Coda I den Phríomh-Acht, gurb ionann é dá ghabháil sin air féin agus an leanbh a ghlacadh, ach sa chás sin féadfar an fógra a ceanglaítear le fo-alt (1) a thabhairt tráth ar bith roimh an nglacadh sin nó laistigh d'ocht n-uaire a chloig is daichead dá éis.

(4) Luafar sa bhfógra ainm, gnéas, dáta breithe agus áit bhreithe an linbh, ainm an duine a ghlacfas an leanbh, agus an teaghas ina gcoimeádfar nó ina gcoimeádtar an leanbh, agus ainm agus seoladh an duine óna bhfuiltear chun an leanbh d'fháil nó óna bhfuarthas é.

(5) (a) Má dhéanann duine a bheas tar éis banaltrú agus cothabháil aon linbh den tsórt sin a ghabháil air féin a áit chónaithe d'athrú, bhéarfaidh sé, ocht n-uaire a chloig is daichead ar a laghad sara ndéana sé an an t-athrú sin, fógra i scríbhinn i dtaobh an athruithe sin don údarás sláinte, agus, más i gceantar údaráis shláinte eile atá an áit chónaithe chun a n-aistreoidh sé, bhéarfaidh sé don údarás sláinte sin an fógra céanna i dtaobh gach linbh faoina chúram a ceanglaítear air leis an alt seo a thabhairt ar a leanbh a ghlacadh i gcéadóir.

(b) Má tharlaíonn, áfach, go n-athrófar áit chónaithe mar sin go hobann de riachtanas mar gheall ar éigeandáil gan choinne, féadfar na fógraí a ceanglaítear leis an bhfo-alt seo a thabhairt tráth ar bith laistigh d'ocht n-uaire chloig is daichead tar éis áit chónaithe d'athrú amhlaidh.

(6) (a) Má gheibheann aon leanbh den tsórt sin bás nó má tógtar é ó chúram an duine a ghabh air féin é a bhanaltrú agus a chothabháil, bhéarfaidh an duine sin, laistigh de cheithre huaire fichead a chloig tar éis an bháis sin nó d'ocht n-uaire chloig is daichead ar a laghad roimh an aistriú sin (do réir mar bheas), fógra i scríbhinn don údarás sláinte i dtaobh an bháis nó an aistrithe sin, agus sa chás deiridh sin bhéarfaidh, freisin, ainm agus seoladh an duine a bhfuiltear chun an leanbh d'aistriú chuige le bheith faoina chúram.

(b) Má tharlaíonn, áfach, gur go hobann agus de riachtanas mar gheall ar éigeandáil gan choinne a déanfar an t-aistriú sin, féadfar an fógra a thabhairt tráth ar bith laistigh de cheithre huaire fichead a chloig tar éis an aistrithe sin.

(7) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le pearsa a ghlacfas air féin leanbh neamhdhlisteanach a bhanaltrú agus a chothabháil gan luaíocht agus maidir le comhshocraíochtaí a dhéanamh le haghaidh an bhanaltruithe agus na cothabhála sin fé mar tá feidhm aige i gcás banaltruithe agus cothabhála ar luaíocht.

(8) Má mhainníonn duine ar bith ar a mbeidh ceangal fógra a thabhairt faoin alt seo an fógra a thabhairt laistigh den am nó roimh an am is déanaí a sonraítear chun an fógra a thabhairt, beidh sé ciontach i gcion faoi Chuid I den Phríomh-Acht agus, más é a bhí sa leanbh ar chóir fógra a thabhairt ina thaobh leanbh ar chnapshuim a bhí, go hiomlán nó go páirteach, sa chomaoin le haghaidh a bhanaltruithe agus a chothabhála, ansin an duine a mhainneos an fógra a thabhairt dlífidh sé, i dteannta aon phionóis eile faoi Chuid I den Phríomh-Acht an tsuim sin, nó pé suim is lú ná sin a mheasfas an chúirt a mbeidh an cás os a comhair a bheith cóir, d'fhorghéilleadh, agus déanfar an tsuim a forghéillfear a chur chun tairbhe an linbh i pé slí a ordós an chúirt, agus, in aon chás ina n-ordófar aon tsuim den tsórt sin d'fhorghéilleadh, féadfar an t-ordú a chur i bhfeidhm amhail is dá mb'ordú é ón gcúirt arna dhéanamh ar ghearán.

(9) Chun críche aon achtacháin lena dtórainnítear an t-am chun imeachta a bhunú, measfar an cion a déantar le fo-alt (8) de mhainniú fógra a thabhairt do leanúint ar marthain an fhad a leanfas an leanbh ar chóir an fógra sin a thabhairt ina thaobh de bheith, agus an fógra sin gan tabhairt, i gcúram an duine ar cheart dó an fógra sin a thabhairt.

(10) Má bhíonn leanbh neamhdhlisteanach á choimeád agus á chothabháil in imthosca go mbeadh ceangal ann na fógraí a luaitear san alt seo a thabhairt dá mb'ar luaíocht a bheadh an coimeád agus an chothabháil sin á dhéanamh ansin, chun críocha an ailt seo, measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, an leanbh a bheith á choimeád agus á chothabháil amhlaidh ar luaíocht.

(11) Déanfar, de dhroim na bhforál sin roimhe seo, tagairtí i gCuid I den Phríomh-Acht do naíona d'fhorléiriú mar thagairtí do leanaí faoi bhun sé bliana déag d'aois.

(12) Is alt é seo in ionad ailt 1 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 3 d'Acht 1934, is ailt a hathghairmtear leis an Acht seo agus forléireofar tagairtí sa Phríomh-Acht don alt sin 1 mar thagairtí don alt seo.

Fógra a bheas le tabhairt ag daoine a bheas ag déanamh comhshocraíochtaí i dtaobh fostú leanaí.

3. —(1) San alt seo ciallaíonn “gaol” tuiste, sean-athair nó seanmháthair, deartháir, deirfiúr, uncail nó aintín, lánfhola nó leathfhola nó ó chleamhnas.

(2) Nuair a bheas aon ghaol á ríomh chun críocha an ailt seo, measfar gur sliocht dlisteanach de chuid an uchtóra nó na n-uchtóirí leanbh a huchtaíodh faoin Acht Uchtála, 1952 (Uimh. 25 de 1952) .

(3) I gcás ina ndéanfaidh aon chomhlucht nó duine (nach gaol don leanbh) ag á mbeidh coimeád linbh faoi bhun ocht mbliana déag d'aois comhshocraíocht i dtaobh an linbh d'fhostú in imthosca faoina mbeadh ar an leanbh cónaí in áit seachas sa tigh ina raibh cónaí rialta air sarar thosnaigh an fhostaíocht, déanfaidh an duine nó an comhlucht sin, seacht lá ar a laghad sara dtosnóidh an fhostaíocht, fógra i dtaobh na comhshocraíochta agus na háite a mbeartaítear don leanbh cónaí ann a thabhairt don údarás sláinte ar ina límistéir feidhmiúcháin a bheas an leanbh ar fostú.

(4) Más rud é nach mbeidh an comhlucht nó an duine a bheas ag déanamh na comhshocraíochta faoi dhlínse an Stáit, bhéarfaidh fostóir ionchasach an linbh a shamhail d'fhógra don údarás iomchuí.

(5) Gach leanbh faoi bhun ocht mbliana déag d'aois a mbeidh ceangal ann fógra faoin alt seo a thabhairt ina thaobh, beidh na feidhmeanna agus na cumhachta céanna ag údarás áitiúil ina leith atá acu faoi Chuid I den Phríomh-Acht.

Alt 12 den Phríomh-Acht a leasú.

4. —Déantar leis seo alt 12 den Phríomh-Acht, a dhéanas foráil i dtaobh duine ar bith os cionn sé bliana déag d'aois a phionósú mar gheall ar chruálacht d'imirt ar aon leanbh nó duine óg faoina chomeád nó faoina chúram, a leasú trí thagairtí do sheacht mbliana déag d'aois a chur in ionad tagairtí do shé bliana déag d'aois.

Leanbh a sallchuireadh chun scoile saothair d'urscaoileadh.

5. —(1) I gcás—

(a) linbh a sallchuireadh chun scoile saothair faoi alt 58 den Phríomh-Acht, agus

(b) go ndéanfaidh tuiste nó caomhnóir iarratas chun an Aire Oideachais á iarraidh go scaoilfí amach an leanbh, agus

(c) gur deimhin leis an Aire go bhfuil deireadh leis na himthosca ba chúis leis an ordú sallchuir a dhéanamh agus nach dóigh dhóibh tarlachtaint arís má scaoiltear amach an leanbh, agus gur féidir leis an tuiste nó an caomhnóir an leanbh a chothabháil,

ordóidh an tAire an leanbh d'urscaoileadh.

(2) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, an t-iarratas a tharchur chun na Cúirte.

(3) Má dhiúltaíonn an tAire don iarratas, féadfaidh an tuiste nó an caomhnóir an t-iarratas a tharchur chun na Cúirte.

(4) Má bhíonn an chúirt sásta i dtaobh na nithe dá dtagartar i mír (c) d'fho-alt (1), beidh dlínse aici a ordú go n-urscaoilfear an leanbh.

(5) Is chun na Cúirte Dúiche sa Cheantar ina ndearnadh an t-ordú sallchuir a déanfar tarchur chun na cúirte faoin alt seo nó, más i gCeantar eile a chónaíos an t-iarratasóir sa Cheantar sin.

(6) Pé acu an tAire nó an chúirt a dhéanfas é, oibreoidh an t-ordú chun an leanbh d'urscaoileadh chun an t-ordú coinneála a chúlghairm.

(7) (a) I gcás ina n-ordóidh an Chúirt Dúiche, nó an Chúirt Chuarda or achomharc, go n-urscaoilfear leanbh féadfaidh an chúirt costais agus caiteachais a dhámhadh don iarratasóir ar tugadh aird ar a iarratas agus íocfaidh an tAire as airgead a sholáthrós an tOireachtas pé suim a dheimhneos an chúirt ina leith sin.

(b) Ní bheidh na costais agus na caiteachais a dheimhneos an chúirt níos mó ná na méideanna uasta is féidir a dhámhadh amhail idir páirtí agus páirtí i gcaingean i leith toirt sa Chúirt Dúiche.

Cead chun bheith as láthair ó scoil dheimhnithe.

6. —(1) Tráth ar bith le linn ciontóir óg nó leanbh a bheith ar coinneáil i scoil dheimhnithe, féadfaidh bainisteoirí na scoile cead a thabhairt dó bheith as láthair ón scoil faoi chúram pé duine agus go ceann pé tréimhse is oiriúnach leis na bainisteoirí nó freastal ar chúrsa teagaisc ar scoil eile, mar bhordaer nó mar dhalta lae, ach, le linn dó a bheith as láthair le cead amhlaidh, measfar é a bheith faoi choinneáil agus faoi chúram na mbainisteoirí agus féadfaid sin a cheangal air tráth ar bith filleadh ar an scoil.

(2) Aon chiontóir óg nó leanbh a bheas as láthair gan cead ón duine nó ón scoil sin nó a dhiúltós nó a mhainneos filleadh ar an scoil dheimhnithe ar bheith caite don tréimhse a bheas sé as láthair le cead nó ar na bainisteoirí dá cheangal sin air measfar é bheith ar éaló ón scoil dheimhnithe.

Ranníoca as airgead vótáilte.

7. —(1) Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas pé suimeanna ar pé coinníollacha a mholfas an tAire Oideachais, le ceadú an Aire Airgeadais, i leith caiteachas aon chiontóra óig nó linbh i gcaitheamh an ama a bheas sé faoi réim orduithe á choinneáil i scoil dheimhnithe, ar a n-áirítear aon tréimhse as láthair ón scoil dó le toiliú bainisteoirí na scoile chun bheith ar saoire baile nó ar fo-shaoire nó chun freastal ar chúrsa teagaisc lasmuigh d'áitreabh na scoile ach gan áireamh a dhéanamh, seachas mar luaitear anseo roimhe seo, ar aon tréimhse a bheas sé as láthair de bhun deimhniú maoirseachta faoi alt 67 den Príomh-Acht.

(2) I gcás aon chiontóra óig nó linbh a n-ordófar é d'aistriú ó scoil amháin go scoil eile, féadfar costais an aistrithe d'áireamh ar na caiteachais is iníoctha faoin alt seo.

(3) Is alt é seo in ionad ailt 73 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 19 d'Acht 1941, is ailt a hathghairmtear leis an Acht seo.

Ranníoca ó údarás áitiúil in aghaidh tréimhsí a beifear as láthair ó scoil dheimhnithe.

8. —Na suimeanna a bheas le n-íoc, de bhun ailt 21 d'Acht 1941, ag údarás áitiúil le bainisteoirí scoile deimhnithe chun ciontóir óg nó leanbh a chothabháil beid iníoctha, agus measfar go rabhadar iníoctha i gcónaí, i gcaitheamh an ama a bheas sé faoi réim orduithe choinneála, ar a n-áirítear aon tréimhse as láthair ón scoil dó le toiliú bainisteoirí na scoile chun bheith ar saoire baile nó ar fo-shaoire nó chun freastal ar chúrsa teagaisc lasmuigh d'áitreabh na scoile ach gan áireamh a dhéanamh, seachas mar luaitear anseo roimhe seo, ar aon tréimhse a bheas sé as láthair de bhun deimhniíú maoirseachta faoi alt 67 den Phríomh-Acht.

Alt 75 den Phríomh-Acht a leasú.

9. —(1) An tsuim a féadfar a shocrú le hordú faoi fho-alt (1) d'alt 75 den Phríomh-Acht mar ranníoc ón tuiste nó duine eile a dhlíos ciontóir óg nó leanbh a chothabháil a mbeifear tar éis a ordú é a choinneáil i scoil dheimhnithe, ní bheidh sí níos mó ná suim na ranníoc i leith an linbh a bheas le déanamh de thuras na huaire as an Stát-Chiste agus ag an údarás áitiúil, agus beidh an fo-alt arna leasú dá réir sin.

(2) Déanfar gach suim a gheobhfar faoin alt sin 75 a chionroinnt go cothrom idir an tAire Oideachais agus an t-údarás áitiúil atá freagarthach faoin bPríomh-Acht i gcothabháil an chiontóra óig nó an linbh.

(3) Déanfar gach suim a cionroinnfear ar an Aire Oideachais faoin alt seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

(4) Is fo-ailt iad fo-ailt (2) agus (3) in ionad fo-alt (7) agus (12) (a cuireadh isteach le halt 22 d'Acht 1941) d'alt 75 den Phríomh-Acht, is fo-ailt a hathghairmtear leis an Acht seo.

Alt 118 den Phríomh-Acht a leasú.

10. —Déantar leis seo alt 118 den Phríomh-Acht, a fhorchuireas pionós ar fhuaidirí a choisceas leanaí os cionn cúig bliana d'aois ó oideachas d'fháil, a leasú trí thagairtí do shé bliana d'aois a chur in ionad tagairtí do chúig bliana d'aois.

Athghairm.

11. —Déantar leis seo na hachtacháin dá dtagartar sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athgairm a mhéid a sonraítear i gcolún (3).

Gearrtheideal agus comhlua.

12. —(1) Féadfar Acht na Leanaí (Leasú), 1957 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta na Leanaí, 1908 go 1957, a ghairm d'Achta na Leanaí, 1908 go 1949, agus den Acht seo le chéile.

AN SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Alt 11.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hathghairme

(1)

(2)

(3)

8 Edw. VII, c. 67.

Children Act, 1908.

Ailt 1 agus 73; fo-ailt (7) agus (12) d'alt 75.

Uimh. 15 de 1934 .

Acht na Leanaí, 1934.

Alt 3.

Uimh. 12 de 1941 .

Acht na Leanaí, 1941.

Alt 19; míreanna (d), (e) agus (f) d'alt 22.