3 1958


Uimhir 3 de 1958.


AN tACHT UM ÁITRIBH OIFIGE, 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH FORÁL I dTAOBH CAOMHAINT SLÁINTE, LEASA AGUS SLÁNDÁLA DAOINE ATÁ AR FOSTÚ IN OIFIGÍ.                               [19 Feabhra, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Aitribh Oifige, 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.

(3) D'ainneoin fo-ailt (2) den alt seo má taispeántar chun sástachta an Aire, maidir le haon cheanglas áirithe dá bhfuil san Acht seo, gur chóir, toisc caiteachas mór a ghabháil lena bheith riachtanach foirgnimh nua a sholáthar, nó foirgnimh atá ann d'athrú, nó toisc deacrachtaí speisialta eile, nach dtiocfadh an ceanglas sin i ngníomh an lá a bheas ceaptha faoi fho-alt (2), i gcás oifigí i gcoitinne nó i gcás aon chineáil nó sóirt oifige, féadfaidh sé, le hordú, an dáta a thiocfadh an ceanglas sin i ngníomh d'iarchur i gcás oifigí i gcoitinne, nó i gcás an chineáil nó an tsóirt sin oifige, go dtí pé dáta is oiriúnach leis ach nach déanaí ná dhá bhliain tar éis an lae a bheas ceaptha faoi fho-alt (2).

(4) D'ainneoin fo-ailt (2), tiocfaidh alt 24 i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith.

Léiriú i gcoitinne.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “cineál nó sórt”, maidir le hoifig, grúpa oifigí a tuairiscítear do réir áite;

folaíonn “obair chléireachais” leabhar-choimeád, sórtáil agus comhadú, clóscríobh, macsamhlú doiciméad, meaisín-ríomh, tarraingteoireacht, láimhsiú poist, oibriú telefóin agus telegrafa agus láimhsiú airgid;

folaíonn an briathar “sárú”, maidir le haon fhoráil, diúltú nó mainniú um dhéanamh do réir na forála sin;

tá le “údarás forfheidhmiúcháin” an bhrí a bheirtear dó le halt 25;

folaíonn “múch” gás nó galán;

ciallaíonn “cigire” oifigeach a bheas údaraithe le halt 27 nó faoi chun gníomhú mar chigire chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn an briathar “cothabháil” cothabháil i staid éifeachtúil, in ord éifeachtúil chun oibre, agus i ndea-dheis;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “únaer” an duine atá de thuras na huaire ag fáil cíosa fhorláin an áitribh ar i ndáil leis a húsáidtear an focal, pé acu ar a chuntas féin nó mar ghníomhaire nó iontaobhaí d'aon duine eile é, nó a gheobhadh an cíos forlán dá mbeadh an t-áitreabh ligthe ar chíos forlán;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin ón Aire faoin Acht seo;

ciallaíonn “údarás sláintíochta” údarás sláintíochta do réir bhrí na nAcht Rialtais Áitiúla (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952;

folaíonn “áiseanna sláintíochta” múnlanna, clóiséid uisce, clóiséid chré, losáin, poill luaithrigh, agus aon áis dá samhail sin;

ciallaíonn “rialacháin leasa” rialacháin faoi alt 23.

(2) Chun críocha an Achta seo, measfar printíseach a bheith ina dhuine atá fostaithe.

(3) Forléireofar aon tagairt san Acht seo don Chúirt Dúiche mar thagairt don Bhreitheamh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar Cúirte Dúiche ina bhfuil an oifig atá i gceist.

Oifigí.

3. —(1) San Acht seo ciallaíonn “oifig” aon áitreabh, seomra, sreath seomraí nó cuid eile d'áitreabh ina bhfuil daoine ar fostú le hobair chléireachais.

(2) Ní bhaineann an tAcht seo le hoifig ar lú ná cúigear an méid daoine atá ar fostú inti le hobair chléireachais. Chun críche na forála seo, measfar gur aon oifig amháin na coda uile d'fhoirgneamh nó de ghrúpa foirgneamh ina bhfuil daoine ar fostú le hobair chléireachais ag an bhfostóir céanna, d'ainneoin na coda sin a bheith deighilte ó chéile.

(3) Ní bhaineann an tAcht seo—

(a) le háitreabh ná coda d'áitreabh atá ar áitiú ag Óglaigh na hÉireann,

(b) le háitreabh ná coda d'áitreabh ina ndéantar obair chléireachais trátha neamhrialta ar feadh tréimhsí gearra,

(c) le siopa lena mbaineann Acht na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta), 1938 (Uimh. 4 de 1938) ,

(d) le pé áitribh nó cineálacha áitreabh a ndearbhaítear i rialacháin a rinne an tAire iad a bheith díolmhaithe.

(4) Chun críocha an ailt seo ní measfar duine a bheith fostaithe le hobair chléireachais más é amháin atá inti obair theagmhasach fo nó-obair a hgabhas lena phríomh-shlí bheatha.

Feidhm maidir le hoifigi leis an Stát.

4. —Baineann an tAcht seo le hoifigí leis an Stát nó atá ar áitiú ag an Stát ach, i gcás aon éigeandála poiblí, féadfaidh an tAire, le hordú, díolúine ón Acht seo a thabhairt, a mhéid agus go ceann na tréimhse a hainmneofar san ordú, d'aon oifig leis an Stát nó atá ar áitiú ag an Stát nó d'aon oifig maidir le hobair a bheas á dhéanamh thar ceann an Stáit.

Caiteachais an Aire.

5. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Caiteachais údarás sláintíochta.

6. —Déanfar caiteachais údaráis shláintíochta faoin Acht seo a chruinniú agus d'íoc mar déantar a gcaiteachais faoi na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952, a chruinniú agus d'íoc.

Athghairm.

7. —Déantar leis seo na hAchta a luaitear sa Sceideal d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal.

CUID II.

Sláinte.

Glaineacht.

8. —(1) Coimeádfar gach oifig glan agus, gan dochar don fhoráil sin roimhe seo—

(a) déanfar salachar, cosamar, dramh agus iarmhar ceirde a ghlanadh gach lá, ar mhodh oiriúnach, as na seomraí, de na staighrí agus as na pásáistí uile,

(b) déanfar na hurláir a ghlanadh uair amháin ar a laghad sa tseachtain trína ní nó, más modh éifeachtach oiriúnach é, trína scuabadh nó ar chuma eile.

(2) Nuair a beifear, tráth a bheas obair ar siúl, ag comhlíonadh ceanglas fo-ailt (1), úsáidfear, a mhéid is féidir sin go réasúnach, modhanna nach n-ardóidh deannach.

(3) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, rialacháin a dhéanamh ag modhnú forál an ailt seo nó ag ordú tuilleadh ceanglas maidir le glaineacht agus, go háirithe, gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo, ceanglas maidir le glanadh, péinteáil, aolní nó dath-ní ballaí inmheánacha, pairtín, síleál nó uachtar seomraí, agus ballaí, taobhanna agus uachtar pasáistí agus staighrí.

P ódú.

9. —(1) Ní bheidh oifig, le linn obair a bheith ar siúl, chomh plódaithe sin gur baol dá dheasca díobháil a bhaint do shláinte na ndaoine a fostaítear inti.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1), measfar oifig a bheith chomh plódaithe sin gur baol dá dheasca díobháil a bhaint do shláinte daoine a fostaítear inti má bhíonn an líon daoine a bheas ar fostú san aon-am in aon tseomra chomh mór sin gur lú spás ciúbach in aghaidh gach duine a fostaítear sa seomra ná pé méid a bheas forordaithe i rialacháin a rinne an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, d'oifigí nó d'aon chineál nó sórt oifige.

Teocht.

10. —(1) Déanfar socrú éifeachtúil chun go mbeidh, agus chun go gcothabhálfar, teocht réasúnach i ngach seomra, ach ní húsáidfear aon mhodh a bhéarfas go n-éalóidh isteach in aer aon tseomra an oiread sin agus an saghas sin múiche gur dóigh go ndéanfadh sí díobháil do dhaoine a fostaítear ann nó go mba chol leo í.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, caighdeán teochta réasúnaí d'fhorordú d'oifigí nó d'aon chineál nó sórt oifige nó do choda díobh sin, agus toirmeasc a chur le húsáid aon mhodhanna chun teocht réasúnach a chothabháil is dóigh leis a dhéanfadh díobháil do na daoine ar fostú, agus féadfaidh a ordú go gcuirfear ar fáil agus go gcothabhálfar teomhéadair i pé áiteanna agus ionad a sonrófar.

Aerú.

11. —(1) Déanfar socrú éifeachtúil oiriúnach chun gach seomra a leor-aerú agus a choimeád á leor-aerú trí aer úr a chur ag gluaiseacht ann agus chun séideáin dhíobhálacha a chosc.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, caighdeán leor-aerúcháin d'fhorordú d'oifigí nó d'aon chineál nó sórt oifige nó do choda díobh sin.

Soilsiú.

12. —(1) Déanfar socrú éifeachtúil chun go mbeidh, agus chun go gcothabhálfar, leor-sholas oiriúnach, aiceanta nó saorga, i ngach cuid d'oifig a mbíonn daoine ag obair ann nó ag gabháil tríd.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, caighdeán leor-shoilsiúcháin oiriúnaigh d'fhorordú d'oifigí, nó d'aon chineál nó sórt oifige, nó do choda díobh sin, nó d'aon tsórt obair chléireachais.

(3) Déanfar, chomh fada agus is féidir sin, gach fuinneog agus forléas gloine lena soilsítear seomraí a choimeád glan laistigh agus lasmuigh agus saor ó bhacainn.

(4) Ní dhéanfaidh fo-alt (3) den alt seo difir d'aolní, ná do scáthadh, fuinneog agus forléas d'fhonn teas nó greantacht a mhaolú ná d'úsáid réasúnach a dhéanamh de scáileáin chosanta nó scáileáin tréimhshoilseacha.

(5) Chomh fada agus is féidir é le réasún, déanfar socruithe ionas nach mbeidh—

(a) lonnracht an tsolais, ná

(b) scáthadh neamh-oiriúnach, ná

(c) foinsí solais nó ionaid oibre a bheith suite go míchórach,

ina chúis mhíchompóirte ná díobhála ó ghreantacht nó scalladh isteach i súile an oibrí.

Áiseanna sláintíochta.

13. —(1) Déanfar áiseanna sláintíochta a bheas leordhóthaineach agus oiriúnach do na daoine a fostaítear in oifig a chur ar fáil, a chothabháil agus a choimeád glan.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, rialacháin a dhéanamh a chinnfeas d'oifigí nó d'aon chineál nó sórt oifige cad atá leordhóthaineach agus oiriúnach chun críocha an ailt seo.

Seomraí neamhóiriúnacha.

14. —(1) Ní déanfar aon obair chléireachais in aon tseomra a ndeimhneoidh an t-údarás forfheidhmiúcháin go bhfuil sé neamhóiriúnach chuige sin maidir le déanamh, airde, solas nó aerú, nó ar aon fhoras sláinteachais, nó ar an bhforas nach bhfuil leor-dheis éaluithe ó thóiteán ag gabháil leis.

(2) I gcás ina ndeimhneoidh an t-údáras forfheidhmiúcháin faoi fho-alt (1) aon tseomra atá á úsáid a bheith neamhoiriúnach, fionróidh an t-údarás oibriú an deimhnithe go ceann pé tréimhse is dóigh leis an údarás a bheith réasúnach le go bhféadfar an seomra a dhéanamh oiriúnach nó go bhféadfaidh an t-áititheoir áitreabh eile d'fháil agus seirbheálfaidh an t-údarás cóip den deimhniú, agus fógra i dtaobh aon fhionraí air, ar an áititheoir agus ar an únaer.

(3) Má bhíonn an t-áititheoir nó an t-únaer míshásta le haon bhreith ón údarás forfheidhmiúcháin faoin alt seo—

(a) féadfaidh sé, laistigh de lá agus fiche ó dháta an deimhniú d'eisiúint, achomharc ar mhodh gearáin a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche,

(b) measfar, nó go ndéantar cinneadh críochnaitheach ar achomharc i gcoinne breithe faoi fho-alt (1) i gcás seomra atá á úsáid, nach bhfuil cion déanta i ndáil leis an bhfo-alt sin maidir leis an seomra lena mbaineann an t-achomharc,

(c) beidh breith na Cúirte ina ceangal i ngach cás ar an áititheoir, ar an únaer agus ar an údarás forfheidhmiúcháin.

Baint Choda VI d'Acht na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta), 1938 , le hoibrithe cléireachais.

15. —Bainfidh Cuid VI d'Acht na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta), 1938 (Uimh. 4 de 1938) , le daoine ar fostú le hobair chléireachais i siopa nó i ndáil le siopa, amhail is dá mba chun obair siopa a bhíodar fostaithe.

Rialacháin shláinte.

16. —(1) I gcás inar deimhin leis an Aire, maidir le haon ábhar, substaint, próis nó sórt oibre, a husáidtear in oifigí, gur de shaghas é go mba chúis fiontair díobhála é do shláinte daoine ar fostú nó d'aon aicme de na daoine sin, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, pé rialacháin a dhéanamh ar dóigh leis gur féidir, le réasún, déanamh dá réir agus a riarfadh ar riachtanais an cháis.

(2) I dteannta nithe eile a dhéanamh, féadfaidh rialacháin faoin alt seo—

(a) toirmeasc a chur le fostú, nó modhnú nó tórainniú a dhéanamh ar uaire fostaíochta, gach duine nó aon aicme áirithe daoine i ndáil le haon phróis nó sórt oibre,

(b) úsáid agus stóráil aon ábhair nó substainte, nó úsáid aon phróise, a thoirmeasc, a thórainniú nó a rialú,

(c) aon fhorála den Acht seo a fhorchuireas ceanglais maidir le sláinte nó sábháltacht a mhodhnú i gcás aon chineál nó sórt oifige,

(d) dualgais d'fhorchur ar únaerí, daoine fostaithe agus daoine eile i dteannta a bhforchur ar áititheoirí.

(3) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo feidhm a bheith acu maidir le gach oifig ina n-úsáidtear an t-ábhar, an tsubstaint, an phróis nó an sórt oibre nó maidir le haon chineál nó sórt sonraithe oifige den tsórt sin agus féadfaidh foráil a bheith iontu chun aon chineál nó sórt sonraithe oifige a dhíolmhadh go hiomlán nó faoi réir coinníollacha.

CUID III.

Sábháltacht.

Déanamh urlár, pasáistí agus staighrí, agus a gcothabháil.

17. —(1) Beidh déanamh fónta ar gach urlár, céim, staighre, ardaitheoir, pasáiste agus coisbhealach agus cothabhálfar i gceart iad.

(2) Cuirfear ar fáil agus cothabhálfar lámh-ráille taithiceach ar gach staighre atá i bhfoirgneamh nó a bheir slí amach as foirgneamh, agus má tá taobh oscailte ar an staighre is ar an taobh sin a bheas sé agus, i gcás staighre a bhfuil an dá thaobh oscailte air, nó staighre lena ngabhann baol speisialta tionóisce mar gheall ar an déanamh atá air nó an staid ina bhfuil uachtar na gcéimeanna nó imthosca speisialta eile, cuirfear ar fáil agus cothabhálfar lámh-ráille den tsórt sin ar an dá thaobh. Ina theannta sin, déanfar ráille íochtair nó cóir éifeachtúil eile a chur mar chosaint ar aon taobh oscailte de staighre agus a chothabháil.

Slí éaluithe i gcás tóiteáin.

18. —(1) Le linn d'aon duine a bheith istigh in oifig le haghaidh fostaíochta nó béilí, ní déanfar doirse na hoifige, ná doirse aon tseomra inti ina mbeidh an duine sin, ná aon doirse a bheir slí amach do dhaoine a fostaítear san oifig as aon fhoirgneamh nó as aon iadhlann ina bhfuil an oifig, a ghlasáil ná a cheangal ar chuma nach féidir iad d'oscailt láithreach go héasca ón taobh istigh.

(2) Déanfar na nithe a bheas in aon tseomra ina bhfostaítear daoine a shocrú nó d'eagrú ar chuma go mbeidh bealach réidh chun slí éaluithe i gcás tóiteáin ag daoine a fostaítear sa tseomra.

(3) Marcálfar go sainiúil feiceálach le fógra i litreacha dearga leormhóra gach fuinneog, doras nó bealach amach eile a bheir slí éaluithe i gcás tóiteáin, nó a bheir rochtain ar an gcéanna, seachas an bealach nó na bealaigh amach a bhíos i ngnáth-úsáid.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'oifigí, nó d'aon chineál nó sórt oifige, á cheangal socrú a dhéanamh chun pé rabhadh a thabhairt a bheas forordaithe i gcás tóiteáin.

(5) Déanfar bearta éifeachtúla chun a chinntiú go mbeidh na daoine go léir a fostaítear taithíoch ar na slite éaluithe i gcás tóiteáin agus ar a n-úsáid agus ar an rud is ceart a dhéanamh i gcás tóiteáin.

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'oifigí nó do gach cineál nó sórt oifige á cheangal go ndéanfar socrú le haghaidh saoráidí coiscthe tóiteáin.

CUID IV.

Leas.

Soláthar d'uisce óil.

19. —Cuirfear ar fáil, mar a mbeidh sé so-rochtana, leorsholáthar d'uisce óil folláin le haghaidh daoine a fostaítear.

Saoráidí níocháin.

20. —(1) Cuirfear ar fáil agus cothabhálfar chun úsáide daoine a fostaítear leor-shaoráidí oiriúnacha le haghaidh níocháin agus beidh na saoráidí so-rochtana agus coimeádfar glan ordúil iad.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, caighdeán do leor-shaoráidí oiriúnacha níocháin d'fhorordú, go ginearálta nó maidir le haon chineál nó sórt oifige nó maidir le haon chineál áirithe oibre.

(3) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, a fhoráil, le rialacháin, go ndéanfar oifigí a dhíolmhadh ón aon cheann de cheanglais an ailt seo i gcásanna inar dóigh leis go mbeadh sé míréasúnach feidhm a thabhairt don cheanglas toisc a dheacracht a bheadh sé leor-sholáthar uisce d'fháil, nó toisc cóiríocht a bheith gann agus leor-shaoráidí oiriúnacha níocháin a bheith ar fáil go háisiúil ar chuma eile, nó de bhíthin pé imthosca speisialta eile a sonrófar sna rialacháin.

Saoráidí chun suí síos.

21. —(1) Má bhíonn ag aon daoine fostaithe caoi réasúnach, i gcúrsa a bhfostaíochta, chun suí síos gan dochar dá gcuid oibre, nó más féidir le daoine fostaithe cion maith d'aon obair a bhíos ar siúl acu a dhéanamh go cuí ina suí dhóibh, cuirfear ar fáil agus cothabhálfar dóibh saoráidí oiriúnacha chun suite.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, caighdeán do shaoráidí oiriúnacha chun suite d'fhorordú d'oifigí nó d'aon chineál nó sórt oifige, nó do choda díobh, nó d'aon chineál áirithe oibre.

Céad-chabhair.

22. —I ngach oifig cuirfear ar fáil agus cothabhálfar, i dtreo go mbeidh teacht go réidh ar an gcéanna, bosca nó cupard céadchabhrach amháin nó níos mó a bheas feistithe mar is cóir.

Rialacháin leasa.

23. —(1) Más dóigh leis an Aire gur gá socrú a dhéanamh maidir le haon cheann de na nithe lena mbaineann an t-alt seo ar mhaithe le leas na ndaoine a fostaítear nó aon aicme dhíobh, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, rialacháin (dá ngairmtear rialacháin leasa san Acht seo) a dhéanamh á cheangal pé bearta réasúnacha, a sonrófar sna rialacháin, a dhéanamh i ndáil leis sin, i dteannta nó in ionad, nó trí leathnú nó athrú, aon fhorála acu sin roimhe seo den Chuid seo.

(2) Baineann an t-alt seo leis na nithe seo a leanas —

(a) na nithe a bhforáltar ina leith sna forála roimhe seo den Chuid seo,

(b) cóiríocht d'éadaí,

(c) saoráidí chun béilí d'ullmhú agus a chaitheamh,

(d) soláthar éadaigh chosanta,

(e) socruithe le haghaidh othar-chúraim agus céad-chabhrach,

(f) seomraí scíthe,

(g) socruithe chun daoine a fostaítear a mhaoirsiú.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon oifig nach bhfuil d'fhostaithe inti ach daoine den aon-teaghlach a chónaíos inti.

(4) I gcás rialachán leasa—

(a) féadfar iad a dhéanamh d'oifig áirithe nó d'aon chineál nó sórt oifige,

(b) féadfar iad a dhéanamh ar an gcoinníoll nach foláir, maidir le ceanglais áirithe, líon nó cion sonraithe de na daoine fostaithe a bheas i gceist dá n-iarraidh, agus féadfaid an modh ar a bhfaighfear tuairimi na ndaoine fostaithe d'fhorordú,

(c) féadfaid foráil a dhéanamh i dtaobh na ndaoine fostaithe a bheas i gceist a bheith páirteach i mbainistí na socraíochtaí, na cóiríochta nó na saoráidí eile dá ndéantar socrú, in aon chás ina ndéanann na daoine fostaithe ranníoc i leith an chostais; ach ní ceanglófar ar na daoine a fostaítear in aon oifig aon ranníoc a dhéanamh, ach amháin chun sochair bhreise nó speisialta a chur ar fáil ar dóigh leis an Aire nach bhféadfaí go réasúnach a cheangal ar an bhfostóir féin amháin iad a chur ar fáil, agus mura dtoilí dhá dtrian ar a laghad de na fostaithe lena mbaineann san oifig sin, ar a dtuairimí d'fháil ar an modh forordaithe.

(5) Féadfaidh rialacháin leasa dualgais a chur ar únaerí agus, chomh fada is bhainfeas le húsáid aon tsaoráidí a cuirfear ar fáil, ar dhaoine fostaithe.

(6) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, na hábhair lena mbaineann an t-alt seo a leathnú chun go mbeidh ar áireamh orthu ábhair eile a bhaineas le leas daoine fostaithe nó aon aicme dhíobh.

CUID V.

Riarachán.

Comhairle Chomhairlitheach.

24. —(1) Beidh comhairle ann ar a mbeidh cathaoirleach agus aon ghnáth-chomhalta déag ar a mhéid (dá ngairmtear an Chomhairle Chomhairlitheach san Acht seo) chun na feidhmeanna a bheirtear di leis an alt seo a chomhlíonadh.

(2) Déanfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach breithniú, agus bhéarfaid comhairle don Aire i dtaobh aon nithe a tharlós de dhroim nó i leith an Achta seo a chur i bhfeidhm (lena n-áirítear aon tograí ón Aire chun aon orduithe nó rialacháin a dhéanamh, a leasú nó a chúlghairm faoin Acht seo) agus a tharchuirfeas an tAire chun na Comhairle.

(3) Féadfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach, do réir mar mheasfaid is gá ó am go ham, an tAire a chomhairliú ar na nithe seo a leanas—

(a) an riachtanas atá le haon orduithe nó rialacháin a dhéanamh, a leasú, nó a chúlghairm faoin Acht seo,

(b) nithe a bhaineas le forála an Achta seo nó orduithe nó rialacháin faoin Acht seo a chur i bhfeidhm.

(4) Is é an tAire a cheapfas Cathaoirleach agus gnáth-chomhaltaí na Comhairle Comhairlithí.

(5) Déanfar an chéad cheapachán acu sin a luaithe is féidir é tar éis an tAcht seo a rith agus déanfar ceapacháin dá éis sin ó am go ham do réir mar is gá.

(6) Beidh ar na daoine a cheapfas an tAire chun bheith ina ngnáth-chomhaltaí den Chomhairle Chomhairlitheach daoine ó eagrais d'fhostaithe, ó eagrais d'fhostóirí agus ó údaráis sláintíochta.

(7) Beidh Cathaoirleach agus gnáth-chomhaltaí na Comhairle Comhairlithí i seilbh oifige go ceann pé tréimhse a chinnfeas an tAire.

(8) Féadfar pé luach saothair agus liúntas i leith caiteachais a chinnfeas an tAire le toiliú an Aire Airgeadais d'íoc le cathaoirleach na Comhairle Comhairlithí.

(9) Ar an gComhairle Chomhairlitheach dá iarraidh sin agus ar an Aire do thoiliú leis, féadfaidh cigire is oifigeach don Aire freastal ar chruinniú den Chomhairle Chomhairlitheach chun aon eolas a thabhairt a iarrfas an Chomhairle Chomhairlitheach d'fhonn a feidhmeanna a chomhlíonadh.

(10) Ar an gComhairle Chomhairlitheach dá iarraidh sin agus ar údarás sláintíochta do thoiliú leis, féadfaidh oifigeach a ainmneos an t-údarás sláintíochta sin freastal ar chruinniú den Chomhairle Chomhairlitheach chun aon eolas a thabhairt a iarrfas an Chomhairle Chomhairlitheach d'fhonn a feidhmeanna a chomhlíonadh.

Údarás forfheidhmiúcháin.

25. —Is é a chuirfeas forála an Achta seo i bhfeidhm—

(a) i gcás oifigí atá ar áitiú ag an Stát—an tAire,

(b) i gcás oifigí in áiteanna lena mbaineann an tAcht Monarchan, 1955 (Uimh. 10 de 1955) ,—an t-údarás sláintíochta maidir le halt 13, agus an tAire maidir le forála eile an Achta seo,

(c) i ngach cás eile—an t-údarás sláintíochta,

agus forléireofar “údarás forfheidhmiúcháin” dá réir sin.

Deimhnithe díolúine.

26. —(1) Féadfaidh údarás forfheidhmiúcháin, le deimhniú, díolúine a thabhairt ó gach ceann nó aon cheann d'fhorála an Achta seo nó rialachán faoi d'aon áitreabh arb é, agus a mhéid arb é, an t-údarás forfheidhmiúcháin é ina leith.

(2) Ní deonfar deimhniú in aghaidh tréimhse is sia ná dhá bhliain, ach féadfar é d'athnuachan go ceann tréimhse eile, nach sia ná bliain.

(3) Féadfar coinníollacha a chur le deimhniú a dheonadh nó d'athnuachan.

Cigirí.

27. —(1) Féadfaidh údarás forfheidhmiúcháin a údarú d'aon duine dá oifigigh nó do dhuine oiriúnach eile gníomhú mar chigire chun críocha feidhmeanna an údaráis fhorfheidhmiúcháin sin faoin Acht seo.

(2) Aon chigire atá arna cheapadh ag an Aire faoin Acht Monarchan, 1955 (Uimh. 10 de 1955) , is cigire é chun críocha an Achta seo.

Cumhachta cigirí.

28. —(1) Beidh ag cigire, chun an tAcht seo d'fhorghníomhú, cumhacht chun gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá—

(a) dul isteach in oifig agus i ngach cuid di agus í d'iniúchadh agus a scrúdú gach tráth réasúnach, de ló agus d'oíche, nuair a bheas cúis réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil aon duine ar fostú inti, agus dul isteach de ló in aon áit a bhfuil cúis réasúnach aige a chreidiúint gur oifig é agus in aon chuid d'aon fhoirgneamh ar oifig cuid de agus a bhfuil cúis réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil ábhair phléascacha nó sárlasúla ar stór nó á n-úsáid ann;

(b) comhalta den Gharda Síochána a thabhairt leis má tá cúis réasúnach amhrais aige go gcuirfear aon an-chosc air ag déanamh a dhualgais dó;

(c) a cheangal go dtabharfar ar aird aon doiciméid is gá a choimeád de bhun rialachán faoin Acht seo, agus aon cheann acu d'iniúchadh, a scrúdú agus cóip a dhéanamh dhe;

(d) pé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá chun a fhionnadh an bhfuil forála an Achta seo, agus na n-achtachán atá de thuras na huaire i bhfeidhm maidir le sláinte phoiblí, á gcomhlíonadh, chomh fhada is bhaineas le hoifig agus le haon daoine a fostaítear in oifig;

(e) a cheangal ar aon duine a gheobhas sé in oifig agus a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil sé ar fostú san oifig pé eolas a thabhairt atá ar a chumas a thabhairt i dtaobh cé hé áititheoir na hoifige;

(f) scrúdú a dhéanamh, ina aonar nó i láthair aon duine eile, do réir mar is oiriúnach leis, maidir le nithe faoin Acht seo, ar gach duine a gheobhas sé in oifig, nó a bhfuil cúis réasúnach aige a chreidiúint gur duine é atá, nó a bhí laistigh den dá mhí roimhe sin, ar fostú in oifig, agus a cheangal ar gach duine den tsaghas sin dul faoi scrúdú amhlaidh agus dearbhú a shíniú ar fhírinne na nithe ar scrúdaíodh amhlaidh é ina dtaobh;

(g) pé cumhachta eile d'fheidhmiú is gá chun an tAcht seo a chur in éifeacht.

(2) Ní ceanglófar ar aon duine, de bhuaidh míre (f) d'fho-alt (1), aon cheist d'fhreagairt ná aon fhianaise a thabhairt a raghadh chun a inchoirithe féin.

(3) Bhéarfaidh áititheoir gach oifige, a ghníomhairí agus a sheirbhísigh, do chigire deiseanna, mar cheanglós sé agus mar bheas riachtanach le haghaidh aon dul isteach, iniúchadh, scrúdú, fiosrú, nó aon chumhachta eile faoin Acht seo, maidir leis an oifig sin.

(4) Má chuireann aon duine moill go toiliúil ar chigire agus é ag feidhmiú aon chumhachta faoin alt seo nó má mhainníonn sé déanamh do réir ceanglais chigire de bhun an ailt seo, nó aon doiciméad a thabhairt ar aird a ceanglófar air a thabhairt ar aird de bhun rialachán faoin Acht seo, nó má dhéanann sé go toiliúil aon eolas, i dtaobh cé hé áititheoir aon oifige, a choimeád siar nó aon duine a cheilt nó a bhac, nó iarracht a thabhairt ar é a cheilt nó a bhac, chun nach dtiocfaidh sé i láthair chigire nó nach raghaidh faoi scrúdú aige, measfar an duine sin do chur coisc ar chigire agus é ag feidhmiú a dhualgas faoin Acht seo.

(5) Má coisctear cigire agus é ag feidhmiú a chumhacht nó a dhualgas faoin Acht seo—

(a) más in oifig a coiscfear é, beidh an t-áititheoir, agus freisin, murarb é an t-áititheoir féin a choisc an cigire an duine a choisc an cigire, ciontach i gcion,

(b) in aon chás eile, beidh an duine a choisc an cigire ciontach i gcion.

Deimhniú údaráis chun gníomhú mar chigire.

29. —Bhéarfar do gach cigire deimhniú ar a údarás chun gníomhú mar chigire, agus ar é d'fhiosrú oifige nó áite lena mbaineann aon cheann d'fhorála an Achta seo, déanfaidh sé, má hiarrtar sin air, an deimhniú sin a thabhairt ar aird don áititheoir nó d'aon duine eile ag a bhfuil post freagarthach bainistíochta san oifig nó san áit.

Forála maidir le rialacháin, orduithe agus deimhnithe ón Aire.

30. —(1) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(2) Sara ndéana an tAire aon orduithe nó rialacháin faoin Acht seo, tarchuirfidh sé a thograí chun na Comhairle Comhairlithí.

(3) Féadfar aon rialacháin ón Aire faoin Acht seo a dhéanamh le haghaidh tréimhse tóranta nó gan aon tórainn ar a dtréimhse agus faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire, agus féadfaidh pé forála forlíontacha agus iarmartacha a bheith sna rialacháin is dóigh leis is gá le lán-éifeacht a thabhairt do na rialacháin agus féadfar, ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt go sainráiteach san Acht seo, na rialacháin d'athrú nó a chúlghairm le rialacháin ina dhiaidh sin a déanfar amhail mar a rinneadh na rialacháin bhunaidh.

(4) Ach amháin mar foráltar a mhalairt, aon deimhniú a eiseos údarás forfheidhmiúcháin faoin Acht seo, féadfar é d'eisiúint le haghaidh tréimhse tóranta nó gan aon tórainn ar a thréimhse, agus féadfaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin é d'athrú nó a chúlghairm.

CUID VI.

Cionta, Pionóis agus Imeachta Dlí.

Cionta i gcoitinne

31. —(1) Má déantar sárú in oifig, nó i ndáil léi nó maidir léi, ar aon fhoráil den Acht seo nó ar aon rialachán faoi, beidh áititheoir, nó (más sárú é a ndéantar an t-únaer freagarthach ina leith leis an Acht seo nó faoi) únaer na hoifige, faoi réir a bhforáltar ina dhiaidh seo san Acht seo, ciontach i gcion.

(2) Má sháraíonn duine fostaithe alt 46 nó ma sháraíonn duine ar bith aon rialachán faoin Acht seo a chuireas aon dualgas air go sainráiteach, beidh an duine sin ciontach i gcion agus ní bheidh an t-áititheoir nó an t-únaer, pé acu é, ciontach i gcion de dheasca amháin gur sáraíodh an t-alt sin, nó gur sáraíodh an rialachán, pé acu é, mura gcruthaítear gur mhainnigh sé gach beart réasúnach a dhéanamh chun an sárú a chosc, ach ní measfar go mbaineann an fo-alt seo le haon dliteanas de chuid an áititheora nó an únaera i leith na nithe céanna de bhuaidh forála éigin eile seachas an t-alt sin nó an rialachán sin.

(3) Má bhaineann áititheoir oifige leas as aon eisceacht speisialta a ceadaítear leis an Acht seo nó faoi agus go mainneoidh sé aon choinníoll dá ngabhann leis an eisceacht a chomhlíonadh, measfar sárú a bheith déanta aige ar an bhforáil iomchuí den Acht seo nó ar rialachán faoi.

(4) Má cruthaítear i gcás ciona faoin Acht seo a rinne cuideachta go ndearnadh an cion le toiliú nó cúlcheadú, nó gur héascaíodh a dhéanamh trí mhainneachtaint, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile de chuid na cuideachtan, measfar eisean, chomh maith leis an gcuideachta, a bheith ciontach sa chion agus dlífear imeachta a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir.

Pionóis.

32. —Faoi réir a bhforáltar ina dhiaidh seo san Acht seo, aon duine a bheas ciontach i gcion faoin Acht seo, dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air agus, má leantar tar éis an chiontuithe den tsárú ar ciontaíodh ina leith amhlaidh é, beidh sé (faoi réir ailt 33) ciontach i gcion eile agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach lae a leanadh amhlaidh den tsárú.

Cumhacht na cúirte chun a ordú go leigheasfar ábhar sáruithe.

33. —Má ciontaítear áititheoir nó únaer oifige i gcion faoin Acht seo, féadfaidh an chúirt, i dteannta nó in ionad fíneáil a chur air, ordú a thabhairt dó pé bearta a sonrófar san ordú a dhéanamh, laistigh den am a sonrófar amhlaidh, chun na nithe a leigheas ar tharla an sárú ina leith, agus féadfaidh sí, ar iarratas d'fháil, an t-am a bheas sonraithe amhlaidh d'fhadú, agus i gcás ordú den tsaghas sin a dhéanamh ní bheidh an t-áititheoir nó an t-únear faoi dhliteanas do réir an Achta seo maidir leis an sárú a bheith ar leanúint le linn an ama a cheadós an chúirt, ach más rud é, ar bheith caite don am sin do réir mar sonraíodh i gcéadóir nó mar fadaíodh le hordú ina dhiaidh sin é, nach mbeidh an t-ordú comhlíonta, beidh an t-áititheoir nó an t-únaer, pé acu é, ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den neamhchomhlíonadh.

Brionnú ar dheimhnithe, etc.

34. —Duine ar bith—

(a) a bhrionnós nó a ghóchumfas aon deimhniú is gá do réir nó faoi réim nó chun críocha an Achta seo nó aon orduithe nó rialacháin faoi,

(b) a bhéarfas nó a shíneos aon deimhniú den tsaghas sin agus a fhios aige é a bheith bréagach in aon tsonra ábhartha,

(c) a rithfeas nó a úsáidfeas go feasach aon deimhniú den tsaghas sin a bheas brionnaithe, góchumtha nó bréagach mar adúradh,

(d) a rithfeas nó a úsáidfeas go feasach, mar dheimhniú a bhaineas le duine ar bith, aon deimhniú den tsaghas sin nach mbaineann leis an duine sin,

(e) a phearsanós aon duine a bheas ainmnithe in aon deimhniú den tsaghas sin,

(f) a chuirfeas i gcéill go bréagach gur cigire é,

(g) a chúlcheadós go toiliúil aon bhrionnú, góchumadh, tabhairt, síniú, rith, úsáid, pearsanú nó cur-i-gcéill mar adúradh,

(h) a chuirfeas go toiliúil taifead bréagach in aon doiciméad is gá, de bhun rialachán faoin Acht seo, a choimeád nó a sheirbheáil nó a chur ar aghaidh,

(i) a dhéanfas nó a shíneos go toiliúil dearbhú bréagach agus é ag déanamh nó ag síniú dearbhuithe is gá do réir nó faoi réim nó chun críche an Achta seo nó aon rialacháin faoi,

(j) a úsáidfeas go feasach aon taifead nó dearbhú bréagach mar adúradh,

beidh sé ciontach i gcion.

Freagarthacht únaera foirgneamh.

35. —I gcás ina bhfuil uimhir oifigí san aon-fhoirgneamh nó i gcás nach n-úsáidtear ach cuid d'fhoirgneamh mar oifig, beidh únaer an fhoirgnimh freagarthach faoin Acht seo sna nithe seo a leanas:

(a) déanamh, cothabháil, soilsiú agus glaineacht áiseanna sláintíochta, urlár, céimeanna, staighrí, ardaitheoirí, pasáistí, stangart agus coda eile den fhoirgneamh nach bhfuil aon-cheart a n-úsáidte agus a n-áitithe ag áititheoir áirithe,

(b) socruithe maidir le slite éaluithe agus réamhchúraim i gcás tóiteáin sa mhéid go mbaineann na socruithe sin le nithe faoi urláimh an únaera.

Cion a bhfuil an t-áititheoir nó an t-únaer faoi dhliteanas ina leith dá dhéanamh iarbhír ag duine eile.

36. —Más rud é i gcás gníomh nó mainneachtana a bhfuil áititheoir nó únaer faoi dhliteanas ina leith faoin Acht seo gur gníomhaire nó seirbhíseach nó oibrí éigin, nó duine éigin eile, a rinne iarbhír an gníomh nó an mhainneachtaint, beidh an gníomhaire, an seirbhíseach, an t-oibrí nó an duine eile sin ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear an fhíneáil chéanna a chur air a cuirfí air dá mba é an t-áititheoir nó an t-únaer é, do réir mar bheas.

An t-áititheoir nó an t-únaer a dhíolmhadh i gcásanna áirithe.

37. —Má cúisítear áititheoir nó únaer oifige i gcion faoin Acht seo, is cosaint mhaith dhó a chruthú go ndearna sé gach dícheall chun comhlíonadh na forála iomchuí den Acht seo nó de rialachán nó d'ordú faoi a chur i bhfeidhm.

Imeachta i gcoinne daoine seachas áititheoirí nó únaerí.

38. — I gcás ina ndéantar faoin Acht seo aon duine a chur in ionad an áititheora nó an únaera maidir le haon fhorála den Acht seo, ansin, más rud é chun críche aon fhorála acu go gceanglaítear nó go n-údaraítear leis an Acht seo nó faoi aon ordú, toghairm, fógra nó imeacht a sheirbheáil ar an áititheoir nó ar an únaer nó a thionscnamh ina leith, ceanglaítear nó údaraítear (do réir mar bheas) leis seo é a sheirbheáil ar an duine sin nó a thionscnamh ina leith.

Inchúiseamh i leith cionta, etc.

39. —(1) Féadfaidh an t-údaras forfheidhmiúcháin inchúiseamh a dhéanamh i leith aon chiona faoin Acht seo.

(2) Aon chion faoin Acht seo a líomhantar é a bheith arna dhéanamh ag únaer nó áititheoir oifige, féadfaidh duine a fostaítear san oifig sin, nó oifigeach do cheardchumann ar comhalta dhe an duine sin, inchúiseamh a dhéanamh ina leith.

(3) I dtoghairm i leith ciona faoin Acht seo is leor a líomhnadh gur oifig do réir bhrí an Achta seo an oifig agus ainm an duine a ndealraíonn sé gurb é áititheoir na hoifige é nó, más gnólucht an t-áititheoir, ainm an ghnóluchta a lua.

(4) Má déantar aon chion faoin Acht seo trí mhainneachtaint i scrúdú a dhéanamh, tuarascáil a chur isteach nó rud éigin eile a dhéanamh, tráth forordaithe nó laistigh de thréimhse fhorordaithe, measfar an cion a bheith ar leanúint go dtí go mbeidh an scrúdú déanta, an tuarascáil curtha isteach nó an rud eile déanta, pé acu é.

Achomhairc i gcoinne orduithe a rinneadh ar ghearán.

40. —Aon duine arb ábhar éagóra aige ordú a rinne an Chúirt Dúiche ag cinneadh gearáin faoin Acht seo, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh ina choinne chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda ar laistigh dá chuaird atá an teach cúirte inar tugadh breith na Cúirte Dúiche, agus beidh breith an bhreithimh den Chúirt Chuarda ar aon achomharc den tsaghas sin ina breith chríochnaitheach dochloíte agus ní féadfar achomharc a dhéanamh ina coinne.

Forála speisialta maidir le fianaise.

41. —Má gheibhtear duine in oifig (nach oifig gan d'fhostaithe inti ach daoine den aon-teaghlach a chónaíos inti) aon tráth a bheas obair ar siúl taobh amuigh de thrátha béilí nó scíthe, measfar chun críocha an Achta seo, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith ar fostú an tráth sin san oifig.

Doiciméid a sheirbheáil agus a chur ar aghaidh.

42. —(1) Aon doiciméad (lena n-áirítear aon toghairm nó ordú) a gceanglaítear nó a n-údaraítear faoin Acht seo é a sheirbheáil ar dhuine ar bith, nó a chur chuige féadfar é a sheirbheáil nó é a chur ar aghaidh—

(a) trína sheachadadh don duine sin nó, i gcás comhpháirtíochta, d'aon duine de na comhpháirtithe, nó trína chur leis an bpost cláraithe go dtí áit chónaithe an duine sin,

(b) i gcás únaera nó áititheora oifige, ar aon mhodh acu sin adúradh nó tríd an doiciméad nó cóip dhílis de a sheachadadh d'aon duine san oifig a dhealraíos gan a bheith faoi bhun sé bliana déag d'aois.

(2) Féadfar aon doiciméad dá dtagartar i bhfo-alt (1) a sheoladh, chun é a sheirbheáil ar áititheoir oifige nó a chur chuige faoin Acht seo, go dtí “an t-áititheoir” ag seoladh poist ceart na hoifige gan aon ainm ná tuairisc thairis sin.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar cuideachta a cláraíodh faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, a bheith ina cónai ag a hoifig chláraithe, agus measfar gach comhlucht corpraithe eile agus gach comhlucht neamhchorpraithe a bheith ina chónaí ag a phríomh-oifig nó a phríomh-áit ghnótha sa Stát.

Cumhacht na Cúirte Cuarda chun comhaontuithe a mhodhnú.

43. —Má tharlaíonn, de dhroim comhaontuithe idir únaer agus áititheoir áitribh a bhfuil a iomlán nó aon chuid de ligthe mar oifig, go gcoisctear an t-únaer nó an t-áititheoir sin ó aon athruithe déanmhais nó athruithe eile a dhéanamh ar an áitreabh atá riachtanach chun go bhféadfaidh sé aon fhorála den Acht seo nó aon rialachán nó ordú faoi a chomhlíonadh, nó chun bheith i gcomhréir le haon chaighdeán nó ceanglas a forchuirtear leis an Acht seo nó faoi, féadfaidh sé ordú faoin alt seo d'iarraidh ar an gCúirt Chuarda agus féadfaidh an Chúirt, tar éis éisteacht a thabhairt do na páirtithe agus d'aon fhinnéithe is mian leo a ghairm, ordú a dhéanamh a chuirfeas ar ceal, nó a mhodhnós, téarmaí an chomhaontuithe do réir mar is dóigh leis an gCúirt cóir agus is cothrom in imthosca an cháis.

Cumhacht na Cúirte Cuarda chun costais a chionroinnt.

44. —Má tharlaíonn, in aon áitreabh a bhfuil a iomlán nó aon chuid de ligthe mar oifig, gur gá aon athruithe déanmhais nó athruithe eile chun aon fhoráil den Acht seo nó aon rialachán nó ordú faoi a chomhlíonadh nó chun bheith i gcomhréir le haon chaighdeán nó ceanglas a forchuirtear leis an Acht seo nó faoi agus go líomhnóidh an t-únaer nó an t-áititheoir (pé acu é) gur ceart an t-iomlán nó aon chuid de chostais na n-athruithe a bheith ar an áititheoir nó ar an únaer, féadfaidh an t-únaer nó an t-áititheoir ordú faoin alt seo d'iarraidh ar an gCuirt Chuarda agus féadfaidh an Chúirt, tar éis éisteacht a thabhairt do na páirtithe agus d'aon fhinnéithe is mian leo a ghairm, ordú a dhéanamh maidir leis na costais nó lena gcionroinnt do réir mar is dóigh leis an gCúirt is cóir agus is cothrom in imthosca an cháis, ag féachaint do théarmaí aon chonartha idir na páirtithe, nó ar a mhalairt féadfaidh an Chúirt, má iarrann an t-únaer nó an t-áititheoir é, an léas d'fhorceannadh ar pé téarmaí, ag féachaint d'fhorála an léasa sin, is dóigh leis an gCuirt is cóir agus is cothrom.

CUID VII.

Ilghneitheach.

Cóiríocht agus saoráidí a chur ar fáil i gcomhar.

45. —An chóiríocht agus na saoráidí a bheas le cur ar fáil ag aon duine faoin Acht seo féadfaidh an duine sin an céanna a chur ar fáil é féin nó i gcomhar le daoine eile.

Dualgais dhaoine a fostaítear.

46. —Ní bhacfaidh aon duine a fostaítear in oifig, ná ní mhí-úsáidfidh sé, go toiliúil aon deis, fearas, feiste nó rud eile a bheas curtha ar fáil de bhun an Achta seo ar mhaithe le sláinte, sábháltacht nó leas na ndaoine a fostaítear san oifig.

Toirmeasc ar shuimeanna a bhaint as páigh.

47. —Ach amháin mar foráltar a mhalairt go sainráiteach faoin Acht seo, ní dhéanfaidh áititheoir oifige, i leith aon ní atá le déanamh nó le cur ar fáil aige de bhun an Achta seo, aon tsuim a bhaint as an méid a ndeachaigh sé i gconradh é d'íoc le haon duine ar fostú ná aon íocaíocht a ghlacadh, ná a cheadú d'aon duine ar fostú aige í a ghlacadh, ó aon duine den tsaghas sin.

AN SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Alt 7.

Siosón agus Caibidil

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

41 & 42 Vic., c. 52

Public Health (Ireland) Act, 1878.

Ailt 48 agus 107 sa mhéid go mbainid le hoifigí do réir bhrí an Achta seo.

53 & 54 Vic., c. 59

Public Health Acts Amendment Act, 1890.

Alt 22 sa mhéid go mbaineann sé le hoifigí do réir bhrí an Achta seo