|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 11 de 1958. | ||
[EN] |
ACHT NA MÍNGEACHA MILLTEACHA AGUS NA LOITMHÍOLA (COMHDHLÚTHÚ), 1958. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT CHUN ACHTA NA MÍNGEACHA MILLTEACHA AGUS NA LOITMHÍOLA, 1877 GO 1954, AGUS ACHTACHÁIN ÁIRITHE EILE A BHAINEAS LE MÍNGEACHA MILLTEACHA AGUS LOITMHÍOLA A CHOMHDHLÚTHÚ. [7 Bealtaine, 1958]. | ||||||||||||||||||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn an abairt “gníomhairí chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí” seadáin, orgnóirí agus mion-orgánachtaí, ar gach céim nó staid forbartha, a húsáidtear chun cosc a chur le haon mhíngeacha millteacha nó loitmhíola; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | folaíonn an focal “barr”— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) aon bharr talmhaíochta nó garnóireachta, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) crainn, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) toir, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) síol, planda agus aon chuid de shíol nó planda; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | déanfar tagairtí do mhíngeacha millteacha nó loitmhíola d'fhorléiriú mar thagairtí— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) do mhíngeacha a mhilleas barraí, nó | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) do mhúscáin nó loitmhíola eile a mhilleas barraí, nó | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) do bhaictéirí agus orgánachtaí fáis eile nó orgánachtaí ainmhí eile is cúis le galar bairr inaistrithe, nó | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iv) gníomhairí is cúis le galar bairr inaistrithe; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Orduithe chun cosc a chur le míngeacha millteacha nó loitmhíola, nó gníomhairí chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, a thabhairt isteach. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham pé orduithe is fóirstineach leis a dhéanamh chun cosc a chur le haon mhíng mhillteach nó loitmhíol, nó aon ghníomhaire chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, a thabhairt isteach sa Stát. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfaidh ordú faoin alt seo, más oiriúnach leis an Aire, toirmeasc a chur le haon earra a tugadh ó áit lasmuigh den Stát a thabhairt i dtír sa Stát, nó a thabhairt i dtír a rialú, i gcás ina bhfeicfear don Aire gur dóigh go dtiocfadh dá a thabhairt i dtír aon mhíng mhillteach nó loitmhíol, nó aon ghníomhaire chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, a thabhairt isteach sa Stát agus féadfaidh a ordú nó a údarú aon earra den tsórt sin a dhíthiú, má tugtar i dtír é. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Orduithe chun cosc a chur le míngeacha millteacha nó loitmhíola, nó gníomhairí chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, leathadh. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham pé orduithe a dhéanamh is fóirstineach leis chun cosc a chur le míngeacha millteacha nó loitmhíola, nó gníomhairí chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, leathadh sa Stát. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfaidh ordú faoin alt seo, más oiriúnach leis an Aire,— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ordú nó údarás a thabhairt— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) aon bharr nó substaint d'aistriú nó a dhíthiú ar a bhfaighfear aon mhíng mhillteach nó loitmhíol ar aon chéim beois nó aon ghníomhaire chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, nó a bhfeicfear don Aire gur dóigh dhó aon mhíng mhillteach nó loitmhíol nó aon ghníomhaire chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí leathadh chuige nó leathadh dá dheasca, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) dul isteach ar aon tailte chun an t-aistriú nó an díthiú sin a dhéanamh, nó chun aon scrúdú nó fiosrú a dhéanamh a bheas údaraithe leis an ordú, nó chun aon chríche eile de chuid an ordaithe; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) toirmeasc a chur le haon cheann acu seo a leanas a choimeád, a dhíol, nó a thaispeáint nó a thairiscint chun a dhíolta, nó aon tsamplaí beo dhe a choimeád nó d'imdháil in aon tslí— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) aon mhíng mhillteach nó loitmhíol ar aon chéim beois, nó | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) aon ghníomhaire chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) cumhacht a thabhairt d'aon chigire a bheas údaraithe chuige sin ag an Aire gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) aon bharr ar a mbeidh aon mhíng mhillteach nó loitmhíol, nó aon ghníomhaire chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, a tugadh isteach sa Stát agus a bheas sonraithe san ordú, nó aon bharr chun ar dóigh nó trínar dóigh don mhíng mhillteach nó don loitmhíol sin, nó don ghníomhaire sin chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, leathadh, a thabhairt chun siúil nó a dhíthiú nó a chur faoi deara go dtabharfar chun siúil nó go ndítheofar an céanna, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) pé bearta, i gcoitinne, a dhéanamh is fóirstineach leis maidir le haon bharr chun aon mhíng mhillteach nó loitmhíol den tsórt sin, nó aon ghníomhaire den tsórt sin chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, a chosc ó leathadh, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) dul isteach ar aon talamh chun aon chríche acu sin adúradh nó le haghaidh aon scrúdaithe nó fiosraithe a bheas údaraithe leis an ordú nó chun aon chríche eile de chuid an ordaithe; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) pé táille nó muirear eile a fhorordós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'fhorchur i leith aon deimhnithe a bhéarfar de bhun an ordaithe tar éis iniúchta a dhéanamh; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) pionóis d'fhorchur i leith cionta i gcoinne an ordaithe nach mó ná deich bpuint d'fhíneáil más é an chéad chion é, nó fiche punt d'fhíneáil más é an dara cion nó aon chion dá éis sin é. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Gach duine a sháros (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon ordú a déanfar faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, na pionóis a fhorchuirfeas an t-ordú a chur air. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Cúiteamh i leith barraí. |
4. —Aon uair a tabharfar chun siúil nó a dítheofar barr ag cigire, nó ar orduithe ó chigire, a bheas údaraithe ag an Aire faoi ordú faoi alt 3 den Acht seo chun barraí a chosaint ar mhíng mhillteach nó loitmhíol nó ar ghníomhaire chun cosc bith eolaíochta a chur le loitmhíola plandaí a tugadh isteach sa Stát agus a sonrófar san ordú, féadfaidh an tAire cúiteamh a measúnófar faoi réim agus do réir na bhforál seo a leanas d'íoc le únaer an bhairr i leith an aistrithe nó an d'thithe sin— | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) measúnóidh an tAire gurb é méid an chúitimh sin pé méid is dóigh leis an Aire a bheith réasúnach ag féachaint do na himthosca go léir, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) má bhíonn an t-únaer sin míshásta le méid an chúitimh a measúnófar amhlaidh, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn chun an Aire, a iarraidh go gcuirfear an t-ábhar chun eadrána, agus, air sin, cuirfear méid an chúitimh sin dá mheasúnú le cinneadh ag eadránaí amháin ar a gcomhaontóidh an t-únaer sin agus an tAire nó, cheal comhaontaithe den tsórt sin, a cheapfas an tAire, agus is cinneadh críochnaitheach a bheas i gcinneadh an eadránaí sin. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Orduithe a fhoilsiú. |
5. —Foilseofar san Iris Oifigiúil gach ordú faoin Acht seo, ach más le tailte sonraithe amháin a bhainfeas an t-ordú, is leor fógra i dtaobh an t-ordú a dhéanamh a chur san Iris Oifigiúil. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Orduithe a leagadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais. |
6. —Gach ordú a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas laistigh de dheich lá tar éis a dhéanta má bhíonn an Teach sin ina shuí an tráth sin agus, mura mbeidh, ansin laistigh de dheich lá tar éis an chéad chruinnithe eile den Teach sin. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] |
An tréimhse chun imeachta a thionscnamh. |
7. —D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin atá in aon Acht eile, féadfar imeachta i leith ciona faoin Acht seo, i gcás inar cion i ndáil le prátaí d'aistriú, a dhíol, a choinsíniú nó a chur an cion sin, a thionscnamh tráth ar bith laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta a rinneadh an cion líomhanta. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Prátaí a spréáil. |
8. —(1) Aon uair a déanfar, maidir le ceantar áirithe, ordú faoi alt 3 den Acht seo chun barraí a chosaint ar mhíng mhillteach nó loitmhíol nó ar ghníomhaire chun cosc bitheolaíochta a chur ar loitmhíola plandaí a tugadh isteach sa Stát agus a bheas sonraithe san ordú agus go mbeidh an t-ordú i bhfeidhm, féadfaidh an tAire fógra (dá ngairmtear fógra spréála san alt seo) sa bhfoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar aon únaer bairr phrátaí a bheas curtha sa cheantar sin á cheangal air an barr prátaí sin a spréáil, laistigh den tréimhse a bheas sonraithe sa bhfógra sin, leis an meascán spréála forordaithe sa tslí fhorordaithe. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás ina seirbheálfar fógra spréála ar únaer bairr phrátaí agus nach ndéanfar do réir an fhógra laistigh den tréimhse a teorannófar leis an bhfógra sin— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) féadfaidh an tAire a chur faoi deara go spréálfar an barr prátaí sin leis an meascán spréála forordaithe sa tslí fhorordaithe ar chostas an únaera sin, agus, chun sin a dhéanamh, féadfaidh aon chigire a bheas údaraithe chuige sin ag an Aire dul isteach ar an talamh ina mbeidh an barr prátaí sin curtha agus gach ní a dhéanamh ansin is gá nó a ghabhfas leis an mbarr prátaí sin a spréáil; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) íocfaidh an t-únaer sin costas na spréála sin leis an Aire ar é á éileamh agus féadfar an costas sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Aon duine a bhacfas nó a choiscfeas an tAire nó aon duine a bheas cuí-údaraithe ag an Aire agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar leis an alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Féadfar fógra spréála a sheirbheáil— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) trína sheachadadh don duine chun a mbeidh sé dírithe, nó | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) trína fhágáil dó ag duine os cionn sé bliana déag d'aois ar an talamh ina mbeidh an barr prátaí lena mbainfidh an fógra sin curtha, nó | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) trína chur leis an bpost go dtí an duine chun a mbeidh sé dírithe go dtí an áit chónaithe is deánaí is eol a bheith aige. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Feádfaidh cigire a bheas údaraithe chuige ag an Aire fógra spréála a shíniú agus d'eisiúint thar ceann an Aire agus, nuair a síneofar agus a heiseofar amhlaidh é, measfar gurb é an tAire a shínigh agus d'eisigh é. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh aon ní dá dtagartar san alt seo mar ní forordaithe, agus ciallaíonn an focal “forordaithe” san alt seo forordaithe leis na rialacháin sin. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Costais an Aire. |
9. —Déanfar na costais uile faoina raghaidh an tAire ag feidhmiú an Achta seo a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas, ach an tsuim a híocfar amhlaidh in aon bhliain áirithe ní raghaidh sí, gan ceadú an Aire Airgeadais, thar míle punt. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Athghairm agus cosaint. |
10. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Gan dochar d'ailt 20 agus 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937) — | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ní dhéanfaidh aon ní san athghairm a déantar le fo-alt (1) den alt seo difir d'aon ionstraim a rinneadh ná d'aon ní eile ar aon chor a rinneadh faoi aon cheann de na hachtacháin a hathghairmtear le fo-alt (1) den alt seo, ach gach ionstraim nó ní den tsórt sin, má bhíonn sé i bhfeidhm ar dháta tosach feidhme an Achta seo, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm agus, sa mhéid go bhféadfaí é a dhéanamh faoin Acht seo, beidh éifeacht aige amhail is dá mba faoin Acht seo a rinneadh é; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) déanfar aon doiciméad a thagras d'aon achtachán a hathghairmtear le fo-alt (1) den alt seo d'fhorléiriú, muran léir a mhalairt d'intinn, mar dhoiciméad a thagras d'achtú comhréire an Achta seo. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
11. —(1) Féadfar Acht na Míngeacha Millteacha agus na Loitmhíola (Comhdhlúthú), 1958 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá de Mheitheamh, 1958. | |||||||||||||||||||||||||
AN SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear. | ||||||||||||||||||||||||||
|