28 1958


Uimhir 28 de 1958.


AN tACHT AIRGEADAIS (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH FAOISIMH SHEALADAIGH Ó CHÁNACHAS I LEITH BRABÚS Ó GHNÍOMHACHTAÍ ÁIRITHE TRÁDÁLA AG CUIDEACHTAÍ ÁIRITHE A DHÉANANN TRÁDÁIL LAISTIGH DEN AERFORT NEAMHCHUSTAM A BUNAÍODH FAOIN ACHT AERFOIRT NEAMHCHUSTAM, 1947, DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH ATHRUITHE AR NA DLEACHTANNA CUSTAM AGUS MÁIL I LEITH EARRAÍ ÁIRITHE A THUGTAR ÓN AERFORT SIN ISTEACH IN AON PHÁIRT EILE DEN STÁT, DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [25 Samhain, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

1947, Uimh. 5 .

1920 c. 18.

2. —(1) San Acht seo—

tá le “an t-aerfort” an bhrí chéanna atá leis san Acht Aerfoirt Neamhchustam, 1947;

ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe a dhéanann trádáil;

ciallaíonn “na hAchtanna Brabús Corparáide” Cuid V den Finance Act, 1920, agus na hachtacháin a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

(2) Aon tagairt atá san Acht seo d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus, a mhéid a bhaineann sí le cáin bhrabús corparáide, forléireofar í i dteannta na nAchtanna Cánach Brabús Corparáide

(4) Déanfar Cuid III den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le dleachta custam, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam, agus, a mhéid a bhaineann sí le dleachta máil, forléireofar í i dteannta na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

CUID II.

Faoiseamh Sealadach ó Chánachas.

Oibríochtaí trádála díolmhaithe.

3. —(1) San alt seo ciallaíonn “cuideachta cháilithe” cuideachta ar san aerfort a dhéantar a trádáil go léir nó cuid dá trádáil.

(2) Faoi réir fo-alt (5) agus (6) den alt seo, féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú gur oibríochtaí trádála díolmhaithe chun críocha na Coda seo den Acht seo, le héifeacht amhail ó dháta a dtosaithe, na hoibríochtaí trádála sin de chuid cuideachta cáilithe a bheidh sonraithe sa deimhniú, agus fanfaidh aon deimhniú a thabharfar amhlaidh i bhfeidhm go ceann na tréimhse cúig bliana fichead ó dháta an Achta seo a rith, mura gcúlghairmfear é faoi fho-alt (4) den alt seo.

(3) Féadfar deimhniú faoi fho-alt (2) den alt seo a thabhairt gau aon choinníollacha nó faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé ann.

(4) Má tharlaíonn, i gcás cuideachta a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) den alt seo tugtha ina leith—

(a) go scoirfear de thrádáil na cuideachta nó go dtiocfaidh sé sa déanamh gur lasmuigh den aerfort a bheifear ag déanamh na trádála sin go léir, nó

(b) gur deimhin leis an Aire aon choinníoll áirithe ar ar tugadh an deimhniú a bheith gan comhlíonadh ag an gcuideachta,

féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar tríd an bpost cláraithe ar an gcuideachta, an deimhniú a chúlghairm.

(5) Ní dheimhneoidh an tAire, faoi fho-alt (2) den alt seo, gur oibríocht trádála dhíolmhaithe oibríocht trádála áirithe muran de cheann amháin nó níos mó de na cineálacha oibríochta trádála seo a leanas í:

(a) díol earraí a onnmhairíodh, nó a onnmhaireofar, as an Stát ag an gcuideachta cháilithe (ag gníomhú di mar phríomhaí nó mar ghníomhaire), is earraí a táirgeadh, a monaraíodh nó a próisíodh san aerfort ag an gcuideachta cháilithe,

(b) díol earraí a onnmhairíodh, nó a onnmhaireofar, as an Stát, ag an gcuideachta cháilithe, is earraí a allmhairíodh isteach sa Stát agus a pacáistíodh nó a láimhsíodh san aerfort ag an gcuideachta cháilithe,

(c) aerárthaí a dheisiú nó a chothabháil san aerfort,

(d) seirbhísí lena ngabhann úsáid aerárthach nó aeriompair a dhéanamh san aerfort nó lasmuigh den Stát.

(e) oibríochtaí trádála eile ar dóigh leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, go gcabhraíonn siad le húsáid nó forbairt an aerfoirt,

(f) oibríochtaí trádála a ghabhann le haon oibríocht dá dtuairiscítear sna míreanna roimhe seo den fho-alt seo.

(6) Ní dheimhneoidh an tAire, faoi fho-alt (2) den alt seo, gur oibríocht trádála dhíolmhaithe aon oibríocht trádála acu seo a leanas:

(a) díol earraí a tugadh, nó a thabharfar ón aerfort isteach in aon chuid eile den Stát ar shlí seachas i gcúrsa a n-onnmhairithe as an Stát,

(b) seirbhísí a dhéanamh do dhaoine a chónaíonn sa Stát lasmuigh den aerfort,

(c) earraí a tháirgeadh nó a mhonarú lasmuigh den aerfort,

(d) seirbhís aer-iompair a oibriú seachas seirbhís aeriompair—

(i) a oibrítear idir an t-aerfort agus áit lasmuigh den Stát, agus

(ii) nach n-oibrítear amhlaidh faoi chomhaontú dháthaobhach idirnáisiúnta ar páirtí ann an Rialtas,

(e) seirbhísí a dhéanamh sa Stát—

(i) do phaisnéirí a rachaidh ar bord nó a thiocfaidh ó bhord aerárthach, lena n-áirítear seirbhísí óstán, seirbhísí bídh agus dí, seirbhísí malartaithe airgid nó seirbhísí iompair (seachas seirbhísí aeriompair), nó

(ii) i ndáil le haerárthaí a bheidh ag tuirling ná ag imeacht, nó a bheidh á luchtú nó á ndíluchtú,

(f) earraí a dhíol ar mionreic,

(g) earraí inchaite a dhíol mar bhreosla aerárthach nó le loingsiú mar stórais aerárthach,

(h) oibríocht trádála arna déanamh i gcúrsa trádála sa Bhreatain Mhóir nó i dTuaisceart Éireann.

Ní áireofar brabúis, gnóchan ná caillteanais i gcás oibríochtaí trádála díolmhaithe.

4. —(1) Ní dhéanfar brabúis nó gnóchan ná caillteanais de dhroim oibríochtaí trádála díolmhaithe a áireamh chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim, nó na nAchtanna Cánach Brabús Corparáide, maidir leis an gcuideachta a dhéanann na hoibríochtaí sin.

(2) I gcás inar oibríochtaí díolmhaithe cuid, agus gur oibríochtaí trádála eile cuid, den trádáil a dhéanann cuideachta, déanfar méid na mbrabús nó an ghnóchain nó na gcaillteanas de dhroim na n-oibríochtaí trádála eile sin a ríomh, chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim, mar ríomhfaí é chun na críche sin dá mbeadh dhá thrádáil ar leithligh á ndéanamh ag an gcuideachta arbh éard iad faoi seach na hoibríochtaí trádála díolmhaithe agus na hoibríochtaí trádála eile.

Idirbhearta idir daoine i gcomhlachas le chéile.

5. —(1) Má tharlaíonn, i gcúrsa oibríochtaí trádála díolmhaithe go gceannóidh an chuideachta a bheidh ag déanamh na n-oibríochtaí (dá ngairtear an ceannaitheoir ina dhiaidh seo sa bhfo-alt seo) earraí ó dhuine eile (dá ngairtear an díoltóir ina dhiaidh seo sa bhfo-alt seo) agus—

(a) go mbeidh urlámh ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó, más comhlacht corpraithe nó comhpháirtíocht an díoltóir, go mbeidh urlámh ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó urlámh ag duine éigin eile ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir, agus

(b) go ndíolfar na hearraí ar phraghas is lú ná an praghas ba dhóigh le duine a gheofaí orthu dá mba pháirtithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí le chéile na páirtithe san idirbheart,

ansin, déanfar aon riomh ar bhrabúis nó gnóchan nó caillteanais an díoltóra, chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim nó na nAchtanna Cánach Brabús Corparáide, fé is dá ndíolfaí na hearraí ar an bpraghas a gheofaí orthu dá mba idir daoine neamhspleácha ag déileáil mar adúradh a dhéanfaí an t-idirbheart.

(2) San alt seo, ciallaíonn “urlámh”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht sin nó maidir leis nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachta a thugtar leis na hairteagail chomhlachais, nó doiciméad eile a rialaíonn an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, go seoltar gnó an chomhlachta chéadluaite de réir tola an duine sin agus, maidir le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé an ceart chun scaire is mó ná leath sócmhainní, nó is mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta.

Ráitis a sheachadadh, etc.

6. —I gcás ina mbeidh deimhniú tugtha ag an Aire faoi alt 3 den Acht seo—

(a) na forálacha sin de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim agus na nAchtanna Cánach Brabús Corparáide a bhaineann le tabhairt ráiteas nó tuairisceán brabús nó gnóchan, leanfaidh siad d'éifeacht a bheith acu fé is dá mbeifí gan an deimhniú a thabhairt, agus

(b) féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an gcomhlacht iomchuí cibé cuntais agus sonraí eile is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun críocha na Coda seo den Acht seo a thabhairt dóibh laistigh de cibé tréimhse a ordóidh siad agus má mhainníonn an chuideachta, gan leithscéal réasúnach, déanamh de réir an fhógra, dlífear pionós nach mó ná céad punt a chur uirthi, agus, tar éis breithiúnas i leith an phionóis sin a bheith tugtha, pionós breise dá chóimhéid in aghaidh gach lae a leanfar den mhainneachtain sin.

Eisceadh ó Chuid III den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956.

1956, Uimh. 47 .

7. —D'ainneoin aon ní i gCuid III den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, ní thabharfar aird chun aon chríche de chuid na Coda sin III ar aon mhéid is infhaighte ó earraí a dhíol a onnmhairíodh as an Stát i gcúrsa oibríochtaí trádála díolmhaithe.

Laghdú ar asbhaintí áirithe.

1946, Uimh. 15 .

1956, Uimh. 22 .

1956, Uimh. 47 .

1957, Uimh. 20 .

8. —(1) I gcás inar oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid, agus gur oibríochtaí trádála eile cuid, den trádáil a dhéanann cuideachta, déanfar méid aon asbhainte, is asbhaint lena mbaineann an t-alt seo, a mbeadh teideal ag an gcuideachta chuige mura mbeadh an t-alt seo, a laghdú den mhéid sin, más aon mhéid é, is dóigh leis na Coimisinéirí Speisialta a bheith cóir ag féachaint d'alt 4 den Acht seo.

(2) Is iad na hasbhaintí lena mbaineann an t-alt seo asbhaintí i leith aon liúntais faoi Riail 6 de na Rialacha a bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D, fo-alt (3) d'alt 5 den Acht Airgeadais, 1946 , Cuid V den Acht Airgeadais, 1956 , Cuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, nó Cuid V den Acht Airgeadais, 1957 .

Díbhinní.

1940, Uimh. 14 .

1925, Uimh. 28 .

9. —(1) I gcás díbhinn a bheith arna híoc go páirteach as brabúis ó oibríochtaí trádála díolmhaithe agus go páirteach as brabúis eile, beidh feidhm ag Riail 20 de na Rialacha Ginearálta agus ag alt 5 den Acht Airgeadais, 1940 , fé is dá mbeadh an díbhinn comhdhéanta de dhá dhíbhinn a íocadh faoi seach as brabúis ó oibríochtaí trádála díolmhaithe agus as brabúis eile.

(2) Ní dhéanfar an mhéid d'aon díbhinn a íocadh as brabúis ó oibríochtaí trádála díolmhaithe a áireamh mar ioncam nó brabúis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim nó na nAchtanna Cánach Brabús Corparáide.

(3) Maidir le gach barántas, seic, nó ordú arna tharraing nó arna dhéanamh ag cuideachta chun díbhinn a íoc is iníoctha go hiomlán nó go páirteach as brabúis ó oibríochtaí trádála díolmhaithe, bainfidh alt 13 den Acht Airgid, 1925 , leis an gcuideachta ar shlí go dtaispeánfaidh (de réir mar dhlífidh an cás) an ráiteas a cheanglaítear leis an alt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear ar leith ón alt seo a thabhairt—

(a) gurb é atá in iomlán na suime dar tarraingíodh nó dá ndearnadh an barántas, an seic nó an t-ordú, íocaíocht díbhinne brabús ó oibríochtaí trádála díolmhaithe, nó

(b) gur íocaíocht as brabúis ó oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid den tsuim sin agus gur íocaíocht as brabúis eile cuid (a luafar ar leithligh a mórmhéid sula ndearnadh aon asbhaint i leith cánach ioncaim) den tsuim sin.

Forálacha maidir le híocaíochtaí áirithe.

10. —(1) I gcás aon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo a bheith iníoctha as brabúis nó gnóchan trádála ar oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid di agus oibríochtaí trádála eile cuid di, is é amháin an méid a n-áireofar gur as brabúis nó gnóchan a tugadh faoi mhuirear cánach a íocadh as brabúis nó gnóchan an chuid sin den íocaíocht a mbeidh an chomhréir chéanna idir í agus an íocaíocht iomlán agus a bheidh idir méid brabús nó gnóchain na trádála ar ar muirearaíodh cáin iarbhír agus méid na mbrabús nó an ghnóchain sin ar a muirearófaí cáin iarbhír dá mba nach n-achtófaí an Chuid seo den Acht seo.

(2) Baineann an t-alt seo le haon íocaíocht úis airgid, bhlianachta, nó íocaíocht bhliantúil eile ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D, nó aon ríchíosa nó suime eile a íocadh i leith paitinn a úsáid.

CUID III.

Custaim agus Mál.

Dleacht ar earraí áirithe arna dtabhairt ón aerfort isteach i gcuid eile den Stát.

1946, Uimh. 15 .

1947, Uimh. 5 .

1932, Uimh. 20 .

1947, Uimh. 5 .

11. —(1) Ach amháin mar fhoráltar i bhfo-ailt (7) agus (8) den alt seo, baineann an t-alt seo le hearraí atá irgeadh, a monaraíodh, a próisíodh nó a pacáistíodh san aerfort.

(2) Má tharlaíonn an lú lá d'Eanáir, 1959, nó dá éis, i gcás earraí lena mbaineann an t-alt seo agus a ndearnadh, i gcúrsa iad féin nó aon ní iontu nó a corpraíodh iontu a tháirgeadh, a mhonarú, a phróisiú nó a phacáistiú, aon airceadail, ábhair nó táthchoda de chineál is inchurtha faoi dhleacht chustam nó máil a úsáid nó a phacáistiú, go dtabharfar na hearraí ón aerfort isteach in aon chuid eile den Stát, déanfar dleacht chustam de mhéid is comhionann le comhiomlán na méideanna seo a leanas a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar na hearraí:

(a) méid (más aon mhéid) dleachta custam dob iníoctha, mura mbeadh alt 14 den Acht Airgeadais, 1946 , ar aon airceadail, ábhair, nó táthchoda den tsórt sin a úsáideadh nó a pacáistíodh amhlaidh a thabhairt isteach san aerfort;

(b) an méid (más aon mhéid) aistarrainge dleachta custam nó máil a íocadh ar aon airceadail, ábhair nó táthchoda den tsórt sin a úsáideadh nó a pacáistíodh amhlaidh agus a tugadh isteach san aerfort ó aon chuid eile den Stát;

(c) an méid (más aon mhéid) dleachta custam nó máil dob inmhuirir, mura mbeadh alt 5 den Acht Aerfoirt Neamhchustam, 1947, ar aon airceadail, ábhair nó táthchoda den tsórt sin a úsáideadh nó a pacáistíodh amhlaidh agus a tugadh isteach san aerfort ó aon chuid eile den Stát;

(d) méid (más aon mhéid) aon liúntas onnmhaire a íocadh ar aon airceadail, ábhair nó táthchoda den tsórt sin a úsáideadh nó a pacáistíodh amhlaidh agus a tugadh isteach san aerfort ó aon chuid eile den Stát.

(3) Má tharlaíonn an lú lá d'Eanáir, 1959, nó dá éis, i gcás earraí lena mbainfidh an t-alt seo agus a thabharfar ón aerfort isteach in aon chuid eile den Stát, go mbeidh an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt seo íoctha nó nach inmhuirir í, ní mhuirearófar ná ní thoibheofar aon dleacht chustam eile ar na hearraí.

(4) Má tharlaíonn, i gcás aon airceadail, ábhair nó táthchoda de chineál is inchurtha faoi dhleacht chustam agus a úsáideadh nó a pacáistíodh i gcúrsa aon earraí lena mbaineann an t-alt seo a tháirgeadh, a mhonarú, a phróisiú nó a phacáistiú agus a thabharfar ón aerfort isteach in aon chuid gur eile den Stát, go bhféadfaí ceadúnas, chun an t-airceadal, an t-ábhar nó an táthchuid a allmhairiú gan dleacht a íoc, nó ar dhleacht is lú ná an dleacht iomlán a íoc, a dheonadh an uair a tugadh an t-airceadal, an t-ábhar nó an táthchuid isteach san aerfort, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar mholadh an Aire Tionscail agus Tráchtála nó an Aire Talmhaíochta, a cheadú na hearraí a thabhairt amhlaidh ón aerfort gan méid aon dleachta custam is inmhuirir faoi fho-alt (2) den alt seo a íoc nó ar cibé méid is lú ná sin a íoc is iomchuí ag féachaint don cheadúnas a fhéadfaí a dheonadh mar adúradh nó, i gcás inar íocadh aon dleacht den tsórt sin nó aon chuid di, an mhéid a íocadh a aisíoc, ach i gcás inar ceadúnas faoi alt 12 den Acht Airgid, 1932 , an t-aon-cheadúnas den tsórt sin a fhéadfaí a dheonadh, ní thabharfar aon chead ná aon aisíocaíocht den tsórt sin ach amháin le haontú an Aire.

(5) Má tharlaíonn, i gcás aon airceadail, ábhair nó táthchoda de chineál is inchurtha faoi dhleacht chustam, agus a úsáideadh i gcúrsa aon earraí lena mbaineann an t-alt seo, nó aon ní sna hearraí sin nó a corpraíodh sna hearraí sin, a tháirgeadh, a mhonarú, a phróisiú nó a phacáistiú, go bhféadfaí, an tráth a tugadh an t-airceadal, an t-ábhar nó an táthchuid isteach san aerfort, an céanna a allmhairiú isteach sa Stát (gan an t-aerfort a áireamh), faoi aon achtachán a bhí i bhfeidhm an uair sin, gan dleacht a íoc chun a úsáidte sa táirgeadh, sa mhonarú, sa phróisiú nó sa phacáistiú sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim méid na dleachta custam is inmhuirir faoi fho-alt (2) den alt seo a mhaitheamh nó, i gcás ina mbeidh an dleacht sin íoctha, an méid a íocadh a aisíoc.

(6) Aon duine a tháirgfidh, mhonaróidh, a phróiseoidh nó a phacáisteoidh aon earraí san aerfort déanfaidh sé, mura mbeidh ar intinn aige na hearraí uile a onnmhairiú go dtí áit nó áiteanna lasmuigh den Stát—

(a) taifid a choimeád a thaispeánfaidh—

(i) maidir le haon airceadail, ábhair nó táthchoda a úsáideadh nó a pacáistíodh i gcúrsa an táirgthe, an mhonaraithe, an phróisithe nó an phacáistithe, an dáta a fuarthas, cé uaidh agus cad as a bhfuarthas, an luach agus an chainníocht, agus, i gcás airceadail, ábhair, nó táthchoda a úsáideadh amhlaidh, an chainníocht a úsáideadh in aghaidh an aonaid de na hearraí críochnaithe, agus

(ii) maidir leis na hearraí críochnaithe sin, sonraí a ndiúscairte, lena n-áirítear an praghas ar ar díoladh iad agus an chainníocht a díoladh i gcás gach díola;

(b) na taifid sin agus gach forchuntas agus doiciméad eile a bhainfidh le hidirbhearta in aon cheann de na hairceadail, de na hábhair, de na táthchoda nó de na hearraí críochnaithe a choimeád ar fáil, go ceann tréimhse dhá bhliain ar a laghad, chun a n-iniúchta ag Oifigigh Chustam agus Máil; agus

(c) a cheadú d'Oifigigh Chustam agus Máil, gach tráth réasúnach, na taifid sin, na forchuntais agus na doiciméid eile sin a iniúchadh agus samplaí d'aon cheann de na hairceadail, de na hábhair, de na táthchoda nó de na hearraí críochnaithe a scrúdú agus a thógáil.

(7) Má tharlaíonn, toisc aon chuid de cheanglais mhíreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (6) den alt seo a bheith gan comhlíonadh maidir le haon earraí a tugadh ón aerfort isteach in aon chuid eile den Stát, nó maidir le haon airceadail, ábhair nó táthchoda a úsáideadh nó a pacáistíodh i gcúrsa na n-earraí sin, nó aon ní iontu nó a corpraíodh iontu, a tháirgeadh, a mhonarú, a phróisiú nó a phacáistiú, nach féidir méid na dleachta is inmhuirir ar an gcéanna faoi fho-alt (2) den alt seo a chinneadh ag an Oifigeach Custam agus Máil cuí, measfar nach mbaineann an t-alt seo leis na hearraí.

1947, Uimh. 5 .

(8) Ní bhainfidh an t-alt seo le hearraí ar úsáideadh nó ar pacáistíodh á dtáirgeadh, á monarú, á bpróisiú nó á bpacáistiú, nó ina bhfuil nó a bhfuil corpraithe iontu, aon airceadail, ábhair nó táthchoda a tugadh isteach san aerfort agus a bheadh, mura mbeadh alt 4 den Acht Aerfoirt Neamhchustam, 1947, faoi réir sriantachtaí cuóta, sriantachtaí cainníochta nó sriantachtaí onnmhaire eile ar iad a thabhairt isteach san aerfort.

Feidhm forálacha áirithe.

1919, c. 32.

1919, c. 32.

1938, Uimh. 12 .

12. —(1) I gcás ina mbeadh feidhm, i gcás earraí dá dtagartar i bhfo-alt (8) d'alt 11 den Acht seo agus a consíníodh ón aerfort

1919, c. 32.

agus a táirgeadh nó a monaraíodh ann, ag forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, dá mb'ón Ríocht Aontaithe nó ó Thiarnas Cheanada a consíníodh iad nó gur ansin a táirgeadh nó a monaraíodh iad, beidh feidhm maidir leis na hearraí ag na forálacha sin agus ag na rialacháin a bhaineann leo fé is dá mba mar sin a consíníodh agus a táirgeadh nó a monaraíodh iad.

(2) I gcás ina mbeadh feidhm, i gcás earraí a consíníodh ón aerfort agus nach earraí dá dtagartar i bhfo-alt (8) d'alt 11 den Acht seo, ag forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, maidir leis na hearraí fé is dá mb'ón Ríocht Aontaithe nó ó Thiarnas Cheanada a consíníodh iad, beidh feidhm maidir leis na hearraí ag na forálacha sin agus ag na rialacháin a bhaineann leo fé is dá mba mar sin a consíníodh na hearraí.

(3) I gcás ina mbeadh feidhm, i gcás earraí dá dtagartar i bhfo-alt (8) d'alt 11 den Acht seo agus a monaraíodh san aerfort, ag aon cheann d'fhorálacha an Achta Airgeadais (Comhaontú leis an Ríocht Aontaithe), 1938, maidir leis na hearraí dá mba sa Ríocht Aontaithe nó i gCeanada a monaraíadh iad, beidh feidhm maidir leis na hearraí ag na forálacha seo agus ag na rialacháin a bhaineann leo fé is dá mba mar sin a monaraíodh na hearraí.

Earraí indleachta a bheith ar iarraidh.

1946, Uimh. 15 .

13. —(1) Má tharlaíonn, aon tráth agus duine ag tabhairt chuntais do na Coimisinéirí Ioncaim in earraí de chineál is inchurtha faoi dhleacht chustam nó máil nach mbeidh an dleacht sin íoctha orthu agus a thug sé isteach san aerfort, nach féidir leis an duine sin, maidir le cuid de na hearraí sin nó leo uile, a thabhairt de chuntas orthu gur diúscraíodh iad ar mhodh a bhfuil údaraithe dó leis nó faoi na hAchtanna Aerfoirt Neamhchustam, 1947 agus 1958, iad a dhiúscairt agus nach gcruthóidh sé do na Coimisinéirí Ioncaim gur caitheamh nádurtha, díthiú tionóisceach nó cúis eile dá shamhail an fáth nach bhfuil fáil orthu—

(a) íocfaidh an duine sin láithreach an dleacht sin orthu de réir an ráta a bhí i bhfeidhm an tráth sin, agus

(b) má mhainníonn an duine sin, laistigh de lá agus fiche tar éis éileamh i scríbhinn a fháil ó Oifigeach Custam agus Máil íoc mar adúradh, dlífidh sé dhá oiread na méide is iníoctha a íoc ina theannta sin mar phionós Custam.

(2) I gcás earraí dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo agus a tugadh isteach san aerfort ó áit lasmuigh den Stát, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin d'ainneoin ailt 14 den Acht Airgeadais, 1946 .

Cúram agus bainistí dleachtanna.

14. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na dleachta a fhorchuirtear leis an gCuid seo den Acht seo.