38 1959


Uimhir 38 de 1959.


AN tACHT UM FHOIREANN THITHE AN OIREACHTAIS, 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ, MAIDIR LE FOIREANN THITHE AN OIREACHTAIS, I dTAOBH NA NITHE SEO A LEANAS—

(a) CEAPADH A COMHALTAI,

(b) FEIDHM ACHT CHOIMISINEIRI NA STAT-SHEIRBHISE, 1956, ARNA LEASU, MAIDIR LE COMHALTAI AIRITHE DI,

(c) FEIDHM ACHT RIALAITHE NA STAT-SHEIRBHISE, 1956, AGUS ACHT RIALAITHE NA STAT-SEIRBHISE (LEASU), 1958, ARNA LEASU, MAIDIR LENA COMHALTAI,

(d) AOISLIUNTAS A COMHALTAI, AGUS

(e) NITHE AIRITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE REAMHRAITE. [9 Nollaig, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal,

1. —Féadfar an tAcht um Fhoireann Thithe an Oireachtais, 1959 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

1958, Uimh. 34 .

1956, Uimh. 45 .

1956, Uimh. 46 .

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAcht Rialaithe leasaitheach” Acht Rialaithe na Státseirbhíse (Leasú), 1958 ;

ciallaíonn “Acht na gCoimisinéirí” Acht Choimisinéirí na Státsheirbhíse, 1956;

ní fholaíonn “comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais” oifigeach do Thithe an Oireachtais;

folaíonn “comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais” oifigeach do Thithe an Oireachtais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “oifigeach do Thithe an Oireachtais” duine—

(a) arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Dháil Éireann, nó Sheanad Éireann, é, nó

(b) arb é an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, é, nó

(c) arb é Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, é;

ciallaíonn “an tAcht Rialaithe” Acht Rialaithe na Státsheirbhíse, 1956.

Na comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais a bheith ina státseirbhísigh don Stát.

3. —Is státseirbhísigh don Stát na comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais.

Costais riaracháin.

4. —Íocfar as airgead a sholáthróidh an tO reachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire é, na costais faoina rachfar ag riaradh an Achta seo.

CUID II.

Comhaltaí d'Fhoireann Thithe an Oireachtais a Cheapadh.

Cléireach agus Leas-Chléireach Dháil Éireann a cheapadh.

5. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “oifig” oifig arb í oifig Chléireach Dháil Éireann nó oifig Leas-Chléireach Dháil Éireann í;

ciallaíonn “an Cathaoirleach” Cathaoirleach Dháil Éireann.

(2) (a) Faoi réir fo-alt (3) den alt seo, is é an Taoiseach, ar chomholadh ón gCathaoirleach agus ón Aire, a cheapfaidh gach oifigeach acu seo a leanas, eadhon, Cléireach Dháil Éireann agus Leas-Chléireach Dháil Éireann.

(b) Más deimhin leis an gCathaoirleach agus leis an Aire nach bhfuil aon chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais oiriúnach lena cheapadh chun oifige, féadfaidh siad, faoi mhír (a) den fho-alt seo, duine nach comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais a mholadh lena cheapadh chun na hoifige sin.

(3) (a) Más rud é nach gcomhaontóidh an Cathaoirleach agus an tAire faoi dhuine a mholadh lena cheapadh chun oifige, ansin, ainmneoidh an Taoiseach duine lena cheapadh chun na hoifige sin agus déanfaidh sé, le comhthoiliú Dháil Éireann, an duine sin a cheapadh chun na hoifige sin.

(b) Más deimhin leis an Taoiseach nach bhfuil aon chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais oiriúnach lena cheapadh chun oifige, féadfaidh sé, faoi mhír (a) den fho-alt seo, duine nach comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais a ainmniú lena cheapadh chun na hoifige sin.

Cléireach agus Leas-Chléireach Sheanad Éireann a cheapadh.

6. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “oifig” oifig arb í oifig Chléireach Sheanad Éireann nó oifig Leas-Chléireach Sheanad Éireann í;

ciallaíonn “an Cathaoirleach” Cathaoirleach Sheanad Éireann.

(2) (a) Faoi réir fo-alt (3) den alt seo, is é an Taoiseach, ar chomholadh ón gCathaoirleach agus ón Aire, a cheapfaidh gach oifigeach acu seo a leanas, eadhon, Cléireach Sheanad Éireann agus Leas-Chléireach Sheanad Éireann.

(b) Más deimhin leis an gCathaoirleach agus leis an Aire nach bhfuil aon chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais oiriúnach lena cheapadh chun oifige, féadfaidh siad, faoi mhír (a) den fho-alt seo, duine nach comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais a mholadh lena cheapadh chun na hoifige sin.

(3) (a) Más rud é nach gcomhaontóidh an Cathaoirleach agus an tAire faoi dhuine a mholadh lena cheapadh chun oifige, ansin, ainmneoidh an Taoiseach duine lena cheapadh chun na hoifige sin agus déanfaidh sé, le comhthoiliú Sheanad Éireann, an duine sin a cheapadh chun na hoifige sin.

(b) Más deimhin leis an Taoiseach nach bhfuil aon chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais oiriúnach lena cheapadh chun oifige, féadfaidh sé, faoi mhír (a) den fho-alt seo, duine nach comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais a ainmniú lena cheapadh chun na hoifige sin.

An Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, agus Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, a cheapadh.

7. —Is é an Taoiseach, tar éis dó dul i gcomhairle le Cathaoirleach Dháil Éireann agus le Cathaoirleach Sheanad Éireann a cheapfaidh gach duine de na hoifigigh seo a leanas, eadhon, an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, agus Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais.

Comhaltaí de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais a cheapadh.

8. —(1) Féadfaidh Cathaoirleach Dháil Éireann, tar éis dó dul i gcomhairle le Cathaoirleach Sheanad Éireann, cibé daoine, agus cibé méid daoine, a chinnfidh sé le ceadú an Aire, a cheapadh chun fónamh mar chomhaltaí de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais.

(2) Beidh gach ceapachán faoi fho-alt (1) den alt seo faoi réir forálacha Acht na gCoimisinéirí mar a thugtar feidhm dó agus mar a leasaítear é le Cuid III den Acht seo.

An cháil ina ndéanfar ceapacháin.

9. —Nuair a cheapfar duine ina chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais beidh ar éadan na hionstraime ceapacháin ráiteas a inseoidh cé acu post bunaithe, de réir bhrí Acht na gCoimisinéirí, an post chun a gceaptar é nó nach ea.

Forálacha maidir leis an bhfoireann áithreach.

10. —Gach duine a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, ina chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais (de réir bhrí fho-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialaithe, mar a achtaíodh é i gcéaduair) nó ina oifigeach do Thithe an Oireachtais (de réir bhrí fho-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialaithe, mar a achtaíodh é i gcéaduair), tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an Acht seo a rith, ina chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais agus measfar é a bheith arna cheapadh faoin Acht seo chun poist ar comhréir leis an bpost a bhí aige díreach an Acht seo a rith.

CUID III.

Feidhm Acht na gCoimisinéirí maidir le Comhaltaí de Chomhfhoireann Thithe an Oireachtais agus Leasuithe ar an Acht sin.

Feidhm Acht na gCoimisinéirí maidir le comhaltaí de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais.

11. —Bainfidh forálacha Acht na gCoimisinéirí, arna leasú leis an Acht seo, le comhaltaí de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais, faoi réim agus de réir an mhodhnaithe go gcuirfear “Cathaoirleach Dháil Éireann” in ionad “an tAire Stáit a cheap é” i bhfo-alt (1) d'alt 27 d'Acht na gCoimisinéirí.

Leasú ar alt 2 (1) d'Acht na gCoimisinéirí.

12. —(1) Athghairtear leis seo an méid sin d'fho-alt (1) (mar a achtaíodh é i gcéaduair) d'alt 2 d'Acht na gCoimisinéirí a mhíníonn “duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais”, “oifigeach do Thithe an Oireachtais” agus “post”.

(2) Cuirfear na trí mhíniú nua seo a leanas isteach i bhfo-alt (1) d'alt 2 d'Acht na gCoimisinéirí—

‘ní fholaíonn “comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais” oifigeach do Thithe an Oireachtais;

ciallaíonn “oifigeach do Thithe an Oireachtais” duine—

(a) arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Dháil Éireann, nó Sheanad Éireann é, nó

(b) arb é an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, é, nó

(c) arb é Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, é.

ciallaíonn “post” post sa Státseirbhís’.

Leasú ar alt 3 d'Acht na gCoimisinéirí.

13. —(1) I bhfo-alt (1) d'alt 3 d'Acht na gCoimisinéirí, cuirfear an mhír nua seo a leanas in ionad míre (a)—

“(a) maidir le post duine de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais—Cathaoirleach Dháil Éireann”.

(2) Sa Tábla a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 3 d'Acht na gCoimisinéirí, athghairfear na taifid ag uimhir thagartha 1.

Alt 6 (1) d'Acht na gCoimisinéirí a athghairm.

14. —Athghairtear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 d'Acht na gCoimisinéirí.

Oiriúnú tagairtí atá in Acht na gCoimisinéirí don Acht Rialaithe.

15. —Forléireofar mar thagairtí don Acht Rialaithe, mar a thugtar feidhm dó agus mar a leasaítear é le Cuid IV den Acht seo, na tagairtí atá in Acht na gCoimisinéirí don Acht Rialaithe.

CUID IV.

Feidhm an Achta Rialaithe agus an Achta Rialaithe Leasaithigh maidir le Comhaltaí d'Fhoireann Thithe an Oireachtais agus Leasuithe ar na hAchtanna sin.

Feidhm an Achta Rialaithe maidir le comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais.

16. —(1) Bainfidh forálacha an Achta Rialaithe agus an Achta Rialaithe leasaithigh, arna leasú leis an Acht seo, le comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais.

(2) Bainfidh forálacha an Achta Rialaithe agus an Achta Rialaithe leasaithigh, mar a thugtar feidhm dóibh le fo-alt (1) den alt seo, le daoine is comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais ar dháta an Achta seo a rith agus freisin le daoine a thiocfaidh chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais tar éis an dáta sin.

Leasú ar alt 1 (1) den Acht Rialaithe.

17. —(1) Athghairtear leis seo an méid sin d'fho-alt (1) (mara achtaíodh é i gcéaduair) d'alt 1 den Acht Rialaithe a mhíníonn “stát-sheirbhíseach”, “duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais” agus “oifigeach do Thithe an Oireachtais”.

(2) Cuirfear isteach i bhfo-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialaithe na ceithre mhíniú nua seo a leanas—

‘ciallaíonn “státseirbhíseach” duine a bhfuil post aige sa Státseirbhís, agus folaíonn sé comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais;

ní fholaíonn “comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais” oifigeach do Thithe an Oireachtais;

folaíonn “comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais” oifigeach do Thithe an Oireachtais;

ciallaíonn “oifigeach do Thithe an Oireachtais” duine—

(a) arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Dháil Éireann, nó Sheanad Éireann, é, nó

(b) arb é an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, é, nó

(c) arb é Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, é;’.

Leasú ar alt 2 den Acht Rialaithe.

18. —(1) Leasaítear leis seo mar a leanas fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Rialaithe—

(I) Cuirfear isteach an dá mhír nua seo a leanas—

“(aa) maidir le státseirbhíseach arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Dháil Éireann é, nó an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, nó Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, nó ar comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais é, Cathaoirleach Dháil Éireann,

(ab) maidir le státseirbhíseach arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Sheanad Éireann é, Cathaoirleach Sheanad Éireann,”;

(II) i mír (b), athghairfear na focail “duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais nó”.

(2) Athghairtear leis seo míreanna (a) agus (b) (mar a achtaíodh iad i gcéaduair) d'fho-alt (2) d'alt 2 den Acht Rialaithe.

Alt 3 (4) den Acht Rialaithe a athghairm.

19. —Athghairtear leis seo fo-alt (4) d'alt 3 den Acht Rialaithe.

Alt 5 den Acht Rialaithe a leasú maidir le comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais.

20. —D'ainneoin aon ní in alt 5 den Acht Rialaithe, mar a thugtar feidhm dó agus mar a leasaítear é leis an Acht seo—

(a) ní dhéanfaidh an Rialtas státseirbhíseach bunaithe arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Dháil Éireann é a chur as oifig ach amháin ar mholadh ó Chathaoirleach Dháil Éireann,

(b) ní dhéanfaidh an Rialtas státseirbhíseach bunaithe arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Sheanad Éireann é a chur as oifig ach amháin ar mholadh ó Chathaoirleach Sheanad Éireann,

(c) ní dhéanfaidh an Rialtas státseirbhíseach bunaithe arb é an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, é nó Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, a chur as oifig ach amháin tar éis dul i gcomhairle le Cathaoirleach Dháil Éireann agus le Cathaoirleach Sheanad Éireann.

(d) ní dhéanfaidh an Rialtas státseirbhíseach bunaithe is comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais a chur as oifig ach amháin ar mholadh ó Chathaoirleach Dháil Éireann, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle le Cathaoirleach Sheanad Éireann.

Comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais a fhionraí ag Cathaoirleach Sheanad Éireann.

21. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an t-údarás iomchuí” Cathaoirleach Dháil Éireann;

ciallaíonn “an Cathaoirleach” Cathaoirleach Sheanad Éireann;

ciallaíonn “státseirbhíseach lena mbaineann an t-alt seo” comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais;

ciallaíonn an briathar “fionraí”, maidir le státseirbhíseach lena mbaineann an t-alt seo, fionraí ó dhualgas faoi fho-alt (2) den alt seo, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

(2) Féadfaidh an Cathaoirleach státseirbhíseach lena mbaineann an t-alt seo a fhionraí ó dhualgas, má bhíonn sé, le linn dó a bheith i mbun dualgas a bhainfidh go díreach le gnó Sheanad Éireann, ciontach i mí-iompar mór a thuilleann beart araíonacht

(3) Féadfaidh an Cathaoirleach deireadh a chur le fionraí státseirbhísigh lena mbaineann an t-alt seo agus a fionraíodh faoi fho-alt (2) den alt seo.

(4) Má chuireann an Cathaoirleach, faoi fho-alt (3) den alt seo, deireadh le fionraí státseirbhísigh lena mbaineann an t-alt seo agus go ligfidh ar ais ar dualgas é—

(a) ordóidh an t-údarás iomchuí, más deimhin leis gur ceart é ó thaobh cothromais, gnáth-luach saothair a íoc, go hiomlán nó go páirteach, de réir mar a ordóidh an t-údarás iomchuí, leis an státseirbhíseach sin in aghaidh na tréimhse a bhí sé ar fionraí,

(b) sula gcinnfidh an t-údarás iomchuí gan ordú a thabhairt faoi mhír (a) den fho-alt seo nó ordú a thabhairt faoin mír sin gan a íoc ach cuid den ghnáth-luach saothair, tabharfar caoi don státseirbhíseach aon uiríolla is mian leis a chur faoi bhráid an údaráis iomchuí.

(5) Más trína chur as oifig a chuirfear deireadh le fionraí státseirbhísigh lena mbaineann an t-alt seo, ordóidh an t-údarás iomchuí, más ceart é ó thaobh cothromais, gnáth-luach saothair a íoc go hiomlán nó go páirteach, de réir mar a ordóidh an t-údarás iomchuí, leis an státseirbhíseach in aghaidh na tréimhse a bhí sé ar fionraí.

(6) (a) Ach amháin de réir fho-alt (4) nó (5) den alt seo, ní íocfar luach saothair in aghaidh na tréimhse a bhí sé ar fionraí le státseirbhíseach lena mbaineann an t-alt seo agus a fionraíodh.

(b) Má dhéantar státseirbhíseach lena mbaineann an t-alt seo a fhionraí agus go gcuirfidh sé ina luí ar an údarás iomchuí gur cruatan míchuí air fadáil an fhiosraithe ar a chás, ní choiscfidh aon ní i mír (a) den fho-alt seo ar an údarás iomchuí údarás a thabhairt, d'fhonn cruatan a mhaolú, chun go n-íocfar cibé cuid is oiriúnach leis an údarás iomchuí den luach saothair a bheadh iníoctha leis an státseirbhíseach sin mura mbeadh é a fhionraí.

(7) Ní dhéanfar na forálacha roimhe seo den alt seo a fhorléiriú mar fhorálacha a dhéanann difir d'oibriú ailt 13 agus 14 den Acht Rialaithe.

Alt 15 den Acht Rialaithe a leasú maidir le comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais.

22. —D'ainneoin aon ní i mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 15 den Acht Rialaithe, ní thabharfaidh an tAire ordú faoin mír sin maidir le comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás iomchuí de réir bhrí an Achta Rialaithe, arna leasú leis an Acht seo.

Na huaire a bheidh comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais as láthair ar dualgas.

23. —(1) Ní bhainfidh alt 17 den Acht Rialaithe le socrú na n-uaire a bheidh comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais i láthair ar dualgas.

(2) Is iad na huaire a bheidh gach comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais i láthair ar dualgas—

(a) i gcás Cléireach agus Leas-Chléireach Dháil Éireann, na huaire a shocróidh Cathaoirleach Dháil Éireann ó am go ham,

(b) i gcás Chléireach agus Leas-Chléireach Sheanad Éireann, na huaire a shocróidh Cathaoirleach Sheanad Éireann ó am go ham,

(c) i gcás an Mhaoirseora, Tithe an Oireachtais, agus Chaptaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, agus comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais, na huaire a shocróidh Cathaoirleach Dháil Éireann ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle le Cathaoirleach Sheanad Éireann.

Deireadh leis an gcumhacht a thugtar le halt 19 den Acht Rialaithe chun comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais a cheapadh.

24. —An chumhacht a thugtar le halt 19 den Acht Rialaithe chun duine a cheapadh ina chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais ní bheidh sí infheidhmithe tar éis an tAcht seo a rith.

Alt 20 (2) (c) den Acht Rialaithe a athghairm.

25. —Athghairtear leis seo mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 20 den Acht Rialaithe.

Alt 4 den Acht Rialaithe leasaitheach a athghairm.

26. —Athghairtear leis seo alt 4 den Acht Rialaithe leasaitheach.

CUID V.

FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA.

Feidhm na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956

27. —Beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, i gcás nó i leith comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais.

Aoisliúntas do chomhaltaí áirithe d'fhoireann Thithe an Oireachtais.

28. —(1) In ionad aon íocaíochtaí faoi na hAchtanna Aoisliúntas 1934 go 1956, beidh aoisliúntas de £450 sa bhliain iníoctha ar feadh a shaoil agus cnapshuim de £1,150 iníoctha mar liúntas breise, ar é a scor dá oifig, leis an duine a bhí, an 1ú lá de Mheitheamh, 1959, i seilbh oifig an Mhaoirseora, Tithe an Oireachtais.

(2) In ionad aon íocaíochtaí faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, beidh aoisliúntas de £400 sa bhliain iníoctha ar feadh a shaoil agus cnapshuim de £1,000 iníoctha mar liúntas breise, ar é a scor dá oifig, leis an duine a bhí, an 1ú lá de Mheitheamh, 1959, i seilbh oifig Chaptaen an Gharda, Tithe an Oireachtais.

(3) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn “státseirbhíseach lena mbaineann an fo-alt seo” comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais (seachas an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, nó Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais) a bhí i seilbh oifige an 1ú lá de Mheitheamh, 1959;

ciallaíonn “seirbhís ináirithe”, maidir le státseirbhíseach lena mbaineann an fo-alt seo, seirbhís a thug sé agus a ndéanfaí, dá mba nár ritheadh an fo-alt seo, í a áireamh chun a aoisliúntas agus a liúntas breise a ríomh faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956.

(b) Chun an t-aoisliúntas agus an liúntas breise a ríomh is iníoctha faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, le státseirbhíseach lena mbaineann an fo-alt seo agus ar mhó ná sé bliana déag ach nár mhó ná sé bliana is fiche a sheirbhís ináirithe dá scoireadh sé ar chúig bliana is seasca d'aois a shlánú dó, féadfaidh an tAire cibé tréimhse de sheirbhís bharúlach is cuí leis an Aire a chur le seirbhís ináirithe an státseirbhísigh sin, ar shlí áfach nach mbeidh iomlán na seirbhíse ináirithe a bheidh ag an státseirbhíseach sin agus na seirbhíse barúlaí a chuirfear leis amhlaidh níos mó ná an tréimhse sheirbhíse ar dá réir a ríomhadh an t-aoisliúntas agus an liúntas breise is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo.

Cathaoirleach Dháil Éireann nó Cathaoirleach Sheanad Éireann a bheith breoite nó as láthair.

29. —(1) Aon uair nach féidir le Cathaoirleach Dháil Éireann, de dheasca breoiteachta nó toisc é a bheith lasmuigh den Stát, gnó a oifige a dhéanamh, féadfaidh Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann aon chumhacht dá ndílsítear i gCathaoirleach Dháil Éireann leis an Acht seo a fheidhmiú.

(2) Aon uair nach féidir le Cathaoirleach Sheanad Éireann, de dheasca breoiteachta nó toisc é a bheith lasmuigh den Stát, gnó a oifige a dhéanamh, féadfaidh Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann aon chumhacht dá ndílsítear i gCathaoirleach Sheanad Éireann leis an Acht seo a fheidhmiú.