42 1960


Uimhir 42 de 1960.


AN tACHT SRIANTA CÍOSA, 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN MÉADÚ CÍOSA AGUS AISGHABHÁIL SEILBHE AR ÁITRIBH A SHRIANADH I gCÁSANNA ÁIRITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS SIN. [21 Nollaig, 1960].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa, 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 31ú lá de Nollaig, 1960.

Léiriú i gcoitinne.

1946, Uimh.

5 & 6 Geo. 5, c. 97.

1919, c. 7.

1920, c. 17.

1944, R. & O. R. Uimh. 29.

1945, R. & O. R. Uimh. 188.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Srianta Cíosa, 1946 ;

ciallaíonn “cíos bunúsach” maidir le teaghais rialaithe cíos bunúsach na teaghaise arna chinneadh faoi alt 7, alt 8 nó alt 9 (cibé acu é) den Acht seo;

ciallaíonn “teaghais rialaithe” aon teaghais a mbaineann an tAcht léi de bhua alt 3 den Acht seo;

ciallaíonn “Breitheamh Dúiche” Breitheamh den Chúirt Dúiche;

ciallaíonn “teaghais” teach atá ligthe mar theaghais ar leithligh, nó cuid, arna ligean amhlaidh, d'aon teach, cibé acu atá nó nach bhfuil an tionónta i bpáirt le haon daoine eile in aon chuid di nó in aon chóiríocht, taitneamhacht nó saoráid maidir leis an gcéanna;

ciallaíonn “na sean-achtacháin a bhaineann le srianadh cíosa”—

(a) an Increase of Rent and Mortgage Interest (War Restrictions) Act, 1915,

(b) an Increase of Rent and Mortgage Interest (Restrictions) Act, 1919,

(c) an Increase of Rent and Mortgage Interest (Restrictions) Act, 1920,

(d) na hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930,

(e) An tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 313), 1944, agus an tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 313), 1944 (Leasú), 1945, agus

(f) na hAchtanna Srianta Cíosa, 1946 go 1959;

folaíonn “tiarna talún”, nuair a úsáidtear é maidir le haon teaghais, aon duine a dhíorthóidh teideal ó am go ham faoi thiarna talún bunaidh na teaghaise, agus folaíonn sé freisin aon duine, seachas an tionónta, atá nó a bheadh mura mbeadh an tAcht seo i dteideal seilbh na teaghaise;

ciallaíonn “breis dleathach”, maidir le cíos bunúsach teaghaise rialaithe, aon suim is breis dleathach ar an gcíos bunúsach de bhua alt 10 den Acht seo;

ciallaíonn “cíos dleathach”, maidir le teaghais rialaithe, an tsuim a ndearbhaítear le halt 11 den Acht seo gurb í cíos dleathach na teaghaise í;

folaíonn “ligean” fo-ligean;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “tionónta neamhreachtúil” tionónta nach tionónta reachtúil;

ciallaíonn “an dáta feidhme” dáta tosach feidhme an Achta seo, is é sin le rá, an 31ú lá de Nollaig, 1960;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú ag an Aire le rialacháin faoin Acht seo;

ciallaíonn “rátaí”, maidir le teaghais rialaithe, na rátaí (lena n-áirítear rátaí uisce) a bheidh leagtha ag údarás áitiúil (is comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, nó comhairle cheantair uirbigh) i leith na teaghaise chun seirbhíse aon bhliana airgeadais áitiúla agus a bheidh, de réir aon Achta, nó a bheadh mura mbeadh aon Acht, inmhuirir ar áititheoir na teaghaise;

ciallaíonn “tionóntacht reachtúil” leas tionónta reachtúil sa teaghais a n-úsáidtear an abairt maidir léi;

ciallaíonn “tionónta reachtúil” duine is—

(a) duine a choinneoidh seilbh ar aon teaghais rialaithe tar éis a thionóntacht chonarthach inti (nach tionóntacht lena mbaineann alt 37 den Acht seo) a bheith foirceannta, nó

(b) duine a choinneoidh seilbh ar aon teaghais rialaithe faoi fho-alt (2), fo-alt (3) nó fo-alt (4) d'alt 31 den Acht seo, nó

(c) duine a choinneoidh seilbh ar aon teaghais rialaithe faoi fhomhír (iii) de mhír (a) nó faoi mhír (b) d'fho-alt (5) d'alt 32 den Acht seo, nó

(d) duine a choinneoidh seilbh ar aon teaghais rialaithe faoi alt 52 den Acht seo;

folaíonn “tionónta”, maidir le haon teaghais, tionónta reachtúil, agus folaíonn sé aon duine a dhíorthóidh teideal ó am go ham faoin tionónta bunaidh, agus folaíonn sé freisin fo-thionónta.

(2) Déanfar tagairtí san alt seo d'ordú chun seilbh a aisghabháil ar theaghais rialaithe a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'ordú chun tionónta a eisiachtain aisti.

(3) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléirú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Teaghais rialaithe.

3. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, baineann an tAcht seo le gach teaghais.

(2) Ní bhaineann an tAcht seo—

(a) le teaghais ar mó a luacháil inrátaithe ná—

(i) i gcás an teaghais a bheith i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire, seasca punt,

(ii) in aon chás eile, daichead punt,

(b) le teaghais a tógadh tar éis an 7ú lá de Bhealtaine, 1941, nó a bhí á tógáil ar an dáta sin,

(c) le teaghais ar faoi Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1958, nó faoi Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958, atá a ligean,

(d) le teaghais arna ligean ar cíos (dá ngairtear an cíos forcoimeádta anseo feasta) a fholaíonn íocaíochtaí i leith bordála, freastail nó úsáid troscáin, nó i leith teas, uisce te, breosla, leictreachas, nó aon earra eile a sholáthar don teaghais nó i leith aon seirbhísí a thabhairt i ndáil leis an teaghais, mura rud é, ar an gCúirt do chionroinnt an chíosa fhorcoimeádta, go mbeidh an chuid den chíos forcoimeádta is dóigh leis an gCúirt is inchurtha i leith na teaghaise amháin comhionann le trí cheathrú nó níos mó ná trí cheathrú den chíos forcoimeádta, agus sa chás sin measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é cíos na teaghaise an chuid den chíos forcoimeádta is inchurtha amhlaidh i leith na teaghaise amháin,

(e) le teach a bheidh á áitiú ar dháta thosach feidhme an Achta seo ag a úinéir mar áit chónaithe dó féin, nó a thiocfaidh chun bheith á áitiú amhlaidh ina dhiaidh sin,

(f) le teach a mbeidh an tiarna talún ina sheilbh, ar dháta thosach feidhme an Achta seo, nó a dtiocfaidh sé ina sheilbh ina dhiaidh sin agus ar mó a luacháil inrátaithe ná—

(i) i gcás an teach a bheith i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire, tríocha punt,

(ii) in aon chás eile, cúi phunt is fiche,

(g) le teaghais arb éard í árasán glanscartha ar leithligh is cuid d'aon fhoirgnimh a ndearnadh, tar éis tosach feidhme an Achta seo, iad a athdhéanamh trí dhá árasán ghlanscartha ar leithligh nó níos mó a dhéanamh díobh,

(h) le teaghais arna ligean i dteannta talún seachas láithreán na teaghaise, más mó luacháil inrátaithe na talún ná an ceann is lú acu seo a leanas:

(i) leath luacháil inrátaithe an láithreáin agus an foirgneamh nó na foirgnimh air a chur san áireamh, nó

(ii)  (I) i gcás an teaghais a bheith i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire, deich bpunt,

(II) in aon chás eile, cúig phunt.

(3) Ní bheidh teaghais is cuid de theach (seachas teach a tógadh tar éis an 7ú lá de Bhealtaine, 1941, nó a bhí á thógáil ar an dáta sin, nó teach ar faoi Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1958, nó faoi Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958, atá a ligean) eisiata ó fheidhm an Achta seo de bhíthin amháin nach bhfuil feidhm ag an Acht seo maidir leis an teach.

(4) Má mhéadaítear luacháil inrátaithe teaghaise agus dá dhroim sin go ndéanfaidh den luacháil luacháil is mó ná—

(a) i gcás an teaghais a bheith i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire, seasca punt, nó

(b) in aon chás eile, daichead punt,

ansin, d'ainneoin mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, leanfaidh an tAcht seo d'fheidhm a bheith aige maidir leis an teaghais mura dtiocfaidh agus go dtí go dtiocfaidh an tiarna talún i seilbh na teaghaise.

(5) Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo—

(a) go raibh teaghais ligthe i dteannta talún seachas láithreán na teaghaise, agus

(b) go raibh feidhm ag Acht 1946 maidir leis an teaghais,

ansin, d'ainneoin mír (h) d'fho-alt (2) den alt seo, beidh feidhm ag an Acht seo maidir leis an teaghais mura dtiocfaidh agus go dtí go dtiocfaidh an tiarna talún i seilbh na teaghaise.

(6) I mír (e) d'fho-alt (2) den alt seo folaíonn “úinéir” duine ag a bhfuil aon eastát nó leas sa teach ach amháin faoi chonradh tionóntachta nach faide téarma ná bliain agus fiche.

(7) I mír (f) d'fho-alt (2) agus i bhfo-ailt (4) agus (5) den alt seo ciallaíonn “seilbh” seilbh iarbhír, agus ní mheasfar gur tháinig tiarna talún i seilbh mar gheall ar athrú tionóntachta a rinneadh lena thoiliú agus mar gheall air sin amháin.

Teaghaisí a úsáidtear go páirteach le haghaidh gnó, etc.

4. —Ní bheidh teaghais eisiata ó fheidhm an Achta seo de bhíthin amháin cuid di a bheith á húsáid chun críocha aon ghnó, trádála nó gairme.

Aisghairm agus oiriúnú ar thagairtí d'Achtanna aisghairthe.

5. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) Déanfar tagairtí in aon Acht a ritheadh roimh dháta an Achta seo a rith do na hAchtanna Srianta Cíosa, 1946 go 1959, nó d'aon cheann de na hAchtanna sin, a fhorléiriú mar thagairtí don Acht seo.

Caiteachas.

6. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID II.

Cíos ar Theaghaisí Rialaithe a Shrianadh.

Caibidil I.

Cíos dleathach Teaghaisí Rialaithe.

Cíos bunúsach teaghaisí rialaithe áirithe.

7. —(1) Baineann an t-alt seo le—

(a) teaghais rialaithe a bhfuil fianaise ar fáil ina leith i dtaobh an dá fhíoras acu seo a leanas—

(i) go raibh sí ar an dáta feidhme (dá ngairtear an dáta iomchuí san alt seo) ar teachtadh ag tionónta a bhí á háitiú faoi chonradh tionóntachta nárbh fhaide ná téarma cúig bliana nó faoi thionóntacht reachtúil (de réir bhrí Acht 1946), agus

(ii) an cíos ar a raibh sí ar teachtadh amhlaidh;

(b) teaghais rialaithe a bhfuil fianaise ar fáil ina leith i dtaobh na bhfíoras seo a leanas go léir—

(i) nach raibh sí ar teachtadh amhlaidh ar an dáta feidhme,

(ii) gur ar dháta (dá ngairtear an dáta iomchuí freisin san alt seo) i rith na tréimhse trí bliana dar chríoch an dáta feidhme a bhí sí ar teachtadh amhlaidh go deiridh, agus

(iii) an cíos ar a raibh sí ar teachtadh amhlaidh.

(2) Is é cíos bunúsach teaghaise rialaithe lena mbaineann an t-alt seo—

(a) i gcás teaghais a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an gComhaontú a rinneadh an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, 1960, idir an Dublin Artisans' Dwellings Company Limited agus an Dublin Artisans' Dwellings Tenants Association agus a taisceadh san Oifig Iris Phoiblí—an cíos a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin maidir leis an teaghais, agus

(b) in aon chás eile—an glanchíos ar a raibh sí ar teachtadh ar an dáta iomchuí.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é an glanchíos ar a raibh teaghais rialaithe ar teachtadh ar an dáta iomchuí—

(a) i gcás inar ghnách leis an tiarna talún ar an dáta iomchuí na rátaí nó aon chuid díobh a íoc, nó asbhaint nó fritháireamh a lamháil in aghaidh an chéanna, nó an tionónta a shlánú ina leith, an cíos is iníoctha ar an dáta sin lúide méid na híocaíochta, an lamháltais, na hasbhainte, an fhritháirimh nó na slánaíochta (cibé acu é);

(b) in aon chás eile, an cíos ab iníoctha ar an dáta sin.

Athscrúdú ar chíos bunúsach teaghaisí rialaithe lena mbaineann alt 7.

8. —(1) (a) Más rud é, ar iarratas chun na Cúirte faoin bhfo-alt seo ó thiarna talún teaghaise rialaithe lena mbaineann alt 7 den Acht seo agus nach teaghais dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (2) den alt sin, gur deimhin leis an gCúirt—

(i) gur lú cíos bunúsach na teaghaise, de mhéid is mó ná an t-ochtú cuid den chíos bunúsach, ná an cíos (dá ngairtear an measchíos san fho-alt seo) a gcinnfeadh an Chúirt, dá mba áitreabh lena mbaineann alt 9 den Acht seo an t-áitreabh, gurb é cíos bunúsach na teaghaise é, agus

(ii) go ndearna imthoscaí speisialta difir do mhéid an chíosa bhunúsaigh,

cinnfidh an Chúirt cíos bunúsach na teaghaise agus is é a bheidh ann méid is ionann, i dtuairim na Cúirte, agus an measchíos, agus as sin amach agus gan dochar d'fheidhm a bheith ag mír (a) d'alt 16 den Acht seo maidir léi roimhe sin, tiocfaidh an teaghais chun bheith ina teaghais lena mbaineann alt 9 den Acht seo amhail is dá mba faoin alt sin a rinneadh an cinneadh sin.

(b) Nuair a bheidh measchíos teaghaise lenar bhain Caibidil I de Chuid II d'Acht 1946 á chinneadh de bhun mhír (a) den fho-alt seo, measfar go bhfuil “(is teaghaisí lenar bhain Caidibil I de Chuid II d'Acht 1946)” i bhfo-alt (2) d'alt 9 den Acht seo i ndiaidh “teaghaisí rialaithe” agus, nuair a bheidh measchíos aon teaghaise eile á chinneadh mar a dúradh, measfar go bhfuil “(is teaghaisí lenar bhain Caibidil 2 de Chuid II d'Acht 1946)” san fho-alt sin amhlaidh.

(2) (a) Más rud é, ar iarratas chun na Cúirte faoin bhfo-alt seo ó thionónta teaghaise rialaithe lena mbaineann alt 7 den Acht seo, nach teaghais dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (2) den alt sin, gur deimhin leis an gCúirt gur mó cíos bunúsach na teaghaise, de mhéid is mó ná an t-ochtú cuid den chíos bunúsach, ná an cíos (dá ngairtear an measchíos san fho-alt seo) a gcinnfeadh an Chúirt, dá mba theaghais lena mbaineann alt 9 den Acht seo an teaghais, gurb é cíos bunúsach na teaghaise é, cinnfidh an Chúirt cíos bunúsach na teaghaise agus is é a bheidh ann méid is ionann, i dtuairim na Cúirte agus an measchíos, agus, as sin amach agus gan dochar d'fheidhm a bheith ag mír (a) d'alt 16 den Acht seo maidir léi roimhe sin, tiocfaidh an teaghais chun bheith ina teaghais lena mbaineann alt 9 den Acht seo amhail is dá mba faoin alt sin a rinneadh an cinneadh sin.

(b) Nuair a bheidh measchíos teaghaise á chinneadh de bhun mhír (a) den fho-alt seo—

(i) tabharfaidh an Chúirt aird ar aon mhéid a caitheadh ar fheabhsú, athrú déanmhais nó deisiú na teaghaise ar méid é a bhfuarthas breisiú dleathach de réir bhrí Acht 1946 faoina réim, agus

(ii) i gcás teaghais nach mó a luacháil inrátaithe ná deich bpunt agus is teaghais lenar bhain Caibidil I de Chuid II d'Acht 1946, measfar go bhfuil “(is teaghaisí lenar bhain Caibidil I de Chuid II d'Acht 1946)” i bhfo-alt (2) d'alt 9 den Acht seo i ndiaidh “teaghaisí rialaithe” agus, i gcás aon teaghaise eile, measfar go bhfuil “(is teaghaisí lenar bhain Caibidil 2 de Chuid II d'Acht 1946)” san fho-alt sin amhlaidh.

(3) (a) Más rud é, ar iarratas chun na Cúirte faoin bhfo-alt seo ó thionónta teaghaise rialaithe, gur deimhin leis an gCúirt gur teaghais lena mbaineann an fo-alt seo an teaghais agus gur mó cíos bunúsach na teaghaise ná an measchíos, cinnfidh an Chúirt cíos bunúsach na teaghaise agus is é a bheidh ann méid is ionann, i dtuairim na Cúirte, agus an measchíos, agus, as sin amach agus gan dochar d'fheidhm a bheith ag mír (a) d'alt 16 den Acht seo maidir léi roimhe sin, tiocfaidh an teaghais chun bheith ina teaghais lena mbaineann alt 9 den Acht seo amhail is dá mba faoin alt sin a rinneadh an cinneadh sin.

(b) San fho-alt seo—

ciallaíonn “teaghais lena mbaineann an fo-alt seo” teaghais rialaithe—

(i) lena mbaineann alt 7 den Acht seo, nach teaghais dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (2) den alt sin,

(ii) a ndearnadh an cíos bunúsach (de réir bhrí Acht 1946) a shocrú le halt 8 d'Acht 1946 nó a chinneadh ag an gCúirt faoin Acht sin maidir léi, agus

(iii) a bhí ar teachtadh ag an tionónta ar an dáta iomchuí ar chíos ba mhó ná an cíos dleathach (de réir bhrí Acht 1946);

ciallaíonn “an measchíos”, maidir le teaghais—

(i) i gcás inar ghnách leis an tiarna talún ar an dáta iomchuí na rátaí nó aon chuid díobh a íoc, nó asbhaint nó fritháireamh a lamháil in aghaidh an chéanna, nó an tionónta a shlánú ina leith, an cíos dleathach (de réir bhrí Acht 1946) ar an dáta sin lúide méid na híocaíochta, an lamháltais, na hasbhainte, an fhritháirimh nó na slánaíochta (cibé acu é),

(ii) in aon chás eile, an cíos dleathach (de réir bhrí Acht 1946) ar an dáta iomchuí;

tá le “an dáta iomchuí” an bhrí chéanna atá leis an abairt sin in alt 7 den Acht seo.

Cíos bunúsach teaghaisí rialaithe nach mbaineann alt 7 leo.

9. —(1) Baineann an t-alt seo le gach teaghais rialaithe seachas teaghaisí rialaithe lena mbaineann alt 7 den Acht seo.

(2) Cinnfidh an Chúirt cíos bunúsach teaghaise rialaithe lena mbaineann an t-alt seo agus is é a bheidh ann cíos de cibé méid is réasúnach dar leis an gCúirt ag féachaint, a mhéid is féidir é, do chíosanna bunúsacha teaghaisí rialaithe atá inchomórtais léi maidir le suíomh, cóiríocht, taitneamhachtaí, deisriocht agus luacháil inrátaithe.

(3) Chun go gcinnfidh an Chúirt an cíos bunúsach faoin alt seo, measfar an tionónta a bheith freagrach sna rátaí.

Breiseanna dleathacha ar an gcíos bunúsach.

1937, Uimh. 42 .

1952, Uimh. 16 .

1954, Uimh. 16 .

1928, Uimh. 4 .

10. —(1) San alt seo ciallaíonn “an dáta cinnteach”—

(a) i gcás teaghais rialaithe lena mbaineann alt 7 den Acht seo, an dáta feidhme,

(b) i gcás teaghais rialaithe lena mbaineann alt 9 den Acht seo—

(i) i gcás í a theacht, de bhua alt 8 den Acht seo, chun bheith ina teaghais den sórt sin, an dáta feidhme, agus

(ii) in aon chás eile, dáta tionscnaimh na n-imeachtaí ina gcinnfear cíos bunúsach na teaghaise.

(2) Chun críocha an Achta seo agus faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, is breis dleathach ar chíos bunúsach teaghaise rialaithe an tsuim a luaitear in aon mhír den fho-alt seo, sa chás atá leagtha amach sa mhír sin:

(a) i gcás ina ndéanann tiarna talún na teaghaise na rátaí nó aon chuid díobh a íoc nó asbhaint nó fritháireamh a lamháil in aghaidh an chéanna, nó an tionónta a shlánú ina leith, suim is comhionann leis an méid a bheidh, de thuras na huaire, san íocaíocht, san asbhaint san fhritháireamh, nó sa tslánaíocht (cibé acu é);

(b) i gcás an tiarna talún a bheith faoi dhliteanas i leith iomlán na ndeisithe ar an teaghais nó i leith cuid díobh, suim is comhionann le dó dhéag go leith faoin gcéad den chíos bunúsach:

(c) i gcás ina ndéanfaidh an tiarna talún, ar an dáta cinnteach nó dá éis, aon mhéid (gan aon mhéid a áireamh a chaithfear ar mhaisiú nó ar dheisiú) a chaitheamh ar fheabhsú nó ar athrú déanmhais na teaghaise, suim is comhionann le ocht faoin gcéad sa bhliain den mhéid sin;

(d) i gcás ina ndéanfaidh an tiarna talún, ar an dáta cinnteach nó dá éis, aon mhéid a chaitheamh ar an teaghais ar dheisiú a bheidh riachtanach ar fad nó go formhór de dheasca an tionónta nó aon duine in aontíos leis nó aon duine dá lóistéirí nó dá fho-thionóntaithe do dhéanamh bearta diomailte nó do dhéanamh faillí nó mainneachtana, suim is comhionann le ocht faoin gcéad sa bhliain den mhéid sin;

(e) i gcás ina ndéanfaidh an tiarna talún, i rith aon tréimhse dhá bhliain dar críoch an 31ú lá de Nollaig (arb é an 31ú lá de Nollaig, 1960, é, an 31ú lá de Nollaig, 1961, an 31ú lá de Nollaig, 1962, nó aon 31ú lá de Nollaig ina dhiaidh sin), méid is mó ná dhá thrian cíos bunúsach na teaghaise a chaitheamh ar an teaghais á cur i ndeisriocht réasúnach, suim arna ríomh de réir an scála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(3) Más rud é—

(a) go gcaithfear méid ar fheabhsú, athrú déanmhais nó deisiú teaghaise, is feabhsú, athrú nó deisiú a thosóidh an 1ú lá d'Aibreán, 1961, nó dá éis, agus

(b) go mbeadh, ar leith ón bhfo-alt seo, breis dleathach le cur, ag féachaint do mhír (c), (d) nó (e) (de réir mar a bheidh) d'fho-alt (2) den alt seo, le cíos bunúsach na teaghaise faoi réim na méide,

ní chuirfear aon bhreis dleathach le cíos bunúsach na teaghaise faoi réim na méide mura mbeidh an tiarna talún tar éis fógra san fhoirm fhorordaithe, nó i bhfoirm sa chéill chéanna go substainteach, ina mbeidh sonraí i dtaobh na hoibre a bheartófar a dhéanamh agus an costas a mheasfar a bhainfidh leis a sheirbheáil ar an tionónta ceithre lá dhéag ar a laghad sula dtosófar ar an bhfeabhsú, ar an athrú nó ar an deisiú.

(4) Más rud é—

(a) gurb é atá i dteach dhá theaghais rialaithe nó níos mó agus go gcaithfidh tiarna talún na dteaghaisí—

(i) méid (gan aon mhéid a caitheadh ar mhaisiú nó ar dheisiú a áireamh) ar fheabhsú nó ar athrú déanmhais an tí, nó

(ii) méid ar dheisiú an tí a bheidh riachtanach ar fad nó go formhór de dheasca aon duine de na tionóntaí nó aon duine in aontíos le haon duine de na tionóntaí nó aon duine de lóistéirí nó d'fho-thionóntaithe aon duine de na tionóntaí do dhéanamh bearta diomailte nó do dhéanamh faillí nó mainneachtana, agus

(b) go dtairbheoidh na teaghaisí rialaithe uile go díreach nó go neamhdhíreach den fheabhsú, den athrú nó den deisiú,

measfar, chun críocha fho-alt (2) den alt seo, an méid a bheith cionroinnte idir na teaghaisí i gcomhréir lena luachálacha inrátaithe faoi seach.

(5) Más rud é—

(a) gurb é atá i dteach dhá theaghais rialaithe nó níos mó agus go gcaithfidh tiarna talún na dteaghaisí méid is mó ná dhá thrian de chomhshuim cíosanna bunúsacha na dteaghaisí ag cur an tí i ndeisriocht réasúnach, agus

(b) go dtairbheoidh na teaghaisí rialaithe uile go díreach nó go neamhdhíreach den deisiú,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas chun críocha fho-alt (2) den alt seo:

(i) ríomhfar de réir fhorálacha mhír (e) den fho-alt sin an tsuim ba bhreis dleathach dá mba é a bheadh sa teach teaghais faoi chíos bunúsach ba chomhionann le comhshuim cíosanna bunúsacha na dteaghaisí,

(ii) cionroinnfear an tsuim sin idir na teaghaisí i gcomhréir lena luachálacha inrátaithe faoi seach,

(iii) measfar foráil a bheith sa mhír sin á fhoráil, maidir le gach teaghais, gur breis dleathach ar chíos bunúsach na teaghaise an tsuim a chionroinnfear uirthi sa chionroinnt (agus nach ea aon suim eile).

(6) (a) I gcás teaghais a ndearnadh, i rith tréimhse iomchuí, barrachas a chaitheamh uirthi mar luaitear i mír (g) d'fho-alt (2) d'alt 11 nó i mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 17 d'Acht 1946 (ar caitheamh barrachais é ba chúis le breis dleathach faoina réim de réir bhrí an Achta sin) ní bheidh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo maidir leis an teaghais ach amháin i gcás inar tugadh deontas iomchuí i leith deisiú ar faoina réim a caitheadh an barrachas, agus, in aon chás den sórt sin, nuair a bheidh an bhreis dleathach á ríomh faoin mír sin (b), laghdófar an cíos bunúsach den chuid de is inchurtha i leith na breise faoin mír sin (g) nó faoin mír sin (e) (de réir mar a bheidh).

(b) I gcás teaghais a ndearnadh, i rith tréimhse iomchuí, barrachas a chaitheamh uirthi mar luaitear i mír (e) d'fho-alt (2) den alt seo (ar caitheamh barrachais é ba chúis le breis dleathach faoina réim), scoirfidh mír (b) den fho-alt sin d'fheidhm a bheith aici maidir leis an teaghais ach amháin i gcás inar tugadh deontas iomchuí i leith deisithe ar faoina réim a caitheadh an barrachas.

(c) San fho-alt seo—

ciallaíonn “tréimhse iomchuí”—

(i) i mír (a)—aon tréimhse dhá bhliain dar críoch an 31ú lá de Nollaig, arbh é an 31ú lá de Nollaig, 1945, é nó aon 31ú lá de Nollaig dá éis nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1960, agus

(ii) i mír (b)—aon tréimhse dhá bhliain dar críoch an 31ú lá de Nollaig, arb é an 31ú lá de Nollaig, 1960, é nó aon 31ú lá de Nollaig ina dhiaidh sin;

ciallaíonn “deontas iomchuí” deontas faoi alt 5 d'Acht na dTithe agus na Sclábhaithe, 1937, faoin alt sin arna leathnú le halt 33 d'Acht na dTithe (Leasú), 1952 , nó faoi alt 12 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954 .

(7) I gcás cuid de chíos bunúsach teaghaise a bheith inchurtha i leith breise faoi mhír (g) d'fho-alt (2) d'alt 11 nó mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 17 d'Acht 1946 in aghaidh caiteachais i rith na tréimhse dhá bhliain dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1960, beidh éifeacht ag mír (e) d'fho-alt (2) den alt seo maidir leis an teaghais amhail is dá bhfágtaí ar lár na tagairtí atá inti don 31ú lá de Nollaig, 1960, agus don 31ú lá de Nollaig, 1961.

(8) Chun críocha fho-alt (2) den alt seo, ní dhéanfar méid aon deontais faoi Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1958, arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin, a áireamh mar chuid d'aon mhéid a caitheadh ar aon fheabhsú, athrú déanmhais nó deisiú lena mbaineann an fo-alt sin.

(9) Nuair a bheidh feidhm á thabhairt don Chaibidil seo maidir le teaghais bheag, de réir bhrí an Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Cónaithe Beaga), 1928, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) ní fholóidh an focal “rátaí” i mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo ráta arna ghearradh de bhua an Achta sin is déanaí a luaitear ar úinéir na teaghaise bige, agus

(b) cuirfear an méid a bheidh cíos na teaghaise bige arna mhéadú de bhua alt 6 den Acht sin is déanaí a luaitear san áireamh mar bhreis dleathach nuair a bheidh cíos dleathach na teaghaise bige á ríomh.

Cíos dleathach.

11. —Is é cíos dleathach teaghaise rialaithe—

(a) i gcás nach bhfuil aon bhreis dleathach curtha le cíos bunúsach na teaghaise, cíos bunúsach na teaghaise,

(b) in aon chás eile, suim chíos bunúsach na teaghaise agus na mbreiseanna dleathacha ar an gcéanna.

Caibidil 2.

Cíos a Chinneadh agus Ró-Íocaíochtaí a Aisghabháil.

Eolas maidir le cíos bunúsach nó cíos dleathach.

12. —(1) Tabharfaidh tiarna talún nó tionónta teaghaise rialaithe don Chúirt, ar an gCúirt dá iarraidh sin air, ráiteas i scríbhinn ag tabhairt aon eolais a bheidh ar seilbh nó ar fáil aige agus is gá chun a chumasú don Chúirt cíos bunúsach nó cíos dleathach na teaghaise a chinneadh.

(2) Tabharfaidh tiarna talún teaghaise rialaithe don tionónta, ar an tionónta dá iarraidh sin air i scríbhinn, ráiteas ag tabhairt aon eolais a bheidh ar seilbh nó ar fáil ag an tiarna talún agus is gá chun a chumasú don tionónta cíos bunúsach nó cíos dleathach na teaghaise a chinneadh nó cinneadh a fháil air ón gCúirt.

(3) Tabharfaidh tionónta teaghaise rialaithe don tiarna talún, ar an tiarna talún dá iarraidh sin air i scríbhinn, ráiteas i scríbhinn ag tabhairt aon eolais a bheidh ar seilbh nó ar fáil ag an tionónta agus is gá chun a chumasú don tiarna talún cíos bunúsach nó cíos dleathach na teaghaise a chinneadh nó cinneadh a fháil air ón gCúirt.

(4) Gach conradh, arna dhéanamh an 12ú lá de Mhárta, 1946, agus roimh an dáta feidhme nó arna dhéanamh an dáta feidhme nó dá éis, chun aon leas i dteaghais rialaithe a dhíol is intuigthe foráil a bheith ann (mura bhfuil sé ann go sainráite cheana féin) á cheangal ar an díoltóir aon eolas a thabhairt don cheannaitheoir atá ar seilbh nó ar fáil ag an díoltóir agus is gá chun a chumasú don cheannaitheoir cíos bunúsach nó cíos dleathach na teaghaise nó aon chuid den teaghais a chinneadh.

(5) Gach coinníoll atá i gconradh chun teaghais a dhíol, trína gcoisctear an ceannaitheoir ó fhoréilimh a dhéanamh i dtaobh na nithe a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo, beidh sé ar neamhní.

(6) Más rud é, i gcás aon duine a n-iarrfar air faoi fho-alt (1), (2), nó (3) den alt seo ráiteas a thabhairt agus go mainneoidh sé é sin a dhéanamh laistigh d'ocht lá is fiche nó go dtabharfaidh sé ráiteas uaidh a bheidh bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha agus nach gcruthófar gur go neamhurchóideach agus gan rún meabhlaíochta a tugadh é, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

An cíos a íocfaidh tionóntaí a chinneadh.

13. —(1) Déanfar, faoi réir an Achta seo, an cíos a bheidh le n-íoc ag tionónta i leith teaghaise rialaithe a chinneadh de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) i gcás an tiarna talún agus an tionónta a bheith tar éis comhaontú ar an gcíos a bheidh le n-íoc ag an tionónta agus nach mó an cíos ar a mbeifear tar éis comhaontú amhlaidh ná an tsuim arb é cíos dleathach na teaghaise é an tráth sin, is é an cíos ar a mbeifear tar éis comhaontú amhlaidh an cíos a bheidh le n-íoc agus a leanfaidh de bheith le n-íoc, go dtí go n-athrófar é trí chomhaontú nó trí fhógra faoin alt seo, ag an tionónta i leith na teaghaise;

(b) i gcás inar lú an cíos is iníoctha de thuras na huaire ag an tionónta ná an cíos is cíos dleathach de thuras na huaire agus go seirbheálfaidh an tiarna talún fógra faoin alt seo ar an tionónta ag méadú an chíosa go dtí suim nach mó ná an cíos is cíos dleathach de thuras na huaire, ansin, amhail ón dáta ar a dtiocfaidh an fógra in éifeacht is é an cíos arna mhéadú amhlaidh an cíos a bheidh le n-íoc agus a leanfaidh de bheith le n-íoc, go dtí go n-athrófar é trí chomhaontú nó trí fhógra faoin alt seo, ag an tionónta i leith na teaghaise;

(c) i gcás inar mó an cíos is iníoctha de thuras na huaire ag an tionónta ná an cíos is cíos dleathach de thuras na huaire agus go seirbheálfaidh an tionónta fógra faoin alt seo ar an tiarna talún ag laghdú an chíosa go dtí suim is comhionann leis an gcíos is cíos dleathach de thuras na huaire, ansin, amhail ón dáta ar a dtiocfaidh an fógra in éifeacht, is é an cíos arna laghdú amhlaidh an cíos a bheidh le n-íoc agus a leanfaidh de bheith le n-íoc, go dtí go n-athrófar é trí chomhaontú nó trí fhógra faoin alt seo, ag an tionónta i leith na teaghaise;

(d) i gcás ina mbeidh an cíos a bheidh le n-íoc ag tionónta reachtúil gan chinneadh faoi aon mhír acu sin roimhe seo den fho-alt seo, ansin, faoi réir an ailt seo, is é cíos a bheidh le n-íoc agus a leanfaidh de bheith le n-íoc i leith na teaghaise an cíos is iníoctha ag an tionónta de thuras na huaire i leith na teaghaise ar an dáta feidhme, nó an cíos arb é an cíos dleathach é an tráth sin (cibé acu sin is lú) nó, má bhíonn an teaghais ar teachtadh ag an tionónta reachtúil ón dáta feidhme faoi aon chonradh tionóntachta, an cíos is déanaí ab iníoctha aige faoin gconradh sin nó an cíos dleathach an tráth sin (cibé acu is lú);

(e) i gcás ina mbeidh an cíos a bheidh le n-íoc ag tionónta neamhreachtúil gan chinneadh faoi aon mhír acu sin roimhe seo den fho-alt seo, ansin, faoi réir an ailt seo, is é cíos a bheidh le n-íoc agus a leanfaidh de bheith le n-íoc i leith na teaghaise an cíos ab iníoctha ag an tionónta de thuras na huaire i leith na teaghaise ar an dáta feidhme, nó an cíos arbh é an cíos dleathach é an tráth sin (cibé acu sin is lú) nó, má bhíonn an teaghais ar teachtadh ag an tionónta faoi aon chonradh tionóntachta, ar tar éis an dáta feidhme a thosaigh an tionóntacht faoi, an cíos ab iníoctha aige i dtosach na tionóntachta nó an cíos arbh é an cíos dleathach é an tráth sin (cibé acu sin is lú).

(2) I gcás teaghais rialaithe lena mbaineann alt 9 den Acht seo agus nár cinneadh a chíos bunúsach faoin alt sin, má sheirbheálann an tiarna talún ar an tionónta fógra faoin alt seo ag méadú an chíosa go dtí cíos arb é a bheidh ann a gcomhshuim seo a leanas—

(a) an cíos (a bheidh le sonrú san fhógra) a mheasfaidh an tiarna talún a chinnfeadh an Chúirt mar chíos bunúsach, agus

(b) na breiseanna dleathacha (a bheidh le sonrú san fhógra) a mheasfaidh sé a fhéadfaí a chur go cuí leis an gcíos bunúsach sin,

is é an cíos méadaithe sin, an cíos a bheidh le n-íoc agus a leanfaidh de bheith le n-íoc ag an tionónta i leith na teaghaise, go dtí go n-athrófar é trí chomhaontú nó ag an gCúirt.

(3) Gach fógra a sheirbheálfar faoin alt seo is san fhoirm fhorordaithe, nó i bhfoirm sa chéill chéanna go substainteach, a bheidh sé agus beidh na sonraí iomchuí ann a iarrfar san fhoirm.

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le fógraí faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo:

(a) i gcás—

(i) ina n-airbheartóidh an fógra an cíos is iníoctha ag tionónta neamhreachtúil a mhéadú go dtí suim is mó ná an tsuim ab iníoctha, faoi théarmaí a chonradh tionóntachta agus gan aird ar aon achtachán (lena n-áirítear an t-Acht seo) trína modhnaítear aon téarma ann a bhaineann le cíos, an tráth a déarfar san fhógra a thiocfaidh an fógra in éifeacht, agus

(ii) nach é bheidh sa mhéadú méadú a bheidh bunaithe amháin ar mhéadú ar na rátaí is iníoctha ar theaghais ar bhain aon tionónta ann leas as an Acht seo nó as aon cheann de na hachtacháin roimhe seo a bhaineann le srianadh cíosa chun laghdú ar chíos na teaghaise a fháil,

tiocfaidh an fógra in éifeacht an dáta a luaitear i cibé fomhír acu seo a leanas is infheidhmithe:

(I) dá bhféadfaí an tionóntacht a fhoirceannadh go dlíthiúil lá ar bith tar éis an fógra a sheirbheáil ach nach déanaí ná an dáta adéarfar san fhógra a thiocfaidh an fógra in éifeacht, an dáta sin,

(II) mura bhféadfaí an tionóntacht a fhoirceannadh amhlaidh, an dáta is luaithe ar a mbeadh éifeacht ag an bhfógra, dá mba fhógra fágála é, chun an tionóntacht a fhoirceannadh;

(b) in aon chás eile, tiocfaidh an fógra in éifeacht ar sheacht lá glan a bheith caite ó dháta a sheirbheála.

(5) Má bhíonn i bhfógra a sheirbheálfar faoin alt seo aon ráiteas nó uiríoll a bheidh bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, beidh an duine a rinne an ráiteas nó an t-uiríoll sin nó a chuir faoi deara é a dhéanamh ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air mura gcruthóidh sé gur go neamhurchóideach agus gan rún meabhlaíochta a rinneadh an ráiteas nó an t-uiríoll.

(6) Tráth ar bith tar éis dul in éag d'fhógra faoi mhír (b) d'fho-alt (1) nó faoi fho-alt (2) den alt seo ag méadú cíosa aon teaghaise rialaithe de mhéid is ionann agus aon suim, nó a fholaíonn aon suim, i leith na nithe a luaitear i mír (c), (d) nó (e) d'fho-alt (2) d'alt 10 den Acht seo, féadfaidh an Chúirt ar an tionónta dá iarraidh sin agus más deimhin léi—

(i) maidir leis an gcaiteachas (a mhéid is féidir é a chur maidir le haon ní acu sin) ar seirbheáladh an fógra ina leith, nach ndeachthas faoi nó go raibh sé neamhriachtanach ar fad nó i bpáirt, nó

(ii) nach ndearnadh na feabhsuithe, na hathruithe déanmhais nó an deisiú go sásúil,

an méadú a dhícheadú nó a laghdú dá réir, amhail ó cibé dáta (cibé acu dáta roimh dháta an iarratais é nó nach ea) is oiriúnach leis an gCúirt.

An éifeacht a bheidh ag aistriú a dhéanfar chun tionónta ar ualaigh a bhí roimhe sin ar an tiarna talún.

14. —(1) Aon aistriú a dhéanfar chun tionónta ar aon ualach nó dliteanas a bhí roimhe sin ar an tiarna talún déanfar chun críocha an Achta seo é a áireamh mar athrú cíosa, agus más rud é, de dhroim aistrithe den saghas sin, nach mbeidh na téarmaí ar a mbeidh aon teaghais rialaithe ar teachtadh chomh fabhrach don tionónta, tríd is tríd, leis na téarmaí a bhí ann roimhe sin, measfar an cíos a bheith arna mhéadú, cibé acu a méadaíodh nó nár méadaíodh an tsuim ab iníoctha go tréimhsiúil mar chíos, agus aon mhéadú cíosa i leith aon aistrithe a dhéanfar chun tiarna talún ar aon ualach nó dliteanas a bhí roimhe sin ar an tionónta agus ina dtarlóidh, de dhroim an aistrithe, go mbeidh na téarmaí ar a mbeidh aon teaghais rialaithe ar teachtadh chomh fabhrach ar a laghad don tionónta, tríd is tríd, leis na téarmaí a bhí ann roimhe sin, measfar nach méadú cíosa é chun críocha an Achta seo.

(2) Chun críche an ailt seo, ní mheasfar an cíos a bheith arna mhéadú i gcás ina ndéanfar an dliteanas i leith rátaí a aistriú ón tiarna talún chun an tionónta má dhéantar a chothrom sin de laghdú ar an gcíos.

Laghdú ar chíos toisc an tiarna talún á mhainniú teaghais rialaithe a choimeád i ndeisriocht.

15. —(1) Féadfaidh an tionónta nó an t-údarás sláintíochta, ar fhógra a thabhairt don tiarna talún, iarratas a dhéanamh tráth ar bith chun na Cúirte ag lorg ordú ag laghdú cíosa aon teaghaise rialaithe lenar bhain Caibidil I de Chuid II d'Acht 1946 ar an bhforas nach bhfuil an teaghais i ndeis mhaith intionóntaithe ar gach slí.

(2) I gcás ina ndéanfar aon iarratas faoin alt seo, féadfaidh an Chúirt ar bheith deimhnitheach di nach bhfuil an teaghais i ndeis mhaith intionóntaithe ar gach slí agus ar é a chruthú di freisin gurb é is cúis ar fad nó go formhór leis an mbail atá ar an teaghais an tiarna talún á mhainniú cibé deisiúchán a dhéanamh a cheanglaítear air a dhéanamh de bhua aon chúnaint nó chomhaontaithe, nó ar shlí eile trí oibriú an dlí (lena n-áirítear an tAcht seo), a ordú an cíos a bheidh le n-íoc ar an teaghais a laghdú cibé méid, nach mó ná fiche faoin gcéad den chíos dleathach, is cuí leis an gCúirt.

(3) Chun críocha an ailt seo, beidh deimhniú ón údarás sláintíochta á dheimhniú nach bhfuil an teaghais rialaithe lena mbaineann an t-iarratas i ndeis mhaith intionóntaithe ar gach slí ina fhianaise prima facie ar na fíorais a bheidh deimhnithe amhlaidh.

(4) I gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) fanfaidh an t-ordú i bhfeidhm mura ndéanfaidh agus go dtí go ndéanfaidh an Chúirt, ar an tiarna talún á iarraidh sin, agus ar bheith deimhnitheach di go ndearnadh an deisiúchán go léir arb é an mhainneachtain ann ab fhoras leis an ordú a dhéanamh, ordú ag foirceannadh an laghdaithe;

(b) más rud é, ar an tiarna talún do dhéanamh aon iarratais den sórt sin, go ndiúltóidh an Chúirt ordú a dhéanamh ag foirceannadh an laghdaithe agus gur deimhin léi gurb é is cúis ar fad nó go formhór leis an deisiúchán sin a bheith riachtanach an tiarna talún do leanúint de bheith ag déanamh mainneachtana nó faillí, féadfaidh an Chúirt, d'ainneoin aon ní dá bhfuil san Acht seo, a ordú gurb é cíos a bheidh le n-íoc i leith na teaghaise go ceann cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt an cíos sin nó cibé suim eile, nach lú ná ochtó faoin gcéad den chíos dleathach, a chinnfidh an Chúirt.

(5) Ar aon iarratas a dhéanamh chun údaráis sláintíochta ag lorg deimhnithe chun críocha an ailt seo, beidh táille chúig scilling iníoctha, ach, i gcás ina mbeidh an táille sin íoctha ag an tionónta, féadfaidh an Chúirt a ordú go mbeidh sé i dteideal an táille a bhaint as aon íocaíocht chíosa ina dhiaidh sin.

(6) San alt seo ciallaíonn an abairt “údarás sláintíochta” an t-údarás sláintíochta faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952.

Suimeanna a dhearbhaítear a bheith do-aisghabhála.

16. —Más rud é—

(a) go mbeidh cíos teaghaise rialaithe (is teaghais lena mbaineann alt 7 den Acht seo) in aghaidh aon tréimhse dar tosach an dáta feidhme nó dáta dá éis sin níos mó ná an cíos a bheidh le n-íoc (de réir an Achta seo) ar an teaghais sin in aghaidh na tréimhse sin, nó

(b) go mbeidh cíos teaghaise rialaithe (is teaghais lena mbaineann alt 9 den Acht seo) in aghaidh aon tréimhse dar tosach dáta tionscnamh na n-imeachtaí ina gcinnfidh an Chúirt an cíos bunúsach nó dáta dá éis sin níos mó ná an cíos a bheidh le n-íoc (de réir an Achta seo) ar an teaghais sin in aghaidh na tréimhse sin,

ansin, d'ainneoin aon chomhaontú contrártha dó sin, beidh méid an bharrachais do-aisghabhála ó thionónta na teaghaise.

Ró-íocaíochtaí a aisghabháil.

17. —(1) I gcás aon suim—

(a) a bheith arna híoc i leith aon chíosa a bheidh faibhrithe chun bheith dlite tar éis an dáta feidhme, agus

(b) ar suim í a ndearbhaítear le halt 16 den Acht seo í a bheith do-aisghabhála ón tionónta,

beidh an tsuim sin, faoi réir alt 18 den Acht seo, inaisghabhála ón tiarna talún a fuair an íocaíocht nó óna ionadaí pearsanta dlíthiúil ag an tionónta a d'íoc í nó ag a ionadaí pearsanta dlíthiúil.

(2) Má chuireann aon duine in aon chíosleabhar nó doiciméad dá shamhail taifead a thaispeánfaidh nó a airbheartóidh a thaispeáint go bhfuil aon tionónta i riaráiste maidir le haon suim a dhearbhaítear leis an Acht seo a bheith do-aisghabhála, beidh an duine sin ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air mura gcruthóidh sé gur go neamhurchóideach agus gan rún meabhlaíochta a ghníomhaigh sé agus go ndearnadh an taifead i leith tréimhse a raibh imeachtaí i leith na teaghaise rialaithe ar feitheaml.

Teorainn le ró-íocaíochtaí aisghabháil.

18. —(1) Ní bheidh duine ar bith i dteideal aisghabháil a dhéanamh in aon slí ar aon suim a bheidh íoctha i leith cíos a dhearbhaítear le halt 16 den Acht seo a bheith do-aisghabhála ón tionónta ach amháin laistigh den dá bhliain díreach tar éis an tsuim sin a íoc.

(2) Gan dochar d'aon imeachtaí a tionscnaíodh roimh dháta an Achta seo a rith, ní bheidh teideal ag duine ar bith aon suim a aisghabháil in aon slí a íocadh i leith cíos a dhearbhaítear le halt 23 d'Acht 1946 a bheith do-aisghabhála ón tionónta.

CUID III.

Forálacha Speisialta chun Faoiseamh a Thabhairt do Thionóntaí Teaghaisí Rialaithe Beaga.

Léiriú Chuid III.

19. —(1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn “limistéar ceaptha” aon limistéar arb é atá ann—

(a) an limistéar arb éard é—

(i) contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath,

(ii) buirg Dhún Laoghaire, agus

(iii) na codanna de Cheantar Ardchathrach Bhaile Átha Cliath lasmuigh den limistéar arb éard atá ann contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath agus buirg Dhún Laoghaire,

(b) contae-bhuirg Chorcaí,

(c) contae-bhuirg Luimnigh,

(d) contae-bhuirg Phort Láirge, nó

(e) aon limistéar a bhforordaítear le rialacháin atá i bhfeidhm de thuras na huaire gur limistéar ceaptha é chun críocha na Coda seo;

ciallaíonn “ceantar cúirte”—

(a) i gcás inar i gCeantar Ardchathrach Bhaile Átha Cliath atá an teaghais iomchuí—an Ceantar sin, agus

(b) in aon chás eile—an ceantar cúirte dúiche ina bhfuil an teaghais iomchuí;

ciallaíonn “cíos láithreach” an cíos is iníoctha ag tionónta ar theaghais rialaithe bheag díreach roimh é do dhéanamh iarratais ag lorg ordú sealadach i leith na teaghaise;

ciallaíonn “ordú sealadach” ordú faoi alt 21 den Acht seo;

ciallaíonn “teaghais rialaithe bheag” teaghais rialaithe i limistéar ceaptha, is teaghais lenar bhain Caibidil I de Chuid II d'Acht 1948 agus arb éard í—

(a) i gcás an limistéar sin a bheith forordaithe le rialacháin, teaghais nach mó a luacháil inrátaithe ná cibé méid (nach mó ná deich bpunt) a bheidh forordaithe, nó

(b) in aon chás eile, teaghais nach mó ná deich bpunt a luacháil inrátaithe.

(2) Aon tagairt atá sa Chuid seo don Chléireach Cúirte Dúiche déanfar, má bhíonn beirt Chléireach Cúirte Dúiche nó níos mó ann don cheantar cúirte a bheidh i gceist, í a fhorléiriú mar thagairt d'aon Chléireach acu sin.

(3) I gcás ina bhforáiltear sa Chuid seo go gcuirfidh Breitheamh Dúiche faoi deara doiciméad a sheirbheáil, féadfar é a sheirbheáil mar a sheirbheálfaí gairm faoi rialacha na Cúirte Dúiche a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

Iarrntais ar orduithe sealadacha.

20. —(1) Féadfaidh tionónta teaghaise is teaghais a mbeidh sé á éileamh gur teaghais rialaithe bheag í iarratas a dhéanamh chun an Bhreithimh Dúiche a bheidh sannta don dúiche ina mbeidh an teaghais ag lorg ordú sealadach ag cinneadh cíos dleathach na teaghaise.

(2) Gach iarratas a dhéanfar faoin alt seo déanfar é tríd an tionónta a theacht, i bpearsain nó trí ghníomhaire, i láthair an Chléirigh Chúirte Dúiche don cheantar cúirte ina mbeidh an teaghais a bheidh i gceist agus do thabhairt sonraí mar thacaíocht lena éileamh don Chléireach Cúirte Dúiche sin agus déanfaidh seisean na sonraí sin a thaifeadadh agus an t-iarratas a tharchur, a luaithe is féidir, chun an Bhreithimh Dúiche iomchuí.

(3) Duine ar bith a thabharfaidh nó a chuirfidh faoi deara go dtabharfar don Chléireach Cúirte Dúiche, i dtacaíocht le hiarratas faoin alt seo, sonraí a bheidh bréagach nó míthreorach in aon phone ábhartha, beidh sé, mura gcruthóidh sé gur go neamhurchóideach agus gan rún meabhlaíochta a ghníomhaigh sé, ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fineáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(4) Má ghníomhaíonn duine, nach aturnae, mar ghníomhaire do dhuine ar bith i gcás iarratais faoin alt seo go díreach nó go neamhdhíreach le haghaidh nó de shúil luaíochta, nó má fhaigheann sé luach saothair go díreach nó go neamhdhíreach as cistí aon chomhlachta chorpraithe nó neamhchorpraithe daoine a mbeidh nó a raibh an tionónta ina chomhalta de nó ar thug sé síntiús dá chiste, beidh sé ciontach i gcion agus, gan dochar d'é a bheith inchiontaithe in aon chion eile a mbeidh sé ciontach ann, dlífear, ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Orduithe sealadacha a dhéanamh.

21. —(1) I gcás iarratas faoi alt 20 den Acht seo a tharchur chun Breithimh Dúiche—

(a) déileálfaidh an Breitheamh Dúiche leis an iarratas go príobháideach mura dtarlóidh gur iomchuí éisteacht i gcúirt oscailte de réir mhír (e) den fho-alt seo;

(b) mura dóigh leis gur chóir diúltú don iarratas, cuirfidh an Breitheamh Dúiche faoi deara go seirbheálfar fógra ar an tiarna talún á chur in iúl dó go ndearnadh an t-iarratas, ag tabhairt sonraí ar an iarratas agus á cheangal air aon eolas a bheidh ar seilbh ag an tiarna talún agus a chabhródh leis an mBreitheamh chun ordú sealadach a dhéanamh ag cinneadh cíos dleathach na teaghaise a thabhairt, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an fógra a sheirbheáil, do Chléireach Cúirte Dúiche an cheantair cúirte ina bhfuil an teaghais;

(c) a luaithe is féidir tar éis an t-eolas sin a thabhairt nó ar an gceithre lá dhéag sin a bheith caite (cibé acu is túisce a tharlóidh) agus, má dhéantar tarchur faoi alt 28, tar éis an tuarascáil a fháil a dhéanfar ar an tarchur, déanfaidh an Breitheamh Dúiche mar a leanas faoi réir mhíreanna (d) agus (e) den fho-alt seo:

(i) i gcás inar dóigh leis—

(I) gur teaghais rialaithe bheag lena mbaineann alt 7 den Acht seo an teaghais agus nach mó an cíos bunúsach, de mhéid is mó ná an t-ochtú cuid den chíos bunúsach, ná an cíos a chinnfeadh an Chúirt mar chíos bunúsach na teaghaise dá mba theaghais lena mbaineann alt 9 den Acht seo an teaghais agus dá mbeadh “(is teaghaisí lenar bhain Caibidil I de Chuid II d'Acht 1946)” i bhfo-alt (2) den alt sin 9 i ndiaidh “teaghaisí rialaithe”, nó

(II) gur teaghais rialaithe bheag lena mbaineann alt 9 den Acht seo an teaghais, a mbeidh an Chúirt tar éis a cíos bunúsach a chinneadh cheana féin, agus gur féidir méid an chíosa bhunúsaigh sin a fháil amach,

féadfaidh sé le hordú na nithe seo a leanas a chinneadh go sealadach—

(A) na breiseanna dleathacha ar chíos bunúsach na teaghaise, agus

(B) cíos dleathach na teaghaise;

(ii) i gcás inar dóigh leis gur teaghais rialaithe bheag nach mbaineann fomhír (i) den mhír seo léi an teaghais, féadfaidh sé le hordú na nithe seo a leanas a chinneadh go sealadach—

(I) cíos bunúsach na teaghaise faoi alt 9 den Acht seo,

(II) na breiseanna dleathacha ar chíos bunúsach na teaghaise, agus

(III) cíos dleathach na teaghaise;

(d) i gcás inar dóigh leis an mBreitheamh Dúiche go mbeadh cíos dleathach na teaghaise, dá gcinntí é le hordú sealadach, comhionann leis an gcíos láithreach nó níos mó ná é, díbhfidh sé an t-iarratas agus cuirfidh sé faoi deara go gcuirfear an díbhe in iúl don tionónta agus don tiarna talún agus freisin nach ndéanann an díbhe dochar do cheart cheachtar acu iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoin Acht seo, seachas an Chuid seo, á iarraidh an cíos a chinneadh;

(e) i gcás—

(i) nach deimhin leis an mBreitheamh Dúiche go bhfuil dlínse aige ordú sealadach a dhéanamh, nó

(ii) inar éiligh an tiarna talún breis i leith airgead a líomhnaítear a caitheadh ar fheabhsú, athrú déanmhais nó deisiú agus nach deimhin leis an mBreitheamh Dúiche gur chóir éileamh an tiarna thalún a cheadú gan fianaise fhoirmiúil agus gan caoi a thabhairt don tionónta an t-éileamh a chonspóidiú,

éistfidh an Breitheamh Dúiche an t-iarratas i gcúirt oscailte agus, chuige sin, cuirfidh sé faoi deara an t-iarratas a chur ar an liosta éisteachta, socróidh sé dáta le haghaidh na héisteachta agus cuirfidh sé faoi deara é sin a chur in iúl don tiarna talún agus don tionónta (ag a mbeidh teideal láithriú agus go bhfeidhmeofaí ar a shon) ag an éisteacht;

(f) mura mbeidh an teaghais luacháilte ar leithligh faoi na hAchtanna Luachála agus mura mbeidh cionroinnt déanta ina leith cheana féin faoi alt 41 den Acht seo, ansin, chun críocha an Achta seo, féadfaidh an Breitheamh Dúiche le hordú cibé cuid is cuí leis de luacháil inrátaithe na maoine ar cuid di an teaghais a chionroinnt go sealadach i leith na teaghaise;

(g) más dóigh leis an mBreitheamh Dúiche go bhfuil ar áireamh cíos na teaghaise íocaíochtaí i leith aon ní acu sin dá dtagraítear i mír (d) d'fho-alt (2) d'alt 3 den Acht seo, féadfaidh sé leis an ordú sealadach (má dhéantar é) an cíos a chionroinnt chun críocha an Achta seo agus, dá réir sin, forléireofar tagairtí don Chúirt sa mhír sin mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Bhreitheamh Dúiche a bheidh ag déileáil leis an iarratas.

(2) Ní bheidh aon ábhar achomhairc chun na Cúirte Cuarda ann i gcoinne cinneadh Bhreithimh Dúiche ar iarratas faoi alt 20 den Acht seo.

Forálacha maidir le horduithe sealadacha.

22. —(1) I gcás ina ndéanfaidh Breitheamh Dúiche ordú sealadach maidir le haon teaghais, cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is féidir, go seirbheálfar cóip de ar an tiarna talún agus ar an tionónta.

(2) Faoi réir mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 23 agus d'ainneoin alt 13 den Acht seo, is é cíos a bheidh le n-íoc ar theaghais lena mbaineann ordú sealadach, amhail ar an gcéad lá gála tar éis an t-ordú a dhéanamh agus ón lá sin amach agus an fad a leanfaidh an t-ordú sealadach i bhfeidhm, an cíos dleathach a chinnfear leis an ordú sealadach.

(3) Ní bhunófar aon imeachtaí faoi Chuid II den Acht seo chun cíos bunúsach aon teaghaise a chinneadh an fad a bheidh ordú sealadach i bhfeidhm ina leith nó an fad a bheidh iarratas ina leith ar feitheamh faoin gCuid seo.

Iarratas ó thiarna talún nó ó thionónta maidir le hordú sealadach.

23. —(1) Féadfaidh tiarna talún nó tionónta aon teaghaise a mbeidh ordú sealadach déanta ina leith, laistigh de mhí tar éis cóip den ordú sealadach a sheirbheáil air, a iarraidh ar an gCúirt Dúiche téarmaí an ordaithe shealadaigh a chúlghairm nó a mhodhnú, agus air sin beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) más dóigh leis an gCúirt, ar an iarratas a éisteacht, nach teaghais rialaithe bheag an teaghais, déanfaidh sí, faoi réir mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, an t-ordú sealadach a chúlghairm le héifeacht chúlghabhálach ó dháta a dhéanta;

(b) in aon chás eile, féadfaidh an Chúirt, de réir mar is cuí léi—

(i) téarmaí an ordaithe shealadaigh a dhaingniú fara modhnú nó gan modhnú, nó

(ii) an t-ordú sealadach a chúlghairm agus cibé ordú nua a dhéanamh is gá sa chás maidir leis an teaghais;

(c) má dhéantar ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo, ansin, amhail ó dháta a dhéanta agus ón dáta sin amach agus d'ainneoin aon ní dá bhfuil in aon fhoráil eile den Acht seo—

(i) beidh éifeacht ag an ordú sin amhail is dá mba é an cinneadh deiridh é ag an gCúirt Dúiche maidir leis na nithe lena mbainfidh an t-ordú sin,

(ii) scoirfidh an t-ordú sealadach de bheith i bhfeidhm, agus

(iii) chun críche feidhme alt 13 den Acht seo, measfar an tionónta a bheith tar éis comhaontú a dhéanamh leis an tiarna talún chun cíos a íoc i leith na teaghaise is comhionann le cíos dleathach na teaghaise mar a cinneadh sin leis an ordú sin a rinneadh faoi mhír (b) den fho-alt seo;

(d) féadfaidh an Chúirt, ar an iarratas a éisteacht, ordú a dhéanamh á ordú go n-íocfar, i cibé slí a ordóidh an Chúirt, aon suim a bheidh dlite de cheachtar páirtí ag an bpáirtí eile maidir leis an teaghais, cibé acu i leith cíosa é nó faoi aon fhoráil den Acht seo.

(2) Más rud é, ar iarratas ó thiarna talún faoin alt seo, go ndéanfar ordú sealadach a chúlghairm nó a mhodhnú faoi fho-alt (1) den alt seo ar fhoras eolas (i bhfoirm fianaise a tugadh ar aird aige nó thar a cheann) a dhiúltaigh nó a d'fhailligh sé a thabhairt de bhun fhógra a seirbheáladh air faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 21 den Acht seo—

(a) ní thabharfaidh an Chúirt éifeacht chúlghabhálach do chúlghairm nó do mhodhnú an ordaithe, cibé acu é, agus

(b) mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt ar chúis mhaith, déanfar costais a dhámhachtain i gcoinne an tiarna talún agus má tháinig luachálaí, a bhí tar éis tuarascáil ar an teaghais iomchuí a thabhairt de bhun alt 28 den Acht seo, i láthair le linn éisteacht an iarratais, ordófar don tiarna talún cibé táille a shocróidh an Chúirt a íoc i leith é a theacht i láthair.

(3) Is mar is rogha leis an gCúirt a bheidh maidir le costais na bpáirtithe in iarratas faoin alt seo, faoi réir mhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo, ach ní dhámhfar aon chostais i gcoinne an tionónta in aon chás ina gcruthófar gur mhó an cíos láithreach ná an cíos dleathach.

(4) Más rud é, ar an tiarna talún do dhéanamh achomhairc chun na Cúirte Cuarda i gcoinne ordú a bheidh déanta ag an gCúirt Dúiche faoin alt seo, go ndeimhneoidh an Chúirt Chuarda gur cuí, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, iomlán an mhéid nó cuid shonraithe den mhéid a dhlífidh an tionónta i leith costas an achomhairc (lena n-áirítear costais an tionónta féin agus na costais (más ann) a dhlífidh an tionónta, faoi ordú na Cúirte, a íoc leis an tiarna talún) a íoc as cistí Stáit, déanfaidh an tAire méid na gcostas a mbeidh an deimhniú sin tugtha ina dtaobh a íoc as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas.

Forálacha ag a mbeidh feidhm mura ndéanfaidh an tiarna talún nó an tionónta iarratas.

24. —(1) I gcás ina mbeifear tar éis ordú sealadach a dhéanamh agus—

(a) go mbeidh an tiarna talún gan iarratas a dhéanamh, laistigh de mhí tar éis an dáta a sheirbheálfar cóip den ordú air, faoi fho-alt (1) d'alt 23 den Acht seo, agus

(b) go mbeidh an tionónta gan iarratas a dhéanamh, laistigh de mhí tar éis an dáta a seirbheálfar cóip den ordú air, faoin bhfo-alt sin,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas d'ainneoin aon ní atá in aon fhoráil eile den Acht seo:

(i) measfar téarmaí an ordaithe shealadaigh a bheith daingnithe ag an gCúirt Dúiche le hordú faoi fho-alt (1) d'alt 23 den Acht seo agus beidh feidhm ag forálacha mhír (c) den fho-alt sin dá réir sin;

(ii) ní bheidh aon ábhar achomhairc chun na Cúirte Cuarda ann i gcoinne ordú daingnithe a mheasfar a rinneadh amhlaidh.

(2) A luaithe is féidir tar éis forálacha fho-alt (1) den alt seo a theacht in éifeacht maidir le haon teaghais, tabharfaidh an Breitheamh Dúiche ag a mbeidh dlínse chun críocha an Achta seo sa dúiche ina mbeidh an teaghais go seirbheálfar ar an tiarna talún agus ar an tionónta fógra, san fhoirm fhorordaithe, á chur sin in iúl do na daoine sin, ach mura gcomhlíonfar forálacha an fho-ailt seo ní fhorléireofar sin mar ní a dhéanfaidh dochar d'oibriú an fho-ailt sin (1).

Díolúine ó tháillí Cúirte.

25. —Ní hiníoctha aon táillí cúirte ag an tionónta in aon imeachtaí (lena n-áirítear aon achomharc nó cás sonraithe) faoin gCuid seo.

Athbhreithniú ar fhorais calaoise, neamhchoinne, dearmaid nó míchumais.

26. —(1) Más rud é, faoi mhír (i) d'fho-alt (1) d'alt 24 den Acht seo, go measfar téarmaí ordaithe shealadaigh a bheith daingnithe, féadfaidh an tiarna talún nó an tionónta tráth ar bith a iarraidh ar an gCúirt an cás a athbhreithniú ar fhorais calaoise, neamhchoinne, dearmaid nó míchumais.

(2) Más rud é, an iarratas faoin alt seo, gur deimhin leis an gCúirt go raibh aon fhoras ann is foras ar a ndearnadh an t-iarratas, féadfaidh an Chúirt cibé orduithe nua agus orduithe breise a dhéanamh is gá de réir cheartais, lena n-áirítear aon ordú ag dámhachtain costas is cuí leis an gCúirt.

(3) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (2) den alt seo éifeacht aon ordaithe roimhe sin sa chás a mhodhnú nó a fhoirceannadh agus, i gcás ina gcruthófar calaois, féadfaidh an t-ordú sin a bheith cúlghabhálach.

Luachálaithe Cúirte Dúiche.

1956, Uimh. 45 .

1956, Uimh. 46 .

27. —(1) Féadfaidh an tAire le ceadú an Aire Airgeadais, cibé daoine agus cibé méid daoine is oiriúnach leis a cheapadh chun bheith ina luachálaithe cúirte dúiche chun críocha na Coda seo.

(2) Beidh gach luachálaí cúirte dúiche i seilbh oifige an fad is toil leis an Aire agus féadfaidh an tAire é a chur as oifig.

(3) Is é an tAire Airgeadais a chinnfidh luach saothair luachálaithe cúirte dúiche maraon lena gcoinníollacha seirbhíse i gcoitinne.

(4) Déanfar gach luachálaí cúirte dúiche a shannadh do cibé dúiche a ordóidh an tAire ó am go ham.

(5) Ní bheidh feidhm ag Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , ná ag Acht Rialaithe na Stát-Sheirbhíse, 1956, maidir le post luachálaí cúirte dúiche.

Breithiúna Dúiche do tharchur ceisteanna i dtaobh luacháil inrátaithe nó cíos teaghaisí rlalaithe beaga chun luachálaithe.

28. —(1) Féadfaidh an Breitheamh Dúiche a bheidh sannta do dhúiche dá mbeidh luachálaí cúirte dúiche sannta aon cheist a tharchur chun an luachálaí cúirte dúiche sin lena fiosrú agus tuarascáil ina taobh a thabhairt dó is ceist a bhainfidh leis an luacháil inrátaithe nó an cíos ar theaghais rialaithe bheag is ábhar d'aon imeachtaí os a chomhair faoin gCuid seo nó a bhainfidh leis an gcíos a bheidh á íoc nó a bheidh iníoctha ar theaghaisí rialaithe beaga eile.

(2) Féadfaidh an Breitheamh Dúiche a bheidh sannta do dhúiche nach mbeidh luachálaí cúirte dúiche sannta di aon cheist a tharchur chun cibé duine (dá ngairtear luachálaí speisialta san alt seo) is oiriúnach leis lena fiosrú agus tuarascáil ina taobh a thabhairt dó is ceist a bhainfidh leis an luacháil inrátaithe nó an cíos ar aon teaghais rialaithe bheag is ábhar d'imeachtaí os a chomhair faoin gCuid seo nó a bhainfidh leis an gcíos a bheidh á íoc nó a bheidh iníoctha ar theaghaisí rialaithe beaga eile.

(3) I gcás ina dtabharfar tuarascáil ar tharchur a dhéanfar faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo maidir le himeachtaí faoin gCuid seo—

(a) beidh teideal ag tiarna talún agus tionónta na teaghaise rialaithe iomchuí cóipeanna den tuarascáil a fháil ar iarratas a dhéanamh chun oifig na cúirte dúiche, agus

(b) féadfaidh an Breitheamh Dúiche, agus déanfaidh sé ar iarratas bona fide ón tiarna talún nó ón tionónta sin, a cheangal ar an luachálaí a bheith i láthair ag na himeachtaí.

(4) Íocfaidh an tAire luach saothair le luachálaithe speisialta de réir cibé rátaí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(5) Aon luachálaí cúirte dúiche nó luachálaí speisialta a mbeidh Breitheamh Dúiche tar éis aon cheist a tharchur chuige faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, féadfaidh sé, má bhíonn údarás aige i scríbhinn ón mBreitheamh Dúiche chuige sin agus ar é do thaispeáint an údaráis sin, má iarrtar sin air, dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh gach tráth réasúnach in aon teaghais a bheidh sonraithe chuige sin san údarás sin.

(6) Má dhiúltaíonn duine ar bith ligean do luachálaí cúirte dúiche dul isteach nó iniúchadh a dhéanamh in aon teaghais i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoi fho-alt (5) den alt seo, nó má choisceann nó má bhacann sé é agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí sin, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná mí nó fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air nó an phríosúnacht sin agus an fhíneáil sin le chéile.

CUID IV.

Srianta le Seilbh Teaghaisí Rialaithe a Aisghabháil.

Sríanta le ceart an tiarna talún chun seilbh teaghaise rialaithe.

1931, Uimh. 50 .

29. —(1) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4) den alt seo, ní dhéanfar ordú i leith seilbh teaghaise rialaithe a aisghabháil mura measfaidh an Chúirt gur réasúnach an rud é an t-ordú a dhéanamh agus mura rud é—

(a) nár íocadh aon chíos a bhí dlite go dleathach den tionónta, nó gur briseadh nó nár combhíonadh aon oibleagáid eile a ghabh leis an tionóntacht, cibé acu faoin gconradh tionóntachta (a mhéid a bheidh sin ar comhréir leis an Acht seo) nó faoin Acht seo é, nó

(b) go raibh aon duine (arb é an tionónta é, ró aon duine in aontíos leis an tionónta, nó aon duine de lóistéirí nó d'fhothionóntaithe an tionónta) ciontach in iompar ba núis nó ciapadh ar an tiarna talún nó a ghníomhaire, nó ar áititheoirí tadhlacha nó gur úsáid sé an teaghais nó gur cheadaigh sé an teaghais a úsáid chun críche mímhorálta nó neamhdhleathaí (cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh é a chiontú mar gheall ar é a úsáid, nó a cheadú é a úsáid, amhlaidh), nó

(c) gurb é tuairim na Cúirte go dtáinig mí-bhail ar an teaghais de dheasca aon duine den sórt sin do dhéanamh beartanna diomailte nó do dhéanamh faillí nó mainneachtana, nó

(d) gur thug an tionónta fógra fágála, agus de dheasca an fhógra sin go ndearna an tiarna talún conradh chun an teaghais a dhíol nó a ligean nó go ndearna sé aon bhearta eile arb é tuairim na Cúirte go dtiocfadh dochar mór dó astu mura bhféadfadh sé seilbh a fháil, nó

(e) go bhfuil an teaghais ag teastáil go réasúnach ón tiarna talún le haghaidh a áitithe mar áit chónaithe dó féin nó d'aon duine atá, nó atá le bheith, bona fide in aontíos leis agus—

(i) gurb é tuairim na Cúirte gur mó an cruatan a thiocfadh, toisc cúrsaí speisialta an cháis, d'é a dhiúltú an t-ordú seilbhe a dheonú ná d'é a dheonú, nó

(ii) gur deimhin leis an gCuirt go bhfuil cóiríocht ionadúil ar fáil, i dteaghais rialaithe, atá réasúnta oiriúnach le haghaidh riachtanas cónaithe agus eile an tionónta agus a theaghlaigh, nó

(f) go bhfuil an teaghais ag teastáil go réasúnach ón tiarna talún le haghaidh a áitithe mar áit chónaithe do dhuine éigin atá ar fostaíocht lánaimsire aige, agus gur deimhin leis an gCúirt go bhfuil cóiríocht ionadúil ar fáil, i dteaghais rialaithe, atá réasúnta oiriúnach le haghaidh riachtanas cónaithe agus eile an tionónta agus a theaghlaigh, nó

(g) go bhfuil an teaghais ag teastáil bona fide ón tiarna talún le haghaidh a áitithe mar áit chónaithe do dhuine éigin a bhfuil teaghais rialaithe ar teachtadh aige mar thionónta don tiarna talún agus a theachtaigh amhlaidh í ar feadh tréimhse nár ghiorra ná dhá mhí dhéag agus gur deimhin leis an gCúirt—

(i) go bhfuil nó go mbeidh cóiríocht ionadúil ar fáil sa teaghais rialaithe sin, agus

(ii) go bhfuil an chóiríocht ionadúil sin réasúnta oiriúnach le haghaidh riachtanas cónaithe agus eile an tionónta óna mbeartaítear seilbh a aisghabháil, nó

(h) go bhfuil an teaghais ag teastáil go réasúnach le haghaidh feidhmiú dualgas, cumhachtaí nó ceanglas Aire Stáit nó Choimisiún na Talún nó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó údaráis áitiúil nó ghnóthaire reachtúil, nó

(i) go bhfuil an tiarna talún i gcruachás airgid agus gur ó fuair sé an teaghais a tharla sin dó agus nach féidir é a fhuascailt ach amháin trí sheilbh na teaghaise a aisghabháil le hintinn í a dhíol agus go bhfuil sé sásta cibé suim is cuí leis an gCúirt a íoc mar chúiteamh leis an tionónta gan an tsuim sin a bheith níos mó ná cíos trí bliana (lena n-áirítear rátaí, cibé acu gur ag an tionónta is iníoctha iad nó nach ea), nó

(j) go bhfuil seilbh na teaghaise ag teastáil ar mhaithe le dea-bhainistíocht eastáit nó chun tuilleadh teaghaisí a thógáil nó chun áitreabh a úsáidtear le haghaidh aon ghnó, trádáil nó gairm a thógáil nó a leathnú agus go bhfuil an tiarna talún sásta cibé suim is cuí leis an gCúirt a íoc mar chúiteamh leis an tionónta is suim nach lú na cíos trí bliana (lena n-áirítear rátaí, cibé acu gur ag an tionónta is iníoctha iad nó nach ea), nó

(k) gur deimhin leis an gCúirt, i gcás inar teaghais í an teaghais a gceanglaítear ar an tionónta lena chonradh tionóntachta gnó a sheoladh ann nach mbaineann, go hiomlán nó go páirteach, ach le déileáil in earraí a tháirgeann nó a sholáthraíonn an tiarna talún, go bhfuil, nó gur dócha go mbeidh, dochar á dhéanamh do dhíol an n-earraí sin mar gheall ar neamhoiriúnacht an tionónta nó an chuma ina bhfuil an gnó á sheoladh.

(2) Nuair a bheifear á bhreithniú an rud réasúnach é ordú a dhéanamh le haghaidh seilbh ar theaghais rialaithe a aisghabháil, tabharfaidh an Chúirt aird ar an méid, más aon mhéid é, ba chúis iompar an tiarna talún leis na forais a bheith ann ar a bhfuil sé ag brath mar thaca lena iarratas ar sheilbh a aisghabháil.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo difir do cheart an tiarna talún ordú a fháil i gcoinne tionónta chun seilbh a aisghabháil ar aon teaghais rialaithe más rud é—

(a) go ndearna an tionónta an teaghais a fholigean, ar shlí seachas mar áis sealadach, chun fothionónta, agus

(b) go mbeidh teideal ag an bhfothionónta nó ag aon duine a ghabhann teideal faoi seilbh a choimeád ar an teaghais faoin Acht seo, d'ainneoin an ordaithe i gcoinne an tionónta.

(4) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo difir d'oibriú alt 26 nó alt 34 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 .

(5) I gcás—

(a) ina mbeifear tar éis ordú chun seilbh a aisghabháil ar theaghais rialaithe a dhéanamh de bhua mhír (e), (f) nó (g) d'fho-alt 1 den alt seo,

(b) go ndéanfaidh an tionónta achomarc i gcoinne an ordaithe, agus

(c) gur deimhin leis an gcúirt achomhairc go raibh an chóiríocht ionadúil a tairgeadh agus a bhí ar fáil tráth na chéad éisteachta réasúnta oiriúnach le haghaidh riachtanas cónaithe agus eile an tionónta agus a theaghlaigh,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(i) ní thabharfaidh an chúirt achomhairc aird ar cibé acu a bheidh nó nach mbeidh aon chóiríocht ionadúil ar fáil tráth an achomhairc a éisteacht,

(ii) más deimhin leis an gcúirt achomhairc an chóiríocht ionadúil a tairgeadh agus a bhí ar fáil tráth na chéad éisteachta a bheith coimeádta ar fáil don tionónta agus go ndeachaigh an tiarna talún faoi chaiteachas nó gur bhain caillteanas dó á choimeád ar fáil, féadfaidh an chúirt achomhairc a ordú don tionónta cúiteamh a íoc leis an tiarna talún i leith an chaiteachais faoina ndeachaigh sé nó an chaillteanais a bhain dó idir dáta an ordaithe bhunaidh agus dáta an achomhairc.

(6) Nuair a bheifear ag tabhairt breith, de bhun mhír (e), (f) nó (g) d'fho-alt (1) nó de bhun mhír (c) d'fho-alt (5) den alt seo, i dtaobh oiriúnacht chóiríocht ionadúil, cuirfidh an Chúirt nó an chúirt achomhairc (de réir mar a bheidh) san áireamh, go sonrach, a ghaire an chóiríocht do láthair oibre an tionónta agus dhaoine dá theaghlach in aontíos leis, acmhainn an tionónta agus dhaoine dá theaghlach in aontíos leis agus méid agus cineál na cóiríochta.

(7) Déanfar suim mar chúiteamh dá dtagraítear i mír (i) nó (j) d'fho-alt (1) den alt seo a íoc isteach sa Chúirt don tionónta agus ní eiseofar an t-ordú seilbhe mura n-íocfar agus go dtí go n-íocfar í amhlaidh.

Cosaint do chearta fothionóntaí.

30. —Ní dhéanfaidh ordú i gcoinne tionónta chun seilbh teaghaise rialaithe a aisghabháil difir do cheart aon fhothionónta chun seilbh a choimeád faoin Acht seo is fothionónta a ndearnadh an teaghais nó aon chuid di a fholigean chuige go dleathach sular bunaíodh imeachtaí chun seilbh a aisghabháil.

Tionóntacht reachtúil.

1952, Uimh. 25 .

31. —(1) Má dhiúltaíonn an Chúirt ordú chun seilbh a aisghabháil ar theaghais rialaithe a dhéanamh ar an bhforas go bhfuil an tionónta i dteideal seilbh a choimeád ar an teaghais de bhua an Achta seo, déanfaidh an Chúirt ordú á dhearbhú aon tionóntacht a bheith foirceannta a bhí ag an tionónta ar shlí seachas de bhua an Achta seo, agus, nuair a bheidh aon ordú den sórt sin a dúradh á dhéanamh aici, féadfaidh sí ordú a dhéanamh i dtaobh an tionónta d'íoc aon riaráistí cíosa nó aon fhoghail-bhrabúis.

(2) I gcás ina bhfoirceannfaidh leas tionónta teaghaise rialaithe, mar gheall ar ordú seilbhe nó ar aon chúis eile, beidh fothionónta a ndearnadh an teaghais nó aon chuid di a fholigean chuige go dleathach i dteideal, faoi réir an Achta seo, seilbh a choimeád ar an teaghais agus í a theachtadh ón tiarna talún ar na téarmaí céanna ar a dteachtódh sé ón tionónta dá mba nár foirceannadh tionóntacht an tionónta.

(3) (a) I gcás ina bhfaighidh tionónía neamhreachtúil teaghaise rialaithe bás agus go bhfágfaidh sé ar marthain ina dhiaidh a bhanchéile nó aon duine dá theaghlach a bhí bona fide in aontíos leis tráth a bháis agus—

(i) i gcás díthiomnachta, go bhfoirceannfaidh tionóntacht an tionónta neamhreachtúil sula ndeonófar riarachán i leith a eastáit nó le linn a eastát a bheith á riaradh, nó

(ii) in aon chás eile, go bhfoirceannfaidh tionóntacht an tionónta neamhreachtúil tráth nach mbeidh an seiceadóir ag áitiú na teaghaise,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(I) i gcás ina bhfágfaidh an tionónta neamhreachtúil ar marthain ina dhiaidh a bhanchéile a bhí bona fide in aontíos leis tráth a bháis, beidh sise i dteideal seilbh a choimeád ar an teaghais faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna faoina raibh sí ar seilbh ag an tionónta neamhreachtúil a fuair bás;

(II) i gcás nach bhfágfaidh an tionónta neamhreachtúil banchéile ina dhiaidh a bhí bona fide in aontíos leis tráth a bháis, beidh an duine sin dá theaghlach a bhí bona fide in aontíos leis tráth a bháis nó, má bhíonn níos mó ná aon duine amháin den sórt sin ann, an duine sin acu ar a gcomhaontóidh siad eatarthu nó a roghnóidh an Chúirt mura gcomhaontóidh siad, i dteideal seilbh a choimeád mar a dúradh.

(b) I gcás ina bhfaighidh tionónta neamhreachtúil teaghaise rialaithe, ar bean í, bás agus go bhfágfaidh sí ar marthain ina diaidh a fearchéile nó aon duine dá teaghlach a bhí bona fide in aontíos léi tráth a báis agus—

(i) i gcás díthiomnachta, go bhfoirceannfaidh tionóntacht an tionónta neamhreachtúil sula ndeonófar riarachán i leith a heastáit nó le linn a heastát a bheith á riaradh, nó

(ii) in aon chás eile, go bhfoirceanfaidh tionóntacht an tionónta neamhreachtúil tráth nach mbeidh an seiceadóir ag áitiú na teaghaise,

beidh éifeacht ag fomhíreanna (I) agus (II) de mhír (a) den fho-alt seo maidir lena fearchéile agus a teaghlach amhail mar atá éifeacht acu maidir le banchéile agus teaghlach tionónta neamhreachtúil ar fear é.

(4) Ar thionónta reachtúil teaghaise rialaithe d'fháil bháis beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) i gcás ina bhfágfaidh an tionónta reachtúil ar marthain ina dhiaidh a bhanchéile a bhí bona fide in aontíos leis tráth a bháis, beidh sise i dteideal seilbh a choimeád ar an teaghais faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna faoina raibh sí ar seilbh ag an tionónta reachtúil a fuair bás;

(b) i gcás nach bhfágfaidh an tionónta reachtúil banchéile ina dhiaidh a bhí bona fide in aontíos leis tráth a bháis, beidh an duine sin de theaghlach an tionónta reachtúil a bhí bona fide in aontíos leis tráth a bháis nó, má bhíonn níos mó ná duine amháin den sórt sin ann, an duine sin acu ar a gcomhaontóidh siad eatarthu nó a roghnóidh an Chúirt mura gcomhaontóidh siad, i dteideal seilbh a choimeád mar a dúradh;

(c) i gcás inar bhean an tionónta reachtúil, beidh éifeacht ag míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo maidir lena fearchéile agus a theaghlach amhail mar atá éifeacht acu maidir le beanchéile agus teaghlach tionónta reachtúil ar fear é;

(d) in aon chás nach mbaineann aon mhír acu sin roimhe seo leis, tiocfaidh leas an tionónta reachtúil chun bheith foirceannta ar é d'fháil bháis.

(5) Nuair a bheidh an focal “teaghlach” á fhorléiriú chun críocha fho-alt (3) nó fho-alt (4) den alt seo—

(a) measfar duine a bheith arna áireamh i measc na ndaoine dá dtagraíonn an focal más rud é, agus amháin más rud é, gurb é an duine sin athair, máthair, seanathair, seanmháthair, leasathair, leasmháthair, athair céile, máthair chéile, cliamhain, banchliamhain, mac, iníon, nia, neacht, ua, banua, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar, deirfiúr leasghaolmhar, uncail nó aintín an tionónta,

(b) measfar gur sliocht dlisteanach an uchtóra nó na n-uchtóirí duine a uchtaíodh faoin Acht Uchtála, 1952 ,

(c) faoi réir na míre sin roimhe seo, measfar gur sliocht dlisteanach a mháthar agus a athar thoimhdean duine mídhlisteanach, agus

(d) muran cónaí a thosaigh tréimhse is giorra ná sé bliana roimh bhás an tionónta an conaí bona fide iomchuí leis an tionónta, measfar, i gcás duine in loco parentis do dhuine eile, gurb é tuiste an duine eile sin é.

Coinníollacha tionóntachta reachtúla.

1860, c. 154.

32. —(1) An fad a choimeádfaidh sé seilbh ar theaghais rialaithe de bhua an Achta seo, déanfaidh tionónta reachtúil téarmaí agus coinníollacha uile an chonradh thionóntachta bhunaidh, a mhéid a bheidh siad ar comhréir leis an Acht seo, a chomhlíonadh agus beidh sé i dteideal a dtairbhe, agus ní bheidh sé i dteideal seilbh na teaghaise a thabhairt suas ach amháin ar cibé fógra a thabhairt ba ghá faoin gconradh tionóntachta bunaidh, nó, murar ghá aon fhógra a thabhairt amhlaidh, ar fhógra trí mhí ar a laghad a thabhairt.

(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, ní bheidh ar thiarna talún teaghaise rialaithe, d'fhonn aon cheart faoin Acht seo a fheidhmiú, aon fhógra fágála a thabhairt do thionónta reachtúil na teaghaise.

(3) (a) Ní dhéanfaidh tionónta reachtúil, mar choinníoll i leith teaghais rialaithe a shannadh nó a thabhairt suas, íoc aon suime, ná aon chomhaoin eile, a iarraidh ar aon duine ná a ghlacadh ó aon duine seachas an tiarna talún.

(b) Duine ar bith a dhéanfaidh aon ní contrártha do mhír (a) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(c) Má chiontaítear duine i gcion faoin bhfo-alt seo, féadfaidh an Chúirt a chiontaigh é a ordú aon íocaíocht nó comaoin den sórt sin a aisíoc leis an duine a rinne nó a thug í.

(d) Ní bhainfidh mír (a) den fho-alt seo le háitreabh a ndéantar go dleathach é a úsáid i bpáirt chun críocha aon ghnó, ceirde nó gairme.

(4) Measfar é a bheith ag gabháil mar choinníoll le tionóntacht reachtúil in aon teaghais rialaithe—

(a) go ligfidh an tionónta don tiarna talún dul isteach ann chun bail agus deis na teaghaise a fheiceáil, agus go dtabharfaidh sé gach saoráid réasúnach chun aon deisiúchán a dhéanamh ann a bheidh an tiarna talún i dteideal a dhéanamh;

(b) nach ndéanfaidh an tionónta an teaghais ná aon chuid di a shannadh gan toiliú i scríbhinn ón tiarna talún, is toiliú nach bhféadfar diúltú d'é a thabhairt ach amháin i gcás inar mhó an cruatan a thiocfadh, toisc cúrsaí speisialta an cháis, d'é a thabhairt ná de dhiúltú d'é a thabhairt;

(c) go mbeidh an tiarna talún freagrach in aon deisiúchán nach mbeidh aon fhreagracht ar an tionónta ina thaobh, cibé acu a bheidh an fhreagracht sainráite sa chonradh nó intuigthe faoi alt 42 den Landlord and Tenant Law Amendment Act (Ireland), 1860.

(5) Má dhéanann an tionónta reachtúil (dá ngairtear an sannóir san fho-alt seo) teaghais rialaithe a shannadh go dleathach ar an dáta feidhme nó dá éis, ansin, mura mbeidh aon chomhaontú sainráite idir an tiarna talún agus an sannaí, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) má bhíonn an teaghais, ar dháta an tsannaithe, á húsáid go dleathach i bpáirt chun críche aon ghnó, ceirde nó gairme, measfar, ón dáta sin, an teaghais a bheith ar teachtadh ag an sannaí de réir cibé fomhír acu seo a leanas is infheidhmithe—

(i) i gcás fianaise a bheith ar fáil go raibh an teaghais, díreach sular cruthaíodh an tionóntacht reachtúil ann, ar teachtadh ag a tionónta conarthach faoi thionóntacht ó bhliain go bhliain nó ar feadh téarma blianta nó ar feadh tréimhse cinnte eile (nach giorra ná bliain), nó faoi thionóntacht a bhí ag brath ar thitim saoil nó ar aon teagmhas neamhchinnte eile, measfar an teaghais a bheith ar teachtadh ag an sannaí ón tiarna talún faoi thionóntacht ó bhliain go bhliain is infhoirceanna, ar an gcéad bhliain díobh a bheith caite nó dá éis sin, ag ceachtar páirtí trí fhógra dhá mhí a rachaidh in éag lá gála agus, faoina réir sin, ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar a raibh sé ar teachtadh ag an sannóir;

(ii) i gcás fianaise a bheith ar fáil go raibh an teaghais ar teachtadh amhlaidh faoi chonradh tionóntachta nach mbaineann fomhír (i) den mhír seo leis, measfar an teaghais a bheith ar teachtadh ag an sannaí ón tiarna talún faoi chonradh tionóntachta arb ionann fad dó agus don chonradh tionóntachta faoina rabhdar ar teachtadh amhlaidh agus, faoina réir sin, ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar a raibh an céanna ar teachtadh ag an sannóir;

(iii) in aon chás eile, beidh an sannaí i dteideal seilbh a choimeád ar an teaghais ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar ar shealbhaigh an sannóir í;

(b) más teaghais nach mbaineann mír (a) den fho-alt seo léi an teaghais, beidh an sannaí i dteideal seilbh a choimeád ar an teaghais ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar ar shealbhaigh an sannóir í.

Cumhachtaí na Cúirte in imeachtaí eisiachtana.

33. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt, nó ina ndearna an Chúirt roimh an dáta feidhme, ordú chun seilbh teaghaise rialaithe a aisghabháil, féadfaidh an Chúirt, tráth an ordaithe a dhéanamh nó aon tráth roimh é a fhorghníomhú, forghníomhú an ordaithe a bhacadh nó dáta an tsealbhaithe a chur siar go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí, agus faoi réir cibé coinníollacha, is oiriúnach leis an gCúirt agus, má chomhlíontar na coinníollacha sin, féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi, an t-ordú a urscaoileadh nó a athrú.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt, faoi fho-alt (1) den alt seo, forghníomhú ordaithe chun seilbh teaghaise rialaithe a aisghabháil a bhacadh nó dáta an tsealbhaithe a chur siar, féadfaidh an Chúirt ó am go ham, ar iarratas is féidir a dhéanamh ex parte i gcás éigeandála, forghníomhú an ordaithe a bhacadh tuilleadh nó dáta an tsealbhaithe a chur siar tuilleadh.

Leasú ar alt 15 den Summary Jurisdiction (Ireland) Act 1851.

1851, c. 92.

34. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 15 den Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851, leanfaidh gach barántas chun seilbh a sheachadadh, nó chun dul isteach agus seilbh a sheachadadh, nó chun dul isteach agus seilbh a thabhairt, ar theaghais rialaithe, i ngníomh go ceann sé mhí ón lá díreach i ndiaidh an lae dheiridh a bheidh ainmnithe san ordú chun seilbh a sheachadadh nó, i gcás barántas faoin Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851, ó dháta eisithe an bharántais, agus i gceachtar cás, go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí breise a ordóidh an Chúirt ó am go ham má ordaíonn, cibé acu roimh an sé mhí sin a bheith caite nó dá éis sin é.

(2) Beidh feidhm ag alt 15 den Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851, maidir le gach teaghais rialaithe nach mó ná deich bpunt a luacháil inrátaithe, d'ainneoin gur mó ná punt sa mhí an cíos.

An tiarna talún do ghlacadh cíosa tar éis fógra fágála do dhul in éag.

35. —I gcás ina seirbheálfaidh tiarna talún teaghaise rialaithe fógra fágála ar thionónta na teaghaise, ní dhéanfaidh sé dochar do cheart (más ann) an tiarna talún chun seilbh na teaghaise a aisghabháil é do ghlacadh aon suime a airbheartóidh gur cíos í in aghaidh na tréimhse a luaitear i cibé fomhír acu seo a leanas is infheidhmithe, is é sin le rá:

(a) má dhéanann sé imeachtaí chun seilbh na teaghaise a aisghabháil a thionscnamh laistigh de mhí tar éis an fógra fágála do dhul in éag, an tréimhse dar tosach an dáta a rachaidh an fógra fágála in éag agus dar críoch an dáta ar a ndéanfar cinneadh deiridh ar na himeachtaí,

(b) in aon chás eile, an tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a rachaidh an fógra fágála in éag,

agus má dhéantar ordú seilbhe i leith na teaghaise, áireofar mar fhoghail-bhrabúis aon suim a glacadh amhlaidh.

Ordú seilbhe a gheofar trí mhífhaisnéis.

36. —Más dóigh leis an gCúirt gur trí mhífhaisnéis nó trí fhíorais ábhartha a cheilt a fuair an tiarna talún ordú seilbhe i leith teaghaise rialaithe, féadfaidh an Chúirt a ordú don tiarna talún cibé suim is cuí leis an gCúirt a íoc leis an seantionónta mar chúiteamh in aon damáiste nó caillteanas a bhain don tionónta mar gheall ar an ordú seilbhe.

Gan feidhm a bheith ag ailt 29 agus 30 i gcás ligean mar áis shealadach, etc.

37. —Ní bheidh feidhm ag ailt 29 agus 30 den Acht seo—

(a) maidir le teaghais rialaithe a bheidh arna ligean chun duine an fad a leanfaidh sé in aon oifig, ceapachán nó fostaíocht, nó

(b) maidir le teaghais rialaithe a bheidh arna ligean bona fide mar áis shealadach nó faoi chomhair riachtanais shealadaigh an tiarna talún nó an tionónta.

Cosaint do chearta údaráis áitiúla.

38. —Ní choiscfidh aon ní sa Chuid seo ar údarás áitiúil seilbh a fháil ar aon teaghais rialaithe a mbeidh a seilbh ag teastáil uathu chun iad d'fheidhmiú a gcumhachtaí faoi aon achtachán a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire nó faoi aon scéim arna déanamh faoi aon achtachán den sórt sin.

CUID V.

Ilghnéitheach.

Freagracht i ndeisiúchán.

1860, c. 154.

39. —Chun críocha mhír (b) d'fho-alt (2) d'alt 10 agus ailt 14, 15 agus 40 den Acht seo, is tuigthe an tiarna talún a bheith freagrach in aon deisiúchán nach bhfuil aon dliteanas ar an tionónta ina leith, cibé acu freagracht í atá sainráite sa chonradh nó intuigthe faoi alt 42 den Landlord and Tenant Law Amendment Act (Ireland), 1860.

Iocaíocht leis an tionónta i gcás teaghais rialaithe a bheith i ndrochdheis mar gheall ar mhainneachtain an tiarna talún.

40. —(1) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, i gcás ina dtarlóidh de dheasca mainneachtain an tiarna talún nach mbeidh teaghais rialaithe i ndeis mhaith intionóntaithe, féadfaidh an Chúirt a ordú don tiarna talún cibé suim a íoc leis an tionónta is dóigh leis an gCúirt is gá chun an teaghais a chur i ndeis mhaith intionóntaithe.

(2) Féadfaidh an Chúirt diúltú ordú a dhéanamh faoin alt seo má dhéanann an tiarna talún a chruthú, ag féachaint d'aois, riocht, cineál agus suíomh na teaghaise rialaithe iomchuí, don Chúirt—

(a) go mbainfeadh costas ro-mhór lena cur i ndeis mhaith intionóntaithe ag féachaint do luach na teaghaise nó don chíos a mbeifí ag súil, le réasún, a d'íocfadh tionónta, nó

(b) nach bhféadfaí an teaghais a chur i ndeis mhaith intionóntaithe ach amháin trína hatógáil nó a hathfhoirgniú nó trína déanmhas a athrú go mór.

(3) Má tharlaíonn, an tráth a iarrfar nó a dhéanfar aon ordú faoin alt seo, go ngeallfaidh an tiarna talún an teaghais rialaithe iomchuí a chur i ndeis mhaith intionóntaithe, féadfaidh an Chúirt an t-iarratas a chur ar atráth, nó forghníomhú an ordaithe a bhac nó a fhionraí, agus má chomhlíontar an gealltanas féadfaidh an Chúirt an t-ordú a urscaoileadh.

(4) Déanfar aon suim a dhámhfar do thionónta faoin alt seo a chaitheamh ar dheisiúchán oiriúnach ar an teaghais rialaithe lena mbainfidh an t-ordú, agus féadfar an t-ordú a dhéanamh faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis an gcúirt a fhorchur chun a áirithiú go gcaithfear an tsuim sin amhlaidh.

(5) Ní dhéanfaidh ceart an tionónta chun faoiseamh a fháil faoin alt seo dochar dá cheart chun faoiseamh a lorg in aon sórt eile imeachtaí.

An Coimisinéir Luachála do chionroinnt luachála inrátaithe

41. —(1) I gcás nach mbeidh luacháil ar leithligh déanta ar theaghais faoi na hAchtanna Luachála, féadfaidh an Coimisinéir Luachála agus Suirbhéir Teorann, ar iarratas ó thiarna talún nó ó thionónta na teaghaise, cibé cuid is cuí leis de luacháil inrátaithe na maoine ina mbeidh an teaghais a chionroinnt ar an teaghais, agus déanfar an chuid a chionroinnfear amhlaidh ar an teaghais sin a áireamh mar luacháil inrátaithe na teaghaise chun críocha an Achta seo, ach ní chun aon chríche eile ná ar aon slí eile.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, rialacháin a dhéanamh ag socrú scála na dtáillí a bheidh le n-íoc leis an gCoimisinéir Luachála agus Suirbhéir Teorann as cionroinnt a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir leis na táillí uile is iníoctha faoin alt seo:

(a) déanfar na táillí sin a bhailiú agus a ghlacadh i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste de réir mar ordóidh an tAire sin;

(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin.

Srian le préimheanna.

42. —(1) Ní éileoidh duine ar bith, mar choinníoll ar a ndeonófar, ar a n-athuafar nó ar a mbuanófar tionóntacht nó fothionóntacht aon teaghaise rialaithe, go n-íocfar aon fhíneáil, préimh, nó suim eile dá samhail, nó go dtabharfar aon chomaoin luachmhar, de bhreis ar an gcíos, agus, i gcás ina dtabharfar aon íocaíocht nó comaoin den sórt sin i leith aon teaghaise den sórt sin, féadfar a méid nó a luach a aisghabháil laistigh de shé bliana, ar a dhéanaí, ón dáta a tugadh í.

(2) I gcás ina mbeidh duine ar bith a d'aisghabh aon suim a dhéantar inaisghabhála leis an alt seo tar éis a leas sa tionóntacht a shannadh nó a dhiúscairt ar shlí eile ar chomaoin luachmhar, déanfaidh sé an tsuim a d'aisghabh sé a choimeád ar iontaobhas do cibé duine a bhfeicfear don Chúirt teideal cothromais a bheith aige chuici.

(3) Duine ar bith a éileoidh aon íocaíocht nó comaoin eile contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, agus féadfaidh an Chúirt a chiontóidh é a ordú an méid a íocadh nó luach na comaoine a aisíoc leis an duine a thug an íocaíocht nó an chomaoin eile.

(4) (a) Duine ar bith a thabharfaidh aon íocaíocht nó comaoin, nó a thairgfidh aon íocaíocht nó comaoin a thabhairt, a mbeadh sé contrártha don alt seo í a éileamh, nó a fhógróidh nó a fhoilseoidh aon tairiscint den sórt sin, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(b) Ní bhunófar aon imeachtaí faoin bhfo-alt seo i gcoinne aon duine a bheidh tar éis imeachtaí a thionscnamh faoi fho-alt (1) den alt seo nó a bheidh tar éis aon eolas a thabhairt chun aon imeachtaí a thionscnamh faoi fho-alt (3) den alt seo.

(5) Aon deonú, athnuachan nó buanú tionóntachta a mbeifear, ar choinníoll a dhéanta, tar éis aon íocaíocht nó comaoin a thabhairt contrártha don alt seo beidh sé, gan dochar d'oibriú an ailt seo, in-neamhnithe más rogha le ceachtar de na páirtithe ann é, gan dochar do cheart an tionónta, má bhíonn sé tar éis dul i seilbh na teaghaise lena mbainfidh chun seilbh a choimeád ar an teaghais de bhua fhorálacha an Achta seo tar éis aon rogha den sórt sin a bheith arna feidhmiú.

(6) Ní bhainfidh an t-alt seo le deonú, athnuachan nó buanú aon tionóntachta go ceann téarma cheithre bliana déag nó os a chionn.

Srian le tochsal a thobhach i leith cíosa.

43. —(1) Ní dhéanfar aon tochsal a thobhach i leith cíos teaghaise rialaithe ach amháin le hordú ón gCúirt.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Chúirt cibé coinníollacha is oiriúnach leis an gCúirt a chur ag gabháil le forghníomhú an ordaithe.

Modh aisghabhála suimeanna a bheidh dlite de thiarnaí talún ag tionóntaí.

44. —Aon suim a bheidh, faoin Acht seo, inaisghabhála ag tionónta ó thiarna talún nó iníoctha nó inaisíoctha le tionónta ag tiarna talún féadfaidh an tionónta, gan dochar d'aon mhodh eile aisghabhála, í a bhaint as aon chíos a bheidh iníoctha aige leis an tiarna talún.

Srianadh orduithe áirithe.

45. —(1) Ní bheidh ordú lena mbaineann an t-alt seo ina cheangal ach amháin amhail idir na páirtithe a thoileoidh leis agus, ach amháin amhail idir na páirtithe sin, ní thabharfaidh an Chúirt aird air nuair a bheidh cíos bunúsach á chinneadh nó á choigeartú aici.

(2) Bainfidh an t-alt seo le hordú a dhéanfaidh aon chúirt ar thoiliú—

(a) a rinneadh chun críocha an Achta seo, maidir le cíos bunúsach teaghaise rialaithe a chinneadh nó a chionroinnt nó maidir le luacháil inrátaithe teaghaise rialaithe a chionroinnt, nó

(b) a rinneadh roimh dháta thosach feidhme an Achta seo, chun críocha aon cheann de na hachtacháin roimhe seo a bhain le srianadh cíosa, maidir le cíos is ionann agus cíos bunúsach tí nó coda de theach a chinneadh nó maidir le luacháil inrátaithe tí nó coda de theach a chionroinnt.

Earlais a íocadh mar urrús i leith íoc cíosa a aisghabhail.

46. —(1) Más rud é—

(a) ar thionóntacht theaghaise rialaithe (is tionóntacht a thosaigh tar éis dáta tosach feidhme an Achta seo) foirceannadh, go dtabharfar suas seilbh na teaghaise, agus

(b) go mbeidh éarlais a íocadh mar urrús i leith íoc an chíosa gan aisíoc, agus

(c) nach é an duine lenar íocadh an cíos go deiridh an duine lenar íocadh an éarlais,

measfar, chun críocha aisghabhála na héarlaise, gur leis an duine lenar íocadh an cíos go deiridh a íocadh an éarlais.

(2) Más rud é—

(a) le linn tionóntacht teaghaise rialaithe (is tionóntacht a thosaigh tar éis dáta tosach feidhme an Achta seo) go mbeidh éarlais mar urrús i leith íoc an chíosa arna híoc, agus

(b) nach éarlais fhormheasta í an éarlais,

beidh an éarlais inaisghafa ar í a éileamh agus, chuige sin measfar, i gcás nach é an duine lenar íocadh an cíos go deiridh an duine lenar íocadh an éarlais, gur leis an duine a íocadh an cíos go deiridh a íocadh an éarlais.

(3) I bhfo-alt (2) den alt seo ciallaíonn “éarlais fbormheasta” éarlais a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(a) nach mó í ná suim is ionann agus cíos trí mhí, agus

(b) go ndearnadh a méid, más i scríbhinn a rinneadh an comhaontú i leith na tionóntachta, a shonrú sa chomhaontú sin nó a fhormhuiniú air agus, in aon chás eile, a shonrú am a dhéanta sa leabhar cíosa.

(4) Gach conradh a dhéanfar tar éis dáta tosach feidhme an Achta seo i leith díol aon leasa i dteaghais rialaithe beidh ann foráil intuigthe (mura mbeidh sé go sainraíteach ann cheana féin) á cheangal ar an díoltóir aon eolas a bheidh ar seilbh nó ar fáil aige a thabhairt (trí dhearbhú reachtúil má cheanglaítear sin air) don cheannaitheoir i dtaobh aon éarlais a rinne duine ba thionónta sa teaghais a íoc tar éis an dáta tosach feidhme sin mar urrús i leith íoc an chíosa.

Forálacha maidir le foligin áirithe.

1931, Uimh. 55 .

47. —(1) Má dhéanann tionónta teaghaise rialaithe (is tionónta faoi chonradh tionóntachta ar feadh téarma nach faide ná bliain agus fiche) cuid den teaghais a fholigean le haghaidh aon ghnó, ceirde nó gairme agus lena aghaidh sin amháin, féadfaidh tiarna talún an tionónta tráth ar bith le linn an fhothionóntacht a bheith ar marthain, trí fhógra trí mhí ar a laghad a sheirbheálfar ar an tionónta agus a rachaidh in éag aon lá gála, tionóntacht an tionónta a fhoirceannadh agus air sin—

(a) tiocfaidh an fothionónta chun bheith ina neastionónta, ar an gcuid a foligeadh chuige, don tiarna talún sin ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar a raibh an chuid sin ar teachtadh aige roimhe sin ón tionónta, agus

(b) tiocfaidh an tionónta chun bheith ina neastionónta, ar an gcuid eile den teaghais, don tiarna talún sin ar an oiread sin dá shean-chíos agus is inchurtha, ar chionroinnt (a dhéanfaidh an Chúirt mura ndéantar comhaontú) i leith na coda eile sin agus, faoina réir sin, ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar a raibh an teaghais ar teachtadh aige roimhe sin ón tiarna talún sin.

(2) Má dhéanann tionónta teaghaise rialaithe (is tionónta faoi chonradh tionóntacha ar feadh téarma nach faide ná bliain agus fiche) cuid den teaghais a choimeád agus a úsáid le haghaidh aon ghnó, ceirde nó gairme agus lena aghaidh sin amháin agus go ndéanfaidh sé an chuid eile di a fholigean ionas go dtiocfaidh sí chun bheith ina teaghais rialaithe, féadfaidh tiarna talún an tionónta tráth ar bith le linn an fhothionóntacht a bheith ar marthain, trí fhógra trí mhí ar a laghad a sheirbheálfar ar an tionónta agus a rachaidh in éag aon lá gála, tionóntacht an tionónta a fhoirceannadh agus air sin—

(a) tiocfaidh an fothionónta chun bheith ina neastionónta, ar an gcuid a foligeadh chuige, don tiarna talún sin ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna, ach sin faoi réir an Achta seo, ar a raibh sí ar teachtadh aige roimhe sin ón tionónta, agus

(b) chun críocha an Achta um Thiarnaí Tí agus Tionóntaithe, 1931, measfar gur sa chuid sin den teaghais, agus sa chuid sin de amháin, a choimeád sé agus a d'úsáid sé le haghaidh aon ghnó, ceirde nó gairme agus lena aghaidh sin amháin a theachtaigh sé tionóntacht i gcónaí agus déanfar na tagairtí d'fhógra fágála in ailt 19 agus 24 den Acht sin a fhorléiriú mar thagairtí don fhógra faoin bhfo-alt seo.

Rialacháin.

48. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina mbeidh foráil i dtaobh aon ní nó gach ní acu seo a leanas:

(a) tiarnaí talún ar áitribh rialaithe nó ar aon aicme teaghaisí rialaithe do sholáthar cíos-leabhar i bhfoirm a bheidh forordaithe sna rialacháin do thionóntaithe na dteaghaisí sin;

(b) coimeád na gcíos-leabhar sin;

(c) sonraí áirithe a thaifeadadh sna cíos-leabhair sin;

(d) aon nithe eile maidir le húsáid na gcíos-leabhar sin ar cuí leis an Aire foráil a dhéanamh ina leith;

(e) aon ní nó rud dá dtagraítear san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe;

(f) cláir a thiomsú de chíosanna teaghaisí rialaithe nó aon aicmí teaghaisí den sórt sin, agus iad i cibé foirm agus cibé sonraí iontu a bheidh forordaithe sna rialacháin, iniúchadh na gclár sin ag daoine den phobal agus cibé nithe eile maidir leo ar cuí leis an Aire foráil a dhéanamh ina dtaobh;

(g) tiarnaí talún do sholáthar uimhreacha aitheantais do chodanna (ar teaghaisí rialaithe iad) d'aon tithe nó aicmí tithe.

(2) Gach duine a mhainneoidh aon rialachán a chomhlíonadh a dhéanfar faoi fho-alt (1) (seachas mír (e)) den alt seo agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(3) (a) Ar thiarna talún teaghaise rialaithe dá iarraidh sin, féadfaidh an Chúirt, le hordú, an tiarna talún a dhíolmhadh ó chomhlíonadh rialachán a rinneadh faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le cíos-leabhair.

(b) Ní dhéanfar ordú faoin bhfo-alt seo mura deimhin leis an gCúirt—

(i) go bhfuil socrú sásúil eile déanta ag an iarratasóir chun taifid a choinneáil d'íocaíochtaí cíosa ag a thionóntaí agus chun admháil chuí a thabhairt in aghaidh gach íocaíocht den sórt sin, agus

(ii) go mbeadh sé mí-réasúnach, ag féachaint don socrú sin agus do chúrsaí an cháis, a cheangal ar an iarratasóir na rialacháin a chomhlíonadh.

(c) Féadfaidh an Chúirt cibé coinníollacha is oiriúnach léi a fhorchur a chur ag gabháil le hordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear, go sonrach, coinníoll go dtabharfaidh an t-iarratasóir do gach tionónta teaghaise rialaithe, a mbeidh sé ina thiarna talún uirthi ó am go ham, cibé sonraí i dtaobh an chíosa is iníoctha ag an tionónta agus i dtaobh cearta agus oibleagáidí tiarnaí talún agus tionóntaithe faoin Acht seo, is gá de réir na rialachán a shonrú i gcíos-leabhair.

(d) Aon duine a mhainneoidh aon choinníoll a chomhlíonadh a bheidh ag gabháil le hordú faoin bhfo-alt seo maidir leis beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(4) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoi fho-alt (1) den alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Cumhachtaí na Cúirte i gcoitinne.

49. —(1) Más gá, chun luacháil inrátaithe teaghaise a chinneadh a líomhantar gur teaghais rialaithe í, cionroinnt a dhéanamh ar luacháil inrátaithe na maoine ina bhfuil an teaghais (cionroinnt nach mbeidh déanta cheana féin faoi alt 41 den Acht seo), féadfaidh an Chúirt, ar cheachtar páirtí dá iarraidh sin, cibé cionroinnt a dhéanamh is cuí léi.

(2) I gcás ina mbeidh nó ina riabh teaghais arna ligean ar an dáta arb ina leith a bheidh an cíos bunúsach le socrú, is cíos a fholóidh nó a d'fholaigh íocaíocht i leith cothú, freastal nó úsáid troscáin, nó i leith teas, uisce te, breosla, leictreachas nó aon earra eile a sholáthar don teaghais, nó i leith aon seirbhís a dhéanamh i ndáil leis an teaghais, féadfaidh an Chúirt, chun aon chríche de chríocha an Achta seo, cibé cionroinnt a dhéanamh is cuí léi.

(3) Ar chaingean a éisteacht chun seilbh a aisghabháil ar theaghais rialaithe nó chun aon chíos a aisghabháil a mbeidh tiarna talún á éileamh go bhfuil sé dlite nó aon suim a aisghabháil a mbeidh tionónta á éileamh go bhfuil sí inaisghafa i leith teaghaise rialaithe, féadfaidh an Chúirt, ar cheachtar páirtí dá iarraidh sin ag an éisteacht sin, aon ní a chinneadh a éireoidh faoin Acht seo agus is dóigh leis an gCúirt a d'fhéadfaí a chinneadh go caothúil ag an éisteacht sin.

(4) Más deimhin leis an gCúirt gurb é faoi deara aon earráid nó easpa i bhfógra a seirbheáladh faoi alt 13 den Acht seo an páirtí a sheirbheáil é do dhéanamh dearmaid bona fide, beidh de chumhacht aici an fógra a leasú trí aon earráidí ann a cheartú agus aon easpaí ann a shlánú, cibé acu d'fhágfadh nó nach bhfágfadh na hearráidí nó na heaspaí sin, dá mba nach gceartófaí nó nach slánófaí iad, an fógra a bheith neamhbhailí, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an gCúirt agus, má ordaíonn an Chúirt amhlaidh, beidh éifeacht agus measfar éifeacht a bheith riamh mar fhógra bailí faoin alt sin 13 ag an bhfógra arna leasú amhlaidh.

(5) I dteannta na gcumhachtaí a thugtar go sonrach don Chúirt leis an Acht seo féadfaidh an Chúirt déileáil le haon ní a éireoidh faoin Acht seo, cibé acu d'éirigh díospóid i dtaobh an ní sin nó nár éirigh.

Dlínse na Cúirte a fheidhmiú.

50. —Féadfar an dlínse agus na cumhachtaí a thugtar don Chúirt leis an Acht seo a fheidhmiú—

(a) ag an gCúirt Chuarda, nó,—

(b) i gcás—

(i) nach mó ná £10 luacháil inrátaithe na teaghaise iomchuí, nó

(ii) go bhfuil ordú chun seilbh na teaghaise iomchuí a aisghabháil á lorg, agus gurb é cíos na teaghaise cíos nach mó ná suim is comhionann nó d'fhéadfadh a bheith comhionann le £53 sa bhliain, nó

(iii) go dtoilíonn na páirtithe i scríbhinn leis an bhfeidhmiú sin,

ag an Cúirt Dúiche.

Leanúint d'imeachtaí a bheidh ar feitheamh.

51. —(1) Más rud é, díreach roimh an dáta feidhme, go raibh imeachtaí ar feitheamh chun cíos bunúsach (de réir bhrí Acht 1946) aon teaghaise a chinneadh, leanfar de na himeachtaí agus áireofar iad amhail is dá mba imeachtaí iad faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) (de réir mar is iomchuí) d'alt 8 den Acht seo.

(2) (a) Más rud é, díreach roimh an dáta feidhme, go mbeidh iarratas a rinneadh faoi alt 28 d'Acht 1946 gan déileáil leis faoi alt 29 den Acht sin, áireofar an t-iarratas chun críocha an Achta seo mar iarratas faoi alt 20 den Acht seo agus, má rinneadh an t-iarratas a tharchur chun an Bhreithimh Dúiche iomchuí de bhun fho-alt (2) d'alt 28 d'Acht 1946, measfar chun críocha an Achta seo gur de bhun fho-alt (2) d'alt 20 den Acht seo a tarchuireadh chun an Bhreithimh sin é.

(b) I gcás ordú sealadach a rinneadh ar dháta áirithe faoi alt 29 d'Acht 1946 a bheith i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, áireofar an t-ordú chun críocha an Achta seo mar ordú sealadach a rinneadh an dáta sin faoi fhomhír (ii) de mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 21 den Acht seo, faoi réir na modhnuithe go ndéanfar, maidir leis an ordú, na tagairtí do mhí i bhfo-alt (1) d'alt 23 agus i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 24 den Acht seo a fhorléiriú mar thagairtí do thrí mhí agus, san ordú—

(i) go gcuirfear, in ionad an mhéid a shonraítear ansin mar chíos bunúsach na teaghaise a bheidh i gceist, méid is comhionann leis an gcíos dleathach a shonraítear amhlaidh lúide aon mhéid a shonraítear amhlaidh i leith rátaí, agus

(ii) go gcuirfear, in ionad an mhéid a shonraítear amhlaidh i leith breisithe dleathacha, méid is comhionann le haon suim a shonraítear amhlaidh i leith rátaí,

agus, má seirbheáladh cóip den ordú de bhun fho-alt (1) d'alt 30 d'Acht 1946 ar dháta áirithe roimh an dáta feidhme, measfar chun críocha an Achta seo go ndearnadh cóip de a sheirbheáil de bhun fho-alt (1) d'alt 22 den Acht seo ar an dáta sin.

(3) Más rud é, díreach roimh an dáta feidhme, go raibh aon imeachtaí, seachas imeachtaí dá dtagraítear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, ar feitheamh faoi Acht 1946, leanfar de na himeachtaí agus áireofar iad amhail is dá mba imeachtaí iad faoi na forálacha comhréire den Acht seo.

Tionóntaí reachtúla faoi Acht 1946.

52. —Chun deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo maidir le haon duine a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, ina thionónta reachtúil (de réir bhrí Acht 1946) ar theaghais, go mbeidh sé i dteideal, faoi réir an Achta seo, seilbh a choimeád ar an teaghais.

Rialacha maidir le nós imeachta.

1923, Uimh. 19 .

53. —(1) Go dtí go ndéanfar rialacha ag rialú cleachtais agus nós imeachta na Cúirte Cuarda chun críocha an Achta seo, beidh ag na rialacha a rialaíonn cleachtas agus nós imeachta na Cúirte Cuarda chun críocha Acht 1946 feidhm chun críocha an Achta seo fara na modhnuithe is gá.

(2) Go dtí go ndéanfar rialacha ag rialú cleachtais agus nós imeachta na Cúirte Dúiche chun críocha an Achta seo, beidh ag na rialacha a rinneadh faoi alt 19 den Acht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 , a mhéid a bhaineann siad leis an gCúirt Dúiche, agus ag na Rialacha Cúirte Dúiche (Uimh. 1), 1947, feidhm chun críocha an Achta seo fara na modhnuithe is gá.

Feidhm a bheith ag an Acht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931 , i gcás áitreabh áirithe.

1931, Uimh. 55 .

54. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le háitreabh arbh éard é, díreach roimh an dáta feidhme—

(a) áitreabh rialaithe de réir bhrí Acht 1946 agus áitreabh gnó de réir bhrí an Achta sin, agus

(b) áitreabh nárbh éard a ligean—

(i) ligean a rinneadh agus a dúradh a bheith arna dhéanamh chun áise sealadaí an tiarna talún nó an tionónta agus (más tar éis an 22ú lá de Nollaig, 1931, a rinneadh é) inar insíodh cineál na háise sealadaí sin, nó

(ii) ligean a rinneadh i leith an tionónta leanúint air de bheith, nó ag brath ar an tionónta leanúint air de bheith, in aon oifig, fostaíocht nó ceapachán.

(2) Beidh feidhm ag an Acht um thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931 , maidir le gach áitreabh lena mbaineann an t-alt seo agus chuige sin—

(i) folóidh “tionóntachán” san Acht sin gach áitreabh den sórt sin,

(ii) folóidh “gnó” san Acht sin gach ceird, gairm agus gnó, cibé acu le haghaidh gnóchain nó luaíochta, a sheoltar é, agus freisin an tseirbhís phoiblí,

(iii) beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 19 den Acht sin amhail is dá gcuirtí an focal agus an mhír seo a leanas leis:

“nó

(e) gur áitreabh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d'alt 54 den Acht Srianta Cíosa, 1960 , an tionóntachán sin.”,

(iv) in aon chás ina bhfeidhmeofar mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 24 den Acht seo maidir le haon áitreabh den sórt sin, forléireofar an tagairt do mhí sa mhír sin mar thagairt do shé mhí,

(v) i gcás aon áitreabh den sórt sin a bheith, díreach roimh an dáta feidhme, ar teachtadh faoi thionóntacht reachtúil de réir bhrí Acht 1946, ansin, ar an dáta sin agus dá éis, measfar an t-áitreabh a bheith ar teachtadh ag an tionónta faoin tionóntacht sin ón tiarna talún faoi thionóntacht a mbeidh ag gabháil léi na téarmaí agus na coinníollacha céanna a ghabh leis an tionóntacht reachtúil ach amháin go bhféadfaidh an tiarna talún, trí fhógra trí mhí ar a laghad a sheirbheálfar ar an tionónta agus a rachaidh in éag aon lá gála, an tionóntacht a fhoirceannadh,

(vi) aon fhógra faoin mír sin roimhe seo measfar, chun críocha mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 24 den Acht sin gur fógra fágála é.

AN CHÉAD SCEIDEAL.

Achtacháin a Aisghairtear.

Alt 5.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

Uimh. 4 de 1946 .

An tAcht Srianta Cíosa, 1946 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 24 de 1949 .

An tAcht Srianta Cíosa (Leasú), 1949 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 28 de 1950 .

An tAcht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1950 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 20 de 1952 .

An tAcht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1952 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 34 de 1953 .

An tAcht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1953 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 2 de 1954 .

An tAcht Srianta Cíosa (Leasú), 1954 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 34 de 1954 .

An tAcht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1954 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 24 de 1955 .

An tAcht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1955 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 43 de 1956 .

An tAcht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1956 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 22 de 1957 .

An tAcht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1957 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 32 de 1958 .

An tAcht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1958 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 34 de 1959 .

An tAcht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1959 .

An tAcht iomlán.

AN DARA SCEIDEAL.

An Scála chun Suimeanna Áirithe a Ríomh.

Alt 10.

Méid de bhreis ar dhá thrian den chíos bunúsach a caitheadh i dtréimhse dhá bhliain

Breis dleathach

Suim nach mó ná £100     ...     ...     ...

Suim is comhionann le 15% sa bhliain den bhreis.

Suim is mó ná £100 ach nach mó ná £200     ...     ...     ...     ...     ...

Suim is comhionann le—

15% sa bhliain ar an gcéad £100 den bhreis, agus

8% sa bhliain ar an gcuid eile.

Suim is mó ná £200     ...     ...     ...

Suim is comhionann le—

15% sa bhliain ar an gcéad £100 den bhreis, agus

8% sa bhliain ar an dara £100, agus

6% sa bhliain ar an gcuid eile.