2 1961


Uimhir 2 de 1961.


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1958, AGUS ACHTANNA IASCAIGH NA SIONAINNE, 1935 AGUS 1938, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CUMHACHTAÍ AGUS FEIDHMEANNA ÁIRITHE MAIDIR LEIS NA hIASCAIGH AGUS NA CEARTA IASCAIREACHTA ATÁ DÍLSITHE I mBORD SOLÁTHAIR AN LEICTREACHAIS A DHÍLSIÚ SAN AIRE TAILTE AGUS CHUN A bhFEIDHMITHE AIGE. [15 Feabhra, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1935, Uimh. 4

1945, Uimh. 12 .

1954, Uimh. 17 .

1958, Uimh. 35 .

1927, Uimh. 27 .

1942, Uimh. 17 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1935” Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1945” an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 ;

ciallaíonn “Acht 1954” an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954 ;

ciallaíonn “Acht 1958” an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1958 ;

ciallaíonn “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927 ;

ciallaíonn “Acht Aoisliúntas 1942” Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aoisliúntas), 1942.

Méadú ar an gcaiteachas iomlán chun críocha ginearálta.

2. —Ní rachaidh caiteachas iomlán an Bhoird chun críocha ginearálta, is é sin le rá, chun críocha caipitiúla seachas leictriú tuath-limistéar, thar céad agus fiche milliún punt agus, dá réir sin, déanfar fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1954 a fhorléiriú ionann is dá gcuirtí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear san fho-alt sin.

An teorainn le cumhachtaí chun airgead a fháil ar iasacht a dhíchur.

1955, Uimh. 20 .

3. —Faoi réir na teorann le hairgead a fháil ar iasacht a fhorchuirtear le halt 2 d'Acht 1954 agus le halt 2 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1955 , agus faoi réir na teorann sin amháin, ní bheidh aon teorainn leis an méid iomlán a gheobhaidh an Bord ar iasacht faoi alt 4 d'Acht 1954 agus, dá réir sin, aisghairfear fo-alt (4) den alt sin 4.

Leasú ar ailt 2 agus 3 d'Acht 1958.

4. —Leasaítear leis seo ailt 2 agus 3 d'Acht 1958 trí “tríocha a dó milliún” a chur in ionad “tríocha milliún” i ngach alt acu sin.

An tAire Tailte do mhaoirsiú imeachtaí an Bhoird maidir le hiascaigh agus cearta iascaireachta atá dílsithe iontu.

5. —(1) Gan dochar don Bhord do chomhlíonadh nó d'fheidhmiú a ndualgas, a gcumhachtaí agus a bhfeidhmeanna faoi Achtanna Iascaigh na Sionainne, 1935 agus 1938, agus Chuid III d'Acht 1945, beidh imeachtaí an Bhoird maidir leis na hiascaigh agus na cearta iascaireachta atá dílsithe sa Bhord, faoi réir mhaoirseacht ghinearálta an Aire Tailte.

(2) Cuirfear “Aire Tailte” in ionad “Aire” i mír (f) d'fho-alt (2) d'alt 9 d'Acht 1935 agus i mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 16 d'Acht 1945.

(3) Déanfar mír (b) d'alt 10 d'Acht 1935 a leasú trí “Aire agus an Aire Tailte” a chur in ionad “Aire Airgid” agus mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 17 d'Acht 1945 a leasú trí “agus an Aire Tailte” a chur isteach i ndiaidh “Aire”.

Cumhacht an Aire Tailte a ordú don Bhord iascaigh agus cearta iascaireachta áirithe a fhorléasadh nó a ligean.

6. —(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh an tAire Tailte, aon uair is dóigh leis gur cuí é ar mhaithe le buanchoimeád, bainistí nó seoladh na n-iascach agus na gcearta iascaireachta a bheidh dílsithe sa Bhord, a ordú don Bhord aon iascach nó ceart iascaireachta a bheidh dílsithe sa Bhord a fhorléasadh i modh léasa nó a ligean i modh ceadúnais chun cibé duine (is duine a mbeidh curtha in iúl aige don Aire Tailte go dtoilíonn sé leis an bhforléasadh nó an ligean, de réir mar a bheidh, a dhéanamh chuige), ar feadh cibé téarma agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a ordóidh an Aire Tailte.

(2) Déanfaidh an Bord, agus tugtar leis seo cumhacht don Bhord, aon ordú a thabharfaidh an tAire Tailte faoin alt seo a chur i bhfeidhm.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon iascach nó ceart iascaireachta i leith bradán, eascanna nó oisrí.

(4) Ní bheidh feidhm ag mír (f) d'fho-alt (2) ná ag fo-alt (3) d'alt 9 d'Acht 1935 maidir le forléasadh nó ligean a dhéanamh de bhun ordú faoin alt seo ná le comhaontú a dhéanamh le haghaidh aon fhorléasta nó ligin den sórt sin.

Leathnú ar ailt 16 agus 17 d'Acht 1945.

1936, Uimh. 54 .

7. —Gach iascach nó ceart iascaireachta atá dílsithe sa Bhord (seachas iascaigh na Sionainne agus iascach nó ceart iascaireachta a thóg an Bord faoi Acht Taiscumar na Life, 1936, roimh dháta Acht 1945 a rith) measfar, chun críocha ailt 16 agus 17 d'Acht 1945, gur faoi Chuid III den Acht sin a thóg an Bord iad, agus forléireofar na hailt sin agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

Leasú ar alt 18 d'Acht 1945.

8. —Leasófar alt 18 d'Acht 1945 trí fho-alt (2) de a scriosadh agus na fo-ailt seo a leanas a chur ina ionad:

“(2) An cúiteamh is iníoctha faoin alt seo le duine i leith cailliúint tuillimh (focal a fholaíonn, san fho-alt seo agus sa chéad dá fho-alt ina dhiaidh seo, na brabúis réamhráite) ó iascaireacht in uiscí abhann is mar seo a leanas a bheidh sé, is é sin le rá, in aghaidh gach lán-séasúir oscailte iascaireachta nach mó ná trí cinn déag ar a mhéid roimh an gcur-isteach réamhráite a raibh an duine ar a fheadh ag gabháil d'iascaireacht nó ar fostú le hiascaireacht nó ag gabháil d'iascaireacht agus ar fostú le hiascaireacht mar a dúradh in uiscí na habhann sin—

(a) má bhíonn an tuilleamh réamhráite sin go léir caillte aige, suim is comhionann le ceithre oiread a mheántuillimh ó iascaireacht in uiscí na habhann sin i gcaitheamh an lán-séasúir iascaireachta oscailte deiridh roimh an gcur-isteach sin a dúradh,

(b) má bhíonn cuid den tuilleamh réamhráite sin caillte aige, suim a mbeidh an coibhneas céanna idir í agus an tsuim a gheobhadh sé dá mbeadh sé tar éis an tuilleamh réamhráite sin go léir a chailliúint agus a bheidh idir an chuid a bheidh caillte aige mar a dúradh agus an tuilleamh sin go léir a dúradh, agus

(c) más rud é, in aon séasúr tar éis don duine éileamh a dhéanamh ar chúiteamh i leith cuid dá thuilleamh ó iascaireacht in uiscí na habhann sin a chailliúint (arb é an t-éileamh deiridh dá shórt é má bhíonn sé tar éis níos mó ná éileamh amháin dá shórt a dhéanamh) go gcaillfidh sé oiread den tuilleamh sin a dúradh is mó d'aon mhéid ná an caillteanas lenar bhain an t-éileamh réamhráite, suim a mbeidh an coibhneas céanna idir í agus an tsuim a gheobhadh sé dá mbeadh tar éis an tuilleamh réamhráite sin go léir a chailliúint agus a bheidh idir an méid réamhráite agus an tuilleamh réamhráite sin go léir.

(2A) Múchfaidh íoc cúitimh le duine faoin alt seo i leith a thuilleamh go léir ó iascaireacht in uiscí abhann a chailliúint éilithe uile an duine a bheidh ar marthain an tráth sin nó a éireoidh dá éis sin ar chúiteamh faoin alt seo i leith aon chuid dá thuilleamh ó iascaireacht in uiscí na habhann sin a chailliúint agus múchfaidh íoc cúitimh le duine faoin alt seo i leith cuid dá thuilleamh ó iascaireacht in uiscí abhann a chailliúint éilithe uile an duine a bheidh ar marthain an tráth sin nó a éireoidh dá éis sin ar chúiteamh faoin alt seo i leith cuid dá thuilleamh ó iascaireacht in uiscí na habhann sin a chailliúint.

(2B) Ní bheidh méid iomlán an chúitimh faoin alt seo a íocfar le duine i leith cuid dá thuilleamh ó iascaireacht in uiscí aon abhann áirithe a chailliúint níos mó ná an méid cúitimh faoin alt seo a mbeadh teideal ag an duine sin chuige dá mbeadh sé tar éis an tuilleamh go léir ó iascaireacht in uiscí na habhann sin a chailliúint.”

Leasú ar alt 5 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1938 .

1938, Uimh. 7 .

9. —(1) Leasófar alt 5 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1938 , trí “(lena n-áirítear iascaigh agus cearta iascaireachta leis an Stát nó ina bhfuil eastát nó leas ag an Stát)” a chur isteach i bhfo-alt (1) de i ndiaidh “ceart iascaireachta”.

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo agus measfar éifeacht a bheith aige amhail ar an agus ón lá ceaptha de réir bhrí Chuid II d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1938 .

Tuarascáil bhliantúil. staidreamh, tuairisceáin agus cuntais maidir le hiascaigh.

10. —(1) A luaithe is féidir é tar éis gach bliain airgeadais de chuid an Bhoird dar críoch dáta tosach feidhme an Achta seo nó dáta dá éis, tabharfaidh an Bord don Aire Tailte tuarascáil, i cibé foirm a ordóidh an tAire Tailte ó am go ham, ar a n-imeach taí faoi Achtanna Iascaigh na Sionainne, 1935 agus 1938, agus faoi Chuid III d'Acht 1945 (lena n-áirítear a n-imeachtaí ag comhlíonadh nó ag feidhmiú na ndualgas, na gcumhachtaí agus na bhfeidhmeanna a fhorchuirtear ar an mBord nó a dhílsítear sa Bhord leis na hachtacháin sin maidir leis na hiascaigh agus na cearta iascaireachta atá dílsithe sa Bhord) in imeacht na bliana airgeadais sin.

(2) Tabharfaidh an Bord don Aire Tailte, cibé tráthanna agus i cibé foirm a ordóidh an tAire Tailte ó am go ham, cibé staidreamh agus tuairisceáin maidir lena n-imeachtaí faoi na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo (lena n-áirítear a n-imeachtaí ag comhlíonadh nó ag feidhmiú na ndualgas, na gcumhachtaí agus na bhfeidhmeanna a fhorchuirtear ar an mBord nó a dhílsítear sa Bhord leis na hachtacháin sin maidir leis na hiascaigh agus na cearta iascaireachta atá dílsithe sa Bhord) a iarrfaidh an tAire Tailte ó am go ham.

(3) A luaithe is féidir é tar éis gach bliain airgeadais de chuid an Bhoird dar críoch dáta tosach feidhme an Achta seo nó dáta dá éis, tabharfaidh an Bord don Aire Tailte cóip den chuntas a choimeádfaidh siad an bhliain airgeadais sin de bhun alt 6 d'Acht 1958 agus de cibé cuntais eile (más ann) maidir lena n-imeachtaí faoi Achtanna Iascaigh na Sionainne, 1935 agus 1938, agus faoi Chuid III d'Acht 1945 (lena n-áirítear a n-imeachtaí ag comhlíonadh nó ag feidhmiú na ndualgas, na gcumhachtaí agus na bhfeidhmeanna a fhorchuirtear ar an mBord nó a dhílsítear sa Bhord leis na hachtacháin sin maidir leis na hiascaigh agus na cearta iascaireachta atá dílsithe sa Bhord) a ordóidh an tAire Tailte.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

11. —Leasófar alt 2 den Phríomh-Acht trí “ó am go ham” a chur in ionad “le linn é do cheapa” i bhfo-alt (7).

Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht.

12. —Leasófar alt 7 den Phromh-Acht—

(a) trí “orduithe a thabhairt ó am go ham” a chur in ionad “rialacháin do dhéanamh” agus “leis na horduithe sin” a chur in ionad “leis na rialacháin sin” i bhfo-alt (3), agus

(b) trí “le horduithe a tugadh a chur in ionad “le rialacháin do díneadh”, “de réir na n-orduithe sin” a chur in ionad “do réir na rialachán san” agus “leis na horduithe sin” a chur in ionad “leis na rialacháin sin” i bhfo-alt (4).

Méadú ar phinsean áirithe i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá d'Fheabhra, 1950.

13. —(1) Déanfar pinsean a deonaíodh i leith aon seirbhíse agus a cinneadh mar chionúireacht de luach saothair an duine lena mbaineann a mhéadú le héifeacht ón 1ú lá de Lúnasa, 1959, agus an lá sin a áireamh—

(a) 6 faoin gcéad, más roimh an 1ú lá de Bhealtaine, 1949, a chríochnaigh an tseirbhís,

(b) 5½ faoin gcéad, más ar an 1ú lá de Bhealtaine, 1949, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá de Lúnasa, 1949, a chríochnaigh an tseirbhís,

(c) 5 faoin gcéad, más ar an 1ú lá de Lúnasa, 1949, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá de Shamhain, 1949, a chríochnaigh an tseirbhís,

(d) 4½ faoin gcéad, más ar an 1ú lá de Shamhain, 1949, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Fheabhra, 1950, a chríochnaigh an tseirbhís,

(2) Déanfar pinsean dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, arna mhéadú faoin bhfo-alt sin, a mhéadú le héifeacht ón 1ú lá de Lúnasa, 1960, agus an lá sin a áireamh—

(a) 7½ faoin gcéad, más roimh an 1ú lá de Bhealtaine, 1949, a chríochnaigh an tseirbhís sin,

(b) 6⅞ faoin gcéad, más ar an 1ú lá de Bhealtaine, 1949, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá de Lúnasa, 1949, a chríochnaigh an tseirbhís,

(c) 6¼ faoin gcéad, más ar an 1ú lá de Lúnasa, 1949, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá de Shamhain, 1949, a chríochnaigh an tseirbhís,

(d) 5⅝ faoin gcéad, más ar an 1ú lá de Shamhain, 1949, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Fheabhra, 1950, a chríochnaigh an tseirbhís.

(3) (a) San alt seo agus sa chéad dá alt ina dhiaidh seo, ciallaíonn “pinsean” an pinsean iomlán, lúide aon chuid de a géilleadh, is iníoctha le duine nach bhfuil i seirbhís an Bhoird, faoi na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1958, nó faoi scéim a rinneadh de bhun Acht Aoisliúntas 1942, nó faoi na hAchtanna sin agus an scéim sin.

(b) San alt seo agus sa chéad dá alt ina dhiaidh seo, déanfar tagairt, maidir le pinsean, do chéatadán a fhorléiriú mar thagairt don chéatadán sin de mhéid an phinsin.

Méadú ar phinsin áirithe i leith seirbhíse a chríochnaigh an 1ú lá d'Fheabhra, 1950, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1956.

14. —(1) Déanfar pinsean a deonaíodh i leith aon seirbhíse a chríochnaigh an 1ú lá d'Fheabhra, 1950, nó dá éis, agus a cinneadh mar chionúireacht de luach saothair an duine lena mbaineann agus a méadaíodh faoi alt 10 nó alt 11 d'Acht 1958, den tsuim iomchuí, de réir bhrí an Achta sin, a mhéadú, le héifeacht ón 1ú lá de Lúnasa, 1959, agus an lá sin a áireamh—

(a) (i) 4 faoin gcéad, más roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1953, a chríochnaigh an tseirbhís,

(ii) 3 faoin gcéad, más ar an 1ú lá d'Aibreán, 1953, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Iúil, 1953, a chríochnaigh an tseirbhís,

(iii) 2 faoin gcéad, más ar an 1ú lá d'Iúil, 1953, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1953, a chríochnaigh an tseirbhís,

(iv) 1 faoin gcéad, más ar an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1953, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Eanair, 1954, a chríochnaigh an tseirbhís,

(b) méid a dhéanfadh an pinsean comhionann leis an bpinsean ab iníoctha ar scor dó leis an duine lena mbaineann dá mba rud é go raibh luach saothair á fháil aige de réir an ráta nó an scála luach saothair a bhain le fostaí don Bhord dá chomhchéim agus dá chomhsheirbhís an 1ú lá d'Aibreán, 1954,

cibé acu is lú.

(2) Déanfar pinsean a deonaíodh i leith aon seirbhíse a chríochnaigh an 1ú lá d'Fheabhra, 1950, nó dá éis, agus a cinneadh mar chionúireacht de luach saothair an duine lena mbaineann (lena n-áirítear pinsean dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo arna mhéadú faoin bhfo-alt sin) a mhéadú le héifeacht ón 1ú lá de Lúnasa, 1960. agus an lá sin a áireamh.

(i) 5 faoin gcéad, más roimh an 1ú lá de Nollaig, 1955, a chríochnaigh an tseirbhís,

(ii) 3¾ faoin gcéad, más ar an 1ú lá de Nollaig, 1955, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá de Mhárta, 1956, a chríochnaigh an tseirbhís,

(iii) 2½ faoin gcéad, más ar an 1ú lá de Mhárta, 1956, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá de Mheitheamh, 1956, a chríochnaigh an tseirbhís,

(iv) 1¼ faoin gcéad, más ar an 1ú lá de Mheitheamh, 1956, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1956, a chríochnaigh an tseirbhís.

Méadú ar phinsin áirithe eile.

15. —(1) Baineann an t-alt seo le pinsean a deonaíodh roimh an 1ú lá d'Iúil, 1957, agus a cinneadh ar shlí seachas mar chionúireacht de luach saothair an duine lena mbaineann.

(2) Féadfar, más oiriúnach leis an mBord é, pinsean lena mbaineann an t-alt seo a mhéadú ón 1ú lá de Lúnasa, 1959, agus an lá sin a áireamh, cibé méid is cuí leis an mBord ag féachaint do na hiomthoscaí go léir ach faoi réir na teorann nach mbeidh an méadú níos mó—

(a) ná 6 faoin gcéad, i gcás pinsean i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 14ú lá de Mhárta, 1948, agus

() ná 4 faoin gcéad, i gcás pinsean i leith seirbhíse a chríochnaigh an 14ú lá de Mhárta, 1948, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Iúil, 1957.

(3) Féadfar, más oiriúnach leis an mBord é, pinsean lena mbaineann an t-alt seo, arna mhéadú faoi fho-alt (2) den alt seo, a mhéadú in aghaidh aon tréimhse dar tosach an 1ú lá de Lúnasa, 1960, nó dá éis, cibé méid is cuí leis an mBord ag féachaint do na hiomthoscaí go léir ach faoi réir na teorann nach mbeidh an méadú níos mó—

(a) ná 7½ faoin gcéad, i gcás pinsean i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 14ú lá de Mhárta, 1948, agus

(b) ná 5 faoin gcéad, i gcás pinsean i leith seirbhíse a chríochnaigh an 14ú lá de Mhárta, 1948, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Iúil, 1957.

(4) Ní bheidh méadú ar phinsean faoin alt seo nó faoi alt 13 nó alt 14 den Acht seo iníoctha ach amháin le beo an duine dar deonaíodh é.

Aoisliúntas do chomhaltaí lánaimsire an Bhoird.

16. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim (dá ngairtear scéim aoisliúntas san Acht seo) a dhéanamh ó am go ham chun pinsin nó aiscí nó pinsin agus aiscí a sholáthar le haghaidh nó i leith chomhaltaí lánaimsire an Bhoird.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, trí scéim aoisliúntas ina dhiaidh sin (dá ngairtear scéim leasaitheach san Acht seo) scéim aoisliúntas nó scéim aoisliúntas leasaitheach roimhe sin a leasú.

(b) Féadfaidh scéim leasaitheach a rá go mbeidh feidhm iar-ré aige.

(c) Aon duine a bheidh ina chomhalta lánaimsire den Bhord ar feadh tréimhse nach giorra ná dhá mhí dhéag dar críoch an dáta a thiocfaidh an scéim leasaitheach i ngníomh, féadfaidh sé, trí fhógra a thabharfar don Aire laistigh de shé mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an scéim leasaitheach i ngníomh, a roghnú nach mbeidh feidhm ag an scéim leasaitheach maidir leis ná ina leith, agus má roghnaíonn sé amhlaidh, ansin ní bheidh feidhm ag an scéim leasaitheach maidir leis ná ina leith.

(3) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, trí scéim aoisliúntas, scéim aoisliúntas roimhe sin nó scéim leasaitheach a leasú.

(b) I gcás ina gcúlghairfidh scéim aoisliúntas (dá ngairtear an scéim nua sa mhír seo) scéim aoisliúntas roimhe sin nó scéim leasaitheach, féadfaidh aon duine a bheidh ina chomhalta lánaimsire den Bhord ar feadh tréimhse nach giorra ná dhá mhí dhéag dar críoch an dáta a thiocfaidh an scéim nua i ngníomh, trí fhógra a thabharfar don Aire laistigh de shé mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an scéim nua i ngníomh, a roghnú nach mbeidh feidhm ag an scéim nua maidir leis ná ina leith, agus má roghnaíonn sé amhlaidh, ansin—

(i) ní bheidh feidhm ag an scéim nua maidir leis ná ina leith, agus

(ii) leanfaidh an scéim aoisliúntas sin nó an scéim leasaitheach sin, de réir mar a bheidh, d'ainneoin í a chúlghairm, d'fheidhm a bheith aici maidir leis nó ina leith.

(4) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim aoisliúntas nó scéim leasaitheach a chúlghairm le hordú.

(b) I gcás ina ndéanfar scéim aoisliúntas nó scéim leasaitheach a chúlghairm faoin bhfo-alt seo, leanfaidh sí, d'ainneoin í a chúlghairm, d'fheidhm a bheith aici maidir le haon duine, nó i leith aon duine, a bheidh ina chomhalta den Bhord ar feadh tréimhse nach giorra ná dhá mhí dhéag dar críoch dáta na cúlghairme.

(5) Cuirfidh an Bord scéim aoisliúntas i bhfeidhm de réir a téarmaí.

(6) Déanfar gach scéim aoisliúntas, gach scéim leasaitheach agus gach ordú faoi fho-alt (4) den alt seo a leagan, a luaithe is féidir é tar éis é a dhéanamh, faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim nó an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime nó an ordaithe beidh sé ar neamhní dá réir ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi.

(7) Ní dhéanfar pinsean ná aisce a dheonú ná a íoc faoi alt 2 d'Acht Aoisliúntas 1942 do chomhalta lánaimsire ná i leith chomhalta lánaimsire den Bhord.

(8) San alt seo agus in alt 18 den Acht seo ciallaíonn “comhalta lánaimsire den Bhord” comhalta den Bhord a gceanglaíonn téarmaí a cheapacháin air a chuid ama go léir a chaitheamh lena dhualgais mar chomhalta den sórt sin agus ar thosaigh a chomhaltas lánaimsire den Bhord an 1ú lá de Mheitheamh, 1959, nó dá

Abhair áirithe dá mbeidh foráil i scéimeanna faoi alt 16.

17. —(1) Gan dochar do ghinearáltacht an ailt deiridh roimhe seo, beidh forálacha ag tabhairt éifeachta do na hábhair atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo i scéim aoisliúntas.

(2) Beidh gach scéim leasaitheach dréachtaithe i slí gur cinnte go mbeidh forálacha ag tabhairt éifeachta do na hábhair atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo i scéim aoisliúntas, sa scéim leasaitheach nó i scéim leasaitheach roimhe sin nó go páirteach i gceann agus go páirteach i gceann eile nó i gcinn eile de na scéimeanna sin.

Cumhacht chun socrú a dhéanamh i scéimeanna faoi alt 16 chun cuid de phinsean a thabhairt suas le haghaidh blianachta do bhanchéile nó cleithiúnaí.

1956, Umih. 38.

1952, Umih. 25.

18. —(1) Féadfaidh socrú a bheith i scéim aoisliúntas nó i scéim leasaitheach le haghaidh duine a scoirfidh d'oifig a shealbhú mar chomhalta lánaimsire den Bhord ar shlí seachas ar fhoras easláinte agus a gcomhlíonfaidh a chaighdeán sláinte ceanglais na scéime do thabhairt suas, faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a bheidh sonraithe sa scéim sin, cibé cuid (nach mó ná trian) a bheidh sonraithe sa scéim d'aon liúntas bliantúil is iníoctha leis ar scór pinsin faoi scéim aoisliúntas nó scéim leasaitheach i gcomaoin an Bord do dheonú blianacht dá dtagraíonn an t-alt seo do chéile an duine sin nó do chleithiúnaí amháin leis an duine sin a shonróidh an duine sin.

(2) Beidh na coinníollacha agus na teorainneacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ar comhréir, a mhéid is féidir é, leis na coinníollacha agus na teorainneacha dá ndéantar socrú leis an Acht Aoisliúntas, 1956 , nó faoi agus ar féidir faoina réir le státseirbhísigh bhunaithe, de réir bhrí an Achta sin, cuid de liúntais áirithe a thabhairt suas i gcomaoin pinsean a dheonú faoin Acht sin do dhuine eile.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “blianacht dá dtagraíonn an t-alt seo” blianacht a dheonófar i gcaoi gurb é a luach, amhail an lá a scoirfidh an duine de bheith i seilbh oifige arb é an duine é a rinne an tabhairt-suas, suim is comhionann de réir áirimh achtúireachta (de réir cibé táiblí a bheidh, ar an dáta scoir, arna gceadú ag an Aire Airgeadais chun críocha an Achta Aoisliúntas, 1956 ) leis an méid a tugadh suas agus is iníoctha—

(a) ar feadh na tréimhse a mhairfidh (má mhaireann) an céile i ndiaidh an duine sin, nó

(b) I gcás blianacht don chéile, má roghnaíonn an duine amhlaidh nuair a dhéanfaidh sé an tabhairt-suas, ar feadh tréimhse comhshaoil an duine agus an chéile tar éis dó scor de bheith i seilbh oifige agus na tréimhse a mhairfidh (má mhaireann) an céile i ndiaidh an duine,

agus, i gcás blianacht don chéile is iníoctha ar feadh na dtréimhsí a shonraítear i mír (b) den mhíniú seo, agus arb é a ráta in aghaidh an dara tréimhse dhá oiread a ráta in aghaidh na céad tréimhse; ciallaíonn “cleithiúnaí”, maidir le duine, duine de theaghlach an duine sin (is é sin, athair, máthair, leas-athair, leas-mháthair, mac, iníon, ua, ban-ua, leas-mhac, leas-iníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leas-ghaolmhar, deirfiúr leas-ghaolmhar, uncail, aint, nia, neacht, cliamhain nó banchliamhain) a bheidh, nuair a chuirfidh an duine sin in iúl don Bhord gur mian leis tabhairt-suas a dhéanamh, i gcleithiúnas go hiomlán nó go páirteach ar thuilleamh an duine sin, agus, chun críocha an mhínithe sin, measfar gur mac nó iníon leis an uchtóir nó leis na huchtóirí, a rugadh dó nó di nó dóibh de phósadh dleathach, agus nach mac ná iníon le haon duine eile, duine a uchtaíodh faoin Acht Uchtála, 1952 .

Caiteachas.

19. —Déanfar pinsin, aiscí, blianachtaí agus méaduithe pinsean faoin Acht seo a íoc mar chuid de chaiteachas ginearálta an Bhoird.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

20. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1961, a ghairm de na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1958, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1958, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amhain.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

AN SCEIDEAL.

Ábhair áirithe dá mbeidh foráil i scéimeanna faoi alt 16.

Alt 17.

1. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, soláthrófar pinsean agus aisce do dhuine—

(a) ar dheireadh a bheith lena chomhaltas den Bhord trí dheireadh a theacht lena théarma oifige gan é a athcheapadh, mura ndeimhneoidh an Rialtas go n-athcheapfaí é mura mbeadh é a bheith as láthair ó chruinnithe uile an Bhoird ar feadh tréimhse sé mhí nó mar gheall ar mhíchumas nó mí-iompar a luafar nó gur dhiúltaigh sé glacadh lena athcheapadh,

(b) ar é d'éirí as oifig i rith a théarma oifige tar éis dó seasca bliain d'aois a shlánú nó mar gheall ar easláinte roimh an aois sin a shlánú dó,

(c) ar é a chur as oifig faoi alt 5 den Phríomh-Acht, mura ndeimhneoidh an Rialtas gur cuireadh as oifig é mar gheall ar é a bheith as láthair ó chruinnithe uile an Bhoird ar feadh tréimhse sé mhí nó mar gheall ar mhíchumas nó mí-iompar a luafar.

2. Má fhaigheann duine bás i rith a théarma oifige mar chomhalta den Bhord tar éis seirbhís inphinsin nach giorra ná cúig bliana a thabhairt, deonófar d'ionadaí pearsanta an duine sin agus íocfar leis aisce (dá ngairtear aisce báis sa Sceideal seo) de mhéid is comhionann le tuarastal scoir an duine sin nó leis an aisce a dheonófaí don duine sin nó a íocfaí leis dá n-éireodh an duine sin as oifig mar gheall ar easláinte lá a bháis, cibé acu is mó.

3. Más rud é i gcás aon duine a mbeidh an Bord tar éis pinsean nó pinsean agus aisce a dheonú dó ar é do scor d'oifig a shealbhú mar chomhalta den Bhord go bhfaighidh sé bás tráth a bheidh méid na n-íocaíochtaí a bheifear tar éis a íoc leis ar scór an phinsin sin ó thráth an scoir sin go dtí dáta a bháis nó comhiomlán na n-íocaíochtaí sin agus na haisce, de réir mar a bheidh, níos lú d'aon suim ná méid na haisce báis a dheonófaí dá ionadaí pearsanta dá bhfaigheadh sé bás díreach roimh an scor sin, déanfaidh an Bord aisce is comhionann leis an tsuim sin a íoc lena ionadaí pearsanta.

4. Ní dhéanfar pinsean ná aisce, seachas aisce báis, a sholáthar le haghaidh ná i leith dhuine muran rud é nach lú ná deich mbliana a thréimhse seirbhíse inphinsin.

5. Nuair a bheidh tréimhse seirbhíse inphinsin á ríomh, ní chomhaireofar codáin de bhliain.

6. Ní bheidh méid pinsin is iníoctha le haon duine níos mó ná leath tuarastal scoir an duine sin.

7. (1) Má bhíonn méid pinsin a dheonóidh an Bord d'aon duine níos mó ná an méid ab iníoctha leis an duine sin dá ríomhtaí é de réir an ochtódú cuid de thuarastal scoir an duine sin in aghaidh gach bliana comhlánaithe dá sheirbhís inphinsin, ní bheidh aon aisce iníoctha ag an mBord leis an duine sin.

(2) Ní bheidh méid aisce (lena n-áirítear aisce báis) níos mó ná oiread go leith tuarastal scoir an duine dá ndeonófar é.

8. Ní bheidh pinsean inmhuirir ná insannaithe.

9. Má bhíonn duine dá mbeidh pinsean deonaithe ag an mBord éagumasach ar admháil a thabhairt i leith aon suime is iníoctha ar scór an phinsin sin, féadfar an tsuim a íoc, mar is rogha leis an mBord, le cibé duine eile is oiriúnach leis an mBord, nó le haon fhoras a bheidh ag tabhairt aire don duine dá mbeidh an pinsean deonaithe.

10. Má bhíonn aon duine dá mbeidh pinsean deonaithe ag an mBord ar fostú in aon phost a n-íoctar an luach saothair ina leith as airgead arna sholáthar ag, nó amach as, ceann amháin nó níos mó acu seo a leanas, eadhon, an Bord, an tOireachtas, an Príomh-Chiste, údarás áitiúil nó bord nó comhlacht arna bhunú le haon Acht ón Oireachtas nó le haon Acht ó Oireachtas Shaorstát Éireann nó faoi aon Acht den sórt sin—

(a) i gcás luach saothair an duine sin sa phost sin a bheith, maidir le haon tréimhse dhá mhí dhéag, comhionann le nó níos mó ná ráta bliantúil a thuarastail ar an dáta a scoir sé de bheith i seilbh oifige mar chomhalta den Bhord, ní bheidh an pinsean iníoctha in aghaidh na tréimhse sin, agus

(b) in aon chás eile, déanfar méid an phinsin, maidir le haon tréimhse dhá mhí dhéag a mbeidh breis ag suim an phinsin ina haghaidh agus an luach saothair in aghaidh na tréimhse sin ar ráta bliantúil tuarastail an duine sin ar an dáta a scoir sé de bheith i seilbh oifige mar chomhalta den Bhord, a laghdú méid na breise.

11. Aon uair a bheifear, i gcás duine dár dheonaigh an Bord pinsean, tar éis pinsean (dá ngairtear an dara pinsean sa mhír seo) a dheonú, cibé acu sular dheonaigh an Bord an pinsean nó dá éis sin é, dó i leith seirbhíse i bpost dá dtagraítear sa mhír díreach roimhe seo—

(a) más rud é, maidir le haon tréimhse, gur comhionann méid an dara pinsean le, nó gur mó é ná, leath tuarastal scoir an duine sin, ní bheidh an pinsean iníoctha in aghaidh na tréimhse sin,

(b) más rud é, maidir le haon tréimhse, gur lú méid an dara pinsean ná leath tuarastal scoir an duine sin agus go mbeidh méideanna an phinsin agus an dara pinsean in aghaidh na tréimhse sin níos mó, i dteannta a chéile, de shuim ar bith ná leath tuarastal scoir an duine sin, déanfar méid an phinsin a laghdú in aghaidh na tréimhse sin an tsuim sin.

12. (1) Sa Sceideal seo—

ciallaíonn “seirbhís inphinsin”—

(a) seirbhís mar chomhalta lánaimsire den Bhord ag duine atá faoi bhun cúig bliana is seasca d'aois, agus ina theannta sin, i gcás comhalta den Bhord a shlánóidh an aois sin le linn a théarma oifige, cibé tréimhse seirbhíse, más aon tréimhse é, mar chomhalta lánaimsire den Bhord (nach faide ná trí mhí) tar éis an dáta a shlánóidh sé an aois sin, agus ní níos mó ná sin, a dhéanfadh, nuair a chuirfí é lena sheirbhís inphinsin roimh an dáta sin, bliain seirbhíse inphinsin eile, agus

(b) cibé seirbhís a bheidh ordaithe ag an Aire (má bhíonn) le toiliú an Aire Airgeadais i cibé post nó poist a bheidh ordaithe ag an Aire (má bhíonn) le toiliú an Aire Airgeadais;

ciallaíonn “tuarastal bliantúil inphinsin”, maidir le comhalta den Bhord, tuarastal bliantúil an chomhalta ach ní fholaíonn sé íocaíochtaí i leith caiteachas, aiscí, bónas nó íocaíochtaí speisialta nó neamhghnácha a íoctar leis an gcomhalta;

ciallaíonn “tuarastal scoir”, maidir le comhalta den Bhord, a mheán-tuarastal bliantúil inphinsin i rith na tréimhse trí bliana dar críoch an dáta a chríochnóidh a sheirbhís inphinsin.

(2) Déanfar tagairtí sa Sceideal seo do mhéid pinsin a fhorléiriú mar thagairtí do mhéid bliantúil an phinsin.