17 1961


Uimhir 17 de 1961.


AN tACHT CARTHANAS, 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE CARTHANAIS.

[28 Meitheamh, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Carthanas, 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá d'Iúil, 1961.

Léiriú.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d'Éirinn;

ciallaíonn “bronntanas carthanúil” bronntanas chun críocha carthanúla;

folaíonn “ciste” aon leas, láithreach nó todhchaí, in aon stoc, scaireanna nó blianachtaí nó in aon urrúis nó ábhair i gcaingean eile, agus folaíonn sé airgead freisin;

ciallaíonn “bronntanas” tabhartas, réadtiomnú nó tiomnacht;

ciallaíonn “an Rúnaí” Rúnaí an Bhoird;

forléireofar tagairtí d'iontaobhaí carthanais mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do dhuine agus é ag gníomhú ag riaradh nó ag bainistí carthanais;

folaíonn “uacht” codaisíl.

Costais

3. —A mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a íocfar na costais uile faoina rachaidh an Bord ag riaradh an Achta seo agus nach bhfuil socrú eile déanta lena n-aghaidh.

Aisghairm.

1937, Uimh. 38 .

4. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún.

(2) Gach scéim, ordú nó ní a rinne agus gach fógra, cinneadh, tuairim nó comhairle a thug an Bord faoi achtachán aisghairthe, leanfaidh sé de bheith bailí, d'ainneoin na haisghairme sin, ionann agus dá mba faoin Acht seo a rinneadh nó a tugadh é.

(3) Tá fo-alt (2) gan dochar d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 .

CUID II

Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d'Éirinn agus a nDlínse

Caibidil I

An Bord

An Bord do leanúint de bheith ann.

5. —D'ainneoin na haisghairme a dhéantar leis an Acht seo, leanfaidh Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d'Éirinn (dá ngairtear an Bord san Acht seo) de bheith ann mar chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus gnáthshéala agus féadfaidh siad agairt a dhéanamh, agus beidh siad inagartha, faoina n-ainm corpraithe.

Cumhacht chun talamh a theachtadh.

6. —Beidh cumhacht ag an mBord agus measfar go rabih cumhacht riamh acu faoina n-ainm corpraithe talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

Comhdhéanamh an Bhoird.

7. —Aon chomhalta dhéag ar a mhéid a bheidh ar an mBord.

Comhaltas.

8. —(1) Ceapfaidh an Rialtas daoine chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord ó am go ham de réir mar is gá.

(2) Sealbhóidh gach comhalta den Bhord oifig go dtí go n-éagfaidh sé, go n-éireoidh sé as oifig nó go gcuirfear as oifig é.

(3) Féadfaidh an Rialtas aon chomhalta den Bhord a chur as oifig.

(4) Déanfar ceapadh comhalta den Bhord nó a chur as oifig a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

(5) A luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an Achta seo, agus de réir mar is gá ina dhiaidh sin, ceapfaidh an Bord comhalta den Bhord chun bheith ina Chathaoirleach ar an mBord agus sealbhóidh an Cathaoirleach oifig go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an Bord nuair a bheidh siad á cheapadh.

(6) Na daoine is comhaltaí den Bhord díreach roimh thosach feidhme an Achta seo leanfaidh siad in oifig ionann agus dá mba faoin alt seo a ceapadh iad.

Nós imeachta.

9. —(1) Ag cruinniú den Bhord, má bhíonn Cathaoirleach an Bhoird as láthair, is é an comhalta is sinsearaí san ord ceaptha nó cibé comhalta eile a roghnóidh an Bord a bheidh ina chathaoirleach.

(2) Is de réir dáta a chéadcheaptha a bheidh céimíocht ag comhalta a leanfaidh in oifig ar thosach feidhme an Achta seo.

(3) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta cinniúna ag cathaoirleach an chruinnithe.

(4) Ag cruinniú den Bhord is córam triúr comhalta, má bhítear tar éis fógra cuí i dtaobh an chruinnithe sin a thabhairt do na comhaltaí uile.

Oifigigh agus seirbhísigh.

10. —(1) Déanfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le toiliú an Aire Airgeadais, ó am go ham de réir mar is gá rúnaí don Bhord a cheapadh agus féadfaidh sé, leis an toiliú céanna, aon oifigigh eile agus aon seirbhísigh is gá chun críocha an Achta seo a cheapadh.

(2) Sealbhóidh an Rúnaí agus oifigigh eile agus seirbhísigh an Bhoird oifig ar cibé téarmaí agus gheobhaidh siad cibé luach saothair a chinnfidh an tAire Airgeddais.

(3) An Rúnaí agus na hoifigigh eile agus na seirbhísigh don Bhord a bheidh i seilbh oifige díreach roimh thosach feidhme an Achta seo leanfaidh siad in oifig ionann agus dá mba faoin Acht seo a ceapadh iad.

Séala.

11. —(1) Ní ghreamófar séala an Bhoird ach le hordú ón mBord agus fianófar a ghreamú le síniú bheirt chomhalta den Bhord nó chomhalta amháin den Bhord agus an Rúnaí.

(2) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird agus déanfar gach doiciméad a airbheartóidh a bheith séalaithe le séala an Bhoird agus a bheith fianaithe de réir an ailt seo a ghlacadh i bhfianaise gan a thuilleadh cruthúnais mura gcruthófar a mhalairt.

Miontuairiscí na n-imeachtaí.

12. —(1) Déanfaidh an Rúnaí nó oifigeach éigin eile don Bhord miontuairiscí d'imeachtaí an Bhoird ag gach cruinniú agus coimeádfaidh sé leabhar (dá ngairtear Leabhar na Miontuairiscí san alt seo) ina dtaifeadfaidh sé—

(a) cóip dhílis de na miontuairiscí sin, agus

(b) ainmneacha na gcomhaltaí a bhí i láthair ag an gcruinniú sin.

(2) Léifear miontuairiscí na n-imeachtaí ag cruinniú den Bhord, mar a bheidh siad taifeadta i Leabhar na Miontuairiscí, ag an gcéad chruinniú eile don Bhord agus, má ghlactar go bhfuil siad cruinn, déanfaidh cathaoirleach an chruinnithe ag a léifear amhlaidh iad iad a shíniú.

Ní bheidh Breitheamh is comhalta den Bhord dícháilithe chun cásanna carthanais a éisteacht.

13. —Ní bheidh Breitheamh d'aon Chúirt coiscthe ná éagumasach de dhroim amháin é a bheith ina chomhalta den Bhord chun aon chás a bhainfidh le carthanas nó aon chás a éireoidh faoin Acht seo a éisteacht agus a chinneadh, ach féadfaidh sé é a éisteacht agus a chinneadh ionann agus nár chomhalta den Bhord é.

Na cuntais a iniúchadh.

14. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “an t-iniúchóir”, maidir le haon iniúchadh faoin alt seo, an t-iniúchóir a cheapfaidh an tAire chun an t-iniúchadh sin a dhéanamh;

ciallaíonn “na cuntais” cuntais an Bhoird.

(2) Déanfar suas na cuntais go dtí an 31ú lá de Nollaig gach bliain i cibé foirm a cheadóidh an tAire ó am go ham.

(3) Déanfaidh an t-iniúchóir sin don Aire a cheapfaidh an tAire ó am go ham na cuntais a iniúchadh uair amháin gach bliain.

(4) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le hiniúchadh faoin alt seo—

(a) chun críocha an iniúchta, tabharfaidh an Bord don Aire, roimh dheireadh mí Mheithimh gach bliain, achomaireacht ar chuntais an Bhoird i cibé foirm a cheadóidh an tAire ó am go ham;

(b) tabharfaidh an t-iniúchóir fógra sé lá don Rúnaí sula ndéanfar an t-iniúchadh in oifig an Bhoird;

(c) féadfaidh an t-iniúchóir, trí fhógra chuige sin i scríbhinn a thabhairt do dhuine ar bith, a cheangal ar an duine sin teacht i láthair in oifig an Bhoird cibé am a luafar san fhógra chun fianaise faoi mhionn a thabhairt maidir le haon ábhar a bheidh i gceist san iniúchadh, agus aon leabhair, gníomhais, cuntais, deimhnithe nó doiciméid eile a bheidh ina sheilbh, ina choimeád nó faoina urláimh agus a bhainfidh le haon ábhar den sórt sin a thabhairt ar aird, agus—

(i) aon duine dá mbeidh fógra tugtha faoin mír seo agus a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil teacht i láthair de réir an fhógra nó a dhéanfaidh go toiliúil aon doiciméad lena mbainfidh an fógra a athrú, a shochtadh, a cheilt nó a dhíothú nó a thiocfaidh i láthair amhlaidh agus a dhiúltóidh fianaise a thabhairt nó a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil aon doiciméad lena mbainfidh an fógra a thabhairt ar aird, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air, agus

(ii) aon duine a dhéanfaidh go toiliúil agus é ag tabhairt fianaise den sórt sin faoi mhionn ráiteas is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile;

(d) ar an iniúchadh a bheith críochnaithe, deimhneoidh an t-iniúchóir an achomaireacht sin;

(e) déanfaidh an t-iniúchóir, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an achomaireacht sin a dheimhniú, í a chur chun an Aire maraon le tuarascáil i dtaobh na gcuntas;

(f) déanfaidh an tAire cóip de thuarascáil an iniúchóra agus an achomaireacht sin a chur chun an Rúnaí agus cuirfidh sé cóip den tuarascáil sin chun an Aire Dlí agus Cirt.

Tuarascáil.

15. —(1) Déanfaidh an Bord, uair amháin ar a laghad gach bliain agus fairis sin aon uair a éileoidh an Rialtas é, tuarascáil ar a n-imeachtaí faoin Acht seo a thabhairt don Rialtas.

(2) Déanfar cóip de gach tuarascáil a thabharfar faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis í a thabhairt.

Srian leis an mBord d'íoc costais aturnae.

16. —Ní íocfaidh an Bord aon suim le haturnae a bheidh ar fostú acu i modh agus i leith costais nó caiteachais a bheidh le glanadh as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, mura mbeidh an tsuim ceadaithe ag an Aire Airgeadais agus, sula gceadóidh an tAire Airgeadais an tsuim sin, ní foláir sonraí na gcostas agus na gcaiteachas a bheith faoina bhráid.

Slánaíocht don Bhord agus do dhaoine a bheidh ag gníomhú faoi threorú uathu.

17. —Aon ní nó rud a dhéanfaidh an Bord nó aon duine ag gníomhú faoi threorú ón mBórd ní chuirfidh sé, más bona fide i gcomhalladh an Achta seo a dhéanfar é, aon chomhalta den Bhord ná aon duine a bheidh ag gníomhú faoina dtreorú faoi dhliteanas aon imeachtaí a thionscnamh ina choinne go pearsanta.

Fógraí a sheirbheáil ar an mBord.

18. —Féadfar fógra a sheirbheáil ar an mBord—

(a) trí chóip de a fhágáil ag an Rúnaí in oifig an Bhoird, nó

(b) trí chóip de a chur leis an bpost cláraithe i gclúdach faoi sheoladh an Bhoird san oifig sin.

Costais an Bhoird a bheith le híoc ag carthanas.

19. —Aon chostais nó caiteachais faoina rachaidh an Bord ag bainistí nó ag riaradh aon mhaoine a bheidh dílsithe don Bhord nó chun aon mhaoin den sórt sin a shlánchoimeád nó a aisghabháil nó ar aon slí eile i gcomhalladh an Achta seo, féadfaidh an Bord é a íoc agus é a asbhaint as eastát agus cistí an charthanais ar ina leith a chuathas faoi na costais agus na caiteachais sin.

Caibidil II

Dlinse agus cumhachtaí an Bhoird

Cumhacht chun díolúine a thabhairt ón oibleagáid chun fógráin a fhoilsiú i dtaobh réadtiomnuithe agus tiomnachtaí carthanúla.

20. —Féadfaidh an Bord, as a gcomhairle féin, ag féachaint do mhéid aon réadtiomnaithe charthanúil nó aon tiomnachta carthanúla nó d'aon imthosca speisialta eile, aon duine a dhíolmhú, go hiomlán nó sa mhéid agus ar na téarmaí is oiriúnach leo, ón oibleagáid a chuirtear air le halt 52.

Cumhacht chun comhairle a thabhairt d'iontaobhaithe carthanais maidir le hiontaobhais a riaradh.

21. —(1) I gcás ina n-iarrfaidh iontaobhaithe carthanais a dtuairim nó a gcomhairle ar an mBord maidir leis an gcarthanas nó lena riaradh nó lena mhaoin nó le cur na maoine chun feidhme nó maidir le haon cheist nó díospóid a bhainfidh leis an gcarthanas nó i gcás ina n-iarrfaidh seiceadóirí uachta ina mbeidh réadtiomnú carthanúil nó tiomnacht charthanúil a dtuairim nó a gcomhairle ar an mBord maidir leis an réadtiomnú nó an tiomnacht nó lena riaradh nó lena chur chun feidhme nó le haon cheist nó díospóid a bhainfidh leis, breithneoidh an Bord an t-iarratas agus, más oiriúnach leo, féadfaidh siad cibé tuairim nó comhairle a thabhairt a mheasfaidh siad a bheith fóirsteanach.

(2) Is faoi shéala an Bhoird a thabharfar tuairim nó comhairle an Bhoird.

(3) I gcás ina dtabharfaidh an Bord a dtuairim nó a gcomhairle maidir le haon ábhar, ansin, aon iontaobhaí nó seiceadóir nó aon duine eile a ghníomhóidh de réir na tuairime nó na comhairle i rith aon tréimhse (nach tréimhse tar éis cúirt dlínse inniúla do dhéanamh ordú maidir leis an ábhar) measfar, maidir le hé do ghníomhú amhlaidh i rith na tréimhse sin, agus chomh fada agus a bhainfidh lena fhreagracht féin, é a bheith tar éis gníomhú de réir a iontaobhais.

(4) Ní bheidh ag aon ordú a dhéanfaidh Cúirt na dhiaidh sin aon éifeacht chúlghabhálach a chuirfeadh isteach nó a laghdódh ar an tslánaíocht a thugann an t-alt seo d'iontaobhaí, do sheiceadóir nó do dhuine eile a ghníomhaigh de réir na tuairime nó na comhairle sin.

(5) Ní shlánóidh an t-alt seo iontaobhaí ná duine eile i leith aon ghníomh a dhéanfaidh sé de réir tuairim nó comhairle an Bhoird, má bhí sé ciontach i gcalaois, i gceilt thoiliúil nó i mífhaisnéis chun an tuairim nó an chomhairle a fháil.

Comhréiteach éilithe ó charthanas nó i gcoinne carthanais.

22. —(1) Más dóigh le hiontaobhaithe carthanais, i gcás aon éileamh i gcoinne duine maidir leis an gcarthanas, gur féidir comhréiteach a dhéanamh agus gur bhuntáiste don charthanas é nó gur ceart, in imthosca speisialta an cháis, comhréiteach a dhéanamh, féadfaidh na hiontaobhaithe nó féadfaidh an duine sin, le toiliú na n-iontaobhaithe, ráiteas agus togra maidir le comhréiteach a chur faoi bhráid an Bhoird.

(2) Más dóigh le hiontaobhaithe carthanais, i gcás aon éileamh ó aon duine i gcoinne an charthanais nó ina gcoinne féin, gur féidir comhréiteach a dhéanamh agus gur bhuntáiste don charthanas é nó gur ceart, in imthosca speisialta an cháis, comhréiteach a dhéanamh, féadfaidh na hiontaobhaithe nó féadfaidh an duine sin, le toiliú na n-iontaobhaithe, ráiteas agus togra maidir le comhréiteach a chur faoi bhráid an Bhoird.

(3) I gcás inarb é tuairim an Bhoird, tar éis cibé fiosrú a dhéanamh is dóigh leo is gá, gur togra cuí oiriúnach, agus togra chun tairbhe don charthanas, an togra arna mhodhnú nó gan modhnú, féadfaidh an Bord cibé ordú is cuí leo a dhéanamh maidir leis an gcomhréiteach.

(4) Más dóigh leis an mBord, i gcás aon éilimh uathu féin nó ina gcoinne maidir le haon mhaoin darb iontaobhaithe iad gur féidir comhréiteach a dhéanamh agus gur bhuntáiste don charthanas é, nó gur ceart, in imthosca speisialta an cháis, comhréiteach a dhéanamh, féadfaidh an Bord comhréiteach a dhéanamh maidir leis an éileamh.

(5) Má údaraítear nó má dhéantar comhréiteach faoin alt seo maidir le héileamh, ansin, tar éis téarmaí agus coinníollacha an chomhréitigh a chomhlíonadh go cuí, ní bheidh aon ábhar caingne ann maidir leis an éileamh.

Cumhacht chun agra a dhéanamh le bronatannis charthanúla a bheidh á gcoimeád siar go mícheart, á gceilt nó á mí-úsáid a aisghabháil.

23. —(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú roimh ré ón Ard-Aighne, agra a dhéanamh chun aon bhronntanas carthanúil a aisghabháil a beartaíodh a chur chun feidhme sa Stát agus a bheidh á choimeád siar go mícheart, á cheilt nó á chur chun mífheidhme.

(2) Déanfaidh an Bord gach bronntanas carthanúil a aisghabhfaidh siad faoin alt seo a chur chun feidhme chun críocha carthanúla de réir intinn an bhronntóra.

(3) Féadfaidh an Bord na costais, na muirir agus na caiteachais uile faoina rachaidh siad ag aisghabháil aon bhronntanais charthanúil a aisghabhfaidh siad faoin alt seo a bhaint as an mbronntanas carthanúil sin.

Brontannais charthanúla a aisghabháil.

24. —Aon uair a bheidh aon suim iníoctha le haon chríocha carthanúla nó lena n-aghaidh, féadfaidh an Bord nó féadfaidh iontaobhaithe an charthanais, le toiliú an Bhoird, agra a dhéanamh ina leith agus í a ghnóthú ón duine a mbeidh sí dlite de de thuras na huaire nó arb é a dhualgas í a íoc, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla gan toiliú an Ard-Aighne a fháil.

Cumhacht an Bhoird chun imeachtaí dlíthiúla a údarú nó a ordú maidir le carthanas.

25. —Más dóigh leis an mBord é a bheith inmhianaithe go ndéanfadh duine ar bith seachas an tArd-Aighne imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le haon charthanas, féadfaidh an Bord a údarú nó a ordú na himeachtaí dlíthiúla sin a thionscnamh agus cibé treoracha a thabhairt ina dtaobh is dóigh leo is cuí agus, air sin, féadfar na himeachtaí dlíthiúla sin a thionscnamh.

Cumhacht an Bhoird chun cásanna áirithe carthanais a dheimhniú don Ard-Aighne.

26. —(1) Más dóigh leis an mBord in aon chás áirithe é a bheith inmhianaithe go ndéanfadh an tArd-Aighne imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le haon charthanas, féadfaidh an Bord an cás a dheimhniú, i scríbhinn faoi láimh an Rúnaí, don Ard-Aighne, maraon le cibé ráitis agus sonraí is gá, ina dtuairim, chun an cás a mhíniú.

(2) Nuair a dheimhneofar cás amhlaidh don Ard-Aighne, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, cibé imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh is dóigh leis is cuí in imthosca an cháis.

Cumhacht an Bhoird chun stiúradh agraí riaracháin, agus agraí chun iontaobhais uachtanna, a chur i gcrích a iarraidh i gcás moille.

27. —I gcás—

(a) duine a bheith tar éis aon mhaoin a réadtiomnú nó a thiomnú le huacht chun críocha carthanúla, agus

(b) ionadaí pearsanta an duine sin a bheith tar éis agra a thionscnamh chun na sócmhainní nó iontaobhais na huachta a riaradh nó a chur i gcrích,

féadfaidh an Bord (cé nach páirtithe san agra iad), ar fhoras moille, iarratas a dhéanamh chun an Cúirte ina mbeidh an t-agra ar feitheamh á iarraidh go n-aistreofaí stiúradh an agra chun an Bhoird, agus, air sin, féadfaidh an Chúirt más é a tuairim gur bhain moill mhíchuí nó mhícheart leis an agra a chur ar aghaidh—

(a) stiúradh an agra a thabhairt don Bhord, nó

(b) cibé téarmaí is dóigh léi is gá chun an t-agra a chríochnú go luath a fhorchur ar an bpáirtí ag a mbeidh stiúradh an agra,

agus féadfaidh an Chúirt cibé orduithe is oiriúnach léi a dhéanamh maidir leis an iarratas.

Cumhacht an Bhoird a iarraidh go n-aistreofar ciste carthanais a bheidh sa Chúirt agus nach mbeidh curtha chun feidhme.

28. —I gcás ina bhfágfar gur cur chun feidhme aon chiste a bheidh chun creidiúna ar leithligh in aon ábhar laistigh de dhlínse na Cúirte agus is ciste chun tairbhe charthanais nó ciste faoi chuing iontaobhais charthanúil, féadfaidh an Bord a iarraidh ar an gCúirt sin an ciste a aistriú chucu, chun é a bheith ar teachtadh acu ar an iontaobhas carthanúil a bhainfidh leis an gciste, agus, air sin, féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh maidir leis an gciste a aistriú chun an Bhoird nó ar shlí eile (lena n-áirítear costais a íoc as an gciste) is oiriúnach leis an gCúirt.

Cumhacht an Bhoird chun scéimeanna a chumadh a chuirfidh maoin chun feidhme cy-près.

1871, c. 102.

1955, Uimh. 18 .

1877, c. 49,

29. —(1) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar gurb é luach talún a luacháil inrátaithe arna iolrú faoi chaoga,

(b) measfar gurb é luach aon íocaíochta tréimhsiúla a mbeidh talamh faoina réir méid bliantúil na híocaíochta sin arna iolrú faoi chúig déag, agus

(c) measfar gurb é luach aon íocaíochta tréimhsiúla eile méid bliantúil na híocaíochta sin arna iolrú faoi fhiche.

(2) Aon uair—

(a) a bheidh aon imthosca dá sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 47 ann maidir le haon bhronntanas carthanúil, agus

(b) nach mó ná cúig mhíle punt luach an bhronntanais charthanúil,

féadfaidh an Bord más oiriúnach leo, le hordú, scéim a chumadh chun an mhaoin a bheidh ar áireamh sa bhronntanas carthanúil a chur chun feidhme cy-près.

(3) I gcás—

(a) inar tugadh luach suime ar bith de bhronntanas carthanúil d'fhéichiúnaithe bochta a bhí i bpríosún roimhe seo in Éirinn, agus

(b) go bhfuil aon imthosca dá sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 47 ann maidir leis an mbronntanas carthanúil,

féadfaidh an Bord más oiriúnach leo, le hordú, scéim a chumadh chun an mhaoin a bheidh ar áireamh sa bhronntanas carthanúil a chur chun feidhme cy-près.

(4) I gcás—

(a) ina mbeidh scéim chun bronntanas carthanúil a chur chun feidhme cumtha le hordú ó Chúirt, agus

(b) go mbeidh imthosca ann maidir leis an scéim a dtiocfadh de bharr iad a bheith ann maidir le bronntanas carthanúil go bhféadfaí an mhaoin a bheidh ar áireamh sa bhronntanas a chur chun feidhme cy-près, agus

(c) nach mó ná cúig mhíle punt luach an bhronntanais charthanúil,

féadfaidh an Bord más oiriúnach leo, le hordú, an scéim a chúlghairm agus scéim nua a chumadh ina hionad chun an mhaoin a bheidh ar áireamh sa bhronntanas carthanúil a chur chun feidhme cy-près.

(5) I gcás—

(a) ina mbeidh an Bord tar éis scéim chun bronntanas carthanúil a chur chun feidhme a chumadh—

(i) faoi alt 6 den Charitable Donations and Bequests Act (Ireland) 1871,

(ii) faoin alt sin 6, mar atá a ionad gafa ag alt 1 d'Acht na dTabhartas agus na dTiomnacht Carthanúla (Leasú), 1955 ,

(iii) faoi alt 58 den General Prisons (Ireland) Act, 1877, nó

(iv) faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo), agus

(b) go mbeidh imthosca ann maidir leis an scéim a dtiocfadh de bharr iad a bheith ann maidir le bronntanas carthanúil go bhféadfaí an mhaoin a bheidh ar áireamh sa bhronntanas a chur chun feidhme cy-près,

féadfaidh an Bord más oiriúnach leo, le hordú, an scéim a chúlghairm agus scéim nua a chumadh ina hionad chun an mhaoin a bheidh ar áireamh sa bhronntanas carthanúil a chur chun feidhme cy-près.

(6) Ní dhéanfar ordú ag cumadh scéime faoin alt seo go ceann míosa tar éis fógra poiblí go bhfuil beartaithe é a dhéanamh a bheith tugtha i cibé slí is dóigh leis an mBord is éifeachtúla chun poiblíocht a thabhairt dó agus chun a chur in iúl do dhaoine leasmhara go bhfuil sé sin beartaithe.

(7) San fógra a thabharfar—

(a) beidh (a mhéid is caothúil sin) leor-shonraí i dtaobh an ordaithe a bheidh beartaithe, agus

(b) ordófar tréimhse réasúnach ina bhféadfar aon agóid ina aghaidh nó aon mholtaí ina thaobh a dhéanamh chun an Bhoird,

agus breithneoidh an Bord aon agóidí agus aon mholtaí a dhéanfar chucu agus féadfaidh siad gníomhú ina leith mar is fóirsteanach leo.

(8) Má mhodhnaíonn an Bord aon ordú a bheidh beartaithe, ní gá dóibh fógra i dtaobh an ordaithe mhodhnaithe sin a thathairt de réir fho-ailt (6) agus (7) mura dóigh leis na mBord gurb inmhianaithe tuilleadh fógra a thabhairt.

Scéimeanna faoin Educational Endowments (Ireland) Act, 1885, a athrú.

1885, c. 18.

30. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an tAcht” an Educational Endowments (Ireland) Act, 1885;

ciallaíonn “scéim” scéim arna cumadh agus arna ceadú faoin Acht;

ciallaíonn “an clásal cumasaithe”, maidir le scéim, an clásal (á chumasú don Bhord an scéim a athrú) a cuireadh isteach sa scéim i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar le halt 18 de Acht;

déanfar tagairtí do scéim, i gcás ina mbeifear tar éis an scéim a athrú faoin gclásal cumasaithe, a fhorléiriú mar thagairtí don scéim arna hathrú amhlaidh.

(2) Chun deireadh a chur le hamhras, dearbhaítear leis seo, faoi réir fho-alt (3),—

(a) go bhfolaíonn an chumhacht a thugtar don Bhord leis an gclásal cumasaithe chun scéim a athrú in aon ábhar nó in aon slí cumhacht chun na hathruithe uile sin a dhéanamh a iarrfaidh an duine nó na daoine ar de bharr iarratas uaidh nó uathu atá cumhacht ag an mBord, faoin gclásal cumasaithe, athruithe a dhéanamh san ábhar nó sa tslí sin;

(b) go bhféadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar na hathruithe a dhéanfar ar an scéim—

(i) foráil i dtaobh aon ábhair dá luaitear in alt 6 den Acht, agus

(ii) más áitreabh scoile an dearlaic uile nó aon chuid di, forálacha á údarú an t-áitreabh a dhíol agus an t-airgead as an díol sin a chur chun feidhme chun aon chríche a chuirfidh, i dtuairim an Bhoird, oideachas chun cinn;

(c) go measfar nach bhfuil aon athruithe a dhéanfar amhlaidh contrártha d'aon ní atá san Acht.

(3) Ní dhéanfaidh an Bord faoi chlásal cumasaithe scéime an scéim a athrú ar shlí go mbeadh aon dearlaic is inchurtha chun feidhme faoin scéim inchurtha chun feidhme chun aon chríocha seachas críocha a chuirfidh, i dtuairim an Bhoird, oideachas chun cinn.

(4) I gcás aon athruithe a rinneadh ar scéim roimh thosach feidhme an Achta seo i bhfeidhmiú airbheartaithe na gcumhachtaí a thugtar leis an gclásal cumasaithe, measfar, más ar iarratas an duine nó na ndaoine a bhfuil cumhacht ag an mBord faoin gclásal cumasaithe athruithe a dhéanamh de bharr iarratas uaidh nó uathu a rinneadh iad, iad a bheith déanta go cuí.

(5) Murab é tuairim an Bhoird gur athruithe foirmiúla nó mion-athruithe iad, ní dhéanfar athruithe ar scéim faoin gclásal cumasaithe go ceann míosa tar éis fógra go bhfuil beartaithe é a dhéanamh a bheith tugtha i cibé slí is dóigh leis an mBord is éifeachtúla chun poiblíocht a thabhairt dó agus chun a chur in iúl do dhaoine leasmhara go bhfuil sé sin beartaithe.

(6) San fhógra a thabharfar—

(a) beidh (a mhéid is caothúil sin) leor-shonraí dóthaineacha i dtaobh na n-athruithe a bheidh beartaithe, agus

(b) ordófar tréimhse réasúnach ina bhféadfar aon agóid ina aghaidh nó aon mholtaí ina thaobh a dhéanamh chun an Bhoird,

agus breithneoidh an Bord aon agóidí agus aon mholtaí a dhéanfar chucu agus, faoi réir fho-alt (7), féadfaidh siad gníomhú ina leith mar is fóirsteanach leo.

(7) Ní dhéanfaidh an Bord, de dhroim aon agóidí nó moltaí a dhéanfar chucu, na hathruithe a bheidh beartaithe a dhéanamh ar scéim a mhodhnú ach amháin le toiliú an duine nó na ndaoine ar de bharr iarratas uaidh nó uathu a bheidh cumhacht ag an mBord faoin gclásal cumasaithe athruithe a dhéanamh ar an scéim.

(8) Má mhodhnaíonn an Bord aon athruithe a bheidh beartaithe, ní gá fógra i dtaobh na n-athruithe modhnaithe sin a thabhairt de réir fho-ailt (5) agus (6) mura dóigh leis na mBord gurb inmhianaithe tuilleadh fógra a thabhairt.

An Bord do ghlacadh bronntanais chun críocha carthanúla.

31. —(1) San alt seo folaíonn “talamh” aon íocaíocht thréimhsiúil a bhfuil talamh faoina réir.

(2) Féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo, aon talamh nó ciste a ghlacadh de bhronntanas ar iontaobhas chun aon chríche carthanúla.

(3) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), aon duine a mbeidh aon talamh nó ciste dílsithe dó ar iontaobhas chun aon chríche carthanúla, féadfaidh sé, le cead roimh ré i scríbhinn ón mBord, é go léir nó aon chuid de a aistriú chun an Bhoird chun iad dá theachtadh chun na críche sin.

(b) I gcás ina ndearnadh bronntanas carthanúil a dhílsiú i gcéadóir do níos mó ná iontaobhaí amháin agus do sheisear iontaobhaí ar a mhéid, ní dhéanfar aistriú faoin bhfo-alt seo an fad is lú líon na n-iontaobhaithe ná an líon bunaidh a ceapadh chun gníomhú in iontaobhais nó i bhforghníomhú an bhronntanais charthanúil ná gan toiliú na n-iontaobhaithe uile a bheith curtha in iúl ar dtús i scríbhinn faoina láimh agus an scríbhinn sin a thaisceadh leis an mBord.

(c) I gcás ina ndearnadh bronntanas carthanúil a dhílsiú i gcéadóir do níos mó ná seisear iontaobhaí, ní dhéanfar aistriú faoin bhfo-alt seo gan toiliú dhá thrian de na hiontaobhaithe (nach lú ná seisear a líon) a bheith curtha in iúl ar dtús i scríbhinn faoina láimh agus an scríbhinn sin a thaisceadh leis an mBord.

(4) Aon talamh nó ciste a dhílseofar don Bhord de réir an ailt seo teachtfaidh an Bord é feasta ar na hiontaobhais ar ar dílsíodh, agus chun na gcríocha chun ar dílsíodh, an talamh nó an ciste amhlaidh nó cibé cinn de na hiontaobhais agus na críocha sin a bheidh ar marthain, nó ar féidir leo éifeacht a ghlacadh, de thuras na huaire.

(5) Féadfaidh an Bord le hordú ó am go ham cibé daoine is cuí leo a ainmniú chun an talamh nó an ciste nó na brabúis nó an t-ioncam as a riaradh, a dháileadh nó a chur chun feidhme faoina dtreoracha agus féadfaidh siad ó am go ham le hordú aon daoine den sórt sin a chur as oifig agus daoine eile a ainmniú ina n-ionad.

Ciste carthanais a infheistiú.

32. —(1) Féadfaidh an Bord, as a gcomhairle féin, aon chiste a bheidh ar teachtadh acu ar aon iontaobhas carthanúil a infheistiú in aon slí is cuí leo.

(2) Féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo, ar iarratas ó iontaobhaithe aon chiste a bheidh ar teachtadh ar aon iontaobhas carthanúil, cumhacht a thabhairt, le hordú, do na hiontaobhaithe, i gcoitinne nó in aon chás áirithe, chun an ciste a infheistiú i cibé slí, ar cibé téarmaí agus faoi cibé coinníollacha is cuí leis an mBord.

(3) (a) D'ainneoin aon ní atá in aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) nó in aon riail dlí, ní dhéanfaidh Cúirt ná an Bord ná ní ordóidh, ní chumasóidh, ní thoileoidh ná ní cheadóidh Cúirt ná an Bord, aon chiste a bheidh ar teachtadh ar aon iontaobhas carthanúil a infheistiú i slí seachas mar a leanas, is é sin le rá:

(i) in infheistíochtaí a bheidh údaraithe le téarmaí an iontaobhais nó a bheidh údaraithe de thuras na huaire le dlí mar infheistíochtaí do chistí iontaobhais,

(ii) in aon bhintiúir, stoc bintiúir nó stoc nó scaireanna ráthaithe nó tosaíochta nó gnáthstoc nó gnáthscaireanna de chuid aon chuideachta tionscail nó tráchtála a corpraíodh sa Stát nó a mbeidh clár dá scairshealbhóirí a chónaíonn sa Stát á choimeád aici an tráth a bheidh beartaithe an t-infheistiú a dhéanamh, ar choinníoll go luaitear gnáthstoc nó gnáthscaireanna aon chuideachta den sórt sin ar Stocmhargadh Bhaile Átha Cliath nó ar Stocmhargadh Chorcaí,

(iii) ag ceannach talamh ruílse nó talamh léasach sa Stát.

(b) D'ainneoin aon ní atá i mír (a), féadfaidh an t-iomlán nó aon chuid de chiste a bheidh ar teachtadh ar aon iontaobhas carthanúil a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, infheistithe ar shlí seachas mar a shonraítear i mír (a) leanúint de bheith infheistithe amhlaidh agus, más infheistiú é in aon urrúis a dtairgfear urrúis eile den chineál céanna dá sealbhóirí ar théarmaí buntáisteacha, féadfar, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an ciste ar staid infheistíochta an tráth sin, an ciste a infheistiú, comhoiread le méid na tairisceana a bheidh déanta i leith a mbeidh ag an gciste de na hurrúis sin, sna hurrúis eile.

(c) Ní dhéanfar ciste a bheidh ar teachtadh ar aon iontaobhas carthanúil a infheistiú, de bhua mhír (a), in aon slí a thoirmisctear go sainráite le téarmaí an iontaobhais.

(d) Féadfaidh Cúirt nó an Bord ó am go ham infheistiú a bheidh déanta sa tslí a shonraítear i mír (a) a athrú nó ordú, cumhacht, toiliú nó ceadú a thabhairt lena athrú.

(e) Ní chuireann an fo-alt seo srian le cumhacht an Bhoird chun údaráis a thabhairt maidir le talamh faoi na forálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo.

(4) Ní bhaineann fo-alt (2) le ciste a mbaineann alt 33 leis de thuras na huaire.

Cead chun ciste carthanais a infheistiú a bheidh ar teachtadh faoi réir leasa theoranta tosaíochta.

33. —I gcás—

(1) aon chiste a bheidh ar teachtadh ar iontaobhas, tar éis foirceannadh nó faoi réir aon leasa thosaíochta saoil nó aon leasa theoranta eile, chun aon chríocha carthanúla, agus

(2) gur mian leis na hiontaobhaithe an ciste a infheistiú, nó infheistiú an chiste a athrú trína infheistiú in infheistíochtaí a shonraítear i bhfomhír (ii) nó (iii) de mhír (a) d'fho-alt (3) d'alt 32 ach nach mbeidh údaraithe le téarmaí an iontaobhais agus nach mbeidh údaraithe de thuras na huaire le dlí mar infheistíochtaí do chistí iontaobhais,

beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(a) sula ndéanfaidh na hiontaobhaithe amhlaidh, tabharfaidh siad fógra i scríbhinn don Bhord i dtaobh a dtogra;

(b) breithneoidh an Bord an togra agus cuirfidh siad in iúl i scríbhinn do na hiontaobhaithe cé acu atá nó nach bhfuil siad ag cur i gcoinne an togra;

(c) má chuireann an Bord in iúl do na hiontaobhaithe go bhfuil siad ag cur i gcoinne an togra, féadfaidh na hiontaobhaithe iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ag iarraidh cead chun an t-infheistiú a dhéanamh nó a athrú agus tabharfaidh siad fógra i dtaobh an iarratais don Bhord agus do cibé daoine eile a threoróidh an Chúirt, agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh i leith an iarratais sin is oiriúnach leis an gCúirt;

(d) má chuireann an Bord in iúl do na hiontaobhaithe nach bhfuil siad ag cur i gcoinne an togra, is dleathach do na hiontaobhaithe an t-infheistiú a dhéanamh nó a athrú sa tslí a bheidh sonraithe sa togra.

Cumhacht an Bhoird chun a údarú talamh carthanais a dhíol nó chun é a dhíol nó a mhalartú nó chun léas air a thabhairt suas.

34. —(1) San alt seo, ciallaíonn “diúscairt”, maidir le talamh, an talamh a dhiúscairt—

(a) trína dhíol, nó

(b) trína mhalartú ar thalamh eile, nó

(c) trí léas air a thabhairt suas.

(2) I gcás ina ndéanfar iarratas chun an Bhoird ó iontaobhaithe aon charthanais a bhfuil talamh ar áireamh ann á chur in iúl gur féidir diúscairt shonraithe a dhéanamh ar an talamh ar théarmaí a bheadh buntáisteach don charthanas, féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo, fiosrú a dhéanamh ar na himthosca, agus más deimhin leo tar éis an fhiosraithe gur bhuntáiste don charthanas an diúscairt a bheidh beartaithe, féadfaidh siad a údarú do na hiarratasóirí an diúscairt sin a dhéanamh agus treoracha a thabhairt i dtaobh na diúscartha sin agus chun a áirithiú go ndéanfar an t-airgead as a infheistiú go cuí, chun tairbhe an charthanais, de réir mar is oiriúnach leo.

(3) Féadfaidh an Bord, más cuí leo, diúscairt shonrach a dhéanfar gan an t-údarás sin a údarú le héifeacht chúlghabhálach.

(4) Más dóigh leis an mBord maidir le haon charthanas a bhfuil talamh ar áireamh ann agus darb iontaobhaithe iad gur thairbhe don charthanas aon diúscairt áirithe ar an talamh, féadfaidh siad an diúscairt sin a dhéanamh ar an talamh agus déanfar an t-airgead as a infheistiú chun tairbhe don charthanas i cibé slí is oiriúnach leis an mBord.

Cumhacht an Bhoird chun a údarú íocaíocht thréimhsiúil a dhíol a bhaineann le carthanas agus is iníoctha as talamh.

35. —(1) I gcás—

(a) ina mbeidh aon talamh faoi réir íocaíochta tréimhsiúla is iníoctha le carthanas nó chun tairbhe carthanais nó is inchurtha chun feidhme chun críocha carthanúla, agus

(b) go ndéanfaidh iontaobhaithe an charthanais iarratas chun an Bhoird á chur in iúl gur bhuntáiste don charthanas é an íocaíocht thréimhsiúil a dhíol le húinéir na talún,

féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo, fiosrú a dhéanamh ar na himthosca, agus más deimhin leo, tar éis an fhiosraithe, gur féidir an díol a bheidh beartaithe a dhéanamh ar théarmaí a bheadh buntáisteach don charthanas, féadfaidh siad a údarú do na hiarratasóirí an íocaíocht thréimhsiúil a dhíol le húinéir na talún ar cibé téarmaí agus coinníollacha is dóigh leo a bheith tairbhiúil don charthanas agus treoracha a thabhairt chun a áirithiú go ndéanfar an t-airgead as an díol sin a infheistiú go cuí chun tairbhe an charthanais nó chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go cuí é chun tairbhe cibé críocha carthanúla is oiriúnach leo.

(2) Más dóigh leis an mBord maidir le haon charthanas a bhfuil talamh ar áireamh ann agus darb iontaobhaithe iad gur bhuntáiste don charthanas aon íocaíocht thréimhsiúil atá de mhuirear ar an talamh agus iníoctha leis an gcarthanas nó chun tairbhe dó nó is inchurtha chun feidhme chun críocha carthanúla a dhíol le húinéir na talún, féadfaidh an Bord an íocaíocht thréimhsiúil a dhíol leis an úinéir sin ar cibé téarmaí agus coinníollacha is dóigh leo a bheith tairbhiúil don charthanas, agus treoracha a thabhairt chun a áirithiú go ndéanfar an t-airgead as an díol sin a infheistiú go cuí chun tairbhe an charthanais nó chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go cuí é chun tairbhe cibé críocha carthanúla is oiriúnach leo.

Cumhacht an Bhoird chun a údarú íocaíocht thréimhsiúil is iníoctha as talamh carthanais a cheannach.

36. —(1) I gcás—

(a) ina mbeidh aon talamh le carthanas faoi réir íocaíochta tréimhsiúla, agus

(b) go ndéanfaidh iontaobhaithe an charthanais iarratas chun an Bhoird á chur in iúl gur bhuntáiste don charthanas na hiarratasóirí do cheannach na híocaíochta tréimhsiúla,

féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo, fiosrú a dhéanamh ar na himthosca, agus más deimhin leo, tar éis an fhiosraithe, gur bhuntáiste don charthanas an ceannach a bheidh beartaithe, féadfaidh siad a údarú do na hiontaobhaithe an íocaíocht thréimhsiúil a cheannach ar cibé téarmaí is dóigh leis an mBord a bheith tairbhiúil don charthanas.

(2) I gcás—

(a) carthanas a bhfuil talamh ar áireamh ann agus darb iontaobhaithe an Bord a bheith faoi réir íocaíochta tréimhsiúla, agus

(b) gurb é tuairim an Bhoird gur bhuntáiste don charthanas an íocaíocht thréimhsiúil a cheannach,

féadfaidh an Bord an íocaíocht thréimhsiúil a cheannach as aon chistí de chuid an charthanais.

Cumhacht an Bhoird nó iontaobhaithe carthanais, le húdarás an Bhoird, chun léasanna foirgníochta, etc., a dheonú, deisiúchán, etc., a dhéanamh agus airgead a bhailiú chun na gcríocha sin.

37. —(1) San alt seo, ciallaíonn “gníomh lena mbaineann an t-alt seo”, maidir le carthanas a bhfuil talamh ar áireamh ann, aon ní acu seo a leanas—

(a) an talamh a ligean ar léasanna foirgníochta, deisiúcháin, feabhsúcháin nó léasanna eile, nó a ligean ar léasanna chun aon mhianach a oibriú,

(b) clocha, cré, gairbhéal nó mianraí eile a thochailt nó a bhaint ar an talamh,

(c) adhmad a ghearradh ar an talamh,

(d) aon bhóthar nua nó sráid nua a dhéanamh nó a leagan amach tríd an talamh,

(e) silteáin nó séaracha a dhéanamh tríd an talamh,

(f) aon fhoirgneamh nua a thógáil ar an talamh,

(g) aon fhoirgneamh atá ar an talamh a dheisiú, a athrú, a athfhoirgniú nó a thabhairt as ar fad,

(h) aon fheabhsuithe nó athruithe eile a dhéanamh ar staid nó ar bhail na talún.

(2) Más dóigh le hiontaobhaithe aon charthanais a bhfuil talamh ar áireamh ann gur thairbhe don charthanas aon ghníomh lena mbaineann an t-alt seo a dhéanamh, féadfaidh siad ráiteas agus togra maidir leis an ngníomh sin a dhéanamh a leagan faoi bhráid an Bhoird, agus air sin—

(a) féadfaidh an Bord, más dóigh leo gur thairbhe don charthanas an gníomh lena mbainfidh an ráiteas agus an togra a dhéanamh (le modhnuithe nó athruithe nó dá n-éagmais), cibé ordú a dhéanamh le haghaidh nó i leith an gníomh a dhéanamh agus aon imthosca a bhainfidh leis, de réir mar is oiriúnach leo, bíodh is nach n-údaraíonn nó nach gceadaíonn an t-iontaobhas an gníomh;

(b) féadfaidh an Bord leis an ordú sin a údarú aon airgead leis an gcarthanas a úsáid le haghaidh an ghnímh, agus, más gá, féadfaidh siad a údarú do na hiontaobhaithe aon suim airgid a chruinniú trí thalamh uile an charthanais nó aon chuid de a mhorgáistiú.

(3) Más dóigh leis an mBord maidir le haon charthanas a bhfuil talamh ar áireamh ann agus darb iontaobhaithe iad gur thairbhe don charthanas aon ghníomh lena mbaineann an t-alt seo a dhéanamh—

(a) féadfaidh siad an gníomh sin a dhéanamh, agus

(b) féadfaidh siad chun na críche sin, más gá é, aon suim airgid a chruinniú trí thalamh uile an charthanais nó aon chuid de a mhorgáistiú.

(4) I ngach morgáiste a dhéanfar faoi fho-alt (2) nó (3) beidh foráil—

(a) chun an phríomhshuim a íoc ina tráthchodanna bliantúla,

(b) chun an talamh morgáistithe a fhuascailt agus a atíolacadh laistigh de thréimhse tríocha bliain ar a mhéid.

(5) Féadfaidh an Bord, más cuí leo, aon ghníomh lena mbaineann an t-alt seo agus a rinneadh gan an t-údarás sin a údarú le héifeacht chúlghabhálach.

Na fáltais as díolachán, etc., a infheistiú in ainm an Bhoird.

38. —Féadfaidh an Bord, maidir le hairgead a éireoidh as aon idirbheart lena mbaineann alt 34, 35 nó 37, a ordú do na hiontaobhaithe an t-airgead a íoc leis an mBord agus, sa chás sin, déanfaidh an Bord an t-airgead a infheistiú chun tairbhe an charthanais i cibé slí is oiriúnach leis an mBord.

Cumhacht an Bhoird nó iontaobhaithe carthanais chun láithreáin le haghaidh foirgnimh a cheannach ó úinéirí atá faoi mhíchumas de réir an Lands Clauses Consolidation Act, 1845.

1845, c. 18.

39. —(1) I gcás—

(a) aon talamh a bheith ag teastáil chun aon teach nó foirgneamh, i dteannta nó d'éagmais gairdín, faiche imeartha nó comhghabhálais eile, a thógáil nó a dhéanamh chun críocha aon charthanais, agus

(b) go n-údaraítear don Bhord nó d'iontaobhaithe an charthanais an talamh a cheannach, ach, toisc duine ar bith ag a bhfuil eastát nó leas ann a bheith faoi mhíchumas nó toisc aon éalang teidil, nach féidir an talamh sin a fhorchinntiú go bailí foirfe sa ghnáth-shlí don Bhord nó do na hiontaobhaithe,

féadfaidh an Bord nó na hiontaobhaithe (le toiliú an Bhoird, arna dheimhniú faoi láimh an Rúnaí), de réir mar a bheidh, an talamh a thógáil agus a cheannach de réir fhorálacha an Lands Clauses Consolidation Act, 1845.

(2) Chun críocha fho-alt (1), déanfar na clásail seo a leanas den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, eadhon—

(a) na clásail maidir le tailte a cheannach trí chomhaontú,

(b) na clásail maidir leis an airgead ceannaigh nó leis an gcúiteamh atá ag dul do pháirtithe ag a bhfuil leasanna teoranta, nó atá coiscthe ó ghnóthaíocht a dhéanamh, nó nach suífidh teideal,

(c) na clásail maidir le tíolacadh talún,

a chorprú san Acht seo faoi réir na modhnuithe seo a leanas—

(i) ciallóidh “the special Act” an tAcht seo,

(ii) ciallóidh “the promoters of the undertaking” an Bord nó iontaobhaithe an charthanais áirithe (de réir mar a bheidh).

Bailíocht díolachán, etc., a bheidh údaraithe ag an mBord.

40. —Gach díolachán léas agus malartú agus gach idirbheart eile a údaróidh an Bord faoin Acht seo beidh an éifeacht agus an bhailíocht chéanna aige a bheadh aige dá mbeadh sé údaraithe le téarmaí sainráite an iontaobhais a bhainfidh leis an gcarthanas.

Cumhacht an Bhoird chun admháil éifeachtúil a thabhairt ar íocaíochtaí chun criocha carthanúla i gcás gan aon duine a bheith ar fáil nó inniúil chuige sin.

41. —I gcás—

(a) ina ndlífidh duine aon íocaíocht a dhéanamh le haon chríocha carthanúla nó lena n-aghaidh, agus

(b) go n-éireoidh deacracht maidir leis an íocaíocht a dhéanamh toisc duine a bheadh inniúil ar urscaoileadh éifeachtúil a thabhairt a bheith tar éis bháis, as láthair nó faoi mhíchumas nó toisc nach bhfuil a leithéid ann,

féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo, an íocaíocht a ghlacadh (le go gcuirfidh siad chun feidhme de réir na n-iontaobhas a bhainfidh léi) agus beidh admháil an Bhoird ina hurscaoileadh éifeachtúil don duine a dhéanfaidh an íocaíocht.

Cumhacht an Bhoird chun cóipeanna de dhoiciméid phoiblí a bhaineann le carthanais a éileamh agus chun taifid a scrúdú agus a chuardach.

42. —(1) Féadfaidh an Bord a iarraidh ar dhuine ar bith a mbeidh faoina choimeád aon doiciméid a bhainfidh le haon charthanas cibé cóipeanna de na doiciméid sin nó cibé sleachta astu a shonróidh an Bord a thabhairt don Bhord agus déanfaidh an duine sin de réir an iarratais.

(2) Féadfaidh an Rúnaí nó aon oifigeach eile don Bhord a bheidh údaraithe chuige sin ag an mBord scrúdú agus cuardach a dhéanamh ar chláir agus taifid aon Chúirte, agus aon chlárlainne agus oifige taifead poiblí agus cóipeanna d'aon doiciméad a bheidh taifeadta nó cláraithe nó taiscthe ansin agus sleachta as aon doiciméad den sórt sin a thógáil gan íocaíocht.

Cumhacht an Bhoird chun iontaobhaithe nua a cheapadh do charthanas.

43. —(1) Más dóigh leis an mBord ar chúis ar bith gur gá iontaobhaí nua nó iontaobhaithe nua a cheapadh d'aon charthanas, féadfaidh an Bord—

(a) ar iarratas ó iontaobhaí nó ó iontaobhaithe an charthanais, nó

(b) mura bhfuil aon iontaobhaithe ann don charthanas, nó mura féidir teacht orthu, ar iarratas ó aon duine a bhfuil leas aige ann, nó

(c) in aon chás, as a dtreoir féin,

na horduithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) ordú faoi shéala an Bhoird ag ceapadh iontaobhaí nua nó iontaobhaithe nua don charthanas in ionad nó i dteannta aon iontaobhaí nó iontaobhaithe atá ann cheana, nó bíodh nach bhfuil aon iontaobhaí ann cheana, agus

(ii) ordú faoi shéala an Bhoird ag dílsiú maoin an charthanais le haghaidh cibé eastáit a ordóidh an Bord do na daoine arb iad na hiontaobhaithe iad tráth an cheapacháin, agus beidh an éifeacht chéanna ag an ordú a bheadh aige dá mbeadh na daoine arbh iad na hiontaobhaithe (má b'ann) iad roimh an gceapachán tar éis gach tíolacadh cuí ar an talamh, le haghaidh cibé eastáit a ordóidh an Bord, a fhorghníomhú go cuí, nó mura bhfuil aon duine den sórt sin ann nó aon duine den sórt sin ann atá lán-inniúil, ansin, ionann agus dá mbeadh an duine sin ann agus go raibh sé lán-inniúil, agus go mbeadh sé tar éis gach tíolacadh cuí ar an talamh, le haghaidh cibé eastát a ordóidh an Bord, a fhorghníomhú go cuí.

(2) Gach iontaobhaí a cheapfar do charthanas faoin alt seo beidh aige, chomh maith céanna roimh mhaoin an charthanais a theacht de réir dlí chun a bheith dílsithe dó agus ina dhiaidh sin, na cumhachtaí, na húdaráis agus na roghanna céanna, agus féadfaidh sé gníomhú ar gach slí ionann agus dá mbeadh sé arna cheapadh i gcéadóir leis an ionstraim (má b'ann) trínar bunaíodh an t-iontaobhas.

(3) Féadfaidh an Bord a ordú go mbeidh na costais agus na caiteachais a bhainfidh agus a ghabhfaidh le haon iarratas nó ordú faoin alt seo le híoc nó le cruinniú as maoin an charthanais no as a ioncam, nó le hiompar agus le híoc i cibé slí agus ag cibé daoine is dóigh leis an mBord is cóir.

(4) Déanfaidh an Bord—

(a) tráth nach lú ná mí roimh an dáta ar a mbeidh beartaithe acu ordú a dhéanamh faoin alt seo, fógra poiblí a thabhairt i dtaobh an ordaithe atá beartaithe, agus

(b) an lá díreach i ndiaidh dháta an ordaithe a dhéanamh, fógra poiblí a thabhairt ag insint go ndearnadh an t-ordú agus an dáta ar a ndearnadh é,

i cibé slí is dóigh leis an mBord is éifeachtúla chun poiblíocht a thabhairt don ní atá beartaithe nó don ordú, agus chun é a thabhairt faoi amhail daoine a mbeidh leas acu ann.

(5) (a) Féadfaidh aon duine a mbeidh leas aige ann, laistigh de lá is fiche tar éis an dáta ar a ndéanfar ordú faoin alt seo, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i gcoinne an t-ordú a dhéanamh agus, ar an achomharc sin, féadfaidh an Ard-Chúirt ordú ag daingniú, ag neamhniú nó ag athrú an ordaithe faoin alt seo, agus ordú maidir le costais a dhéanamh de réir mar is oiriúnach léi.

(b) Beidh teideal ag an mBord agus ag iontaobhaithe (más ann) an charthanais chun duine a bheith acu ag feidhmiú ar a son agus chun éisteacht a fháil ar aon achomharc faoin bhfo-alt seo.

(c) Tiocfaidh ordú faoin alt seo, mura ndéanfar aon achomharc ina choinne, i ngníomh ag deireadh na tréimhse lá is fiche a luaitear i mír (a) den fho-alt seo, agus tiocfaidh ordú a ndéanfar achomharc ina choinne i ngníomh—

(i) má dhaingníonn agus a mhéid a dhaingneoidh an Chúirt é, ón dáta a chinnfear go críochnaitheach an t-achomharc, agus

(ii) má tharraingítear siar an t-achomharc, ón dáta a tharraingeofar siar é.

(6) Ní oibreoidh ordú faoin alt seo níos faide ná ar shlí eile mar urscaoileadh d'aon sean-iontaobhaí nó iontaobhaí leanúnach ná mar d'oibreodh ceapadh iontaobhaithe nua faoi aon chumhacht chun na críche sin in aon ionstraim.

(7) Ní thabharfaidh aon ní san alt seo cumhacht chun seiceadóir nó riarthóir a cheapadh.

(8) I gcás ina gceapfar comhlacht corpraithe le hordú faoin alt seo chun bheith, nó ina dtiocfaidh comhlacht corpraithe arna cheapadh faoin alt seo chun bheith, ina iontaobhaí aonair d'iontaobhas carthanúil a bhfuil foráil ina théarmaí go bhféadfar, nó á cheangal go ndéanfar, níos mó ná iontaobhaí amháin a cheapadh, ansin, i gcaitheamh na tréimhse a shealbhóidh an comhlacht corpraithe oifig mar iontaobhaí an iontaobhais—

(a) measfar foráil a bheith i dtéarmaí an iontaobhais go bhféadfar nó á cheangal go ndéanfar aon iontaobhaí amháin a cheapadh, agus

(b) measfar nach ndearnadh ach aon iontaobhaí amháin a cheapadh i gcéadóir faoi théarmaí an iontaobhais.

(9) I gcás aon talamh a mbeidh a úinéireacht cláraithe faoi na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, a theacht chun bheith dílsithe, le hordú faoin alt seo, d'aon duine nó daoine, déanfaidh an t-údarás cláraitheachta faoi na hAchtanna sin, ar chóip faoi shéala an Bhoird den ordú a thabhairt ar aird agus an táille iomchuí a bheith íoctha, an duine sin nó na daoine sin a chlárú sa chlár iomchuí a choimeádtar faoi na hAchtanna sin mar úinéir (de réir bhrí nAchtanna sin) na talún.

Costais aturnae a fhómhas.

44. —Féadfaidh an Bord a ordú go mbeidh an bille costas a éileoidh aturnae as gnó a sheol sé nó a rinne sé thar ceann carthanais, nó thar ceann iontaobhaithe carthanais, le fómhas agus le fionnadh ag Máistir Fómhais, agus, i gcás ina mbeidh costais is ábhar d'ordú faoin alt seo le híoc as ciste, tabharfaidh an Máistir Fómhais aird ar an ní sin nuair a bheidh na costais á bhfómhas agus á bhfionnadh aige.

CUID III

Forálacha Ilghnéitheacha maidir le Carthanais

Bronntanais chun creideamh a chur chun cinn.

45. —(1) Nuair a bheifear á chinneadh cé acu is bronntanas carthanúil bailí nó nach ea bronntanas arb é is críoch dó creideamh a chur chun cinn toimhdeofar agus is toimhde dochloíte é go bhfolaíonn agus go dtabharfaidh an chríoch tairbhe don phobal.

(2) Ionas go seachnófar na deacrachtaí a éireoidh nuair a bheifear ag tabhairt éifeachta d'intinní bronntóirí bronntanas áirithe arb é is críoch dóibh creideamh a chur chun cinn agus ionas nach ndírathófar na hintinní sin agus d'ainneoin gur bronntanais charthanúla bailí bronntanais áirithe chun na críche réamhráite, lena n-áirítear bronntanais chun Aifrinn a léamh go poiblí nó go príobháideach, achtaítear leis seo go mbeidh éifeacht ag bronntanas carthanúil bailí chun creideamh a chur chun cinn agus, maidir le héifeacht a bheith aige, go bhforléireofar é de réir dlíthe, canóna, deasghnátha agus airteagal an chreidimh a bheidh i gceist.

(3) Ní bheidh feidhm ag na fo-ailt sin roimhe seo i gcás bronntanais a thiocfaidh in éifeacht roimh an lú lá d'Eanáir, 1960.

Scéimeanna chun comhchisti infheistíochta a bhunú.

46. —(1) Féadfaidh an Ard-Chúirt nó an Bord, le hordú, scéimeanna a dhéanamh agus a chur in éifeacht chun comhchistí infheistíochta (dá ngairtear scéimeanna san alt seo) a bhunú ar théarmaí ina mbeidh foráil—

(a) chun maoin a aistreofar chun an chiste ó charthanas, nó thar ceann carthanais, a bheidh rannpháirteach sa scéim a infheistiú faoi chúram iontaobhaithe a bheidh ceaptha chun an ciste a bhainistí; agus

(b) chun teideal a bheith (faoi réir fhorálacha na scéime) ag na carthanais rannpháirteacha chun caipiteal agus ioncam an chiste ina scaireanna a chinnfear faoi threoir méid nó luach na maoine a bheidh aistrithe chuige ag gach carthanas acu nó thar ceann gach carthanais acu agus faoi threoir luach an chiste le linn an aistrithe.

(2) Féadfaidh an Ard-Chúirt nó an Bord scéim a dhéanamh ar iarratas ó dhá charthanas nó níos mó: ar choinníoll go bhféadfaidh an Bord scéim a dhéanamh as a dtreoir féin i gcás aon dá charthanas nó níos mó darb iontaobhaithe an Bord.

(3) Féadfar scéim a dhéanamh i dtéarmaí a cheadóidh d'aon charthanas a bheith rannpháirteach, nó a chuirfidh srian i slí ar bith leis an gceart chun bheith rannpháirteach.

(4) Féadfaidh foráil a bheith i scéim le haghaidh, agus le haghaidh gach ní i dtaobh, an comhchiste infheistíocha a bhunú, a infheistiú, a bhainistí agus a fhoirceannadh, agus féadfaidh, go sonrach, foráil a bheith inti—

(a) chun luach saothair a thabhairt do dhaoine a bheidh ceaptha ina n-iontaobhaithe chun an ciste nó aon chuid de a theachtadh nó a bhainistí, i dteannta nó d'éagmais forála á údarú do dhuine an luach saothair a ghlacadh d'ainneoin é a bheith freisin ina iontaobhaí carthanais, nó ina iontaobhaí, do charthanas rannpháirteach;

(b) chun méid an chiste a shrianadh, agus chun an ceart chun maoin a aistriú isteach sa chiste nó a thógáil amach as a rialú maidir le ham nó le méid nó eile, agus chun go bhféadfar suimeanna a airleacan as an gciste i modh iasachta chun carthanais rannpháirtigh go dtí go n-aistarraingeoidh an carthanas maoin as an gciste;

(c) chun go bhféadfar ioncam a choimeád siar gan a dháileadh d'fhonn nach mbeidh neamhionannais sna suimeanna a dháilfear, agus, i gcoitinne, chun dáileadh ioncaim a rialú;

(d) chun go bhféadfar airgead a fháil ar iasacht go sealadach faoi chomhair íocaíochtaí as an gciste;

(e) chun go bhféadfar ceisteanna a éireoidh faoin scéim maidir le ceart carthanais chun bheith rannpháirteach, nó maidir le cearta carthanas rannpháirteacha, nó maidir le haon ní eile, a chinneadh go críochnaitheach le cinneadh na n-iontaobhaithe a bheidh ag bainistí an chiste nó in aon slí eile;

(f) chun rialú a dhéanamh ar na cuntais agus an t-eolas a thabharfar do charthanais rannpháirteacha.

(5) I dteannta na forála chun maoin a aistriú chun an chiste ar an bhforas go mbeidh teideal ag an gcarthanas chun scair i gcaipiteal agus in ioncam an chiste, féadfaidh foráil a bheith i scéim chun go bhféadfar suimeanna a thaisceadh ó charthanas nó thar a cheann ar an bhforas (faoi réir fhorálacha na scéime) go mbeidh teideal ag an gcarthanas chun go n-aisíocfar leis na suimeanna a bheidh taiscthe agus chun ús a fháil orthu de réir ráta a chinnfear leis an scéim nó fúithi; agus i gcás ina mbeidh aon fhoráil den sórt sin i scéim beidh foráil inti freisin chun na suimeanna sin (nach mó ná na suimeanna is inchurtha go cuí i leith taiscí a dhéanamh) a bheidh ag teastáil le réasún ó am go ham i leith dliteanas an chiste chun taiscí a aisíoc agus i leith an úis ar thaiscí, lena n-áirítear suimeanna a bheidh ag teastáil mar chúltaca, a eisiamh ón méid caipitil agus ioncaim a bheidh le roinnt idir carthanais a bheidh rannpháirteach ar chuma seachas trí thaisceadh a dhéanamh.

(6) Ach amháin a mhéid go bhforálfar a mhalairt i scéim, ní fhéadfar na cearta faoin scéim a bheidh ag carthanas rannpháirteach a shannadh ná a mhuirearú, ná ní bheidh aon iontaobhaí ná duine eile a mbeidh baint aige le bainistí an chomhchiste infheistíochta a bheidh arna bhunú leis an scéim faoi cheangal ná i dteideal cuntas a thógáil ar aon iontaobhas nó cothromas eile a bhainfidh le carthanas rannpháirteach nó lena mhaoin nó lena chearta.

(7) Féadfar maoin a bheidh ar teachtadh ar aon iontaobhas carthanúil a aistriú chun comhchistí infheistíochta a bheidh arna mbunú faoin alt seo mura mbeidh an chumhacht chun sin a dhéanamh eisiata le foráil a dhéanfaidh tagairt shonrach do scéimeanna i dtéarmaí an iontaobhais.

(8) Measfar chun gach críche gur comhchiste infheistíochta carthanas.

(9) Féadfaidh an Ard-Chúirt, le hordú, téarmaí scéime a leasú nó a athrú nó scéim a fhoirceannadh agus féadfaidh an Bord, le hordú, téarmaí scéime a rinneadh le hordú ón mBord a leasú nó a athrú nó scéim den sórt sin a fhoirceannadh.

Na hócáidí ar a gcuirfear maoin chun feidhme cy-près.

47. —(1) Faoi réir fho-alt (2), is mar a leanas a bheidh na himthosca ina bhféadfar críocha bunaidh bronntanais charthanúil a athrú ionas go bhféadfar an mhaoin a bheidh tugtha, nó cuid di, a chur chun feidhme cy-près:—

(a) más amhlaidh atá go hiomlán nó go páirteach—

(i) go bhfuil na críocha bunaidh comhlíonta a mhéid is féidir; nó

(ii) nach féidir na críocha bunaidh a chur i gcrích nó nach féidir iad a chur i gcrích de réir na dtreoracha a tugadh agus de réir spiorad an bhronntanais; nó

(b) i gcás nach bhforálann na críocha bunaidh úsáid ach amháin le haghaidh cuid den mhaoin a bheidh ar fáil de bhua an bhronntanais; nó

(c) i gcás inar féidir an mhaoin a bheidh ar fáil de bhua an bhronntanais agus maoin eile is inchurtha chun feidhme chun críocha den sórt céanna a úsáid níos éifeachtúla i dteannta a chéile agus gur féidir go hiomchuí chuige sin, ag féachaint do spiorad an bhronntanais, iad a chur chun feidhme chun comhchríocha; nó

(d) i gcás inar leagadh síos na críocha bunaidh faoi threoir limistéar arbh aonad chun críche éigin eile an tráth sin é ach a bhfuil scortha aige ó shin de bheith ina aonad den sórt sin, nó faoi threoir aicme daoine nó limistéar a bhfuil scortha aige ó shin, ar chúis ar bith, de bheith oiriúnach, ag féachaint do spiorad an bhronntanais, nó de bheith fóinteach chun an bronntanas a riaradh; nó

(e) más rud é, maidir leis na críocha bunaidh, go hiomlán nó go páirteach, ó leagadh síos iad—

(i) go mbeidh leor-shocrú déanta dóibh ar shlite eile; nó

(ii) go mbeidh scortha acu, mar gheall ar iad a bheith gan tairbhe nó díobhálach don phobal nó ar chúiseanna eile, de bheith carthanúil de réir dlí; nó

(iii) go mbeidh scortha acu in aon slí eile de mhodh oiriúnach éifeachtúil a thabhairt chun an mhaoin atá ar fáil de bhua an bhronntanais a úsáid, ag féachaint do spiorad an bhronntanais.

(2) Ní dhéanfaidh fo-alt (1) difir do na coinníollacha nach mór a bheith comhlíonta ionas go bhféadfar maoin a bheidh tugtha chun críocha carthanúla a chur chun feidhme cy-près, ach amháin sa mhéid go gceanglaíonn na coinníollacha sin go mbeadh teipthe ar na críocha bunaidh.

(3) Déanfar tagairtí sna fo-ailt sin roimhe seo do chríocha bunaidh bronntanais a fhorléiriú, i gcás cur na maoine chun feidhme a bheith arna athrú nó arna rialú le scéim nó i slí eile, mar thagairtí do na críocha a mbeidh an mhaoin inchurtha chun feidhme chucu de thuras na huaire.

(4) Dearbhaítear leis seo go gcuireann iontaobhas chun críocha carthanúla de dhualgas ar iontaobhaí, nuair a cheadaíonn agus a cheanglaíonn an cás go gcuirfear an mhaoin nó cuid éigin di chun feidhme cy-près, a áirithiú go n-úsáidfear go héifeachtúil le haghaidh carthanais í trí bhearta a dhéanamh chun go bhféadfar í a chur chun feidhme.

(5) Bainfidh an t-alt seo le maoin a tugadh chun críocha carthanúla, d'ainneoin gur roimh thosach feidhme an Achta seo a tugadh amhlaidh í.

Bronntanais ó dheontóirí anaithnid nó séantacha a chur chun feidhme cy-près.

48. —(1) Aon mhaoin a tugadh chun críocha carthanúla nó neamhcharthanúla sonracha a chlisfidh féadfaidh Cúirt dlínse inniúla í a chur chun feidhme cy-près, ionann is dá mba chun críocha carthanúla i gcoitinne a tugadh í, más maoin í—

(a) le deontóir nach féidir a dhéanamh amach cé hé, nó nach féidir teacht air, tar éis aon fhógráin agus fiosrúcháin a bheidh réasúnach; nó

(b) le deontóir a mbeidh séanadh i scríbhinn ar a cheart chun an mhaoin a thabhairt ar ais dó forghníomhaithe aige,

ach nuair a bheidh maoin a tugadh chun críocha neamhcharthanúla sonracha á cur chun feidhme cy-près tabharfar aird ar mhianta na n-iontaobhaithe nó na ndaoine eile a bheidh i bhfeighil na maoine.

(2) Chun críocha an ailt seo toimhdeofar agus is toimhde dochloíte í (gan aon fhógrán ná fiosrúchán) gur le deontóirí nach féidir a dhéanamh amach cé hiad maoin, sa mhéid gurb éard í an mhaoin sin—

(a) na fáltais as bailiúcháin airgid a rinneadh le boscaí bailiúcháin nó trí mheáin eile nach raibh ceaptha chun bronntanais a idirdhealú ó chéile;

(b) na fáltais as aon chrannchur, comórtas, siamsa, díolachán nó gníomhacht dá sórt sin chun airgead a chruinniú, tar éis lamháltas a dhéanamh i leith maoin a tugadh chun duaiseanna nó earraí lena ndíol a sholáthar nó ar bhealach eile ionas go bhféadfaí an ghníomhacht a ghabháil de láimh.

(3) Féadfaidh Cúirt dlínse inniúla a threorú, le hordú, go ndéanfar chun críocha an ailt seo (gan aon fhógrán ná fiosrúchán) maoin nach dtagann faoi réim fho-alt (2) a áireamh mar mhaoin le deontóirí nach féidir a dhéanamh amach cé hiad, más dóigh leis an gCúirt—

(a) go mba rud míréasúnach é, ag féachaint do na méideanna ba dhócha a thabharfaí ar ais do na deontóirí, dul faoi chaiteachas d'fhonn an mhaoin a thabhairt ar ais; nó

(b) go mba rud míréasúnach é, ag féachaint don saghas bronntanais atá iontu, do na himthosca a bhaineann leo agus dá méid, agus don fhad aimsire atá caite ó tugadh na bronntanais, go mbeadh súil ag na deontóirí go dtabharfaí an mhaoin ar ais.

(4) I gcás ina gcuirfear maoin chun feidhme cy-près de bhua an ailt seo, measfar gur scar an deontóir lena leas uile an tráth a tugadh an bronntanas; ach i gcás ina gcuirfear maoin chun feidhme amhlaidh mar mhaoin le deontóirí nach féidir a dhéanamh amach cé hiad nó nach féidir teacht orthu, agus nach gcuirfear chun feidhme amhlaidh í de bhua fho-alt (2) nó (3)—

(a) sonróidh an scéim méid iomlán na maoine sin; agus

(b) beidh deontóir aon chuid den mhéid sin i dteideal, má dhéanann sé éileamh tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta ar a ndearnadh an scéim, chun suim is comhionann leis an gcuid sin, lúide aon chaiteachas faoina ndeachaigh iontaobhaithe an charthanais go cuí tar éis an dáta sin maidir le héilimh a bhain lena bhronntanas, a aisghabháil ón gcarthanas a gcuirfear an mhaoin chun feidhme chuige; agus

(c) féadfaidh treoracha a bheith sa scéim maidir leis an socrú a dhéanfar chun freastal d'aon éileamh den sórt sin.

(5) Chun críocha an ailt seo, measfar gur chlis críocha i gcás ina dtiocfaidh d'aon deacracht a bhainfidh le maoin a chur chun feidhme chun na gcríocha sin go mbeidh an mhaoin sin, nó, i gcás maoin a bheidh le cur chun feidhme chun críocha carthanúla, an chuid nach inchurtha chun feidhme cy-près faoi alt 47, ar fáil le tabhairt ar ais do na deontóirí.

(6) San alt seo, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, folaíonn tagairtí do dheontóir tagairtí do dhaoine a bheidh ag éileamh tríd an deontóir bunaidh nó faoi, agus folaíonn tagairtí do mhaoin a tugadh tagairtí don mhaoin a bheidh de thuras na huaire in ionannas leis an maoin a tugadh i gcéadóir nó maoin a chin ón maoin sin.

(7) (a) Mura mó ná míle punt luach na maoine, féadfaidh an Bord na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar leis an alt seo do Chúirt dlínse inniúla maidir le maoin a tugadh chun críocha carthanúla sonracha agus, chun críocha an fheidhmithe sin, forléireofar tagairtí atá sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo do Chúirt dlínse inniúla mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Bhord.

(b) Chun críocha mhír (a)—

(i) measfar gurb é luach talún a luach inrátaithe arna iolrú faoi chaoga,

(ii) measfar gurb é luach aon íocaíochta tréimhsiúla a mbeidh talamh faoina réir méid bliantúil na híocaíochta sin arna iolrú faoi chúig déag, agus

(iii) measfar gurb é luach aon íocaíochta tréimhsiúla eile méid bliantúil na híocaíochta sin arna iolrú faoi fhiche.

(8) Bainfidh an t-alt seo le maoin a tugadh chun críocha carthanúla nó neamhcharthanúla d'ainneoin gur roimh thosach feidhme an Achta seo a tugadh amhlaidh í.

Forléiriú bronntanas chun críocha measctha.

49. —(1) I gcás ina bhfolaíonn, nó ina bhféadfaí a mheas go bhfolaíonn, aon cheann de chríocha bronntanais cuspóirí carthanúla agus cuspóirí neamhcharthanúla le chéile, forléireofar téarmaí an bhronntanais agus tabharfar éifeacht dóibh i slí a eisiafaidh na críocha neamhcharthanúla, agus déileálfar, dá réir sin, leis an gcríoch mar chríoch charthanúil.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)—

(a) má bhíonn feidhm ag an mbronntanas roimh an lú lá d'Eanáir, 1960, nó

(b) (i) má dhéanann téarmaí an bhronntanais cionroinnt, nó má bhíonn foráil iontu chun cionroinnt a dhéanamh, idir na cuspóirí carthanúla agus na cuspóirí neamhcharthanúla, agus

(ii) más féidir na cuspóirí neamhcharthanúla a aithint ó thuairisc shainráite nó ó thuairisc intuigthe.

(3) Ní dhéanfaidh an t-alt seo, trína oibriú ar aon bhronntanas maidir leis an tréimhse ón 1ú lá d'Eanáir, 1960, go dtí an 24ú lá de Mheán Fómhair, 1960, teideal a thabhairt d'aon duine chun aon cháin nó dleacht a íocadh nó a iompraíodh i rith na tréimhse sin a aiséileamh ná (ach amháin maidir le cáin nó le dleacht) a cheangal go ndéanfar na cuspóirí a dearbhaíodh sa bhronntanas a áireamh mar chuspóirí carthanúla ionas go gcuirfí ó bhail aon ní a rinneadh nó aon chinneadh a tugadh i rith na tréimhse sin.

Bronntanais le haghaidh uanna agus cuimhneachán.

50. —(1) Gach bronntanas a thabharfar tar éis tosach feidhme an Achta seo chun tuama, lusca nó uaigh nó leac uaighe nó aon chuimhneachán eile ar dhuine marbh nó ar dhaoine marbha a chur ar fáil, a chothabháil nó a fheabhsú, agus nach mbeadh carthanúil ar shlí eile, is bronntanas carthanúil a bheidh ann a mhéid a fhoráiltear leis an alt seo.

(2) Is bronntanas carthanúil bronntanas den sórt sin an fad nach rachaidh sé—

(a) i gcás gan ach bronntanas ioncaim a bheith ann, tharseasca punt sa bhliain,

(b) in aon chás eile, thar míle punt ó thaobh méide nó luacha.

Cumhacht chun treoracha a iarraidh ar an Ard-Chúirt.

51. —(1) I ngach cás is sárú nó sárú barúlach ar aon iontaobhas chun críocha carthanúla nó aon uair a mheasfar gur gá treoir nó ordú ón Ard-Chúirt chun aon iontaobhas chun críocha carthanúla a riaradh, féadfaidh an Bord, nó, le toiliú an Ard-Aighne, féadfaidh duine ar bith, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar cibé faoiseamh is gá de réir nádúir an cháis agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú is oiriúnach leis an gCúirt a dhéanamh ina thaobh sin.

(2) I gcás aon imthosc dá sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 47 a bheith ann maidir bronntanas carthanúil is ábhar d'iarratas faoin alt seo, féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi, ar an iarratas sin a fháil, scéim a chumadh chun an mhaoin a bheidh ar áireamh sa bhronntanas carthanúil a chur chun feidhme cy-près.

Dualgas ar sheiceadóirí, mura mbeidh siad díolmhaithe faoi alt 20, fógráin i dtaobh réadtiomnaithe agus tiomnachtaí carthanúla a fhoilsiú.

52. —(1) Aon uair a bheidh réadtiomnú carthanúil nó tiomnacht charthanúil in aon uacht, ansin an duine (dá ngairtear an t-ionadaí pearsanta san alt seo) dá ndeonófar probháid na huachta nó litreacha riaracháin maille leis an uacht, déanfaidh sé, faoi réir na díolúine a dheonóidh an Bord faoi alt 20, na nithe seo a leanas—

(a) laistigh de thrí mhí tar éis probháid nó litreacha riaracháin a dheonú, na sonraí seo a leanas a fhoilsiú, uair amháin san Iris Oifigiúil agus trí huaire go comhleanúnach i nuachtán éigin a léitear sa cheantar a n-ordaítear an réadtiomnú nó an tiomnacht nó an chuid is mó de sin a chaitheamh nó a chur chun feidhme ann nó, mura mbeidh aon treoir ann maidir le haon cheantar den sórt sin, i nuachtán maidine éigin a fhoilsítear gach lá seachtaine i mBaile Atha Cliath—

(i) an réadtiomnú nó an tiomnacht atá san uacht,

(ii) ainm an tiomnóra,

(iii) dáta na huachta,

(iv) ainm an duine dar tugadh an réadtiomnú nó an tiomnacht,

(v) ainm an duine a cheap an tiomnóir chun an réadtiomnú nó an tiomnacht a bhainistí agus a stiúradh; agus

(b) laistigh de cheithre mhí tar éis probháid nó litreacha riaracháin a dheonú, trí pháipéar (seachas an Iris Oifigiúil) ina mbeidh na foilseacháin chomhleanúnacha de bhun mhír (a) a sheachadadh in oifig an Bhoird nó a chur chucu leis an bpost.

(2) Má mhainníonn ionadaí pearsanta déanamh de réir mhír (a) d'fho-alt (1), beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(3) Má mhainníonn ionadaí pearsanta déanamh de réir mhír (b) d'fho-alt (1), beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomhair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(4) Féadfaidh an Bord inchúiseamh a dhéanamh maidir le cion faoi fho-alt (2) nó (3).

(5) Is amach as an eastát nó as na cistí a réadtiomnaíodh nó a tiomnaíodh don charthanas a bheidh i gceist a íocfaidh ionadaí pearsanta na costais faoina rachaidh sé ag déanamh de réir fho-alt (1) dó.

Fógra don Bhord i dtaobh imeachtaí dlíthiúla.

53. —(1) Sula dtionscnóidh aon duine seachas an tArd-Aighne aon imeachtaí dlíthiúla (ach amháin imeachtaí dlíthiúla a thionscnófar le húdarás nó faoi threoir ón mBord faoi alt 25) maidir le haon charthanas, cuirfidh an duine sin fógra i scríbhinn chun an Bhoird i dtaobh na n-imeachtaí dlíthiúla a bheidh beartaithe, maraon le haon eolas is gá nó is cuí nó a iarrfaidh an Bord ó am go ham, chun a mhíniú cad é an saghas imeachtaí iad agus cad iad na cúspóirí atá leo.

(2) Ní thabharfaidh aon ní i bhfo-alt (1) go mbeidh aon ordú in aon imeachtaí nach ndearnadh páirtithe iontu den Bhord ina cheangal agus ina ordú críochnaitheach i gcoinne an Bhoird.

Féadfaidh iontaobhaithe carthanais gníomhais, etc., a thaisceadh i nglacadán a chuirfidh an Bord ar fáil.

54. —Is dleathach d'iontaobhaithe nó do dhaoine eile a mbeidh ina gcoimeád acu aon ghníomhais nó munúintí i leith nó i dtaobh carthanas iad a thaisceadh lena slánchoimeád i nglacadán a chuirfidh an Bord ar fáil, faoi réir aon rialachán a dhéanfaidh an Bord faoin Acht seo.

Cumhacht thromlach dhá thrian de na hiontaobhaithe chun déileáil le maoin charthanais.

55. —(1) San alt seo, ciallaíonn “diúscairt”, maidir le maoin, aon díol, malartú, idir-roinnt, morgáistiú, léasadh nó diúscairt eile a dhéanfar ar an maoin.

(2) I gcás cumhacht a bheith ag iontaobhaithe carthanais cinneadh ar dhiúscairt ar aon mhaoin de chuid an charthanais, beidh ag tromlach dhá thrian de na hiontaobhaithe i dtionól dá gcomhlacht a bheidh comhdhéanta go cuí cumhacht dhlíthiúil, thar a gceann féin agus thar ceann a gcomhiontaobhaithe, na gníomhartha, na gníomhais, na conarthaí agus na forchinntithe sin uile a dhéanamh, a shnaidhmeadh agus a fhorghníomhú, is gá chun éifeacht dlí a thabhairt d'aon diúscairt ar an maoin, agus beidh an éifeacht dhlíthiúil ag na gníomhartha, na gníomhais, na conarthaí nó na forchinntithe sin a bheadh acu dá mbeidís, faoi seach, arna ndéanamh, arna snaidhmeadh, nó arna bhforghníomhú ag na hiontaobhaithe gníomhacha uile de thuras na huaire.

Foráil maidir le comhlachtaí corpraithe a bheidh ag gníomhú mar iontaobhaithe aonair i gcásanna áirithe.

56. —I gcás ina ndearnadh, roimh thosach feidhme an Achta seo, comhlacht corpraithe a cheapadh mar iontaobhaí aonair d'iontaobhas carthanúil, ansin, i gcaitheamh na tréimhse sin roimh an tosach feidhme sin agus dá éis a bhí an comhlacht corpraithe sin agus a leanfaidh sé de bheith i seilbh oifige—

(a) measfar gur foráladh agus gur ceanglaíodh i dtéarmaí an iontaobhais agus go bhforáiltear agus go gceanglaítear iontu aon iontaobhaí amháin a cheapadh, agus

(b) measfar nach ndearnadh ach aon iontaobhaí amháin don iontaobhas a cheapadh i gcéadóir faoi théarmaí an iontaobhais.

Comhalta de chomhlacht ceannais fundúireachta carthanúla d'éirí as oifig agus an folúntas a líonadh.

57. —Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le corparáid a bunaíodh le hAcht nó le cairt mar chomhlacht ceannais carthanais—

(a) féadfaidh comhalta éirí as a chomhaltas trí fhógra míosa ar a laghad i scríbhinn a thabhairt don chorparáid go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh;

(b) féadfaidh an chorparáid duine eile a cheapadh chun bheith ina chomhalta den chorparáid in ionad comhalta a éireoidh as amhlaidh.

Tabharfaidh an tOifigeach Probháide tuairisceán bliantúil don Bhord i dtaobh réadtiomnuithe agus tiomnachtaí carthanúla.

58. —Tabharfaidh an tOifigeach Probháide, idir an lú lá d'Iúil agus an lú lá de Shamhain gach bhliain, tuairisceán don Bhord ina mbeidh—

(a) sonraí faoi gach réadtiomnú carthanúil nó tiomnacht charthanúil in aon uacht a taifeadadh san Oifig Phrobháide nó ar cuireadh cóip di ar aghaidh chuige ó oifig aon duine de na cláraitheoirí probháide ceantair atá sa Stát nó ó aon fhoinse eile i rith na bliana roimh an lú lá sin d'Iúil,

(b) ainm an tiomnóra,

(c) ainm an duine dár deonaíodh probháid na huachta nó litreacha riaracháin maille leis an uacht,

(d) dáta na huachta agus dáta na probháide nó na litreacha riaracháin.

Cumhacht chun easnamh áirithe a shlánú.

59. —Údaraítear leis seo don Bhord suim seacht bpunt déag trí scilling déag agus cúig phingin, is é sin, méid easnaimh atá ina gcuntais bhliantúla ón mbliain 1873, a íoc isteach ina gcuntas ginearálta amach as ioncam fáis an Chiste Aisghabhála Carthanas Claonchasta atá á choimeád acu.

AN SCEIDEAL

Aisghairm

Alt 4.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal nó ábhar

Méid na haisghairme

3 Geo. 3. c. 16 (Ir.)

Gobharnóirí agus iontaobhaithe fundúireachtaí carthanúla reachtúla d'éirí as. (1763)

Alt 17.

52 Geo. 3. c. 101.

The Charities Procedure Act, 1812.

An tAcht iomlán.

7 & 8 Vic. c. 97.

The Charitable Donations and Bequests (Ireland) Act, 1844.

An tAcht iomlán.

24 & 25 Vic. c. 111.

The Court of Probate (Ireland) Act, 1861.

Alt 1.

30 & 31 Vic. c. 54.

The Charitable Donations and Bequests (Ireland) Act, 1867.

An tAcht iomlán.

34 & 35 Vic. c. 102.

The Charitable Donations and Bequests (Ireland) Act, 1871.

An tAcht iomlán.

40 & 41 Vic. c. 49.

The General Prisons (Ireland) Act, 1877.

Alt 58.

40 & 41 Vic. c. 57.

The Supreme Court of Judicature Act (Ireland), 1877.

Alt 75, an séú mír, a mhéid a bhaineann sí le cuntais an Bhoird a iniúchadh.

53 & 54 Vic. c. 16.

The Working Classes Dwellings Act, 1890.

An tAcht iomlán.

Uimh. 18 de 1955 .

Acht na dTabhartas agus na dTiomnacht Carthanúla (Leasú), 1955 .

An tAcht iomlán.