24 1961


Uimhir 24 de 1961.


AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FEITHICLÍ INNEALLGHLUAISTE AGUS FEITHICLÍ EILE, LE RIALÚ AGUS STIÚRADH TRÁCHTA AR BHÓITHRE AGUS ÚSÁID FEITHICLÍ INNEALLGHLUAISTE CHUN PAISINÉIRÍ A IOMPAR, DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH ÁRACHAIS ÉIGEANTAIGH I gCOINNE DLITEANAS DE DHROIM FEITHICLÍ INNEALLGHLUAISTE A ÚSÁID, D'AISGHAIRM AN ACHTA UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1933 , AGUS ACHTACHÁN ÁIRITHE EILE, DÁ ÚDARÚ MUIRIR ÁIRITHE A GHEARRADH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [29 Iúil, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire i gcoitinne nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

Léiriú.

I.R. Uimh. 13 de 1958 .

1933, Uimh. 11 .

3. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilionn an comhthéacs a mhalairt—

tá le “fo-ordú dícháiliúcháin” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 27;

tá le “áit seasaimh cheaptha” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 84;

tá le “droichead meáchain ceaptha” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 15;

tá le “ráthaíocht formheasta” an bhrí a shonraítear in alt 63;

tá le “polasaí árachais formheasta” an bhrí a shonraítear in alt 62;

tá le “luas-teorainn limistéir fhoirgnithe” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (4) d'alt 45;

tá le “deimhniú inniúlachta” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (4) d'alt 33;

tá le “deimhniú infheidhmeachta” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (4) d'alt 34;

tá le “deimhniú díolúine” an bhrí a shonraítear in alt 68;

tá le “deimhniú ráthaíochta” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 66;

tá le “deimhniú árachais” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 66;

ciallaíonn “cónasc feithiclí”, feithicil inneallghluaiste agus feithicil nó feithiclí a bheidh á tarraingt nó á dtarraingt aici;

liallaíonn “an Coimisinéir” Coimisinéir an Gharda Síochána;

tá le “ordú dícháiliúcháin iarmartach” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 26;

folaíonn an briathar “sárú” diúltú nó mainneachtain ar chomhfíonadh a dhéanamh, agus forléireofar an t-ainmfhocal “sárú” dá réir sin;

colaíonn “tiomáint” a bheith i gcúram agus ag stiúradh agus, maidir le dhárothach nó trírothach, folaíonn sé, marcaíocht, agus forléireofar “tiománaí” agus focail ghaolmhara eile dá réir sin;

tá le “ceadúnas tiomána” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 22;

ciallaíonn “cosán” an chuid sin d'aon bhóthar atá curtha ar fáil, go príomha, chun coisithe dá úsáid;

ciallaíonn “comhaontú fruiltiomána”, maidir le feithicil inneallghluaiste, comhaontú faoina ndéantar an fheithicil a fhruiliú óna úinéir cláraithe, ar shlí seachas—

(a) trí chomhaontú fruilcheannaigh,

(b) trí chomhaontú chun daoine nó earraí agus gan ach sin a iompar, nó

(c) trí chomhaontú faoina ndéanfaidh úinéir cláraithe na feithicle an fheithicil a thiomáint nó tiománaí a sholáthar don fheithicil;

tá leis “an t-árachaí” an bhrí a shanntar dó i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 62;

ciallaíonn “mórfheithicil seirbhíse poiblí” feithicil seirbhíse poiblí ina bhfuil ionaid suite paisinéirí do níos mó ná ochtar duine gan an tiománaí a áireamh;

faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ciallaíonn “feithicil inneallghluaiste” feithicil atá beartaithe nó oiriúnaithe chun a gluaiste le córacha meichniúla, lena n-áirítear—

(a) dhárothach nó trírothach, le gabhálas chun é a ghluaiseacht le cumhacht mheicniúil, cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar an gabhálas a úsáid,

(b) feithicil a ghluaistear le córacha leictreacha nó le córacha idir leictreach agus mheicniúil,

ach ní fholaíonn sé tram ná feithicil eile a ghluaiseann ar bhuanráillí;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

tá le “droichead meáchain soghluaiste” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (7) d'alt 15;

ciallaíonn “bus” mórfheithicil seirbhíse poiblí a bheidh á húsáid de thuras na huaire ar chúrsa cinnte chun paisnéirí a iompar a iomparaítear ar tháillí éagsúla agus a thógtar isteach nó a ligtear amach feadh an chúrsa sin cibé acu mar a iarrtar sin nó ag áiteanna staid ceaptha;

tá le “gnáth-luasteorainn” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (3) d'alt 44;

nuair a úsáidtear “úinéir” i ndáil le feithicil inneallghluaiste is ábhar comhaontaithe fruilcheannaigh, ciallaíonn sé an duine atá i seilbh na feithicle faoin gcomhaontú;

ciallaíonn “locadh”, i ndáil le feithicil, í a choinneáil nó a fhágáil ina seasamh, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

tá le “áit loctha” an bhrí a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 90;

ciallaíonn “dhárothach cos” rothar atá ceaptha nó oiriúnaithe lena ghluaiseacht le saothar coirp, agus amháin le saothar coirp, duine nó daoine agus é ina shuí nó iad ina suí air;

ciallaíonn “rothar cos” feithicil is dhárothach cos nó trírothach cos;

ciallaíonn “rothaí cos” duine ag tiomáint rothair cos;

ciallaíonn “trírothach cos” trírothach atá ceaptha nó oiriúnaithe lena ghluaiseacht le saothar coirp, agus amháin le saothar coirp, duine nó daoine agus é ina shuí nó iad ina suí air;

ciallaíonn “feithicil inneallghluaiste faoi urláimh coisí” feithicil inneallghluaiste—

(a) nach bhfuil ceaptha ná oiriúnaithe chun a húsáidte chun an tiománaí nó paisnéir a iompar, nó

(b) atá ceaptha nó oiriúnaithe ionas go bhfuil malairt modhanna lena tiomáint, is é sin, ag duine agus é ar iompar uirthi nó ag coisí,

ach amháin i rith tréimhse a mbeidh sí á tiomáint agus an tiománaí nó paisnéir ar iompar uirthi;

tá le “tréimhse an chumhdaigh” an bhrí a shanntar dó i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 62 nó i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 63 (de réir mar is cuí);

ciallaíonn “forordaithe” a bheith forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

tá le “príomh-fhéichiúnaí” an bhrí a shanntar dó i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 63;

ciallaíonn “áit phoiblí” aon sráid, bóthar nó áit eile a bhfuil slí isteach ann ag an bpobal le feithiclí cibé acu ó cheart nó le cead é agus cibé acu faoi réir muirir nó saor ó mhuirear é;

ciallaíonn “bóthar poiblí” bóthar a bhfuil freagracht a chothabhála ar údarás bóithre;

ciallaíonn “feithicil seirbhíse poiblí” feithicil inneallghluaiste a úsáidtear chun daoine a iompar ar luaíocht;

tá le “úinéir cláraithe” an bhrí a shanntar dó leis na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú), 1958, ach, má chúlghairtear na rialacháin sin, beidh leis an bhrí a shannfar dó i cibé rialacháin a bheidh ag freagairt do na rialacháin sin agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire;

ciallaíonn “an tAcht aisghairthe” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (a aisghairtear leis an Acht seo);

folaíonn “bóthar” aon droichead, píopa, stua, lintéir, cosán, pábháil, fál, ráille nó balla is cuid de;

ciallaíonn “údarás bóithre”—

(a) comhairle contae,

(b) bardas contae-bhuirge nó buirge eile, nó

(c) comhairle ceantair uirbigh;

tá le “droichead meáchain bóthar-thráchta” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (4) d'alt 15;

ciallaíonn “ród” an chuid sin de bhóthar atá curtha ar fáil, go príomha, chun feithiclí dá úsáid;

ciallaíonn “beagfheithicil seirbhíse poiblí” feithicil seirbhíse poiblí nach mórfheithicil seirbhíse poiblí;

tá le “ordú dícháiliúcháin speisialta” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (5) d'alt 28;

tá le “luasteorainn speisialta” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (4) d'alt 46;

ciallaíonn “feithicil sráidseirbhíse” beagfheithicil seirbhíse poiblí a dtairgeann an tiománaí é féin agus an fheithicil ar bhóthar poiblí chun fruilithe agus a sheasann nó a thiomáineann an fheithicil chun na críche sin ar bhóthar poiblí;

tá le “deimhniú tástála” an bhrí a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (8) d'alt 18;

folaíonn “úsáid”, maidir le feithicil, locadh, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

tá le “ráthóir feithicle” an bhrí a shonraítear in alt 59;

tá le “árachóir feithicle” an bhrí a shonraítear in alt 58.

(2) Má bhíonn feithicil, arbh fheithicil inneallghluaiste í ar leith ón bhfo-alt seo, chomh héagumasach sin (mar gheall ar thionóisc, cliseadh nó an t-inneall nó cuid riachtanach eile dá shamhail sin a bheith tugtha aisti) nach féidir í a inneallghluaiseacht feasta, measfar chun críocha an Achta seo nach feithicil inneallghluaiste í.

(3) Ach amháin maidir le feithiclí ainmhí-tharraingte, aon tagairt atá san Acht seo d'fheithicil á tarraingt is tagairt í d'fheithicil i gceangal le feithicil eile (lena n-áirítear ceangal trí mhuiniompar páirteach) agus an fheithicil eile sin á tarraingt nó chun í dá tarraingt.

(4) Aon tagairt atá san Acht seo do Rialacha an Bhóthair is tagairt í don fhoilseachán a bheidh an tAire tar éis a eisiúint (cibé acu roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis) faoin teideal sin, is é sin, an t-eagrán de arb é an t-eagrán is deireanaí é an tráth iomchuí.

(5) Aon tagairt atá san Acht seo d'fheithicil a úsáid le toiliú duine folaíonn sí tagairt d'í a úsáid lena thoiliú intuigthe agus d'í a úsáid ar ordú uaidh.

Feidhm maidir le daoine agus feithiclí i seirbhís an Stáit.

4. —(1) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an alt seo, baineann an tAcht seo le daoine i seirbhís phoiblí an Stáit agus le feithiclí leis an Stát.

(2) Ní bhainfidh Cuid VI den Acht seo—

(a) le feithicil leis an Stát ná le duine a bheidh ag úsáid na feithicle sin i gcúrsa a fhostaíochta,

(b) le feithicil faoi urghabháil ag duine i seirbhís an Stáit i gcúrsa a dhualgais ná le duine a bheidh ag úsáid na feithicle sin i gcúrsa a fhostaíochta, ná

(c) le comhalta den Gharda Síochána nó oifigeach d'aon Aire a bheidh ag úsáid feithicle chun an fheithicil a thástáil, a aistriú nó a lonnú de bhun an Achta seo nó de bhun aon rialacháin faoi.

Forálacha ginearálta maidir le rialacháin.

5. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag forordú aon ábhair nó ní dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar nó ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéannan ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe seo faoin rialachán.

Fodhlíthe a dhéanfaidh an Coimisinéir a cheadú.

6. —(1) Aon fhodhlí a dhéanfaidh an Coimisinéir faoin Acht seo agus a gceanglaítear leis an Acht seo gur le toiliú an Aire a dhéanfar é cuirfear faoi bhráid an Aire é sa tslí fhorordaithe lena cheadú.

(2) I gcás ina gcuirfear fodhlí faoi bhráid an Aire faoin alt seo, ansin, de réir mar is cuí leis an Aire, diúltóidh sé an fodhlí a cheadú, ceadóidh sé é gan modhnú nó déanfaidh sé cibé modhnuithe air is cuí leis agus ceadóidh sé an fodhlí arna mhodhnú.

(3) Déanfar fodhlí a cheadóidh an tAire faoin alt seo (arna mhodhnú nó gan modhnú) a fhoilsiú ar an modh forordaithe.

(4) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag aon fhodhlí dá luaitear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo mura ndéanfar agus go dtí go ndeánfar é a chur faoi bhráid an Aire agus é a cheadú aige agus é a fhoilsiú de réir an ailt seo.

(5) I gcás a mbeartóidh an Coimisinéir fodhlí a dhéanamh faoin Acht seo a gceanglaítear leis an Acht seo gur tar éis dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil lena mbainfidh a dhéanfar é, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) tabharfaidh an Coimisinéir, do bhardas gach contaebhuirge nó buirge eile, comhairle contae, comhairle ceantair uirbigh agus coimisinéirí baile a mbeidh sé beartaithe go mbainfidh an fodhlí leis nó léi nó le haon chuid de nó di, fógra i dtaobh é a bheith ar intinn aige an fodhlí a dhéanamh, agus breithneoidh an Coimisinéir na huiríolla uile a dhéanfaidh aon bhardas, comhairle nó coimisinéirí den sórt sin chuige i dtaobh an fodhlí a bheidh beartaithe;

(b) tabharfaidh an Coimisinéir, má chuireann agus nuair a chuirfidh sé an fodhlí faoi bhráid an Aire faoin alt seo, do gach bardas, comhairle agus coimisinéirí den sórt sin fógra i dtaobh an fodhlí a chur faoi bhráid an Aire amhlaidh, agus breithneoidh an tAire na huiríolla uile a dhéanfaidh an bardas, an chomhairle nó na coimisinéirí sin chuige i dtaobh an fhodhlí;

(c) ní cheadóidh an tAire an fodhlí go ceann míosa ón dáta a tugadh fógra faoin alt seo do gach bardas agus comhairle agus coimisinéirí den sórt sin i dtaobh an fodhlí a chur faoina bhráid;

(d) chun críocha an fho-ailt seo, ní mheasfar é a bheith beartaithe baint a bheith ag fodhlí le haon chuid de chontae mura le cuid éigin den chontae nach bhfuil in aon bhuirg, ceantar uirbeach nó baile mór a bheith sé beartaithe baint a bheith aige.

(6) Maidir le huiríolla a dhéanamh de bhun fho-alt (5) den alt seo—

(a) nuair is comhairle contae, bardas buirge seachas contaebhuirg, comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile a dhéanfaidh iad, is feidhm fhorcoimeádta é chun críocha na nAcht um Bainistí Contae, 1940 go 1955, agus

(b) nuair is bardas contae-bhuirge a dhéanfaidh iad, is feidhm fhorcoimeádta é chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contae-bhuirge.

(7) Gach fodhlí a dhéanfar faoi alt 86 nó alt 88 den Acht seo agus a cheadófar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a cheadaithe agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an fodhlí a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an fhodhlí, beidh an fodhlí ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin bhfodhlí.

Cruthú ar fhodhlíthe agus rialacha áirithe.

1925, Uimh. 24 .

7. —(1) Bainfidh alt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , le gach fodhlí faoin Acht seo a dhéanfaidh an Coimisinéir agus le gach riail faoi a dhéanfaidh sé féin nó údarás áitiúil.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , trí fhodhlíthe faoin Acht seo arna ndéanamh ag an gCoimisinéir agus rialacha faoi arna ndéanamh aige féin nó ag údarás áitiúil a chur leis na doiciméid oifigiúla a luaitear san fho-alt sin, agus beidh éifeacht ag an alt sin 6 dá réir sin.

Airgeadas.

1920, c. 72.

8. —(1) Na caiteachais uile faoina mbeidh aon Aire nó an Coimisinéir tar éis dul ag cur an Roads Act, 1920, na nAchtanna Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1952 agus 1960, nó an Achta seo i bhfeidhm déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, iad a íoc as an Ród-Chiste agus, chun na críche sin, íocfar in aghaidh gach bliana airgeadais, isteach sa Státchiste as an Ród-Chiste, cibé tráthanna agus i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais, cibé suimeanna a chinnfidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, gurb iad méid na gcaiteachas iad faoina ndeachthas amhlaidh ag cur an Roads Act, 1920, na nAchtanna Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1952 agus 1960, agus an Achta seo i bhfeidhm an bhliain airgeadais sin.

(2) Más deimhin leis an Aire Airgeadais nach féidir méid na gcaiteachas faoina mbeidh aon Aire nó an Coimisinéir tar éis dul ag cur an Roads Act, 1920, na nAchtanna Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1952 agus 1960, nó an Achta seo i bhfeidhm aon bhliain airgeadais áirithe a chinneadh go caothúil, féadfar, le toiliú an Aire Airgeadais, an tsuim is iníoctha faoin alt seo isteach sa Státchiste as an Ród-Chiste i leith na gcaiteachas sin a ríomh in aon slí a cheadóidh an tAire Airgeadais agus, go háirithe, féadfar iad a chinneadh mar chéatadán den tsuim iomlán a íocadh isteach sa Ród-Chiste as foinse ar bith an bhliain airgeadais sin.

(3) Aon chaiteachais a bheidh, de bhua an ailt seo, le híoc as an Ród-Chiste féadfar, le toiliú an Aire Airgeadais, iad a íoc díreach as an Ród-Chiste, agus aon tuarastal nó luach saothair de chuid aon duine a íocfar amhlaidh díreach as an Ród-Chiste measfar, chun críocha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, gur amach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas a íocadh é.

(4) Measfar, chun críocha an ailt seo, go bhfolaíonn na caiteachais faoina mbeidh aon Aire nó an Coimisinéir tar éis dul ag cur an Roads Act, 1920, na nAchtanna Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1952 agus 1960, nó an Achta seo i bhfeidhm aon bhliain airgeadais áirithe cibé muirir i leith aoisliúntais agus i leith liúntais agus aiscí eile is iníoctha ar éag nó ar éirí-as a gcinnfidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, gur muirir iomchuí iad.

(5) Forléireofar fo-alt (4) d'alt 3 den Roads Act, 1920, agus beidh éifeacht aige ionann is—

(i) dá mb'éard í an tagairt i mír (a) do chaiteachais tagairt do na caiteachais faoina mbeidh an chomhairle contae nó an bardas contae-bhuirge iomchuí tar éis dul le réasún agus go cuí, i dtuairim an Aire, in ndáil le tobhach na ndleachtanna dá dtagraítear sa mhír sin, clárú feithiclí inneallghluaiste, agus ceadúnais a eisiúint chun tiománaithe (lena n-áirítear deimhnithe tástála, deimhnithe inniúlachta agus deimhnithe oiriúnachta a eisiúint de bhun an Achta seo),

(ii) dá bhfágtaí ar lár míreanna (b) agus (c), agus

(iii) dá mbeadh na caiteachais a cheanglaítear leis an alt seo a íoc as an Ród-Chiste ar áireamh na gcaiteachas a luaitear i mír (e) den fho-alt sin.

(6) A mhéid is gá é chun críocha an athraithe ón Acht aisghairthe go dtí an tAcht seo, forléireofar na tagairtí don Acht seo i bhfo-ailt (1), (2) agus (4) den alt seo mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Acht aisghairthe.

Táillí agus fíneála a dhiúscairt.

1920, c. 72.

9. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite leis an Acht seo, déanfar gach táille agus gach suim eile a gheobhaidh an Coimisinéir nó aon chomhalta eile den Gharda Síochána faoin Acht seo nó faoi rialacháin faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(2) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite leis an Acht seo, déanfar gach fíneáil i leith cionta faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste de réir cibé orduite a thabharfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham.

(3) An t-airgead go léir a íocfar isteach sa Státchiste nó a chuirfear chun tairbhe don Státchiste faoin alt seo, measfar, chun críocha alt 2 den Roads Act, 1920, gur íocadh isteach sa Státchiste faoin Acht sin é.

Aisghairm.

10. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) Leanfaidh orduithe, rialacháin, fodhlíthe agus rialacha a rinneadh faoi aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo agus a bhí i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo i bhfeidhm agus measfar gur faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a rinneadh iad agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm dá réir sin, agus aon doiciméid a eisíodh faoi aon ordú, rialachán, fodhlí nó riail agus a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad i bhfeidhm chun críocha an Achta seo.

CUID II.

Forálacha Ginearálta maidir le Feithiclí.

Rialacháin maidir le feithiclí a úsáid in áiteanna poiblí.

11. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le feithiclí a úsáid in áiteanna poiblí.

(2) Féadfar, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, foráil a chur i rialacháin faoin Acht seo i dtaobh gach ábhair nó aon ábhair acu seo a leanas:

(a) déanamh feithiclí;

(b) trealamh feithiclí;

(c) úsáid agus mí-úsáid feithiclí agus trealaimh feithiclí;

(d) na coinníollacha faoina bhféadfar feithiclí agus trealamh feithiclí a úsáid;

(e) dualgais tiománaithe feithiclí agus paisnéirí i bhfeithiclí;

(f) trealamh na dtiománaithe agus na bpaisnéirí sin;

(g) callairí (lena n-áirítear aon trealamh nó goiris a úsáidtear i ndáil leo) a úsáid i bhfeithiclí nó orthu;

(h) sonraí a dhaingneofar d'fheithiclí nó a phéinteálfar orthu.

(3) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin alt seo—

(a) i dtaobh aicmí éagsúla feithiclí,

(b) le haghaidh cúinsí éagsúla agus limistéir éagsúla.

(4) Ní úsáidfidh aon duine in áit phoiblí feithicil nach mbeidh de réir rialacháin faoin alt seo a mbeidh feidhm aige maidir leis an bhfeithicil.

(5) (a) Aon duine a sháróidh fo-alt (4) den alt seo nó rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, nuair is ar an bhfo-alt sin (4) a dhéanfar an sárú agus nach é an duine sin úinéir na feithicle, beidh an t-úinéir sin freisin, i cibé cásanna a fhorórdófar, ciontach i gcion.

(b) I gcás nach é an duine a sháróidh fo-alt (4) den alt seo úinéir na feithicle agus go gcúiseófar úinéir na feithicle i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh don úinéir sin a shuíomh gur gan údarás a úsáideadh an fheithicil ar an ócáid sin.

(6) San alt seo folaíonn “trealamh feithicle” an trealamh, na goiris agus na huirlisí go léir a bheidh feistithe ar fheithicil nó ar iompar uirthi, agus, gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo, soilse, frithchaiteoirí agus gléasra tarraingte.

Meáchain uasta.

12. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon críche nó gach críche acu seo a leanas:

(a) meáchan neamhualaithe uasta feithiclí inneallghluaiste, meáchan neamhualaithe uasta feithiclí a bheidh á dtarraingt acu sin agus meáchan neamhualaithe uasta cónasc feithiclí a shonrú;

(b) meáchan ualaithe uasta feithiclí inneallghluaiste, meáchan ualaithe uasta feithiclí a bheidh á dtarraingt acu sin agus meáchan ualaithe uasta cónasc feithiclí a shonrú;

(c) an meáchan uasta a shonrú a dhéanfaidh aon chuid d'fheithicil inneallghluaiste nó d'fheithicil a bheidh á tarraingt aici a tharchur chun na talún nó chun aon achair shonraithe den talamh;

(d) an tslí a shonrú ina ndéanfar agus na coinníollacha a shonrú faoina ndéanfar aon mheáchain áirithe (seachas meáchain neamhualaithe) a fhorordófar leis na rialacháin a chinneadh.

(2) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin alt seo—

(a) i dtaobh aicmí éagsúla d'fheithiclí nó de chónaisc feithiclí,

(b) le haghaidh cúinsí éagsúla.

(3) Ní úsáidfidh duine ar bith ar bhóthar poiblí—

(a) feithicil nó cónasc feithiclí ar mó a meáchan nó a mheáchan neamhualaithe ná an meáchan uasta a bheidh sonraithe le rialachán faoin alt seo agus ag a mbeidh feidhm maidir leis an bhfeithicil nó leis an gcónasc,

(b) feithicil ualaithe nó cónasc feithiclí ualaithe ar mó a meáchan nó a mheáchan mar a bheidh sí nó sé ualaithe an tráth sin ná an meáchan ualaithe uasta a bheidh sonraithe le rialachán faoin alt seo agus ag a mbeidh feidhm maidir leis an bhfeithicil nó leis an gcónasc, ná

(c) feithicil a dtarchuireann aon chuid di chun na talún meáchan is mó ná an meáchan uasta a bheidh sonraithe i leith an tarchurtha sin le rialachán faoin alt seo ag a mbeidh feidhm maidir leis an bhfeithicil.

(4) Má sháraíonn duine fo-alt (3) den alt seo beidh sé féin agus, murab é féin úinéir na feithicle nó an chónaisc feithiclí, an t-úinéir sin, iad araon, ciontach i gcion.

(5) I gcás inarb é an duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo úinéir na feithicle nó an chónaisc feithiclí, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh gur duine eile a bhí ag úsáid na feithicle nó an chónaisc ar an ócáid sin agus nár údaraíodh an úsáid sin.

Ceadanna speisialta d'fheithiclí áirithe.

13. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas:

(a) ceadanna speisialta a eisiúint á údarú feithiclí áirithe nó cónaisc áirithe feithiclí a sháraíonn rialachán amháin nó níos mó faoi alt 11 nó 12 den Acht seo a úsáid d'ainneoin an tsáraithe sin;

(b) na teorainneacha, na sriantachtaí agus na coinníollacha a shonrú a bheidh le cur, nó a fhéadfar a chur, sna ceadanna speisialta, lena n-áirítear coinníollacha maidir le cúiteamh, nó maidir lena urrú trí éarlais go n-íocfar cúiteamh, i ndamáiste do bhóithre poiblí de bharr na feithiclí nó na cónaisc feithiclí lena mbainfidh na ceadanna speisialta á n-úsáid;

(c) na daoine a shonrú a fhéadfaidh na ceadanna speisialta a eisiúint;

(d) an tslí a shonrú ina ndéanfar iarratais ar cheadanna speisialta.

(2) D'ainneoin aon ní atá sa Chuid seo den Acht seo, ní cion faoi alt 11 nó 12 (de réir mar a bheidh) den Acht seo feithicil nó cónasc feithiclí a úsáid ar gach slí faoi réim agus de réir cheada speisialta arna eisiúint i leith na feichicle nó an chónaisc faoi rialacháin faoin alt seo.

Meáchan neamhualaithe.

14. —(1) Chun críocha an Achta seo, measfar gurb é meáchan neamhualaithe feithicle nó cónaisc feithiclí meáchan na feithicle nó an chónaisc agus na mbreiseanna uile, ach gan meáchan uisce, breosla ná cnuasairí (seachas coirí) a úsáidtear chun tiomána ná uirlisí scaoilte ná fearais scaoilte a áireamh.

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo—

(a) is breis, maidir le feithicil nó cónasc feithiclí, gach ní acu seo a leanas:

(i) cabhail,

(ii) páirt,

(iii) feisteas,

(iv) gabhadán,

(b) i gcás nach mbeidh ach aon bhreis amháin ann, forléireofar mar thagairt don bhreis sin an tagairt do na breiseanna uile,

(c) i gcás ina mbeidh dhá bhreis (agus ní níos mó) ann, agus nach n-úsáidtear an dá cheann acu ar ócáid ar bith, déanfar an tagairt do na breiseanna uile a fhorléiriú mar thagairt don cheann is troime de na breiseanna nó, más comhmheáchan iad, do cheann aonair acu,

(d) i gcás ina mbeidh trí bhreis nó níos mó ann agus nach n-úsáidtear iad go léir ar ócáid ar bith, déanfar an tagairt do na breiseanna uile a fhorléiriú mar thagairt don chónasc is troime de na breiseanna a úsáidtear ar aon ócáid.

(3) I gcás a thagann faoi réim mhír (d) d'fho-alt (2) den alt seo agus nach n-úsáidtear ach ceann amháin de na breiseanna ar ócáid áirithe, measfar, maidir leis an ócáid sin, gur tagairt don bhreis sin an cónasc a luaitear sa mhír sin.

(4) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, is gabhadán chun críocha na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo aon ní a bheidh leagtha ar fheithicil nó ar chónasc feithiclí chun earraí nó ualach d'aon saghas eile a iompar.

(b) Aon ní a bheidh leagtha amhlaidh beidh sé eiscthe ón mír sin roimhe seo más rud é nach ndéanfar, maidir le haon turas, earraí ná ualach d'aon saghas eile a luchtú isteach ann agus a dhíluchtú amach as gan é a bhaint den fheithicil nó den chónasc.

(5) In ionchúiseamh faoin Acht seo, is ar an gcosantóir a bheidh de dhualgas a chruthú go mbaineann an eisceacht a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo le haon ní áirithe.

Droichid mheáchain.

15. —(1) (a) Féadfaidh údarás bóithre a dhearbhú gur droichead ceaptha chun críocha an Achta seo aon droichead meáchain (cibé acu is droichead é a chothabhálann siad féin nó nach ea agus cibé acu ina limistéar feidhmiúcháin nó lasmuigh de atá sé agus cibé acu is droichead meáchain bótharthráchta é nó nach ea), agus gach droichead meáchain a dhearbhófar amhlaidh is é thabharfar air, agus is é a ghairtear de san Acht seo, droichead meáchain ceaptha.

(b) Féadfar aon dearbhú den sórt sin a chúlghairm le dearbhú ina dhiaidh sin ón údarás bóithre céanna.

(c) I gcás ina ndéanfaidh údarás bóithre dearbhú faoin bhfo-alt seo, tabharfaidh siad an fógra forordaithe don phobal i dtaobh an dearbhú a dhéanamh.

(2) Féadfaidh údarás bóithre (agus déanfaidh siad má cheanglaíonn an tAire orthu é) droichead meáchain de cibé méid, cumhacht, deara agus déanamh a cheadóidh an tAire a sholáthar ar aon bhóthar poiblí faoina gcúram nó in aice leis.

(3) Déanfaidh gach údarás bóithre ar leo droichead meáchain a rinneadh faoi achtachán a aisghaireadh leis an Acht aisghairthe, faoin Acht aisghairthe nó faoin alt seo an droichead meáchain a chothabháil ar staid mhaith agus i ndeá-riocht agus cuirfidh siad an droichead meáchain ar fáil le feithiclí agus na hualaí orthu a mheá gach tráth réasúnach.

(4) Aon droichead meáchain a bheidh á chothabháil faoi fho-alt (3) den alt seo is é a thabharfar air, agus a ghairtear de san Acht seo, droichead meáchain bóthar-thráchta.

(5) Féadfaidh an t-údarás bóithre a chothabhálann droichead meáchain bóthar-thráchta cibé táillí a shocróidh siad ó am go ham a bhaint amach as rudaí a mheá ar an droichead meáchain (seachas rudaí a mheá ar ordú faoin Acht seo ó chomhalta den Gharda Síochána nó ó oifigeach d'údarás bóithre).

(6) Féadfaidh údarás bóithre ranníoc a dhéanamh, ar cibé coinníollacha is oiriúnach leo, i leith an chostais a bhainfidh le droichead meáchain ceaptha, seachas droichead meáchain bótharthráchta a sholáthraigh siad féin, a sholáthar, a chothabháil nó a oibriú.

(7) (a) Féadfaidh údarás bóithre droichead meáchain iniompair a fháil agus é a chur ar fáil lena úsáid ag comhaltaí den Gharda Síochána.

(b) Na tagairtí atá san Acht seo do dhroichead meáchain soghluaiste is tagairtí iad do dhroichead meáchain faoin bhfo-alt seo.

Ceanglais maidir le mcá.

16. —(1) I gcás ina dtabharfaidh oifigeach údaraithe faoi deara feithicil nó cónasc feithiclí ar aon ócáid ar bhóthar poiblí agus go mbeidh sé in amhras go bhfuil meáchan ualaithe na feithicle nó an chónaisc nó an meáchan a tharchuireann aon chuid den fheithicil nó den chónasc chun na talún chomh mór sin gur cion faoin Acht seo an fheithicil nó an cónasc a úsáid—

(a) má bhíonn droichead meáchain soghluaiste ag gabháil leis an oifigeach, féadfaidh an t-oifigeach a cheangal ar an duine a bheidh i bhfeighil na feithicle nó an chónaisc—

(i) a cheadú don oifigeach a fháil amach leis an droichead meáchain soghluaiste an meáchan a tharchuireann aon chuid den fheithicil nó den chónasc agus an t-ualach nó na hualaí a bheidh uirthi nó air (má bhíonn) chun na talún; agus

(ii) gach ní a dhéanamh a déarfaidh an t-oifigeach agus is gá, le réasún, chun a urasú dó sin a fháil amach;

(b) in aon chás eile, féadfaidh an t-oifigeach a cheangal ar an duine a bheidh i bhfeighil na feithicle nó an chónaisc gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:

(i) an fheithicil nó an cónasc maraon leis an ualach nó na hualaí a bheidh uirthi nó air (má bhíonn) a thabhairt láithreach go dtí aon droichead meáchain ceaptha a ainmneoidh an t-oifigeach agus nach mó ná cúig mhíle, an bealach is giorra, ón áit a gcuirfear an ceanglas;

(ii) an t-oifigeach a iompar go dtí an droichead meáchain san fheithicil nó sa chónasc;

(iii) a chur faoi deara an fheithicil (nó aon chuid di) nó an cónasc (nó aon chuid de) maraon leis an ualach nó na hualaí a bheidh uirthi nó air (má bhíonn) a mheá ar an droichead meáchain i bhfianaise an oifigigh.

(2) I gcás—

(a) ina dtabharfaidh oifigeach údaraithe faoi deara feithicil nó cónasc feithiclí ar bhóthar poiblí ar aon ócáid,

(b) go mbeidh an t-oifigeach in amhras go bhfuil meáchan neamhualaithe na feithicle nó an chónaisc chomh mór sin gur cion faoin Acht seo an fheithicil nó an cónasc a úsáid, agus

(c) nach mbeidh aon ualach ar an bhfeithicil nó ar an gcónasc nó go mbeidh ualach nó ualaí uirthi nó air is féidir a dhíluchtú gan ró-cheataí,

féadfaidh an t-oifigeach a cheangal ar an duine a bheidh i bhfeighil na feithicle nó an chónaisc gach ní nó aon ní aon seo a leanas a dhéanamh:

(i) an fheithicil nó an cónasc maraon leis na breiseanna uile a bheidh ag gabháil léi nó leis ar an ócáid sin a thabhairt láithreach go dtí aon droichead meáchain ceaptha a ainmneoidh an t-oifigeach agus nach mó ná cúig mhíle, an bealach is giorra, ón áit a gcuirfear an ceanglas;

(ii) an t-oifigeach a iompar go dtí an droichead meáchain san fheithicil nó sa chónasc;

(iii) an fheithicil nó an cónasc a dhíluchtú má bhíonn ualach nó ualaí uirthi nó air;

(iv) a chur faoi deara an fheithicil nó an cónasc maraon leis na breiseanna uile a bheidh ag gabháil léi nó leis ar an ócáid sin a mheá ar an droichead meáchain i bhfianaise an oifigigh.

(3) Chun críocha fho-alt (2) den alt seo—

(a) is breis, maidir le feithicil nó cónasc feithiclí, gach ní acu seo a leanas:

(i) cabhail,

(ii) páirt,

(iii) feisteas,

(iv) gabhadán,

(b) i gcás nach mbeidh ach aon bhreis amháin ann, forléireofar mar thagairt don bhreis sin aon tagairt do na breiseanna uile.

(4) Is gabhadán chun críocha fho-ailt (2) agus (3) den alt seo aon ní a bheidh leagtha ar fheitlhicil nó ar chónasc feithiclí chun earraí nó ualach d'aon saghas eile a iompar.

(5) Aon duine a sháróidh ceanglas faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(6) I gcás ina ndéanfar meá, de dhroim ordú faoin alt seo, ar dhroichead meáchain ceaptha nach údarás bóithre a cho thabhálann é, déanfar an táille i leith an meá a dhéanamh a chúiteamh leis an duine a d'íoc í—

(a) i gcás gur aon údarás bóithre amháin a dhearbhaigh gur droichead meáchain ceaptha an droichead meáchain—ag an údarás sin, agus

(b) in aon chás eile—ag cibé ceann de na húdaráis bóithre a dhearbhaigh gur droichead meáchain ceaptha an droichead meáchain agus ar a gcomhaontóidh na húdaráis sin eatarthu nó, cheal comhaontaithe, ag cibé ceann acu a chinnfidh an tAire.

(7) (a) San alt seo ciallaíonn “oifigeach údaraithe”—

(i) comhalta den Gharda Síochána, nó

(ii) oifigeach don údarás bóithre ar a mbeidh cúram cothabhála an bhóthair phoiblí ar a dtabharfar faoi deara an fheithicil nó an cónasc feithiclí, a bheidh údaraithe ag an údarás sin mar oifigeach údaraithe chun críocha an ailt seo.

(b) I gcás ina gcuirfidh duine a bheidh ceaptha chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an ailt seo ceanglas faoin alt seo, déanfaidh sé, má dhéanann an duine chun a ndíreofar an ceanglas é a iarraidh air, a údarás mar oifigeach den sórt sin a thabhairt ar aird lena scrúdú ag an duine sin.

Caiteachais tráchta neamhghnáigh.

1932, Uimh. 2 .

1933. Uimh. 8.

17. —(1) I gcás ina bhfeicfear don údarás bóithre ar a mbeidh cúram cothabhála bóthair phoiblí go ndeachthas nó go rachfar, ag féachaint don ghnáthchaiteachas a bhaineann leis an mbóthar sin a dheisiú, faoi chaiteachais neamhghnácha ag deisiú an bhóthair mar gheall ar an damáiste de dhroim meáchan iomarcach dul an bóthar nó de dhroim tráchta neamhghnáigh eile air, déanfaidh an duine a sheol, nó ar de dhroim ordú uaidh a seoladh, an meáchan nó an trácht sin méid na gcaiteachas neamhghnách a íoc leis an údarás bóithre agus, mura n-íocfar an méid sin amhlaidh, féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) aon duine a bheidh faoi cheangal ag an bhfo-alt caiteachais neamhghnácha a íoc féadfaidh sé comhaontú a dhéanamh le húdarás bóithre chun airgead imshocraíochta a íoc leo i leith an mheáchain nó an tráchta iomchuí agus, ar an airgead imshocraíochta a bheith íoctha aige, ní bheidh dliteanas air faoin bhfo-alt;

(b) forléireofar an fo-alt mar fho-alt nach mbaineann le damáiste de dhroim—

(i) Córas Iompair Éireann do sheoladh bótharsheirbhíse do phaisinéirí,

(ii) duine do sheoladh bóthar-sheirbhíse do phaishnéirí faoi cheadúnas arna dheonú faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 , nó

(iii) duine do sheoladh gnó a bheidh údaraithe le ceadúnas marsantais arna dheonú faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 ;

(c) tionscnófar imeachtaí faoin bhfo-alt laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an ama a rinneadh an damáiste, nó, más damáiste é de dhroim aon chonradh foirgníochta nó obair áirithe thar tréimhse fhada, tionscnófar na himeachtaí sin tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an conradh nó an obair a chríochnú;

(d) in aon imeachtaí den sórt sin is é an méid a bhféadfar breithiúnas a thabhairt ina leith méid na gcaiteachas a suífear chun sástachta na Cúirte go ndeachaigh an t-údarás bóithre fúthu nó gur dóigh dóibh dul fúthu de dhroim damáiste de bharr an tráchta neamhghnáigh.

Tástálacha ar fheithiclí inneallghluaiste.

18. —(1) Ní úsáidfidh aon duine in áit phoiblí feithicil inneallghluaiste lena mbaineann an t-alt seo mura mbeidh deimhniú tástála i bhfeidhm an tráth sin i leith na feithicle.

(2) Má sháraíonn duine fo-alt (1) den alt seo, beidh sé féin, agus, murab é féin úinéir na feithicle, an t-úinéir sin, iad araon, ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(3) Más rud é, in ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, go suífear i gcás éileamh a bheith déanta faoi alt 19 den Acht seo—

(a) gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh an duine a ndearnadh an t-éileamh air deimhniú tástála a thabhairt ar aird san áit sin agus san am sin, nó

(b) gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh an duine sin, tar éis deimhniú tástála a thabhairt ar aird go cuí de dhroim an éilimh, cead a thabhairt don chomhalta den Gharda Síochána ar tugadh an deimhniú sin ar aird dó é a léamh agus a scrúdú,

toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, go raibh an fheithicil á húsáid contrártha don alt seo.

(4) I gcás inarb é an duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo úinéir na feithicle, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh don duine a shuíomh gur gan a thoiliú a bhí an fheithicil á húsáid agus go raibh gach cúram réasúnach glactha aige chun nach n-úsáidfí í nó gur sheirbhíseach dó agus é ag gníomhú contrártha dá orduithe a bhí á húsáid.

(5) I gcás gur sheirbhíseach d'úinéir na feithicle duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh don duine a shuíomh gur ar orduithe sainráite ón úinéir a bhí an fheithicil á húsáid aige.

(6) San alt seo ciallaíonn “an t-údarás eisiúna” an duine arb é an t-údarás eisiúna é sa chás a bheidh i gceist agus de réir na rialachán faoin alt seo.

(7) Féadfaidh úinéir feithicle inneallghluaiste lena mbainfidh an t-alt seo deimhniú tástála i leith na feithicle a iarraidh ar an údarás eisiúna.

(8) I gcás ina ndéanfar iarratas go cuí faoi fho-alt (7) den alt seo agus go n-íocfar an táille iomchuí—

(a) tástálfaidh an t-údarás eisiúna, nó cuirfidh sé faoi deara go dtástálfar, an fheithicil de réir na rialachán faoin alt seo,

(b) i gcás an t-údarás eisiúna, a bheith deimhnitheach, de bharr na tástála, go gcomhlíonann an fheithicil na ceanglais forordaithe, eiseoidh sé deimhniú (dá ngairtear deimhniú tástála san Acht seo) ag deimhniú an chomhlíonaidh sin,

(c) i gcás gan an t-údarás eisiúna a bheith deimhnitheach amhlaidh—

(i) diúltóidh an t-údarás eisiúna deimhniú tástála a eisiúint agus déanfaidh sé ráiteas ag insint na gcúiseanna leis an diúltú a eisiúint chun an iarratasóra,

(ii) más éagóir leis an iarratasóir an diúltú nó na forais leis, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse san áit ina gcoimeádtar an fheithicil de ghnáth agus féadfaidh an Breitheamh diúltú don achomharc nó a ordú go ndéanfar tástáil nua ar an bhfeithicil.

(9) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo.

(10) Féadfar, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (9) den alt seo, foráil a chur i rialacháin faoin alt seo i dtaobh gach ábhair nó aon ábhair acu seo a leanas:

(a) na haicmí feithiclí inneallghluaiste lena mbainfidh an t-alt seo;

(b) úsáid feithiclí chun críocha sonraithe nó in imthoscaí sonraithe a dhíolmhadh ó fho-alt (1) den alt seo;

(c) na daoine a shonrú a bheidh ina n-údaráis eisiúna chun críocha an ailt seo;

(d) na daoine a shonrú a bhféadfaidh údaráis eisiúna a chur faoi deara tástálacha chun críocha an ailt seo a dhéanamh acu;

(e) na daoine a shonrú a dhéanfaidh tástálacha nua a ordófar de bhun fhomhír (ii) de mhír (c) d'fho-alt (8) den alt seo;

(f) iarratais a dhéanamh ag iarraidh deimhnithe tástála agus na coinníollacha a shonrú ar faoina réir a fhéadfar iarratais den sórt sin a dhéanamh;

(g) na táillí a íocfaidh iarrthóirí as deimhnithe tástála agus na táillí sin a dhiúscairt;

(h) na ceanglais a mbeidh tástálacha le déanamh ina leith;

(i) an saghas tástálacha a dhéanfar;

(j) an modh a ndéanfar, na coinníollacha faoina ndéanfar agus an goireas lena ndéanfar tástálacha;

(k) cothabháil goiris a úsáidtear chun tástálacha a dhéanamh;

(l) cumhachtaí chun áitribh agus goiris a iniúchadh a úsáidtear chun feithiclí inneallghluaiste a thástáil;

(m) daoine sonraithe do choimeád taifead;

(n) foirm deimhnithe tástála agus a dtréimhse bailíochta;

(o) údaráis eisiúna do thairmligean feidhmeanna na n-údarás sin faoi mhíreanna (b) agus (c) d'fho-alt (8) den alt seo chun daoine sonraithe.

(11) Féadfar forálacha éagsúla d'aicmí éagsúla cásanna a thagann faoi réim an ábhair chéanna a chur i rialacháin faoin alt seo.

(12) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo a ndeirtear gur pianrialachán é beidh sé ciontach i gcion.

(13) Ní dhéanfaidh sé difear d'aon ionchúiseamh i leith ciona faoi aon alt eile den Acht seo deimhniú tástála a bheith ann.

Deimhniú tástála a thabhairt ar aird ar éileamh.

19. —(1) (a) Má bhíonn cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint go ndearnadh feithicil inneallghluaiste lena mbaineann alt 18 den Acht seo a úsáid in áit phoiblí ar ócáid áirithe (lena n-áirítear cás inar thug an comhalta féin faoi deara an úsáid) agus gur duine áirithe a bhí ag úsáid na feithicle iarbhír ar an ócáid sin, féadfaidh an comhalta, am ar bith nach déanaí ná mí tar éis na hócáide, a éileamh ar an duine deimhniú tástála a thabhairt ar aird i leith na feithicle a bhí i bhfeidhm ar an ócáid agus, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine aon deimhniú den sórt sin a thabhairt ar aird san am sin agus san áit sin, beidh sé ciontach i gcion, mura ndéanfaidh sé, laistigh de dheich lá tar éis an lae a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird, an deimhniú sin a thabhairt ar aird go pearsanta do chomhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána a d'ainmnigh an duine an t-am a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird.

(b) In ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nach ndearna sé, laistigh de dheich lá tar éis an lae a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird, an deimhniú a thabhairt ar aird go pearsanta do chomhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána a d'ainmnigh an cosantóir an t-am a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird.

(c) Is cosaint mhaith é in ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo má shuíonn an cosantóir,— maidir leis an ócáid a bheidh i gceist—

(i) nár úsáid sé an fheithicil, nó

(ii) gur sheirbhíseach d'úinéir na feithicle é agus go raibh an fheithicil á húsáid aige de réir sainorduithe ón úinéir.

(2) (a) Má bhíonn cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint go ndearnadh feithicil inneallghluaiste lena mbaineann alt 18 den Acht seo a úsáid in áit phoiblí ar ócáid áirithe (lena n-áirítear cás inar thug an comhalta féin faoi deara an úsáid), féadfaidh an comhalta, am ar bith nach déanaí ná mí tar éis na hócáide, a éileamh ar úinéir na feithicle deimhniú tástála a thabhairt ar aird i leith na feithicle a bhí i bhfeidhm ar an ócáid agus, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an t-úinéir aon deimhniú den sórt sin a thabhairt ar aird san am sin agus san áit sin, beidh sé ciontach i gcion, mura ndéanfaidh sé, laistigh de dheich lá tar éis an lae a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird, an deimhniú sin a thabhairt ar aird go pearsanta do chomhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána a d'ainmnigh an t-úinéir an t-am a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird.

(b) In ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo, toimhdeofar go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nach ndearna sé, laistigh de dheich lá tar éis an lae a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird, an deimhniú sin a thabhairt ar aird go pearsanta do chomhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána a d'ainmnigh an cosantóir an tráth a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird.

(c) Is cosaint mhaith é in ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo má shuíonn an cosantóir—

(i) nár úsáideadh an fheithicil ar an ócáid a bheidh i gceist, nó

(ii) gur duine seachas é féin a d'úsáid an fheithicil ar an ócáid a bheidh i gceist, gur gan a thoiliú a úsáideadh amhlaidh í agus go raibh gach cúram réasúnach glactha aige chun nach n-úsáidfí amhlaidh í nó gur sheirbhíseach dó ag gníomhú contrártha dá orduithe an duine a bhí á húsáid amhlaidh.

(3) I gcás ina dtabharfaidh duine deimhniú ar aird do chomhalta den Gharda Síochána de bhun an ailt seo ach go ndiúltóidh sé nó go mainneoidh sé a cheadú don chomhalta é a léamh agus a scrúdú, beidh sé ciontach i gcion agus féadfaidh an comhalta a ainm agus a sheoladh a éileamh air.

(4) I gcás ina ndiúltóidh nó ina mainneoidh duine a n-éileofar a ainm agus a sheoladh air faoi fho-alt (3) den alt seo a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó ina dtabharfaidh sé ainm nó seoladh a bheidh bréagach nó míthreorach beidh sé ciontach i gcion.

(5) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan barántas—

(a) a thabharfaidh deimhniú ar aird de bhun an ailt seo ach a dhiúltóidh nó a mhainneoidh a cheadú don chomhalta é a léamh agus a scrúdú, nó

(b) nuair a éileoidh an comhalta a ainm agus a sheoladh faoin alt seo, a dhiúltóidh nó a mhainneoidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó a thabharfaidh ainm agus seoladh a mbeidh cúis réasúnach ag an gcomhalta chun a chreidiúint é a bheith bréagach nó míthreorach.

Cumhachtaí chun scrúdú, iniúchadh agus tástáil a dhéanamh go hócáideach.

20. —(1) I gcás a dtabharfaidh comhalta den Gharda Síochána faoi deara feithicil inneallghluaiste nó cónasc feithiclí in áit phoiblí agus go mbeidh amhras air go bhfuil locht ar an bhfeithicil nó ar an gcónasc a fhágann gur dainséar don phobal í nó é nuair a bhíonn sí nó sé in úsáid nó, i gcás feithicil seirbhíse poiblí, go bhfuil locht uirthi a fhágann gur contúirt don phobal í nó go bhfuil sí neamhoiriúnach chun paisnéirí a iompar, féadfaidh sé an fheithicil nó an cónasc a iniúchadh agus a scrúdú agus, chun an t-iniúchadh agus an scrúdú a dhéanamh, féadfaidh sé gach ní a dhéanamh agus gach ceanglas a chur maidir leis is gá le réasún.

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo agus gan dochar do ghinearáltacht na gcumhachtaí a thugtar leis, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána—

(a) a cheangal ar an duine a bheidh i bhfeighil feithicle inneallghluaiste nó cónaisc feithiclí an fheithicil nó an cónasc a thabhairt go dtí áit áisiúil a luafaidh an comhalta a bheidh oiriúnach chun iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh uirthi nó air faoin alt seo agus nach mó ná cúig mhíle, an bealach is giorra, ón áit a gcuirfear an ceanglas, agus an comhalta a iompar san fheithicil nó sa chónasc,

(b) feithicil inneallghluaiste nó cónasc feithiclí a thiomáint am agus fad réasúnach,

(c) a cheangal ar an duine a bheidh i bhfeighil feithicle inneallghluaiste nó cónaisc feithiclí an fheithicil nó an cónasc a thiomáint, nó a chur faoi deara sin a dhéanamh, am agus fad réasúnach cibé treo agus i cibé slí agus ar cibé luas a ordóidh an comhalta sin, agus an comhalta a iompar inti nó ann agus í á tiomáint nó é á thiomáint amhlaidh,

(d) cibé tástálacha a mheasfaidh an comhalta a bheith réasúnach a dhéanamh nó a chur faoi deara iad a dhéanamh.

(3) I gcás ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána, de bharr iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh faoin alt seo ar fheithicil inneallghluaiste, chun a chreidiúint go bhfuil locht uirthi a fhágann gur contúirt don phobal í nuair a úsáidtear í, féadfaidh sé—

(a) a chur in úil don duine a bheidh ina feighil nach cead í a thiomáint in áit phoiblí go dtí go leigheasfar an locht,

(b) a cheangal ar an duine a bheidh ina feighil nó ar an úinéir í a chur faoi athscrúdú agus atástáil am agus in áit a shonrófar.

(4) I gcás ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána, de bharr iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh faoin alt seo ar fheithicil seirbhíse poiblí, chun a chreidiúint go bhfuil locht (seachas locht dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo) uirthi a fhágann neamhoiriúnach í chun paisnéirí a iompar, féadfaidh sé—

(a) a chur in iúl don duine a bheidh ina feighil nach cead an fheithicil a úsáid chun paisnéirí a iompar ar luaíocht go dtí go leigheasfar an locht,

(b) a cheangal ar an duine a bheidh ina feighil nó ar an úinéir í a chur faoi athscrúdú agus atástáil am agus in áit a shonrófar.

(5) I gcás ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána, de bharr iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh faoin alt seo ar fheithicil a bheidh á tarraingt ag feithicil inneallghluaiste, chun a chreidiúint go bhfuil locht uirthi a fhágann gur contúirt don phobal í nuair a úsáidtear í, féadfaidh sé—

(a) a chur in iúl don duine a bheidh ina feighil nach cead an a tharraingt in áit phoiblí ag feithicil inneallghluaiste go dtí go leigheasfar an locht,

(b) a cheangal ar an duine a bheidh ina feighil nó ar an úinéir í a chur faoi athscrúdú agus atástáil am agus in áit a shonrófar.

(6) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána aon rothar cos a thástáil agus, chun an tástáil a dhéanamh, féadfaidh sé gach ní a dhéanamh agus gach ceanglas a chur maidir leis an rothar is gá le réasún.

(7) Chun críocha fho-alt (6) den alt seo agus gan dochar do ghinearáltacht na gcumhachtaí a thugtar leis, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána—

(a) aon rothar cos a thiomáint am agus fad réasúnach,

(b) a cheangal ar aon duine a bheidh i bhfeighil rothair chos é a thiomáint nó a chur faoi deara é a thiomáint am agus fad réasúnach cibé treo a ordóidh an comhalta.

(8) I gcás ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána, de bharr tástáil a dhéanamh ar rothar cos faoin alt seo, chun a chreidiúint go bhfuil locht contúirteach air, féadfaidh sé—

(a) a chur in iúl don duine a bheidh i bhfeighil an rothair nach cead é a thiomáint in áit phoiblí go dtí go leigheasfar an locht,

(b) a cheangal ar an duine sin an rothar a chur faoi atástáil am agus in áit a shonrófar.

(9) Aon duine a dhéanfaidh, i gcás ceanglas a bheith curtha air faoi fho-alt (1), (2), (6), nó (7) den alt seo, an ceanglas a shárú beidh sé ciontach i gcion.

(10) (a) Aon duine a dhéanfaidh, i gcás a mbeidh sé curtha in iúl faoi fho-alt (3) den alt seo nach cead feithicil a thiomáint in áit phoiblí go dtí go leigheasfar locht nó ar feasach dó a leithéid sin a bheith curtha in iúl í a thiomáint amhlaidh, nó a chur faoi deara nó a cheadú í a thiomáint amhlaidh sula leigheasfar an locht, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach mó ná caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(b) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh nach raibh, an tráth a cuireadh an ní sin in iúl, locht ar an bhfeithicil a d'fhág gur chontúirt don phobal an fheithicil nuair a bheadh sí á húsáid.

(11) (a) Aon duine a dhéanfaidh, i gcás ceanglas faoi fho-alt (3) den alt seo a bheith curtha air, an ceanglas a shárú, beidh sé ciontach i gcion.

(b) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh nach raibh, an t-am a cuireadh an ceanglas, locht ar an bhfeithicil a d'fhág gur chontúirt don phobal an fheithicil nuair a bheadh sí á húsáid.

(12) (a) Aon duine a dhéanfaidh, i gcás a mbeidh sé curtha in iúl faoi fho-alt (4) den alt seo nach cead feithicil a úsáid chun paisnéirí a iompar go dtí go leigheasfar locht nó ar feasach dó a leithéid sin a bheith curtha in iúl, í a úsáid amhlaidh, nó a chur faoi deara nó a cheadú í a úsáid amhlaidh, sula leigheasfar an locht, beidh sé ciontach i gcion.

(b) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh nach raibh, an t-am a cuireadh an ní sin in iúl, locht ar an bhfeithicil a d'fhág an fheithicil neamhoiriúnach chun paisnéirí a iompar.

(13) (a) Aon duine a dhéanfaidh, i gcás ceanglas faoi fho-alt (4) den alt seo a bheith curtha air, an ceanglas a shárú, beidh sé ciontach i gcion.

(b) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh nach raibh, an t-am a cuireadh an ceanglas, locht ar an bhfeithicil a d'fhág an fheithicil neamhoiriúnach chun paisnéirí a iompar.

(14) (a) Aon duine a dhéanfaidh, i gcás a mbeidh sé curtha in iúl faoi fho-alt (5) den alt seo nach cead feithicil a tharraingítear le feithicil inneallghluaiste a tharraingt amhlaidh in áit phoiblí go dtí go leigheasfar locht nó ar feasach dó a leithéid sin a bheith curtha in iúl, i a tharraingt amhlaidh í, nó a chur faoi deara nó a cheadú í a tharraingt amhlaidh, sula leigheasfar an locht, beidh sé ciontach i gcion.

(b) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh nach raibh, an t-am a cuireadh an ní sin in iúl, locht ar an bhfeithicil a d'fhág gur chontúirt don phobal an fheithicil nuair a bheadh sí á húsáid.

(15) (a) Aon duine a dhéanfaidh, i gcás ceanglas faoi fho-alt (5) den alt seo a bheith curtha air, an ceanglas a shárú beidh sé ciontach i gcion.

(b) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh nach raibh, an t-am a cuireadh an ceanglas, locht ar an bhfeithicil a d'fhág gur chontúirt don phobal an fheithicil nuair a bheadh sí á húsáid.

(16) (a) Aon duine a dhéanfaidh, i gcás a mbeidh sé curtha in iúl faoi fho-alt (8) den alt seo nach cead rothar a thiomáint in áit phoiblí go dtí go leigheasfar locht nó ar feasach dó a leithéid sin a bheith curtha in iúl, é a thiomáint amhlaidh, nó a chur faoi deara nó a cheadú é a thiomáint amhlaidh, sula leigheasfar an locht, beidh sé ciontach i gcion.

(b) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo is cosaint mhaith dó a shuíomh nach raibh, an t-am a cuireadh an ní sin in iúl, locht contúirteach ar an rothar.

(17) (a) An duine a dhéanfaidh, i gcás ceanglas faoi fho-alt (8) den alt seo a bheith curtha air, an ceanglas a shárú beidh sé ciontach i gcion.

(b) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo is cosaint mhaith dó a shuíomh nach raibh, an tráth a cuireadh an ceanglas, locht contúirteach ar an rothar.

(18) I gcás ina gcuirfear ceanglas faoi fho-alt (3), (4), (5) nó (8) den alt seo—

(a) beidh de cheart ag an duine a mbeidh an ceanglas curtha air a bheith i láthair ag an scrúdú agus, má fheidhmíonn sé an ceart sin—

(i) tabharfar deis dó breathnú ar an scrúdú,

(ii) beidh de cheart aige ina theannta sin duine eile dá rogha féin a thabhairt go dtí an scrúdú agus, má fheidhmíonn sé an ceart sin, tabharfar deis freisin don duine a bheidh ina theannta breathnú ar an scrúdú,

(b) mura bhfeidhmeoidh sé a cheart chun bheith i láthair ag an scrúdú, beidh de cheart aige duine eile dá rogha féin a bheith mar ionadaí uaidh ag an scrúdú agus, má fheidhmíonn sé an ceart sin, tabharfar deis don duine is ionadaí dó breathnú ar an scrúdú.

San fho-alt seo folaíonn “scrúdú” “tástáil”.

CUID III.

Ceadúnais Tiomána.

Údarás ceadúnúcháin.

21. —Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “údarás ceadúnúcháin” comhairle contae nó bardas contae-bhuirge.

Ceadúnas tiomána a iarraidh.

22. —(1) Faoi réir fhorálacha na Coda seo den Acht seo, féadfaidh duine ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas tiomána san Acht seo) chun feithiclí inneallghluaiste d'aicme shonraithe a thiomáint a iarraidh ar údarás ceadúnúcháin.

(2) (a) I gcás ina mbeidh duine dícháilithe chun aon cheadúnas tiomána d'aon sórt a iarraidh go ceann tréimhse, ní iarrfaidh sé aon cheadúnas tiomána d'aon sórt go ceann na tréimhse sin agus, má dhéanann sé sin agus go bhfaighidh sé ceadúnas den iarratas, beidh an ceadúnas ar neamhní agus gan éifeacht.

(b) I gcás ina mbeidh duine dícháilithe chun ceadúnas tiomána a iarraidh i leith aicme áirithe feithiclí go ceann tréimhse, ní iarrfaidh sé ceadúnas tiomána i leith na haicme sin go ceann na tréimhse sin agus, má dhéanann sé sin agus go bhfaighidh sé ceadúnas den iarratas, beidh an ceadúnas ar neamhní agus gan éifeacht.

(3) Maidir le hiarratas ar cheadúnas tiomána—

(a) déanfar é chun an údaráis cheadúnúcháin arb ina limistéar feidhmiúcháin atá gnáthchónaí ar an iarratasóir,

(b) déanfar é de réir na rialachán iomchuí faoin gCuid seo den Acht seo,

(c) beidh ag gabháil leis aon deimhniú inniúlachta nó infheidhmeachta a bheidh de cheangal faoi rialacháin faoin Acht seo a bheith ag gabháil leis, agus

(d) beidh ag gabháil leis an dleacht máil is iníoctha ar cheadúnas tiomána a thógáil amach.

(4) (a) I gcás ina mbeidh duine dícháilithe ag an Acht seo chun aon cheadúnas tiomána d'aon sórt a shealbhú i rith tréimhse, beidh sé dícháilithe chun aon cheadúnas tiomána d'aon sórt a iarraidh go ceann na tréimhse a mbeidh a hiomlán nó cuid di laistigh den tréimhse sin.

(b) I gcás ina mbeidh duine dícháilithe ag an Acht seo chun aon cheadúnas tiomána d'aon sórt a shealbhú i leith feithiclí d'aicme i rith tréimhse, beidh sé dícháilithe chun ceadúnas tiomána a iarraidh i leith feithiclí den aicme sin go ceann na tréimhse sin nó go ceann aon tréimhse a mbeidh a hiomlán nó cuid di laistigh den tréimhse sin.

(5) I gcás ina mbeidh ceadúnas tiomána deonaithe do dhuine i leith feithiclí d'aicme go ceann tréimhse, beidh sé dícháilithe chun ceadúnas tiomána a iarraidh i leith feithicli den aicme sin go ceann na tréimhse sin nó go ceann aon tréimhse a mbeidh cuid di laistigh den tréimhse sin.

Ceadúnas tiomána a dheonú.

23. —(1) I gcás a ndéanfar iarratas go cuí ag iarraidh ceadúnais tiomána, deonóidh an t-údarás ceadúnúcháin an ceadúnas mura bhfeictear dóibh—

(a) go bhfuil an t-iarratasóir dícháilithe chun an ceadúnas a iarraidh, nó

(b) nach bhfuil, ag féachaint do na sonraí a bheidh san iarratas, eolas sásúil ag an iarratasóir ar Rialacha an Bhóthair.

(2) Faoi réir fhorálacha na Coda seo den Acht seo agus aon rialachán faoi, deonófar ceadúnas tiomána go ceann tréimhse dhá mhí dhéag nó cibé tréimhse is faide ná sin a bheidh forordaithe ag tosú—

(a) i gcás ina ndeonófar an ceadúnas i rith tréimhse a bheidh ceadúnas tiomána a deonaíodh roimhe don iarratasóir gan éag—an lá tar éis dul in éag don cheadúnas tiomána a deonaíodh roimhe sin, agus

(b) in aon chás eile—an lá a dheonófar an ceadúnas.

An deontaí do shíniú ceadúnais tiomána.

24. —I gcás ina ndeonófar ceadúnas tiomána a deir nach mbeidh éifeacht aige go dtí go síneoidh an deontaí é—

(a) is é dualgas an deontaí a ainm a shíniú láithreach ar an gceadúnas san áit a bheidh taispeánta ann chuige sin,

(b) má mhainníonn an deontaí an ceadúnas a shíniú amhlaidh, ní áireofar, chun críocha na Coda seo den Acht seo, nach é sealbhóir an cheadúnais é de dhroim na mainneachtana sin amháin.

An tréimhse a bheidh éifeacht ag ceadúnas tiomána.

25. —Faoi réir fhorálacha na Coda seo den Acht seo agus aon rialachán faoi, beidh éifeacht ag ceadúnas tiomána—

(a) i gcás ceadúnas a deir nach mbeidh éifeacht aige go dtí go síneoidh an deontaí é agus nach mbeidh sínithe aige roimh thosach na tréimhse dá mbeidh sé deonaithe —an chuid (más aon chuid é) den tréimhse dá mbeidh sé deonaithe tar éis don deontaí é a shíniú, agus

(b) in aon chás eile—an tréimhse dá mbeidh an ceadúnas deonaithe.

Orduithe dícháiliúcháin iarmartacha.

26. —(1) I gcás ina gciontófar duine i gcion a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, déanfaidh an chúirt ordú (dá ngairtear ordú dícháiliúcháin iarmartach san Acht seo) á dhearbhú é a bheith dícháilithe chun ceadúnas tiomána a shealbhú.

(2) Déanfaidh dícháiliúchán faoin alt seo an duine ciontaithe a dhícháiliú chun aon cheadúnas tiomána d'aon sórt a shealbhú i rith tréimhse sonraithe nó i rith tréimhse sonraithe agus ina dhiaidh sin go dtí go dtabharfaidh sé deimhniú inniúlachta nó deimhniú infheidhmeachta nó deimhniú inniúlachta agus deimhniú infheidhmeachta ar aird don údarás ceadúnúcháin iomchuí.

(3) (a) An tréimhse dícháiliúcháin a shonrófar in ordú dicháiliúcháin iarmartach, is tréimhse a bheidh inti, i gcás an duine lena mbainfidh an t-ordú a chiontú—

(i) i gcion faoi alt 49 den Acht seo, nó

(ii) i gcion faoi alt 53 den Acht seo ina raibh an sárú ina chúis bháis nó mórdhíobhála coirp do dhuine eile,

nach giorra ná bliain más é an chéad chion é agus nach giorra ná trí bliana más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin é.

(b) I gcás duine a chiontú i gcion faoi alt 30 den Acht aisghairthe, féachfar, chun críocha na míre sin roimhe seo, ar an gciontú, mar chiontú i gcion faoi alt 49 den Acht seo.

(4) Tréimhse nach giorra ná sé mhí a bheidh sa tréimhse dícháiliúcháin a shonrófar in ordú dícháiliúcháin iarmartach i gcás nach dtagann faoi réim fho-alt (3) den alt seo.

(5) (a) I gcás—

(i) ina gciontófar duine i gcion faoi alt 49 den Acht seo, arb é an dara cion é nó aon chion ina dhiaidh sin é, agus

(ii) go mbeidh tréimhse cheithre bliana nó níos mó nár dícháilíodh an duine sin lena linn ó cheadúnas tiomána a shealbhú caite ón uair dheiridh roimhe sin a ciontaíodh é i gcion faoin alt sin,

féadfaidh an chúirt, chun críocha an ailt seo, déileáil leis an gcion mar chéad chion.

(b) I gcás duine a chiontú i gcion faoi alt 30 den Acht aisghairthe, féachfar, chun críocha na míre sin roimhe seo, ar an gciontú mar chiontú i gcion faoi alt 49 den Acht seo.

(6) Faoi réir fho-ailt (7) agus (8) den alt seo, i ngach cás inar féidir achomharc a dhéanamh i leith ciontú i gcion ar féidir ordú dícháiliúcháin iarmartach a dhéanamh ar dhuine a chiontú ann, tugtar, leis seo, don chúirt achomhairc dlínse chun ordú dícháiliúcháin iarmartach a dhéanamh, a dhaingniú, a neamhniú nó a athrú mura mbeidh an dlínse sin aici ar shlí eile nó mura rud é nach gá an dlínse sin a thabhairt toisc gur i modh athéisteachta don achomharc.

(7) Ní neamhneofar ordú dícháiliúcháin iarmartach ar achomharc mura ndéanfar an ciontú ar faoina threoir a forchuireadh é a fhreaschur.

(8) I gcás ina ndéanfar nó ina n-athrófar ordú dícháiliúcháin iarmartach ar achomharc, déanfar de réir cheanglais fho-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo, agus beidh feidhm freisin ag forálacha fho-alt (5) den alt seo i gcás inarb iomchuí sin.

Fo-orduithe dícháiliúcháin.

27. —(1) (a) I gcás ina gciontófar duine i gcion faoin Acht seo nó ar shlí eile maidir le feithicil inneallghluaiste nó maidir le tiomáint aon fheithicle den sórt sin (seachas cion lena mbaineann alt 26 den Acht seo) nó i gcoir nó i gcion ar úsáideadh feithicil inneallghluaiste á dhéanamh, féadfaidh an chúirt, gan dochar d'aon phionós eile a údaraítear le dlí a ghearradh, ordú (dá ngairtear fo-ordú dícháiliúcháin san Acht seo) a dhéanamh á dhearbhú an duine ciontaithe a bheith dícháilithe chun ceadúnas tiomána a shealbhú.

(b) Aon dícháiliúchán faoin bhfo-alt seo—

(i) dícháileoidh sé an duine ciontaithe chun ceadúnas tiomána d'aon sórt a shealbhú nó chun ceadúnas tiomána a shealbhú i leith aicme nó aicmí feithiclí inneallghluaiste, agus

(ii) dícháileoidh sé amhlaidh é ar feadh tréimhse sonraithe nó ar feadh tréimhse sonraithe agus ina dhiaidh sin go dtí go dtabharfaidh sé deimhniú inniúlachta nó deimhniú infheidhmeachta nó deimhniú inniúlachta agus deimhniú infheidhmeachta ar aird don údarás ceadúnúcháin iomchuí.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, i ngach cás inar féidir achomharc a dhéanamh i leith ciontú i gcion ar féidir fo-ordú dícháiliúcháin a dhéanamh ar dhuine a chiontú ann, tugtar, leis seo, dlínse don chúirt achomhairc chun fo-ordú dícháiliúcháin a dhéanamh, a dhaingniú, a neamhniú nó a athrú mura mbeidh an dlínse sin aici ar shlí eile nó mura rud é nach gá an dlínse sin a thabhairt toisc gur i modh athéisteachta don achomharc.

(3) I gcás ina ndéanfar nó ina n-athrófar fo-ordú dícháiliúcháin ar achomharc, déanfar de réir cheanglais mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo.

(4) Beidh fo-ordú dícháiliúcháin faoi réir achomhairc d'ainneoin nach ndéanfar achomharc i gcoinne an chiontaithe iomchuí.

Orduithe dícháiliúcháin speisialta.

28. —(1) I gcás ina mbeidh cúis réasúnach ag oifigeach den Gharda Síochána chun a chreidiúint go bhfuil duine is sealbhóir ar cheadúnas tiomána neamhfheidhmiúil, de dheasca galair nó míchumais coirp nó aigne, chun aon fheithicil inneallghluaiste d'aon sórt nó aon aicme nó aicmí feithiclí inneallghluaiste a thagann faoi réim an cheadúnais sin a thiomáint, féadfaidh an t-oifigeach sin iarratas a chur go dtí Breitheamh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse san áit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine sin ag iarraidh ordú faoin bhfo-alt seo, agus más deimhin leis an mBreitheamh go bhfuil an duine sin, de dheasca galair nó míchumais coirp nó aigne, neamhfheidhmiúil chun aon fheithicil inneallghluaiste d'aon sórt nó aon aicme nó aicmí feithiclí inneallghluaiste atá laistigh de théarmaí an iarratais a thiomáint, féadfaidh sé an t-ordú iomchuí a dhéanamh á dhearbhú an duine sin a bheith dícháilithe chun ceadúnas tiomána a shealbhú go dtí go ndéanfaidh sé deimhniú infheidhmeachta a thabhairt ar aird don údarás ceadúnúcháin iomchuí.

(2) Má bhíonn cúis réasúnach ag oifigeach den Gharda Síochána chun a chreidiúint go bhfuil duine is sealbhóir ar cheadúnas tiomána neamhinniúil ar aon fheithicil inneallghluaiste a thagann faoi réim an cheadúnais sin a thiomáint, féadfaidh an t-oifigeach sin iarratas a chur go dtí Breitheamh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse san áit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine sin ag iarraidh ordú faoin bhfo-alt seo i dtaobh an duine sin, agus más deimhin leis an mBreitheamh go bhfuil an duine sin neamhinniúil chun aon fheithicil inneallghluaiste d'aon sórt nó aon aicme nó aicmí feithiclí inneallghluaiste atá laistigh de théarmaí an iarratais a thiomáint, féadfaidh sé an t-ordú iomchuí a dhéanamh á dhearbhú an duine sin a bheith dícháilithe chun ceadúnas tiomána a shealbhú go dtí go ndéanfaidh sé deimhniú inniúlachta a thabhairt ar aird don údarás ceadúnúcháin iomchuí.

(3) Ní dhéanfar aon ordú faoin alt seo i dtaobh duine mura mbeidh fógra deich lá ar a laghad tugtha roimh ré i scríbhinn dó á rá gur iarradh an t-ordú.

(4) Aon duine arb éagóir leis ordú dícháiliúcháin speisialta a rinneadh ina thaobh féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda.

(5) Orduithe dícháiliúcháin speisialta a ghairtear san Acht seo d'orduithe faoin alt seo.

Deireadh a chur le dícháiliúchán faoi ordú dícháiliúcháin iarmartach nó faoi fho-ordú dícháiliúcháin.

29. —(1) Aon duine a mbeidh ordú dícháiliúcháin iarmartach nó fo-ordú dícháiliúcháin a shonraíonn tréimhse dícháiliúcháin is faide ná sé mhí déanta ina thaobh féadfaidh sé, am ar bith agus (ach mar a luaitear anseo ina dhiaidh seo) ó am go ham tar éis trí mhí a bheith caite ó thosach na tréimhse dícháiliúcháin agus roimh dheireadh na tréimhse sin, iarratas a dhéanamh chun na cúirte a rinne an t-ordú á iarraidh an dícháiliúchán a chealú, agus féadfaidh an chúirt sin le hordú, más dóigh léi imthosca a bheith ann a d'fhágfadh ceart é sin a dhéanamh, an dícháiliúchán a chealú amhail ó dháta sonraithe nach luaithe ná sé mhí tar éis na tréimhse dícháiliúcháin.

(2) Nuair a bheidh cúirt ag breithniú chun críocha fho-alt (1) den alt seo cibé acu atá nó nach bhfuil na himthosca ann dá dtagraítear san fho-alt sin, féadfaidh sí, gan dochar dá cumhacht aird a thabhairt ar na nithe sin is dóigh léi a bhaineann le hábhar, aird a thabhairt, go háirithe, ar charachtar an iarratasóra, ar a iompar tar éis a chiontaithe agus ar an saghas ciona a rinne sé.

(3) I bhfo-alt (1) den alt seo déanfar an tagairt don chúirt a rinne ordú dícháiliúcháin a fhorléiriú, i gcás aon ordú den sórt sin a athrófar ar achomharc, mar thagairt don chúirt achomhairc.

(4) I gcás—

(a) ina ndéanfaidh cúirt achomhairc ordú dícháiliúcháin iarmartach nó fo-ordú dícháiliúcháin ar achomharc ó chúirt eile, agus

(b) go mbeidh an éifeacht chéanna ag an ordú a dhéanfaidh an chúirt achomhairc a bhí ag ordú den sórt céanna a rinne an chúirt eile,

measfar, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, gurb í an chúirt eile a rinne na t-ordú a rinne an chúirt achomhairc.

(5) I gcás ina ndiúltófar d'iarratas faoin alt seo, ní dhéanfar iarratas eile laistigh de thrí mhí tar éis an diúltaithe.

(6) I gcás ian mbeifear tar éis iarratas a dhéanamh faoin alt seo chun na Cúirte Dúiche, chun na Cúirte Cuarda nó chun na Príomh-Chúirte Coiriúla agus go ndiúltófar don iarratas nó gurb éagóir leis an iarratasóir an dáta ar amhail uaidh a bheidh deireadh curtha leis an dícháiliúchán, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh—

(i) i gcás iarratas chun na Cúirte Dúiche—chun na Cúirte Cuarda, agus

(ii) in aon chás eile—chun na Cúirte Achomhairc Choiriúil.

(7) Féadfaidh an chúirt a éistfidh iarratas nó achomharc faoin alt seo a ordú don iarratasóir iomlán na gcostas nó aon chuid díobh a íoc.

Oibriú ordaithe dhícháiliúcháin.

30. —(1) Aon duine a ndéanfar ordú dícháiliúcháin iarmartach, fo-ordú dícháiliúcháin nó ordú dícháiliúcháin speisialta ina thaobh beidh sé dícháilithe de réir an ordaithe chun ceadúnas tiomána a shealbhú, agus beidh aon cheadúnas tiomána a bheidh ina sheilbh ar dháta an ordaithe arna fhionraí dá réir sin.

(2) Scoirfidh fo-alt (1) den alt seo d'éifeacht a bheith aige, i gcás ordú dícháiliúcháin iarmartach nó fo-ordú dícháiliúcháin, má chuirtear agus nuair a chuirfear deireadh leis an dícháiliúchán.

(3) Ach amháin i gcás ina n-ordóidh an chúirt a dhéanfaidh an t-ordú a mhalairt, ní bheidh oibriú ordaithe dhícháiliúcháin iarmartaigh, fo-ordaithe dhícháiliúcháin nó ordaithe dhícháiliúcháin speisialta arna fhionraí ná arna iarchur de dhroim achomharc a bheith á dhéanamh i gcoinne an ordaithe nó, más le ciontú a bhainfidh an t-ordú, i gcoinne an chiontaithe.

(4) Más rud é—

(a) go mbeifear tar éis fógra achomhairc a thaisceadh i gcás ina ndearnadh ordú dícháiliúcháin iarmartach, fo-ordú dícháiliúcháin nó ordú dícháiliúcháin speisialta,

(b) go mbeidh an t-ordú arna fhionraí nó arna iarchur de dhroim an t-achomharc a bheith ar feitheamh, agus

(c) go mbeidh an t-achomharcóir tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt gur mian leis an t-achomharc a tharraingt siar,

measfar gur chríochnaigh fionraí nó iarchur an ordaithe díreach roimh an lá a tugadh an fógra agus tosóidh an tréimhse dícháiliúcháin an lá sin.

(5) Más rud é—

(a) go ndéanfar achomharc i gcoinne ordaithe dhícháiliúcháin iarmartaigh nó fho-ordaithe dhícháiliúcháin,

(b) go mbeidh an t-ordú arna fhionraí nó arna iarchur de dhroim an t-achomharc a bheith ar feitheamh, agus

(c) go ndaingneoidh an chúirt achomhairc an t-ordú,

tosóidh an tréimhse dícháiliúcháin an lá a dhaingneofar an t-ordú.

(6) I gcás—

(a) ina n-oibreoidh ordú dícháiliúcháin iarmartach, fo-ordú dícháiliúcháin nó ordú dícháiliúcháin speisialta go dtí go dtabharfaidh an duine lena mbainfidh deimhniú infheidhmeachta nó inniúlachta ar aird don údarás ceadúnúcháin iomchuí, agus

(b) ina dtabharfaidh an duine sin an deimhniú sin ar aird don údarás sin,

déanfaidh an t-údarás, i gcás inar iomchuí sin, nóta a chur ar an gceadúnas tiomána iomchuí, gur tugadh an deimhniú sin ar aird.

Dícháiliúcháin maidir le haois.

31. —(1) Aon duine nach mbeidh sé bliana déag d'aois slán aige beidh sé dícháilithe chun ceadúnas tiomána d'aon sórt a shealbhú i rith na tréimhse dar críoch an lá a shlánóidh sé an aois sin.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag sonrú aoise, seacht mbliana déag nó níos mó, arb í an aois í a mbeidh duine a bheidh faoina bun dícháilithe chun ceadúnas tiomána a shealbhú i leith aicme áirithe feithiclí inneallghluaiste.

(3) Aon duine nach mbeidh aois slán aige a bheidh sonraithe i rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo beidh sé dícháilithe chun ceadúnas tiomána a shealbhú i leith feithiclí inneallghluaiste den aicme ar; maidir léi a bheidh an aois sin sonraithe sna rialacháin, i rith na tréimhse dar críoch an lá a shlánóidh sé an aois sin.

Dícháiliúchán ar fhorais sláinte.

32. —(1) Baineann an t-alt seo le duine ar a bhfuil aon ghalar nó míchumas coirp nó aigne a bhfuil dearbhaithe ag an Aire le rialacháin gur galar nó míchumas de shaghas é go bhfuil an té ar a bhfuil sé dícháilithe chun ceadúnas tiomána d'aon sórt a shealbhú.

(2) Beidh duine lena mbaineann an t-alt seo dícháilithe chun ceadúnas tiomána d'aon sórt a shealbhú i rith na tréimhse a mbeidh an galar nó an míchumas iomchuí air.

Deimhnithe inniúlachta.

33. —(1) San alt seo ciallaíonn “an t-údarás eisiúna” an duine arb é, sa chás a bheidh i gceist agus de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire, an t-údarás eisiúna é chun críocha an ailt seo.

(2) Féadfaidh duine, seachas duine lena mbaineann alt 32 den alt seo, deimhniú inniúlachta a iarraidh ar an údarás eisiúna sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás ina mbeidh sé dícháilithe chun ceadúnas tiomána a shealbhú go dtí go dtabharfaidh sé deimhniú inniúlachta ar aird,

(b) i gcás ceanglas a bheith ann faoi na rialacháin faoin Acht seo deimhniú inniúlachta a bheith ag gabháil le hiarratas uaidh ar cheadúnas tiomána.

(3) I gcás ina ndéanfar iarratas go cuí faoin alt seo agus ina n-íocfar an táille iomchuí, tástálfaidh an t-údarás eisiúna, nó cuirfidh sé faoi deara go dtástálfar—

(a) inniúlacht an iarratasóra chun an aicme nó na haicmí feithiclí inneallghluaiste lena mbainfidh an t-iarratas a thiomáint, agus

(b) eolas an iarratasóra ar Rialacha an Bhóthair, agus déanfar an tástáil, chomh fada agus is tástáil ar inniúlacht chun tiomána é, i cibé feithiclí (a chuirfidh an t-iarratasóir ar fáil) is gá dar leis an duine a bheidh ag déanamh na tástála.

(4) Ar thástáil faoi fho-alt (3) den alt seo a bheith críochnaithe, déanfaidh an t-údarás eisiúna mar a leanas—

(a) diúltóidh sé don iarratas, nó

(b) faoi réir é a bheith deimhnitheach go bhfuil eolas sásúil ag an iarratasóir ar Rialacha an Bhóthair, eiseoidh sé deimhniú (dá ngairtear deimhniú inniúlachta san Acht seo) á dheimhniú—

(i) i gcás inar iarratas ar dheimhniú inniúlachta chun aon fheithicil inneallghluaiste d'aon sórt a thiomáint an t-iarratas agus gur deimhin leis an údarás eisiúna go bhfuil an t-iarratasóir inniúil chun aon fheithicil inneallghluaiste d'aon sórt a thiomáint—an t-iarratasóir a bheith inniúil chun aon fheithicil inneallghluaiste d'aon sórt a thiomáint, nó

(ii) in aon chás eile—an t-iarratasóir a bheith inniúil chun aon aicme shonraithe nó aicmí sonraithe feithiclí inneallghluaiste a thiomáint, is aicme nó aicmí ar iarradh deimhniú inniúlachta ina leith agus ar deimhin leis an údarás eisiúna an t-iarratasóir a bheith inniúil chun an aicme nó na haicmí sin a thiomáint,

ach, más cuí leis an údarás eisiúna é, féadfaidh sé cinneadh faoin bhfo-alt seo a chur siar go dtí go dtabharfaidh an t-iarratasóir deimhniú infheidhmeachta ar aird.

(5) (a) Aon duine arb éagóir leis cinneadh a chur siar faoi fho-alt (4) den alt seo féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun Breithimh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse san áit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine sin, agus féadfaidh an Breitheamh diúltú don achomharc nó a ordú go ndéileálfar leis an iarratas gan deimhniú infheidhmeachta a iarraidh.

(b) Breith chríochnaitheach nach inachomhairc breith Breithimh den Chúirt Dúiche faoin bhfo-alt seo.

(6) (a) Féadfaidh duine arb éagóir leis cinneadh faoi fho-alt (4) den alt seo achomharc a dhéanamh chun Breithimh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse san áit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine sin, agus féadfaidh an Breitheamh diúltú don achomharc nó, más deimhin leis nár seoladh an tástáil i gceart, a ordú go ndéanfar atástáil ar an iarratasóir.

(b) Breith chríochnaitheach nach inachomhairc breith Breithimh den Chúirt Dúiche faoin bhfo-alt seo.

(7) D'ainneoin aon ní atá san Acht seo, is dleathach do dhuine nach bhfuil ceadúnas tiomána aige nó atá dícháilithe chun ceadúnas tiomána a bheith aige feithicil inneallghluaiste a thiomáint le linn tástála faoin alt seo, agus ní sárú ar aon fhoráil den Acht seo an tiomáint toisc amháin nach sealbhóir ar cheadúnas tiomána é.

Deimhnithe infheidhmeachta.

34. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an t-údarás eisiúna” an duine arb é, sa chás a bheidh i gceist agus de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire, an t-údarás eisiúna é chun críocha an ailt seo;

ciallaíonn “cúrsaí iomchuí a bhaineann lena staid coirp agus aigne”, maidir le duine a bheartóidh deimhniú infheidhmeachta a iarraidh, na cúrsaí sin maidir lena staid coirp agus aigne a mbeidh dearbhaithe ag an Aire le rialacháin gur cúrsaí iomchuí a bhaineann le staid coirp agus aigne duine iad i gcás iarratais ag iarraidh an deimhnithe infheidhmeachta sin.

(2) Féadfaidh duine, seachas duine lena mbaineann alt 32 den Acht seo, deimhniú infheidhmeachta a iarraidh ar an údarás eisiúna sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás ina mbeidh sé dícháilithe chun ceadúnas tiomána a shealbhú go dtí go dtabharfaidh sé deimhniú infheidhmeachta ar aird,

(b) i gcás inar ceanglas faoi na rialacháin faoin Acht seo deimhniú infheidhmeachta a bheith ag gabháil le hiarratas uaidh ar cheadúnas tiomána.

(3) Aon duine a bheartóidh deimhniú infheidhmeachta a iarraidh, déanfaidh sé, laistigh den tréimhse fhorordaithe roimh dháta an iarratais uaidh, é féin a chur faoi scrúdú ag liachleachtóir cláraithe agus gheobhaidh sé ón liachleachtóir tuarascáil shínithe i scríbhinn maidir leis na cúrsaí iomchuí a bhaineann lena staid coirp agus aigne.

(4) I gcás—

(a) ina ndéanfar iarratas go cuí faoin alt seo chun an údaráis eisiúna, agus

(b) ina n-íocfar an táille iomchuí agus ina mbeidh an tuarascáil iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo ag gabháil leis an iarratas,

déanfaidh an t-údarás eisiúna mar a leanas tar éis dó an t-iarratas agus an tuarascáil a bhreithniú—

(i) diúltóidh sé don iarratas, nó

(ii) eiseoidh sé deimhniú (dá ngairtear deimhniú infheidhmeachta san Acht seo) á dheimhniú—

(I) i gcás inar iarratas ar dheimhniú infheidhmeachta chun aon fheithicil inneallghluaiste d'aon sórt a thiomáint an t-iarratas agus gur deimhin leis an údarás eisiúna an t-iarratasóir a bheith feidhmiúil chun aon fheithicil inneallghluaiste d'aon sórt a thiomáint—an t-iarratasóir a bheith feidhmiúil chun aon fheithicil inneallghluaiste d'aon sórt a thiomáint, nó

(II) in aon chás eile—an t-iarratasóir a bheith feidhmiúil chun aon aicme shonraithe nó aicmí sonraithe feithiclí inneallghluaiste a thiomáint, is aicme nó aicmí ar iarradh deimhniú infheidhmeachta chun tiomána ina leith agus ar deimhin leis an údarás eisiúna an t-iarratasóir a bheith feidhmiúil chun an aicme nó na haicmí sin a thiomáint,

ach, más cuí leis an údarás eisiúna é, féadfaidh sé cinneadh faoin bhfo-alt seo a chur siar go dtí go dtabharfaidh an t-iarratasóir deimhniú infheidhmeachta ar aird.

(5) (a) Aon duine arb éagóir leis cinneadh faoi fho-alt (4) den alt seo nó an cinneadh sin a chur siar féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun Breithimh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse san áit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine sin, agus féadfaidh an Breitheamh diúltú don achomharc nó cibé ordú is dóigh leis a bheith cóir a thabhairt don údarás disiúna, agus déanfaidh an t-údarás eisiúna de réir aon ordú den sórt sin.

(b) Breith chríochnaitheach nach inachomhairc breith Breithimh den Chúirt Dúiche faoin bhfo-alt seo.

Ceadúnas sealadach.

35. —(1) Aon duine ar mian leis foghlaim le feithiclí inneallghluaiste d'aon aicme a thiomáint ionas go ngnóthóidh sé tástáil le haghaidh deimhniú inniúlachta, féadfaidh sé, ach amháin i cibé cásanna a fhorordófar, ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas sealadach sa Chuid seo den Acht seo) á cheadúnú go sealadach chun feithiclí inneallghluaiste den aicme sin a thiomáint in áit phoiblí a iarraidh.

(2) Maidir le hiarratas ar cheadúnas sealadach—

(a) déanfar é chun an údaráis cheadúnúcháin arb ina limistéar feidhmiúcháin atá gnáthchónaí ar an iarratasóir,

(b) beidh sé de réir na rialachán iomchuí faoin gCuid seo den Acht seo, agus

(c) beidh an táille iomchuí ag gabháil leis,

agus, i gcás ina ndéanfar aon iarratas den sórt sin go cuí mar a dúradh, deonóidh an t-údarás ceadúnúcháin ceadúnas sealadach.

(3) Beidh éifeacht ag ceadúnas sealadach de réir a théarmaí agus—

(a) in ionchúiseamh i leith ciona faoi fho-alt (2) d'alt 38 den Acht seo, is cosaint mhaith é don chosantóir a shuíomh go raibh, an t-am a thiomáin sé an fheithicil, ceadúnas sealadach aige ag a raibh éifeacht an t-am sin agus a cheadúnaigh é chun an fheithicil a thiomáint,

(b) in ionchúiseamh i leith ciona faoi fho-alt (4) den alt sin, is cosaint mhaith don chosantóir a shuíomh, maidir leis an duine a fostaíodh chun an fheithicil a thiomáint, go raibh, an t-am a thiomáin sé an fheithicil, ceadúnas sealadach aige ag a raibh éifeacht an t-am sin agus a cheadúnaigh é chun an fheithicil a thiomáint,

(c) in ionchúiseamh i leith ciona faoi alt 40 den Acht seo, is cosaint mhaith don chosantóir a shuíomh go ndearna sé, in ionad ceadúnas tiomána a thabhairt ar aird de réir an ailt sin, ceadúnas sealadach ag a raibh éifeacht an t-am ábhartha agus a cheadúnaigh é an fheithicil a thiomáint, a thabhairt ar aird agus gur cheadaigh sé don chomhalta den Gharda Síochána dar tugadh ar aird é é a léamh.

Ordú go ndéanfar formhuiniú i gcás ciontaithe, ordú dícháiliúcháin nó deireadh a chur le dícháiliúchán.

36. —(1) I gcás ina gciontófar duine i gcion faoin Acht seo nó i slí eile maidir le feithicil inneallghluaiste nó maidir le tiomáint aon fheithicile den sórt sin nó maidir le coir nó cion ar úsáideadh feithicil inneallghluaiste á dhéanamh, féadfaidh an Chúirt, mura ndéanfaidh sí ordú dícháiliúcháin iarmartach nó fo-ordú dícháiliúcháin (agus, i gcás cion ar chion é de chineál a shonraítear i mír 1, 2, 3, 5, 7, 8, 9, 10 nó 11 nó i bhfomhír (b) de mhír 6 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo dá mba é an dara cion é nó aon chion ina dhiaidh sin laistigh d'aon tréimhse trí bliana, déanfaidh sí) a ordú le hordú sonraí i dtaobh an chiontaithe a fhormhuiniú ar an gceadúnas tiomána a bheidh ag an duine sin nó, mura mbeidh ceadúnas tiomána aige ach go ndeonófar ceadúnas tiomána dó ina dhiaidh sin, ar an gceadúnas tiomána sin,

(2) I ngach cás inar féidir achomharc a dhéanamh maidir le hionchúiseamh i leith ciona ar féidir nó a bhfuil ceangal ann faoi fho-alt (1) den alt seo ordú a dhéanamh ar dhuine a chiontú ann, tugtar leis seo dlínse don chúirt achomhairc chun an t-ordú sin a dhéanamh, a dhaingniú nó a neamhniú mura mbeidh an dlínse sin aici i slí eile nó mura rud é nach gá an dlínse sin a thabhairt toisc gur i modh athéisteachta don achomharc agus, i gcás ina raibh ceangal ann faoi fho-alt (1) den alt seo an t-ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt sin, déanfaidh an chúirt achomhairc—

(a) má chuireann sí an ciontú ar ceal, an t-ordú sin a neamhniú,

(b) má dhiúltaíonn sí don achomharc agus nach n-athróidh sí an phianbhreith, an t-ordú sin a dhaingniú,

(c) má dhiúltaíonn sí don achomharc agus go n-athróidh sí an phianbhreith, an t-ordú sin a neamhniú agus a ordú le hordú nua sonraí i dtaobh an chiontaithe a fhormhuiniú ar an gceadúnas tiomána a bheidh ag an duine a bheidh i gceist nó, mura mbeidh ceadúnas tiomána aige ach go ndeonófar ceadúnas tiomána dó ina dhiaidh sin, ar an gceadúnas tiomána sin.

(3) (a) I gcás ina gciontófar duine i gcion agus go ndéanfaidh an chúirt ordú dícháiliúcháin iarmartach nó fo-ordú dícháiliúcháin ar é a chiontú, ordóidh an chúirt le hordú sonraí i dtaobh an chiontaithe agus an ordaithe dhícháiliúcháin a fhormhuiniú ar an gceadúnas tiomána a bheidh ag an duine sin nó, mura mbeidh ceadúnas tiomána aige ach go ndeonófar ceadúnas tiomána dó ina dhiaidh sin, ar an gceadúnas tiomána sin.

(b) I gcás ina mbeidh ordú dícháiliúcháin iarmartach nó fo-ordú dícháiliúcháin arna fhionraí nó arna iarchur de dhroim achomharc a bheith ar feitheamh, beidh an t-ordú iomchuí faoin bhfo-alt seo arna fhionraí nó arna iarchur freisin, ach, ar an achomharcóir do thabhairt fógra i scríbhinn gur mian leis an t-achomharc a tharraingt siar, measfar gur chríochnaigh fionraí nó iarchur an ordaithe faoin bhfo-alt seo díreach roimh an lá a tugadh an fógra.

(c) I ngach cás inar féidir achomharc a dhéanamh maidir le ciontú i gcion a ndearnadh ordú dícháiliúcháin iarmartach nó fo-ordú dícháiliúcháin ar dhuine a chiontú ann agus i gcás achomharc faoi fho-alt (4) d'alt 27 den Acht seo, tugtar, leis seo, dlínse don chúirt achomhairc chun ordú a rinneadh faoi mhír (a) den fho-alt seo a dhéanamh, a dhaingniú nó a neamhniú mura mbeidh an dlínse sin aici i slí eile nó nach gá an dlínse sin a thabhairt di toisc gur i modh athéisteachta don achomharc, agus déanfaidh an chúirt achomhairc—

(i) i gcás ina ndéanfaidh sí ordú dícháiliúcháin agus go ndéanfaidh sí, dá dhroim sin, ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo, an t-ordú a rinneadh roimhe sin faoin mír sin a neamhniú,

(ii) i gcás ina ndaingneoidh sí an t-ordú dícháiliúcháin, an t-ordú a rinneadh faoi mhír (a) den fho-alt seo a dhaingniú,

(iii) i gcás ina neamhneoidh sí an t-ordú dícháiliúcháin, an t-ordú a rinneadh faoi mhír (a) den fho-alt seo a neamhniú,

(iv) i gcás ina n-athróidh sí an t-ordú dícháiliúcháin, an t-ordú a rinneadh roimhe sin faoi mhír (a) den fho-alt seo a neamhniú agus a ordú le hordú nua sonraí i dtaobh an chiontaithe agus an ordaithe dhícháiliúcháin (arna athrú) a fhormhuiniú ar an gceadúnas tiomána a bheidh ag an duine a bheidh i gceist nó, mura mbeidh ceadúnas tiomána aige ach go ndeonófar ceadúnas tiomána dó ina dhiaidh sin, ar an gceadúnas tiomána sin.

(4) (a) I gcás ina ndéanfar ordú dícháiliúcháin speisialta maidir le duine ar bith, ordóidh an chúirt le hordú sonraí i dtaobh an ordaithe dhícháiliúcháin speisialta a fhormhuiniú ar an gceadúnas tiomána a bheidh ag an duine sin nó, mura mbeidh ceadúnas tiomána aige ach go ndeonófar ceadúnas tiomána dó ina dhiaidh sin, ar an gceadúnas tiomána sin.

(b) I gcás ina mbeidh ordú dícháiliúcháin speisialta arna fhionraí nó arna iarchur de dhroim achomharc a bheith ar feitheamh, beidh an t-ordú iomchuí faoin bhfo-alt seo arna fhionraí nó arna iarchur freisin, ach, ar an achomharcóir do thabhairt fógra i scríbhinn gur mian leis an t-achomharc a tharraingt siar, measfar gur chríochnaigh fionraí nó iarchur an ordaithe faoin bhfo-alt seo díreach roimh an lá a tugadh an fógra,

(c) Má dhéantar achomharc i gcás ina mbeidh ordú déanta faoin bhfo-alt seo, déanfaidh an Chúirt Chuarda (de réir mar is iomchuí)—

(i) an t-ordú sin a neamhniú, nó

(ii) an t-ordú sin a neamhniú agus ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo.

(5) I gcás ina gcuirfear deireadh le dícháiliúchán faoi alt 29 den Acht seo, ordóidh an chúirt le hordú sonraí i dtaobh an chealaithe a fhormhuiniú ar an gceadúnas tiomána a bheidh ag an duine a bheidh i gceist nó, mura mbeidh céadúnas tiomána aige ach go ndeonófar ceadúnas tiomána dó ina dhiaidh sin, ar an gceadúnas tiomána sin.

Formhuiniú a aistriú chun ceadúnais nua.

37. —(1) (a) I gcás ina ndeonófar ceadúnas tiomána (dá ngairtear an ceadúnas nua san alt seo) faoin gCuid seo den Acht seo do dhuine ar sealbhóir é an tráth a dheonófar é, nó ar shealbhóir é roimhe sin, ar cheadúnas (dá ngairtear an seancheadúnas san alt seo) a formhuiníodh faoin gCuid seo den Acht seo nó faoi Chuid III den Acht aisghairthe, déanfaidh an t-údarás ceadúnúcháin a dheonóidh an ceadúnas nua (mura mbeidh an duine sin tar éis teacht chun teideal a bheith aige faoin alt seo chun ceadúnas tiomána saor ó fhormhuiniú a fháil) cóip den fhormhuiniú nó de gach formhuiniú ar an seancheadúnas a fhormhuiniú ar an gceadúnas nua, agus chun gach críche is ceadúnas tiomána a formhuiníodh faoin gCuid seo den Acht seo an ceadúnas nua arna fhormhuiniú amhlaidh.

(b) Ní bheidh feidhm ag aon ní i mír (a) den fho-alt seo maidir le formhuiniú arna dhéanamh de bhun ordaithe a neamhníodh ar achomharc.

(2) I gcás—

(a) ina ndéanfaidh duine ar sealbhóir nó ar shealbhóir é ar cheadúnas a formhuiníodh faoin gCuid seo den Acht seo nó faoi Chuid III den Acht aisghairthe ceadúnas tiomána a iarraidh faoi réim agus de réir an Achta seo, agus

(b) ina gcruthóidh an duine sin chun sástachta an údaráis cheadúnúcháin—

(i) go raibh ceadúnas tiomána nó ceadúnas faoi Chuid III den Acht aisghairthe go dleathach aige ar feadh tréimhse leanúnaí nár ghiorra ná trí bliana nó ar feadh tréimhsí neamhleanúnacha nár ghiorra, san iomlán, ná cúig bliana, agus

(ii) nár tharla, ó thosach na tréimhse leanúnaí sin, nó ó thosach na chéadtréimhse de na tréimhsí neamhleanúnacha sin (de réir mar a bheidh) go dtí dáta an iarratais—

(I) go ndearnadh ceadúnas tiomána a bhí aige a fhormhuiniú faoin gCuid seo den Acht seo (gan formhuiniú faoin alt seo ar cheadúnas nua a áireamh), ná

(II) go ndearnadh ceadúnas faoi Chuid III den Acht aisghairthe a bhí aige a fhormhuiniú faoin gCuid sin (gan formhuiniú faoi alt 37 den Acht aisghairthe ar cheadúnas nua a áireamh),

déanfar an ceadúnas tiomána a dheonófar (má dheonaítear) de thoradh an iarratais a dheonú gan aon fhormhuiniú faoin gCuid seo den Acht seo agus ní ceadúnas arna fhormhuiniú amhlaidh a bheidh ann chun aon chríche.

Toirmeasc ar thiomáint gan ceadúnas tiomána.

38. —(1) Ní thiomáinfidh duine feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí mura mbeidh ceadúnas tiomána aige a mbeidh éifeacht aige de thuras na huaire agus a cheadúnóidh é chun an fheithicil a thiomáint.

(2) (a) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion,

(b) In ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nach raibh ceadúnas tiomána aige, an t-am a thiomáin sé an fheithicil, ag a raibh éifeacht an t-am sin agus a cheadúnaigh é chun an fheithicil a thiomáint.

(3) Ní fhostóidh úinéir feithicle inneallghluaiste duine chun an fheithicil a thiomáint in áit phoiblí mura mbeidh ceadúnas tiomána a mbeidh éifeacht de thuras na huaire aige ag an duine agus a cheadúnóidh é chun an fheithicil a thiomáint.

(4) (a) Aon duine a sháróidh fo-alt (3) den alt seo beidh sé ciontach i gcion,

(b) In ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nach raibh ag an duine a fostaíodh chun an fheithicil a thiomáint, an t-am a thiomáin sé an fheithicil, ceadúnas tiomána ag a raibh éifeacht an t-am sin agus a cheadúnaigh é chun an fheithicil a thiomáint.

(5) Maidir le duine—

(a) a chiontófar go hachomair i gcion is sárú ar fho-alt (1) den alt seo agus, an t-am a rinne sé an cion—

(i) a bhí dícháilithe chun ceadúnas tiomána a bheith aige, nó

(ii) ar dhuine é a bhí faoi cheanglas deimhniú inniúlachta nó deimhniú infheidhmeachta a thabhairt ar aird sula bhfaigheadh sé ceadúnas tiomána, nó

(b) a chiontófar go hachomair i gcion is sárú ar fho-alt (3) den alt seo i gcás an duine a fostaíodh chun an fheithicil a thiomáint a bheith, an t-am a thiomáin sé an fheithicil—

(i) dícháilithe chun ceadúnas tiomána a bheith aige, nó

(ii) faoi cheanglas deimhniú inniúlachta nó deimhniú infheidhmeachta a thabhairt ar aird sula bhfaigheadh sé ceadúnas tiomána,

dlífear an pionós seo a leanas a chur air in ionad an phionóis a luaitear in alt 102 den Acht seo, is é sin le rá, fíneáil nach mó ná céad punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(6) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) go (5) den alt seo maidir le comhalta den Gharda Síochána agus é ag tiomáint feithicle inneallghluaiste i gcúrsa a dhualgais.

(7) Déantar leis seo feithiclí faoi urláimh coisithe is feithiclí a shonróidh an tAire chun críocha an fho-ailt seo agus a chomhlíonfadh na coinníollacha a bheidh luaite sna rialacháin a eisceadh ó fho-ailt (1) go (5) den alt seo agus ó ailt 40 agus 41 den Acht seo.

Toirmeasc ar cheadúnas tiomána a iarraidh le linn a bheith dícháilithe.

39. —(1) Ní iarrfaidh duine ceadúnas tiomána má bhíonn sé dícháilithe chun ceadúnas tiomána a iarraidh.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Ceadúnas tiomána a thabhairt ar aird ar chomhalta den Gharda Síochána á éileamh.

40. —(1) (a) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a éileamh ar dhuine a bheidh ag tiomáint feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí nó a bheidh, de bhun rialachán faoin Acht seo, i gcuideachta sealbhóir ceadúnais shealadaigh le linn don sealbhóir sin a bheith ag tiomáint feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí ceadúnas tiomána a mbeidh éifeacht aige an t-am sin agus á cheadúnú chun an fheithicil a thiomáint a thabhairt ar aird agus má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin an ceadúnas a thabhairt ar aird san am sin agus san áit sin, beidh sé ciontach i gcion mura ndéanfaidh sé, laistigh de dheich lá ón dáta a éilíodh an ceadúnas a thabhairt ar aird, an ceadúnas sin a thabhairt ar aird go pearsanta do chomhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána a bhí le hainmniú ag an duine sin an t-am a éilíodh amhlaidh an ceadúnas sin a thabhairt ar aird.

(b) In ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nach ndearna sé, laistigh de dheich lá tar éis an lae a éilíodh an ceadúnas sin a thabhairt ar aird, ceadúnas tiomána a thabhairt ar aird de réir mhír (a) den fho-alt seo.

(2) I gcás ina ndéanfaidh duine a n-éileofar air faoin alt seo ceadúnas tiomána a thabhairt ar aird an ceadúnas a thabhairt ar aird ach go ndiúltóidh nó go mainneoidh sé a cheadú don chomhalta den Gharda Síochána a dhéanfaidh an t-éileamh é a léamh, beidh sé ciontach i gcion.

(3) I gcás ina ndiúltóidh nó ina mainneoidh duine a n-éileofar air ceadúnas tiomána a thabhairt ar aird nó ina dtabharfaidh sé an ceadúnas ar aird ach go ndiúltóidh nó go mainneoidh sé a cheadú don chomhalta den Gharda Síochána a dhéanfaidh an t-éileamh é a léamh, nó i gcás ina dtabharfaidh duine ceadúnas tiomána ar aird i staisiún Garda Síochána de réir mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo ach go ndiúltóidh nó go mainneoidh sé a cheadú don chomhalta den Gharda Síochána dá dtabharfar an ceadúnas ar aird é a léamh, féadfaidh an comhalta a ainm agus a sheoladh a éileamh ar an duine sin agus, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó má thugann sé ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach beidh sé ciontach i gcion.

(4) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána gabháil a dhéanamh gan barántas—

(a) ar aon duine a thabharfaidh ceadúnas tiomána ar aird don chomhalta de bhun an ailt seo ach a dhiúltóidh nó a mhainneoidh a cheadú don chomhalta é a léamh, nó

(b) ar aon duine a dhiúltóidh nó a mhainneoidh, nuair a éileoidh an comhalta sin a ainm agus a sheoladh go dleathach air faoin alt seo, a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó a thabharfaidh ainm nó seoladh a mbeidh cúis réasúnach ag an gcomhalta chun a chreidiúint é a bheith bréagach.

(5) Aon duine a cheadóidh, nuair a thabharfaidh sé ceadúnas tiomána ar aird do chomhalta den Gharda Síochána de bhun an ailt seo, don chomhalta an oiread sin den cheadúnas a fheiceáil agus a léamh ar a mbeidh ainm, seoladh, síniú (más ann) agus grianghraf (más ann) an duine dar deonaíodh an ceadúnas, dáta éaga na tréimhse dar deonaíodh é agus an t-údarás ceadúnúcháin a dheonaigh é, measfar, chun críocha an ailt seo, gur cheadaigh sé don chomhalta sin an ceadúnas a léamh.

(6) Aon duine nach ndéanfaidh, nuair a éileofar air faoin alt seo ceadúnas tiomána a thabhairt ar aird, an ceadúnas a thabhairt ar aird ar an ábhar nach bhfuil ceadúnas tiomána aige, measfar gur mhainnigh sé a cheadúnas tiomána a thabhairt ar aird de réir bhrí an ailt seo.

Síniú a scríobh ar chomhalta den Gharda Síochána á éileamh sin.

41. —(1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, lá ar bith a chomhlíonfar an coinníoll a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, a iarraidh ar dhuine a bheidh ag tiomáint feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí nó a bheidh i gcuideachta sealbhóir ceadúnais shealadaigh le linn don sealbhóir sin a bheith ag tiomáint feithicil inneallghluasite in áit phoiblí nó ar dhuine a thabharfaidh a cheadúnas tiomána ar aird i stáisiún Garda Síochána de bhun an ailt díreach roimhe seo, a ainm a shíniú i leabhar agus le peann nó peann luaidhe a sholáthróidh an comhalta agus in áit a thaispeánfaidh an comhalta sa leabhar, agus má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin, ar é sin a iarraidh air agus ar an leabhar agus an peann nó an peann luaidhe a sholáthar dó, a ainm a shíniú sa leabhar nó leis an bpeann nó leis an bpeann luaidhe nó san áit a thaispeánfaidh an comhalta sa leabhar, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Is é an coinníoll dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo go bhféadfaidh na ceadúnais tiomána uile nó aon chuid de na ceadúnais tiomána a d'fhéadfadh a bheith arna ndeonú an lá a bheidh i gceist a rá nach mbeadh éifeacht acu go dtí go mbeadh siad sínithe ag na deontaithe.

Rialacháin faoi Chuid III.

42. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo den Acht seo.

(2) Féadfar go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, foráil a chur i rialacháin faoin alt seo i dtaobh gach ábhair nó aon ábhair acu seo a leanas:

(a) feithiclí inneallghluaiste a aicmiú chun críocha na Coda seo den Acht seo;

(b) foirm cheadúnais tiomána agus cheadúnais shealadacha;

(c) foirm agus modh iarratais le haghaidh ceadúnais tiomána nó ceadúnais shealadaigh, na sonraí a bheidh le cur san iarratas agus na doiciméid a bheidh le tabhairt ina theannta;

(d) ceadúnais tiomána a fhorghéilleadh;

(e) a áirithiú nach n-eiseofar ceadúnais tiomána chun daoine a bhfuil ceadúnais tiomána cheana féin acu;

(f) údaráis cheadúnúcháin d'eisiúint ceadúnas tiomána i ndúbláid in ionad ceadúnais tiomána a cailleadh, a scriosadh nó a milleadh, na táillí a bheidh le híoc i leith na heisiúna sin agus diúscairt na dtáillí sin;

(g) sonraí i dtaobh ceadúnais tiomána a dheonaigh údaráis cheadúnúcháin a thabhairt d'údaráis cheadúnúcháin eile;

(h) eolas a bheidh ag údaráis cheadúnúcháin maidir le daoine a bheidh dícháilithe chun ceadúnais tiomána a bheith acu agus maidir le daoine ar formhuiníodh a gceadúnais faoin gCuid seo den Acht seo nó a ndearnadh a gceadúnais faoi Chuid III den Acht cúlghairthe a chúlghairm faoin gCuid sin a chur ar fáil do chomhaltaí den Gharda Síochána agus do dhaoine eile;

(i) na táillí a bheidh le híoc i leith ceadúnais shealadacha a dheonú agus diúscairt na dtáillí sin, an tréimhse a bheidh ceadúnas sealadach i bhfeidhm, na coinníollacha a chuirfear ag gabháil le ceadúnas sealadach agus a fhágfaidh an ceadúnas ar neamhní mura gcomhlíonfar iad agus aon fhorálacha den Chuid seo den Acht seo nó aon rialacháin faoi a chur chun feidhme maidir le ceadúnais shealadacha;

(j) oifigigh d'aon Aire Stáit d'eisiúint ceadúnais tiomána mar ghníomhairí do na húdaráis cheadúnúchán.

(3) Féadfar, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, foráil maidir le gach ábhar nó aon ábhar acu seo a leanas a chur i rialacháin faoin alt seo i ndáil le hailt 33 agus 34 den Acht seo:

(a) na haicmí daoine a bheidh faoi cheanglas deimhnithe inniúlachta nó infheidhmeachta a thabhairt ar aird nuair a bheidh siad ag iarraidh ceadúnais tiomána;

(b) daoine do dhul go saorálach faoi thástálacha maidir le hinniúlacht agus le heolas ar Rialacha an Bhóthair;

(c) iarratais a dhéanamh ag iarraidh ceadúnas;

(d) an tréimhse nach mór a bheith caite sula mbeidh duine ar theip air deimhniú a fháil i dteideal deimhniú a iarraidh arís;

(e) na táillí a bheidh le híoc ar iarratais ag iarraidh deimhnithe agus diúscairt na dtáillí sin;

(f) na daoine a bhféadfaidh an t-údarás eisiúna faoi alt 33 den Acht seo tástálacha a chur á ndéanamh acu;

(g) na daoine a dhéanfaidh atástálacha a ordófar faoi fho-alt (6) d'alt 33 den Acht seo;

(h) an saghas tástálacha a dhéanfar agus an modh ar a seolfar iad;

(i) foirm tuarascálacha ó lia-chleachtóirí cláraithe faoi alt 34 den Acht seo;

(j) foirm agus modh eisiúna deimhnithe agus a dtréimhse bailíochta;

(k) daoine sonraithe do choimeád taifead;

(l) glacadh le deimhnithe faoi alt 81 agus 82 den Acht aisghairthe chun críocha an Achta seo;

(m) údaráis eisiúna do thairmligean feidhmeanna na n-údarás sin faoi fho-alt (4) d'alt 33 den Acht seo chun daoine sonraithe;

(n) údaráis eisiúna do thairmligean feidhmeanna na n-údarás sin faoi fho-alt (4) d'alt 34 den Acht see chun daoine sonraithe.

(4) Féadfar, gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, foráil maidir le gach ábhar nó aon ábhar acu seo a leanas a bheith i rialacháin faoin alt seo i dtaobh dícháiliúcháin agus formhuinithe faoin Acht seo:

(a) ceadúnais tiomána a thabhairt ar aird sa chúirt;

(b) formhuinithe a ordaíodh faoi alt 36 den Acht seo a chur i bhfeidhm;

(c) an chúirt do tharchur ceadúnas tiomána chun údarás ceadúnúcháin, chun iad dá gcoinneáil go dtí go mbeidh siad éagtha nó go mbeidh deireadh leis an dícháiliúchán (cibé acu tréimhse is giorra);

(d) fógra a thabhairt d'údaráis cheadúnúcháin i dtaobh ordú dícháiliúcháin iarmartach, fo-ordú dícháiliúcháin nó ordú dícháiliúcháin speisialta a dhéanamh, a dhaingniú, a neamhniú, a athrú nó a chealú nó i dtaobh formhuinithe a ordaíodh faoi alt 36 den Acht seo a dhaingniú nó a neamhniú.

(5) Féadfar forálacha éagsúla d'aicmí éagsúla cásanna a thagann faoi réim an ábhair chéanna a chur i rialacháin faoin alt seo.

(6) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo a deir gur pianrialachán é beidh sé ciontach i gcion.

Forálacha idirlinne (Cuid III).

43. —(1) Measfar gur ceadúnas tiomána ceadúnas faoi Chuid III den Acht aisghairthe a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an fho-ailt seo.

(2) Measfar gur ordú dícháiliúcháin iarmartach ordú faoi alt 30 den Acht aisghairthe a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an fho-ailt seo.

(3) Measfar gur fo-ordú dícháiliúcháin ordú faoi alt 31 den Acht aisghairthe a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an fho-ailt seo.

(4) Measfar gur ordú dícháiliúcháin speisialta orúd faoi alt 32 den Acht aisghairthe a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an fho-ailt seo.

(5) Mura mbeidh agus an fad nach mbeidh, tar éis alt 26 den teacht i ngníomh, aisghairm Chuid III (seachas ailt 29 agus 30) den Acht aisghairthe leis an Acht seo tagtha i ngníomh, measfar chun críocha an Achta aisghairthe gur ordú dícháiliúcháin iarmartach faoin Acht sin, d'ainneoin alt 30 de a aisghairm, ordú dícháiliúcháin iarmartach.

(6) Mura mbeidh agus an fad nach mbeidh, tar éis alt 29 den Acht seo teacht i ngníomh, aisghairm alt 31 den Acht aisghairthe leis an Acht seo tagtha i ngníomh, bainfidh an t-alt sin 29 le hordú faoin alt sin 31.

CUID IV.

Luasteorainneacha.

Gnáthluasteorainneacha.

44. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag forordú luasteorainn i leith gach bóthair phoiblí, nó gach bóthair phoiblí ach amháin cibé eisceachtaí a shonrófar sna rialacháin, d'aon aicme feithiclí inneallghluaiste.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo ag forordú luasteorainn d'aicme feithiclí aon fho-aicme den aicme sin a eisceadh ón luasteorainn.

(3) San Acht seo ciallaíonn “gnáth-luasteorainn” luasteorainn faoi rialacháin faoin alt seo.

Luasteorainneacha limistéir fhoirgnithe.

45. —(1) (a) Beidh luasteorainn tríocha míle san uair a chloig ann i leith gach bóthair phoiblí i limistéir fhoirgnithe do gach feithicil inneallghluaiste.

(b) Féadfaidh an tAire, maidir leis an teorainn a shonraítear i mír (a) den fho-alt seo, le rialacháin—

(i) í a mhéadú nó a laghdú,

(ii) a réim a shrianadh ionas gur le tréimhsí áirithe den lá agus den oíche a bhainfidh sí.

(2) Is bóthar poiblí i limistéar foirgnithe chun críocha an ailt seo gach bóthar acu seo a leanas:

(a) bóthar poiblí atá i gcontae-bhuirg nó i mbuirg eile, i gceantar uirbeach nó i mbaile mór, seachas bóthar a bhfuil dearbhaithe ag an Aire, le rialacháin, nach bóthar poiblí i limistéar foirgnithe é chun na gcríocha sin;

(b) bóthar poiblí nach bhfuil i gcontae-bhuirg ná i mbuirg eile, i gceantar uirbeach ná i mbaile mór agus a bhfuil dearbhaithe ag an Aire, le rialacháin, gur bóthar poiblí i limistéar foirgnithe é chun na gcríocha sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon aicme feithiclí inneallghluaiste a eisceadh ón luasteorainn limistéir fhoirgnithe.

(4) San Acht seo ciallaíonn “luasteorainn limistéir fhoirgnithe” an luasteorainn faoin alt seo.

Luasteorainneacha speisialta.

46. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag forordú, maidir le haon bhóthar poiblí sonraithe nó gach bóthar poiblí in aon limistéar sonraithe, an luas arb í an luasteorainn í ar an mbóthar nó ar na bóithre sin d'fheithiclí inneallghluaiste.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo ach amháin ar iarratas ón gCoimisinéir nó ar iarratas ón údarás bóithre lena mbainfidh agus ní dhéanfaidh sé aon rialachán den sórt sin a chúlghairm ná a leasú ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir agus leis an údarás bóithre sin.

(3) Féadfar, le rialacháin faoin alt seo ag forordú luasteorann—

(a) a réim a shrianadh ionas gur le haicme áirithe feithiclí inneallghluaiste a bhainfidh sí,

(b) a réim a shrianadh ionas gur le tréimhsí sonraithe den lá agus den oíche agus le hócáidí sonraithe a bhainfidh sí,

(c) aon aicme nó aon fho-aicme d'aicme feithiclí inneallghluaiste a eisceadh uaithi.

(4) San Acht seo ciallaíonn “luasteorainn speisialta” luasteorainn faoi rialacháin faoin alt seo.

Cion an luasteorainn a shárú.

47. —(1) Ní thiomáinfidh duine feithicil inneallghluaiste ar luas is mó ná luasteorainn a mbeidh feidhm aici maidir leis an bhfeithicil.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) San alt seo ciallaíonn “luasteorainn” luasteorainn arb éard í—

(a) gnáth-luasteorainn,

(b) an luasteorainn limistéir fhoirgnithe, nó

(c) luasteorainn speisialta.

CUID V.

Cionta Tiomána.

Tiomáint feithicil inneallghluaiste ag duine agus é namhfheidhmiúil.

48. —(1) Ní dhéanfaidh duine feithicil inneallghluaiste a thiomáint, ná thabharfaidh iarracht ar fheithicil inneallghluaiste a thiomáint, in áit phoiblí fad a bheidh, go bhfios dó féin, aon ghalar nó míchumas coirp nó aigne air ar dealraitheach dó a bheith ina chúis le tiomáint na feithicle aige in áit phoiblí a bheith ina ábhar contúirte don phobal.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear, más é an chéad chion aige é, fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile agus, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, fíneáil nach mó ná caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Feithicil inneallghluaiste a thiomáint ag duine agus é faoi bhrí dí meisciúla nó druga.

1907, c. 17.

49. —(1) Ní dhéanfaidh duine feithicil inneallghluaiste a thiomáint, ná ní thabharfaidh iarracht ar fheithicil inneallghluaiste a thiomáint, in áit phoiblí agus é faoi bhrí dí meisciúla nó druga an oiread sin go bhfuil sé neamhchumasach ar an bhfeithicil a choimeád faoi riar cheart.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí a chur air nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná céad punt nó an phríosúnacht sin agus an fhíneáil sin le chéile.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907, maidir le cion faoin alt seo.

(4) I gcás inarb é tuairim chomhalta den Gharda Síochána go bhfuil duine ag déanamh ciona, nó go ndearna sé cion, faoin alt seo, féadfaidh sé an duine a ghabháil gan barántas.

Duine a bheith i bhfeighil feithicil inneallghluaiste agus é faoi bhrí dí meisciúla nó druga.

1872, c. 94.

50. —(1) San alt seo ciallaíonn “neamhfheidhmiúil” duine a bheith an oiread sin faoi bhrí dí meisciúla nó druga go bhfuil sé neamhchumasach ar fheithicil inneallghluaiste a choimeád faoi riar cheart.

(2) Aon duine a bheidh, agus é i bhfeighil feithicil inneallghluaiste a bheidh in áit phoiblí le hintinn an fheithicil a thiomáint nó iarracht a thabhairt ar í a thiomáint, ach nach mbeidh ag tiomáint na feithicle ná ag tabhairt iarracht ar í a thiomáint, neamhfheidhmiúil chun an fheithicil a thiomáint, beidh sé ciontach i gcion.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air más é an chéad chion aige é nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile agus, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, fíneáil nach mó ná caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(4) In ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir—

(a) gurb amhlaidh a bhí na himthosca an t-am ábhartha nár dhóigh ar aon chor go dtiomáinfeadh sé an fheithicil inneallghluaiste an fad a bheadh sé neamhfheidhmiúil chun tiomána, agus

(b) nár thiomáin sé an fheithicil in áit phoiblí idir an t-am a d'éirigh sé neamhfheidhmiúil chun tiomána agus an t-am ábhartha,

go raibn ar intinn aige an fheithicil inneallghluaiste a thiomáint nó iarracht a thabhairt ar í a thiomáint.

(5) Aon duine a ndlífear é a chúiseamh i gcion faoin alt seo, ní dhlífear é a chúiseamh, faoi threoir an teagmhais chéanna, faoi alt 12 den Licensing Act, 1872, i gcion a bheith ar meisce agus é i bhfeighil carráiste ar bhóthar mór nó in áit phoiblí eile.

(6) I gcás inarb é tuairim chomhalta den Gharda Síochána go bhfuil duine ag déanamh ciona, nó go ndearna sé cion, faoin alt seo, féadfaidh sé an duine a ghabháil gan barántas.

(7) I gcás duine a chiontófar i gcion faoin alt seo a bheith arna chiontú roimhe sin faoi alt 49 den Acht seo nó faoi alt 30 den Acht aisghairthe, déileálfar leis chun críocha an ailt seo mar dhuine a ciontaíodh roimhe sin i gcion faoin alt seo.

Feithicil ainmhítharringte nó rothar cos a thiomáint ag duine agus é faoi bhrí dí meisciúla nó druga.

1872, c. 94.

51. —(1) In áit phoiblí—

(a) ní dhéanfaidh duine feithicil ainmhí-tharraingte a thiomáint ná iarracht a thabhairt ar fheithicil ainmhítharraingte a thiomáint ná ní bheidh sé i bhfeighil feithicle ainmhí-tharraingte, ná

(b) ní dhéanfaidh duine rothar cos a thiomáint ná iarracht a thabhairt ar rothar cos a thiomáint,

agus é an oiread sin faoi bhrí dí meisciúla nó druga go bhfuil sé neamhchumasach ar an bhfeithicil nó an rothar a choimeád faoi riar cheart.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air más é an chéad chion aige é nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile agus, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, fíneáil nach mó ná caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(3) Aon duine a ndlífear é a chúiseamh i gcion faoin alt seo, ní dhlífear é a chúiseamh, faoi threoir an teagmhais chéanna, faoi alt 12 den Licensing Act, 1872, i gcion a bheith ar meisce agus é i bhfeighil carráiste ar bhóthar mór nó in áit phoiblí eile.

(4) I gcás inarb é tuairim chomhalta den Gharda Síochána go bhfuil duine ag déanamh ciona, nó go ndearna sé cion, faoin alt seo, féadfaidh sé an duine a ghabháil gan barántas.

Tiomáint neamhaireach.

52. —(1) Ní thiomáinfidh duine feithicil in áit phoiblí gan aire agus cúram ceart, nó gan aird chuí ar dhaoine eile a bheidh ag úsáid na háite.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Tiomáint chontúirteach.

1861, c. 100.

53. —(1) Ní thiomáinfidh duine feithicil in áit phoiblí ar luas ná i slí a bheidh, ag féachaint d'imthosca uile an cháis (ar a n-áirítear cineál, staid agus úsáid na háite sin agus an méid tráchta a bheidh san áit an uair sin nó a bhféadfaí le réasún súil a bheith lena bheith ann an uair sin) contúirteach don phobal.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus—

(a) i gcás ina mbeidh an sárú ina chúis báis nó mórdhíobhála coirp do dhuine eile, dlífear, ar é a chiontú ar dhíotáil, pianseirbhís a chur air ar feadh aon téarma nach faide ná cúig bliana nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó an phianseirbhís sin agus an fhíneáil sin le chéile, agus

(b) in aon chás eile, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(3) In ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, ní cosaint é a chruthú nach raibh an luas ar a raibh an duine cúisithe ag tiomáint níos mó ná an ghnáth-luasteorainn, an luasteorainn limistéir fhoirgnithe nó an luasteorainn speisialta a raibh feidhm aici maidir leis an bhfeithicil.

(4) Más rud é, nuair a thriailfear duine ar dhíotáil nó go hachomair mar gheall ar chion faoin alt seo, gurb é tuairim an ghiúiré, nó i gcás trialach achoimre, tuairim na Cúirte Dúiche, nach raibh sé ciontach i gcion faoin alt seo ach go raibh sé ciontach i gcion faoi alt 52 den Acht seo, féadfaidh an giúiré nó an chúirt a chinneadh go raibh sé ciontach i gcion faoi alt 52 den Acht seo agus féadfar pianbhreith a chur air dá réir sin.

(5) Aon duine a ndlífear é a chúiseamh i gcion faoin alt seo, ní dhlífear é a chúiseamh, faoi threoir an teagmhais chéanna, i gcion faoi alt 35 den Offences against the Person Act, 1861.

(6) I gcás inarb é tuairim chomhalta den Gharda Síochána go ndearna duine cion faoin alt seo agus gur chúis bháis nó mórdhíobhála coirp do dhuine eile an sárú sin, féadfaidh sé an duine chéadluaite a ghabháil gan barántas.

Feithicil ar a bhfuil locht contúirteach a thiomáint.

54. —(1) Aon duine a thiomáinfidh feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí agus locht ar an bhfeithicil is eol don duine sin nó d'fhéadfadh sé a fháil amach dá nglacfadh sé gnáth-aire agus is locht gur contúirt don phobal an fheithicil agus í ag gluaiseacht, beidh sé ciontach i gcion.

(2) I gcás ina dtiomáinfear feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí agus locht ar an bhfeithicil is eol dá húinéir nó d'fhéadfadh sé a fháil amach dá nglacfadh sé gnáth-aire agus is locht gur contúirt don phobal an fheithicil agus í ag gluaiseacht, beidh an t-úinéir sin ciontach i gcion.

(3) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoi fho-alt (2) den alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh gur duine eile a bhí ag tiomáint na feithicle ar an ócáid sin agus nár údaraíodh an tiomáint sin.

(4) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Feithicil a locadh i suíomh contúirteach.

55. —(1) Ní dhéanfaidh duine feithicil a locadh in áit phoiblí i suíomh ná ar staid ná in imthosca ar dóigh dó a bheith ina chúis contúirte do dhaoine eile a bheidh ag úsáid na háite.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear—

(a) i gcás—

(i) an chéad chiona, má ba thréimhse laistigh d'uaireanna soilsiúcháin (arna ndearbhú le rialachán faoi alt 11 den Acht seo) nár chomhlíon an fheithicil lena linn na ceanglais a fhorchuirtear le dlí maidir le soilsiúchán agus le frithchaiteoirí aon chuid de thréimhse an tsáraithe, nó

(ii) an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin,

fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, agus

(b) in aon chás eile—fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(3) Mura mbeidh agus an fad nach mbeidh, tar éis an t-alt seo teacht i ngníomh, aisghairm Chuid X den Acht aisghairthe leis an Acht seo tagtha i ngníomh, cuirfear “(de réir bhrí an Achta aisghairthe)” i bhfomhír (i) de mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo in ionad “(arna ndearbhú le rialacháin faoi alt 11 den Acht seo)”.

CUID VI.

Árachas Éigeantach i gCás Feithiclí Inneallghluaiste.

É bheith d'oibleagáid a bheith faoi árachas nó faoi ráthaíocht.

56. —(1) Ní úsáidfidh duine (dá ngairtear an t-úsáidire san fho-alt seo) feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí mura rud é go mbeadh árachóir feithicle, ráthóir feithicle nó duine eiscthe faoi dhliteanas i leith díobhála a thiocfadh d'é d'úsáid na feithicle sin go faillíoch an t-am sin nó mura mbeidh i bhfeidhm an t-am sin—

(a) polasaí árachais formheasta faoina mbeidh an t-úsáidire, nó duine éigin eile a bheadh faoi dhliteanas i leith díobhála a thiocfadh den úsáidire sin d'úsáid na feithicle go faillíoch an t-am sin, faoi árachas in aghaidh na suimeanna uile gan teorainn (ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt anseo ina dhiaidh seo) a dtiocfaidh an t-úsáidire sin nó a ionadaí pearsanta nó an duine eile sin nó a ionadaí pearsanta chun bheith faoi dhliteanas a íoc le duine ar bith (gan na daoine eiscthe a áireamh) i modh damáistí nó costas mar gheall ar dhíobháil don phearsa nó do mhaoin de dhroim an t-úsáidire d'úsáid na feithicle sin go faillíoch an t-am sin, nó

(b) ráthaíocht formheasta faoina ráthaítear go n-íocfaidh an t-úsáidire, nó duine éigin eile a bheadh faoi dhliteanas i leith díobhála a thiocfadh den úsáidire sin d'úsáid na feithicle sin go faillíoch an t-am sin, na suimeanna uile gan teorainn (ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt anseo ina dhiaidh seo) a dtiocfaidh an t-úsáidire sin nó a ionadaí pearsanta nó an duine eile sin nó a ionadaí pearsanta chun bheith faoi dhliteanas a íoc le duine ar bith (gan na daoine eiscthe a áireamh) i modh damáistí nó costas mar gheall ar dhíobháil don phearsa nó do mhaoin de dhroim an t-úsáidire d'úsáid na feithicle sin go fáillíoch an t-am sin.

(2) An t-árachas nó an ráthaíocht is gá de réir an ailt seo, féadfaidh sé a bheith faoi réir na teorann seo a leanas agus na heisceachta seo a leanas nó faoi réir ceachtar acu:

(a) féadfaidh sé, sa mhéid go mbainfidh sé le díobháil do mhaoin, suim míle punt de theorainn a bheith leis i leith díobhála de dhroim aon ghníomh áirithe amháin faillí nó aon sraith áirithe amháin gníomhartha faillí ar aon teagmhas amháin iad le chéile,

(b) féadfar aon dliteanas (de bhreis ar an dliteanas a bhainfidh leis an gcás faoin dlí coiteann nó an dliteanas reachtúil a bhainfidh leis an gcás) faoina rachaidh an t-árachaí nó an príomh-fhéichiúnach trí chonradh speisialta a eisceadh ón dliteanas a bheidh faoina chumhdach.

(3) I gcás ina sáróidh duine fo-alt (1) den alt seo, beidh sé féin agus, murab eisean úinéir na feithicle, an t-úinéir sin, ciontach, iad araon, i gcion, agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(4) Más rud é, in ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, go suífear gur tharla, ar éileamh a dhéanamh faoi alt 69 den Acht seo—

(a) gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh an duine ar a ndearnadh an t-éileamh deimhniú árachais, deimhniú ráthaíochta nó deimhniú díolmhaithe a thabhairt ar aird an t-am sin agus san áit sin, nó

(b) gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh an duine sin, tar éis dó an ceadúnas sin a thabhairt ar aird de dhroim an éilimh, a cheadú don chomhalta den Gharda Síochána dar tugadh an deimhniú sin ar aird é a léamh agus a scrúdú,

toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, go raibh an fheithicil á húsáid contrártha don alt seo.

(5) I gcás inarb é úinéir na feithicle duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh don duine a shuíomh go raibh an fheithicil á húsáid gan a thoiliú agus go raibh gach cúram réasúnach glactha aige chun nach n-úsáidfí í nó go raibh sí á húsáid ag a sheirbhíseach ag gníomhú contrártha dá orduithe.

(6) I gcás inar sheirbhíseach d'úinéir na feithicle duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh don duine a shuíomh go raibh an fheithicil á húsáid aige de réir orduithe sainráite ón úinéir.

Fíneáil in ionad damáistí agus príosúnacht dteannta damáistí.

57. —(1) I gcás—

(a) inar deimhin leis an gcúirt, ar dhuine a chiontú i gcion faoin alt díreach roimhe seo, go ndearnadh díobháil don phearsa nó do mhaoin tríd an bhfeithicil ar maidir léi a rinneadh an cion a úsáid go faillíoch ar an ócáid a rinneadh an cion, agus

(b) inarb é tuairim na cúirte go mbeadh teideal ag duine éigin a bheidh i láthair nó a mbeidh ionadaí dó i láthair an t-am sin damáistí i leith na díobhála a ghnóthú i gcaingean sibhialta i gcoinne an duine chiontaithe,

féadfaidh an chúirt, más oiriúnach léi agus más thoilíonn an duine a bheidh i láthair nó a mbeidh ionadaí dó i láthair leis, fíneáil nach mó ná na damáistí a mbeadh an duine a bheidh i láthair nó a mbeidh ionadaí dó i láthair i dteideal a ghnóthú, i dtuairim na cúirte, i gcoinne an duine chiontaithe a chur ar an duine ciontaithe i dteannta aon phionóis eile.

(2) I gcás ina ngearrfar fíneáil faoi fho-alt (1) den alt seo ar dhuine ciontaithe—

(a) féadfaidh an chúirt a ghearrfaidh an fhíneáil aon téarma príosúnachta nach faide ná sé mhí a chur ar an duine ciontaithe mura n-íocfar an fhíneáil laistigh de cibé am, nach giorra ná ceithre lá dhéag, a cheapfaidh an chúirt,

(b) íocfar méid na fíneála leis an duine ar de dhroim a chirt chun damáistí a ghnóthú a gearradh an fhíneáil agus, má bhíonn níos mó ná duine amháin den sórt sin ann, i cibé cionúireachtaí a ordóidh an chúirt,

(c) beidh íoc na fíneála ag an duine ciontaithe ina chosaint mhaith i gcoinne aon chaingean shibhialta a thabharfaidh aon duine lenar íocadh an fhíneáil nó aon chuid di amhlaidh i leith na díobhála ar mar gheall uirthi a cuireadh an fhíneáil,

(d) gan dochar d'aon cheart achomhairc a bheidh ag aon duine eile, beidh ag an duine nó ag aon duine de na daoine lena ndéanfar an fhíneáil iníoctha ceart achomhairc (a bheidh teorannaithe ionas nach mbainfidh sé ach le hábhar amháin nó níos mó acu seo a leanas, is é sin le rá, méid na fíneála agus an duine lena mbeidh sé iníoctha agus na cionúireachtaí ina mbeidh sé iníoctha) chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda ar laistigh dá chuaird a bheidh dúiche nó aon chuid de dhúiche an Bhreithimh den Chúirt Dúiche a chuir an fhíneáil, agus is breith chríochnaitheach breith an Bhreithimh sin den Chúirt Chuarda ar an achomharc.

(3) I gcás ina ngnóthófar damáistí i gcaingean shibhialta i gcoinne duine a ciontaíodh i gcion faoin alt díreach roimhe seo i leith díobháil don phearsa nó do mhaoin tríd an bhfeithicil inneallghluaiste ar maidir léi a rinneadh an cion a úsáid go faillíoch ar an ócáid a rinneadh an cion, féadfaidh an chúirt ar os a comhair a ghnóthófar na damáistí, mura n-íocfar na damáistí laistigh de cheithre lá dhéag nó cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh an chúirt, a ordú an duine ar gnóthaíodh na damáistí ina choinne a ghlacadh i gcoimeád láithreach agus a phríosúnú go ceann cibé tréimhse acu seo a leanas is giorra, is é sin le rá, go ceann sé mhí ó ghabhfar an duine nó, d'eile, go dtí go n-íocfaidh sé méid na ndamáistí leis an duine a ghnóthaigh iad agus go dtaiscfidh sé sa chúirt, i modh urraíochta go n-íocfar na costais a bheidh gnóthaithe ag an duine sin sa chaingean, cibé suim (más aon suim é) a shocróidh an chúirt.

(4) Ní bhaineann an t-alt seo ach le díobháil a gceanglaítear leis an Acht seo polasaí árachais formheasta nó ráthaíocht formheasta i gcoinne dliteanais a thógáil amach ina leith.

Arachóir feithicle.

1936, Uimh. 45 .

58. —San Acht seo, ciallaíonn “árachóir feithicle”, faoi réir fho-alt (1) d'alt 78 den Acht seo—

(a) cuideachta árachais de réir bhrí alt 3 den Acht Arachais, 1936 , a sheolann gnó árachais feithicle inneallghluaiste de réir bhrí an ailt sin, nó

(b) siondacáit de réir bhrí an ailt sin a sheolann an gnó sin.

Ráthóir feithicle.

59. —San Acht seo, ciallaíonn “ráthóir feithicle”, faoi réir fho-alt (2) d'alt 78 den Acht seo, duine—

(a) nach árachóir feithicle, agus

(b) a sheolann gnó ag eisiúnt ráthaíochtaí formheasta, agus

(c) a thaisc agus a choimeádann taiscthe le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais an éarlais a údaraítear leis an gCuid seo den Acht seo do dhaoine a thaisceadh a bheartaíonn gnó a sheoladh ag eisiúint ráthaíochtaí formheasta.

Duine díolmhaithe.

60. —Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “duine díolmhaithe”, faoi réir fho-alt (3) d'alt 78 den Acht seo, duine—

(a) nach árachóir feithicle ná ráthóir feithicle, agus

(b) a thaisc agus a choimeádann taiscthe le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais an éarlais a údaraítear leis an gCuid seo den Acht seo do dhaoine a thaisceadh ar mian leo a bheith ina ndaoine díolmhaithe.

Earlaisí ó ráthóirí feithicle agus ó dhaoine díolmhaithe.

61. —(1) Féadfaidh duine (seachas árachóir feithicle) a bheartóidh gnó a sheoladh ag eisiúint ráthaíochtaí formheasta nó ar mian leis a bheith ina dhuine díolmhaithe suim cúig mhíle dhéag punt a thaisceadh agus a choimeád taiscthe le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais.

(2) Déanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais suim a thaiscfear leis faoin alt seo a infheistiú i cibé urrús nó urrúis a mbeidh sé údaraithe de réir dlí cistí san Ard-Chúirt a infheistiú iontu a ordóidh an taisceoir, agus déanfar an t-ioncam a fhaibhreoidh as na húrrúis sin a íoc leis an taisceoir.

(3) Ní ghlacfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais le héarlais faoin alt seo ach amháin ar bharántas ón Aire Tionscail agus Tráchtála.

(4) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála rialacha a dhéanamh i dtaobh iarratais ar bharántais chun críocha an ailt seo, i dtaobh éarlaisí a íoc agus iad a infheistiú nó déileáil leo, i dtaobh stoic, scaireanna nó urrúis eile a thaisceadh in ionad airgid, i dtaobh an ioncam a íoc a fhaibhreoidh ó am go ham ar urrúis ina mbeidh éarlaisí taiscthe de thuras na huaire agus i dtaobh éarlaisí a tharraingt amach nó a aistriú.

Polasaí árachais formheasta.

62. —(1) Is polasaí árachais formheasta chun críocha an Achta seo polasaí má chomhlíonann sé agus ar an gcuntar go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

(a) go bhfuil sé arna eisiúint ag árachóir feithicle chun duine (dá ngairtear an t-árachaí san Acht seo) atá ainmnithe ann;

(b) go gcuireann an t-árachóir a d'eisigh é é féin faoi cheangal leis an t-árachaí a árachú i gcoinne na suimeanna uile gan teorainn a dtiocfaidh an t-árachaí nó a ionadaí pearsanta faoi dhliteanas a íoc le duine ar bith (gan na daoine eiscthe a áireamh) i modh damáistí nó costas mar gheall ar dhíobháil don phearsa nó do mhaoin de dhroim an t-árachaí nó aon daoine eile (más ann) dá luaitear nó a chuirtear in iúl ar shlí eile chuige sin sa pholasaí d'úsáid go faillíoch feithicil inneallghluaiste lena mbaineann an polasaí i rith na tréimhse (dá ngairtear “tréimhse an chumhdaigh” san Acht seo) a shonraítear chuige sin sa pholasaí;

(c) nach bhfuil dliteanas an árachóra faoin bpolasaí faoi réir aon choinníoll, srian, ná teorainn a bhforordaítear gan é a chur isteach i bpolasaí árachais formheasta; agus

(d) nach féidir leis an árachóir, ach amháin le toiliú an árachaí nó tar éis fógra seacht lá a thabhairt i scríbhinn don árachaí, tréimhse an chumhdaigh a fhoirceannadh roimh éag di trí imeacht aimsire.

(2) Ní bheidh polasaí árachais a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo coiscthe ó bheith ina pholasaí árachais formheasta amháin de dhroim forálacha a bheith ann i dteannta na bhforálacha a cheanglaítear leis na coinníollacha sin agus nach bhfuil ar neamhréir leis na forálacha sin.

(3) Ní bheidh polasaí árachais coiscthe ó bheith ina pholasaí árachais formheasta amháin de dhroim an t-árachas a bheith faoi réir na teorann seo a leanas agus na heisceachta seo a leanas nó faoi réir ceachtar acu:

(a) suim míle punt de theorainn a bheith leis i leith díobháil a thiocfaidh d'aon ghníomh áirithe amháin faillí nó d'aon sraith áirithe amháin gníomhartha faillí ar aon teagmhas amháin iad le chéile,

(b) aon dliteanas (de bhreis ar an dliteanas a bhaineann leis an gcás faoin dlí coiteann nó an dliteanas reachtúil a bhaineann leis an gcás) faoina rachaidh an t-árachaí trí chonradh speisialta a eisceadh ón bpolasaí árachais sin.

Ráthaíocht formheasta.

1936, Uimh. 45 .

63. —(1) Is ráthaíocht formheasta chun críocha an Achta seo ráthaíocht má chomhlíonann sí agus ar an gcuntar go gcomhlíonann sí na coinníollacha seo a leanas:

(a) go bhfuil sí arna heisiúint ag árachóir feithicle nó ráthóir feithicle chun duine (dá ngairtear an príomhfhéichiúnaí san Acht seo) atá ainmnithe inti;

(b) go gcuireann an t-árachóir nó an ráthóir a d'eisigh í é féin faoi cheangal léi a urrú go n-íocfaidh an príomhfhéichiúnaí nó a ionadaí pearsanta na suimeanna uile gan teorainn a dtiocfaidh an príomh-fhéichiúnaí nó a ionadaí pearsanta faoi dhliteanas a íoc le duine ar bith (gan na daoine eiscthe a áireamh) i modh damáistí nó costas mar gheall ar dhíobháil don phearsa nó do mhaoin de dhroim an príomh-fhéichiúnaí nó aon daoine eile (más ann) dá luaitear nó a chuirtear in iúl ar shlí eile chuige sin sa ráthaíocht d'úsáid go faillíoch feithicil inneallghluaiste lena mbaineann an ráthaíocht i rith na tréimhse (dá ngairtear “tréimhse an chumhdaigh” an Acht seo) a shonraítear chuige sin sa ráthaíocht;

(c) nach bhfuil an dliteanas atá faoin ráthaíocht ar an árachóir nó ar an ráthóir a d'eisigh an ráthaíocht faoi réir aon choinníoll, srian ná teorainn a bhforordaítear gan é a chur isteach i ráthaíocht formheasta; agus

(d) nach féidir leis an árachóir ná leis an ráthóir, ach amháin le toiliú an phríomh-fhéichiúnaí nó tar éis fógra seacht lá i scríbhinn a thabhairt don phríomh-fhéichiúnaí, tréimhse an chumhdaigh a fhoirceannadh roimh éag di trí imeacht aimsire.

(2) Ní bheidh ráthaíocht a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo coiscthe ó bheith ina ráthaíocht formheasta amháin de dhroim forálacha a bheith inti i dteannta na bhforálacha a cheanglaítear leis na coinníollacha sin agus nach bhfuil ar neamhréir leis na forálacha sin.

(3) Ní bheidh ráthaíocht coiscthe ó bheith ina ráthaíocht formheasta amháin de dhroim an ráthaíocht a bheith faoi réir na teorann agus na heisceachta seo a leanas nó faoi réir ceachtar acu:

(a) suim míle punt de theorainn a bheith léi i leith díobháil a thiocfaidh d'aon ghníomh áirithe amháin faillí nó d'aon sraith áirithe amháin gníomhartha faillí ar aon teagmhas amháin iad le chéile,

(b) aon dliteanas (de bhreis ar an dliteanas a bhaineann leis an gcás faoin dlí coiteann nó an dliteanas reachtúil a bhaineann leis an gcás) faoina rachaidh an príomhfhéichiúnaí trí chonradh speisialta a eisceadh ón ráthaíocht sin.

(4) Chun críocha ailt 25, 26 agus 27 den Acht Arachais, 1936 , féachfar ar ráthaíocht formheasta a d'eisigh árachóir feithicle ionann agus dá mba pholasaí í a d'eisigh an t-árachóir i gcúrsa a bheith ag seoladh gnó árachais feithicle inneallghluaiste de réir bhrí alt 3 den Acht sin.

Calaois le linn polasaí nó ráthaíocht a fháil.

64. —(1) Ní dhéanfaidh aon duine, d'fhonn a thabhairt ná i gcúrsa a bheith á thabhairt go n-eiseofar polasaí árachais formheasta nó ráthaíocht formheasta chuige féin nó chun duine eile, nó chun a áirithiú go mbeidh sé féin nó duine eile páirteach sa chumhdach faoi pholasaí árachais formheasta nó faoi ráthaíocht formheasta, aon chalaois ná aon uiríoll ná ráiteas (i scríbhinn ná ó bhéal ná ó iompar) is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(3) In ionchúiseamh i leith ciona faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfar doiciméad—

(a) a airbheartóidh—

(i) gur togra é is foras don chonradh iomchuí árachais nó ráthaíochta,

(ii) gur doiciméad (seachas togra) é arb é an foras sin é, nó

(iii) gurb iarratas é ar bheith páirteach sa chumhdach ón gconradh iomchuí árachais nó ráthaíochta, agus

(b) a airbheartóidh a bheith sínithe ag an gcosantóir,

a thairiscint i bhfianaise gan chruthú agus toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, gurb é an togra nó an doiciméad a dúradh é agus é a bheith sínithe ag an gcosantóir.

Daoine eiscthe.

65. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “daoine eiscthe” na daoine seo a leanas:

(a) aon duine atá ag éileamh i leith díobháil don phearsa a tharla dó féin le linn dó a bheith i bhfeithicil inneallghluaiste, nó ar fheithicil inneallghluaiste, lena mbaineann an doiciméad iomchuí, seachas feithicil inneallghluaiste d'aicme atá sonraithe ag an Aire chun críocha an ailt seo le rialacháin,

(b) aon duine atá ag éileamh i leith díobháil don phearsa do dhuine eile más rud é—

(i) i gcás ina bhfuair an duine eile bás den díobháil— go mbeadh an duine eile, agus a chur i gcás nach bhfuair sé bás den díobháil, ina dhuine eiscthe faoi mhír (a) den fho-alt seo, dá mbeadh sé féin ag éileamh i leith na díobhála, agus

(ii) in aon chás eile—go mbeadh an duine ina dhuine eiscthe den sórt sin dá mbeadh sé ag éileamh amhlaidh,

(c) aon duine atá ag éileamh i leith díobháil do mhaoin a tharla le linn an mhaoin a bheith i bhfeithicil inneallghluaiste nó ar fheithicil inneallghluaiste lena mbaineann an doiciméad iomchuí,

(d) aon duine atá ag éileamh i leith díobháil do mhaoin a tharla le linn an mhaoin a bheith ar úinéireacht nó i seilbh nó i gcoimeád nó faoi urláimh an árachaí nó an phríomh-fheichiúnaí sa doiciméad iomchuí,

(e) aon duine atá ag éileamh i leith díobháil d'aon droichead meáchain nó d'aon bhóthar nó d'aon rud in éadan bóthair de dhroim meáchan feithicil inneallghluaiste, nó de dhroim chrioth a rinne feithicil inneallghluaiste, lena mbaineann an doiciméad iomchuí,

(f) aon duine atá ag éileamh i leith díobháil do mhaoin a tharla de dhroim coire pléascadh is cuid d'fheithicil inneallghluaiste lena mbaineann an doiciméad iomchuí nó de dhroim spréacha nó luaithe a tháinig as aon fheithicil den sórt sin, agus

(g) aon duine ag éileamh i leith díobháil dó féin nó d'aon duine eile a mbeadh teideal aige éileamh a dhéanamh ina leith i gcoinne an árachaí nó an phriomhfhéichiúnaí sa doiciméad iomchuí agus cúiteamh nó faoiseamh eile a dhámhadh dó faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955.

(2) San alt seo—

(a) ciallaíonn “doiciméad iomchuí” an polasaí árachais formheasta nó an ráthaíocht formheasta ar ina thaobh a úsáidtear an abairt “daoine eiscthe”, agus

(b) folaíonn tagairtí do dhíobháil a tharla le linn a bheith i bhfeithicil nó ar fheithicil díobháil le linn a bheith ag dul isteach san fheithicil nó ag dul suas ar an bhfeithicil nó le linn a bheith ag tuirlingt di nó le linn duine nó maoin a bheith á chur isteach san fheithicil nó uirthi nó á thógáil amach aisti nó anuas di, agus díobháil a tharla de dheasca duine nó maoin a chaitheamh amach as an bhfeithicil nó anuas di.

Deimhniú árachais agus deimhniú ráthaíochta.

66. —(1) I gcás ina n-eiseoidh árachóir feithicle polasaí árachais formheasta, tabharfaidh sé don duine chun a n-eiseofar é an uimhir forordaithe deimhnithe (a ngairtear deimhniú árachais de gach ceann acu san Acht seo) san fhoirm fhorordaithe ag deimhniú gur eisíodh an polasaí sin agus ag tabhairt a shonraí forordaithe.

(2) I gcás ina n-eiseoidh árachóir feithicle nó ráthóir feithicle ráthaíocht formheasta, tabharfaidh sé don duine chun a n-eiseofar í an uimhir forordaithe deimhnithe (a ngairtear deimhniú ráthaíochta de gach ceann acu san Acht seo) san fhoirm fhorordaithe ag deimhniú gur eisíodh an ráthaíocht sin agus ag tabhairt a sonraí forordaithe.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é a bheidh in athnuachan ar pholasaí árachais formheasta nó ar ráthaíocht formheasta an polasaí sin nó an ráthaíocht sin a eisiúint.

Eifeacht deimhniú árachais nó ráthaiochta.

67. —(1) I gcás ina mbeidh árachóir feithicle tar éis deimhniú árachais a eisiúint á dheimhniú gur eisigh sé polasaí árachais formheasta chun duine shonraithe—

(a) mura mbeidh agus an fad nach mbeidh aon pholasaí den sórt a thuairiscítear sa deimhniú eisithe, measfar an t-árachóir a bheith, idir é féin agus aon duine eile seachas an duine sonraithe, tar éis polasaí árachais formheasta, a bheidh i ngach slí de réir na tuairisce agus na sonraí a bheidh sa deimhniú, a eisiúint chun an duine shonraithe, agus

(b) má bhíonn an t-árachóir tar éis polasaí mar a thuairiscítear sa deimhniú a eisiúint chun an duine shonraithe ach gur lú tairbhe téarmaí iarbhír an pholasaí do dhaoine a dhéanfaidh éileamh faoi réim nó de bhua an pholasaí i gcoinne an árachóra, go díreach nó tríd an duine sonraithe, ná sonraí an pholasaí mar a thugtar sa deimhniú, measfar, idir an t-árachóir agus aon duine eile seachas an duine sonraithe, an polasaí a bheith i dtéarmaí atá i ngach slí de réir na sonraí sin.

(2) I gcás ina mbeidh árachóir feithicle nó ráthóir feithicle tar éis deimhniú ráthaíochta a eisiúint á dheimhnú gur eisigh sé ráthaíocht formheasta chun duine shonraithe—

(a) mura mbeidh agus an fad nach mbeidh aon ráthaíocht den sórt a thuairiscítear sa deimhniú eisithe, measfar an t-árachóir nó an ráthóir a bheith, idir é féin agus aon duine eile seachas an duine sonraithe, tar éis ráthaíocht formheasta i dtéarmaí a bheidh i ngach slí de réir na tuairisce agus na sonraí a thugtar sa deimhniú, a eisiúint chun an duine shonraithe, agus

(b) má bhíonn an t-árachóir nó an ráthóir tar éis ráthaíocht mar a thuairiscítear sa deimhniú a eisiúint chun an duine shonraithe ach gur lú tairbhe téarmaí íarbhír na ráthaíochta do dhaoine a dhéanfaidh éileamh faoi réim nó de bhua na ráthaíochta i gcoinne an árachóra nó an ráthóra, go díreach nó tríd an duine sonraithe, ná sonraí na ráthaíochta mar a thugtar sa deimhniú, measfar, idir an t-árachóir nó an ráthóir agus aon duine eile seachas an duine sonraithe, an ráthaíocht a bheith i dtéarmaí atá i ngach slí de réir na sonraí sin.

(3) Ní fhágfaidh aon ní san alt seo go ndlífear aon dleacht stampa a íoc ar dheimhniú árachais ná ar dheimhniú ráthaíochta nach ndlífí a íoc air dá mbeifí gan an t-alt seo a achtú.

Deimhniú diolúine.

1936, Uimh. 45 .

68. —(1) Féadfaidh árachóir feithicle, ráthóir feithicle nó duine díolmhaithe tráth ar bith deimhniú amháin nó níos mó (a ngairtear deimhniú díolúine de gach ceann acu san Acht seo) san fhoirm fhorordaithe a eisiúint i leith aon fheithicil inneallghluaiste a bheidh ar úinéireacht aige ag deimhniú gurb é úinéir na feithicle é agus ag tabhairt na sonraí forordaithe maidir lena dhliteanas i leith díobháil a thiocfaidh den fheithicil a úsáid go faillíoch.

(2) Chun críocha ailt 25, 26 agus 27 den Acht Arachais, 1936 , féachfar ar dheimhniú díolúine a d'eisigh árachóir feithicle ionann agus dá mba pholasaí é a d'eisigh an t-árachóir i gcúrsa gnó árachais feithicle inneallghluaiste a sheoladh de réir bhrí alt 3 den Acht sin.

Deimhniú a thabhairt ar aird ar éileamh.

69. —(1) (a) Má bhíonn cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint gur úsáideadh feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí ar ócáid áirithe (lena n-áirítear cás inar thug an comhalta féin faoi deara an úsáid) agus gur duine áirithe a d'úsáid an fheithicil iarbhír ar an ócáid sin, féadfaidh an comhalta, am ar bith nach déanaí ná mí tar éis na hócáide, a éileamh ar an duine deimhniú árachais nó deimhniú ráthaíochta nó deimhniú díolúine i leith úsáid na feithicle ag an duine ar an ócáid a thabhairt ar aird agus, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine aon deimhniú den sórt sin a thabhairt ar aird san am sin agus san áit sin, beidh sé ciontach i gcion mura ndéanfaidh sé, laistigh de dheich lá tar éis an lae a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird, an deimhniú sin a thabhairt ar aird go pearsanta do chomhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána a d'ainmnigh an duine sin an t-am a éilíodh amhlaidh an deimhniú a thabhairt ar aird.

(b) In ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nach ndearna sé, laistigh de dheich lá tar éis an lae a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird, an deimhniú a thabhairt ar aird go pearsanta do chomhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána a d'ainmnigh an cosantóir an t-am a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird.

(c) Is cosaint mhaith é in ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo má shuíonn an cosantóir maidir leis an ócáid a bheidh i gceist—

(i) nár úsáid sé an fheithicil, nó

(ii) gur sheirbhíseach d'úinéir na feithicle é agus go raibh an fheithicil á húsáid aige de réir orduithe sainráite ón úinéir.

(2) (a) Má bhíonn cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a cheirdiúint gur úsáideadh feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí ar ócáid áirithe (lena n-áirítear cás inar thug an comhalta féin faoi deara an úsáid) féadfaidh an comhalta, tráth ar bith nach déanaí ná mí tar éis na hócáide, a éileamh ar úinéir na feithicle deimhniú árachais nó deimhniú ráthaíochta nó deimhniú díolúine i leith úsáid na feithicle ar an ócáid ag an duine a bhí á húsáid iarbhír an tráth sin a thabhairt ar aird agus, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an t-úinéir aon deimhniú den sórt sin a thabhairt ar aird san am sin agus san áit sin, beidh sé ciontach i gcion mura ndéanfaidh sé, laistigh de dheich lá tar éis an lae a éilíodh air an deimhniú sin a thabhairt ar aird an deimhniú sin a thabhairt ar aird go pearsanta do chomhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána a d'ainmnigh an t-úinéir an t-am a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird.

(b) In ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nach ndearna sé, laistigh de dheich lá tar éis an lae a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird, an deimhniú a thabhairt ar aird go pearsanta do chomhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána a d'ainmnigh an cosantóir sin an tráth a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird.

(c) Is cosaint mhaith in ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo má shuíonn an cosantóir—

(i) nár úsáideadh an fheithicil ar an ócáid a bheidh i gceist, nó

(ii) gur dhuine seachas é féin a d'úsáid an fheithicil ar an ócáid a bheidh i gceist, gur úsáideadh amhlaidh í gan a cheadú agus go raibh gach cúram réasúnach glactha aige chun nach n-úsáidfí amhlaidh í nó gur sheirbhíseach dó ag gníomhú contrártha dá orduithe an duine a bhí á húsáid amhlaidh.

(3) I gcás ina dtabharfaidh duine deimhniú ar aird do chomhalta den Gharda Síochána de bhun an ailt seo ach go ndiúltóidh sé nó go mainneoidh sé a cheadú don chomhalta é a léamh agus a scrúdú, beidh sé ciontach i gcion agus féadfaidh an comhalta a ainm agus a sheoladh a éileamh air.

(4) I gcás ina ndiúltóidh nó ina mainneoidh duine a n-éileofar a ainm agus a sheoladh air faoi fho-alt (3) den alt seo a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó ina dtabharfaidh sé ainm nó seoladh a bheidh bréagach nó míthreorach beidh sé ciontach i gcion.

(5) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan barántas—

(a) a thabharfaidh deimhniú ar aird de bhun an ailt seo ach a dhiúltóidh nó a mhainneoidh a cheadú don chomhalta é a léamh agus a scrúdú, nó

(b) nuair a éileoidh an comhalta a ainm agus a sheoladh faoin alt seo, a dhiúltóidh nó a mhainneoidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó a thabharfaidh ainm agus seoladh a mbeidh cúis réasúnach ag an gcomhalta chun a chreidiúint é a bheith bréagach nó míthreorach.

É d'oibleagáid ann deimhniú a thabhairt suas.

70. —(1) I gcás ina bhfoirceannfar nó ina bhfionnrófar tréimhse an chumhdaigh faoi pholasaí árachais formheasta aon slí roimh dheireadh a theacht léi trí imeacht aimsire, déanfaidh an t-árachaí, laistigh de sheacht lá tar éis an fhoirceannta nó na fionraí, an deimhniú árachais deiridh i leith an pholasaí a sheachadadh don árachóir feithicle a d'eisigh an polasaí.

(2) I gcás ina bhfoirceannfar nó ina bhfionnrófar tréimhse an chumhdaigh faoi ráthaíocht formheasta in aon slí roimh dheireadh a theacht léi trí imeacht aimsire, déanfaidh an príomhfhéichiúnaí, laistigh de sheacht lá tar éis an fhoirceannta nó na fionraí, an deimhniú ráthaíochta deiridh i leith na ráthaíochta a sheachadadh don árachóir feithicle nó don ráthóir feithicle a d'eisigh an ráthaíocht.

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

É bheith d'oibleagáid ar an árachaí nó ar an bpríomhfhéichiúnaí fógra a thabhairt i dtaobh tionóisce.

71. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, i gcás ina dtarlóidh teagmhas maidir le feithicil inneallghluaiste ar féidir dá dheasca go ndlífeadh an t-árachóir feithicle a d'eisigh polasaí árachais formheasta, nó an t-árachóir feithicle nó an ráthóir feithicle a d'eisigh ráthaíocht formheasta, a bheidh i bhfeidhm an tráth sin i leith na feithicle, airgead a íoc le haon duine, déanfaidh an t-árachaí nó an príomh-fhéichiúnaí de réir mar a bheidh, a luaithe is féidir tar éis an teagmhas tarlú nó, murar ina láthair a tharla an teagmhas, laistigh d'ocht n-uaire is daichead an chloig tar éis dó eolas a fháil den chéad uair i dtaobh an teagmhais, fógra i scríbhinn i dtaobh an teagmhais a thabhairt don árachóir a d'eisigh an polasaí nó don árachóir nó don ráthóir a d'eisigh an ráthaíocht maraon le cibé sonraí i dtaobh an teagmhais, atá aige nó is féidir leis a fháil agus a iarrfaidh an t-árachóir nó an ráthóir de réir réasúin.

(2) Féadfaidh foráil a bheith i bpolasaí árachais formheasta nó i ráthaíocht formheasta ag saoradh an árachaí nó an phríomhfhéichiúnaí (de réir mar a bheidh) ón oibleagáid an fógra a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a thabhairt agus, in aon chás den sórt sin, ní gá an fógra sin a thabhairt.

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) Féadfar fógra nó sonraí a cheanglaítear leis an alt seo a thabhairt a thabhairt tríd an bhfógra nó na sonraí a phostáil i gclúdach a bheidh dúnta agus réamhíoctha i gceart faoi sheoladh an árachóra nó an ráthóra, agus measfar an fógra nó na sonraí a bheith tugtha laistigh den am a shonraítear san alt seo chun an fógra nó na sonraí sin a thabhairt má phostáltar amhlaidh an céanna laistigh den am sin.

É bheith d'oibleagáid ar úsáidire feithicle fógra a thabhairt i dtaobh tionóisce.

72. —(1) I gcás ina dtarlóidh teagmhas maidir le feithicil inneallghluaiste ar féidir dá dheasca go ndlífeadh an t-árachóir feithicle a d'eisigh polasaí árachais formheasta, nó an t-árachóir feithicle nó an ráthóir feithicle a d'eisigh ráthaíocht formheasta, a bheidh i bhfeidhm an tráth sin i leith na feithicle airgead a íoc le haon duine, déanfaidh an duine a bheidh ag úsáid na feithicle iarbhír nuair a tharlóidh an teagmhas—

(a) murab é féin an t-árachaí faoin bpolasaí nó an príomhfhéichiúnaí faoin ráthaíocht nó gur i láthair an árachaí nó an phríomh-fhéichiúnaí sin a tharlóidh an teagmhas, fógra i dtaobh an teagmhais agus sonraí iomlána ina thaobh a thabhairt don árachaí sin nó don phríomhfhéichiúnaí sin a luaithe is féidir tar éis an teagmhais,

(b) cibé sonraí a bheidh ar eolas nó ar fáil aige agus a iarrfaidh an t-árachóir nó an ráthóir de réir réasúin a thabhairt don árachóir nó don ráthóir, ar é dá éileamh sin.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) Féadfar fógra nó sonraí a cheanglaítear le mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo a thabhairt a thabhairt tríd an bhfógra nó na sonraí a phostáil i gclúdach a bheidh dúnta agus réamhíoctha i gceart faoi sheoladh an árachaí nó an príomh-fhéichiúnaí.

É d'oibleagáid ann eolas a thabhairt i dtaobh árachais.

73. —(1) I gcás ina ndéanfar éileamh i gcoinne duine i leith aon dliteanais is iomchuí de réir an Achta seo a bheith cumhdaithe le polasaí árachais formheasta nó le ráthaíocht formheasta, déanfaidh an duine sin, ar éileamh i scríbhinn (a sheirbheálfar leis an bpost cláraithe) ón duine a dhéanfaidh an t-éileamh nó thar a cheann—

(a) má bhí an dliteanas sin cumhdaithe amhlaidh, an fíoras sin a lua agus ainm agus seoladh an árachóra nó an ráthóra lena mbainfidh a lua agus na príomh-shonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó i bhfo-alt (2) (de réir mar is iomchuí) d'alt 66 den Acht seo,

(b) más rud é go mbeadh an dliteanas cumhdaithe amhlaidh mura mbeadh go ndearnadh polasaí árachais formheasta nó ráthaíocht formheasta a neamhniú, a chealú nó a fhoirceannadh i slí eile, an fíoras sin a lua agus ainm agus seoladh an árachóra nó an ráthóra lena mbainfidh a lua,

(c) mura raibh an dliteanas cumhdaithe amhlaidh toisc gur árachóir feithicle, ráthóir feithicle nó duine díolmhaithe an duine arb ina aghaidh a dhéanfar an t-éileamh, an fíoras sin a lua agus na sonraí forordaithe dá dtagraítear in alt 68 den Acht seo a lua, agus

(d) mura mbaineann aon cheann de na míreanna seo roimhe seo le hábhar, an fíoras sin a lua.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) Féadfar aon ráiteas a iarrfar faoin alt seo a thabhairt tríd an ráiteas a phostáil i gclúdach a bheidh dúnta agus réamhíoctha i gceart faoi sheoladh an duine a bheidh á éileamh.

Leasú ar an Assurance Companies Act, 1909.

1909, c. 49.

1936, Uimh. 45 .

74. —(1) Beidh éifeacht ag alt 1 den Assurance Companies Act, 1909, arna oiriúnú le hachtachán ina dhiaidh sin nó fúthu, ionann agus dá ndéantaí an mhír a seo leanas a chur leis i ndiaidh mír (e) de:

“(f) mechanically propelled vehicle insurance business, that is to say, the business of effecting contracts of insurance against loss of or damage to or arising out or in connection with the use of mechanically propelled vehicles, including third party risks.”

(2) I gcás ina mbeidh gnó árachais feithicle inneallghluaiste de réir bhrí alt 3 den Acht Arachais, 1936 , á sheoladh ag cuideachta árachais nó siondacáit de réir bhrí an ailt sin, beidh feidhm ag an Assurance Companies Act, 1909, arna oiriúnú le hachtacháin ina dhiaidh sin nó fúthu, maidir leis an ngnó sin, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(a) ní bheidh feidhm ag ailt 5 agus 6 den Acht sin maidir leis an gcuideachta nó an siondacáit;

(b) déanfaidh an chuideachta nó an tsiondacáit ráiteas i dtaobh a ngnó árachais feithicle inneallghluaiste a ullmhú in aghaidh na bliana i cibé foirm a ordóidh an tAire Tionscail agus Tráchtála ó am go ham agus déanfar an ráiteas a chló, a shíniú agus a thaisceadh leis an Aire sin de réir alt 7 den Acht sin agus beidh feidhm ag an alt sin dá réir sin;

(c) bainfidh míreanna (d), (e), (f) agus (g) d'alt 32 den Acht sin leis an gcuideachta nó an tsiondacáit ionann agus dá mbeadh na míreanna sin leagtha amach anseo agus an abairt “mechanically propelled vehicle insurance business” curtha in ionad na habairte “accident insurance business” gach áit ina bhfuil an abairt sin sna míreanna sin.

Rialacháin i ndáil le deimhnithe, taifid a choimeád agus eolas a thabhairt.

75. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas:

(a) eisiúint deimhnithe árachais, deimhnithe ráthaíochta agus deimhnithe díolúine;

(b) cóipeanna d'aon deimhnithe den sórt sin, nó deimhnithe nua in ionad aon deimhnithe den sórt sin, a chaillfear nó a dhítheofar a eisiúint agus na táillí uasta a fhéadfar a bhaint amach as iad a eisiúint;

(c) cealú agus forghéilleadh deimhnithe den sórt sin;

(d) a cheangal ar árachóirí feithicle taifid a choimeád i dtaobh gach polasaí árachais formheasta agus gach ráthaíocht formheasta a eiseoidh siad;

(e) a cheangal ar ráthóirí feithicle taifid a choimeád i dtaobh gach ráthaíocht formheasta a eiseoidh siad;

(f) a cheangal ar dhaoine díolmhaithe taifid a choimeád i dtaobh gach deimhniú díolúine a eiseoidh siad;

(g) sonrú na nithe a bheidh le taifeadadh sna taifid;

(h) a chumasú do chomhaltaí den Gharda Síochána agus d'oifigigh don Aire na taifid a iniúchadh;

(i) a cheangal ar árachóirí feithicle eolas a thabhairt do chomhaltaí den Gharda Síochána agus d'oifigigh don Aire i dtaobh polasaithe árachais formheasta agus ráthaíochtaí formheasta a bheidh eisithe ag na hárachóirí sin;

(j) a cheangal ar ráthóirí feithicle eolas a thabhairt do chomhaltaí den Gharda Síochána agus d'oifigigh don Aire i dtaobh ráthaíochtaí formheasta a bheidh eisithe ag na rathóirí sin.

(2) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo a ndearbhaítear gur pianrialachán é beidh sé ciontach i gcion.

Forálacha ilghnéitheacha i ndáil le hairgead árachaithe nó airgead ráthaithe.

76. —(1) I gcás ina mbeidh duine (dá ngairtear an t-éilitheoir san alt seo) á éileamh go bhfuil teideal aige go ngnóthóidh sé ó úinéir feithicle inneallghluaiste nó ó dhuine (seachas an t-úinéir) a d'úsáid feithicil inneallghluaiste (dá ngairtear an t-úsáidire san alt seo) suim (leachtaithe nó neamhleachtaithe), nó tar éis breithiúnas a ghnóthú in aon chúirt bhreithiúnais (in imeachtaí a raibh fógra roimh ré ina dtaobh ag an árachóir feithicle nó ag an ráthóir feithicle a luaitear anseo ina dhiaidh seo) i gcoinne an úinéara nó an úsáidire i leith suim (leachtaithe nó neamhleach taithe) a mbeidh an t-úinéir nó an t-úsáidire árachaithe le polasaí árachais formheasta i gcoinne an dliteanais ina leith nó a mbeidh a híoc ag an úinéir nó ag an úsáidire ráthaithe le ráthaíocht formheasta, féadfaidh an t-éilitheoir fógra i scríbhinn i dtaobh an éilimh nó an bhreithiúnais i leith na suime a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar an árachóir feithicle a d'eisigh an polasaí nó ar árachóir feithicle nó ar an ráthóir feithicle a d'eisigh an ráthaiocht, agus ar an bhfógra a sheirbheáil beidh éifeacht, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ag cibé forálacha acu seo a leanas is inchurtha chun feidhme:

(a) ní dhéanfaidh an t-árachóir tar éis an fógra sin a sheirbheáil aon suim is mó ná an méid (más aon mhéid é) a bheidh íoctha iarbhír ag an úinéir nó ag an úsáidire i leith na suime a íoc leis an úinéir nó leis an úsáidire i leith na suime;

(b) i gcás ina mbeidh breithiúnas i leith na suime gnóthaithe amhlaidh ag an éilitheoir nó ina ngnóthóidh sé amhlaidh, tar éis an fógra a sheirbheáil, breithiúnas i leith na suime nó aon choda di, íocfaidh an t-árachóir nó an ráthóir leis an éilitheoir an oiread sin den airgead (cibé acu damáistí nó costais é) ar gnóthaíodh nó a ngnóthófar breithiúnas amhlaidh ina leith agus a bheidh árachaithe nó ráthaithe ag an árachóir nó ag an ráthóir agus nach mbeidh íoctha ar shlí eile leis an éilitheoir, agus, amhail mar a bheidh i gcoinne an árachaí nó an phríomh-fhéichiúnaí, is íocaíocht bhailí faoin bpolasaí nó faoin ráthaíocht an íocaíocht;

(c) i gcás ina mbeidh breithiúnas i leith na suime gnóthaithe amhlaidh ag an éilitheoir nó ina ngnóthóidh sé amhlaidh, tar éis an fógra a sheirbheáil, breithiúnas i leith na suime nó aon choda di, agus nach mbeidh méid iomlán an bhreithiúnais gnóthaithe aige ón úinéir ná ón úsáidire ná ón árachóir ná ón ráthóir sin, féadfaidh an t-éilitheoir iarratas a dhéanamh chun na cúirte inar ghnóthaigh sé an breithiúnas ag iarraidh cead chun an breithiúnas a fhorfheidhmiú i gcoinne an árachóra nó an ráthóra, agus, air sin, féadfaidh an chúirt, más cuí léi sin, géilleadh don iarratas maidir le méid iomlán an bhreithiúnas nó maidir le haon chuid sonraithe den méid sin;

(d) i gcás nach mbeidh breithiúnas i leith na suime gnóthaithe amhlaidh ag an éilitheoir, féadfaidh an t-éilitheoir iarratas a dhéanamh chun aon chúirte dlínse inniúla ina bhféadfaidh sé imeachtaí a bhunú chun an tsuim a ghnóthú ón úinéir nó ón úsáidire ag iarraidh cead na himeachtaí sin a thionscnamh agus a chur ar aghaidh i gcoinne an árachóra nó an ráthóra (de réir mar a bheidh) in ionad an úinéara nó an úsáidire, agus, más deimhin leis an gcúirt nach bhfuil an t-úinéir nó an t-úsáidire sa Stát, nó nach féidir é a fháil nó nach féidir próis na cúirte a sheirbheáil air, nó gur ceart agus gur cothrom ar aon chúis eile géilleadh don iarratas, féadfaidh sí géilleadh don iarratas agus air sin beidh teideal ag an éilitheoir na himeachtaí sin a thionscnamh agus a chur ar aghaidh i gcoinne an árachóra nó an ráthóra agus aon suim a ghnóthú iontu ón árachóir nó ón ráthóir a mbeadh teideal aige a ghnóthú ón úinéir nó ón úsáidire agus a mbeidh a híoc árachaithe nó ráthaithe ag an árachóir nó ag an ráthóir;

(e) ní bhraithfidh an t-árachóir ná an ráthóir ar aon neamhbhailíocht, ná ní phléifidh aon neamhbhailíocht, mar fhoras chun a dhiúltú airgead a íoc leis an éilitheoir nó mar chosaint i gcoinne imeachtaí ag an éilitheoir, a bheidh sa pholasaí nó sa ráthaíocht de dheasca aon chalaois nó aon mhífhaisnéis nó ráiteas bréagach (calaoiseach nó neamhurchóideach) nach raibh an t-éilitheoir páirteach ná ionpháirteach ann agus, más oilghníomh faoin gCuid seo den Acht seo é, nárbh ábhar ionchúisimh agus ciontaithe faoin alt iomchuí den Acht seo.

(2) Más rud é, maidir le haon ghníomh áirithe amháin faillí nó an aon sraith amháin gníomhartha faillí ar teagmhas amháin iad i dteannta a chéile agus gur mó iomlán na suimeanna a bheifear a éileamh mar gheall ar dhamáistí do mhaoin nó a mbeidh breithiúnas gnóthaithe ina leith mar gheall ar dhamáistí sa díobháil sin ná an tsuim a bheidh árachaithe nó ráthaithe ag an árachóir nó ag an ráthóir, déanfar an dliteanas, maidir le gach éilitheoir, a bheidh ar an árachóir nó ar an ráthóir maidir leis na damáistí sin a laghdú go dtí an chuid chionúireach oiriúnach den tsuim a bheidh árachaithe nó ráthaithe.

(3) Ní bhaineann fo-ailt (1) agus (2) den alt seo ach amháin le héilithe i gcoinne an dliteanais a gceanglaítear leis an Acht seo polasaí árachais formheasta nó ráthaíocht formheasta a bhaint amach i gcoinne an dliteanais a bhaineann leo.

(4) I gcás ina dtarlóidh do dhuine (dá ngairtear an t-árachaí anseo feasta) a bheidh tar éis polasaí árachais formheasta a bhaint amach, más pearsa é, go dtiocfaidh sé chun bheith ina fhéimheach nó dócmhainneach, nó go n-éagfaidh sé nó, más comhlacht corpraithe é, go bhfoirceannfar é nó, más comhpháirtíocht nó comhlachas neamhchorpraithe eile é, go ndíscaoilfear é, ní bheidh airgead is iníoctha leis an árachaí faoin bpolasaí inchurtha chun feidhme ach amháin ag lán-íoc na n-éileamh bailí uile ó thríú páirtithe i gcoinne an árachaí is éilithe a mbeidh an t-airgead sin iníoctha ina leith, agus ní sócmhainní leis an árachaí a bheidh in aon chuid den airgead sin ná ní bheidh aon chuid den airgead sin inchurtha chun íoca fiacha an árachaí (seachas na héilithe sin) san fhéimheacht nó san fhoirceannadh nó sa díscaoileadh, agus ní bheidh aon éileamh den sórt sin inchruthaithe san fhéimheacht, sa dócmhainneacht, sa riarachán, san fhoirceannadh nó sa díscaoileadh.

(5) I gcás ina gceadaíonn an comhthéacs é, forléireofar tagairt san alt seo d'úinéir nó d'úsáidire feithicle inneallghluaiste mar thagairt a fholaíonn tagairt dá ionadaí pearsanta.

An éarlais a chur chun feidhme agus a aisíoc.

77. —(1) San alt seo ciallaíonn “éarlais” éarlais faoi alt 61 den Acht seo.

(2) I gcás ina mbeidh breithiúnas gnóthaithe ag duine in aon chúirt i gcoinne taisceoir éarlaise i leith suim lena mbaineann an t-alt seo, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ón duine sin agus más deimhin léi nach bhfuil aon earraí ag an taisceoir is féidir a thógáil uaidh i bhforfheidhmiú chun an breithiúnas a shásamh, a ordú go ndéanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais méid an bhreithiúnais sin, maraon leis na costais a bhainfidh leis an ordú agus lena iarraidh agus leis na himeachtaí faoi, a íoc amach as an éarlais.

(3) I gcás ina ndéanfar méid breithiúnais a íoc faoin alt seo amach as éarlais, féadfaidh an taisceoir suim is comhionann leis an tsuim a íocadh amach a thaisceadh le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, agus, go dtí go ndéanfaidh sé sin, measfar nach gcomhlíonann sé forálacha na Coda seo den Acht seo maidir le héarlaisí a thaisceadh.

(4) I gcás ina dtarlóidh do thaisceoir éarlaise, más pearsa é, go dtiocfaidh sé chun bheith ina fhéimheach nó dócmhainneach nó go n-éagfaidh sé nó, más comhlacht corpraithe é, go bhfoirceannfar é nó, más comhpháirtíocht nó comhlachas neamh chorpraithe eile é, go ndíscaoilfear é, déanfar an éarlais a chur chun feidhme, sa chéad ásc, ag íoc dliteanas i leith suimeanna lena mbaineann an t-alt seo agus, sa dara ásc, mar shócmhainní ginearálta.

(5) I gcás inar deimhin leis an Ard-Chúirt, ar iarratas ó thaisceoir éarlaise nó ó dhuine a bheidh ag éileamh tríd nó faoi agus tar éis fógra a thabhairt don Aire Tionscail agus Tráchtála agus tar éis cibé fógraí a fhoilsiú a ordóidh an Ard-Chúirt, gur ceart an éarlais a íoc amach leis an iarratasóir, féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú go n-íocfar amach amhlaidh í gan choinníoll nó faoi réir coinníollacha.

(6) Chun críocha na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo, is suim lena mbaineann an t-alt seo gach suim acu seo a leanas:

(a) suim ar ráthóir faoi ráthaíocht formheasta i gcoinne an dliteanais ina leith taisceoir éarlaise ar ráthóir feithicle é,

(b) suim a mbeadh taisceoir éarlaise is ráthóir feithicle nó duine díolmhaithe faoi cheangal faoin Acht seo, dá mba nárbh thaisceoir den sórt sin é, polasaí árachais formheasta nó ráthaíocht formheasta a bheith bainte amach aige i gcoinne an dliteanais ina leith.

Forálacha i ndáil le hOifig Arachóirí Gluaisteán na hÉireann.

1936, Uimh. 45 .

78. —(1) Ní sheolfaidh duine gnó árachais feithicle inneallghluaiste de réir bhrí alt 3 den Acht Arachais, 1936 , mura rud é—

(a) gur comhalta den Oifig é, nó

(b) go mbeidh gealltanas uaidh i bhfeidhm i dtéarmaí a bheidh formheasta ag an Aire go ndéileálfaidh sé le héilithe tríú páirtí i leith feithiclí inneallghluaiste a bheidh árachaithe aige ar théarmaí cosúil leis na téarmaí ar a mbeidh comhaontaithe ó am go ham idir an tAire agus an Oifig i leith na hOifige.

(2) Ní ghníomhóidh duine mar ráthóir feithicle—

(a) mura comhalta den Oifig é, nó

(b) mura mbeidh gealltanas uaidh i bhfeidhm i dtéarmaí a bheidh formheasta ag an Aire go ndéaláfaidh sé le héilithe tríú páirtí i leith feithiclí inneallghluaiste a bheidh ráthaithe aige ar théarmaí cosúil leis na téarmaí ar a mbeidh comhaontaithe ó am go ham idir an tAire agus an Oifig i leith na hOifige.

(3) Ní bheidh duine ina dhuine díolmhaithe mura mbeidh gealltanas uaidh i bhfeidhm i dtéarmaí a bheidh formheasta ag an Aire go ndéileálfaidh sé le héilithe tríú páirtí i leith feithiclí inneallghluaitse leis féin ar théarmaí cosúil leis na téarmaí ar a mbeidh comhaontaithe ó am go ham idir an tAire agus an Oifig i leith na hOifige.

(4) Beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo d'ainneoin aon fhoráil eile den Acht seo nó d'aon Acht eile.

(5) San alt seo ciallaíonn “an Oifig” Oifig Arachóirí Gluaisteán na hÉireann.

Feithiclí faoi urláimh coisí a bheith eiscthe.

79. —Déantar leis seo feithiclí faoi urláimh coisí is feithiclí atá sonraithe ag an Aire le rialacháin chun críocha an ailt seo agus a chomhlíonann na coinníollacha a luaitear sna rialacháin a eisceadh ón gCuid seo den Acht seo.

Forálacha speisialta do dhaoine gan gnáthchónaí.

80. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun a urasú do dhaoine ar lasmuigh den Stát atá gnáthchónaí orthu an Chuid seo den Acht seo a chomhlíonadh agus féadfaidh na rialacháin aon cheann nó gach ceann d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo a mhodhnú maidir leis na daoine sin, ach ní ar shlí go ndíolmhófar go substainteach aon duine ó na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an gCuid seo den Acht seo.

Forálacha idirlinne (Cuid VI).

81. —(1) Measfar gur éarlais faoi alt 61 den Acht seo éarlais faoi alt 61 den Acht aisghairthe a bheidh ar marthain i dtosach feidhme an fho-ailt seo.

(2) Measfar gur deimhniú faoi fho-alt (1) d'alt 66 den Acht seo deimhniú faoi fho-alt (1) d'alt 68 den Acht aisghairthe a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an fho-ailt seo.

(3) Measfar gur deimhniú faoi fho-alt (2) d'alt 66 den Acht seo deimhniú faoi fho-alt (2) d'alt 68 den Acht aisgharithe a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an fho-ailt seo.

(4) Measfar gur deimhniú faoi alt 68 den Acht seo deimhniú faoi alt 70 den Acht aisghairthe a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an fho-ailt seo.

CUID VII.

Feithiclí Seirbhíse Poiblí a Rialú agus a Oibriú.

Rialacháin i ndáil le feithiclí seirbhíse poiblí a rialú agus a oibriú.

82. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le feithiclí seirbhíse poiblí a rialú agus a oibriú.

(2) Féadfar, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, foráil a chur i rialacháin faoin alt seo i dtaobh gach ábhair nó aon ábhair acu seo a leanas:

(a) feithiclí seirbhíse poiblí a cheadúnú;

(b) tiománaithe agus stiúrthóirí feithiclí seirbhíse poiblí a cheadúnú;

(c) táillí sonraithe a íoc i leith ceadúnais, suaitheantais nó plátaí a dheonófar faoi na rialacháin agus diúscairt na dtáillí sin;

(d) béas-iompar agus dualgais tiománaithe agus stiúrthóirí feithiclí seirbhíse poiblí agus a bhfostóirí;

(e) béas-iompar agus dualgais paisnéirí agus daoine a mbeidh ar intinn acu a bheith ina bpaisnéirí i bhfeithiclí seirbhíse poiblí;

(f) na coinníollacha (lena n-áirítear tacsaiméadair a úsáid) ar faoina réir a fhéadfar feithiclí a oibriú mar fheithiclí seirbhíse poiblí;

(g) taifid shonraithe a choimeád agus deimhnithe sonraithe a eisiúint agus na daoine a shonrú arb iad a eiseoidh na deimhnithe sin;

(h) a údarú táillí uasta a shocrú d'fheithiclí seirbhíse sráide;

(i) ábhair a bhainfidh leis an athrú ón Acht aisghairthe go dtí na rialacháin faoin alt seo.

(3) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin alt seo—

(a) i leith aicmí éagsúla feithiclí,

(b) le haghaidh cúinsí éagsúla agus limistéir éagsúla.

(4) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith arna eisiúint de bhun rialachán faoin alt seo agus a dheimhneoidh gur táille shonraithe an táille uasta a bhí socair d'fheithiclí seirbhíse sráide i limistéar sonraithe lá sonraithe, beidh sé ina fhianaise, gan cruthú ar shíniú an duine a d'airbheartaigh é a shíniú ná gurbh eisean an duine ceart chun é a eisiúint, in aon imeachtaí dlíthiúla go dtí go suífear a mhalairt ar na hábhair a bheidh deimhnithe ann.

(5) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith arna eisiúint de bhun rialachán faoin alt seo agus a dheimhneoidh go raibh duine sonraithe lá sonraithe ina shealbhóir ar cheadúnas faoi na rialacháin nó go raibh ceadúnas faoi na rialacháin i bhfeidhm lá sonraithe i leith feithicle sonraithe, beidh sé ina fhianaise, gan cruthú ar shíniú an duine a d'airbheartaigh é a shíniú ná gurbh eisean an duine ceart chun é a eisiúint, in aon imeachtaídlíthiúla go dtí go suífear a mhalairt ar na hábhair a bheidh deimhnithe ann.

(6) Aon duine a sháróidh rialachán faoin bhfo-alt seo a ndearbhaítear gur pianrialachán é, beidh sé agus, i gcásanna den sórt sin a mbeidh feithicil i gceist agus a bheidh forordaithe agus nach é an duine sin úinéir na feithicle, an t-úinéir sin, iad araon, ciontach i gcion.

(7) In ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo inar rud ábhartha ceadúnas faoi rialacháin faoin alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nach raibh, an-t-am ábhartha, ceadúnas den sórt sin, agus éifeacht leis an t-am sin, ar seilbh.

(8) I gcás ina n-úsáidfear feithicil inneallghluaiste chun ochtar duine nó níos mó a iompar nach mbeidh ar fostú ag úinéir na feithicle, toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, iad a bheith á n-iompar san fheithicil ar luach saothair.

Tacsaiméadair a iniúchadh agus a fhíorú in aghaidh na bliana.

1889, c. 21.

1928, Uimh. 3 .

1904, c. 28.

83. —(1) Déanfar agus déantar leis seo an míniú ar “measuring instrument” atá in alt 35 den Weights and Measures Act, 1889, arna leathnú le halt 10 den Acht Meáchan agus Tomhas, 1928 , a leathnú tuilleadh chun go bhfolóidh sé tacsaiméadar, agus beidh éifeacht ag an alt sin 35 dá réir sin.

(2) Ní shroichfidh ná ní fholóidh cumhachtaí agus dualgais cigirí meáchan agus tomhas arna gceapadh ag Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath nó ag Bardas Dhún Laoghaire tacsaiméadair a iniúchadh, a thástáil, a fhíorú nó a stampáil.

(3) Féadfaidh an Coimisinéir ó am go ham an oiread sin comhaltaí den Gharda Síochána is dóigh leis is ceart agus a cheadóidh an tAire Airgeadais a cheapadh chun a bheith ina gcigirí ionstraimí meáchain (dá ngairtear cigirí speisialta san alt seo) chun tacsaiméadair a iniúchadh, a fhíorú agus a stampáil, agus beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le cigirí speisialta:

(a) féadfaidh an Coimisinéir aon chigire speisialta a fhionraí nó a dhíbhe as a oifig mar chigire speisialta;

(b) ní cheapfar comhalta den Gharda Síochána chun bheith ina chigire speisialta mura mbeidh aige deimhniú faoi alt 8 den Weights and Measures Act, 1904, nó deimhniú cigire speisialta arna dheonú de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire Tionscail agus Tráchtála faoin alt seo;

(c) féadfar cigire ex-officio meáchan agus tomhas a cheapadh chun bheith ina chigire speisialta agus, nuair a cheapfar amhlaidh é, féadfaidh sé, má ordaíonn an Coimisinéir sin, leanúint de bheith ina chigire ex-officio meáchan agus tomhas;

(d) beidh ag cigire speisialta, maidir le tacsaiméadair a iniúchadh, a fhíorú agus a stampáil, na cumhachtaí uile agus feidhmeoidh sé na dualgais uile a bhronntar nó a fhorchuirtear ar chigire nó ar chigire ex-officio meáchan agus tomhas leis na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1936, ach sin gan aon srian maidir leis an limistéar nó an ceantar ina bhféadfaidh an cigire speisialta na cumhachtaí sin a fheidhmiú nó ina mbeidh na dualgais sin le comhlíonadh aige;

(e) déanfar na tagairtí atá sna hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1936, do chigire nó do chigire exofficio meáchan agus tomhas a fhorléiriú, maidir le tacsaiméadair a iniúchadh, a fhíorú agus a stampáil, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chigire speisialta, agus beidh éifeacht ag na hAchtanna sin dá réir sin;

(f) cuirfidh an Coimisinéir ar fáil do chigire speisialta cibé caighdeáin agus trealamh is gá chun a dhualgais mar chigire speisialta a chomhlíonadh aige;

(g) íocfar i leith tacsaiméadair a fhíorú agus a stampáil ag cigire speisialta cibé táillí a cheapfar le rialacháin a dhéanfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála faoin alt seo le toiliú an Aire Airgeadais, agus beidh gach táille den sórt sin iníoctha ag an duine a cheapfar chuige sin leis na rialacháin sin;

(h) íocfar leis an gCoimisinéir na táillí uile is iníoctha faoin alt seo i leith cigire speisialta d'fhíorú agus do stampáil tacsaiméadair agus déanfaidh seisean iad a dhiúscairt de réir an Achta seo ach amháin go ndéanfar cibé cionúireacht (más aon chionúireacht é) de na táillí a ordóidh an tAire Airgeadais a íoc isteach i gCiste Luaíochta an Gharda Síochána.

(4) I dteannta na gcumhachtaí a thugtar le halt 8 den Weights and Measures Act, 1889, arna leathnú le halt 6 den Weights and Measures Act, 1904, beidh teideal ag an Aire Tionscail agus Tráchtála cibé táillí a cheapfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire agus le ceadú an Aire Airgeadais, a bhaint amach as na caighdeáin agus an trealamh a chuirfidh an Coimisinéir ar fáil faoin alt seo a chur i gcóimheas agus a fhíorú.

(5) Folóidh an chumhacht chun rialacháin ghinearálta a dhéanamh atá dílsithe san Aire Tionscail agus Tráchtála de bhua alt 5 den Weights and Measures Act, 1904, cumhacht chun rialacháin ghinearálta a dhéanamh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, maidir leis an gCoimisinéir do chur ar fáil agus do chothabháil caighdeán agus trealaimh faoin alt seo agus na caighdeáin agus an trealamh sin a fhíorú agus maidir le cigirí speisialta a threorú ag feidhmiú agus ag comhlíonadh a ndualgas dóibh faoin alt seo, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an alt sin 5.

(6) Forléireofar an t-alt seo agus na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1936, mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1961, a ghairm de na hAchtanna sin agus den alt seo le chéile.

Fodhlithe i ndáil le háiteanna seasaimh d'fheithiclí seirbhíse sráide.

84. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil lena mbainfidh fodhlíthe a dhéanamh maidir le haon limistéar sonraithe chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas:

(a) ceapadh na n-áiteanna (dá ngairtear áiteanna seasaimh ceaptha san Acht seo) ar bhóithre poiblí sa limistéar ina bhféadfaidh feithiclí seirbhíse sráide seasamh chun a bhfruilithe;

(b) an uimhir uasta feithiclí seirbhíse sráide a shocrú a fhéadfaidh seasamh chun a bhfruilithe aon am áirithe in aon áit seasaimh áirithe;

(c) a thoirmeasc feithiclí seirbhíse sráide seasamh chun a bhfruilithe in áiteanna ar bhóithre poiblí sa limistéar nach áiteanna seasaimh ceaptha;

(d) úsáid áiteanna seasaimh ceaptha ag feithiclí seirbhíse sráide a rialáil agus a rialú.

(2) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire, rialacha sealadacha a dhéanamh, i dtaobh aon limistéir shonraithe, chun gach críche a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le rialacha sealadacha faoin alt seo i dtaobh limistéir:

(a) tiocfaidh na rialacha i ngníomh lá sonraithe nach luaithe ná seachtain tar éis na rialacha a dhéanamh;

(b) i rith na seachtaine sin tabharfaidh an Coimisinéir, i dtaobh na rialacha, cibé fógra a bheidh forordaithe;

(c) beidh éifeacht ag na rialacha go ceann bliana dar tosach lá a dteacht i ngníomh, mura gcúlghairfear roimhe sin iad;

(d) oibreoidh na rialacha in ionad cibé fodhlíthe (más ann) faoin alt seo ar comhréir leo a bheidh i bhfeidhm i dtaobh an limistéir.

(4) Féadfar fodhlíthe nó rialacha éagsúla a dhéanamh faoin alt seo le haghaidh cúinsí éagsúla.

(5) Beidh tiománaí feithicle seirbhíse sráide a sháróidh fodhlí nó riail faoin alt seo agus, murab é an tiománaí sin úinéir na feithicle, an t-úinéir sin, iad araon, ciontach i gcion.

(6) I gcás inarb é úinéir na feithicle duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh gur duine eile a bhí ag úsáid na feithicle ar an ócáid a bheidh i gceist agus nach raibh an úsáid sin údaraithe.

Aiteanna staid agus seasaimh do bhusanna.

1937, Uimh. 38 .

85. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir trí fhógra i scríbhinn, a ordú, maidir le cúrsa ar a n-oibrítear busanna, go mbeidh pointí sonraithe ina n-áiteanna staid nó go n-úsáidfear áiteanna sonraithe mar áiteanna seasaimh do na busanna.

(2) Féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith, trí fhógra i scríbhinn, cúlghairm nó leasú a dhéanamh ar ordú a bheidh tugtha aige faoi fho-alt (1) den alt seo nó ar aon leasú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo ar aon ordú den sórt sin.

(3) Nuair a bheidh an Coimisinéir ag ordú faoin alt seo go mbeidh aon phointe áirithe ina áit staid, féadfaidh sé a ordú freisin nach mbeidh an pointe ina áit staid ach chun paisnéirí a thógáil nó nach mbeidh an pointe ina áit staid ach chun pasinéirí a ligean amach.

(4) Nuair a bheidh an Coimisinéir ag ordú faoin alt seo go mbeidh aon phointe áirithe ina áit staid, féadfaidh sé a ordú freisin go mbeidh an pointe ina áit staid ainmnithe do bhusanna ar a mbeidh fógra speisialta á thaispeáint gur in áiteanna staid ainmnithe amháin a stadfaidh siad.

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le fógra faoin alt seo:

(a) síneofar an fógra ag an gCoimisinéir nó ag oifigeach den Gharda Síochána a údaróidh an Coimisinéir chuige sin;

(b) beidh an fógra faoi sheoladh an duine a bheidh ag oibriú na bus-seirbhíse a bheidh sonraithe san fhógra;

(c) féadfaidh an fógra an dáta ar air agus uaidh a bheidh éifeacht aige a lua;

(d) déanfar an fógra, nó cóip de, a sheirbheáil ar an duine sin leis an bpost cláraithe;

(e) beidh éifeacht ag an bhfógra cibé lá de na laethanta seo a leanas is déanaí agus uaidh sin amach, is é sin le rá, an lá a luafar chuige sin san fhógra nó an lá i ndiaidh an lae a seirbheálfar an fógra (nó cóip de) nó a measfar le halt 18 den Acht Léiriúcháin, 1937 , a seirbheáladh é.

(6) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith arna shíniú ag oifigeach den Gharda Síochána agus a dhearbhú go raibh éifeacht ag fógra faoin alt seo i dtéarmaí sonraithe lá nó laethanta sonraithe nó ar feadh tréimhse sonraithe beidh sé, gan cruthú ar shíniú an duine a d'airbheartaigh an deimhniú a shíniú ná go mb'oifigeach den Gharda Síochána é, ina fhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla, go dtí go suífear a mhalairt, gur eisíodh fógra faoin alt seo sna téarmaí sonraithe, gur comhlíonadh ceanglais fho-alt (5) den alt seo maidir leis agus go raibh éifeacht aige an lá nó na laethanta sonraithe nó ar feadh na tréimhse sonraithe.

Fodhlíthe i dtaobh áiteanna staid agus seasaimh do bhusanna.

86. —(1) San alt seo—

forléireofar tagairtí d'áiteanna staid mar thagairtí d'áiteanna staid arna n-ordú le fógra faoi alt 85 den Acht seo;

forléireofar tagairtí d'áiteanna seasaimh mar thagairtí d'áiteanna seasaimh arna n-ordú le fógra faoin alt sin;

folaíonn “soláthar” cur suas nó suíomh, agus cothabháil freisin, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

(2) Féadfaidh an Coimisinéir, le cead an Aire, fodhlíthe a dhéanamh chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas:

(a) rialú a dhéanamh ar stad busanna ar aon bhealach ar a mbeidh áiteanna staid;

(b) rialú a dhéanamh ar úsáid áiteanna staid agus seasaimh ag busanna;

(c) toirmeasc a chur le feithiclí, seachas feithiclí dá bhfuil áiteanna staid nó seasaimh ordaithe, a stad nó a locadh in áiteanna staid nó seasaimh nó in aice áiteanna den sórt sin;

(d) ord a chur i bhfeidhm in áiteanna staid agus seasaimh (lena n-áirítear a cheangal ar dhaoine a mbeidh ar intinn acu a bheith ina bpaisnéirí dul i scuainí).

(3) Féadfar fodhlíthe éagsúla a dhéanamh faoin alt seo—

(a) i leith aicmí éagsúla feithiclí,

(b) le haghaidh cúinsí éagsúla.

(4) I gcás ina n-úsáidfidh duine bus contrártha d'fhodhlí faoin alt seo, beidh sé féin agus, murab é úinéir an bhus é, an t-úinéir sin, iad araon, ciontach i gcion

(5) I gcás ina n-úsáidfidh duine feithicil inneallghluaiste seachas bus contrártha d'fhodhlí faoin alt seo beidh sé, agus—

(a) murab é úinéir cláraithe na feithicle é, an t-úinéir sin, agus

(b) má bhíonn an fheithicil faoi bhrí comhaontú fruiltiomána ar an ócáid a bheidh i gceist agus nach é an duine a bheidh á húsáid an fruilitheoir faoin gcomhaontú, an fruilitheoir sin,

iad araon, ciontach i gcion.

(6) I gcás ina sáróidh duine fodhlí faoin alt seo agus nach cion faoi fho-alt (4) ná faoi fho-alt (5) den alt seo an sárú, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(7) I gcás inarb é úinéir na feithicle duine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (4) den alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh gur duine eile a bhí ag úsáid na feithicle ar an ócáid a bheidh i gceist agus nach raibh an úsáid sin údaraithe.

(8) (a) I gcás inarb é úinéir cláraithe na feithicle duine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (5) den alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh gur duine eile a bhí ag úsáid na feithicle ar an ócáid a bheidh i gceist agus—

(i) nach raibh an úsáid sin údaraithe, nó

(ii) go raibh an fheithicil faoi bhrí comhaontú fruiltiomána ar an ócáid sin.

(b) I gcás inarb é fruilitheoir na feithicle duine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (5) den alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh gur duine eile a bhí ag úsáid na feithicle ar an ócáid a bheidh i gceist agus nach raibh an úsáid sin údaraithe.

(9) I gcás ina mbeidh áiteanna staid nó seasaimh ann i leith bealaigh ar a n-oibrítear busanna—

(a) féadfaidh an duine a bheidh ag seoladh na seirbhíse, maidir le haon áit staid nó seasaimh, comhartha a choimeád ann chun a thaispeáint gur áit staid nó áit seasaimh é agus marcálanna a sholáthar ar an mbóthar, in aice leis, ag taispeáint an achair nach cead feithiclí (seachas feithiclí dá mbeidh an áit staid nó an áit seasaimh ordaithe) a stad nó a locadh laistigh de,

(b) déanfaidh an duine sin, ar an gCoimisinéir á iarraidh sin air maidir le haon áit staid nó seasaimh, comhartha agus marcálanna mar a dúradh a sholáthar san áit staid nó san áit seasaimh sin;

(c) aon chomhartha nó marcálanna a sholáthrófar faoin bhfo-alt seo nó dá bhun is mar a fhormheasfaidh an tAire a bheidh sé nó siad ó thaobh méide, foirme agus datha;

(d) aon chomhartha nó marcálanna a sholáthrófar faoin bhfo-alt seo ná dá bhun, féadfar sin a sholáthar ar bhóthar poiblí gan toiliú an údaráis bóithre ar a mbeidh cothabháil an bhóthair de chúram;

(e) féadfaidh an duine sin scáthlán a sholáthar, nó ranníoc a dhéanamh chun scáthlán a sholáthar, do dhaoine a bheidh chun taisteal i mbus in aon áit staid nó seasaimh nó ina aice leis sin, faoi réir toiliú an údaráis bóithre ar a mbeidh cothabháil an bhóthair de chúram más ar bhóthar poiblí a sholáthrófar an scáthlán;

(f) aon chomhartha a sholáthrófar in áit staid nó seasaimh agus a thaispeáinfidh an áit staid sin nó aon mharcálanna a sholáthrófar ar an mbóthar in aice le háit staid nó seasaimh agus a thaispeáinfidh achar nach cead feithiclí a stad ná a locadh ann, toimhdeofar, in aon ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, gur go dleathach a soláthraíodh amhlaidh an céanna agus go bhfuil sé nó siad, ó thaobh méide, foirme agus datha, mar a bheidh formheasta ag an Aire.

(10) I gcás ina ndéanfaidh duine, gan údarás dleathach, comhartha nó scáthlán a sholáthrófar faoin alt seo a aistriú, a aghlot nó a lot ar shlí eile beidh sé ciontach i gcion.

Maoin a fhágfar i bhfeithiclí seirbhíse poiblí.

87. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, i leith aon limistéir agus i leith gach feithicle seirbhíse poiblí nó aon aicme feithiclí seirbhíse poiblí, fodhlíthe a dhéanamh chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas:

(a) a cheangal ar úinéirí, tiománaithe agus stiúrthóirí feithiclí seirbhíse poiblí maoin a fhágfaidh paisinéirí ina ndiaidh sna feithiclí a thaisceadh in áit cheaptha laistigh d'am sonraithe;

(b) socrú a dhéanamh chun maoin den sórt sin a choimeád slán agus chun maoin den sórt sin a athsheachadadh dá húinéirí;

(c) socrú a dhéanamh chun an mhaoin go léir den sórt sin nach n-athsheachadfar dá húinéirí a dhiúscairt agus go háirithe, socrú speisialta a dhéanamh i dtaobh maoin is ainmhí beo nó is maoin de chineál meatach nó colúil;

(d) a údarú táillí a bhaint amach i leith athsheachadadh;

(e) socrú a dhéanamh, le toiliú an Aire Airgeadais, chun táillí, sochar díolacháin agus airgead eile a dhiúscairt a gheobhaidh an Coimisinéir i leith na maoine sin; lena n-áirítear luaíocht a íoc as an airgead sin le daoine a thaiscfidh maoin de bhun an ailt seo.

(2) Ní dhéanfar fodhlíthe faoin alt seo ach amháin i gcás inarb é tuairim an Choimisinéara nach bhfuil, maidir leis an limistéar agus na feithiclí lena mbainfidh na fodhlíthe, socrú sásúil déanta chun maoin a fhágfaidh paisinéirí sna feithiclí a choimeád slán, a athsheachadadh agus a dhiúscairt.

(3) Aon duine a sháróidh fodhlí faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) Cuirfidh an Coimisinéir faoi deara go mbunófar agus go gcoimeádfar cláir de mhaoin chaillte a thaiscfear faoin alt seo.

(5) Aon chlár a bheidh á choimeád de bhun an ailt seo is i cibé foirm a bheidh sé agus is le cibé limistéar a bhainfidh sé a ordóidh an Coimisinéir agus taifeadfar ann na hábhair uile a ordóidh sé.

(6) Aon chlár a bheidh á choimeád de bhun an ailt seo glacfar i bhfianaise é gan a thuilleadh cruthúnais in aon imeachtaí dlíthiúla ar oifigeach den Gharda Síochána á thabhairt ar aird mar chlár den sórt sin.

(7) Aon doiciméad a airbheartóidh gur cóip é de thaifead i gclár a bheidh á choimeád de bhun an ailt seo agus a airbheartóidh a bheith deimhnithe ag oifigeach den Gharda Síochána gur cóip dhílis den taifead é, glacfar i bhfianaise é, in aon imeachtaí dlíthiúla, gan cruthú ar shíniú an duine a n-airbheartaítear gur dheimhnigh sé amhlaidh é ná gurbh oifigeach den sórt sin é agus measfar, go dtí go suífear a mhalairt, gur cóip dhílis é den taifead agus gur fianaise é ar théarmaí an taifid.

(8) Aon chlár a bheidh á choimeád de bhun an ailt seo beidh sé, gach tráth réasúnach, ar oscailt chun a iniúchta ag aon duine ar tháille scillinge a íoc.

(9) Beidh teideal ag duine chun cóip, a mbeidh deimhnithe i scríbhinn ag oifigeach den Gharda Síochána gur cóip dhílis í, d'aon taifead in aon chlár a bheidh á choimeád de bhun an ailt seo a fháil ón gCoimisinéir ar tháille sé phingin a íoc in aghaidh gach fóilió nó cuid d'fhóilió de dhá fhocal is seachtó a bheidh sa chóip.

CUID VIII.

Trácht a Rialáil.

Fodhlíthe chun trácht agus coisithe a rialú i gcoitinne.

88. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire, fodhlíthe a dhéanamh chun trácht agus coisithe in áiteanna poiblí a rialáil agus a rialú i gcoitinne.

(2) Féadfar, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, foráil i dtaobh aon ní nó gach ní acu seo a leanas a chur i bhfodhlíthe faoin alt seo:

(a) rialacha i dtaobh úsáid bóithre ag trácht agus coisithe a shonrú;

(b) a cheangal ar thrácht gluaiseacht ar feadh taobh sonraithe den ród nó, i gcás dhá charrbhealach nó níos mó a bheith ann, ar feadh carrbhealach sonraithe;

(c) codanna éagsúla den ród (lena n-áirítear rothar-rianta) a shannadh do chineálacha éagsúla tráchta;

(d) a thoirmeasc ar thrácht sonraithe codanna sonraithe den ród a úsáid;

(e) a thoirmeasc ar thrácht cosáin a úsáid;

(f) sonrú na gcearta tosaíochta gluaiseachta do thrácht a bheidh ag dul san aontreo nó i dtreonna éagsúla (cibé acu i gcoinne a chéile é nó trasna ar a chéile);

(g) na cúrsaí a shonrú a leanfaidh trácht ag acomhail bóithre;

(h) stopadh, cúlú, casadh agus scothadh feithiclí a rialáil agus a rialú;

(i) tiomáint feithiclí inneallghluaiste agus rothar cos i ndáil le hainmhithe nó le trácht ainmhí-tharraingte a rialáil agus a rialú;

(j) tiomáint nó cinnireacht ainmhithe a rialáil agus a rialú;

(k) codanna sonraithe den bhóthar a shannadh do choisithe;

(l) béas-iompar coisithe ar bhóithre (agus, go háirithe, trasnú ród ag coisithe) a rialáil agus a rialú agus cearta tosaíochta faoi seach tráchta agus coisithe ar róid a shonrú;

(m) a cheangal go dtabharfaidh daoine a bheidh i bhfeighil tráchta comharthaí speisialta chun a chur in iúl cad atá ar intinn acu;

(n) comhaltaí den Gharda Síochána ar dhualgas rialaithe tráchta do rialú tráchta agus coisithe (agus, go háirithe, na comharthaí a shonrú a thabharfaidh na comhaltaí sin agus a cheangal ar dhaoine i bhfeighil tráchta agus ar choisithe déanamh de réir na gcomharthaí sin);

(o) trácht agus coisithe a rialú le comharthaí a thabharfar go meicniúil (agus, go háirithe, a cheangal ar dhaoine i bhfeighil tráchta agus ar choisithe déanamh de réir na gcomharthaí sin);

(p) a cheangal ar dhaoine i bhfeighil tráchta rabhadh inchloiste a thabhairt go bhfuil siad ag teacht;

(q) toirmeasc nó srian a chur le rásaí, tástálacha luais nó comórtais eile ar bhóithre.

(3) Féadfar fodhlíthe éagsúla a dhéanamh faoin alt seo—

(a) i leith aicmí éagsúla tráchta,

(b) le haghaidh cúinsí éagsúla, limistéir éagsúla agus aicmí éagsúla bóithre.

(4) San alt seo ní fholaíonn “trácht” coisithe.

(5) Aon duine a sháróidh fodhlí faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Fodhlíthe chun trácht agus coisithe a rialú i limistéir shonraithe.

89. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil lena mbainfidh, fodhlíthe a dhéanamh i leith limistéir shonraithe chun trácht agus coisithe a rialú agus gluaiseacht tráchta agus coisithe a urasú.

(2) Féadfar, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, foráil i leith gach ábhair nó aon ábhair acu seo a leanas a chur i bhfodhlíthe faoin alt seo:

(a) na cúrsaí a shonrú a leanfaidh trácht a bheidh ag gluaiseacht ar feadh nó trasna bóithre poiblí nó aon bhóthair phoiblí shonraithe nó ag casadh isteach nó amach bóithre poiblí nó aon bhóthar poiblí sonraithe;

(b) toirmeasc nó srian a chur le trácht dul isteach ar aon bhóthar poiblí sonraithe nó gluaiseacht ar a fheadh;

(c) a cheangal ar thrácht a bheidh ag gluaiseacht ar feadh aon bhóthair phoiblí shonraithe gan gluaiseacht ach amháin i dtreo shonraithe;

(d) a thoirmeasc aon earra a mbeidh thar fhad sonraithe nó thar leithead sonraithe ann do dhul aon bhóthar poiblí sonraithe;

(e) béas-iompar coisithe ar bhóithre poiblí i gcoitinne nó ar aon bhóthar poiblí sonraithe agus, go háirithe, trasnú róid bhóithre poiblí nó aon bhóthair phoiblí shonraithe ag coisithe a rialáil agus a rialú;

(f) toirmeasc nó srian a chur le hearraí a luchtú nó a dhíluchtú ar an gcosán a ghabhann le haon bhóthar poiblí sonraithe nó tríd an gcosán sin nó trasna an chosáin sin;

(g) a thoirmeasc earraí a ardú nó a ísliú le téada, slabhraí, táclaí nó inneallra eile trasna nó os cionn an chosáin a bheidh ag gabháil le haon bhóthar poiblí sonraithe;

(h) tiomáint nó cinnireacht ainmhithe ar bhóithre poiblí nó ar aon bhóthar poiblí sonraithe a shrianadh agus a rialú;

(i) leagan earraí ar bhóithre poiblí nó ar aon bhóithre poiblí sonraithe a shrianadh agus a rialú;

(j) níochán cosán a ghabhann le bóithre poiblí a shrianadh agus a rialú;

(k) rialú a dhéanamh ar bhéas-iompar daoine a bheidh ag feitheamh ar bhóithre le haghaidh iompair nó le dul isteach i bhfoirgneamh nó in áit eile nó chun aon chríche dleathaí eile agus, go háirithe, ceangal a chur ar dhaoine den sórt sin iad féin a shocrú ina scuainí agus mar a dhéanfar na scuainí a rialáil;

(l) toirmeasc nó srian a chur le stad, cúlú, casadh nó scothadh feithiclí ar aon bhóthar poiblí sonraithe.

(3) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire, rialacha sealadacha a dhéanamh chun gach críche nó aon chríche chun ar féidir fodhlíthe a dhéanamh faoin alt seo.

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le rialacha sealadacha faoin alt seo i leith limistéir:

(a) tiocfaidh na rialacha i ngníomh lá sonraithe nach luaithe ná seachtain tar éis na rialacha a dhéanamh;

(b) i rith na seachtaine sin, tabharfaidh an Coimisinéir, maidir leis na rialacha, cibé fógra a bheidh forordaithe;

(c) beidh éifeacht ag na rialacha, mura gcúlghairfear roimhe sin iad, go ceann tréimhse bliana dar tosach an lá a thiocfaidh siad i ngníomh;

(d) oibreoidh na rialacha in ionad cibé fodhlíthe comhréire (más ann dóibh) faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm i leith an limistéir.

(5) Féadfar fodhlíthe nó rialacha éagsúla a dhéanamh faoin alt seo—

(a) i leith aicmí éagsúla tráchta,

(b) le haghaidh cúinsí éagsúla.

(6) San alt seo ní fholaíonn “trácht” coisithe.

(7) Aon duine a sháróidh fodhlí nó riail faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(8) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion a dhéanamh faoin alt seo, is cosaint mhaithe ar an gcúiseamh dó a shuíomh, maidir leis an ngníomh a líomhnaítear gurb é an cion é, go ndearnadh é bona fide agus go réasúnach chun nó le linn duine nó maoin éigin a shábháil, nó chun nó le linn a bheith ag iarraidh duine nó maoin éigin a shábháil, ón mbás, ó dhíothú nó ó dhíobháil de dheasca tine nó tuile nó tubaiste eile.

Feithiclí a locadh ar bhóithre poiblí.

1947, Uimh. 44 .

90. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil lena mbainfidh, fodhlíthe a dhéanamh, i leith aon limistéir shonraithe, chun locadh feithiclí ar bhóithre poiblí a rialú agus a rialáil.

(2) Féadfar, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho alt (1) den alt seo, foráil i leith gach ábhair nó aon ábhair acu seo a leanas a chur i bhfodhlíthe faoin alt seo:

(a) na háiteanna ar bhóithre poiblí (dá ngairtear áiteanna loctha san Acht seo) a shonrú a bhféadfar feithiclí a locadh ar feadh tréimhse ar bith nó ar feadh aon tréimhse nach faide ná tréimhse shonraithe;

(b) na háiteanna loctha a shonrú a mbeidh locadh faoi réir táillí a íoc trí mhéadair loctha (dá ngairtear méadaráiteanna loctha san alt seo);

(c) na háiteanna loctha a shonrú a mbeidh locadh faoi réir doiciméad (dá ngairtear diosca san alt seo) a thaispeáint a chomhlíonfaidh ceanglais shonraithe (dá ngairtear diosc-áiteanna loctha san alt seo);

(d) na háiteanna loctha a shonrú a mbeidh locadh faoi réir táillí a íoc le freastalaithe loctha ceadúnaithe (dá ngairtear áiteanna loctha freastalta san alt seo);

(e) na coinníollacha (seachas aon choinníoll dá dtagraítear i míreanna (b), (c) agus (d) den fho-alt seo) a shonrú ar faoina réir a fhéadfar feithiclí a locadh in áiteanna loctha nó in aon áiteanna loctha sonraithe nó in aicme shonraithe áiteanna loctha;

(f) na tréimhsí a shonrú ar ar a bhfeadh a fhéadfar, agus na críocha chun a bhféadfar, agus na coinníollacha faoi réir a bhféadfar feithiclí a locadh, in áiteanna seachas áiteanna loctha, ar bhóithre poiblí nó ar aon bhóthar poiblí sonraithe nó ar aon aicme shonraithe bóithre poiblí;

(g) a thoirmeasc feithiclí a locadh, lena n-áirítear locadh in áiteanna loctha, ar bhóithre poiblí ach amháin de réir na bhfodhlíthe;

(h) a thoirmeasc go hiomlán feithiclí a locadh, seachas in áiteanna loctha, ar aon bhóthar poiblí sonraithe;

(i) a thoirmeasc ar aon duine gníomhú, ná a thabhairt le tuiscint go bhfuil sé ullamh chun gníomhú, mar fhreastálaí loctha ar bhóthar poiblí (seachas in áit loctha), agus a thoirmeasc ar aon duine seachas freastalaí loctha ceadúnaithe gníomhú, ná a thabhairt le tuiscint go bhfuil sé ullamh chun gníomhú, mar fhreastalaí loctha in áit loctha.

(3) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le méadaráit loctha:

(a) déanfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí na méadair loctha a sholáthar agus na táillí a bhailiú;

(b) faoi réir aon fhorálacha a bheidh déanta faoin alt seo ag an gCoimisinéir le fodhlíthe nó rialacha, féadfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí, le rialacha (a dhéanfar le ceadú an Aire), cibé forálacha a dhéanamh is dóigh leo is gá chun an mhéadar-áit loctha a riaradh, lena n-áirítear (go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo) gach foráil nó aon fhoráil acu seo a leanas:

(i) forálacha ag sonrú na dtáillí a bheidh le híoc;

(ii) forálacha ag sonrú na dtréimhsí uasta a fhéadfar feithiclí a locadh ar na táillí sonraithe;

(iii) forálacha maidir le táillí a íoc, lena n-áirítear modh a n-íoctha;

(iv) forálacha á thoirmeasc feithicil a locadh ar feadh tréimhse ar féidir táille a bhaint amach ina aghaidh gan an táille iomchuí a bheith íoctha ar an modh a bheidh sonraithe;

(v) forálacha á thoirmeasc feithicil a locadh ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse a mbeidh táille íoctha ina haghaidh;

(vi) forálacha ag sonrú na bhfeithiclí a fhéadfaidh au áit loctha a úsáid;

(vii) forálacha ag díolmhadh aicmí sonraithe feithiclí ó tháillí a íoc agus forálacha chun feithiclí díolmhaithe a aithint;

(viii) forálacha ag a mbeidh feidhm le linn méadair loctha a bheith as ordú nó fionraithe go sealadach ó oibriú;

(ix) forálacha go nglacfar na nithe a thaispeánfaidh na méadair loctha mar fhianaise ar na nithe sin agus chun cibé críocha a bheidh sonraithe sna rialacha.

(4) Féadfaidh an Coimisinéir le fodhlíthe faoi fho-alt (1) den alt seo cibé forálacha a dhéanamh is dóigh leis is gá chun na diosc-áiteanna loctha a oibriú, lena n-áirítear (go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo) gach foráil nó aon fhoráil acu seo a leanas:

(a) forálacha á cheangal go n-íocfar táillí sonraithe ar dhioscaí;

(b) forálacha ag sonrú an modh a n-íocfar táillí;

(c) forálacha ag sonrú na ndaoine a eiseoidh dioscaí agus an modh a n-eiseofar iad;

(d) forálacha ag sonrú na ndualgas a bheidh, maidir le dioscaí, ar dhaoine a locfaidh feithiclí;

(e) forálacha ag sonrú an modh a dtaispeánfar dioscaí.

(5) Féadfaidh an Coimisinéir le fodhlíthe faoi fho-alt (1) den alt seo na táillí a shonrú a bhainfidh freastalaithe loctha ceadúnaithe amach i leith áiteanna loctha freastalta agus cibé forálacha a dhéanamh maidir le híoc na dtáillí (lena n-áirítear modh an íoctha) is dóigh leis is gá.

(6) Féadfaidh an Coimisinéir le fodhlíthe faoi fho-alt (1) den alt seo cibé forálacha a dhéanamh is dóigh leis is gá maidir le ceadúnú freastalaithe loctha lena n-áirítear (go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo) gach foráil nó aon fhoráil acu seo a leanas:

(a) forálacha chun an Coimisinéir do cheadúnú daoine chun gníomhú mar fhreastalaithe loctha in áiteanna loctha;

(b) forálacha chun an Coimisinéir d'eisiúint suaitheantas oifigiúla chun freastalaithe loctha ceadúnaithe agus chun na freastalaithe do chaitheamh na suaitheantas;

(c) forálacha ag sonrú dualgas freastalaithe loctha ceadúnaithe;

(d) forálacha ag sonrú na dtáillí a bheidh le h-íoc ag freastalaithe loctha ceadúnaithe as ceadúnais a dheonófar dóibh agus as suaitheantais a eiseofar chucu faoi na fodhlíthe;

(e) forálacha á thoirmeasc ar dhaoine cur isteach ar fhreastalaí loctha ceadúnaithe nó é a bhac nó é a bhuaireamh agus é ag comhlíonadh a dhualgas mar fhreastalaí den sórt sin.

(7) (a) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire, rialacha sealadacha a dhéanamh, i leith aon limistéir shonraithe chun gach críche nó aon críche chun ar féidir fodhlíthe a dhéanamh faoin alt seo.

(b) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le rialacha sealadacha faoin bhfo-alt seo i leith limistéir:

(i) tiocfaidh na rialacha i ngníomh lá sonraithe nach luaithe ná seachtain tar éis na rialacha a dhéanamh;

(ii) i rith na seachtaine sin tabharfaidh an Coimisinéir, maidir leis na rialacha, cibé fógra a bheidh forordaithe;

(iii) beidh éifeacht ag na rialacha, mura n-aisghairfear roimhe sin iad, go ceann tréimhse bliana dar tosach an lá a thiocfaidh siad i ngníomh;

(iv) oibreoidh na rialacha in ionad cibé fodhlíthe comhréire (más ann dóibh) faoin alt seo a bheidh i ngníomh i leith an limistéir.

(8) Féadfar fodhlíthe nó rialacha éagsúla a dhéanamh faoin alt seo—

(a) i leith aicmí éagsúla feithiclí,

(b) le haghaidh cúinsí éagsúla.

(9) I gcás ina sárófar fodhlí nó riail faoin alt seo agus go mbeidh baint ag feithicil inneallghluaiste leis an sárú, beidh—

(a) an duine a loc an fheithicil, agus

(b) murab é a húinéir cláraithe an duine a loc í, and t-úinéir sin, agus

(c) má bhíonn an fheithicil faoi bhrí comhaontú fruiltiomána ar an ócáid a bheidh i gceist agus, murab é an fruilitheoir faoin gcomhaontú an duine a loc í, an fruilitheoir sin,

iad araon, ciontach i gcion.

(10) (a) I gcás inarb é úinéir cláraithe na feithicle duine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (9) den alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh gur duine eile a bhí ag úsáid na feithicle ar an ócáid a bheidh i gceist agus—

(i) nach raibh an úsáid sin údaraithe, nó

(ii) go raibh an fheithicil faoi bhrí comhaontú fruiltiomána ar an ócáid sin.

(b) Más é úinéir cláraithe na feithicle duine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (9) den alt seo is cosaint mhaith dó a shuíomh gur duine eile a bhí ag úsáid na feithicle ar an ócáid a bheidh i gceist agus nach raibh an úsáid sin údaraithe.

(11) I gcás ina sárófar fodhlí nó riail faoin alt seo agus nach mbeidh baint ag feithicil inneallghluaiste leis an sárú, beidh an duine a sháraigh an fodhlí nó an riail ciontach in gcion.

(12) In aon ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, gur go cuí faoin alt seo a rinneadh méadar loctha i méadar-áit loctha a chur san áit sin agus go raibh sé cruinn agus in ordú maith oibre.

(13) Ní chuirfidh comhlíonadh a fheidhmeanna ag an gCoimisinéir nó a bhfeidhmeanna ag údarás áitiúil faoin alt seo nó faoi aon fhodhlí nó riail faoin alt seo an Coimisinéir nó an t-údarás áitiúil faoi dhliteanas maidir le haon fheithicil in áit loctha, nó na nithe a bheidh san fheithicil sin, a chailliúint nó a dhamáistiú.

(14) Measfar chun críocha an Achta seo nach é an freastalaí loctha ceadúnaithe an duine i bhfeighil na bhfeithiclí san áit loctha murab é an freastalaí loctha é.

(15) (a) San alt seo—

ciallaíonn “freastalaí loctha ceadúnaithe” duine atá ceadúnaithe go cuí faoi fhodhlíthe faoin alt seo chun gníomhú mar fhreastalaí loctha in áit loctha;

ciallaíonn “méadar loctha” gléas chun táillí a bhailiú in áit loctha agus chun a thaispeáint gur íocadh na táillí sin agus na tréimhsí atá caite ó íocadh iad.

(b) I gcás áit loctha a bheith i limistéar feidhmiúcháin chomhairle contae, bhardais chontae-bhuirge nó buirge eile chomhairle cheantair uirbigh nó choimisinéirí baile, is iad an chomhairle, an bardas nó na coimisinéirí sin an t-údarás áitiúil iomchuí chun críocha fho-alt (3) den alt seo.

(c) I gcás contae a bhfuil aon bhuirg, ceantar uirbeach nó baile ann, measfar, chun críche na míre sin roimhe seo, nach bhfuil an bhuirg, an bailecheantar nó an baile i limistéar feidhmiúcháin chomhairle an chontae.

(16) Measfar, chun críocha an Achta Ionstraimí Reachtúla, 1947 , gur ionstraim lena mbaineann an tAcht sin go príomha rialacha faoi fho-alt (3) den alt seo.

(17) Féadfaidh an tAire le rialacháin foráil a dhéanamh i dtaobh aon táillí faoin alt seo a dhiúscairt agus déanfar táillí lena mbainfidh aon rialacháin den sórt sin a dhiúscairt de réir na rialachán sin.

Trácht a rialú i gcás dálas a tharraingeoidh mórthionól, etc.

91. —(1) Chun ord a choimeád maidir le trácht nuair a bheidh dálas ann a tharraingeoidh mórthionól daoine nó nuair a bheidh brú tráchta ann nó tóiteán, tuile nó teagmhas dá samhail, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána in éide gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh: trácht a chlaonadh, a rialáil agus a rialú agus locadh feithiclí a rialáil agus a rialú.

(2) Na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo folóidh siad, go háirithe, cumhacht chun gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh le hordú béil nó láimhe:

(a) gluaiseacht tráchta a thoirmeasc;

(b) an treo ina gcaithfidh trácht dul a chur in iúl;

(c) locadh feithiclí a thoirmeasc;

(d) áiteanna a chur in iúl chun feithiclí a locadh nó mar áiteanna seasaimh d'fheithiclí seirbhíse poiblí agus a n-úsáid a rialáil;

(e) aon toirmisc nó taispeánta eile a dhéanamh is dóigh leis is gá chun bac nó mí-ordú ar thrácht a chosc.

(3) Aon duine a sháróidh ordú a thabharfaidh comhalta den Gharda Síochána faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) D'ainneoin aon fhoráil eile atá san Acht seo, féadfaidh duine, chun críocha an ailt seo, gníomhú go sealadach mar fhreastalaí loctha faoi réir é a bheith údaraithe chuige sin ag oifigeach den Gharda Síochána.

Cosc a chur le haontaí agus margaí a bheith ina mbac ar thrácht.

1878, c. 52.

92. —(1) I gcás ina mbeidh aon aonach nó margadh ar siúl in aon áit phoiblí laistigh de limistéar feidhmiúcháin bhardas contae-bhuirge nó buirge eile, chomhairle contae nó cheantair uirbigh nó choimisinéirí baile, féadfaidh an bardas, an chomhairle nó na coimisinéirí cibé fodhlíthe a dhéanamh is dóigh leo is gá chun a áirithiú go mbeidh saor-bhealach ag trácht feithiclí ar bhóithre poiblí le linn aontaí nó margaí.

(2) Bainfidh ailt 219 go 223 den Public Health (Ireland) Act, 1878, le fodhlíthe faoin alt seo sa tslí chéanna ina mbaineann siad le fodhlíthe faoin Acht sin, faoi réir an mhodhnaithe go bhforléireofar na tagairtí atá iontu d'údarás sláintíochta mar thagairtí do bhardas contae-bhuirge nó buirge eile, do chomhairle contae nó ceantair uirbigh nó do choimisinéirí baile, de réir mar is gá.

(3) Aon duine a sháróidh fodhlí faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) I gcás contae a bhfuil aon bhuirg, ceantar uirbeach nó baile mór ann, measfar, chun críocha an ailt seo, nach bhfuil an bhuirg, an ceantar uirbeach nó an baile mór sin i limistéar feidhmiúcháin chomhairle an chontae.

Droichid a chosaint ar ualaigh rómhóra.

93. —(1) (a) Féadfaidh údarás bóithre, cuideachta iarnróid nó cánálach nó duine eile a dhlíonn droichead ar a bhfuil bóthar poiblí a chothabháil, trí fhógraí sar fhoirm fhorordaithe a fheistfear sa tslí fhorordaithe ar an mbealach chun an droichid, a thoirmeasc an aon fheithicil ar mó a meáchan, maraon le meáchan an ualaigh a bheidh uirthi (má bhíonn), ná an meáchan a bheidh sonraithe sna fógraí dul thar an droichead ar aon chor nó (de réir mar a bheidh sonraithe sna fograí) ar luas is mó ná luas sonraithe nó faoi réir coinníollacha sonraithe.

(b) Maidir le fógra a fheistfear ar an mbealach chun droichid agus a airbheartóidh gur fógra faoin bhfo-alt seo é, toimhdeofar in aon imeachtaí dlíthiúla, go dtí go suífear a mhalairt, gur fógra é a feisteadh de bhun an fho-ailt seo agus go bhfuil sé san fhoirm fhorordaithe agus gur sa tslí fhorordaithe a feisteadh é.

(2) Ní fheistfear fógraí faoi fho-alt (1) den alt seo i leith droichid mura gá de réir réasúin srian éigin a chur le húsáid an droichid chun a áirithiú nach gcuirfidh an trácht ar an droichead ualach níos mó ar an droichead ná is féidir leis a iompar, agus ní chuirfidh aon fhógra den sórt sin srian le húsáid an droichid sin is mó ná an tsrian is gá de réir réasúin chun na críche sin.

(3) Féadfaidh duine a éileoidh, maidir le fógraí a airbheartóidh a bheith feiste faoi fho-alt (1) den alt seo, gur feisteadh amhlaidh iad contrártha d'fho-alt (2) den alt seo achomharc a dhéanamh sa tslí fhorordaithe chun an Aire agus, ar an achomharc a éisteacht, tabharfaidh an tAire cibé orduithe (chun na fógraí a chothabháil, a dhíchur nó a athrú) is cuí leis.

(4) Má thugann an tAire, de dhroim achomharc chuige faoin alt seo, ordú na fógraí lena mbainfidh an t-achomharc a dhíchur nó a athrú, déanfaidh an duine a d'fheist na fógraí, laistigh de thrí lá ón uair a chuir fear na horduithe in iúl dó, na fógraí a dhíchur, nó a athrú, de réir na n-orduithe.

(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(6) Ní thiomáinfidh duine feithicil thar dhroichead contrártha d'fhógra a bheidh feiste faoi fho-alt (1) den alt seo maidir leis an droichead (d'ainneoin go mb'fhéidir an fógra a bheith feiste contrártha d'fho-alt (2) den alt seo).

(7) Aon duine a sháróidh fo-alt (6) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(8) I gcás ina dtiomáinfear feithicil thar dhroichead i gcúinsí gur cion é faoi fho-alt (6) den alt seo, dlífidh úinéir na feithicle damáistí a íoc leis an údarás, leis an gcuideachta, nó leis an duine eile a dhlíonn an droichead a chothabháil i leith aon damáiste a bhainfidh don droichead tríd an bhfeithicil a thiomáint thar an droichead agus féadfaidh an duine sin na damáistí a ghnóthú ó úinéir na feithicle trí chaingean sibhialta in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) I gcás ina bhfeistfear fógraí faoin alt seo i leith droichid, is dleathach, le toiliú an Choimisinéara, don údarás, don chuideachta, nó don duine eile a dhlíonn an droichead a chothabháil, agus beidh de dhualgas ar an údarás, ar an gcuideachta nó ar an duine eile sin má chuireann an Coimisinéir de cheanglas é, comhartha a chur suas agus a chothabháil ag an droichead nó ar an mbealach chuige chun an toirmeasc dá bhforáiltear leis na fógraí a chur in iúl don trácht, agus is comhartha é a chomhlíonfaidh na forálacha forordaithe maidir le méid, crot, dath agus cineál.

Bóithre áirithe a dhúnadh in aghaidh feithiclí.

94. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó fiosrúchán poiblí a sheoladh, a thoirmeasc, faoi réir cibé eisceachtaí nó coinníollacha a shonrófar san ordú, feithiclí nó aon aicme feithiclí a thiomáint ar aon bhóthar poiblí sonraithe ar dóigh leis ina thaobh, de thoradh an fhiosrúcháin, é a bheith cruthaithe gur chontúirt don trácht ar an mbóthar sin feithiclí nó an aicme feithiclí a thiomáint ar an mbóthar nó an bóthar sin a bheith neamhoiriúnach, ar chúis ar bith eile, lena úsáid ag feithiclí nó ag an aicme sin feithiclí.

(2) I gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) beidh de dhualgas ar an údarás bóithre ar a mbeidh cúram cothabhála an bhóthair lena mbainfidh an t-ordú fógraí i bhfoirm a cheadóidh an tAire agus a luafaidh éifeacht an ordaithe a chur suas agus a chothabháil i cibé áiteanna a bheidh sonraithe san ordú, agus

(b) is dleathach don údarás bóithre sin, le toiliú an Choimisinéara, agus beidh de dhualgas orthu má chuireann an Coimisinéir de cheanglas é, comhartha a chur suas agus a chothabháil, ag an mbóthar nó ar an mbealach chuige, chun an toirmeasc dá bhforáiltear leis an ordú a chur in iúl, is comhartha a chomhlíonfaidh na forálacha forordaithe maidir le méid, crot, dath agus cineál.

(3) I gcás ina mbeidh ordú déanta faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire tráth ar bith le hordú, tar éis fógra a thabhairt don údarás bóithre ar a mbeidh cúram cothabhála an bhóthair lena mbainfidh an t-ordú agus aon uiríolla a dhéanfaidh an t-údarás bóithre sin chuige a bhreithniú, an t-ordú céadluaite sin a chúlghairm nó a leasú agus air sin beidh de dhualgas ar an údarás bóithre sin na fógraí a bheidh curtha suas agus á gcothabháil acu faoi fho-alt (2) den alt seo i leith an ordaithe chéadluaite sin a dhíchur nó a athrú.

(4) Beidh uiríolla a dhéanamh de bhun fho-alt (3) den alt seo—

(a) i gcás inar comhairle contae, bardas buirge nach contaebhuirg nó comhairle cheantair uirbigh a dhéanfaidh iad, ina fheidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, agus

(b) i gcás inar comhairle contae-bhuirge a dhéanfaidh iad, ina fheidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contae-bhuirge.

(5) Ní thiomáinfidh duine feithicil ar bhóthar contrátha d'ordú faoi fho-alt (1) den alt seo.

(6) I gcás ina sáróidh duine fo-alt (5) den alt seo, beidh sé féin agus, murab é úinéir na feithicle é, an t-úinéir sin, iad araon, ciontach i gcion.

(7) I gcás inarb é úinéir na feithicle an duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith dó ar an gcúiseamh a shuíomh gur duine eile a bhí ag úsáid na feithicle ar an ócáid a bheidh i gceist agus nach raibh an úsáid sin údaraithe.

Síneacha tráchta.

1946, Uimh. 24 .

95. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “rialachán bóthair” aon ordú, rialachán, fodhlí nó riall faoi achtachán (seachas alt 86, 93, 94 nó 96 den Acht seo) a bhaineann le trácht ar bhóthar;

ciallaíonn “sin tráchta” aon chomhartha, samhaltán, fógra nó marcáil róid, nó aon ghléas chun comharthaí a thabhairt go meicniúil, a dhéanann ceann amháin nó níos mó acu seo a leanas:

(a) a thugann eolas i dtaobh bóthair phoiblí, lena n-áirítear na háiteanna ina dtéann sé agus na fadanna chun na n-áiteanna sin nó uathu,

(b) a thugann rabhadh do dhaoine ar chontúirt maidir le bóthar poiblí nó a thugann comhairle faoin gcúram is ceart a ghlacadh in aghaidh na contúirte sin, nó a dhéanann an dá rud sin le chéile,

(c) a chuireann in iúl rialachán bóthair a bheith ann maidir le bóthar poiblí, nó a chuireann rialachán den sórt sin i bhfeidhm, nó a dhéanann an dá ní sin le chéile;

folaíonn “soláthar” cur suas nó feisteadh, cothabháil agus (i gcás gléas chun comharthaí a thabhairt go meicniúil) oibriú, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, rialacháin a dhéanamh maidir le síneacha tráchta sonraithe, agus i gcás ina soláthróidh údarás bóithre sín tráchta de shórt is ionann agus sín tráchta a bheidh sonraithe in aon rialacháin den sórt sin, beidh sé de réir na rialacháin mura n-údaróidh an tAire a mhalairt.

(b) Féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo an bhrí a shonrú a ghabhfaidh le sín tráchta a shonrófar sna rialacháin, ach ní fhorléireofar an fhoráil seo mar ní a cheanglaíonn go bhforálfaidh na rialacháin go mbeidh sa tsín tráchta aon fhocal, focail nó samhaltán a chuirfidh in iúl go beacht brí na síne tráchta.

(3) Déanfaidh údarás bóithre cibé síneacha tráchta a iarrfaidh an Coimisinéir a sholáthar, sna hionaid a luafaidh sé, ar aon bhóthar poiblí faoina gcúram agus déanfaidh siad, maidir le haon síneacha tráchta a sholáthrófar amhlaidh, cibé aistrithe tréimhsiúla ó áit go háit agus aon athruithe agus díchur a iarrfaidh seisean.

(4) Aon iarraidh a dhéanfaidh an Coimisinéir faoi fho-alt (3) den alt seo féadfaidh sé gurb é a bheidh ann síneacha tráchta a sholáthar le haghaidh gach trátha nó ócáide nó síneacha tráchta go ceann tréimhse teoranta nó le haghaidh ócáide nó ócáideacha áirithe.

(5) Féadfaidh údarás bóithre, le toiliú an Choimisinéara, cibé síneacha tráchta is dóigh leo is inmhianaithe a sholáthar d'aon bhóthar poiblí faoina gcúram.

(6) I gcás ina mbeidh gá réasúnach le húdarás bóithre do sholáthar sín tráchta ar thalamh atá cóngarach do bhóthar poiblí ach nach cuid den bhóthar sin, féadfaidh an t-údarás bóithre, tar éis fógra lá is fiche ar a laghad a thabharfar tríd an bpost cláraithe d'áititheoir (más ann) na talún agus do gach duine (más ann) a mbeidh leas aige sa talamh agus ar féidir leis an údarás bóithre sin, trí fhiosrú réasúnach, a fháil amach go bhfuil a leithéid ann agus fios a ainme agus a sheoladh a fháil, dul isteach agus an sín tráchta sin a sholáthar ar an talamh.

(7) I gcás ina ndéanfaidh údarás bóithre sín tráchta a sholáthar faoi fho-alt (6) den alt seo ar aon talamh, féadfaidh aon duine a bhfuil leas aige sa talamh, ar fhógra a thabhairt don údarás bóithre go bhfuil sin ar intinn aige, a iarraidh, aon tráth, ar an Aire a ordú an tsín tráchta a dhíchur.

(8) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fho-alt (7) den alt seo, maidir le sín tráchta a soláthraíodh ar aon talamh, déanfaidh an tAire, tar éis dó an t-iarratas a bhreithniú, mar a leanas—

(a) diúltóidh sé don iarratas, nó

(b) más deimhin leis nach bhfuil gá réasúnach leis an tsín tráchta a sholáthar, ordóidh sé an tsín tráchta a dhíchur den talamh nó

(c) más deimhin leis gur cúis cruála gan riachtanas nó gan réasún an tsín tráchta a bheith soláthraithe san áit ina bhfuil sé, ordóidh sé an tsín tráchta a aistriú go dtí áit eile ar an talamh.

(9) I gcás ina dtabharfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (8) den alt seo maidir le sín tráchta, déanfaidh an t-údarás bóithre a sholáthraigh an tsín tráchta de réir an ordaithe.

(10) Ní dhéanfaidh aon duine seachas údarás bóithre sín tráchta is féidir a fheiceáil ó bhóthar poiblí a sholáthar gan toiliú an Choimisinéara.

(11) Beidh áititheoir nó (i gcás talamh nach bhfuil áitithe) úinéir talún ar a soláthrófar sín tráchta contrártha d'fho-alt (10) den alt seo ciontach i gcion agus, in aon ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo agus d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, gur duine seachas údarás bóithre a sholáthraigh an tsín tráchta gan toiliú an Choimisinéara.

(12) I gcás ina ndéanfaidh duine go toiliúil údarás bóithre a chosc nó a bhac agus iad ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar le fo-alt (6) den alt seo, nó má dhéanann sé, gan údarás dleathach, sín tráchta a soláthraíodh faoin alt seo a dhíchur, a aghalot nó a dhamáistiú i slí eile, beidh sé ciontach i gcion.

(13) Beidh na costais faoina rachaidh údarás bóithre ag soláthar sín tráchta do bhóthar poiblí ina gcuid de chostas cothabhála an bhóthair.

(14) Ní dhéanfaidh aon duine aon tsín, samhaltán, fógra ná solas nach sín tráchta a sholáthar, má bhíonn sé, nuair a bheidh sé soláthraithe, le feiceáil ó bhóthar poiblí agus—

(a) gur féidir go gceapfaí gur sín tráchta é,

(b) go bhfágfaidh sé gur deacra do lucht úsáidte bóithre é sín tráchta a soláthraíodh de réir an ailt seo a fheiceáil, nó

(c) má bhíonn sé ina bhacainn ar léargas lucht úsáidte bóithre poiblí ionas gur contúirt dóibh an bóthar.

(15) Beidh áititheoir nó (i gcás talamh neamháitithe) úinéir talún ar a soláthrófar sín, samhaltán, fógra nó solas contrártha d'fho-alt (14) den alt seo ciontach i gcion.

(16) I gcás ina ndéanfaidh údarás bóithre sín tráchta nach sín tráchta lena mbaineann rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo a sholáthar faoin alt seo, beidh sé de réir aon ordacháin ghinearálta nó áirithe a thabharfaidh an tAire ó am go ham.

(17) Aon tsín tráchta a bheidh arna soláthar faoi aon fho-alt d'alt 69 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 , i dtosach feidhme an ailt seo, measfar gur faoin bhfo-alt comhréire den alt seo a soláthraíodh í.

(18) Maidir le sín tráchta ar bhóthar poiblí nó in aice leis, coimhdeofar in aon ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, gur go dleathach a feisteadh amhlaidh í agus go bhfuil sí de réir aon rialacháin, nó do réir aon ordacháin, faoin alt seo a bhaineann léi.

(19) Féadfar iarraidh nó toiliú ón gCoimisinéir faoin alt seo a shíniú ag oifigeach den Gharda Síochána a bheidh údaraithe chuige sin ag an gCoimisinéir.

(20) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoi fho-alt (11) nó faoi fho-alt (15) den alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh—

(a) nach é a sholáthraigh, agus nach lena thoiliú a soláthraíodh, an tsín tráchta, an tsín, an samhaltán, an fógra nó an solas lena mbainfidh an cúiseamh, agus

(b) gur chuir sé faoi deara é a dhíchur a luaithe ab fhéidir tar éis dó fios a fháil gur soláthraíodh é.

Patróláil áiteanna a dtéann leanaí scoile trasna bóithre poiblí.

96. —(1) Féadfaidh comhairle contae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile, le toiliú Choimisinéir an Gharda Síochána, a shocrú go ndéanfaidh daoine (dá ngairtear maoir tráchta san alt seo) a fhostóidh siad nó a ainmneoidh siad patról in áiteanna a dtéann leanaí scoile trasna bóithre poiblí.

(2) Féadfaidh maor tráchta cibé sin a bheidh forordaithe a thaispeáint á cheangal ar an trácht stad agus fanacht ina stad ionas go bhféadfaidh leanaí scoile dul trasna an bhóthair go sábháilte, agus stadfaidh an trácht agus fanfaidh sé ina stad dá réir sin an fad a bheidh an tsín ar taispeáint.

(3) An duine nach stadfaidh feithicil nó ainmhí nó nach gcoimeádfaidh ina stad é de réir fho-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) Ní bheidh an chumhacht a thugtar do mhaor tráchta le fo-alt (2) den alt seo infheidhmithe ach amháin má bhíonn cibé éide a bheidh forordaithe á caitheamh ag an maor.

(5) I gcás inar cuid de chontae aon bhuirg, ceantar uirbeach nó baile mór, measfar, chun críocha an ailt seo, nach cuid de limistéir feidhmiúcháin chomhairle an chontae an bhuirg, an ceantar uirbeach nó an baile.

(6) Aon duine a ghníomhaigh mar mhaor tráchta, toimhdeofar, in aon imeachtaí dlíthiúla, go dtí go suífear a mhalairt, gur de réir comhshocraíochtaí a rinneadh go cuí faoin alt seo agus de réir na rialachán chun críocha an ailt seo a ghníomhaigh sé amhlaidh.

(7) San alt seo—

ní fholaíonn “trácht” coisithe;

folaíonn “éide” aon bhall éadaigh, crios muinchille nó caipín.

Feithicil a bheidh fágtha nó tréigthe ar bhóthar poiblí.

97. —(1) I gcás ina bhfágfar feithicil ar bhóthar poiblí i suíomh gur cúis contúirte nó bacainne nó gur dóigh di a bheith ina cúis contúirte nó bacainne, do thrácht nó ina dtréigfear feithicil ar bhóthar poiblí, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána an fheithicil a aistriú nó féadfaidh sé a chur faoi deara aon duine eile dá haistriú agus féadfaidh sé socrú a dhéanamh chun an fheithicil a stóráil.

(2) I gcás ina n-aistreofar feithicil de bhun an ailt seo íocfaidh úinéir na feithicle leis an gCoimisinéir cibé táille i leith an aistrithe a shonróidh an tAire Dlí agus Cirt le rialacháin.

(3) I gcás ina stórálfar feithicil de bhun an ailt seo íocfaidh úinéir na feithicle leis an gCoimisinéir cibé táille i leith na stórála is iomchuí de réir scála a shonróidh an tAire Dlí agus Cirt le rialacháin.

(4) Féadfar táille faoin alt seo a aisghabháil, mura n-íocfar í, mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) Nuair a bheidh sé ag déanamh rialachán faoin alt seo, tabharfaidh an tAire Dlí agus Cirt aird ar an gcostas réasúnach a bhainfidh le feithiclí a aistriú agus a stóráil.

Bac tráchta a thoirmeasc.

98. —(1) Ní dhéanfaidh duine aon ghníomh (cibé acu trí ghníomh nó neamhghníomh) ar cúis é nó ar dóigh dó a bheith ina chúis le trácht trí aon áit phoiblí a bhac.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh go raibh údarás dleathach leis an ngníomh is ábhar don ghearán nó gur tionóisc dosheachanta ba chúis leis.

Toirmeasc ar ghreim a choimeád ar fheithiclí, nó dul in airde ar fheithiclí, gan údarás.

99. —(1) Ní choimeádfaidh duine greim ar fheithicil ná ní rachaidh in airde ar fheithicil ná isteach i bhfeithicil agus í ag gluaiseacht in áit phoiblí.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh go raibh údarás dleathach leis an ngníomh is ábhar don ghearán nó, d'eile, go raibh cúis réasúnach eile leis.

Rothaithe ag coimeád greama ar fheithiclí eile.

100. —(1) Ní dhéanfaidh duine a bheidh ar dhárothach nó ar thrírothach in áit phoiblí greim a choimeád ar aon fheithicil eile (seachas rothar cos nach mbeidh á thiomáint ag aon duine) a bheidh ag gluaiseacht ná ní choimeádfaidh greim ar aon duine nó rud a bheidh ar fheithicil den sórt sin nó inti nó ceangailte di.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Údaráis áitiúla do sholáthar carrloc anna.

1878, c. 52.

1896, c. 54.

1925, Uimh. 5 .

101. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás sláintíochta de réir bhrí na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952;

ciallaíonn “carrloc” áit (nach cuid de bhóthar poiblí) chun feithiclí inneallghluaiste a locadh.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil cibé carrloc nó cibé carrlocanna (agus slí chun an chéanna) a sholáthar is dóigh leo is gá chun brú tráchta a mhaolú nó a chosc.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire, cabhrú le haon duine a sholáthróidh carrloc, agus féadfar an chabhair a thabhairt trí ranníoc airgid nó trí oibreacha a dhéanamh nó trí thalamh a dheonú no a léasadh.

(4) Chun críocha fho-alt (2) nó fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire, talamh ar bith a cheannach nó a ghlacadh ar léas, nó aon éasúint sa talamh nó thairis nó go dtí é a thógáil nó aon talamh a bheidh tógtha acu chun críche eile a úsáid.

(5) Beidh feidhm ag ailt 203, 214 agus 215 den Public Health (Ireland) Act, 1878, arna leasú le halt 8 den Public Health (Ireland) Act, 1896, agus ag alt 68 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 , maidir le húdarás áitiúil do thógáil talún faoin alt seo, ach leis an modhnú go bhféadfar na fógráin a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 203 den Public Health (Ireland) Act, 1878, a fhoilsiú mí ar bith agus go ndéanfar na fógraí a luaitear san fho-alt sin a sheirbheáil an chéad mhí ina dhiaidh sin.

(6) Forléireofar fo-alt (2) den alt seo mar alt a thugann d'údarás áitiúil—

(a) cumhacht, faoi réir thoiliú an Aire, chun foirgneamh a chur suas a úsáidfear ar fad nó go formhór chun feithiclí inneallghluaiste a locadh,

(b) cumhacht, faoi réir thoiliú an Aire, chun seomraí feithimh, seomraí cótaí agus áiseanna eile dá samhail a dhéanamh d'aon charrloc a sholáthróidh siad,

(c) cumhacht chun talamh a oiriúnú lena úsáid mar charrloc.

(7) Féadfaidh údarás áitiúil fodhlíthe a dhéanamh maidir le húsáid aon charrloic a sholáthróidh siad faoin alt seo, agus go háirithe, maidir le gach ábhar nó aon ábhar acu seo a leanas:

(a) srian a chur leis na haicmí feithiclí a fhéadfar a ligean isteach sa charrloc;

(b) na táillí a shonrú a bhainfear amach as an gcarrloc a úsáid;

(c) na tréimhsí a shonrú a fhéadfaidh feithiclí fanacht sa charrloc.

(8) Bainfidh ailt 219 go 223 den Public Health (Ireland) Act, 1878, le fodhlíthe faoin alt seo díreach mar a bhaineann siad le fodhlíthe faoin Acht sin.

(9) I gcás ina dtiocfaidh údarás áitiúil ar an tuairim gur ceart an talamh a bheidh á úsáid le haghaidh carrloc a sholáthraigh siad faoin alt seo a úsáid chun críche eile chun ar féidir leo talamh a úsáid go dleathach, féadfaidh an t-údarás áitiúil úsáid na talún mar charrloc a fhoirceannadh.

(10) Aon údarás áitiúil a bheidh tar éis carrloc a sholáthar faoin alt seo, féadfaidh siad, le toiliú an Aire, an carrloc nó aon chuid de a dhíol le haon duine nó a léasadh chun aon duine faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo.

(11) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt as an Ród-Chiste faoi chomhair na gcostas faoina rachaidh údarás áitiúil faoin alt seo.

CUID IX.

Ilghnéitheach.

Píonós ginearálta.

102. —I gcás ina mbeidh duine ciontach i gcion faoi aon alt nó aon fho-alt d'alt atá san Acht seo agus, i leith ón alt seo agus ar neamhaird le haon dícháiliúchán is féidir a fhorchur, nach bhforáiltear aon phionós don chion, dlífear maidir leis an duine sin ar a chiontú go hachomair—

(a) i gcás an chéad chiona faoin alt nó faoin bhfo-alt sin— fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air,

(b) i gcás an dara cion faoin alt nó faoin bhfo-alt sin, nó i gcás an tríú cion nó cion ina dhiaidh sin den sórt sin seachas cion dá dtagraítear sa chéad mhír eile— fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air, agus

(c) i gcás an tríú cion nó cion ina dhiaidh sin faoin alt nó faoin bhfo-alt sin arb é an tríú cion nó cion ina dhiaidh sin é in aon tréimhse dhá mhí dhéag chomhleanúnacha—fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Foráil speisialta ag a bhfuil feidhm i gcás ina líomhnaítear go ndearnadh cionta áirithe.

103. —(1) Baineann an t-alt seo le cibé cionta faoin Acht seo a ndearbhóidh an tAire le rialacháin gur cionta lena mbaineann an t-alt seo iad.

(2) I gcás go bhfaighidh comhalta den Gharda Síochána duine agus go mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil cion lena mbaineann an t-alt seo á dhéanamh nó déanta ag an duine sin, féadfaidh an comhalta fógra san fhoirm fhorordaithe a sheachadadh don duine sin á rá—

(a) go líomhnaítear go ndearna an duine sin an cion sin,

(b) go bhféadfaidh an duine sin, laistigh de thréimhse lá is fiche dar tosach dáta an fhógra, suim fhorordaithe a mbeidh an fógra ina teannta a íoc le comhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána sonraithe,

(c) nach dtionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe i rith na tréimhse a shonrófar san fhógra ná ar aon chor má dhéantar an íocaíocht a shonrófar san fhógra i rith na tréimhse sin.

(3) I gcás ina bhfaighidh comhalta den Gharda Síochána feithicil inneallghluaiste agus go mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil cion lena mbaineann an t-alt seo agus úsáid feithicle i gceist ina dhéanamh á dhéanamh nó déanta, féadfaidh an comhalta fógra san fhoirm fhorordaithe a ghreamú den fheithicil á rá—

(a) go líomhnaítear go ndearnadh an cion sin,

(b) go bhféadfaidh duine a dhlífear a ionchúiseamh i leith an chiona, i rith tréimhse lá is fiche dar tosach lá an fhógra, suim fhorordaithe a mbeidh an fógra ina teannta a íoc le comhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána sonraithe,

(c) nach dtionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe i rith na tréimhse a shonrófar san fhógra ná ar aon chor má dhéantar an íocaíocht a shonrófar san fhógra i rith na tréimhse sin.

(4) I gcás ina ndéanfar fógra a sheachadadh faoi fho-alt (2) nó a ghreamú faoi fho-alt (3) den alt seo—

(a) féadfaidh duine lena mbainfidh an fógra, i rith na tréimhse a shonrófar san fhógra, an íocaíocht a shonrófar san fhógra agus a mbeidh an fógra ina teannta a dhéanamh le comhalta den Gharda Síochána sa stáisiún Garda Síochána a shonrófar san fhógra,

(b) féadfaidh an comhalta an íocaíocht a ghlacadh, admháil uirthi a thabhairt uaidh, agus í a choinneáil chun go ndéanfar í a dhiúscairt de réir an Achta seo agus ní bheidh aon íocaíocht a ghlacfar amhlaidh inghnóthaithe in aon chúinse ag an duine a d'íoc í,

(c) ní thionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe i rith na tréimhse a shonrófar san fhógra ná ar aon chor má dhéantar an íocaíocht a shonrófar san fhógra i rith na tréimhse sin.

(5) In ionchúiseamh i leith ciona lena mbainfidh an t-alt seo is é an cosantóir a dhlífidh a shuíomh go ndearnadh íocaíocht de bhun fógra faoin alt seo.

(6) Ní dhéanfaidh aon duine, ach duine lena mbainfidh an fógra, fógra a ghreamófar d'fheithicil faoi fho-alt (3) den alt seo a bhaint anuas ná ní bhainfidh le fógra den sórt sin.

(7) Aon duine a sháróidh fo-alt (6) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Fógra i dtaobh ciona.

104. —I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoi alt 47, 52 nó 53 den Acht seo, ní chiontófar sa chion é, mura rud é—

(a) gur tugadh rabhadh dó an t-am a líomhnaítear a rinneadh an cion, nó laistigh de cheithre huaire is fiche a chloig ina dhiaidh sin, go mbreithneofaí a ndéanfaí é a ionchúiseamh i leith ciona faoi cheann éigin de na hailt sin, nó

(b) go ndearnadh toghairm mar gheall ar an gcion a sheirbheáil air laistigh de cheithre lá dhéag ón tráth a rinneadh an cion, nó

(c) go ndearnadh, laistigh den cheithre lá dhéag sin fógra i scríbhinn ag insint an ama agus na háite a líomhnaítear a rinneadh an cion agus ag insint, go hachomair, an ghnímh nó na ngníomhartha a líomh naítear gurb é an cion é nó gurb iad an cion iad agus ag insint go bhfuiltear ar intinn é a ionchúiseamh ann a sheirbheáil air go pearsanta nó leis an bpost cláraithe nó (i gcás feithicil inneallghluaiste) ar úinéir cláraithe na feithicle ar maidir léi a líomhnaítear a rinneadh an cion:

Ar choinníoll—

(i) nach urchosc ar chiontú neamhchomhlíonadh an cheanglais seo i gcás inar deimhin leis an gcúirt—

(I) gur chuidigh an cúisí, trína iompar féin, le neamhchomhlíonadh an cheanglais seo, nó

(II) i gcás inar cion maidir le feithicil inneallghluaiste an cion a líomhnaítear a rinneadh, nárbh fhéidir, le dúracht réasúnach, ainm agus seoladh an chúisí nó ainm agus seoladh úinéir chláraithe na feithicle a fháil amach in am le toghairm a sheirbheáil nó fógra a sheirbheáil mar a dúradh, nó

(III) i gcás nach cion maidir le feithicil inneallghluaiste an cion a líomhnaítear a rinneadh, nárbh fhéidir, le dúracht réasúnach, ainm agus seoladh an chúisí a fháil amach in am le toghairm a sheirbheáil nó le fógra a chur amach mar a dúradh, agus

(ii) toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, gur comhlíonadh ceanglas an ailt seo.

Fianaise ar luas.

105. —I gcás inar cuid den chruthú go ndearnadh cion faoin alt seo cruthú ar an luas ar a raibh duine (cibé acu an cúisí nó duine eile) ag tiomáint—

(a) ní ghlacfar, mar chruthú ar an luas sin, le fianaise gan chomhthacaíocht ó fhinné amháin ag tabhairt a thuairime faoin luas sin,

(b) féadfar an dualgas chun an luas sin a chruthú prima facie a chomhlíonadh trí ionchoisc a chur i bhfianaise ar féidir an luas sin a bhaint mar thát astu agus a thug uaireadóir nó gléas leictreonach nó gléas eile, agus ní gá a chruthú go raibh an t-uaireadóir nó an gléas leictreonach nó an gléas eile cruinn nó in ordú maith oibre.

Dualgais nuair a tharlóidh tionóisc.

1920, c. 72.

106. —(1) I gcás ina ndéanfar díobháil don phearsa nó do mhaoin in áit phoiblí agus go mbeidh baint ag feithicil leis an díobháil tarlú (cibé acu gurbh é nó nárbh é úsáid na feithicle ba chúis leis an díobháil), beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) mura mbeidh an fheithicil ina stad tar éis an teagmhas sin tarlú, stopfaidh tiománaí na feithicle an fheithicil;

(b) coimeádfaidh an tiománaí nó duine eile a bheidh i bhfeighil na feithicle an fheithicil san áit nó in aice na háite inar tharla an teagmhas ar feadh tréimhse a bheidh réasúnach ag féachaint do chúinsí uile an cháis agus d'fhorálacha an ailt seo;

(c) déanfaidh tiománaí na feithicle nó, má mharaítear nó má éagumasaítear é, an duine a bheidh i bhfeighil na feithicle an uair sin an t-eolas iomchuí a thabhairt, ar é a éileamh air, do chomhalta den Gharda Síochána nó, mura mbeidh comhalta den sórt sin i láthair, do dhuine amháin ag a mbeidh teideal faoin alt seo an t-eolas sin a éileamh;

(d) mura mbeidh comhalta den Gharda Síochána i láthair nuair a tharlóidh an teagmhas agus—

(i) nach mbeidh aon duine ag a mbeidh teideal faoin alt seo an t-eolas a éileamh, nó

(ii) gur cás é a mbeidh sé réasúnta soiléir, maidir leis an aon duine amháin a mbeidh teideal aige faoin alt seo an t-eolas iomchuí a éileamh nó gach duine de na daoine ag a mbeidh an teideal sin, nach bhféadfaí súil le héileamh uaidh mar gheall ar dhíobháil, breoiteacht, aois nó míchumas eile,

déanfaidh tiománaí na feithicle nó, má mharaítear nó má éagumasaítear é, an duine a bheidh i bhfeighil na feithicle an uair sin tuairisc i dtaobh an teagmhais a thabhairt, a luaithe is féidir, do chomhalta den Gharda Síochána agus, más gá, rachaidh sé chun na críche sin go dtí an stáisiún Garda Síochána is gaire chaothúla agus tabharfaidh sé freisin an t-eolas iomchuí don chomhalta ar an gcomhalta á éileamh sin air.

(2) I gcás—

(a) ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint go ndearnadh díobháil don phearsa nó do mhaoin in áit phoiblí agus go raibh baint ag feithicil leis an díobháil tarlú (cibé acu gurbh é nó nárbh é úsáid na feithicle ba chúis leis an díobháil), agus

(b) nach mbeidh a fhios ag an gcomhalta cá bhfuil an fheithicil á coimeád,

féadfaidh an comhalta a cheangal ar úinéir na feithicle a chur in iúl don chomhalta cá bhfuil an fheithicil á coimeád agus déanfaidh an t-úinéir de réir an cheanglais sin.

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair—

(a) i gcás ina ndéanfar díobháil don phearsa, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, agus

(b) in aon chás eile, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(4) San alt seo ciallaíonn “eolas iomchuí” ainm agus seoladh an duine ar a gceanglaítear leis an alt seo an t-eolas sin a thabhairt, ainm agus seoladh úinéir na feithicle a mbeidh an duine sin á tiomáint nó ina feighil, marc aitheantais na feithicle sin faoin Roads Act, 1920, nó faoi aon achtachán eile, agus sonraí árachais nó ráthaíochta na feithicle de bhun an Achta seo.

(5) Is iad na daoine seo a leanas na daoine a bhfuil teideal acu faoin alt seo an t-eolas iomchuí a éileamh—

(a) i gcás díobháil do dhuine, an duine sin nó, má mharaítear nó má éagumasaítear an duine sin, aon duine amháin eile a bheidh i bhfeighil an duine a bheidh díobháilte amhlaidh mar gheall ar chóngas gaoil, gur seirbhíseach duine acu don duine eile nó mar gheall ar aon ní eile,

(b) i gcás díobháil do mhaoin, úinéir na maoine nó, má mharaítear nó má éagumasaítear úinéir na maoine nó mura mbeidh sé i láthair, aon duine amháin a bheidh i bhfeighil na maoine,

(c) i gcás nach mbeidh teideal ag duine ar bith faoi cibé mír acu sin roimhe seo a bhainfidh le hábhar, aon duine amháin a bhí i láthair nuair a rinneadh an díobháil agus nach é fostóir an duine ar a gceanglaítear an t-eolas a thabhairt é nó nach bhfuil ina fhostaíocht nó ina chuideachta.

(6) (a) I gcás—

(i) ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint gur tharla díobháil don phearsa nó do mhaoin in áit phoiblí agus go raibh baint ag feithicil leis an díobháil tarlú (cibé acu gurbh é nó nárbh é úsáid na feithicle ba chúis leis an díobháil), agus

(ii) go mbeidh cúis réasúnach ag an gcomhalta, de dhroim ráiteas a rinneadh de bhun fho-alt (2) den alt seo nó i slí eile, chun a chreidiúint go bhfuil an fheithicil á coimeád in aon áitreabh,

féadfaidh an comhalta, ar fhaisnéis faoi mhionn, barántas a iarraidh faoin bhfo-alt seo ar aon Bhreitheamh den Chúirt Dúiche nó ar aon Fheidhmeannach Síochána.

(b) Ar iarratas a bheith déanta faoin mír sin roimhe seo, féadfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúiche nó an Feidhmeannach Síochána chun a ndéanfar an t-iarratas, más iomchuí leis, le barántas—

(i) a údarú d'aon chomhalta nó comhaltaí sonraithe den Gharda Síochána dul isteach san áitreabh lena mbainfidh an t-iarratas, agus neart a úsáid chuige sin más gá, laistigh de sheachtain amháin ó dháta an bharántais, agus

(ii) a údarú d'aon duine nó daoine a rachaidh isteach san áitreabh faoin mbarántas an t-áitreabh a chuardach agus scrúdú a dhéanamh, agus seilbh a ghlacadh chun críocha scrúdaithe, ar aon fheithicil a gheofar le linn an chuardaigh,

agus oibreoidh aon bharántas den sórt sin de réir a théarmaí.

Dualgas eolas a thabhairt ar chomhalta den Gharda Síochána á éileamh.

1920, c. 72.

107. —(1) I gcás ina líomhnóidh comhalta den Gharda Síochána le duine a bheidh ag úsáid feithicle inneallghluaiste go bhfuil an comhalta in amhras go ndearna an duine sin cion sonraithe faoin Acht seo, féadfaidh an comhalta a ainm agus a sheoladh a éileamh ar an duine sin agus féadfaidh sé, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó má thugann sé ainm nó seoladh a mbeidh cúis réasúnach ag an gcomhalta a chreidiúint é a bheith bréagach nó míthreorach, an duine sin a ghabháil gan barántas.

(2) I gcás ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint go ndearnadh cion faoin Acht seo agus nach bhfuil a marc aitheantais faoin Roads Act, 1920, nó faoi aon achtachán eile ar an bhfeithicil ar maidir léi a rinneadh an cion, féadfaidh an comhalta an duine a ghabháil gan barántas a mbeidh cúis réasúnach aige a chreidiúint go raibh sé ag úsáid na feithicle an uair a chreidfear amhlaidh a rinneadh an cion.

(3) Más rud é, nuair a éileofar a ainm agus a sheoladh ar dhuine faoin alt seo, go ndiúltóidh nó go mainneoidh sé a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó go dtabharfaidh sé ainm nó seoladh a bheidh bréagach nó míthreorach, beidh an duine sin ciontach i gcion.

(4) I gcás ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint gur tharla cion faoin Acht seo lenar bhain úsáid feithicle inneallghluaiste—

(a) inseoidh úinéir na feithicle, má cheanglaíonn an comhalta air é, cé acu a bhí nó nach raibh sé ag úsáid na feithicle iarbhír an tráth ábhartha agus, má mhainníonn sé sin a insint, beidh sé ciontach i gcion,

(b) má insíonn úinéir na feithicle nach raibh sé féin ag úsáid na feithicle iarbhír an tráth ábhartha, tabharfaidh sé cibé eolas uaidh a cheanglóidh an comhalta air a thabhairt i dtaobh cérbh é an duine a bhí á húsáid iarbhír san am sin agus, má mhainníonn sé sin a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion, mura suífidh sé chun sástachta na cúirte nach raibh a fhios aige agus nach bhféadfadh sé, le dúracht réasúnach, a fháil amach cérbh é an duine sin,

(c) tabharfaidh aon duine, seachas úinéir na feithicle, má cheanglaíonn an comhalta air é, aon eolas a bheidh ar a chumas a thabhairt agus a chuideoidh chun an duine a bhí ag úsáid na feithicle an tráth ábhartha a aithint agus, má mhainníonn sé sin a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion.

(5) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Ceart chun ainm agus seoladh rothaí cos a éileamh.

108. —Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a éileamh ar dhuine a bheidh i bhfeighil rothar cos agus a mbeidh an comhalta in amhras go ndearna sé aon choir nó cion nó go raibh baint nó páirt aige le hiombualadh nó teagmhas eile in áit phoiblí dá dtáinig díobháil don phearsa nó do mhaoin a ainm agus a sheoladh a thabhairt agus, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn duine den sórt sin a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó má thugann sé ainm nó seoladh a mbeidh cúis réasúnach ag an gcomhalta chun a chreidiúint é a bheith bréagach nó míthreorach, féadfaidh an comhalta an rothar a thógáil, le neart más gá, agus é a choimeád go dtí gur deimhin leis cé hé an duine sin.

É bheith d'oibleagáid stad.

109. —(1) Stadfaidh duine a bheidh ag tiomáint feithicle in áit phoiblí an fheithicil ar chomhalta den Gharda Síochána á cheangal sin air.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Feithicil a lonnú ar an duine a bheidh ina feighil a ghabháil.

110. —I gcás ina ndéanfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a bheidh i bhfeighil feithicle inneallghluaiste a ghabháil faoin Acht seo gan barántas, féadfaidh an comhalta, más gá sin, cibé nithe a dhéanamh is dóigh leis is cuí chun an fheithicil a lonnú go sealadach.

Comhalta den Gharda Síochána a aithint.

111. —I gcás ina ndéanfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána i bhfeidhmiú aon chumhachta nó i gcomhlíonadh aon dualgais a bhronntar nó a fhorchuirtear air leis an Acht seo nó faoi aon ní a iarraidh, a cheangal nó a éileamh ar aon duine nó a ordú dó, in áit phoiblí, ní bheidh de cheangal ar an duine déanamh de réir an iarraidh, an cheanglais, an éilimh nó an ordaithe—

(a) mura mbeidh an comhalta in éide, nó

(b) mura ndéanfaidh an comhalta cárta aitheantais oifigiúil nó cibé fianaise eile aitheantais a bheidh forordaithe a thabhairt ar aird má iarrann an duine sin é.

Duine do thabhairt feithicil leis gan údarás.

112. —(1) Ní úsáidfidh aon duine feithicil inneallghluaiste, ná ní ghlacfaidh aon duine seilbh ar fheithicil inneallghluaiste, gan toiliú a húinéara nó údarás dleathach eile.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(3) Ní úsáidfidh aon duine rothar cos, ná ní ghlacfaidh aon duine seilbh ar rothar cos, gan toiliú a úinéara nó údarás dleathach eile.

(4) Aon duine a sháróidh fo-alt (3) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(5) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh gur chreid sé, agus go raibh cúis réasúnach aige chun a creidiúint, nuair a rinne sé an gníomh a líomhnaítear gurb é an cion é, go raibh údarás dleathach aige chun an gníomh sin a dhéanamh.

(6) I gcás ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint go bhfuil cion faoin Acht seo á dhéanamh ag duine, féadfaidh sé an duine a ghabháil gan barántas.

(7) Más rud é, nuair a bheidh duine á thriail ar dhíotáil nó go hachomair i ngoid feithicle, gurb é tuairim an ghiúire, nó, i gcás trialach achoimre, tuairim na Cúirte Dúiche, nach raibh sé ciontach i ngoid na feithicle ach go raibh sé ciontach i gcion faoin alt seo maidir leis an bhfeithicil, féadfaidh an giúiré nó an chúirt é a chinneadh go bhfuil sé ciontach sa chion sin agus féadfar pianbhreith a chur air dá réir sin.

Cur isteach neamhúdaraithe ar mheicníocht feithicle.

113. —(1) Ní bhainfidh aon duine ná ní thabharfaidh iarracht ar bhaint le meicníocht feithicle inneallghluaiste agus í ina stad in áit phoiblí ná ní thabharfaidh iarracht ar dhul san fheithicil ná uirthi agus í ina stad amhlaidh, gan údarás dleathach nó cúis réasúnach.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) I gcás ina mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint go bhfuil cion faoin Acht seo á dhéanamh ag duine, féadfaidh sé an duine a ghabháil gan barántas.

(4) Ní bhainfidh an t-alt seo le duine a dhéanfaidh, maidir le feithicil inneallghluaiste a bheidh ina bac ar é do dhul go dleathach isteach in aon áit nó amach as, cibé beart is gá de réir réasúin chun an fheithicil a aistriú le neart coirp chun deireadh a chur leis an mbac.

(5) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin alt seo is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh gur chreid sé, agus go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, nuair a rinne sé an gníomh a líomhnaítear gurb é an cion é, go raibh údarás dleathach aige chun an gníomh sin a dhéanamh.

Teorainn le tréimhsí tiomána leanúnaí.

114. —(1) Is tréimhse rófhada chun críocha an ailt seo gach ceann de na tréimhsí tiomána nó de na sraitheanna de tréimhsí tiomána seo a leanas:

(a) aon tréimhse leanúnach tiomána is faide ná cúig uaire go leith a chloig;

(b) aon sraith de thréimhsí leanúnacha tiomána is faide le chéile ná aon uair déag a chloig in aon tréimhse de cheithre huaire is fiche a chloig a thosóidh dhá uair a chloig tar éis meán oíche;

(c) aon tréimhse tiomána nó sraith de thréimhsí tiomána a bheidh socraithe i slí nach mbeidh deich n-uaire a chloig leanúnacha ag an tiománaí chun scíthe gach tréimhse cheithre huaire is fiche a chloig dar tosach tús aon tréimhse tiomána.

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo—

(a) má bhíonn naoi n-uaire a chloig leanúnacha ar a laghad ag tiománaí chun scíthe i dtréimhse cheithre huaire is fiche a chloig dar tosach tús tréimhse tiomána, áireofar an tréimhse naoi n-uaire a chloig leanúnacha ar a laghad mar thréimhse deich n-uaire a chloig leanúnacha má bhíonn dhá uair déag a chloig leanúnacha ar a laghad ag an tiománaí chun scíthe sna ceithre huaire is fiche a chloig díreach tar éis deireadh bheith leis an tréimhse cheithre huaire is fiche a chloig a luaitear thuas;

(b) measfar gur aon tréimhse leanúnach amháin aon dá thréimhse leanúnacha tiomána mura mbeidh eatramh leathuaire a chloig ar a laghad eatarthu a bhféadfaidh an tiománaí scíth agus úrúchán a ghlacadh;

(c) déanfar aon am a chaithfidh tiománaí feithicle ag obair (seachas tiomáint) maidir leis an bhfeithicil nó leis an ualach a bheidh á iompar uirthi agus fós, i gcás feithicil seirbhíse poiblí, aon am a chaithfidh sé in aon fheidhmeannas (seachas mar thiománaí nó mar phaisinéir) ar an bhfeithicil ar turas di mar am a caitheadh ag tiomáint;

(d) i gcás feithicil a bheidh á húsáid le haghaidh nó i gcúrsa aon oibríochta talmhaíochta nó foraoiseachta, ní dhéanfar am a chaithfear ag tiomáint na feithicle sin nó ag obair uirthi nó i ndáil léi an fhad nach mbeidh sí ar bhóthar poiblí a áireamh mar am a caitheadh ag tiomáint.

(3) Ní thiomáinfidh duine, ná ní chuirfidh faoi deara ná ní cheadóidh go dtiomáinfidh duine ar bith a bheidh ar fostú aige nó faoina orduithe, ar feadh tréimhse rófhada feithicil inneallghluaiste is feithicil mhór seirbhíse poiblí nó a bheidh ceaptha nó oiriúnaithe d'aontoisc chun feithicil eile a tharraingt nó a bheidh feiste le cabhail a bheidh ceaptha nó oiriúnaithe d'aontoisc chun earraí a iompar, nó dhá fheithicil nó níos mó den sórt sin i ndiaidh a chéile.

(4) (a) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála rialacháin a dhéanamh chun go mbeidh éifeacht ag an alt seo.

(b) Féadfar go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo, foráil a chur maidir le gach ábhar nó aon ábhar acu seo a leanas i rialacháin faoin bhfo-alt seo:

(i) taifid a choimeád i leith daoine a bheidh ag tiomáint feithiclí lena mbaineann an t-alt seo;

(ii) foirm na dtaifead;

(iii) na daoine a choimeádfaidh na taifid;

(iv) na taifid a thabhairt ar aird do chomhaltaí den Gharda Síochána agus d'oifigigh shonraithe don Aire Tionscail agus Tráchtála;

(v) fógraí sonraithe a thaispeáint i bhfeithiclí lena mbaineann an t-alt seo.

(5) I gcás ina sáróidh duine fo-alt (3) den alt seo nó rialachán faoi fho-alt (4) den alt seo a ndéarfar gur pianrialachán é beidh sé ciontach i gcion.

(6) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin alt seo arb é a bheidh ann tiomáint, nó a chur faoi deara nó a cheadú tiomáint, ar feadh tréimhse rófhada, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh gur mhoill do bhaint leis an turas a chríochnú ba chúis leis an ngníomh a líomhnaítear gurb é an cion é agus gur mhoill dhosheachanta í agus gur chúinsí nach bhféadfaidh sé de réir réasúin coinne a bheith aige leo ba chúis léi.

(7) (a) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála le rialacháin aon tréimhse rófhada a athrú nó a fhionraí in aon slí.

(b) Ní dhéanfar rialacháin faoin bhfo-alt seo ach amháin—

(i) i gcás inar deimhin leis an Aire Tionscail agus Tráchtála go bhfuil comhlachtaí atá ionadaitheach do na fostóirí agus do na fostaithe i bhfabhar an athraithe a dhéanfaidh na rialacháin, agus

(ii) tar éis don Aire sin dul i gcomhairle leis an Aire.

(c) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin bhfo-alt seo—

(i) i leith aicmí éagsúla feithiclí,

(ii) le haghaidh cúinsí éagsúla.

(8) D'ainneoin aon ní contrártha dó in aon alt eile den Acht seo, ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le feithiclí, ná i leith feithiclí, ar leis an Stát iad agus a bheidh á n-úsáid chun críocha míleata nó poilíneachta ná maidir le daoine, ná i leith daoine, i seirbhís phoiblí an Stáit ag tiomáint feithiclí ar leis an Stát iad agus a bheidh á n-úsáid amhlaidh.

Pionós mar gheall ar dhearbhú bréagach a dhéanamh, etc.

1851, c. 93.

115. —(1) I gcás ina mbeidh de cheanglas ar dhuine faoin Acht seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi sonraí a thabhairt i ndáil le hiarratas ar cheadúnas nó deimhniú a dheonú nó a eisiúint nó i slí eile i ndáil le ceadúnas, deimhniú nó feithicil, ní thabharfaidh sé, de bhun an cheanglais, aon sonraí is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) I gcás ina ndéanfar, in ionchúiseamh i leith ciona faoi fho-alt (2) den alt seo i leith sonraí i ndáil le hiarratas ar cheadúnas nó deimhniú a dheonú nó a eisiúint, a chruthú go ndearnadh an deonú nó an eisiúint sin agus gur iarradh an céanna, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, gurb é an duine dár deonaíodh nó chun ar eisíodh an ceadúnas nó an deimhniú a rinne an t-iarratas.

(4) Ní dhéanfaidh duine aon cheadúnas, pláta, suaitheantas ná deimhniú a eisíodh faoin Acht seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi a bhrionnú ná a athrú ná a úsáid go calaoiseach ná a thabhairt ar iasacht go calaoiseach d'aon duine eile ná a cheadú d'aon duine eile é a úsáid.

(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(6) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó ar fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(7) D'ainneoin fo-alt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (2) den alt seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona.

Dliteanas an Aire Airgeadais maidir le feithicil inneallghluaiste a úsáid go faillíoch.

1956, Uimh. 3 .

116. —(1) Má tharlaíonn díobháil don phearsa nó do mhaoin—

(a) trí fheithicil inneallghluaiste leis an Stát a úsáid go faillíoch, nó

(b) trí fheithicil inneallghluaiste nach leis an Stát a úsáid go faillíoch i gcás—

(i) an fheithicil a bheith á húsáid agus í faoi ghabháil ag duine i seirbhís an Stáit i gcúrsa a dhualgais, nó

(ii) an fheithicil a bheith á húsáid ag comhalta den Gharda Síochána nó ag oifigeach d'aon Aire chun an fheithicil a thástáil, a aistriú nó a lonnú de bhun an Achta seo nó aon rialacháin faoi,

beidh feidhm ag fo-alt (2) nó ag fo-alt (3) (cibé acu is iomchuí) den alt seo.

(2) I gcás inar díobháil don phearsa is cúis bháis an díobháil, dlífear caingean i leith damáistí faoin Acht Díobhála Marfacha, 1956 , ar mhaithe le cleithiúnaithe (de réir bhrí an Achta sin) an éagaigh, a thionscnamh i gcoinne an Aire Airgeadais.

(3) I gcás nach díobháil don phearsa is cúis bháis an díobháil, beidh an tAire Airgeadais faoi dhliteanas sibhialta damáistí a íoc i leith na díobhála.

(4) D'ainneoin aon ní atá in aon achtachán eile, féadfar imeachtaí a thionscnamh i gcoinne an Aire Airgeadais de bhua an ailt seo gan fiat an Ard-Aighne a fháil.

(5) In imeachtaí a thionscnófar i gcoinne an Aire Airgeadais de bhua an ailt seo, ní bheidh comhfhostaíocht inúsáidte ag an Aire sin mar chosaint, ach, cé is moite den eisceacht sin, beidh gach pléadáil i gcosaint ab inúsáidte ag máistir faoi agairt le haghaidh damáistí mar gheall ar fhaillí a sheirbhísigh (lena n-áirítear faillí rannpháirteach mar phléadáil agus freisin pléadáil sa chéill nach i gcúrsa a fhostaíochta a bhí an duine ag gníomhú ar mar gheall ar a fhaillí a bheifear ag éileamh na ndamáistí) inúsáidte ag an Aire Airgeadais agus, má chruthaítear é, is cosaint mhaith é an oiread is dá mb'é an tAire sin máistir an duine sin iarbhír.

(6) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun aon duine a shaoradh ó dhliteanas mar gheall ar dhíobháil don phearsa nó do mhaoin arbh í a fhaillí féin ba chúis leis.

Leathnú ar an dliteanas pearsanta mar gheall ar fheithicil inneallghluaiste a úsáid go faillíoch.

117. —(1) An dliteanas a bheidh ar dhuine ar bith mar gheall ar dhíobháil don phearsa nó do mhaoin (seachas díobháil don phearsa is cúis bháis) a tharlóidh de dheasca feithicil inneallghluaiste a úsáid go faillíoch ní leis féin amháin a bhainfidh sí ná ní fhoirceannfaidh a bhás í ach leanfaidh sí uirthi tar éis a bháis agus beidh sí ina dliteanas ar a eastát réadach agus pearsanta sa tslí chéanna agus an tosaíocht chéanna aici mar a bhíonn i gcás féich nó eile dliteanais eile faoi chonradh simplí, agus féadfar imeachtaí a thionscnamh i gcoinne a ionadaí phearsanta ina leith.

(2) Ní rachaidh imeachtaí a thionscnófar i gcoinne aon duine ag lorg damáistí mar gheall ar dhíobháil don phearsa nó do mhaoin (seachas díobháil don phearsa is cúis bháis) a tháinig d'fheithicil inneallghluaiste a úsáid go faillíoch i laghad ar é d'fháil bháis ach féadfar leanúint díobh i gcoinne a ionadaí phearsanta.

Dliteanas maidir le duine d'úsáid feithicle inneallghluaiste gan toiliú an úinéara.

118. —I gcás ina n-úsáidfidh duine (dá ngairtear an t-úsáidire san alt seo) feithicil inneallghluaiste le toiliú úinéir na feithicle, ansin, chun dliteanas nó neamhdhliteanas an úinéara maidir le díobháil mar gheall ar an úsáidire d'úsáid na feithicle go faillíoch, agus chun dliteanas nó neamhdhliteanas aon duine eile maidir le díobháil don fheithicil nó do dhaoine nó do mhaoin inti mar gheall ar fhaillí tarlú le linn an fheithicil a bheith á húsáid ag an úsáidire, a chinneadh, measfar é d'úsáid na feithicle mar sheirbhíseach don úinéir, ach sin amháin a mhéid a ghníomhóidh an t-úsáidire de réir téarmaí an toilithe sin.

Cúiteamh le hospidéil.

1947, Uimh. 28 .

119. (1) I gcás—

(a) díobháil a dhéanamh do dhuine (dá ngairtear an duine díobháilte san alt seo) mar gheall ar fheithicil inneallghluaiste a úsáid go faillíoch in áit phoiblí,

(b) gur fulaingíodh an díobháil i gcúinsí a fhágann go bhfuil teideal ag an duine díobháilte, nó (má fuair sé bás) go raibh teideal aige an uair a mhair sé, chun damáistí a ghnóthú i leith na díobhála ó dhuine éigin eile,

(c) go bhfuair an duine díobháilte cóireáil in ospidéal (seachas foras sláinte de réir bhrí an Achta Sláinte, 1947 ) i ndáil leis an díobháil,

íocfaidh an duine eile sin le comhlacht ceannais an ospidéil méid (faoi réir na dteorainneacha forordaithe) chostas na cóireála agus aon choinneála a rinneadh ar an duine díobháilte san ospidéal, lúide aon suimeanna a bheidh íoctha leo ag an duine díobháilte nó thar a cheann i leith na cóireála nó na coinneála sin.

(2) Aon suim a bheidh le híoc de bhun an ailt seo, féadfar, mura n-íocfar í, í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) I gcás ina bhfaighidh nó ina ngnóthóidh comhlacht ceannais aon suim a bheidh le híoc faoin alt seo, ní bheidh teideal acu chun aon airgead a fháil ná a ghnóthú ón duine díobháilte maidir lena dhíobháil seachas aon suimeanna a bheidh íoctha ag an duine díobháilte nó thar a cheann agus a mbeifear tar éis iad a áireamh le linn méid na suime céadluaite sin a bheith á chinneadh.

(4) Chun críocha Chuid VI den Acht seo agus aon pholasaí árachais formheasta nó ráthaíochta formheasta, measfar gur dliteanas chun damáistí a íoc mar gheall ar dhíobháil do dhuine de dhroim an fheithicil inneallghluaiste a bheidh i gceist a úsáid go faillíoch dliteanas duine chun íocaíocht a dhéanamh faoin alt seo.

(5) San alt seo, ciallaíonn “comhlacht ceannais”, maidir le hospidéal, an duine nó na daoine, corpraithe nó neamhchorpraithe, ag a bhfuil teideal agairt a dhéanamh agus is inagartha i leith an ospidéil mar dhílseánach nó mar bhainisteoir an ospidéil nó i slí eile.

Cur le sábháltacht ar bhóithre.

120. —(1) Féadfaidh comhairle contae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile dul faoi chaiteachas chun trácht ar bhóithre a dhéanamh níos sábháilte, agus féadfaidh íocaíochtaí chun na críche sin a dhéanfar le haon údarás eile nó duine eile a bheith ar an gcaiteachas.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt as an Ród-Chirste—

(a) faoi chomhair caiteachais aon chomhlachais nó comhlachta, i gcás inar ceann de phríomh-chuspóirí an chomhlachais nó an chomhlachta cur le sabháltacht ar bhóithre, agus

(b) faoi chomhair caiteachais aon chomhairle, bardais nó coimisinéirí faoi fho-alt (1) den alt seo.

Cóiriocht do phaisinéirí i bhfeithiclí inneallghluaiste a ríomh.

121. —Féadfaidh an tAire le rialacháin an modh a fhorordú ina ríomhfar chun críocha an Achta seo an chóiríocht do phaisinéirí i bhfeithiclí inneallghluaiste nó in aon aicme feithiclí den sórt sin agus féadfaidh na rialacháin sin idirdhealú a dhéanamh idir cóiríocht suite do phaisinéirí agus cóiríocht seasaimh do phaisinéirí.

Peitriliam a choimeád agus a úsáid.

122. —(1) Beidh coimeád agus úsáid pheitriliaim nó aon leachta nó breosla solasta eile le haghaidh feithiclí inneallghluaiste leis an duine a bheidh ag coimeád an leachta nó an bhreosla faoi réir rialacháin a dhéanfaidh an tAire, agus beidh éifeacht ag rialacháin a dhéanfar amhlaidh d'ainneoin aon ní atá sna Petroleum Acts, 1871 to 1881.

(2) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Cumhachtaí méadaithe chun rialacháin a dhéanamh maidir le hiarratas ar cheadúnas faoin Acht Airgeadais (Dleachta Máil), (Feithiclí), 1952.

1920, c. 72.

1952, Uimh. 24 .

123. —Folóidh an chumhacht chun rialacháin a dhéanamh a thugtar le halt 12 den Roads Act, 1920—

(a) cumhacht chun rialacháin a dhéanamh á cheangal ar dhuine a bheidh ag iarraidh ceadúnais faoi alt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , i leith feithicle inneallghluaiste—

(i) cibé dearbhú a dhéanamh agus cibé fianaise a thabhairt ar aird is gá chun a shuíomh cé acu is feithicil inneallghluaiste lena mbaineann Cuid VI de Acht seo nó nach ea an fheithicil,

(ii) i gcás inar feithicil den sórt sin í, fianaise nó fianaise shonraithe a thabhairt ar aird á shuíomh gur duine eiscthe é nó, nuair a thiocfaidh an ceadúnas i ngníomh, go mbeidh polasaí árachais formheasta nó ráthaíocht formheasta i bhfeidhm ag cumhdach úsáid na feithicle aige féin nó ag daoine eile lena thoiliú,

(b) cumhacht chun rialacháin a dhéanamh á cheangal ar dhuine a bheidh ag iarraidh ceadúnais faoin alt sin 1 i leith feithicle inneallghluaiste—

(i) cibé dearbhú a dhéanamh agus cibé fianaise a thabhairt ar aird is gá chun a shuíomh cé acu is feithicil inneallghluaiste lena mbaineann alt 18 den Acht seo nó nach ea an fheithicil,

(ii) i gcás inar feithicil den sórt sin í, deimhniú tástála a thabhairt ar aird a bheidh i bhfeidhm i leith na feithicle nuair a thiocfaidh an ceadúnas i ngníomh.

Srian le halt 23 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 .

1951, Uimh. 2 .

124. —Ní fhéadfar dícháilíocht faoin Acht seo chun ceadúnas tiomána a shealbhú a loghadh faoi alt 23 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 .

Cosaint maidir le díotáil mar gheall ar núis.

125. —Ní údaróidh aon ní san Acht seo d'aon duine feithicil a úsáid in áit phoiblí a bheidh deartha nó a úsáidfear i slí a dhéanfaidh núis phoiblí nó phríobháideach, agus aon duine a úsáidfidh an fheithicil sin amhlaidh dlífear, d'ainneoin aon ní atá san Acht seo, é a dhíotáil nó caingean a bhunú ina choinne de réir mar a bheidh, mar gheall ar an úsáid sin, nuair a d'fhéadfaí, mura mbeadh gur ritheadh an tAcht aisghairthe agus an tAcht seo, an díotáil nó an caingean sin a chothú.

Cosaint do chumhacht ghinearálta an Choimisinéara.

126. —Ní dhocharóidh ná ní laghdóidh aon ní san Acht seo cumhacht ghinearálta agus dualgas ginearálta an Choimisinéara agus chomhaltaí eile an Gharda Síochána ord a choimeád in áiteanna poiblí agus an trácht sna háiteanna sin a rialáil agus a rialú.

Modhnú ar an Motor Car (International Circulation) Act, 1909.

1909, c. 37.

1903, c. 36.

127. —Beidh éifeacht ag an méid sin den Motor Car (International Circulation) Act, 1909, a bhaineann le tiománaithe a cheadúnú ionann agus dá gcuirfí tagairtí do Chuid III den Acht seo in ionad na dtagairtí atá ann don Motor Car Act, 1903.

AN CHEAD SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear.

Alt 10.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

1 & 2 Geo. V., c. 45.

Public Roads (Ireland) Act, 1911.

An tAcht iomlán.

Uimh. 11 de 1933 .

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 .

An tAcht Iomlán.

Uimh. 7 de 1940 .

An tAcht Briogáideacha Tóiteáin, 1940 .

Alt 10.

Uimh. 24 de 1946 .

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1946 .

Alt 69.

Uimh. 9 de 1955 .

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1955 .

Ailt 36 agus 37.

Uimh. 3 de 1956 .

An tAcht Diobhála Marfacha, 1956 .

Alt 7.

AN DARA SCEIDEAL

Cionta faoin Acht seo dá dtiocfadh Orduithe Dícháiliúcháin Iarmartacha.

Alt 26.

Feithicil inneallghluaiste a úsáid gan deimhniú tástála.

1. Cion faoi fho-alt (2) d'alt 18 arb é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin é laistigh d'aon tréimhse trí bliana.

Feithicil inneallghluaiste a thiomáint sula leigheasfar locht contúirteach.

2. Cion faoi fho-alt (10) d'alt 20 arb é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin é laistigh d'aon tréimhse trí bliana.

Tiomáint feithicil inneallghluaiste ag duine agus é neamhfheidhmiúil.

3. Aon chion faoi alt 48 arb é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin é laistigh d'aon tréimhse trí bliana.

Tiomáint feithicil inneallghluaiste ag duine agus é faoi bhrí dí meisciúla nó druga.

4. Cion faoi alt 49.

Duine a bheith i bhfeighil feithicil inneallghluaiste agus é faoi bhrí dí meisciúla nó druga.

5. Cion faoi alt 50 arb é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin é laistigh d'aon tréimhse trí bliana.

Feithicil inneallghluaiste a thiomáint go contúirteach.

6 (a) Cion faoi alt 53 i gcás inar chuid den sárú feithicil inneallghluaiste a thiomáint agus gur chúis bháis nó mórdhíobhála coirp é do dhuine seachas an duine ciontaithe.

(b) Cion faoi alt 53 i gcás inar chuid den sárú feithicil inneallghluaiste a thiomáint (nach cion a shonraítear i bhfomhír (a) den mhír seo) agus arb é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin é faoi alt 53 laistigh d'aon tréimhse trí bliana, ar choinníoll—

(i) i gcás inar dara cion é mar a dúradh, gur chion inar chuid den sárú feithicil inneallghluaiste a úsáid an cion eile, nó

(ii) i gcás inar cion ina dhiaidh sin é mar a dúradh, gur chion inar chuid den sárú feithicil inneallghluaiste a úsáid cion amháin ar a laghad de na cionta eile.

Feithicil inneallghluaiste ar a bhfuil locht contúirteach a thiomáint.

7. Cion faoi alt 54, arb é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin é laistigh d'aon tréimhse trí bliana.

Feithicil inneallghluaiste a locadh i suíomh contúirteach.

8. Cion faoi alt 55, i gcás inar chuid den sárú feithicil inneallghluaiste a locadh agus ar thréimhse laistigh d'uaireanna soilsiúcháin (mar a shonraítear san alt) aon chuid de thréimhse an tsáraithe nár chomhlíon an fheithicil lena linn na ceanglais a fhorchuirtear le dlí maidir le soilsiúchán agus le frithchaiteoirí agus arb é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin é laistigh de thréimhse trí bliana.

Feithicil inneallghluaiste nach bhfuil faoi árachas ná faoi ráthaíocht a úsáid.

9. Cion faoi alt 56 arb é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin é laistigh d'aon tréimhse trí bliana.

Mainneachtain maidir le dualgais a chomhlíonadh tar éis tionóisc.

10. Cion faoi alt 106 i gcás ina ndearnadh díobháil don phearsa, ina raibh baint ag feithicil inneallghluaiste leis an díobháil tarlú agus arbh é an duine ciontaithe tiománaí na feithicle, agus arb é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin é laistigh d'aon tréimhse trí bliana.

Duine do thógáil feithicil inneallghluaiste gan údarás.

11. Cion faoi fho-alt (2) d'alt 112, arb é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin é laistigh d'aon tréimhse trí bliana.