30 1961


Uimhir 30 de 1961.


AN tACHT UM DHEONTAIS TIONSCAIL (LEASÚ), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM LIMISTÉIRÍ NEAMHFHORBARTHA, 1952 AGUS 1957, AGUS AN ACHTA UM DHEONTAIS TIONSCAIL, 1959 . [9 Lúnasa, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1952, Uimh. 1 .

1957, Uimh. 23 .

1959, Uimh. 26 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Límistéirí Neamhfhorbartha, 1952 ;

ciallaíonn “Acht 1957” an tAcht um Limistéirí Neamhfhorbartha (Leasú), 1957 ;

ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht um Dheontais Tionscail, 1959 .

Líon comhaltaí an Fhorais Tionscail.

2. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) trí “de chúigear comhaltaí” a chur in ionad “de thriúr comhaltaí” i bhfomhír (1) de mhír 2,

(b) trí “(i gcás inar triúr an líon sin) nó trí aon triúr dá líon (i gcás inar ceathrar nó cúigear an líon sin)” a chur isteach i bhfomhír (1) de mhír 3 i ndiaidh “aon bheirt dá líon”.

Teorainn le méid iomlán deontas.

3. —Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1959 trí “cúig mhilliún déag punt” a chur in ionad “deich milliún punt” i bhfo-alt (1) agus i bhfo-alt alt (2).

Deontais le haghaidh gléasra.

4. —Forléireofar gach tagairt d'innealra in alt 6 den Phríomh-Acht agus in alt 2 d'Acht 1959 mar thagairt a fholaíonn tagairt do ghléasra.

Téarma ar ar tugadh deontas a shárú.

5. —I gcás—

(a) ina ndéanfar, tar éis an tAcht seo a rith, deontas a thabhairt faoin bPríomh-Acht, faoi Acht 1957 nó faoi Acht 1959,

(b) go dtabharfar an deontas faoi réir téarma ar bith a chuireann srian le láithreáin nó áitribh monarchana, nó innealra agus trealamh (nó aon chuid de na láithreáin nó na háitribh sin nó den innealra agus den trealamh sin) nó, más cuideachta an deontaí, scaireanna ina caipiteal, a dhiúscairt, agus

(c) go sárófar an téarma sin,

ansin, an tsuim a íocadh leis an deontaí i leith an deontais tiocfaidh sí, air sin, chun bheith inaisíoctha ag an deontaí leis an bhForas Tionscail agus, mura n-aisíocfar í, féadfar í a ghnóthú mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

Gearrtheideal.

6. —Féadfar an tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1961 , a ghairm den Acht seo.