36 1961


Uimhir 36 de 1961.


AN tACHT UM OIBRITHE TALMHAÍOCHTA (LAETHANTA SAOIRE) (LEASÚ), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM OIBRITHE TALMHAÍOCHTA (LAETHANTA SAOIRE), 1950 AGUS 1952. [16 Lúnasa, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú agus tosach feidhme.

1950, Uimh. 21 .

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht um Oibrithe Talmhaíochta (Laethanta Saoire), 1950 .

(2) Déanfar na hAchtanna um Oibrithe Talmhaíochta (Laethanta Saoire), 1950 agus 1952, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Alt 3 d'Acht 1950 a leasú.

1936, Uimh. 53 .

2. —(1) Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1950 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Gach bliain, lamhálfaidh fostór talmhaíochta laethanta saoire mar a leanas d'oibrí talmhaíochta—

(a) dhá lá dhéag saoire má bhíonn an t-oibrí ar fostú go leanúnach aige ar feadh na bliana sin, nó

(b) lá saoire in aghaidh gach tréimhse míosa a bheidh an t-oibrí ar fostú go leanúnach aige.

(2)   (a) Más trí, ceathair, cúig nó sé lá an méid laethanta saoire a mbeidh teideal ag oibrí chucu faoin alt seo, lamhálfar iad as a chéile.

(b) Más seacht lá an méid laethanta saoire a mbeidh teideal ag oibrí chucu faoin alt seo, lamhálfar sé lá acu ar a laghad as a chéile.

(c) Más ocht lá nó níos mó an méid laethanta saoire a mbeidh teideal ag oibrí chucu faoin Acht seo agus nach ndéanfar iad go léir nó iad go léir ach lá amháin a lamháil as a chéile, lamhálfar iad ina dhá ghrúpa lá as a chéile, a mbeidh sé lá ar a laghad i ngrúpa amháin acu.”

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (6) d'alt 3 d'Acht 1950 trí “ceithre lá” a chur in ionad “ocht lá” agus “míosa” a chur in ionad “dhá mhí”.

(3) Aon laethanta saoire a bheifear tar éis a lamháil d'oibrí talmhaíochta faoi Acht 1950 in aghaidh na bliana 1961 roimh dháta tosach feidhme an Achta seo áireofar iad mar laethanta saoire in aghaidh na bliana sin chun críocha an Achta seo.

(4) Forléireofar mar thagairtí d'Acht 1950 arna leasú leis an Acht seo tagairtí d'Acht 1950 in aon ordú faoi alt 17 den Acht um Págh Talmhaíochta, 1936 , agus faoi alt 5 d'Acht 1950 ag ceapadh rátaí íosta luach saothair saoire in aghaidh saoire faoi Acht 1950.

Laghdú ar an méid laethanta saoire i gcás ina dtabharfar laethanta saora.

3. —(1) Más gnás ag fostóir talmhaíochta, cibé acu is roimh dháta tosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a thosaigh sé ar an ngnás sin, lá saor nó laethanta saora ar lán-phá a thabhairt d'oibrí talmhaíochta is fostaí dó chun dul go dtí teagmhais spóirt nó teagmhais eile a bhíonn ar siúl lá seachas an Domhnach nó lá saoire Eaglaise nó lá saoire poiblí, is lá saoire speisialta chun críocha an ailt seo an lá saor nó gach lá saor (de réir mar a bheidh) ar lán-phá.

(2) Aon bhliain a leanfaidh fostóir talmhaíochta ar a feadh, maidir le hoibrí, de ghnás den sórt dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo, measfar go dtugann fo-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1950, arna leasú leis an Acht seo, teideal don oibrí—

(a) i gcás inar lú ná seacht lá saoire speisialta a lamhálfar dó, do lá saoire amháin níos lú in aghaidh gach lá saoire speisialta a lamhálfar dó amhlaidh, agus

(b) in aon chás eile, do lá saoire amháin níos lú in aghaidh gach lá saoire speisialta nach mó ná sé a lamhálfar dó amhlaidh.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Oibrithe Talmhaíochta (Laethanta Saoire) (Leasú), 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Oibrithe Talmhaíochta (Laethanta Saoire), 1950 go 1961, a ghairm de na hAchtanna um Oibrithe Talmhaíochta (Laethanta Saoire), 1950 agus 1952, agus den Acht seo le chéile.