7 1962


Uimhir 7 de 1962.


AN tACHT UM OSPIDÉAL RÍOGA CHILL MHAIGHNEANN, 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE DE DHROIM GOBHARNÓIRÍ AN OSPIDÉIL RÍOGA, CILL MHAIGHNEANN, A DHÍSCAOILEADH. [28 Márta, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :—

Léiriú.

I. R. Uimh. 260 de 1955.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an dáta díscaoilte” an dáta, eadhon, an 31ú lá de Nollaig, 1955, a díscaoileadh na Gobharnóirí de bhua an Ordaithe um an Ospidéal Ríoga, Cill Maighneann (Rialtóirí a Scor agus Cairteacha a Chúlghairm), 1955 ;

ciallaíonn “na Gobharnóirí” Gobharnóirí Ospidéil Rí Séarlas a Dó a corpraíodh faoin ainm sin le cairt an 19ú lá d'Fheabhra, 1684;

ciallaíonn “an tOspidéal” Ospidéal Rí Séarlas a Dó le haghaidh oifigigh agus saighdiúirí aosta agus ballbhasctha d'arm na hÉireann, a bunaíodh leis an gcairt sin agus ar a dtugtar de ghnáth an tOspidéal Ríoga, Cill Mhaighneann;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “na cistí iontaobhais” na suimeanna stoic a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus folaíonn sé na hinfheistíochtaí uile a chuirfear ina dhiaidh seo in ionad na suimeanna sin agus a bheidh in ionannas dóibh.

Tailte agus foirgnimh a aistriú chun an Aire.

1881, c. 41.

2. —(1) Na tailte agus na foirgnimh uile a bhí ar áireamh san Ospidéal agus b'ionann agus an tOspidéal díreach roimh an dáta díscaoilte agus na tailte agus na foirgnimh uile a bhí dílsithe nó ar teachtadh ar iontaobhas do na Gobharnóirí díreach roimh an dáta díscaoilte tiocfaidh siad, i dtosach feidhme an Actha seo, agus gan aon tíolacadh ná sannadh, chun bheith dílsithe don Aire, saortha ó gach iontaobhas, chun an eastáit nó an leasa uile chun a raibh na tailte agus na foirgnimh sin dílsithe nó ar teachtadh ar iontaobhas do na Gobharnóirí díreach roimh an dáta díscaoilte.

(2) Chun críocha alt 6 den Conveyancing Act, 1881, beidh éifeacht mar thíolacadh talún ag fo-alt (1) den alt seo.

Airnéis a aistriú chun an Aire.

3. —(1) An troscán, na feistis, na daingneáin, na pictiúir, na leabhair agus na doiciméid uile agus an airnéis eile go léir, cibé acu san Ospidéal nó in aon áit eile dó nó dóibh, agus ba leis na Gobharnóirí nó a bhí ar teachtadh ar iontaobhas do na Gobharnóirí díreach roimh an dáta díscaoilte agus a bhí ar bith díreach roimh thosach feidhme an Achta seo tiocfaidh siad, ar an tosach feidhme sin, chun bheith aistrithe chun an Aire agus chun bheith ina maoin aige.

(2) Déanfaidh an tAire an airnéis a aistrítear leis an alt seo a choinneáil le haghaidh cibé críocha poiblí is cuí leis, ach féadfaidh an tAire, dá rogha féin, an airnéis sin go léir nó aon chuid d a dhiúscairt trína díol chun tairbhe an Státchiste nó trína bron nadh, trína malartú nó trína tabhairt ar iasacht.

Iocaíocht leis an Ospidéal Ríoga, Chelsea, agus socrú na scéime.

4. —Féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas chuici ón Ard Aighne—

(a) a ordú go n-íocfar le Coimisinéirí an Ospidéil Ríoga Chelsea, —

(i) suim £2,440. 7. 4. as an ús a bheidh faibhrith ar an gcuid de na cistí iontaobhais a luaitear gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo

(ii) cibé suim a gheofar as díol na n-infheistíochtaí uí a bheidh in ionannas don ús a d'fhaibhrigh ar a gcuid sin, agus

(iii) an t-ús go léir a bheidh faibhrithe ar na hinfheistíochtaí dá dtagraítear san fhomhír sin roimhe seo suas go dtí tráth a ndíola,

(b) scéim a ullmhú agus a shocrú le haghaidh bainistí agus úsáid na gcistí iontaobhais (lena n-áirítear aon iarmhéid úis a bheidh faibhrithe ar an gcéanna) le haghaidh críocha nó críche carthanúla sonraithe éigin chun sochair gach aicme nó aon aicme comhaltaí nó athchomhaltaí d'Óglaidh na hÉireann.

Iontaóbhaí na gcistí iontaobhais go dtí go dtiocfaidh an scéim i ngníomh.

5. —I dtosach feidhme an Achta seo agus dá éis sin go dtí go dtiocfaidh scéim faoi alt 4 den Acht seo i ngníomh, is é an tArd-Aighne agus eisean amháin a bheidh ina iontaobhaí ar na cistí iontaobhais.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1962.

AN SCEIDEAL.

Na Cistí Iontaobhais

Cuid I.

A. £6,078 6s. 7d. (sé mhíle seachtó a hocht punt, sé scilling agus seacht bpingin) Stoc Comhdhlúite 2½ faoin gcéad de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann arna thaisceadh le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais chun creidmheasa cuntais mhórleabhair dar teideal—

“Ex parte the Great Southern and Western Railway Company and to the credit of the Governors of the Hospital of King Charles II and all other persons interested in respect of all those pieces of land situate in the Parish of St. James County of Dublin containing 7 a. 3 r. and 18½ p. and Nos. 16, 21, 28, 29 and 31 on the map of said Railway.”

B. £4,027 6s. 11d. (ceithre mhíle fiche a seacht punt, sé scilling agus aon phingin déag) Stoc Comhdhlúite 2½ faoin gcéad de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann arna thaisceadh le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais chun creidmheasa cuntais mhórleabhair dar teideal—

“Ex parte the Great Southern and Western Railway Coy. to the credit of the Governors of the Hospital of King Charles II and all persons interested in part of the lands of the said Hospital situate in the Parish of St. James County of Dublin containing 13 a. 3 r. and 38½ p. plantation measure.”

Cuid II.

£369 4s. 0d. (trí chéad seasca a naoi punt, ceithre scilling) Stoc Comhdhlúite 2½ faoin gcéad de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ag seasamh i leabhair Bhanc na hÉireann agus inscríofa in ainm—

“The Governors of the Royal Hospital of King Charles II, Dublin, for relief and maintenance of ancient and maimed officers and soldiers of the Army in Ireland”.