|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 35 de 1962. | ||
[EN] |
AN tACHT UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1962. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1936 GO 1961. [25 Nollaig, 1962.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Pinsin seirbhíse agus pinsin mhíchumais a mhéadú. |
1. —(1) Déanfar pinsean lena mbaineann an t-alt seo a mhéadú fiche faoin gcéad. |
[EN] | (2) Baineann an t-alt seo— | |
[EN] | (a) le pinsean seirbhíse is iníoctha faoi na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1961, agus | |
[EN] | (b) le pinsean míchumais is iníoctha amhlaidh. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag méadú faoin alt seo ón lú lá de Lúnasa, 1962 (agus an lá sin a áireamh). | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1962, a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1962, a ghairm de na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1961, agus den Acht seo le chéile. |