36 1962


Uimhir 36 de 1962.


ACHT MHIC SHUIBHNE (PINSEAN) (MÉADÚ), 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT CHUN AN PINSEAN IS INÍOCTHA FAOI ACHTANNA MHIC SHUIBHNE (PINSEAN), 1950 AGUS 1960, A MHÉADÚ, LE hÉIFEACHT ÓN 1ú LÁ DE LÚNASA, 1962. [25 Nollaig, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Pinsean a mhéadú.

1. —Déanfar an pinsean bliantúil is iníoctha faoi Achtanna Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950 agus 1960, a mhéadú fiche faoin gcéad le héifeacht ón lú lá de Lúnasa, 1962 (agus an lá sin a áireamh).

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht Mhic Shuibhne (Pinsean) (Méadú), 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950 go 1962, a ghairm d'Achtanna Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950 agus 1960, agus den Acht seo le chéile.