38 1962


Uimhir 38 de 1962.


AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE (BUANÚ), 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO CHOIMEÁD AN ACHTA UM RIALÚ IOMLAOIDE, 1954 , I nGNÍOMH. [25 Nollaig, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An tAcht um Rialú Iomlaoide, 1954 , a choimeád i ngníomh.

1954, Uimh. 30 .

1958, Uimh. 30 .

1. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (2) d'alt 2 den Acht um Rialú Iomlaoide, 1954 , arna leasú le halt 1 den Acht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1958 :

“(2) Fanfaidh an tAcht seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1966, agus éagfaidh sé ansin.”

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar an hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1962, a ghairm de na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 agus 1958, agus den Acht seo le chéile.