|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 3 de 1963. | ||
[EN] |
AN tACHT UM LIMISTÉIR NEAMHFHORBARTHA (LEASÚ), 1963. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT D'FHADÚ RÉ FEIDHME AGUS DO LEASÚ NA nACHTANNA UM LIMISTÉIRÍ NEAMHFHORBARTHA, 1952 AGUS 1957. [20 Feabhra, 1963.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” An Foras Tionscal ; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála ; | |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 . | |
[EN] |
Méideanna deontas faoi ailt 5 agus 6 den Phríomh-Acht. |
2. —(1) Faoi réir fo-alt (2) den alt seo, ní rachaidh méid iomlán na ndeontas a thabharfaidh an Bord i leith gnóthais tionscail faoi ailt 5 agus 6 den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) mura mó ná dhá chéad is caoga míle punt méid iomlán na ndeontas, thar dhá thrian méid iomlán na gcostas a dtabharfar na deontais ina leith (is costais den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt sin 6 nó faoina ndeachthas maidir le nithe den sórt a luaitear i mír (vii) d'fho-alt (1) den alt sin 5), agus | |
[EN] | (b) más mó ná dhá chéad is caoga míle punt an t-iomlán— | |
[EN] | (i) thar leath méid iomlán na gcostas réamhráite, nó | |
[EN] | (ii) an tsuim i bpuint is comhionann leis an bhfigiúr a gheofar tríd an uimhir daoine a bheidh, i dtuairim an Bhoird, ar fostú sa ghnóthas nuair a bheidh sé ag oibriú faoi lán-réim, a iolrú faoi mhíle, lúide cibé uimhir daoine a bhí ar fostú (má bhí) sa ghnóthas díreach roimh dul faoin gcaiteachas ar ina leith a íocfar na deontais, | |
[EN] | cibé acu is lú. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an Rialtas a cheadú don Bhord deontais a thabhairt, i leith gnóthais tionscail faoi na hailt sin 5 agus 6 a rachaidh a n-iomlán thar dhá chéad is caoga míle punt agus thar cheann de na teorainneacha nó thar an dá theorainn a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, agus, i gcás ina mbeidh ceadú tugtha faoin bhfo-alt seo maidir le haon deontais, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis na deontais sin. | |
[EN] |
Toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais le haghaidh deontas áirithe nach mó ná £500,000 do ghnóthas. |
3. —Ní thabharfaidh an Bord deontais faoi alt 5 ná 6 den Phríomh-Acht (seachas deontais a mbeidh ceadú tugtha ina leith faoi fho-alt (2) d'alt 2 den Acht seo) i leith gnóthais tionscail is mó san iomlán ná cúig céad míle punt gan toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais. |
[EN] |
Deontais chun gnóthais a mhéadú nó a oiriúnú. |
4. —(1) Féadfaidh an Bord deontais a thabhairt ar cibé téarmaí is cuí leo faoi chomhair an chostais a bhainfidh le gnóthas i limistéar neamhfhorbartha a mhéadú nó a bhainfidh le hinnealra, gléasra, trealamh foirgnimh nó oibreacha eile de chuid an ghnóthais a oiriúnú chun go bhféadfar gnó an ghnóthais a sheoladh níos éifeachtúla nó chun a chumasú don ghnóthas gabháil le monarú táirgí nach monaraíodh sé roimh an méadú nó an t-oiriúnú. |
[EN] | (2) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó ná ceathrú cuid de chostas an mhéadaithe nó an oiriúnaithe ar ina leith a thabharfar an deontas. | |
[EN] | (3) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith gnóthas tionscail a mhéadú nó gléasra, trealamh, foirgnimh nó oibreacha eile de chuid an ghnóthais sin a oiriúnú más féidir deontas a thabhairt faoi aon fhoráil eile atá sna hAchtanna um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 agus 1957, i leith an mhéadaithe nó an oiriúnaithe. | |
[EN] | (4) Féadfar deontas a thabhairt faoin alt seo i leith aon mhéadú nó oiriúnú a tosaíodh an 14ú lá de Nollaig, 1961, nó dá éis agus roimh dháta an Achta seo a rith. | |
[EN] | (5) Ní thabharfar deontas faoin alt seo tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1965, i leith méadaithe nó oiriúnaithe mura mbeidh an méadú nó an t-oiriúnú ceadaithe ag an mBord roimh an 31ú lá de Mhárta, 1965. | |
[EN] | (6) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a thabharfar deontais faoin alt seo. | |
[EN] |
Aisghairm. |
5. —Aisghairtear leis seo alt 1 agus fo-alt (2) d'alt 6 den Phríomh-Acht agus ailt 2 go 13 den Acht um Limistéirí Neamhfhorbartha (Leasú), 1957 . |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
6. —(1) Féadfar an tAcht um Limistéir Neamhfhorbartha (Leasú), 1963 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1963, a ghairm de na hAchtanna um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 agus 1957, den Acht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1961 (a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna sin) agus den Acht seo le chéile. |