|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 4 de 1963. | ||
[EN] |
AN tACHT UM DHEONTAIS TIONSCAIL (LEASÚ), 1963. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT D'FHADÚ RÉ FEIDHME FORÁLACHA ÁIRITHE DEN ACHT UM DHEONTAIS TIONSCAIL, 1959 , AGUS DO LEASÚ AN ACHTA SIN AGUS AN ACHTA UM DHEONTAIS TIONSCAIL (LEASÚ), 1961 . [20 Feabhra, 1963.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” An Foras Tionscal ; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála ; | |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Dheontais Tionscail, 1959 ; | |
[EN] | ciallaíonn “na limistéir neamhfhorbartha” na limistéir lena mbaineann na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1963. | |
[EN] |
Méideanna deontas faoi alt 2 den Phríomh-Acht. |
2. —(1) Faoi réir fo-alt (2) den alt seo, ní rachaidh méid iomlán na ndeontas a thabharfaidh an Bord i leith gnóthais tionscail faoi fho-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) mura mó ná dhá chéad agus caoga míle punt an t-iomlán— | |
[EN] | (i) i gcás inarb é tuairim an Bhoird go bhfuil cúiseanna maithe eacnamaíochta ann nach féidir an gnóthas a bhunú nó a fhorbairt sna limistéir neamhfhorbartha agus go bhfuil iomthosca neamhghnácha eile ann maidir leis an ngnóthas, thar dhá thrian de mhéid iomlán na gcostas a dtabharfar deontas ina leith (is costais den chineál dá dtagraítear i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt sin), agus | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, thar leath méid iomlán na gcostas réamhráite, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) más mó ná dhá chéad agus caoga míle punt an t-iomlán— | |
[EN] | (i) thar leath méid iomlán na gcostas réamhráite, nó | |
[EN] | (ii) an tsuim i bpuint is comhionann leis an bhfigiúr a gheofar tríd an uimhir daoine a bheidh, i dtuairim an Bhoird, ar fostú sa ghnóthas nuair a bheidh sé ag oibriú faoi lán-réim a iolrú faoi mhíle, lúide cibé uimhir daoine a bhí ar fostú (má bhí) sa ghnóthas díreach roimh dul faoin gcaiteachas arb ina leith a íocfar na deontais, | |
[EN] | cibé acu is lú. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an Rialtas a cheadú don Bhord deontais a thabhairt, i leith gnóthais tionscail faoin alt sin 2 a rachaidh a n-iomlán thar dhá chéad agus caoga míle punt agus thar cheann de na teorainneacha nó thar an dá theorainn a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, agus, i gcás ina mbeidh ceadú tugtha faoin bhfo-alt seo maidir le haon deontais, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis na deontais sin. | |
[EN] |
Toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais le haghaidh deontas áirithe nach mó ná £500,000 do ghnóthas. |
3. —Ní thabharfaidh an Bord deontais faoi alt 2 den Phríomh-Acht (seachas deontais a mbeidh ceadú tugtha ina leith faoi fho-alt (2) d'alt 2 den Acht seo) i leith gnóthais tionscail is mó san iomlán ná cúig chéad míle punt gan toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais. |
[EN] |
Deontais chun gnóthais a mhéadú nó a oiriúnú. |
4. —(1) Féadfaidh an Bord deontais a thabhairt ar cibé téarmaí is cuí leo faoi chomhair an chostais a bhainfidh le gnóthais tionscail i limistéar seachas limistéar neamhfhorbartha a mhéadú nó a bhainfidh le hinnealra, gléasra, trealamh, foirgnimh nó oibreacha eile de chuid an ghnóthais a oiriúnú chun go bhféadfar gnó an ghnóthais a sheoladh níos éifeachtúla nó chun a chumasú don ghnóthas gabháil le monarú táirgí nach monaraíodh sé roimh an méadú nó an t-oiriúnú. |
[EN] | (2) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó ná an ceathrú cuid de chostas an mhéadaithe nó an oiriúnaithe arb ina leith a thabharfar an deontas. | |
[EN] | (3) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith gnóthas tionscail a mhéadú nó gléasra, trealamh, foirgnimh nó oibreacha eile de chuid an ghnóthais sin a oiriúnú más féidir deontas a thabhairt faoi aon fhoráil eile atá sna hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1963, i leith an mhéadaithe nó an oiriúnaithe. | |
[EN] | (4) Féadfar deontas a thabhairt faoin alt seo i leith aon mhéadú nó oiriúnú a tosaíodh an 14ú lá de Nollaig, 1961, nó dá éis agus roimh dháta an Achta seo a rith. | |
[EN] | (5) Ní thabharfar deontas faoin alt seo tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1965, i leith méadaithe nó oiriúnaithe mura mbeidh an méadú nó an t-oiriúnú ceadaithe ag an mBord roimh an 31ú lá de Mhárta, 1965. | |
[EN] | (6) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a thabharfar deontais faoin alt seo. | |
[EN] |
Deontais chun oibrithe a thraenáil. |
5. —(1) Féadfaidh an Bord deontais a thabhairt ar cibé téarmaí is cuí leo, chun traenáil a thabhairt d'oibrithe, sa Stát nó in áit eile, ar phróiseanna ar gá oilteacht chucu i ngnóthas tionscail i limistéar seachas limistéar neamhfhorbartha más deimhin leis an mBord— |
[EN] | (a) gur dhóigh don ghnóthas fostaíocht a chur ar fáil nó a choimeád ar fáil sa limistéar, | |
[EN] | (b) gur gá cúnamh airgid chun a áirithiú go ndéanfar é a bhunú, a chothabháil nó a fhorbairt, agus | |
[EN] | (c) gur gnóthas é a bhfuil buanadas réasúnach ann agus go seolfar go héifeachtúil é. | |
[EN] | (2) Ní bheidh an méid iomlán a dheonófar amhlaidh níos mó ná méid an phá a íocfaidh an gnóthas iarbhír leis na hoibrithe i gcaitheamh a dtréimhse traenála maraon le méid a gcostas taistil agus cothaithe i gcás oibrithe a thraenálfar lasmuigh den Stát. | |
[EN] | (3) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a thabharfar deontais faoin alt seo. | |
[EN] |
Deontais le haghaidh bóithre, droichid, oibreacha cuain, línte iarnróid agus saoráidí iarnróid, tithíochta agus ceaintíní. |
6. —(1) Féadfaidh an Bord deontais a thabhairt, de chúnamh do ghnóthas tionscail ar dóigh dó fostaíocht a chur ar fáil agus a choiméad ar fáil i limistéar seachas limistéar neamhfhorbartha, ar cibé téarmaí is cuí leo— |
[EN] | (a) chun bóithre, droichid agus oibreacha cuain agus línte iarnróid agus saoráidí iarnróid a dhéanamh agus a dheisiú, | |
[EN] | (b) chun tithe agus cóiríocht chónaithe eile agus ceaintíní agus ionaid séarais agus caitheamh aimsire a chur ar fáil do dhaoine a bheidh ar fostú sa ghnóthas. | |
[EN] | (2) Sula dtabharfaidh an Bord deontas faoin alt seo i leith bóthair nó droichid phoiblí, rachaidh siad i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil. | |
[EN] | (3) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a íocfar deontais faoin alt seo. | |
[EN] |
Teorainn le méid iomlán deontas. |
7. —(1) Ní rachaidh méid comhiomlán na ndeontas arna dtabhairt ag an Údarás Forbartha Tionscail faoin Acht um Dheontais Thionscail, 1956 , agus na ndeontas (seachas deontais faoi alt 12 den Acht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 ) arna dtabhairt ag an mBord agus ag an Aire faoi na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1963, agus na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1963, agus na n-íocaíochtaí arna ndéanamh ag an mBord agus ag an Aire ar scór ráthaíochtaí arna dtabhairt ag an mBord agus ag an Aire faoin bPríomh-Acht thar fiche milliún punt. |
[EN] | (2) Ní rachaidh méid comhiomlán na ndeontas faoi alt 12 den Acht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 , agus faoi alt 3 den Acht um Dheontais Thionscail, 1956 , thar fiche milliún punt. | |
[EN] |
Dualgas ginearálta an Bhoird maidir le haidhmeanna náisiúnta. |
8. —Ag comhlíonadh a dhualgas don Bhord coimeádfaidh sé i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann tionscail a dhílárú agus tionscail a tharraingt go dtí na limistéir neamhfhorbartha agus déanfaidh sé dícheall ag cabhrú leis na haidhm eanna sin a chur i gcrích. |
[EN] |
Aisghairm. |
9. —Aisghairtear leis seo mír (a) d'fho-alt (1) agus fo-ailt (2) go (6) d'alt 2, fo-alt (3) d'alt 3, fo-alt (2) d'alt 4 agus alt 6 den Phríomh-Acht. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlus. |
10. —(1) Féadfar an tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1963 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1963, a ghairm den Phríomh-Acht, den Acht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1961 (a mhéid a leasaíonn sé an tAcht sin), agus den Acht seo le chéile. |