20 1963


Uimhir 20 de 1963.


AN tACHT UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH (LEASÚ), 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH, 1959 . [16 Iúil, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1959, Uimh. 20 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” Córas Tráchtála a bunaíodh leis an bPríomh-Acht;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 .

Méadú ar dheontais neamh-inaisíoctha don Bhord.

2. —Ní mó ná dhá mhilliún cúig chéad míle punt comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an mBord chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh (gan aon suimeanna is iníoctha leis an mBord faoi alt 4 den Acht seo a áireamh) agus, dá réir sin, forléireofar fo-alt (1) d'alt 16 den Phríomh-Acht ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime atá luaite ann.

An Bord d'fháil agus do dhiúscairt áitribh.

3. —(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, áitreabh (sa Stát nó in áit ar bith eile) a fháil nach mbeidh ach cuid de ag teastáil ón mBord chun a chumhachtaí a fheidhmiú agus a fheidhmeanna agus a dhualgais a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an Bord cibé eastát nó cibé leas is oiriúnach leis in aon chuid d'áitreabh a fuair sé faoi fho-alt (1) den alt seo a dhiúscairt.

Ráthaíocht ón Aire in aghaidh caillteanais áirithe a bhainfidh don Bhord.

4. —(1) (a) Aon uair a gheobhaidh an Bord leas léasach in aon áitreabh faoi alt 3 den Acht seo, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, le toiliú an Aire Airgeadais, ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais, don Bhord in aghaidh aon chaillteanais de dheasca an Bord do dhiúscairt eastáit nó leasa in aon chuid den áirteabh (ar cuid í nach raibh, an tráth a fuair an Bord an t-áitreabh, ag teastáil ón mBord chun a chumhachtaí a fheidhmiú nó a fheidhmeanna agus a dhualgais a chomhlíonadh) nó de dheasca an Bord do mhainneachtain eastát nó leas i gcuid den sórt sin den áitreabh a dhiúscairt.

(b) Ní thabharfar ráthaíocht faoin alt seo maidir le haon áitreabh murar thoiligh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, leis an áitreabh a fháil.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire an chumhacht a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú i slí gur mó ná cúig chéad míle punt an méid nó an méid comhlomlán a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíocht nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, maraon leis an méid (más aon mhéid é) a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord.

(3) I gcás ina dtabharfar nó inar tugadh ráthaíocht faoin alt seo, tabharfaidh an Bord don Aire, má fhoréilíonn an tAire é, cibé urrús a shonrófar san fhoréileamh chun a urrú don Aire go n-aisíocfar aon airgead a dhlífidh sé a íoc nó a d'íoc sé faoin ráthaíocht.

(4) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ina dtaispeánfar maidir le gach ráthaíocht a tugadh faoin alt seo i gcaitheamh na bliana sin nó a tugadh aon uair roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás aon íocaíocht a bheith déanta ag an Aire faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más aon mhéid é) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) an méid a bheidh fós faoi ráthaíocht i ndeireadh na bliana sin.

(5) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a airleacfar an t-airgead go léir a bheidh ar an Aire a íoc faoi ráthaíocht faoin alt seo.

(6) Déanfaidh an Bord an t-airgead go léir a bheidh an tAire tar éis a íoc faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire (maraon le hús air de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) laistigh de dhá bhliain ó dháta an airleacain.

(7) I gcás ina mbeidh an t-iomlán nó aon chuid den airgead a airleacadh faoi fho-alt (5) den alt seo gan aisíoc leis an Aire de réir fo-alt (6) den alt seo, is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a aisíocfar leis an bPríomh-Ciste an méid a bheidh gan aisíoc amhlaidh.

(8) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (7) den alt seo chun méid áirithe airgid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, fanfaidh an Bord faoi dhliteanas don Aire i leith an mhéid sin agus déanfaidh an Bord an méid sin (maraon le hús air de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) a aisíoc leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais agus, mura ndéanfar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) An t-airgead go léir a aisíocfaidh an Bord leis an Aire nó a ghnóthóidh an tAire ón mBord faoin alt seo íocfar isteach sa Státchiste é nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste é.

Cíosanna agus íocaiochtaí áirithe eile a gheobhaidh an Bord a dhiúscairt.

5. —(1) Déanfar na cíosanna agus aon íocaíochtaí eile a gheobhaidh an Bord i leith eastát nó leas in áitreabh a bhfuil ráthaíocht faoi alt 4 den Acht seo i bhfeidhm ina leith a dhiúscairt faoi alt 3 den Acht seo a íoc isteach i gcuntas a bheidh ar leithligh ó chuntais eile an Bhoird agus ní úsáidfidh an Bord an t-airgead a bheidh sa chuntas sin ach amháin chun íocaíochtaí a dhéanamh maidir leis an áitreabh (lena n-áirítear íocaíochtaí ag an mBord faoi alt 4 den Acht seo).

(2) Aon uair a ordóidh an tAire é, íocfaidh an Bord leis an Aire, as airgead a bheidh sa chuntas a bheidh á choimeád faoin alt seo, cibé suim a shonróidh an tAire agus déanfar aon suim a íocfar amhlaidh leis an Aire a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

An tAire Airgeadais d'fháil iasachtaí.

6. —(1) D'fhonn soláthar a dhéanamh i gcóir airleacain as an bPríomh-Chiste faoi alt 4 den Acht seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus fós faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead a gheobhaidh sé ar iasacht amhlaidh.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus an chaiteachais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

Gearrtheideal agus comhlua.

7. —(1) Féadfar an tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1963 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1963, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.