31 1964


Uimhir 31 de 1964.


AN tACHT GEALLBHRÓICÉIRÍ, 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE GEALLBHRÓICÉIRÍ. [12 Samhain, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Geallbhróicéirí, 1964 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a shocrófar chuige sin le hordú ón Aire.

Mínithe.

2. —San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas faoi alt 8;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

folaíonn “geallbhróicéir” aon duine a bhfuil gnó á sheoladh aige ina nglacann sé earraí agus airnéisí i ngeall agus go háirithe (ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo) folaíonn sé duine ar bith—

(a) a fhaigheann nó a ghlacann ó aon duine eile aon earraí nó airnéisí mar urrús ar aisíoc aon suime airgid nach mó ná caoga punt a airleacadh orthu; nó

(b) a cheannaíonn, nó a fhaigheann nó a ghlacann isteach, earraí nó airnéisí agus a íocann nó a airleacann nó a thugann ar iasacht orthu aon suim airgid nach mó ná caoga punt le comhaontú nó comhthuiscint nó faoi chomhaontú nó comhthuiscint, sainráite nó intuigthe nó inbhainte go réasúnach mar thát ó nádúr an idirbhirt, go bhféadfaí na hearraí nó na hairnéisí sin a fhuascailt nó a cheannach ina dhiaidh sin ar théarmaí ar bith;

ciallaíonn “geallearbóir” duine a sheachadfaidh earra de gheall do gheallbhróicéir;

folaíonn “ticéad gill”, ach amháin in alt 14, ticéad gill conartha speisialta;

ciallaíonn “gealltán” earra a geallearbadh do gheallbhróicéir;

ciallaíonn “tréimhse fuascailte” tréimhse, dar tosach an chéad lá tar éis dáta an gheallearbtha, nach dleathach do gheallbhróicéir gealltán a dhíol nó a dhiúscairt laistigh di.

Feidhm.

3. —Baineann an tAcht seo le gach idirbheart a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo maidir le gealltán ar a dtabharfaidh geallbhróicéir iasacht nó airleacan nach mó ná caoga punt do gheallearbóir ach ní bhaineann sé le haon idirbheart eile.

Seirbhísigh, gníomhairí agus ionadaithe do gheallbhróicéirí.

4. —(1) Aon ní a n-údaraítear leis an Acht seo do gheallbhróicéir é a dhéanamh, féadfaidh a sheirbhíseach nó a ghníomhaire é a dhéanamh.

(2) Chun críocha an Achta seo, aon ní a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh seirbhíseach nó gníomhaire do gheallbhróicéir i gcúrsa ghnó an gheallbhróicéara, measfar é a bheith déanta nó gan déanamh, cibé acu é, ag an ngeallbhróicéir.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le geallbhróicéirí i gcás seiceadóirí agus riarthóirí geallbhróicéirí éagtha, ach ní bheidh seiceadóir ná riarthóir geallbhróicéara éagtha inchurtha go pearsanta faoi aon phionós nach é a ghníomh nó a mhainneachtain féin a thabhaigh é.

Cearta, etc., geallearbóirí a tharchur.

5. —(1) Aon chearta, cumhachtaí, príbhléidí agus sochair a fhorcoimeádtar nó a thugtar do gheallearbóirí leis an Acht seo, measfar iad a bheith forcoimeádta agus tugtha do shannaithe geallearbóirí agus do sheiceadóirí agus riarthóirí geallearbóirí éagtha.

(2) Aon duine a chuirfidh i gcéill do gheallbhróicéir gurb é an sannaí ag geallearbóir é nó gurb é an seiceadóir nó an riarthóir do gheallearbóir éagtha é, déanfaidh sé, má cheanglaíonn an geallbhróicéir air é, an ionstraim faoina bhfuil éileamh á dhéanamh aige a thabhairt ar aird don gheallbhróicéir.

Aisghairm agus foráil shealadach.

6. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a aisghairm a mhéad a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) D'ainneoin aisghairm na n-achtachán sin, leanfaidh na hachtacháin sin, go dtí an 31ú lá d'Iúil, 1965, d'éifeacht a bheith acu chun críche ceadúnas geallbhróicéara a dheonú do dhuine nach sealbhóir ar cheadúnas den sórt sin i dtosach feidhme an Achta seo.

CUID II

Geallbhróicéirí a Cheadúnú

Toirmeasc ar ghnó geallbhróicéara a sheoladh gan cheadúnas.

1842, c. 82.

7. —(1) Ní dhéanfaidh duine gnó geallbhróicéara a sheoladh in áitreabh ar bith mura bhfuil ceadúnas aige atá i bhfeidhm maidir leis an áitreabh sin.

(2) Aon duine is sealbhóir ar cheadúnas geallbhróicéara a deonaíodh faoin Stamp Duties (Ireland) Act, 1842, measfar, fad a shealbhóidh sé an ceadúnas sin, é a bheith ceadúnaithe go cuí chun críche fho-alt (1) den alt seo go dtí an 31ú lá d'Iúil is túisce a thiocfaidh tar éis tosach feidhme an Achta seo.

(3) Aon duine a sháróidh an t-alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Ceadúnas a dheonú.

8. —(1) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir forálacha an Achta seo—

(a) ar iarratas a dhéanamh chucu ag iarraidh ceadúnas chun gnó geallbhróicéara a sheoladh in áitreabh áirithe, agus

(b) ar dheimhniú a deonaíodh faoi alt 10 i leith an áitribh sin a bheith tugtha ar aird ag an iarratasóir, agus

(c) ar an dleacht mháil atá le híoc de thuras na huaire de réir dlí ag duine a bheidh ag tógáil amach ceadúnas den sórt sin a bheith íoctha leo ag an iarratasóir,

ceadúnas a dheonú don iarratasóir chun gnó geallbhróicéara a sheoladh san áitreabh sin.

(2) Tiocfaidh ceadúnas i bhfeidhm ar an dáta a shonrófar ann agus rachaidh sé in éag an 31ú lá d'Iúil is túisce a thiocfaidh ina dhiaidh sin.

Ceadúnas a aistriú.

9. —Féadfaidh geallbhróicéir a cheadúnas a aistriú chun duine eile dar deonaíodh deimhniú faoi alt 10 atá i bhfeidhm, ach ní bheidh éifeacht leis an aistriú go dtí go mbeidh an deimhniú tugtha ar aird do na Coimisinéirí Ioncaim agus formhuinithe acu.

Deimhniú a dheonú.

1931, Uimh. 27 .

10. —(1) Féadfaidh an Chúirt Dúiche, ar iarratas a dhéanamh chuici, deimhniú a dheonú do dhuine á údarú ceadúnas a dheonú dó, faoi réir forálacha an Achta seo.

(2) Is gá deimhniú ar leith i gcás gach ceadúnais a bheidh á lorg.

(3) Tiocfaidh ceadúnas i bhfeidhm ar an dáta a shonrófar ann agus rachaidh sé in éag an 31ú lá d'Iúil is túisce a thiocfaidh ina dhiaidh sin.

(4) Ní dhiúltófar ceadúnas a thabhairt ach ar fhoras nó forais acu seo a leanas:

(a) nár tugadh ar aird fianaise shásúil ar dheacharachtar an iarratasóra;

(b) gur tugadh fianaise shásúil ar aird nach bhfuil an t-iarratasóir, nó aon duine atá freagrach nó le bheith freagrach i mbainistí a ghnó mar gheallbhróicéir, ina dhuine cuí oiriúnach chun deimhniú a shealbhú;

(c) go bhfuil an t-iarratasóir, nó aon duine atá freagrach nó le bheith freagrach i mbainistí a ghnó mar gheallbhróicéir, dícháilithe le hordú cúirte chun ceadúnas a fháil;

(d) nár shásaigh an t-iarratasóir an Chúirt gur duine diongbháilte ó thaobh airgeadais é;

(e) go bhfuil an t-iarratasóir ina shealbhóir ar cheadúnas geallghlacadóra a deonaíodh faoin Acht um Gheall-Chur, 1931;

(f) go bhfuil an t-iarratasóir ina shealbhóir ar cheadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol;

(g) gur ceantálaí an t-iarratasóir; nó

(h) nach bhfuil áitreabh an iarratasóra oiriúnach chun gnó geallbhróicéara a sheoladh ann.

(5) Aon duine a bheidh éagóirithe trí dhiúltú na Cúirte deimhniú a dheonú, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda agus beidh breith na Cúirte sin ar an ábhar ina breith chríochnaitheach agus ní bheidh sí inachomhairc.

(6) Aon uair a dhiúltófar d'iarratas ar dheimhniú agus go dtaiscfear achomharc in aghaidh an diúltaithe, ansin, má bhí ceadúnas ag an iarratasóir an tráth a rinneadh an t-iarratas, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, gan aon dleacht a íoc, ach faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur, ceadúnas sealadach a eisiúint don iarratasóir in aghaidh cibé tréimhse is cuí leo ach nach rachaidh thar seacht lá glan tar éis an t-achomharc a chinneadh, agus, fad a fhanfaidh sé i bhfeidhm, is ceadúnas de réir bhrí an Achta seo gach ceadúnas sealadach den sórt sin.

Ceadúnas a fhionraí agus a chealú.

1931, Uimh. 27 .

11. —(1) Má chiontaítear geallbhróicéir i ngoid, in earraí a goideadh a ghlacadh agus a fhios aige gur goideadh iad, nó in aon chion eile a mbainfidh calaois nó mímhacántacht leis, féadfaidh an chúirt ar os a comhair a ciontaíodh é, i dteannta aon phionóis eile a chuirfear air, a ordú go bhfionrófar a cheadúnas go ceann cibé tréimhse is cuí léi nó go gcealófar é.

(2) Má chiontaítear geallbhróicéir i gcion a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo agus go n-ordóidh an chúirt a cheadúnas a fhionraí nó a chealú agus go ndéanfaidh an geallbhróicéir achomharc i gcoinne an chiontaithe nó, má ciontaíodh é i níos mó ná ceann amháin de na cionta sin, i gcoinne gach ceann de na ciontaithe, féadfaidh an chúirt ar os a comhair a ciontaíodh é, más cuí léi é, oibriú a hordaithe ag fionraí nó ag cealú an cheadúnais a chur ar fionraí le linn éisteacht an achomhairc a bheith ar feitheamh.

(3) Féadfaidh an Chúirt Dúiche, ar iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire, ceadúnas a fhionraí go ceann cibé tréimhse is cuí léi, más deimhin léi go bhfuil an geallbhróicéir freisin ag seoladh gnó mar cheantálaí nó ina shealbhóir ar cheadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol, nó ar cheadúnas geallghlacadóra a deonaíodh faoin Acht um Gheall-Chur, 1931 , nó tar éis gníomhú contrátha d'aon cheann d'fhorálacha an Achta seo.

(4) Aon gheallbhróicéir a mbeidh a cheadúnas curtha ar fionraí faoi fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda agus beidh breith na Cúirte sin ar an ábhar ina breith chríochnaitheach agus ní bheidh sí inachomhairc.

(5) Aon uair a bheidh ceadúnas curtha ar fionraí faoi fho-alt (3) den alt seo agus go dtaiscfear achomharc i gcoinne na fionraíochta, féadfaidh an Chúirt Dúiche, más cuí léi é, oibriú a hordaithe a fhionraí le linn éisteacht an achomhairc a bheith ar feitheamh.

(6) Ní dhéanfaidh fionraí, cealú ná neamh-athnuachan ceadúnais, dochar ná difear d'aon cheart chun gealltán a fhuascailt a cuireadh i ngeall roimh dháta an cheadúnais a fhionraí nó a chealú nó a dhul in éag, ná d'aon oibleagáid nó dliteanas (cibé acu de bhua conartha nó de bhua aon fhorála san Acht seo a d'éirigh sé) a bhí ar marthain ar an dáta sin, agus fanfaidh an geallbhróicéir a shealbhaigh an ceadúnas díreach roimh an dáta sin, maidir le haon ghealltán a bheidh ar seilbh aige ar an dáta sin, faoi réir na n-oibleagáidí, na ndliteanas agus na bpionós céanna a bheadh air dá leanadh an ceadúnas i bhfeidhm.

Deimhniú a bhrionnú.

12. —(1) (a) Aon duine a bhrionnóidh deimhniú nó a thairgfidh deimhniú agus a fhios aige é a bheith brionnaithe, beidh sé, gan dochar d'aon achtachán eile, ciontach i gcion.

(b) Ní fhorléireofar mír (a) den fho-alt seo ar dhóigh go bhféadfaí duine a phionósú faoi dhó mar gheall ar aon chion.

(2) Aon cheadúnas a dheonófar de bhun deimhniú a brionnaíodh, beidh sé ar neamhní.

(3) Aon duine a úsáidfidh deimhniú brionnaithe agus a fhios aige é a bheith brionnaithe, beidh sé dícháilithe chun ceadúnas a fháil aon uair ina dhiaidh sin.

Ainm agus fógra a thaispeáint.

13. —(1) Déanfaidh geallbhróicéir—

(a) a ainm agus an focal “Geallbhróicéir” a choimeád ar taispeáint i litreacha móra soléite os cionn an dorais ar an taobh amuigh den áitreabh ina bhfuil gnó geallbhróicéara á sheoladh aige, agus

(b) fógra ar a mbeidh an t-eolas atá leagtha amach sa Dara Sceideal a choimeád ar taispeáint in áit fheiceálach san áitreabh sin agus é clóite i litreacha móra soléite.

(2) Aon gheallbhróicéir a mhainneoidh déanamh de réir ceanglais atá i bhfo-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

CUID III

Gealltáin a Gheallearbadh, a Fhuascailt agus a Dhíol

Ticéid ghill.

14. —(1) Déanfaidh geallbhróicéir, ar ghealltán a ghlacadh i ngeall, ticéad gill a thabhairt don gheallearbóir agus ní ghlacfaidh sé gealltán i ngeall mura dtógfaidh an geallearbóir ticéad gill.

(2) Beidh i dticéad gill na sonraí atá leagtha amach san fhoirm iomchuí i gCuid I nó i gCuid II den Tríú Sceideal.

(3) Aon gheallbhróicéir a mhainneoidh déanamh de réir aon cheanglais san alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Conarthaí speisialta agus ticéid ghill chonartha speisialta.

15. —(1) D'ainneoin aon ní san Acht seo, féadfaidh geallbhróicéir conradh speisialta a dhéanamh le geallearbóir i leith gealltáin ar a dtabharfaidh an geallbhróicéir iasacht is mó ná deich bpunt.

(2) (a) Má dhéanann geallbhróicéir conradh speisialta le geallearbóir, tabharfaidh sé don gheallearbóir tráth an gheallearbtha ticéad gill conartha speisialta ina mbeidh na sonraí atá leagtha amach i gCuid III den Tríú Sceideal agus a bheidh sínithe ag an ngeallbhróicéir.

(b) Ní ghlacfaidh geallbhróicéir gealltán i ngeall faoi chonradh speisialta faoin alt seo mura dtógfaidh an geallearbóir ticéad gill conartha speisialta.

(3) Síneoidh an geallearbóir dúblach den ticéad gill conartha speisialta.

(4) Ní bheidh ticéad gill conartha speisialta, ná a dhúblach, inchurtha faoi dhleacht stampa.

(5) Bainfidh forálacha an Achta seo le conradh speisialta faoin alt seo ach amháin sa mhéid go n-eisiafar iad le téarmaí an chonartha.

(6) Aon gheallbhróicéir a mhainneoidh déanamh de réir mhír (a), nó a sháróidh mír (b), d'fho-alt (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Leabhair agus taifid gheallbhróicéara.

16. —(1) Déanfaidh gach geallbhróicéir i gcúrsa a ghnó—

(a) leabhar gealltán agus leabhar díolacháin a choimeád san fhoirm atá leagtha amach i gCuid I agus i gCuid II, faoi seach, den Cheathrú Sceideal, agus

(b) na doiciméid atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a úsáid, de réir mar is gá sa chás, sna foirmeacha a shonraítear ansin.

(2) Déanfaidh gach geallbhróicéir, i gcúrsa a ghnó, na sonraí a shonraítear sa Tríú agus sa Cheathrú Sceideal a thaifeadadh go soiléir soléite, de réir mar is gá sa chás, in aon leabhar nó doiciméad a cheanglaítear air a choimeád nó a úsáid, agus beidh de dhualgas ar gach geallbhróicéir gach fiosrú is gá a dhéanamh chun an fo-alt seo a chomhlíonadh.

(3) Aon gheallbhróicéir a mhainneoidh déanamh de réir aon cheanglais san alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Iasachtaí in airgead reatha.

17. —(1) Gach suim a airleacfaidh geallbhróicéir i leith earraí a ghlacfaidh sé i ngeall, beidh sí in airgead reatha atá maith agus dleathach, agus ní dhéanfar suas ná ní shlánófar aon suim den sórt sin trí luach, sochar ná íocaíocht d'aon chineál eile a áireamh inti.

(2) Aon gheallbhróicéir a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) Má chiontaítear geallbhróicéir i gcion faoin alt seo, ansin, cibé acu a ghearrfaidh an chúirt pionós nó nach ngearrfaidh—

(a) ordóidh sí go ndéanfaidh an geallbhróicéir an tsuim is iníoctha go cuí a íoc leis an ngeallearbóir in airgead reatha atá maith agus dleathach; agus

(b) féadfaidh sí dá rogha féin a ordú don gheallearbóir an t-iomlán nó aon chuid den luach, den sochar nó den íocaíocht de chineál eile a tugadh don gheallearbóir a aisíoc leis an ngeallbhróicéir nó a thabhairt ar ais dó.

Toirmeasc ar iasacht a roinnt.

18. —(1) Ní dhéanfaidh geallbhróicéir méid na hiasachta a lorgóidh aon iasachtaí a roinnt ina suimeanna is lú ná méid na hiasachta.

(2) Aon gheallbhróicéir a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Srianta ginearálta ar gheallbhróicéir.

19. —(1) Ní dhéanfaidh geallbhróicéir—

(a) go feasach aon ní a ghlacadh i ngeall ó dhuine faoi bhun sé bliana déag d'aois cibé acu thar a cheann féin nó thar ceann duine eile a thairgfidh an duine sin é lena gheallearbadh;

(b) aon ní a ghlacadh i ngeall ó dhuine a dhealraíonn a bheith ar meisce;

(c) aon ní a ghlacadh i ngeall ó dhuine is eol dó a bheith ina ghnáthmheisceoir;

(d) ticéad gill a d'eisigh sé féin nó geallbhróicéir eile a cheannach ná a ghlacadh i ngeall ná a mhalartú;

(e) aon ghealltán a bheidh i ngeall aige féin a cheannach, ach amháin ar ceant a chuirfear ar siúl faoin Acht seo;

(f) aon chonradh ná comhaontú le haon duine a bheidh ag geallearbadh aon earra nó á thairiscint é a gheallearbadh, ná le húinéir aon earra, chun an earra a cheannach, a dhíol nó a dhiúscairt laistigh den tréimhse fuascailte;

(g) aon duine faoi bhun sé bliana déag d'aois a fhostú chun earraí a ghlacadh i ngeall;

(h) aon earra a ghlacadh i ngeall más eol dó, nó má tá cúis réasúnach aige chun bheith in amhras, go mbeadh an geallearbadh ina shárú ar alt 25;

(i) aon arm tine ná aon lón lámhaigh a ghlacadh i ngeall; ná

(j) aon ghealltán a dhíol ná a dhiúscairt ar dhóigh eile ach amháin de réir an Achta seo.

(2) Aon gheallbhróicéir a sháróidh aon fhoráil d'fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) Má chúisítear geallbhróicéir i rud a ghlacadh i ngeall ó dhuine faoi bhun sé bliana déag d'aois, cibé acu thar a cheann féin nó thar ceann duine eile a thairg an duine sin an rud lena gheallearbadh, is cosaint mhaith dó a shuíomh nach raibh a fhios aige, agus nach raibh aon chúis aige chun bheith in amhras, go raibh an duine faoi bhun sé bliana déag d'aois.

Ús dleathach agus muirir dhleathacha.

20. —(1) Féadfaidh geallbhróicéir ús a mhuirearú ar iasacht ar ghealltán de réir ráta nach mó ná mar a shonraítear i gCuid I den Chúigiú Sceideal.

(2) Féadfaidh geallbhróicéir na muirir a shonraítear i gCuid II, III, IV agus V den Chúigiú Sceideal a éileamh agus a ghlacadh.

(3) Déanfaidh geallbhróicéir, má cheanglaítear sin air an tráth a fhuasclófar aon ghealltán, admháil a thabhairt, a bheidh san fhoirm atá leagtha amach i gCuid IV den Tríú Sceideal, ar mhéid na hiasachta, an úis agus na muirear a íocadh leis.

(4) Má chuireann geallbhróicéir de mhuirear ar iasacht ar ghealltán ús is mó ná mar a cheadaítear le fo-alt (1) den alt seo, nó má ghlacann nó má éilíonn sé muirear is mó ná mar a cheadaítear le fo-alt (2) den alt seo, nó má mhainníonn nó má dhiúltaíonn sé admháil a thabhairt de réir fho-alt (3) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Tréimhsí fuascailte.

21. —(1) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4) den alt seo, is í tréimhse ar laistigh di a fhéadfar gealltán (seachas gealltán a bheidh déanta suas go hiomlán nó go páirteach d'ór, d'airgead nó de mhiotal lómhar eile nó d'aon chloch lómhar nó leathlómhar) a fhuascailt ó gheallbhróicéir, ná tréimhse sé mhí ón dáta a tugadh an iasacht ach, má íoctar an t-ús ar an iasacht laistigh den tréimhse sin, déanfar an tréimhse ina bhféadfar an gealltán sin a fhuascailt a fhadú tréimhse sé mhí ón dáta ar anuas go dtí é a íocadh an t-ús.

(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4) den alt seo, is bliain an tréimhse ina bhféadfar gealltán a fhuascailt a bheidh déanta suas go hiomlán nó go páirteach d'ór, d'airgead nó de mhiotal lómhar eile nó d'aon chloch lómhar nó leathlómhar.

(3) Cuirfear leis na tréimhsí a luaitear i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt seo tréimhse bhreise seacht lá nach dleathach do gheallbhróicéir gealltán a dhíol ná a dhiúscairt ar a feadh agus a mbeidh an gealltán infhuascailte laistigh di.

(4) I gcás gealltán a geallearbadh ar shuim is mó ná dhá phunt, agus gealltán a bheidh déanta suas, go hiomlán nó go páirteach, d'ór, d'airgead nó de mhiotal lómhar eile nó d'aon chloch lómhar nó leathlómhar fanfaidh an gealltán infhuascailte thairis sin go dtí go ndiúscrófar é mar a fhoráiltear san Acht seo cé go mbeidh an tréimhse fuascailte dulta in éag.

Sealbhóir an ticéid ghill an duine a bheidh i dteideal gealltán a fhuascailt.

22. —(1) Toimhdeofar, amhail idir an geallearbóir agus an geallbhróicéir, gurb é an sealbhóir de thuras na huaire ar thicéad gill an duine atá i dteideal an gealltán lena mbaineann an ticéad a fhuascailt agus dá réir sin, faoi réir forálacha an Achta seo, déanfaidh geallbhróicéir, ar thicéad gill a sheachadadh dó agus ar an iasacht agus an t-ús agus aon mhuirir eile is iníoctha faoin Acht seo a íoc leis, an gealltán a sheachadadh don duine a thairgfidh an ticéad, agus coimeádfaidh an geallbhróicéir an ticéad go ceann tréimhse nach lú ná bliain.

(2) Ní bheidh sé de cheangal ar gheallbhróicéir, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt san Acht seo, gealltán a thabhairt suas mura seachadfar dó an ticéad gill a bhaineann leis.

Cionta maidir le geallearbadh agus le fuascailt.

23. —Aon duine—

(a) a thairgfidh aon earra do gheallbhróicéir i modh gill agus nach bhféadfaidh, nó a dhiúltóidh, cuntas sásúil a thabhairt ar an dóigh ina bhfuair sé seilbh ar an earra;

(b) a thabharfaidh go toiliúil eolas bréagach do gheallbhróicéir faoi úinéireacht earra a thairgfidh sé don gheallbhróicéir i modh gill nó faoina ainm nó a sheoladh féin nó faoi ainm nó seoladh úinéir an earra; nó

(c) a fhuasclóidh gealltán nó a fhéachfaidh lena fhuascailt, nó a thabharfaidh ar dhuine eile gealltán a fhuascailt nó féachaint lena fhuascailt, gan bheith i dteideal é sin a dhéanamh,

beidh sé ciontach i gcion.

Neamhsheachadadh gealltáin do dhuine atá ina theideal.

24. —(1) Aon gheallbhróicéir a dhiúltóidh nó a mhainneoidh gan chúis réasúnach (a mbeidh a cruthú air féin) gealltán a sheachadadh don duine atá ina theideal, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Má chúisítear geallbhróicéir i gcion faoin alt seo, féadfaidh an chúirt, más cuí léi é, cibé acu a ghearrfaidh sí nó nach ngearrfaidh sí pionós, a ordú—

(a) go seachadfar an gealltán don duine atá ina theideal,

(b) go n-íocfaidh an duine sin an t-iomlán nó cuid de mhéid na hiasachta nó an úis agus na muirear dleathach eile, nó

(c) go ndéanfar an seachadadh sin agus an íocaíocht sin araon.

Maoin duine eile a gheallearbadh go neamhdhleathach.

25. —(1) Aon duine a dhéanfaidh go feasach aon earra is le duine eile a gheallearbadh gan toiliú an duine eile sin beidh sé ciontach i gcion.

(2) Má chiontaítear duine i gcion faoin alt seo, féadfaidh an chúirt, i dteannta aon fhíneála a ghearrfar, a ordú dó suim nach lú ná luach iomlán an earra, mar a chinnfidh an chúirt é, a íoc le húinéir an earra mar chúiteamh.

Maoin a geallearbadh go neamhdhleathach a sheachadadh don úinéir.

26. —(1) Más rud é—

(a) go gciontóidh aon chúirt duine ar bith faoin Acht seo in aon earraí nó airnéisí de chuid duine eile a gheallearbadh go feasach agus go héagórach le geallbhróicéir, nó

(b) go gciontófar duine ar bith in aon earraí nó airnéisí a ghoid nó a fháil trí chalaois agus gur léir don chúirt go ndearnadh na hearraí nó na hairnéisí a gheallearbadh le geallbhróicéir, nó

(c) gur léir do chúirt i gcúrsa aon imeachtaí go ndearnadh aon earraí nó airnéisí a bheidh os a comhair a gheallearbadh go neamhdhleathach le geallbhróicéir,

féadfaidh an chúirt, dá rogha féin, ar úinéireacht na n-earraí nó na n-airnéisí a chruthú, a ordú go seachadfar don úinéir iad, i dteannta nó d'éagmais an t-iomlán nó cuid de mhéid na hiasachta a fuarthas de bhua an gheallearbtha a bheith le híoc ag an úinéir leis an ngeallbhróicéir.

(2) Sula ndéanfaidh an chúirt ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, tabharfaidh sí aird ar aon mhainneachtain ar thaobh úinéir na n-earraí nó na n-airnéisí faoi chúram réasúnach a ghlacadh ag cosaint a mhaoine, ach amháin sa mhéid gur saibhríodh an geallbhróicéir go míchóir.

Cionta ag geallbhróicéir maidir le gealltáin áirithe.

27. —Más rud é, maidir le gealltán ar iasacht suime is mó ná dhá phunt nó gealltán a bheidh déanta suas, go hiomlán nó go páirteach, d'ór, d'airgead nó de mhiotal lómhar eile nó d'aon chloch lómhar nó leathlómhar—

(a) nach ndéanfaidh an geallbhróicéir an gealltán a dhíol bona fide de réir an Achta seo, nó

(b) go dtaifeadfaidh an geallbhróicéir ina leabhar díolacháin gur díoladh gealltán ar shuim is lú ná an tsuim ar ar díoladh é,

beidh sé ciontach i gcion.

Úinéirí agus geallearbóirí gealltán nach mbeidh ticéid ghill acu.

28. —(1) Aon duine—

(a) a éileoidh gurb é an t-úinéir ar ghealltán é ach nach bhfuil an ticéad gill aige, nó

(b) a éileoidh go bhfuil sé i dteideal ticéad gill a bheith aige, agus a líomhnóidh gur cailleadh, gur ligeadh amú, gur díothaíodh nó gur goideadh an ticéad nó gur baineadh de é trí chalaois,

féadfaidh sé, ar an táille a ordaítear i gCuid V den Chúigiú Sceideal a íoc, a iarraidh ar an ngeallbhróicéir an fhoirm iomchuí do dhearbhú reachtúil atá leagtha amach sa Séú Sceideal a thabhairt dó.

(2) Má thugann an duine ar ais don gheallbhróiceír foirm an dearbhaithe reachtúil agus í comhlánaithe go cuí laistigh de thrí lá (gan aon lá a bhfuil toirmeasc ar an ngeallbhróicéir gnó a dhéanamh air a chur san áireamh) tar éis an fhoirm a thabhairt dó, beidh aige, amhail idir é féin agus an geallbhróicéir, na cearta agus na leigheasanna céanna i leith an ghealltáin a bheidh aige dá dtugadh sé an ticéad gill ar aird.

(3) Déantar leis seo an geallbhróicéir a shlánú—

(a) as diúltú an gealltán a sheachadadh d'aon duine eile go dtí go mbeidh na trí lá sin caite,

(b) as an ngealltán a sheachadadh don duine, mura raibh fógra iarbhír nó fógra inchiallaithe aige go raibh an dearbhú reachtúil bréagach in aon phonc ábhartha, agus

(c) as mainniú an gealltán a sheachadadh don duine láithreach ar fhoirm an dearbhaithe reachtúil a thabhairt ar ais, más é ba chúis leis an mainneachtain a dheacracht a bhí sé an gealltán a aithint toisc gan uimhir an ghealltáin a bheith ar eolas.

(4) Aon gheallbhróicéir a mhainneoidh déanamh de réir iarraidh faoi fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Gealltáin neamhfhuascailte.

29. —(1) Ach amháin i gcás gealltáin a bheidh déanta suas, go hiomlán nó go páirteach, d'ór, d'airgead nó de mhiotal lómhar eile nó d'aon chloch lómhar nó leathlómhar, tiocfaidh gealltán a geallearbadh ar shuim nach mó ná dhá phunt chun bheith ina mhaoin de chuid an gheallbhróicéara go hiomlán mura bhfuasclaítear é laistigh den tréimhse fuascailte (lena n-áirítear na seacht lá dá dtagraítear i bhfo-alt (3) d'alt 21).

(2) I gcás gealltáin a geallearbadh ar shuim is mó ná dhá phunt nó gealltáin atá déanta suas, go hiomlán nó go páirteach, d'ór, d'airgead nó de mhiotal lómhar eile nó d'aon chloch lómhar nó leathlómhar, féadfaidh an geallbhróicéir, mura bhfuasclaítear é laistigh den tréimhse fuascailte é a dhiúscairt trína dhíol ar cheant poiblí a chuirfear ar siúl de réir an Achta seo, ach ní fhéadfaidh ar aon dóigh éile.

Gealltáin a dhíol.

30. —(1) Is ceantálaí a ainmneoidh an tAire a stiúrfaidh gach ceant ar ghealltáin gheallbhróicéirí.

(2) Féadfaidh an tAire, chun críche an ailt seo, ceantálaithe a ainmniú do limistéir shonraithe, agus féadfaidh sé ainmniúchán a fhoirceannadh tráth ar bith.

(3) Is in áitreabh an cheantálaí a bheidh ag stiúradh an cheant a stiúrfar gach ceant ar ghealltáin gheallbhróicéirí.

(4) Is de réir na rialachán atá sa Seachtú Sceideal a stiúrfar gach ceant ar ghealltáin gheallbhróicéirí.

Ceart geallbhróicéara chun gealltán a cheannach ar cheant.

31. —Féadfaidh geallbhróicéir, ag ceant a chuirfear ar siúl faoin Acht seo, tairiscint a dhéanamh ar ghealltán a geallearbadh leis agus é a cheannach.

Ceart chun an leabhar díolacháin agus an chatalóg a scrúdú.

32. —(1) An duine ag a mbeidh ticéad gill i léith gealltáin a geallearbadh ar shuim is mó ná dhá phunt nó i leith aon ghealltáin atá déanta suas, go hiomlán nó go páirteach, d'ór, d'airgead nó de mhiotal lómhar eile nó d'aon chloch lómhar nó leathlómhar, féadfaidh sé, tráth ar bith roimh dheireadh dhá mhí dhéag ón dáta a díoladh na hearraí, a iarraidh ar an ngeallbhróicéir lenar geallearbadh na hearraí an leabhar díolacháin agus an chatalóg ina mbeidh taifid an díolacháin a thabhairt ar aird, agus, ar an táille a ordaítear i gCuid IV den Chúigiú Sceideal a íoc, féadfaidh sé na taifid sin a scrúdú.

(2) Aon gheallbhróicéir a mhainneoidh déanamh de réir iarraidh faoi fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Ceart geallearbóra chun barrachais de thoradh díola.

33. —(1) Má tharlaíonn, i gcás gealltáin a geallearbadh ar shuim is mó ná dhá phunt nó aon ghealltáin atá déanta suas, go hiomlán nó go páirteach, d'ór, d'airgead nó de mhiotal lómhar eile nó d'aon chloch lómhar nó leathlómhar, gur mó an méid a gheofar as an ngealltán a dhíol ná méid na hiasachta a tugadh ar an ngealltán maraon leis an ús agus leis na muirir dhleathacha air agus leis na táillí a d'íoc an geallbhróicéir i leith an díola, féadfaidh sealbhóir an ticéid ghill i leith an ghealltáin, faoi réir forálacha an Achta seo, méid an bharrachais a éileamh ar an ngeallbhróicéir, agus a fháil uaidh, tráth ar bith roimh dheireadh dhá mhí dhéag ó dháta an díolacháin.

(2) Más rud é, áfach, i gcás ina mbeidh barrachas ann den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, go ndealróidh sé, ó leabhar díolacháin an gheallbhróicéara, gur tharla, laistigh de shé mhí roimh dháta an díola nó ina dhiaidh, i gcás inar díoladh aon ghealltán eile a gheallearb an geallearbóir céanna, gur lú an méid a fuarthas ar an ngealltán eile sin ná méid na hiasachta air maraon leis an ús agus leis na muirir dhleathacha agus leis na táillí a d'íoc an geallbhróicéir i leith a dhíolta, féadfaidh an geall bhróicéir méid an easnaimh a fhritháireamh in aghaidh mhéid an bharrachais, agus ní dhlífidh sé a íoc le sealbhóir an ticéid ghill ach an fuíollach (más ann).

(3) Aon gheallbhróicéir nach ndéanfaidh, nuair a éileofar air é, an méid a dhlífidh sé a íoc faoin alt seo, le sealbhóir ticéid ghill, a íoc leis an sealbhóir sin, beidh sé ciontach i gcion.

Cionta ag ceantálaithe.

34. —Gach ceantálaí a mhainneoidh déanamh de réir aon cheanglais san Acht seo a bhaineann le gealltáin gheallbhróicéirí a dhíol, nó a ghníomhóidh contrártha d'aon fhoráil san Acht seo a bhaineann leis an díol sin, beidh sé ciontach i gcion.

CUID IV

Forlíontach agus Ilghnéitheach

Fógra ón nGarda Síochána i dtaobh maoine a cailleadh agus a goideadh.

35. —(1) Beidh de dhualgas ar gach Ceannfort den Gharda Síochána fógra i dtaobh aon mhaoine a cailleadh, a goideadh nó a fuarthas nó a diúscraíodh go calaoiseach ar dhóigh eile, agus tuairisc iomlán ar an maoin sin, a thabhairt láithreach do na geallbhróicéirí uile sa cheantar atá faoina chúram.

(2) Má thairgtear nó má thaispeántar do gheallbhróicéir, nó má bhíonn ina sheilbh aige, maoin atá de réir tuairisce a fógraíodh dó faoi fho-alt (1) den alt seo, cuirfidh sé é sin in iúl gan mhoill do chomhalta den Gharda Síochána sa stáisiún Garda Síochána is gaire dó, agus déanfaidh sé gach beart réasúnach chun aon duine a thairg nó a thaispeáin an mhaoin sin a choinneáil agus an mhaoin a urghabháil agus chun an duine agus an mhaoin a chur faoi choimeád comhalta den Gharda Síochána a luaithe is féidir.

(3) Aon gheallbhróicéir a mhainneoidh déanamh de réir ceanglais i bhfo-alt (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Daoine a thíolacfaidh ticéid ghill a mbeidh amhras ann iad a bheith góchumtha.

36. —(1) Má dhéanann duine ar bith ticéad gill a rith, a thabhairt ar aird, a thaispeáint nó a thairiscint do gheallbhróicéir a mbeidh amhras réasúnach ar an ngeallbhróicéir gur góchumadh, gur brionnaíodh nó gur athraíodh é, déanfaidh an geallbhróicéir gach beart réasúnach chun an duine a choinneáil agus an ticéad gill a urghabháil agus chun an duine agus an ticéad gill a chur faoi choimeád comhalta den Gharda Síochána a luaithe is féidir.

(2) Aon gheallbhróicéir a mhainneoidh déanamh de réir fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Dualgas geallbhróicéara in imthosca amhrasacha áirithe.

37. —(1) Má fheictear do gheallbhróicéir—

(a) go mbaineann amhras leis na himthosca ina dtairgfidh duine earra dó i modh gill, nó

(b) i gcás an duine a bheidh ag iarraidh gealltán a fhuascailt, nach bhfuil aon cheart ná aon éileamh bona fide ó cheart aige chun an gealltán a fhuascailt,

éileoidh an geallbhróicéir ar an duine a insint dó conas a tháinig an t-earra nó an ticéad gill, cibé acu é, ina sheilbh.

(2) Más rud é, i gcás duine a n-éileoidh geallbhróicéir air eolas a thabhairt faoi fho-alt (1) den alt seo, nach féidir leis nó go ndiúltóidh sé cuntas sásúil a thabhairt don gheallbhróicéir ina thaobh féin nó i dtaobh na slí inar tháinig an t-earra nó an ticéad gill a bheidh i gceist ina sheilbh, nó má thugann sé aon eolas is dóigh leis an ngeallbhróicéir a bheith bréagach i dtaobh an earra nó an ticéid ghill nó i dtaobh a ainm nó a sheoladh féin nó ainm nó seoladh úinéir an earra, nó má bhíonn aon chúis eile ag an ngeallbhróicéir chun a bheith in amhras gur goideadh an t-earra nó an ticéad gill nó go bhfuarthas é go neamhdhleathach nó go héagórach ar dhóigh eile, cuirfidh an geallbhróicéir na himthosca in iúl láithreach do chomhalta den Gharda Síochána sa stáisiún Garda Síochána is gaire dó agus déanfaidh sé gach beart réasúnach chun an duine a choinneáil agus an t-earra nó an ticéad gill a urghabháil agus chun an duine agus an t-earra nó an ticéad gill a chur faoi choimeád comhalta den Gharda Síochána a luaithe is féidir.

(3) Aon gheallbhróicéir a mhainneoidh déanamh de réir aon cheanglais san alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Daoine a éalóidh ó gheallbhróicéir nó a chuirfidh cosc air.

38. —Duine ar bith—

(a) a éalóidh nó a dhéanfaidh iarracht éalú le linn geallbhróicéir a bheith á choinneáil nó ag iarraidh é a choinneáil de réir an Achta seo, nó

(b) a choiscfidh geallbhróicéir nó a dhéanfaidh iarracht é a chosc le linn dó bheith ag urghabháil rud ar bith nó ag iarraidh é a urghabháil de réir an Achta seo,

beidh sé ciontach i gcion.

Cosaint do gheallbhróicéir.

39. —Má thionscnaítear imeachtaí, cibé acu sibhialta nó coiriúil iad, i gcoinne geallbhróicéara mar gheall ar aon ní a rinne sé i gcúrsa aon duine a choinneáil nó i gcúrsa iarrachta ar é a choinneáil, nó i gcúrsa aon rud a urghabháil nó i gcúrsa iarrachta ar é a urghabháil de réir ceanglais san Acht seo, is cosaint mhaith dó a chruthú gur ar chúiseanna réasúnacha, agus á chreidiúint bona fide gur ghá faoin Acht seo an choinneáil nó an urghabháil a dhéanamh, a rinneadh aon ní a rinneadh amhlaidh.

Gealltáin a stóráil agus cúiteamh i ndamáiste.

40. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach geallbhróicéir gach gealltán a gheallearbfar leis a stóráil ar mhodh cuí ina áitreabh ceadúnaithe go dtí cibé am a dhéanfar gach gealltán a fhuascailt nó a dhiúscairt de réir an Achta seo.

(2) Más deimhin leis an gCúirt Dúiche, ar iarratas ó dhuine atá i dteideal, agus a thairgfidh, gealltán a fhuascailt, gur tharla, mar gheall ar aon ghníomh nó mainneachtain thoiliúil ag an ngeallbhróicéir ar geallearbadh an gealltán leis, gur cailleadh nó gur díothíodh an gealltán, nó gur lú an luach atá air ná mar a bhí nuair a geallearbadh é, féadfaidh sí, más cuí léi é, cúiteamh réasúnach a dhámhachtain don duine sin.

(3) Déanfar méid aon chúitimh a dhámhfar faoi fho-alt (2) den alt seo a bhaint as an tsuim is iníoctha leis an ngeallbhróicéir, nó, de réir mar is gá sa chás, beidh sé le híoc agan ngeallbhróicéir, i cibé slí a ordóidh an Chúirt.

Dliteanas an gheallbhróicéara i gcás damáiste trí thine.

41. —(1) Má dhamáistítear nó má dhíothaítear gealltán trí thine nó de dheasca tine, déanfaidh an geallbhróicéir lenar geallearbadh an gealltán, faoi réir forálacha an Achta seo, má thairgtear an ticéad gill i leith an ghealltáin dó roimh dheireadh na tréimhse ina mbeadh an gealltán infhuascailte, suim is ionann agus leath mhéid na hiasachta a íoc le sealbhóir an ticéid.

(2) Beidh leas inárachaithe ag geallbhróicéir i ngealltán go feadh suim mhéid na hiasachta agus an úis agus na muirear dleathach uirthi agus leath mhéid na hiasachta.

(3) Aon gheallbhróicéir a mhainneoidh déanamh de réir fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Athrú neamhúdaraithe ar ghreanadóireachtaí.

42. —(1) Ní athróidh ná ní aghloitfidh duine aon ghreanadóireacht ar aon uaireadóir, ar aon mhír de phláta muintire, ná ar aon earra eile mura n-údaróidh an t-úinéir dó é sin a dhéanamh.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Gan conarthaí a bheith ar neamhní toisc geallbhróicéir a chiontú.

43. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, má chiontaítear geallbhróicéir i gcion faoin Acht seo (nach cion faoi na forálacha a bhaineann le ceadúnais) ní bheidh aon chonradh a bheidh déanta aige le geallearbóir nó ar dhóigh eile maidir lena ghnó ar neamhní de bhíthin an chiontaithe amháin, ná ní chaillfidh sé de bhíthin an chiontaithe amháin a lian ná a cheart ar an ngealltán ná ar an iasacht agus an ús agus na muirir dhleathacha uirthi.

(2) Ní chuirfidh aon ní san alt seo srian le hoibriú aon fhorála san Acht seo a fhorálann go ndéanfar aon earraí nó airnéisí a geallearbadh go neamhdhleathach a sheachadadh, le hordú cúirte, don úinéir dleathach.

Geallbhróicéir a theacht os comhair cúirte, agus leabhair, etc., a thabhairt ar aird.

44. —(1) Ar aon chúirt dá ordú sin dó, tiocfaidh geallbhróicéir os comhair na cúirte agus tabharfaidh sé ar aird aon leabhair, aifid nó doiciméid a bheidh á gcoimeád aige faoin Acht seo agus a gceanglóidh an chúirt air iad a thabhairt ar aird.

(2) Gan dochar d'fho-alt (1) den alt seo, glacfar i ngach imeacht dhlíthiúil, cibé acu sibhialta nó coiriúil í, le cóip de thaifead i leabhar gealltán nó i leabhar díolacháin mar fhianaise prima facie ar an taifead sin agus ar na nithe, na hidirbhearta agus na cuntais a bheidh taifeadta ann, má chruthaítear i bhfianaise béil duine éigin a scrúdaigh an chóip leis an mbuntaifead gur scrúdaíodh an chóip amhlaidh agus go bhfuil sí ceart.

(3) Má thagann geallbhróicéir os comhair cúirte ar ordú ón gcúirt, beidh teideal aige chun go n-íocfar caiteachais leis ar scála a fhreagróidh don scála ar dá réir a íoctar de thuras na huaire caiteachais finnéithe a thoghairtear, agus a thagann i láthair, thar ceann an ionchúisimh.

(4) Aon gheallbhróicéir a mhainneoidh déanamh de réir aon cheanglais i bhfo-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Gearáin shuaibhreosacha,

45. —Féadfaidh an Chúirt Dúiche, más deimhin léi gur tugadh aon ghearán maidir le cion i gcoinne an Achta seo os a comhair ar fhorais neamhdhóthanacha, a ordú don ghearánach cibé suim nach mó ná deich bpunt is cuí leis an gCúirt a íoc leis an gcosantóir, mar chúiteamh i gcaillteanas ama agus i gcaiteachas,

Cumhacht chun dul isteach in áitreabh geallbhróicéara, etc.

46. —(1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh a bhfuil ceadúnas geallbhróicéara i bhfeidhm ina leith agus an t-áitreabh agus aon earraí ann a iniúchadh, agus féadfaidh sé a iarraidh go dtabharfar ar aird aon leabhair, catalóga, doiciméid nó taifid a choimeádtar san áitreabh agus iad a scrúdú.

(2) (a) Má fhaigheann comhalta den Gharda Síochána, i gcúrsa iniúchta faoin alt seo, aon earra a bhfuil cúis réasúnach aige chun a chreidiúint gur goideadh é, go bhfuarthas go neamhdhleathach é nó gur geallearbadh go neamhdhleathach é, féadfaidh sé an t-earra a urghabháil, a thabhairt leis agus a choinneáil nó an t-earra a ghaibhniú in áitreabh an gheallbhróicéara.

(b) Má thugann comhalta den Gharda Síochána earra leis faoin bhfo-alt seo, tabharfaidh sé admháil ar an earra don gheallbhróicéir.

(c) Má ghaibhníonn comhalta den Gharda Síochána earra faoin bhfo-alt seo, déanfaidh an geallbhróicéir, má iarrann comhalta den Gharda Síochána sin air é, an t-earra a thabhairt ar aird nuair a bheidh an t-iarratas dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt seo á éisteacht.

(3) Má choinníonn nó má ghaibhníonn comhalta den Gharda Síochána aon earra faoin alt seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir go réasúnach, iarratas chun na Cúirte Dúiche ar ordú chun an earra a dhiúscairt, agus de thoradh an iarratais sin déanfaidh an Chúirt—

(a) más deimhin léi gur goideadh an t-earra, nó go bhfuarthas go neamhdhleathach é nó gur geallearbadh go neamhdhleathach é, ordú go dtabharfar an t-earra ar ais dá úinéir, agus

(b) in aon chás eile, ordú go dtabharfar an t-earra ar ais don gheallbhróicéir a bheidh i gceist.

(4) Nuair a bheidh ordú chun earra a thabhairt ar ais dá úinéir á dhéanamh ag an gCúirt faoin alt seo, féadfaidh sí a ordú é a thabhairt ar ais amhlaidh i dteannta nó d'éagmais íocaíochta ón úinéir leis an ngeallbhróicéir as an iomlán nó as cuid den iasacht a fuarthas de bhua gheallearbadh an earra agus tabharfaidh sí aird ar aon mhainneachtain ar thaobh an úinéara faoi chúram réasúnach a ghlacadh chun a mhaoin a chosaint, ach amháin sa mhéid gur saibhríodh an geallbhróicéir go míchóir.

(5) Ní fheidhmeoidh comhalta den Gharda Síochána na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo mura mbeidh sé údaraithe chuige sin i scríbhinn ag comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire agus, nuair a bheidh aon chumhachtaí acu sin á bhfeidhmiú aige, tabharfaidh sé an t-údarás ar aird má iarrann aon duine lena mbaineann an scéal air é.

(6) Aon duine—

(a) a choiscfidh nó a bhacfaidh comhalta den Gharda Síochána agus é ag feidhmiú cumhachta a thugtar leis an alt seo, nó

(b) a dhiúltóidh aon leabhar, catalóg, doiciméad nó taifead a bheidh faoina chumhacht nó ina sheilbh nó ar fáil aige a thabhairt ar aird, tar éis comhalta den Gharda Síochána á iarraidh sin air faoin alt seo, nó

(c) nach ndéanfaidh de réir iarraidh faoi mhír (c) d'fho-alt (2) den alt seo,

beidh sé ciontach i gcion.

Pionóis mar gheall ar chionta.

47. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 7, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, céad punt de phionós máil a chur air.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 12, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin, a chur air.

(3) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi aon alt eile den Acht seo, dlífear, ar é a chiontú go hachomair—

(a) fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, nó

(b) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí a chur air, nó

(c) an fhíneáil sin, nó na fíneálacha sin, agus an phríosúnacht sin a chur air.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 6.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal nó ábhar

Méid na hAisghairme

26 Geo. 3, c. 43 (Ir.).

Pawnbrokers Act, 1786.

An tAcht iomlán.

28 Geo. 3, c. 49 (Ir.).

Pawnbrokers Act, 1788.

An tAcht iomlán.

44 Geo. 3, c. xxii.

Duties on certain licences. (1804).

An méid den Acht a bhaineann le geallbhróicéirí.

48 Geo. 3, c. 140.

Dublin Police Magistrates Act, 1808.

Ailt 50 agus 51, sa mhéid go mbaineann siad le geallbhróicéirí, ailt 65, 66, 67, 69 agus 70; alt 75, sa mhéid go mbaineann sé le geallbhróicéirí.

5 Geo. 4, c. 102.

Dublin Justices Act, 1824.

Alt 22.

5 & 6 Will. 4, c. 62.

Statutory Declarations Act, 1835.

Alt 12.

5 & 6 Vict., c. 82.

Stamp Duties (Ireland) Act, 1842.

Alt 17 sa mhéid go mbaineann sé le geallbhróicéirí; alt 18; an méid den Sceideal a bhaineann leis an dleacht is iníoctha ar cheadúnais gheallbhróicéirí.

16 & 17 Vict., c. 59.

Stamp Act, 1853.

Alt 20, sa mhéid go mbaineann sé leis an dleacht is iníoctha ar cheadúnais gheallbhróicéirí.

17 & 18 Vict., c. 83.

Stamp Act, 1854.

Alt 20.

27 & 28 Vict., c. 56.

Revenue (No. 2) Act, 1864.

Alt 6 sa mhéid go mbaineann sé le geallbhróicéirí.

61 & 62 Vict., c. 37.

Local Government (Ireland) Act, 1898.

Alt 67.

8 Edw. 7, c. 24.

The Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1908.

In alt 4, na focail “or receives from him, or on his behalf, any such article in pledge or pawn”.

8 Edw. 7, c. 67.

Children Act, 1908.

Fo-alt (12) d'alt 133.

Uimh. 17 de 1925 .

Acht na nArm Teine, 1925 .

Alt 20.

Uimh. 9 de 1943 .

An tAcht Geallbhrócaerí (Ceantálaithe Roinne), 1943 .

An tAcht iomlán.

AN DARA SCEIDEAL

Fógra atá le taispeáint i ngach áitreabh geallbhróicéara

Alt 13.

AN tACHT GEALLBHRÓICÉIRÍ, 1964

Ús ar Iasachtaí

1. Ar aon iasacht a thabharfar faoin Acht seo i leith gach dhá scilling a thabharfar ar iasacht, in aghaidh gach mí féilire a fhanfaidh an gealltán i ngeall ................................................ leathphingin.

Nóta

(1) Más giorra ná mí féilire téarma na hiasachta, muirearófar ús in aghaidh míosa uirthi.

(2) Tar éis an chéad mhí féilire, muirearófar ús in aghaidh míosa ar chuid de mhí is faide ná seacht lá, agus ní mhuirearófar aon ús ar chuid de mhí is giorra ná seacht lá.

(3) Más lú ná dhá scilling an iasacht, muirearófar ús in aghaidh dhá scilling uirthi. Más mó í ná dhá scilling, nó aon iolrú cothrom ar dhá scilling, ní mhuirearófar ús ar bith ar aon chodán corr de dhá scilling.

Muirear ar Thicéad Gill

2. I leith gach ticéid ghill ..................................... dhá phingin.

Muirear ar Ghealltán a Luacháil

3. Más deich bpunt, nó suim faoina bhun sin, an iasacht, i leith táille luachála ar gach cúig scilling, nó cuid de chúig scilling, a tugadh ar iasacht .......................................... dhá phingin.

Muirear ar an Leabhar Díolacháin agus Catalóg Cheantálaí a Iniúchadh

4. Ar an taifead i leith díola a iniúchadh ..................... sé phingin.

Muirear ar Fhoirm Dhearbhaithe

5. Ar fhoirm dhearbhaithe .................................... sé phingin.

Gealltáin a Fhuascailt agus a Dhiúscairt

6. (1) Ní foláir gealltáin, seachas gealltáin atá déanta suas, go hiomlán nó go páirteach, d'ór, d'airgead nó de mhiotal lómhar eile nó d'aon chloch lómhar nó leathlómhar, a fhuascailt laistigh de shé mhí féilire agus seacht lá ó dháta a ngeallearbtha ach, má íoctar an t-ús tráth ar bith laistigh den tréimhse thuasluaite, fadófar an tréimhse fuascailte go ceann tréimhse eile sé mhí agus seacht lá ón dáta ar anuas go dtí é a íocadh an t-ús. Ní foláir gealltáin atá déanta suas, go hiomlán nó go páirteach, d'ór, d'airgead nó de mhiotal lómhar eile nó d'aon chloch lómhar nó leathlómhar, a fhuascailt laistigh de bhliain agus seacht lá ó dháta a ngeallearbtha.

(2) I ndeireadh na tréimhse fuascailte—

(a) aon ghealltáin a geallearbadh ar dhá phunt nó ar shuim faoina bhun sin, seachas gealltáin atá déanta suas, go hiomlán nó go páirteach, d'ór, d'airgead nó de mhiotal lómhar eile nó d'aon chloch lómhar nó leathlómhar, tiocfaidh siad chun bheith ina maoin de chuid an gheallbhróicéara féin;

(b) féadfaidh an geallbhróicéir gach gealltán eile a dhíol ar cheant poiblí mar a fhoráiltear le dlí, agus ní fhéadfar ar aon dóigh eile. Féadfar, áfach, na gealltáin sin a fhuascailt tráth ar bith roimh lá an díolacháin.

Barrachas ar Ghealltán a Dhíol

7. Laistigh de dhá mhí dhéag féilire tar éis gealltán a dhíol ar cheant poiblí, féadfaidh an geallearbóir cuntas an díola i leabhar an gheallbhróicéara agus i gcatalóg an cheantálaí a iniúchadh, ar tháille sé phingin a íoc, agus aon bharrachas de thoradh an díola a fháil. Ach in imthosca áirithe féadfar easnamh as díol gealltáin amháin a fhritháireamh i gcoinne barrachais as díol gealltáin eile.

Damáiste do Ghealltán

8. (1) Má dhíothaítear nó má dhamáistítear gealltán trí thine, beidh de cheangal ar an ngeallbhróicéir, má thairgtear an ticéad gill dó roimh dheireadh na tréimhse ina mbeadh an gealltán infhuascailte, suim is ionann agus leath mhéid na hiasachta a íoc.

(2) Má tharlaíonn, trí mhainneachtain, faillí nó mí-iompar toiliúil ar thaobh an gheallbhróicéara, go gcaillfear nó go ndíothófar gealltán, nó gur lú an luach a bheidh air tráth a fhuascailte ná mar a bhí tráth a gheallearbtha, féadfaidh an t-úinéir cúiteamh a iarraidh ar an gCúirt Dúiche agus féadfaidh an Chúirt, más cuí léi é, cúiteamh a dhámhachtain i leith an damáiste, agus bainfear an méid a dhámhfar amhlaidh as an tsuim is iníoctha leis an ngeallbhróicéir, nó, de réir mar is gá sa chás, íocfaidh an geallbhróicéir é ar cibé dóigh a ordóidh an Chúirt.

Ticéad Gill a Chailleadh

9. Má chailltear, má ligtear amú nó má ghoidtear ticéad gill, ba cheart don gheallearbóir foirm do dhearbhú a bheidh le déanamh os comhair Nótaire Poiblí, Coimisinéara Mionn nó Feidhmeannaigh Shíochána a iarraidh láithreach ar an ngeallbhróicéir; mura ndéanfaidh, beidh de cheangal ar an ngeallbhróicéir an gealltán a sheachadadh do dhuine ar bith a thabharfaidh an ticéad gill ar aird dó agus a éileoidh an gealltán a fhuascailt.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Ticéid Ghill, etc.

Ailt 14 (2), 15 (2), 16, 20 (3).

CUID I

Ticéad Gill

Ar iasacht £.2 0. 0. nó suim faoina bhun sin lasmuigh de ghealltáin atá déanta suas go hiomlán nó go páirteach d'ór, d'airgead nó de mhiotal lómhar eile nó d'aon chloch lómhar nó leathlómhar.

(Ní foláir don gheallbhróicéir na sonraí iomchuí a chur sna spásanna folmha faoi seach.)

Gealltán Uimh.

A geallearbadh le (ainm an gheallbhróicéara)

as (seoladh an gheallbhróicéara)

an                        lá seo de                              , 19      ,

ag (ainm an gheallearbóra, mar atá i Leabhar na nGealltán)

as (seoladh an gheallearbóra, mar atá i Leabhar na nGealltán)

(Tuairisc an Ghill)

(Méid na hiasachta)

Nótaí mar Eolas don Gheallearbóir*

1. Tá na rátaí uasta úis agus na muirir eile mar atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Geallbhróicéirí, 1964 . Tá siad leagtha amach freisin san Fhógra atá ar taispeáint i siopa an gheallbhróicéara.

2. Mura bhfuasclaítear an gealltán laistigh de shé mhí féilire agus seacht lá ó dháta a gheallearbtha, is leis an ngeallbhróicéir é go hiomlán. Ceadófar fadú (sé mhí féilire, ar a mhéad) ar an tréimhse sin má íoctar an t-ús a bheidh faibhrithe.

3. Má chailltear an gealltán nó má dhíothaítear nó má dhamáistítear é trí thine, nó má laghdaíonn ar a luach de dheasca faillí an gheallbhróicéara, féadfaidh tú cúiteamh a éileamh.

4. Má chailltear, má ligtear amú nó má ghoidtear an ticéad seo, ba cheart duit, láithreach, foirm dhearbhaithe a iarraidh ar an ngeallbhróicéir; mura ndéanfaidh, beidh de cheangal ar an ngeallbhróicéir an gealltán a sheachadadh do dhuine ar bith a thabharfaidh an ticéad seo ar aird agus a éileoidh an gealltán a fhuascailt.

CUID II

Ticéad gill

A. Ar iasacht is mó ná £2. 0. 0, lasmuigh d'earnáil B anseo thíos.

B. Ar aon iasacht ar ghealltán atá déanta suas go hiomlán nó go páirteach d'ór, d'airgead nó de mhiotal lómhar eile nó d'aon chloch lómhar nó leathlómhar.

(Ní foláir don gheallbhróicéir na sonraí iomchuí a chur sna spásanna folmha faoi seach.)

Gealltán Uimh.

A geallearbadh le (ainm an gheallbhróicéara)

as (seoladh an gheallbhróicéara)

an                   lá seo de                              , 19      ,

ag (ainm an gheallearbóra, mar atá i Leabhar na nGealltán)

as (seoladh an gheallearbóra, mar atá i Leabhar na nGealltán)

(Tuairisc an ghealltáin)

(Méid na hiasachta)

Nótaí mar Eolas don Gheallearbóir*

1. Tá na rátaí uasta úis agus na muirir eile mar atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Geallbhróicéirí, 1964 . Tá siad leagtha amach freisin san Fhógra atá ar taispeáint i siopa an gheallbhróicéara.

2. Féadfar gealltáin nach bhfuasclaítear laistigh de na tréimhsí seo a leanas a dhíol ar ceant, ach féadfar iad a fhuascailt tráth ar bith roimh lá an díola:—

Earnáil A. Sé mhí féilire agus seacht lá breise ó dháta an gheallearbtha, le fadú (sé mhí féilire ar a mhéad) ar an tréimhse sin má íoctar an t-ús a bheidh faibhrithe.

Earnáil B. Dhá mhí dhéag féilire agus seacht lá breise ó dháta an gheallearbtha.

3. Féadfaidh tú, laistigh de dhá mhí dhéag féilire tar éis an díola, má íocann tú táille sé phingin, cuntas an díola i leabhar an gheallbhróicéara agus i gcatalóg an cheantálaí a iniúchadh agus aon bharrachas de thoradh an díola a fháil. In imthosca áirithe, féadfar easnamh as díol gealltáin amháin a fhritháireamh i gcoinne barrachais as díol gealltáin eile.

4. Má chailltear an gealltán nó má dhíothaítear nó má dhamáistítear é, trí thine, nó má laghdaíonn ar a luach de dheasca faillí an gheallbhróicéara, féadfaidh tú cúiteamh a éileamh.

5. Má chailltear, má ligtear amú nó má ghoidtear an ticéad seo, ba cheart duit, láithreach, foirm dhearbhaithe a iarraidh ar an ngeallbhróicéir; mura ndéanfaidh, beidh de cheangal ar an ngeallbhróicéir an gealltán a sheachadadh do dhuine ar bith a thabharfaidh an ticéad seo ar aird agus a éileoidh an gealltán a fhuascailt.

CUID III

Ticéad Gill Conartha Speisialta

(Ní foláir don gheallbhróicéir na sonraí iomchuí a chur sna spásanna folmha faoi seach sula síneofar é.)

Gealltán Uimh.

A geallearbadh le (ainm an gheallbhróicéara)

as (seoladh an gheallbhróicéara)

an                                lá seo de                 , 19      ,

ag (ainm an gheallearbóra, mar atá i Leabhar na nGealltán)

as (seoladh an gheallearbóra, mar atá i Leabhar na nGealltán)

(Tuairisc an ghealltáin)

(Méid na hiasachta)

Téarmaí an chonartha speisialta*

1. Muirearaíonn an geallbhróicéir—

(a) Ar an ticéad seo ....................................................................

(b) Ús de réir .............................................................................

in aghaidh na míosa féilire (Más giorra ná mí féilire téarma na hiasachta, muirearófar ús in aghaidh míosa uirthi. Tar éis an chéad mhí féilire, muirearófar ús in aghaidh míosa ar chuid de mhí is faide ná seacht lá, agus ní mhuirearófar ús ar bith ar chuid de mhí is giorra ná seacht lá).

(c) Is .................... an muirear as an ngealltán seo a stóráil ar feadh míosa féilire nó aon chuid de mhí.

2. Tá an gealltán seo á gheallearbadh go ceann tréimhse ...................... mí.

3. I ndeireadh na tréimhse sin féadfaidh an geallbhróicéir an gealltán a dhíol ar ceant. Ach féadfaidh an geallearbóir é a fhuascailt tráth ar bith roimh lá an díola.

4. Féadfaidh an geallearbóir, laistigh de dhá mhí dhéag féilire tar éis an díola, má íocann sé táille sé phingin, cuntas an díola i leabhar an gheallbhróicéara agus i gcatalóg an cheantálaí a iniúchadh agus an barrachas de thoradh an díola a fháil. Más rud é, áfach, laistigh de shé mhí roimh an díol sin nó ina dhiaidh, gur tharla easnamh as díol gealltáin nó gealltán eile leis an duine céanna, beidh an geallbhróicéir i dteideal an t-easnamh a fhritháireamh i gcoinne an bharrachais.

5. Má tharlaíonn, trí mhainneachtain, faillí nó mí-iompar toiliúil ar thaobh an gheallbhróicéara, go gcaillfear nó go ndíothófar gealltán, nó gur lú an luach a bheidh air tráth a fhuascailte ná mar a bhí tráth a gheallearbtha, féadfaidh an geallearbóir ordú cúitimh a iarraidh ar an gCúirt Dúiche. Déanfar méid an chúitimh a dhámhfar, má dhámhtar, a bhaint as an tsuim is iníoctha leis an ngeallbhróicéir nó, de réir mar is gá sa chás, íocfaidh an geallbhróicéir é ar cibé dóigh a ordóidh an Chúirt.

6. Má dhíothaítear nó má dhamáistítear gealltán trí thine, beidh de cheangal ar an ngeallbhróicéir, má thairgtear an ticéad gill dó roimh dheireadh na tréimhse ina mbeadh an gealltán infhuascailte, suim is ionann agus leath mhéid na hiasachta a íoc, mura gcomhaontóidh an geallearbóir agus an geallbhróicéir ar a mhalairt.

7. Má chailltear an ticéad seo nó má ligtear amú é, ba cheart don gheallearbóir foirm dhearbhaithe a iarraidh, láithreach, ar an ngeallbhróicéir; mura ndéanfaidh, beidh de cheangal ar an ngeallbhróicéir an gealltán a sheachadadh do dhuine ar bith a thabharfaidh an ticéad gill seo ar aird dó agus a éileoidh an gealltán a fhuascailt.

................................Geallbhróicéir

................................Geallearbóir

CUID IV

Admháil

Dáta

Fuarthas ar Ghealltán Uimh. .................................... a fhuascailt

£

s.

d.

Méid na hiasachta

Ús

Muirir eile

(atá le sonrú)

___________

An tIomlán

___________

......................

Geallbhróicéir

AN CEATHRU SCEIDEAL

Leabhair Gheallbhróicéara

Alt 16.

CUID I

Leabhar na nGealltán

.................................. Geallbhróicéir, as ..................................

An dáta a geallearbadh

Uimhir an ghealltáin

An dáta a fuasclaíodh nó a díoladh

Méid na hiasachta

Tuairisc an ghealltáin

Ainm agus seoladh an gheallearbóra de réir an eolais a thug an geallearbóir

Ainm agus seoladh an úinéara, murab é an geallearbóir é, de réir an eolais a thug an geallearbóir

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

(7)

 

 

 

 

 

 

 

CUID II

An Leabhar Díolacháin

Dáta an díola ......................................................................................

Ainm agus áit ghnó an cheantálaí:.........................................................

.............................................................................

Dáta an díola

Uimhir an ghealltáin i leabhar na ngealltán

Tuairisc an ghealltáin

Méid na hiasachta

An méid a fuarthas as an ngealltán a dhíol

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

 

 

 

 

 

AN CUIGIU SCEIDEAL

Ús agus Muirir

Ailt 20 (1) (2), 28 (1), 32.

CUID I

Ráta uasta an úis ar iasachtaí

1. Is é an ráta uasta úis leathphingin sa mhí in aghaidh gach dhá scilling den iasacht.

2. Chun críocha mhír 1—

(a) más giorra ná mí téarma na hiasachta, áireofar mar mhí é,

(b) más faide ná mí téarma na hiasachta ach nach iolrú cothrom ar mhí é, déanfar an codán corr de mhí a áireamh mar mhí más faide é ná seacht lá; mura faide ná seacht lá é, tabharfar neamhaird air,

(c) más lú ná dhá scilling an iasacht, áireofar í mar dhá scilling,

(d) mura iolrú cothrom ar dhá scilling an iasacht, tabharfar neamhaird ar an gcodán corr de dhá scilling.

CUID II

Muirear ar Thicéad Gill

I leith gach ticéid ghill .................................... dhá phingin.

CUID III

Muirear ar ghealltán a luacháil

Más deich bpunt, nó suim faoina bhun sin, an iasacht, i leith táille luachála ar gach cúig scilling, nó cuid de chúig scilling, a tugadh ar iasacht .................................... dhá phingin.

CUID IV

Muirear ar an Leabhar Díolacháin agus Catalóg an Cheantálaí a iniúchadh.

Ar an taifead i leith díola a iniúchadh ........................ sé phingin.

CUID V

Muirear ar Fhoirm Dhearbhaithe.

Ar fhoirm dhearbhaithe ...................................... sé phingin.

AN SEU SCEIDEAL

Dearbhuithe Reachtula

Alt 28 (1).

CUID I

Dearbhú Reachtúil i gcás ina mbeidh gealltán á éileamh ag an úinéir

Dearbhaímse, A. B.                           as                        , go sollúnta agus go fíreata gur liomsa an t-earra (nó na hearraí) a thuairiscítear anseo thíos agus go gcreidim go bhfuil sé (siad) curtha i ngeall in áitreabh

Is é (iad) seo a leanas an t-earra (nó na hearraí) dá dtagraítear thuas:—

AGUS déanaim an dearbhú sollúnta seo á chreidiúint go coinsiasach é a bheith fíor agus de bhua an Achta i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla, 1938 .

(Sínithe) A. B.

Arna dhearbhú os mo chomhairse ag A. B. a bhfuil aithne phearsanta agam air ( a cuireadh in aithne dom ag C. D. a bhfuil aithne phearsanta agam air) i

...................................................................

an ...................... lá seo de .........................

....................................................................

....................................................................

BÍODH SEO INA FHÓGRA, má tá an Dearbhú Reachtúil seo, go bhfios don té a dhéanfaidh é, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, go mbeidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair go ndlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Mura dtabharfar an fhoirm chlóite seo os comhair nótaire phoiblí, coimisinéara mionn, nó feidhmeannaigh shíochána agus í a dhearbhú agus a shíniú agus a thabhairt ar ais don gheallbhróicéir tráth nach déanaí ná an                    lá de                  , 19          , déanfar an t-earra (nó na hearraí) a luaitear ann a sheachadadh do dhuine ar bith a thabharfaidh an ticéad gill ar aird.

CUID II

Dearbhú Reachtúil i gcás inar cailleadh ticéad gill, etc.

Dearbhaímse, A. B.                              as                            , go sollúnta agus go fíreata (a) go bhfuil mé i dteideal an ticéad gill i leith an earra (nó na n-earraí) a thuairiscítear anseo thíos a shealbhú, (b) gur*           an ticéad gill sin agus (c) nár dhíol mé an ticéad gill sin le duine ar bith ná nár aistrigh mé chun duine ar bith é.

Is é (iad) seo a leanas an t-earra (nó na hearraí) dá dtagraítear thuas:—

AGUS déanaim an dearbhú sollúnta seo á chreidiúint go coinsiasach é a bheith fíor agus de bhua an Achta i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla, 1938 .

(Sínithe) A. B.

Arna dhearbhú os mo chomhairse ag A. B. a bhfuil aithne phearsanta agam air (nó a cuireadh in aithne dom ag C. D. a bhfuil aithne phearsanta agam air) i

...................................................................

an ...................... lá seo de .........................

....................................................................

....................................................................

BÍODH SEO INA FHÓGRA, má tá an Dearbhú Reachtúil seo, go bhfios don duine a rinne é, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, go mbeidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair go ndlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Mura dtabharfar an fhoirm chlóite seo os comhair nótaire phoiblí, coimisinéara mionn nó feidhmeannaigh shíochána agus í a dhearbhú agus a shíniú agus a thabhairt ar ais don gheallbhróicéir tráth nach déanaí ná an                        lá de                       , 19            , déanfar an t-earra (nó na hearraí) a luaitear ann a sheachadadh do dhuine ar bith a thabharfaidh an ticéad gill ar aird.

AN SEACHTU SCEIDEAL

Rialacháin a rialaíonn ceantáil gealltán

Alt 30.

1. Cuirfidh an ceantálaí faoi deara go gcuirfear gach gealltán ar taispeáint go poiblí.

2. Foilseoidh sé catalóga maidir leis na gealltáin, ina luafar—

(1) ainm agus áit ghnó an gheallbhróicéara;

(2) an mhí a geallearbadh gach gealltán;

(3) uimhir gach gealltáin mar a taifeadadh í tráth a gheallearbtha i leabhar na ngealltán.

3. Beidh gealltáin gach geallbhróicéara sa chatalóg ar leithligh ó aon ghealltáin de chuid aon gheallbhróicéara eile.

4. Cuirfidh an ceantálaí isteach i nuachtán poiblí a léitear sa limistéar ina bhfuil áitreabh an gheallbhróicéara fógrán ina dtabharfar fógra i dtaobh an díola agus ina luafar—

(1) ainm agus áit ghnó an gheallbhróicéara;

(2) an mhí a geallearbadh na gealltáin.

5. Cuirfear an fógrán isteach trí lá glan ar a laghad roimh chéad lá an díolacháin.

6. Má dhéanann geallbhróicéir tairiscint ag díolachán, ní ghlacfaidh an ceantálaí leis an tairiscint in aon fhoirm ná modh seachas an fhoirm agus an modh ina nglacfaidh sé le tairiscintí ó dhaoine eile ag an díolachán céanna; agus nuair a bheidh earra ar bith á bhualadh amach do gheallbhróicéir ag an gceantálaí déanfaidh sé láithreach ainm an gheallbhróicéara a fhógairt go soiléir mar cheannaitheoir.

7. Seachadfaidh an ceantálaí don gheallbhróicéir, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an díolacháin, cóip den chatalóg, nó den mhéid di a bhaineann le gealltáin an gheallbhróicéara sin, agus na suimeanna ar ar díoladh gealltáin faoi seach an gheallbhróicéara sin curtha isteach inti, agus fíordheimhneofar an chóip le síniú an cheantálaí.

8. Déanfaidh an geallbhróicéir gach catalóg den saghas sin a choimeád slán go ceann dhá mhí dhéag ar a laghad tar éis an cheant.

* Le cló ar éadan an ticéid, nó cuid de ar a éadan agus cuid ar a chúl.

* Le cló ar éadan an ticéid nó cuid de ar a éadan agus cuid ar a chúl.

* Le cló ar éadan an ticéid, nó cuid de ar a éadan agus cuid ar a chúl.

* Abair cé acu a cailleadh, a ligeadh amú, a díothaíodh, a goideadh nó a tógadh trí chalaois é.